19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 117/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/632 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Aibreán 2022

lena leagtar amach bearta sealadacha i leith torthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua agus na Siombáibe chun tabhairt isteach na lotnaide Phyllosticta citricarpa (Mc Alpine) Van der Aa i gcríoch an Aontais, agus a scaipeadh laistigh di, a chosc

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 41(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715 ón gCoimisiún (2), leagtar síos bearta i leith thorthaí Citrus L., Fortunella Swingle, Poncirus Raf., agus a hibridí, seachas torthaí Citrus aurantium L. agus Citrus latifolia Tanaka (‘na torthaí sonraithe’) de thionscnamh hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas agus Uragua chun tabhairt isteach Phyllosticta citricarpa (Mc Alpine) Van der Aa (‘an lotnaid shonraithe’) isteach i gcríoch an Aontais, agus a scaipeadh laistigh di, a chosc. Rachaidh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin in éag an 31 Márta 2022.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (3), i gCuid A d’Iarscríbhinn II, leagtar síos liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nach eol a bheith ann i gcríoch an Aontais. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 féachtar le cosc a chur le teacht isteach, le bunú agus le scaipeadh na lotnaidí sin i gcríoch an Aontais.

(3)

Liostaítear an lotnaid shonraithe mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear é freisin mar lotnaid tosaíochta i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1702 ón gCoimisiún (4).

(4)

Ó bhí 2016 ann, tá neamhchomhlíontacht tuairiscithe ag na Ballstáit go leor uaireanta de thoradh an lotnaid shonraithe a bheith ann in allmhairí na dtorthaí sonraithe isteach san Aontas, ar allmhairí de thionscnamh hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas agus Uragua iad. Dá thoradh sin, is gá na bearta a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715 a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás gach ceann de na tíortha sin agus, ar mhaithe le soiléireacht, iad a leagan síos i Rialachán.

(5)

Thairis sin, in 2021 b’ann do líon ard neamhchomhlíontachtaí de thoradh an lotnaid shonraithe a bheith ann ar na torthaí sonraithe de thionscnamh na Siombáibe. Tugann an líon ard neamhchomhlíontachtaí sin ón tSiombáib le fios nach leor na bearta arna mbunú i bpointe 60 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 chun saoirse ón lotnaid shonraithe ar thorthaí sonraithe ón tSiombáib a áirithiú agus dá bhrí sin is gá na torthaí sonraithe de thionscnamh na Siombáibe a áireamh i raon feidhme na mbeart sealadach in aghaidh na lotnaide sonraithe a shuitear leis an Rialachán seo.

(6)

Chun a áirithiú go gcuirfear cosc níos éifeachtaí le teacht isteach na lotnaide sonraithe i gcríoch an Aontais, agus i bhfianaise na taithí a fuarthas le cur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715, is gá bearta breise a leagan síos le haghaidh na dtorthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua agus na Siombáibe.

(7)

Tá gá leis na bearta sin chun a áirithiú go dtagann na torthaí sonraithe ó láithreacha agus láithreáin táirgthe atá cláraithe agus formheasta ag Eagraíochtaí Náisiúnta Cosanta Plandaí (‘NPPOnna’) na hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua nó na Siombáibe. Tá gá leo freisin chun a áirithiú go mbeidh cód inrianaitheachta ag gabháil leis na torthaí sin chun gur féidir, i gcás inar gá nuair a bhraitear an lotnaid shonraithe, iad a rianú siar go dtí an láithreán táirgthe. Tá gá leis na bearta sin freisin chun a áirithiú go dtagann torthaí sonraithe ó láithreáin táirgthe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe iontu linn na séasúr trádála roimhe sin ná le linn na séasúr trádála reatha.

(8)

NPPOnna na hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua nó na Siombáibe, ba cheart dóibh cur i bhfeidhm ceart na gcóireálacha ar an bhfód a fhíorú freisin, mar cruthaíodh gurb é sin an bealach is éifeachtaí chun a áirithiú nach mbeidh an lotnaid shonraithe ar na torthaí sonraithe.

(9)

Ba cheart deimhniú fíteashláintíochta a bheith ag gabháil leis na torthaí sonraithe, deimhniú lena n-áirítear dáta an iniúchta, an líon pacáistí ó gach láithreán táirgthe agus na cóid inrianaitheachta. Ba cheart do na Ballstáit na cóid inrianaitheachta a léiriú agus fógra á thabhairt acu faoin neamhchomhlíontacht sa chóras fógartha leictreonach.

(10)

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais allmhairiúcháin maidir leis na torthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne in 2021, rud a raibh leasú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715 ina thoradh air le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/682 ón gCoimisiún (5), an tsampláil chun cur i bhfeidhm ceart na dtáirgí cosanta plandaí ar an bhfód a dheimhniú, ba cheart an tsampláil sinn a bhunú ar na neamhchomhlíontachtaí a sainaithníodh tar éis iniúchtaí ar an bhfód nó ag saoráidí pacála roimh an onnmhairiú, nó le linn seiceálacha a rinneadh ar choinsíneachtaí ag na poist rialaithe teorann san Aontas. Is gá sin chun a áirithiú gur sampláil riosca-bhunaithe atá ann.

(11)

I bhfianaise an lín mhóir neamhchomhlíontachtaí maidir le torthaí sonraithe de thionscnamh na hAfraice Theas ar thug na Ballstáit fógra ina leith in 2021, is gá na ceanglais maidir le sampláil a mhéadú, i gcomparáid leis na ceanglais faoi seach a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715, chun an lotnaid shonraithe ar na torthaí sonraithe a bhrath feadh na gcéimeanna éagsúla san ionad pacála, go dtí go mbeidh siad réidh lena n-onnmhairiú.

(12)

Ós rud é go raibh líon íseal neamhchomhlíontachtaí fógartha ag na Ballstáit maidir le torthaí sonraithe de thionscnamh na Brasaíle agus Uragua ó bhí 2019 ann, le cur i bhfeidhm na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715 ag na tíortha sin, cuireadh cosc le Phyllosticta citricarpa a thabhairt isteach san Aontas agus lena scaipeadh laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis an dá thír sin. Mar sin féin, an oibleagáid atá ar Uragua tástáil folaigh a dhéanamh i ndáil le horáistí Valencia, ní gá sin a choinneáil a thuilleadh toisc gur tháinig laghdú suntasach ar an líon neamhchomhlíontachtaí maidir leis an lotnaid shonraithe a bheith ann ar na torthaí sonraithe sin ó bhí 2016.

(13)

I bhfianaise mheasúnú riosca lotnaidí an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (6), maidir le hallmhairí de thorthaí sonraithe a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil, agus chuige sin amháin, tá riosca níos ísle ann go n-aistreofaí an lotnaid shonraithe chuig planda óstach oiriúnach ós rud é go bhfuil siad faoi réir rialuithe oifigiúla laistigh den Aontas agus nach mór dóibh ceanglais shonracha maidir le gluaiseacht, próiseáil, stóráil, coimeádáin, pacáistí agus lipéadú a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is féidir allmhairí den sórt sin a cheadú faoi cheanglais nach bhfuil chomh dian céanna.

(14)

Tar éis na seiceálacha fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a dhéanamh, na torthaí sonraithe a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil, agus chuige sin amháin, ba cheart iad a iompar go díreach agus gan mhoill chuig an áitreabh próiseála nó chuig saoráid stórála chun an riosca fíteashláintíochta is ísle is féidir a áirithiú.

(15)

Chun go mbeidh am leordhóthanach ag na NPPOnna, na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann chun oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus chun a áirithiú go mbeidh feidhm láithreach ag na ceanglais sin tar éis do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715 dul in éag, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Aibreán 2022.

(16)

Chun go mbeidh am leordhóthanach ag oibreoirí sa Bhrasaíl, in Uragua agus sa tSiombáib dul in oiriúint do na rialacha nua, an ceanglas nach mór na torthaí sonraithe a tháirgeadh i láithreán tairgthe nár aimsíodh an lotnaid shonraithe ar na torthaí sonraithe ann le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin roimhe sin, nó le linn iniúchtaí oifigiúla sna tíortha sin nó le linn na seiceálacha arna ndéanamh ar choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin sin, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin ach ón 1 Aibreán 2023 i gcásanna na dtorthaí sonraithe de thionscnamh na dtíortha sin. Níl gá le cur i bhfeidhm iarchurtha den sórt sin i gcás na hAirgintíne ná na hAfraice Theas, tíortha a bhfuil sé deimhnithe acu go gcuirtear ceanglas den sórt sin i bhfeidhm iontu cheana féin.

(17)

An riosca fíteashláintíochta, arb é an lotnaid shonraithe a bheith ann san Airgintín, sa Bhrasaíl, san Afraic Theas, san Uragua agus sa tSiombáib is cúis leis, agus arb é allmhairiú na dtorthaí sonraithe ó na tríú tíortha sin isteach san Aontas is cúis leis freisin, bíonn an riosca sin ag athrú gach bliain de réir gach tríú tír tionscnaimh i gcás na dtorthaí sonraithe. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú breise a dhéanamh air ar bhonn na bhforbairtí teicniúla agus eolaíocha is déanaí maidir leis an lotnaid shonraithe a chosc agus a rialú. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith sealadach agus ba cheart dó in éag an 31 Márta 2025 ionas gur féidir athbhreithniú a dhéanamh air.

(18)

I bhfianaise go rachaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715 in éag an 31 Márta 2022, agus chun go ndéanfar trádáil na dtorthaí sonraithe i gcomhréir le rialacha an Rialacháin seo láithreach tar éis an éaga sin, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(19)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo leagtar amach bearta sealadacha i leith torthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua agus na Siombáibe chun tabhairt isteach Phyllosticta citricarpa (McAlpine) Van der Aa i gcríoch an Aontais, agus a scaipeadh laistigh di, a chosc

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “lotnaid shonraithe”Phyllosticta citricarpa (McAlpine) Van der Aa;

(2)

ciallaíonn “torthaí sonraithe” torthaí Citrus L., Fortunella Swingle, Poncirus Raf., agus a hibridí, seachas torthaí Citrus aurantium L. agus Citrus latifolia Tanaka.

CAIBIDIL II

TORTHAÍ SONRAITHE A THABHAIRT ISTEACH I gCRÍOCH AN AONTAIS, SEACHAS TORTHAÍ A BHFUIL SÉ BEARTAITHE IAD A PHRÓISEÁIL GO TIONSCLAÍOCH, AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN

Airteagal 3

Torthaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an aontais, seachas torthaí a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil go tionsclaíoch, agus chuige sin amháin

De mhaolú ar phointe 60(c) agus 60(d) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, na torthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua nó na Siombáibe, seachas torthaí a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil go tionsclaíoch agus chuige sin amháin, ní fhéadfar iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 den Rialachán seo agus má chomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo don tír lena mbaineann.

Airteagal 4

Réamhfhógra maidir le coinsíneachtaí de thorthaí sonraithe lena n-allmhairiú isteach san Aontas

Ní thíolacfaidh na hoibreoirí gairmiúla an Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte ach amháin i gcás na gcoinsíneachtaí de thorthaí sonraithe lena ngabhann cóid inrianaitheachta na láithreán táirgthe a áirítear ar na liostaí arna dtabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 9, Iarscríbhinn II, pointe 7, Iarscríbhinn III, pointe 9, Iarscríbhinn IV, pointe 7, agus Iarscríbhinn V, pointe 8.

Airteagal 5

Iniúchadh ar na torthaí sonraithe laistigh den Aontas, seachas torthaí a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil go tionsclaíoch, agus chuige sin amháin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, faoina maoirseacht oifigiúil agus trí na liostaí arna dtabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 9, Iarscríbhinn II, pointe 7, Iarscríbhinn III, pointe 9, Iarscríbhinn IV, pointe 7, agus Iarscríbhinn V, pointe 8, nach dtíolacfaidh na hoibreoirí gairmiúla ach na coinsíneachtaí lena n-allmhairiú de thionscnamh na láithreán táirgthe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 11 (a), (b),(c) agus (d), agus pointe 12, in Iarscríbhinn II, pointe 9 (a), (b), (c) agus (d), in Iarscríbhinn III, pointe 11 (a), (b), (c) agus (d), in Iarscríbhinn IV, pointe 9 (a), (b), (c) agus (d), agus in Iarscríbhinn V, pointe 10 (a), (b) (c) agus (d).

2.   Déanfar seiceálacha fisiceacha ar shamplaí de 200 toradh ar a laghad de gach speiceas de na torthaí sonraithe in aghaidh baisceanna de 30 tona, nó de chuid díobh, ar samplaí iad a roghnófar bunaithe ar aon chomhartha den lotnaid shonraithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

3.   I gcás ina mbraitear comharthaí den lotnaid shonraithe le linn na seiceálacha fisiceacha dá dtagraítear i mír 2, deimhneofar nó bréagnófar gurb ann don lotnaid sin trí thástáil a dhéanamh ar na torthaí sonraithe a léiríonn na comharthaí.

CAIBIDIL III

TABHAIRT ISTEACH SAN AONTAS NA dTORTHAÍ SONRAITHE A BHFUIL SÉ BEARTAITHE IAD A PHRÓISEÁIL GO TIONSCLAÍOCH, AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN, AGUS A nGLUAISEACHT LAISTIGH DEN AONTAS

Airteagal 6

Tabhairt isteach san aontas na dtorthaí sonraithe a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil go tionsclaíoch, agus chuige sin amháin, agus a ngluaiseacht laistigh den aontas

De mhaolú ar phointe 60(e) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, na torthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne, na Brasaíle, na hAfraice Theas, Uragua nó na Siombáibe a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil go tionsclaíoch agus chuige sin amháin, ní thabharfar isteach i gcríoch an Aontais iad agus ní dhéanfar iad a phróiseáil, a ghluaiseacht nó a stóráil laistigh den Aontas ach i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 10 den Rialachán seo agus má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

táirgeadh na torthaí sonraithe i gceann de na tíortha sin i láithreán táirgthe formheasta ar a ndearnadh cóireálacha agus bearta cultúrtha atá éifeachtach in aghaidh na lotnaide sonraithe tráth iomchuí ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus fíoraíodh a n-iarratas faoi mhaoirseacht oifigiúil Eagraíochta Náisiúnta Cosanta Plandaí (“an NPPO”) na tíre sin;

(b)

buanadh na torthaí sonraithe i láithreáin táirgthe fhormheasta agus níor braitheadh comharthaí den lotnaid shonraithe le linn seiceáil fhisiceach iomchuí arna déanamh le linn an phacáistithe;

(c)

tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na torthaí sonraithe, lena n-áirítear gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

an líon pacáistí a thagann ó gach láithreán táirgthe;

(ii)

uimhreacha aitheantais na gcoimeádán;

(iii)

cóid inrianaitheachta ábhartha na láithreán táirgthe a léirítear ar na pacáistí aonair, agus faoin gceannteideal “Dearbhú Breise’, na ráitis seo a leanas: ‘Comhlíonann an choinsíneacht Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)…/… ón gCoimisiún 2022/632” agus “Torthaí a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil go tionsclaíoch, agus chuige sin amháin”;

(d)

iompraítear iad i bpacáistí aonair i gcoimeádán;

(e)

tá lipéad ag gabháil le gach pacáiste ar leith dá dtagraítear i bpointe (d), lipéad ar a bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

cód inrianaitheachta an láithreáin táirgthe ar gach pacáiste aonair;

(ii)

glanmheáchan dearbhaithe na dtorthaí sonraithe;

(iii)

an ráiteas: “Torthaí a bhfuil sé beartaithe iad a phróiseáil go tionsclaíoch, agus chuige sin amháin”.

Airteagal 7

Gluaiseacht na dtorthaí sonraithe laistigh de chríoch an Aontais

1.   Ní dhéanfar na torthaí sonraithe a ghluaiseacht chuig Ballstát, seachas an Ballstát trínar tugadh isteach i gcríoch an Aontais iad, mura rud é go n-aontaíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leis an ngluaiseacht sin.

2.   Tar éis na seiceálacha fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2017/625 a dhéanamh, na torthaí sonraithe, déanfar iad a iompar go díreach agus gan mhoill isteach san áitreabh próiseála dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó chuig saoráid stórála. Déanfar aon ghluaiseacht de na torthaí sonraithe faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an pointe isteach suite agus, i gcás inarb iomchuí, faoi mhaoirseacht an Bhallstáit ina ndéanfar an phróiseáil.

Airteagal 8

Próiseáil na dtorthaí sonraithe

1.   Próiseálfar na torthaí sonraithe in áitreabh atá i limistéar nach dtáirgtear aon toradh citris ann. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-áitreabh suite an t-áitreabh sin a chlárú agus a fhormheas go hoifigiúil chun na críche sin.

2.   Déanfar dramhaíl agus fotháirgí na dtorthaí sonraithe a úsáid nó a léirscriosadh i gcríoch an Bhallstáit inar próiseáladh na torthaí sin, i limistéar nach dtáirgtear aon toradh citris ann.

3.   Déanfar an dramhaíl agus na seachtháirgí a léirscriosadh trí adhlacadh domhain nó úsáidfear iad trí mhodh atá faofa ag údarás inniúil an Bhallstáit inar próiseáladh na torthaí sonraithe, agus faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil sin, ar bhealach nach mbeidh aon riosca ann go scaipfí an lotnaid shonraithe.

4.   Coinneoidh an próiseálaí taifid ar na torthaí sonraithe a phróiseáiltear agus cuirfidh sé ar fáil iad d’údarás inniúil an Bhallstáit inar próiseáladh na torthaí sonraithe. Léireofar sna taifid sin uimhreacha agus marcanna sainiúla na gcoimeádán, toirteanna na dtorthaí sonraithe a arna n-allmhairiú, toirteanna na dramhaíola agus na bhfotháirgí arna n-úsáid nó arna léirscriosadh agus faisnéis mhionsonraithe maidir lena n-úsáid nó lena léirscriosadh.

Airteagal 9

Stóráil na dtorthaí sonraithe

1.   I gcás nach bpróiseálfar na torthaí sonraithe láithreach, stórálfar iad i saoráid a bheidh cláraithe agus formheasta chun na críche sin ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an tsaoráid suite.

2.   Beidh baisceanna na dtorthaí sonraithe fós inaitheanta ar leithligh.

3.   Stórálfar na torthaí sonraithe ar bhealach a chuirfidh cosc le haon riosca go scaipfí lotnaid shonraithe.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 10

Fógraí

Agus fógra á thabhairt faoi neamhchomhlíontacht don chóras fógartha leictreonach de bharr an lotnaid shonraithe a bheith ar na torthaí sonraithe, léireoidh na Ballstáit cód inrianaitheachta na láithreán táirgthe faoi seach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I, pointe 10, in Iarscríbhinn II, pointe 8, in Iarscríbhinn III, pointe 10, in Iarscríbhinn IV, pointe 8 agus in Iarscríbhinn V, pointe 9.

Airteagal 11

Dáta éaga

Rachaidh an Rialachán seo in éag an 31 Márta 2025.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2022. Mar sin féin, beidh feidhm ag Iarscríbhinn II, pointe 9(d), Iarscríbhinn IV, pointe 9(d), agus Iarscríbhinn V, pointe 10(d), ón 1 Aibreán 2023 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2016 lena leagtar amach bearta i leith torthaí áirithe de thionscnamh tríú tíortha áirithe chun tabhairt isteach an orgánaigh dhíobhálacha Phyllosticta citricarpa (McAlpine) Van der Aa san Aontas, agus a scaipeadh laistigh de, a chosc (IO L 125, 13.5.2016, lch. 16).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1702 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí liosta lotnaidí tosaíochta a bhunú (IO L 260, 11.10.2019, lch. 8).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/682 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/715 a mhéid a bhaineann le torthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne (IO L 144, 27.4.2021, lch. 31).

(6)  EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí], 2014. Scientific Opinion on the risk of Phyllosticta citricarpa (Guignardia citricarpa) for the EU territory with identification and evaluation of risk reduction option [Tuairim eolaíoch maidir leis an riosca a bhaineann lePhyllosticta citricarpa (Guignardia citricarpa) do críoch an Aontais, maille le sainaithint agus meastóireacht na roghanna laghdaithe riosca]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(2):3557, 243 lgh. doi:10.2903/j.efsa.2014.3557.

(7)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Coinníollacha maidir le torthaí sonraithe de thionscnamh na hAirgintíne a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais mar a fhoráiltear in Airteagal 3

1.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láithreacha táirgthe ina bhfuil láithreán táirgthe amháin nó níos mó agus atá aitheanta mar chodanna uathúla agus leithleacha go fisiceach de láthair táirgthe, agus tá an láthair táirgthe agus a láithreáin táirgthe formheasta ag Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí (NPPO) na hAirgintíne chun onnmhairiú chuig an Aontas a dhéanamh.

2.   

Chláraigh NPPO na hAirgintíne na láithreacha táirgthe formheasta agus láithreáin táirgthe na láithreacha sin faoina gcóid inrianaitheachta faoi seach.

3.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta ar a ndearnadh cóireálacha agus bearta cultúrtha atá éifeachtach in aghaidh na lotnaide sonraithe, tráth iomchuí ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus fíoraíodh a n-iarratas faoi mhaoirseacht oifigiúil NPPO na hAirgintíne.

4.   

Beidh sampláil ag gabháil leis an bhfíorú dá dtagraítear i bpointe 3 chun cur i bhfeidhm na gcóireálacha a dhearbhú, i gcás inarb é atá sna cóireálacha sin táirgí cosanta plandaí a chur i bhfeidhm, agus cuireadh san áireamh leis an tsampláil an neamhchomhlíontacht a sainaithníodh le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin roimhe sin:

(a)

le linn iniúchtaí ar an bhfód nó ag na saoráidí pacála roimh onnmhairiú; nó

(b)

le linn seiceálacha arna ndéanamh ar choinsíneachtaí ag poist rialaithe teorann san Aontas.

5.   

Iniúchtaí oifigiúla, lena mbaineann seiceálacha fisiceacha agus, má bhraitear comharthaí, sampláil chun tástáil a dhéanamh maidir leis an lotnaid shonraithe a bheith ann, rinneadh iad sin sna láithreáin táirgthe fhormheasta ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus níor braitheadh an lotnaid shonraithe ar na torthaí sonraithe.

6.   

Rinneadh sampláil:

(a)

ar 200-400 toradh in aghaidh na luchtóige de thorthaí sonraithe, arna sainiú ar a dteacht chun na saoráide pacála, ar theacht na dtorthaí sin chun na saoráidí pacála agus ríomh na próiseála;

(b)

ar 1 % ar a laghad de thorthaí sonraithe in aghaidh na luchtóige, feadh na líne idir a dteacht agus a bpacáistiú sna háiseanna pacála;

(c)

ar 1 % ar a laghad de thorthaí sonraithe in aghaidh na luchtóige, arna sainiú tar éis na pacála, sular fhág siad an tsaoráid phacáistithe;

(d)

ar 1 % ar a laghad de thorthaí sonraithe in aghaidh na luchtóige arna n-ullmhú lena n-onnmhairiú, roimh a n-onnmhairiú, mar chuid den iniúchadh oifigiúil deiridh chun an deimhniú fíteashláintíochta a eisiúint.

7.   

Rinneadh sampláil na torthaí sonraithe uile dá dtagraítear i bpointe 6, a mhéid is féidir, ar bhonn aon chomhartha na lotnaide sonraithe, agus fuarthas amach go bhfuil na torthaí sampláilte uile dá dtagraítear i bpointe 6(a) saor ón lotnaid sin ar bhonn iniúchtaí amhairc, ach rinneadh tástáil ar na torthaí sampláilte uile dá dtagraítear i bpointí 6(b), 6(c) agus 6(d) a léirigh comharthaí na lotnaide sonraithe, agus fuarthas amach go bhfuil siad saor ón lotnaid sin.

8.   

Iompraíodh na torthaí sonraithe i bpacáistí, agus tá lipéad ar gach pacáiste ina luaitear cód inrianaitheachta an láithreáin táirgthe óna dtagann siad.

9.   

Roimh thús shéasúr onnmhairiúcháin na dtorthaí sonraithe, chuir NPPO na hAirgintíne in iúl do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha agus don Choimisiún liosta de chóid inrianaitheachta na láithreán táirgthe formheasta uile de réir na láithreach táirgthe, agus cuireadh aon nuashonrú ar an liosta sin in iúl láithreach don Choimisiún agus do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha.

10.   

Tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na torthaí sonraithe, deimhniú lena n-áirítear dáta an iniúchta dheireanaigh agus an líon pacáistí ó gach láthair táirgthe, na cóid inrianaitheachta ábhartha, agus faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”, an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Iarscríbhinn I de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 ón gCoimisiún”.

11.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta:

(a)

nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe ann ar na torthaí sonraithe le linn na n-iniúchtaí oifigiúla dá dtagraítear i bpointe 5;

(b)

óna dtagann na torthaí sonraithe dá dtagraítear i bpointe 6 nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu;

(c)

óna dtagann coinsíneachtaí de na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu le linn na seiceálacha oifigiúla a rinneadh orthu agus iad ag teacht isteach san Aontas le linn an tséasúir chéanna fáis agus onnmhairiúcháin; agus

(d)

óna dtagann na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu, le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin roimhe sin, le linn cigireachtaí oifigiúla san Airgintín ná le linn na seiceálacha a rinneadh ar choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas.

12.   

I gcás ina dtagann na torthaí sonraithe ó láithreán táirgthe atá lonnaithe sa láthair táirgthe chéanna is a bhaineann le láithreán táirgthe inar deimhníodh gurb ann don lotnaid shonraithe, le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin roimhe sin, ar na samplaí dá dtagraítear i bpointe 6 nó le linn na seiceálacha oifigiúla a rinneadh ar choinsíneachtaí ar a dteacht isteach san Aontas, níor onnmhairíodh na torthaí sonraithe sin go dtí gur deimhníodh go bhfuil an láthair táirgthe sin saor ón lotnaid shonraithe.


IARSCRÍBHINN II

Coinníollacha maidir le torthaí sonraithe de thionscnamh na Brasaíle a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais mar a fhoráiltear in Airteagal 3

1.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láthair táirgthe ina bhfuil láithreán táirgthe amháin nó níos mó agus atá aitheanta mar chodanna uathúla agus leithleacha go fisiceach de láthair táirgthe, agus tá an láthair táirgthe agus a láithreáin táirgthe formheasta go hoifigiúil ag Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí (NPPO) na Brasaíle chun onnmhairiú chuig an Aontas a dhéanamh.

2.   

Chláraigh NPPO na Brasaíle na láithreacha táirgthe formheasta agus láithreáin táirgthe na láithreacha sin faoina gcóid inrianaitheachta faoi seach.

3.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta ar a ndearnadh cóireálacha agus bearta cultúrtha atá éifeachtach in aghaidh na lotnaide sonraithe, tráth iomchuí ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus fíoraíodh a n-iarratas faoi mhaoirseacht oifigiúil NPPO na Brasaíle.

4.   

Iniúchtaí oifigiúla, lena mbaineann seiceálacha fisiceacha agus, má bhraitear comharthaí, sampláil chun tástáil a dhéanamh maidir leis an lotnaid shonraithe a bheith ann, rinneadh iad sin sna láithreáin táirgthe fhormheasta ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus níor braitheadh an lotnaid shonraithe ar na torthaí sonraithe.

5.   

Idir a dteacht agus a bpacáistiú sna háiseanna pacála, tógadh sampla de 600 toradh de gach speiceas in aghaidh gach baisce de 30 tona ar a laghad, nó cuid de sin, sampla a roghnaíodh a oiread agus is féidir ar bhonn aon chomhartha den lotnaid shonraithe, agus rinneadh tástáil ar gach toradh sampláilte a léiríonn comharthaí den sórt sin agus fuarthas amach go bhfuil siad saor ón lotnaid sin.

6.   

Iompraíodh na torthaí sonraithe i bpacáistí, agus tá lipéad ar gach pacáiste ina luaitear cód inrianaitheachta an láithreáin táirgthe óna dtagann siad.

7.   

Roimh thús shéasúr onnmhairiúcháin na dtorthaí sonraithe, chuir NPPO na Brasaíle in iúl do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha agus don Choimisiún liosta de chóid inrianaitheachta na láithreán táirgthe formheasta uile de réir na láithreach táirgthe, agus cuireadh aon nuashonrú ar an liosta sin in iúl láithreach don Choimisiún agus do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha.

8.   

Tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na torthaí sonraithe, deimhniú lena n-áirítear dáta an iniúchta dheireanaigh agus an líon pacáistí ó gach láthair táirgthe, na cóid inrianaitheachta ábhartha, agus faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’, an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Iarscríbhinn II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 ón gCoimisiún ”.

9.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta:

(a)

nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe ann ar na torthaí sonraithe le linn iniúchtaí oifigiúla dá dtagraítear i bpointe 4;

(b)

óna dtagann na torthaí sonraithe dá dtagraítear i bpointe 5 nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu;

(c)

óna dtagann coinsíneachtaí de na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu le linn na seiceálacha oifigiúla a rinneadh orthu agus iad ag teacht isteach san Aontas le linn an tséasúir chéanna fáis agus onnmhairiúcháin; agus

(d)

óna dtagann na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu, le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin roimhe sin, le linn cigireachtaí oifigiúla sa Bhrasaíl ná le linn na seiceálacha a rinneadh ar choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas.


IARSCRÍBHINN III

Coinníollacha maidir le torthaí sonraithe de thionscnamh na hAfraice Theas a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais mar a fhoráiltear in Airteagal 3

1.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láthair táirgthe ina bhfuil láithreán táirgthe amháin nó níos mó agus atá aitheanta mar chodanna uathúla agus leithleacha go fisiceach de láthair táirgthe, agus tá an láthair táirgthe agus a láithreáin táirgthe formheasta ag Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí (NPPO) na hAfraice Theas chun onnmhairiú chuig an Aontas a dhéanamh.

2.   

Chláraigh NPPO na hAfraice Theas na láithreacha táirgthe formheasta agus láithreáin táirgthe na láithreacha sin faoina gcóid inrianaitheachta faoi seach.

3.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta ar a ndearnadh cóireálacha agus bearta cultúrtha atá éifeachtach in aghaidh na lotnaide sonraithe, tráth iomchuí ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus fíoraíodh a n-iarratas faoi mhaoirseacht oifigiúil NPPO na hAfraice Theas.

4.   

Iniúchtaí oifigiúla, lena n-áirítear tástáil i gcás a bhfuil amhras ann, is cigirí a bhfuil creidiúnú ón NPPO acu maidir leis an lotnaid shonraithe a bhrath a rinneadh na hiniúchtaí sin sna láithreáin táirgthe fhormheasta ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus níor braitheadh an lotnaid shonraithe ar na torthaí sonraithe.

5.   

Rinneadh sampláil:

(a)

ar 200-400 toradh in aghaidh na luchtóige de thorthaí sonraithe, ar theacht na dtorthaí sin chun na saoráidí pacála agus ríomh na próiseála;

(b)

ar 1 % ar a laghad de na torthaí sonraithe, feadh na líne idir a dteacht agus a bpacáistiú sna háiseanna pacála;

(c)

ar 2 % ar a laghad de thorthaí sonraithe, sular fhág siad an tsaoráid phacála, mar chuid den iniúchadh oifigiúil deiridh chun an deimhniú fíteashláintíochta a eisiúint.

6.   

Fuarthas amach go raibh na torthaí sonraithe uile dá dtagraítear i bpointe 5 saor ón lotnaid, bunaithe ar iniúchtaí a rinne cigirí creidiúnaithe agus, i gcás ina bhfuil amhras ann faoin lotnaid shonraithe a bheith ann, trí thástáil a dhéanamh.

7.   

I gcás Citrus sinensis (L.) Osbeck ‘Valencia’, de bhreis ar na samplaí dá dtagraítear i bpointí 5 agus 6, rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch in aghaidh gach baisce de 30 tona, nó cuid di, tástáil chun ionfhabhtú folaigh a bhrath agus fuarthas amach go raibh siad saor ón lotnaid shonraithe.

8.   

Iompraíodh na torthaí sonraithe i bpacáistí, agus tá lipéad ar gach pacáiste ina luaitear cód inrianaitheachta an láithreáin táirgthe óna dtagann siad.

9.   

Roimh thús shéasúr onnmhairiúcháin na dtorthaí sonraithe, chuir NPPO na hAfraice Theas in iúl do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha agus don Choimisiún liosta de chóid inrianaitheachta na láithreán táirgthe formheasta uile de réir na láithreach táirgthe, agus cuireadh aon nuashonrú ar an liosta sin in iúl láithreach don Choimisiún agus do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha.

10.   

Tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na torthaí sonraithe, deimhniú lena n-áirítear dáta an iniúchta dheireanaigh agus an líon pacáistí ó gach láthair táirgthe, na cóid inrianaitheachta ábhartha, agus faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’, an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Iarscríbhinn III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 ón gCoimisiún ”.

11.   

Táirgtear na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta:

(a)

nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe ann ar na torthaí sonraithe le linn na n-iniúchtaí oifigiúla dá dtagraítear i bpointe 4;

(b)

óna dtagann na torthaí sonraithe dá dtagraítear i bpointe 5 nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu;

(c)

óna dtagann coinsíneachtaí de na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu le linn na seiceálacha oifigiúla a rinneadh orthu agus iad ag teacht isteach san Aontas le linn an tséasúir chéanna fáis agus onnmhairiúcháin; agus

(d)

óna dtagann na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu, le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin roimhe sin, le linn cigireachtaí oifigiúla san Afraic Theas ná le linn na seiceálacha a rinneadh ar choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas.


IARSCRÍBHINN IV

Coinníollacha maidir le torthaí sonraithe de thionscnamh Uragua a thabhairt isteach san Aontas mar a fhoráiltear in Airteagal 3

1.   

Tagann na torthaí sonraithe ó láthair táirgthe ina bhfuil láithreán táirgthe amháin nó níos mó agus atá aitheanta mar chodanna uathúla agus leithleacha go fisiceach de láthair táirgthe, agus tá an láthair táirgthe agus a láithreáin táirgthe formheasta ag Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí (NPPO) Uragua chun onnmhairiú chuig an Aontas a dhéanamh.

2.   

Chláraigh NPPO Uragua na láithreacha táirgthe formheasta agus láithreáin táirgthe na láithreacha sin faoina gcóid inrianaitheachta faoi seach.

3.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta ar a ndearnadh cóireálacha agus bearta cultúrtha atá éifeachtach in aghaidh na lotnaide sonraithe, tráth iomchuí ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus fíoraíodh a n-iarratas faoi mhaoirseacht oifigiúil NPPO Uragua.

4.   

Iniúchtaí oifigiúla, lena mbaineann seiceálacha fisiceacha agus, má bhraitear comharthaí, sampláil chun tástáil a dhéanamh maidir leis an lotnaid shonraithe a bheith ann, rinneadh iad sin sna láithreáin táirgthe fhormheasta ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus níor braitheadh an lotnaid shonraithe ar na torthaí sonraithe.

5.   

Feadh na líne idir a dteacht agus a bpacáistiú sna háiseanna pacála, tógadh sampla de 600 toradh de gach speiceas in aghaidh gach baisce de 30 tona ar a laghad, nó cuid de sin, sampla a roghnaíodh a oiread agus is féidir ar bhonn aon chomhartha den lotnaid shonraithe, agus rinneadh tástáil ar gach toradh sampláilte a léiríonn comharthaí den sórt sin agus fuarthas amach go bhfuil siad saor ón lotnaid sin.

6.   

Iompraíodh na torthaí sonraithe i bpacáistí, agus tá lipéad ar gach pacáiste ina luaitear cód inrianaitheachta an láithreáin táirgthe óna dtagann siad.

7.   

Roimh thús shéasúr onnmhairiúcháin na dtorthaí sonraithe, chuir NPPO Uragua in iúl do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha agus don Choimisiún liosta de chóid inrianaitheachta na láithreán táirgthe formheasta uile de réir na láithreach táirgthe, agus cuireadh aon nuashonrú ar an liosta sin in iúl láithreach don Choimisiún agus do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha.

8.   

Tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na torthaí sonraithe, deimhniú lena n-áirítear dáta an iniúchta dheireanaigh agus an líon pacáistí ó gach láthair táirgthe, na cóid inrianaitheachta ábhartha, agus faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”, an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Iarscríbhinn IV de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 ón gCoimisiún”.

9.   

Táirgtear na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta:

(a)

nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe ann ar na torthaí sonraithe le linn iniúchtaí oifigiúla dá dtagraítear i bpointe 4;

(b)

óna dtagann na torthaí sonraithe dá dtagraítear i bpointe 5 nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu;

(c)

óna dtagann coinsíneachtaí de na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu le linn na seiceálacha oifigiúla a rinneadh orthu agus iad ag teacht isteach san Aontas le linn an tséasúir chéanna fáis agus onnmhairiúcháin; agus

(d)

óna dtagann na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu, le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin roimhe sin, le linn cigireachtaí oifigiúla in Uragua ná le linn na seiceálacha a rinneadh ar choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas.


IARSCRÍBHINN V

Coinníollacha maidir le torthaí sonraithe de thionscnamh na Siombáibe a thabhairt isteach san Aontas mar a fhoráiltear in Airteagal 3

1.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láthair táirgthe ina bhfuil láithreán táirgthe amháin nó níos mó agus atá aitheanta mar chodanna uathúla agus leithleacha go fisiceach de láthair táirgthe, agus tá an láthair táirgthe agus a láithreáin táirgthe formheasta ag Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí (NPPO) na Siombáibe chun onnmhairiú chuig an Aontas a dhéanamh.

2.   

Chláraigh NPPO na Siombáibe na láithreacha táirgthe formheasta agus láithreáin táirgthe na láithreacha sin faoina gcóid inrianaitheachta faoi seach.

3.   

Táirgeadh na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta ar a ndearnadh cóireálacha agus bearta cultúrtha atá éifeachtach in aghaidh na lotnaide sonraithe, tráth iomchuí ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus fíoraíodh a n-iarratas faoi mhaoirseacht oifigiúil NPPO na Siombáibe.

4.   

Iniúchtaí oifigiúla, lena mbaineann seiceálacha fisiceacha agus, má bhraitear comharthaí, sampláil chun tástáil a dhéanamh maidir leis an lotnaid shonraithe a bheith ann, rinneadh iad sin sna láithreáin táirgthe fhormheasta ó thús an timthrialla dheireanaigh fásra, agus níor braitheadh an lotnaid shonraithe ar na torthaí sonraithe.

5.   

Rinneadh sampláil:

(a)

ar 200-400 toradh in aghaidh na luchtóige de thorthaí sonraithe, ar theacht na dtorthaí sin chun na saoráidí pacála agus ríomh na próiseála;

(b)

ar 1 % ar a laghad de na torthaí sonraithe, feadh na líne idir a dteacht agus a bpacáistiú sna háiseanna pacála;

(c)

ar 1 % ar a laghad de thorthaí sonraithe sular fhág siad an tsaoráid phacáistithe;

(d)

ar 1 % ar a laghad de thorthaí sonraithe arna n-ullmhú lena n-onnmhairiú, roimh a n-onnmhairiú, mar chuid den iniúchadh oifigiúil deiridh chun an deimhniú fíteashláintíochta a eisiúint.

6.   

Rinneadh sampláil na torthaí sonraithe uile dá dtagraítear i bpointe 5, a mhéid is féidir, ar bhonn aon chomhartha na lotnaide sonraithe, agus fuarthas amach go bhfuil na torthaí sampláilte uile dá dtagraítear i bpointe 5(a) saor ón lotnaid sin ar bhonn iniúchtaí amhairc, ach rinneadh tástáil ar na torthaí sampláilte uile dá dtagraítear i bpointí 5(b), 5(c) agus 5(d) a léirigh comharthaí na lotnaide sonraithe, agus fuarthas amach go bhfuil siad saor ón lotnaid sin.

7.   

Iompraíodh na torthaí sonraithe i bpacáistí, agus tá lipéad ar gach pacáiste ina luaitear cód inrianaitheachta an láithreáin táirgthe óna dtagann siad.

8.   

Roimh thús shéasúr onnmhairiúcháin na dtorthaí sonraithe, chuir NPPO na Siombáibe in iúl do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha agus don Choimisiún liosta de chóid inrianaitheachta na láithreán táirgthe formheasta uile de réir na láithreach táirgthe, agus cuireadh aon nuashonrú ar an liosta sin in iúl láithreach don Choimisiún agus do na hoibreoirí gairmiúla ábhartha.

9.   

Tá deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na torthaí sonraithe, deimhniú lena n-áirítear dáta an iniúchta dheireanaigh agus an líon pacáistí ó gach láthair táirgthe, na cóid inrianaitheachta ábhartha, agus faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”, an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Iarscríbhinn V de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/632 ón gCoimisiún”.

10.   

Táirgtear na torthaí sonraithe i láithreán tairgthe formheasta:

(a)

nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe ann ar na torthaí sonraithe le linn na n-iniúchtaí oifigiúla dá dtagraítear i bpointe 4;

(b)

óna dtagann na torthaí sonraithe dá dtagraítear i bpointe 5 nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu;

(c)

óna dtagann coinsíneachtaí de na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu le linn na seiceálacha oifigiúla a rinneadh orthu agus iad ag teacht isteach san Aontas le linn an tséasúir chéanna fáis agus onnmhairiúcháin; agus

(d)

óna dtagann na torthaí sonraithe nach bhfuarthas an lotnaid shonraithe orthu, le linn an tséasúir fáis agus onnmhairiúcháin roimhe sin, le linn cigireachtaí oifigiúla sa tSiombáib ná le linn na seiceálacha a rinneadh ar choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas.