|
19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 117/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/631 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Aibreán 2022
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le neamhchosaintí ar phriacal an ráta úis a nochtadh i ndáil le suíomhanna nach sealbhaítear sa leabhar trádála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 434a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I mí na Nollag 2019, rinne Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) athbhreithniú ar a chreat maidir le Colún 3, lena n-áirítear na ceanglais maidir le nochtadh i leith phriacal an ráta úis sa leabhar baincéireachta (IRRBB) (2). I gcomhréir le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta a chomhaontaigh CBMB, tugadh isteach ceanglais nochta IRRBB, ceanglais a raibh feidhm acu ó mhí an Mheithimh 2021, in Airteagal 448 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 (4) ón gCoimisiún, ba cheart na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme nua maidir le nochtadh poiblí na faisnéise IRRBB a leagtar amach in Airteagal 448 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ionchorprú freisin. |
|
(3) |
Chun a áirithiú go nochtfaidh institiúidí faisnéis chuimsitheach agus inchomparáide maidir le IRRBB, ba cheart tábla a leagan síos ina bhfuil faisnéis cháilíochtúil maidir le priacail an ráta úis a bhaineann le gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála agus teimpléad ina bhfuil faisnéis chainníochtúil maidir le priacail an ráta úis a bhaineann le gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála. |
|
(4) |
Chun am leordhóthanach a thabhairt d’institiúidí ullmhú le haghaidh nochtadh faisnéise i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart a cheangal ar institiúidí ach an fhaisnéis a bhaineann leis an tréimhse reatha a sholáthar, agus sin amháin, tráth a dhéantar nochtadh a chéaduair. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach. |
|
(7) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach an tAirteagal 16a seo a leanas: “Airteagal 16a Neamhchosaintí ar phriacal an ráta úis a nochtadh maidir le suíomhanna nach bhfuil á sealbhú sa leabhar trádála 1. Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 448(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh trí úsáid a bhaint as teimpléad EU IRRBB1 a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXVII a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXVIII a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint. 2. Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 448(1), pointí (c) go (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a nochtadh trí úsáid a bhaint as tábla EU IRRBBA a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXVII a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXVIII a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint. 3. I gcás ina nochtann institiúidí faisnéis i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 den chéad uair, ní cheanglófar orthu an fhaisnéis sin maidir leis an dáta tagartha roimhe sin a nochtadh.”; |
|
(2) |
cuirtear Iarscríbhinn XXXVII isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(3) |
cuirtear Iarscríbhinn XXXVIII isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) “Ceanglais nochta: DIS70: Priacal an ráta úis sa leabhar baincéireachta”. Tá an leagan sin éifeachtach ón 15 Nollaig 2019 ar aghaidh. https://www.bis.org/basel_framework/chapter/DIS/70.htm.
(3) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nochtaí poiblí ag institiúidí i dtaca leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III de Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1423/2013 ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1555 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/200 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2295 ón gCoimisiún (IO L 136, 21.4.2021, lch. 1)
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
IARSCRÍBHINN I
‘IARSCRÍBHINN XXXVII
Tábla EU IRRBBA- Faisnéis cháilíochtúil maidir le priacail an ráta úis a bhaineann le gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála
Boscaí téacs saorfhormáide chun faisnéis cháilíochtúil a nochtadh
|
Uimhir an ró |
Faisnéis cháilíochtúil – saorfhormáid |
Bunús dlí |
|
|
(a) |
Tuairisc ar an gcaoi a sainíonn an institiúid IRRBB chun críoch rialaithe agus tomhais priacail |
|
Airteagal 448(1), pointe (e) |
|
(b) |
Tuairisc ar straitéisí foriomlána bainistíochta agus maolaithe IRRBB na hinstitiúide |
|
Airteagal 448(1), pointe (f) |
|
(c) |
Tréimhsiúlacht ríofa bhearta IRRBB na hinstitiúide, agus tuairisc ar na bearta sonracha a úsáideann an institiúid chun a híogaireacht i leith IRRBB a mheas. |
|
Airteagal 448(1), pointí (e) (i) agus (v); Airteagal 448(2) |
|
(d) |
Tuairisc ar na cásanna suaite agus struis maidir leis an ráta úis, ar cásanna iad a úsáideann an institiúid chun athruithe ar an luach eacnamaíoch agus ar ghlanioncam úis a mheas (más infheidhme) |
|
Airteagal 448(1), pointe (e) (iii); Airteagal 448(2) |
|
(e) |
Tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe atá éagsúil leo sin a úsáidtear chun teimpléad EU IRRBB1 a nochtadh (más infheidhme) |
|
Airteagal 448(1), pointe (e) (ii);Airteagal 448(2) |
|
(f) |
Tuairisc ardleibhéil ar an gcaoi a bhfálaíonn an Institiúid a IRRBB, chomh maith leis angcóireáil chuntasaíochta ghaolmhar (más infheidhme) |
|
Airteagal 448(1), pointe (e) (iv);Airteagal 448(2) |
|
(g) |
Tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe a úsáidtear do bhearta IRRBB i dteimpléad EU IRRBB1 (más infheidhme) |
|
Airteagal 448(1), pointe (c);Airteagal 448(2) |
|
(h) |
Míniú ar thábhacht bhearta IRRBB agus ar na héagsúlachtaí suntasacha a bhí orthu ó rinneadh nochtuithe roimhe seo |
|
Airteagal 448(1), pointe (d) |
|
(i) |
Aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le bearta IRRBB a nochtar i dteimpléad EU IRRBB1 (roghnach) |
|
|
|
(1) (2) |
Nochtadh na meánaibíochta athphraghsála agus na haibíochta athphraghsála is faide a shanntar do thaiscí neamhaibíochta |
|
Airteagal 448(1), pointe (g) |
Teimpléad AE IRRBB1 - Priacail ráta úis a bhaineann le gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála
|
Cásanna maoirseachta suaite |
a |
b |
c |
d |
|
|
Athruithe ar an luach eacnamaíoch cothromais |
Athruithe ar an nglanioncam úis |
||||
|
An tréimhse reatha |
An tréimhse dheireanach |
An tréimhse reatha |
An tréimhse dheireanach |
||
|
1 |
Comhthreomhar aníos |
|
|
|
|
|
2 |
Comhthreomhar anuas |
|
|
|
|
|
3 |
Géaróir |
|
|
|
|
|
4 |
Cothromóir |
|
|
|
|
|
5 |
Rátaí úis gearra ag teacht aníos |
|
|
|
|
|
6 |
Rátaí úis gearra ag teacht anuas |
|
|
|
|
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN XXXVIII
Treoracha le haghaidh phriacal an ráta úis maidir le suíomhanna nach bhfuil sealbhaithe i dteimpléid nochta an leabhair trádála
Treoracha nochta le haghaidh Theimpléad EU IRRBBA
Ní mór d’institiúidí an fhaisnéis cháilíochtúil a shonraítear thíos a nochtadh ar bhonn mhodheolaíocht a gcóras inmheánach chun priacal a thomhas, modheolaíocht chaighdeánaithe nó na modheolaíochta caighdeánaithe simplithe, nuair is infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 84 de Threoir 2013/36/AE.
Forbraíodh na treoracha sin bunaithe ar na ceanglais in Airteagal 448 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gcomhréir le caighdeán nochta Cholún Basel 3.
|
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha |
|||||||
|
Uimhir an ró |
Míniú |
||||||
|
(a) |
Tuairisc ar an gcaoi a sainíonn an institiúid IRRBB chun críoch rialaithe agus tomhais priacail I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tabharfaidh institiúidí tuairisc ghinearálta ar an gcaoi a ndéantar priacal an ráta úis ina gcuid gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála a shainiú, a thomhas, a mhaolú agus a rialú, chun críocha athbhreithniú na n-údarás inniúil agus i gcomhréir le hAirteagal 84 de Threoir 2013/36/AE. |
||||||
|
(b) |
Tuairisc ar straitéisí foriomlána bainistíochta agus maolaithe IRRBB na hinstitiúide I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tabharfaidh institiúidí tuairisc ghinearálta ar straitéisí foriomlána bainistíochta agus maolaithe IRRBB, lena n-áirítear: Faireachán a dhéanamh ar luach eacnamaíoch cothromais agus glanioncaim úis maidir le teorainneacha bunaithe, cleachtais fálaithe, tástáil struis a dhéanamh, anailís ar thorthaí, ról iniúchóireachta neamhspleáiche, ról agus cleachtais an choiste bainistíochta sócmhainní agus dliteanas, cleachtais na hinstitiúide chun bailíochtú iomchuí samhla a áirithiú, agus nuashonruithe tráthúla ar shamhlacha mar fhreagairt ar dhálaí athraitheacha an mhargaidh. |
||||||
|
(c) |
Tréimhsiúlacht ríomh bhearta IRRBB na hinstitiúide, agus tuairisc ar na bearta sonracha a úsáideann an institiúid chun a híogaireacht i leith IRRBB a mheas. I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (e)(i) agus (v), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tabharfaidh institiúidí tuairisc ghinearálta ar na bearta priacail sonracha a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis agus tréimhsiúlacht na meastóireachta ar phriacail an ráta úis a léiriú. I gcomhréir le hAirteagal 448(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní bheidh feidhm ag an tuairisc ar na bearta priacail sonracha a úsáidtear chun íogaireacht i leith IRRBB a mheas maidir le hinstitiúidí a úsáideann an mhodheolaíocht chaighdeánaithe nó an mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Threoir 2013/36/AE. |
||||||
|
(d) |
Tuairisc ar na cásanna suaite agus struis maidir leis an ráta úis a úsáideann an institiúid chun athruithe ar an luach eacnamaíoch agus ar ghlanioncam úis a mheas (más infheidhme) I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (e)(iii), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tabharfaidh institiúidí tuairisc ghinearálta ar chásanna suaite an ráta úis a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar phriacal an ráta úis. I gcomhréir le hAirteagal 448(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní chuirfear na ceanglais sin maidir le nochtadh i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí a úsáideann an mhodheolaíocht chaighdeánaithe nó an mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Threoir 2013/36/AE. |
||||||
|
(e) |
Tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe atá éagsúil leo sin a úsáidtear chun teimpléad EU IRRBB1 a nochtadh (más infheidhme) I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina bhfuil difríocht idir na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe a úsáidtear i gcórais tomhais inmheánacha na hinstitiúide agus na toimhdí dá dtagraítear in Airteagal 98(5a) de Threoir 2013/36/AE a úsáidtear chun teimpléad EU IRRBB1 a nochtadh, tabharfaidh an institiúid tuairisc ghinearálta ar na toimhdí sin, lena n-áirítear an réasúnaíocht do na difríochtaí sin (e.g. sonraí stairiúla, taighde foilsithe, breithiúnas bainistíochta agus anailís, etc.). I gcomhréir le hAirteagal 448(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní chuirfear na ceanglais sin maidir le nochtadh i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí a úsáideann an mhodheolaíocht chaighdeánaithe ná an mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Threoir 2013/36/AE. |
||||||
|
(f) |
Tuairisc ardleibhéil ar an gcaoi a ndéanann an institiúid a IRRBB a fhálú, chomh maith leis an láimhseáil chuntasaíochta ghaolmhar (más infheidhme) I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (e)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go sonrach, tá institiúidí le héifeacht fáluithe ar a bpriacail ráta úis a shainaithint, lena n-áirítear fáluithe inmheánacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 106(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcomhréir le hAirteagal 448(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní chuirfear na ceanglais sin maidir le nochtadh i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí a úsáideann an mhodheolaíocht chaighdeánaithe nó an mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Threoir 2013/36/AE. |
||||||
|
(g) |
Tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe a úsáidtear do bhearta IRRBB i dteimpléad EU IRRBB1 (más infheidhme) I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tabharfaidh institiúidí tuairisc ghinearálta ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 98(5a), pointí (b) agus (c), de Threoir 2013/36/AE a úsáidtear chun athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis i dteimpléad EU IRRBB1 a ríomh. Sa tuairisc ghinearálta sin, beidh an méid seo a leanas ar a laghad:
I gcomhréir le hAirteagal 448(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní chuirfear na ceanglais sin maidir le nochtadh i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí a úsáideann an mhodheolaíocht chaighdeánaithe nó an mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Threoir 2013/36/AE. |
||||||
|
(h) |
Míniú ar thábhacht bhearta IRRBB agus ar na héagsúlachtaí suntasacha a bhí orthu ó rinneadh nochtuithe roimhe seo I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tabharfaidh institiúidí míniú ginearálta ar thábhacht bhearta IRRBB a nochtar i dteimpléad EU IRRBB1 agus ar aon athrú suntasach ar na bearta IRRBB sin ón dáta tagartha nochta a bhí ann roimhe sin. |
||||||
|
(i) |
Aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le bearta IRRBB a nochtar i dteimpléad EU IRRBB1 (roghnach) Aon fhaisnéis ábhartha eile is mian le hinstitiúidí a nochtadh maidir leis na bearta IRRBB atá san áireamh i dteimpléad EU IRRBB1. . Go dtí go mbeidh feidhm ag critéir na dtreoirlínte a shonraítear in Airteagal 84(6) de Threoir 2013/36/AE agus ag na heilimintí breise a liostaítear in Airteagal 98(5a) de Threoir 2013/36/AE, nochtfaidh institiúidí na paraiméadair a úsáidtear le haghaidh na gcásanna maoirseachta suaite, an sainmhíniú ar ghlanioncam úis atá in úsáid acu agus aon fhaisnéis ábhartha eile chun tuiscint a chur ar an gcaoi ar ríomhadh na hathruithe ar ghlanioncam úis i dteimpléad EU IRRBB1. |
||||||
|
(1), (2) |
Nochtadh na meánaibíochta athphraghsála agus na haibíochta athphraghsála is faide a shanntar do thaiscí neamhaibíochta. I gcomhréir le hAirteagal 448(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí an mheánaibíocht athphraghsála agus an aibíocht athphraghsála is faide a shanntar do thaiscí neamhaibíochta ó chontrapháirtithe miondíola agus ó chontrapháirtithe mórdhíola neamhairgeadais a nochtadh. Déanfaidh an nochtadh tagairt ar leithligh don chroíchuid agus do mhéid iomlán na dtaiscí neamhaibíochta ó chontrapháirtithe miondíola agus ó chontrapháirtithe mórdhíola neamh-airgeadais. |
||||||
Treoracha nochta le haghaidh Theimpléad EU IRRBB1
|
1. |
Déanfaidh institiúidí measúnú ar phriacal an ráta úis a bhaineann le gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála ar bhonn mhodheolaíocht a gcóras inmheánach chun priacal a thomhas, modheolaíocht chaighdeánaithe nó modheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe, nuair is infheidhme, mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 84 de Threoir 2013/36/AE, i bhfianaise na gcásanna maoirseachta suaite agus toimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe comhchoiteanna arna sainiú in Airteagal 98(5a) de Threoir 2013/36/AE. |
|
2. |
Forbraíodh na treoracha sin bunaithe ar na ceanglais in Airteagal 448 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gcomhréir le caighdeán nochta Cholún Basel 3. |
|
3. |
Ní cheanglaítear ar institiúidí an fhaisnéis don tréimhse roimhe sin a sholáthar ina nochtadh céaduaire.
|
|||||||||||||||||||||||