13.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 115/1


RIALACHÁN (AE) 2022/612 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Go háirithe, le Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus ceanglaíodh formhuirir fánaíochta miondíola a dhíothú san Aontas ón 15 Meitheamh 2017, faoi réir úsáid chóir na seirbhísí fánaíochta agus faoi réir na féidearthachta sásra maolaithe a chur i bhfeidhm le haghaidh inbhuanaitheacht dhíothú na bhformhuirear fánaíochta miondíola, ar a dtugtar “fánaíocht ar tháillí baile” (FATB) freisin. I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an margadh fánaíochta mórdhíola d’fhonn a mheas cad iad na bearta is gá chun gur féidir formhuirir fánaíochta miondíola a dhíothú, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012. Tar éis an athbhreithnithe sin, glacadh Rialachán (AE) 2017/920 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus é mar aidhm leis margaí fánaíochta mórdhíola náisiúnta a rialáil chun formhuirir fánaíochta miondíola a dhíothú faoin 15 Meitheamh 2017 gan na margaí baile ná na margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu a shaobhadh.

(3)

An 29 Samhain 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún a chéad athbhreithniú iomlán ar an margadh fánaíochta (“Tuarascáil an Choimisiúin”), inar léiríodh gur bhain taistealaithe ar fud an Aontais tairbhe shuntasach as díothú na bhformhuirear fánaíochta miondíola. Tá méadú gasta ollmhór tagtha ar úsáid seirbhísí soghluaiste, eadhon seirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS nó sonraí rialáilte, agus taisteal á dhéanamh san Aontas, rud a dhearbhaíonn tionchar rialacha fánaíochta an Aontais. Baineadh de thátal as an Tuarascáil an Choimisiúin, in ainneoin roinnt dinimicí iomaíochta sna margaí fánaíochta miondíola agus mórdhíola araon, nach bhfuil athrú tagtha ar na dálaí iomaíochta bunúsacha agus nach dócha go dtiocfaidh athrú sna blianta beaga atá amach romhainn. Dá bhrí sin, tá gá fós leis na margaí miondíola agus mórdhíola a rialáil agus níor cheart iad a thréigean. Go háirithe, rinneadh amach i dTuarascáil an Choimisiúin gur chuir an laghdú géar ar uasteorainneacha praghsanna le laghdú breise ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola, ar an leibhéal mórdhíola, a thairbhigh do ghlanoibreoirí amach, is é sin le rá, oibreoirí a bhfuil bonn custaiméirí acu a mbíonn níos mó seirbhísí soghluaiste á dtomhailt acu ar líonraí na n-oibreoirí comhpháirtíochta i mBallstáit eile ná na seirbhísí soghluaiste sin a bhíonn á dtomhailt ag bonn custaiméirí na n-oibreoirí comhpháirtíochta ar a líonra féin.

Tugadh faoi deara i dTuarascáil an Choimisiúin gur mhol Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) uasteorainneacha ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola a ísliú tuilleadh. Rinne an Coimisiún anailís agus doiciméadú freisin ar an ngá atá le huasteorainneacha ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola a laghdú tuilleadh agus rinne sé measúnú ar leibhéal an laghdaithe a lena gcumasaítear do na hoibreoirí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu aisghabháil a dhéanamh ar na costais a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar. Rinneadh tagairt i dTuarascáil an Choimisiúin do cheanglas Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 go bhfuil rochtain ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar na seirbhísí céanna i mBallstáit eile, ar an bpraghas céanna, ar choinníoll gur féidir na seirbhísí sin a sheachadadh ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. I dTuarascáil an Choimisiúin, tugadh aird ar an bhforbairt a rinneadh le déanaí ar bhealaí nua chun trácht fánaíochta mórdhíola a thrádáil, amhail ardáin trádála ar líne a bhfuil sé d’acmhainneacht acu iomaíocht a chothú sa mhargadh fánaíochta mórdhíola agus caibidlíocht idir oibreoirí a éascú. Ar deireadh, tugadh ar aire nár ghlac an margadh le seirbhísí fánaíochta sonraí a dhíol astu féin.

(4)

Téann Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 in éag an 30 Meitheamh 2022 agus is é is aidhm don Rialachán seo é a athmhúnlú agus, ag an am céanna, bearta nua a thabhairt isteach chun trédhearcacht a mhéadú, lena n-áirítear trédhearcacht maidir le húsáid seirbhísí breisluacha le linn fánaíochta agus le húsáid na fánaíochta ar líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste, agus fíoreispéireas FATB a áirithiú i dtéarmaí cháilíocht na seirbhíse agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála le linn fánaíochta. Socraítear bailíocht an Rialacháin seo go ceann 10 mbliana, go dtí 2032, chun deimhneacht a sholáthar sa mhargadh agus chun ualaí rialála a íoslaghdú. Tugtar isteach leis an Rialachán seo ceanglas go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithnithe agus go gcuirfidh sé tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in 2025 agus 2029, mar aon le togra reachtach ina dhiaidh sin, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú, i gcás ina n-éileoidh forbairtí margaidh amhlaidh. Mar gheall ar fhorbairtí gasta sa mhargadh agus ar chur i bhfeidhm gasta teicneolaíochtaí nua, ba cheart don Choimisiún a mheas, go háirithe, an iomchuí togra reachtach a dhéanamh chun an Rialachán seo a leasú agus a chéad tuarascáil á heisiúint aige in 2025.

(5)

Maidir leis na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile atá freagrach as cosaint agus cur chun cinn leasanna custaiméirí soghluaiste a bhfuil gnáthchónaí orthu laistigh dá gcríoch, níl ar a gcumas rialú a dhéanamh ar iompar oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus atá lonnaithe i mBallstáit eile, agus a bhfuil na custaiméirí sin ag brath orthu agus iad ag úsáid seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta. D’fhéadfadh an easpa rialaithe sin éifeachtacht na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit a laghdú bunaithe ar a n-inniúlacht iarmhar rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a ghlacadh.

(6)

Tá an margadh don chumarsáid shoghluaiste ilroinnte i gcónaí san Aontas, agus níl aon líonra soghluaiste a chumhdaíonn na Ballstáit uile. Mar gheall air sin, chun seirbhísí cumarsáide soghluaiste a sholáthar dá gcustaiméirí baile a bhíonn ag taisteal i mBallstáit eile, ceannaíonn soláthraithe seirbhísí fánaíochta seirbhísí fánaíochta mórdhíola ó oibreoirí i mBallstáit a bhfuil cuairt á tabhairt orthu nó malartaíonn siad seirbhísí fánaíochta mórdhíola leo.

(7)

Ní féidir a rá gurb ann do mhargadh inmheánach teileachumarsáide fad atá difríochtaí suntasacha idir praghsanna baile agus praghsanna fánaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart difríochtaí idir muirir bhaile agus muirir fánaíochta a dhíothú chun margadh inmheánach do sheirbhísí cumarsáide soghluaiste a bhunú.

(8)

Ba cheart cur chuige comhchoiteann comhchuibhithe a úsáid chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí trastíre poiblí cumarsáide soghluaiste praghsanna iomarcacha, agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, as seirbhísí fánaíochta uile-Aontais, agus, ar an gcaoi sin, iomaíocht maidir le seirbhísí fánaíochta idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta a fheabhsú, ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach agus dreasachtaí don nuálaíocht agus do rogha na dtomhaltóirí araon a chaomhnú. I bhfianaise chineál trasteorann na seirbhísí lena mbaineann, tá gá leis an gcur chuige comhchoiteann sin ionas gur féidir le soláthraithe seirbhísí fánaíochta oibriú laistigh de chreat comhleanúnach aonair rialála bunaithe ar chritéir arna mbunú go hoibiachtúil.

(9)

Le húsáid fhorleathan gléasanna soghluaiste atá cumasaithe don idirlíon, tá fíorthábhacht eacnamaíoch ag baint le fánaíocht sonraí. Tá sé sin ábhartha d’úsáideoirí agus do sholáthraithe feidhmchlár agus ábhair araon. Chun forbairt an mhargaidh sin a spreagadh, níor cheart go gcuirfeadh muirir ar iompar sonraí bac ar fhás, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfear dlús seasta le forbairt agus imlonnú líonraí agus seirbhísí ardluais na chéad ghlúine eile.

(10)

Is é an aidhm a bhí le Treoracha 2002/19/CE (7), 2002/20/CE (8), 2002/21/CE (9), 2002/22/CE (10) agus 2002/58/CE (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chruthú laistigh den Aontas agus, ag an am céanna, ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú trí iomaíocht fheabhsaithe. Cé is moite de Threoir 2002/58/CE, rinneadh na Treoracha sin a aisghairm le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

Is é is aidhm do Threoir (AE) 2018/1972 an infheistíocht i líonraí fíor-ardacmhainne, agus a nglacadh, san Aontas a spreagadh, chomh maith le tacar rialacha nua speictrim a shocrú le haghaidh nascacht shoghluaiste agus 5G. Déantar foráil freisin i dTreoir (AE) 2018/1972 d’údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, chomh maith le BEREC, an Coimisiún agus na Ballstáit, chun na cuspóirí a shaothrú, inter alia, maidir le rannchuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh agus leasanna shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn. Áirithítear leis an Treoir sin, inter alia, go bhfuil rochtain ag na húsáideoirí deiridh uile ar chumarsáid inacmhainne, lena n-áirítear an t-idirlíon. A bhuí léi, méadaítear cosaint na dtomhaltóirí agus an tslándáil d’úsáideoirí agus éascaítear idirghabháil rialála.

(11)

Léiríonn na margaí fánaíochta miondíola agus mórdhíola saintréithe uathúla a thugann bonn cirt do bhearta eisceachtúla a théann níos faide ná na sásraí atá ar fáil murach sin faoi Threoir (AE) 2018/1972.

(12)

Ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo imeacht ó na rialacha a bheadh infheidhme murach sin faoi Threoir (AE) 2018/1972, eadhon go bhfuil praghsanna do thairiscintí seirbhíse le cinneadh trí chomhaontú tráchtála in éagmais cumhacht shuntasach sa mhargadh, agus freastal á dhéanamh, ar an gcaoi sin, ar thabhairt isteach oibleagáidí rialála comhlántacha lena léirítear saintréithe sonracha na seirbhísí fánaíochta uile-Aontais.

(13)

Chun custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chosaint ar phraghsanna miondíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte, eadhon seirbhísí fánaíochta rialáilte guthghlaonna, SMS nó sonraí, atá ag ardú mar gheall ar luaineachtaí i ráta malairte tagartha airgeadraí seachas an euro, ba cheart do Bhallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige an meán a bheadh ar roinnt rátaí malairte tagartha éagsúla a úsáid le himeacht ama chun na formhuirir uasta is infheidhme ina airgeadra a chinneadh. I gcás nach in euro a ainmnítear na muirir uasta, ba cheart na luachanna is infheidhme a chinneadh san airgeadra ábhartha tríd an meán a bheadh ar roinnt rátaí malairte tagartha éagsúla a chur i bhfeidhm le himeacht ama, ar meán é a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (Iris Oifigiúil) ar an dáta a shonraítear sa Rialachán seo. I gcás nach bhfuil aon fhoilsiú ann ar an dáta a shonraítear, ba cheart gurb iad na rátaí malairte tagartha is infheidhme na rátaí sin arna bhfoilsiú sa chéad eagrán den Iris Oifigiúil tar éis an dáta sin agus ina bhfuil na rátaí malairte tagartha sin. Chun cinneadh luachanna in airgeadraí seachas an euro a ailíniú leis an riail a chuirtear i bhfeidhm ar chumarsáid laistigh den Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2120, ba cheart na muirir uasta in airgeadraí seachas an euro a chinneadh trí mheán na rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach an 15 Eanáir, an 15 Feabhra agus an 15 Márta den bhliain féilire ábhartha san Iris Oifigiúil a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh feidhm ag muirir uasta arna ríomh ar an mbealach sin do 2022 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 15 Bealtaine 2023.

(14)

Le go bhféadfaidh margadh níos éifeachtúla, níos lánpháirtithe agus níos iomaíche a fhorbairt i gcomhair seirbhísí fánaíochta, níor cheart aon srianta a bheith ann lena gcuirtear bac ar ghnóthais caibidlíocht éifeachtach a dhéanamh ar rochtain mhórdhíola chun seirbhísí fánaíochta a sholáthar, lena n-áirítear cumarsáid meaisín le meaisín. Maidir leis an rochtain ar sheirbhísí fánaíochta mórdhíola den sórt sin, ba cheart deireadh a chur le constaicí ar an rochtain sin de bharr difríochtaí sa chumhacht caibidlíochta agus sa mhéid úinéireachta a bhíonn ag gnóthais ar bhonneagar. Chuige sin, ba cheart go n-urramófaí le comhaontuithe fánaíochta mórdhíola prionsabal neodracht na teicneolaíochta agus go n-áiritheofaí leo go mbeidh deis rochtana chomhionann agus chothrom ag na hoibreoirí uile ar na líonraí agus teicneolaíochtaí uile atá ar fáil, agus ba cheart an prionsabal go ndéanfaí comhaontuithe den sórt sin a chaibidliú de mheon macánta a urramú leo chun ligean do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta seirbhísí fánaíochta miondíola a thairiscint atá coibhéiseach leis na seirbhísí a thairgeann siad sa bhaile. Leis an Rialachán seo, ní fhorchuirtear oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta comhaontuithe fánaíochta mórdhíola a thabhairt i gcrích leis na hoibreoirí sin a bhfuil na líonraí is forbartha acu, agus leosan amháin, faoi réir chomhlíonadh na gceanglas maidir le cáilíocht mhiondíola na seirbhíse a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na hoibreoirí atá ag lorg rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola a gcomhaontuithe fánaíochta mórdhíola a chaibidliú de réir a riachtanas tráchtála féin agus de réir leas a n-úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta, le linn dóibh an t-aistriú i dtreo na chéad ghlúine eile de líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste a dhéanamh, rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a áirithiú de réir a chéile, ar rochtain í lena gcumasófar seirbhísí fánaíochta miondíola a sholáthar i mBallstáit eile faoi choinníollacha conarthacha atá coibhéiseach leo siúd ina mBallstát baile, i gcomhréir le cuspóirí FATB. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta seirbhísí fánaíochta miondíola a thairiscint atá coibhéiseach le seirbhísí cumarsáide soghluaiste a thairgeann siad sa bhaile i gcás ina bhfuil cumhdach forleathan ann nó ina bhfuil tairiscintí iomaíocha ann maidir le rochtain ar na líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste sin den chéad ghlúin eile sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air, i gcomhréir le treoirlínte BEREC maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola.

Is iondúil go soláthraíonn oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste (OLFSanna) agus athdhíoltóirí seirbhísí cumarsáide soghluaiste gan bonneagar líonra dá gcuid féin seirbhísí fánaíochta atá bunaithe ar chomhaontuithe fánaíochta mórdhíola tráchtála lena n-oibreoirí líonraí soghluaiste óstacha sa Bhallstát céanna. D’fhéadfaí nach bhfágfaí, le caibidlíocht tráchtála, áfach, corrlach leordhóthanach do OLFSanna ná d’athdhíoltóirí chun an iomaíocht a spreagadh trí phraghsanna níos ísle. Trí dheireadh a chur leis na constaicí sin agus an chumhacht mhargála idir OLSFanna nó athdhíoltóirí agus oibreoirí líonraí soghluaiste a chothromú le hoibleagáid rochtana agus uasteorainneacha mórdhíola, ba cheart go n-éascófaí forbairt seirbhísí agus tairiscintí fánaíochta malartacha, nuálacha agus uile-Aontais do chustaiméirí. Ní fhoráiltear réiteach ar an bhfadhb sin le Treoir (AE) 2018/1972 trí oibleagáidí a fhorchur ar oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáid chun iarrataí réasúnacha a shásamh maidir le rochtain mhórdhíola ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste chun seirbhísí fánaíochta a sholáthar. Ba cheart an rochtain a bheith i gcomhréir le riachtanais na ndaoine atá á lorg. Ba cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh seirbhísí a dteastaíonn teicneolaíochtaí nua-aimseartha agus seirbhísí fánaíochta miondíola nua-aimseartha ina leith in ann leas a bhaint as an gcáilíocht chéanna seirbhíse le linn fánaíochta agus a bhíonn acu ina dtír féin. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áiritheofaí le hoibleagáid maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola gur féidir le cuardaitheoirí rochtana na seirbhísí miondíola a thairgtear sa bhaile a mhacasamhlú, mura rud é gur féidir le hoibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a n-iarrtar orthu rochtain a sholáthar a chruthú go bhfuil sé sin indéanta go teicniúil. Tuigtear go bhfuil na paraiméadair faoina ndéanann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air seirbhísí soghluaiste a thairiscint dá chustaiméirí baile féin indéanta go teicniúil. Faoi réir an chomhaontaithe fánaíochta mórdhíola ábhartha agus gan dochar do na hoibleagáidí miondíola a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart d’oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a áirithiú nach mbeidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta atá ar a líonra faoi réir coinníollacha nach bhfuil chomh tairbheach leis na coinníollacha a thairgeann sé dá chustaiméirí baile, mar shampla i dtéarmaí cháilíocht na seirbhíse, amhail an luas atá ar fáil. Níor cheart rochtain a dhiúltú ach amháin ar bhonn critéir oibiachtúla, amhail indéantacht theicniúil agus an gá le sláine líonra a choinneáil.

Níor cheart d’oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air rochtain a dhiúltú ná a theorannú ar bhonn breithnithe tráchtála ar bhealach a gcuirfí srian le soláthar na seirbhísí fánaíochta atá in iomaíocht le chéile. I gcás ina ndiúltófaí rochtain, ba cheart go mbeadh an páirtí éagóirithe in ann cás a thíolacadh le haghaidh réiteach díospóide i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun cothrom na Féinne a áirithiú, ba cheart rochtain mhórdhíola le seirbhísí fánaíochta a sholáthar a bhronnadh i gcomhréir leis na hoibleagáidí rialála a leagtar síos sa Rialachán seo agus is infheidhme ar leibhéal an mhórdhíola, agus ba cheart go gcuirfí san áireamh léi na gnéithe éagsúla costais a theastaíonn chun an rochtain sin a thabhairt. Rannchuideofaí le saobhadh idir na Ballstáit a sheachaint dá mbeadh cur chuige rialála comhsheasmhach ann don rochtain mhórdhíola le haghaidh sholáthar na seirbhísí fánaíochta. Ba cheart do BEREC, i gcomhordú leis an gCoimisiún agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte a eisiúint maidir le rochtain mhórdhíola chun seirbhísí fánaíochta a sholáthar.

(16)

Maidir le hoibleagáid i leith rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ba cheart go n-áiritheofaí léi soláthar seirbhísí díreacha fánaíochta mórdhíola chomh maith le soláthar seirbhísí fánaíochta ar bhonn mórdhíola lena n-athdhíol ag tríú páirtithe. Leis an oibleagáid i leith rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola, ba cheart go gcumhdófaí freisin oibleagáid an oibreora líonra soghluaiste chun a chur ar chumas OLFSanna agus athdhíoltóirí seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a cheannach ó chomhiomlánóirí mórdhíola a sholáthraíonn pointe aonair rochtana agus ardán caighdeánaithe le haghaidh comhaontuithe fánaíochta ar fud an Aontais. Chun a áirithiú go soláthróidh oibreoirí rochtain ar na saoráidí uile is gá le haghaidh rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta laistigh de thréimhse ama réasúnach, ba cheart go bhfoilseofaí tairiscint tagartha ina bhfuil na coinníollacha caighdeánacha le haghaidh rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol. Le foilsiú na tairsceana tagartha, níor cheart go gcuirfí cosc ar chaibidlíocht tráchtála idir an cuardaitheoir rochtana agus an soláthraí rochtana i ndáil le leibhéal praghsanna an chomhaontaithe deiridh ar fhánaíocht mhórdhíola nó i ndáil le seirbhísí breise rochtana mórdhíola a théann thar na seirbhísí is gá le haghaidh rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol.

(17)

Ba chóir go gcumhdófaí le hoibleagáid i leith rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola rochtain ar na comhpháirteanna go léir is gá le seirbhísí fánaíochta a sholáthar, amhail eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara; rochtain ar chórais bogearraí ábhartha, lena n-áirítear córais tacaíochta oibriúcháin; rochtain ar chórais faisnéise nó ar bhunachair sonraí maidir le réamhordú, soláthar, ordú, cothabháil agus iarrataí deisiúcháin, agus billeáil; rochtain ar aistriúchán uimhreach nó ar chórais lena dtairgtear feidhmiúlacht choibhéiseach; líonraí soghluaiste agus seirbhísí líonraí fíorúla.

(18)

Má iarrann cuardaitheoirí rochtana i leith fánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol rochtain ar shaoráidí nó ar sheirbhísí sa bhreis ar na saoráidí nó na seirbhísí sin is gá chun seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar, ba cheart go mbeadh oibreoirí líonra soghluaiste in ann muirir chóra, réasúnacha a aisghabháil i leith na saoráidí nó na seirbhísí sin. D’fhéadfadh na saoráidí nó na seirbhísí breise sin a bheith, inter alia, ina seirbhísí breisluacha, ina mbogearraí agus córais faisnéise bhreise nó ina socruithe breise billeála.

(19)

Le hAirteagal 109 de Threoir (AE) 2018/1972, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain saor in aisce ag na húsáideoirí deiridh uile ar sheirbhísí éigeandála, trí chumarsáid éigeandála leis an bpointe freagartha glaonna éigeandála (PFGÉ) is iomchuí. Leis an Treoir sin, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin a áirithiú go dtabharfar rochtain ar sheirbhísí éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas trí chumarsáid éigeandála, lena n-áirítear agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, agus go mbeidh an rochtain sin coibhéiseach leis an rochtain a bhíonn le fáil ag úsáideoirí deiridh eile. D’fhéadfaí a áireamh ar na modhanna rochtana sin seirbhís téacs fíor-ama nó seirbhís comhrá iomláin amhail dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó seirbhísí cumarsáide eile nach seirbhísí cumarsáide gutha iad, amhail seirbhísí SMS, teachtaireachtaí nó físeáin trí fheidhmchláir éigeandála, nó seirbhísí athsheachadta, ar seirbhísí iad a imscarann na Ballstáit agus na ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais agus cumais agus trealamh teicniúil an chórais PFGÉ náisiúnta á gcur san áireamh acu. Ba cheart cur chun feidhme na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála atá ar fáil do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta faoi mhíchumas agus soláthar faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a bheith bunaithe a mhéid is féidir ar chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit caighdeáin den sórt sin a chur chun cinn i gcomhar le comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú agus le comhlachtaí ábhartha eile.

Is faoi na Ballstáit atá sé cineál na cumarsáide éigeandála is indéanta go teicniúil a chinneadh chun rochtain ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar chumarsáid éigeandála faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 109 de Threoir (AE) 2018/1972, ba cheart d’oibreoirí na líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu faisnéis a áireamh sa tairiscint tagartha faoin gcineál cumarsáide éigeandála atá sainordaithe agus indéanta go teicniúil chun rochtain a áirithiú do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta faoi bhearta náisiúnta sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air. Sa bhreis air sin, ba cheart a chuimsiú sna comhaontuithe fánaíochta mórdhíola faisnéis faoi na paraiméadair theicniúla chun rochtain ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú, lena n-áirítear rochtain ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta faoi mhíchumas, agus chun a áirithiú freisin go ndéantar faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, lena n-áirítear faisnéis bunaithe ar shás láimhe, a tharchur chuig an PFGÉ is iomchuí sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air. Ba cheart go bhfágfaí, leis an bhfaisnéis sin, go mbeadh an soláthraí seirbhísí fánaíochta in ann an chumarsáid éigeandála agus tarchur shuíomh an ghlaoiteora a shainaithint agus a sholáthar saor in aisce.

(20)

D’fhéadfaí coinníollacha áirithe a áireamh sna tairiscintí tagartha chun lamháil d’oibreoirí líonraí soghluaiste cosc a chur le buanfhánaíocht nó le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a úsáid ar shlí aimhrialta nó a mhí-úsáid. Go háirithe, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a mheas go bhfuil buanfhánaíocht nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola ar bun ag sciar suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta, ba cheart go bhféadfadh an t-oibreoir sin faisnéis a sholáthar, i bhfoirm chaighdeánaithe agus i gcomhréir iomlán le ceanglais cosanta sonraí an Aontais agus leis na ceanglais náisiúnta maidir le cosaint sonraí, ar faisnéis í lenar féidir a chinneadh an bhfuil sciar suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta i staid buanfhánaíochta nó an bhfuil úsáid aimhrialta nó mí-úsáid á baint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, amhail faisnéis ar sciar na gcustaiméirí nach mór méid a dtomhailte baile le hais mhéid a dtomhailte fánaíochta. Thairis sin, níor cheart comhaontuithe fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh d’fhonn cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid a bheith á baint as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola ach amháin i gcás inar theip ar bhearta níos boige aghaidh ar an staid. Ba cheart foirceannadh ar an dóigh sin a bheith faoi réir réamhúdarú ag údarás rialála náisiúnta oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, agus lánaird á tabhairt ar thuairim BEREC i gcás ina ndeachthas i gcomhairle leis.

D’fhéadfadh sé go mbeadh i mbearta níos boige muirir mhórdhíola níos airde a leagan síos nach mó ná na muirir mhórdhíola uasta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcás toirteanna is mó ná toirt chomhiomlánaithe a shonraítear sa chomhaontú. Ba cheart muirir mhórdhíola níos airde den sórt sin a leagan amach roimh ré, nó ón nóiméad a shuíonn oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus a chuireann sé oibreoir an líonra baile ar an eolas, go bhfuil buanfhánaíocht nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola ar bun ag líon suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta. D’fhéadfadh sé go mbeadh i mbearta níos boige freisin an gealltanas ó oibreoir an líonra baile na beartais maidir le húsáid chóir is infheidhme maidir lena chustaiméirí a ghlacadh nó a athbhreithniú i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, nó an fhéidearthacht go n-iarrfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú fánaíochta mórdhíola. Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart don údarás rialála náisiúnta faisnéis a bhaineann le hiarratais ar údaruithe chun comhaontaithe fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh a chur ar fáil don phobal, faoi réir rúndacht gnó.

(21)

Le go bhféadfar margaí níos éifeachtúla, níos lánpháirtithe agus níos iomaíche a chur chun cinn i gcomhair seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola á caibidliú chun seirbhísí fánaíochta miondíola a sholáthar, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt d’oibreoirí scéimeanna praghsála mórdhíola nuálacha a chaibidliú nach bhfuil baint dhíreach acu le toirteanna a dhéantar a thomhailt go hiarbhír, amhail bunrátaí íocaíochta, gealltanais tosaigh nó comhaontuithe fánaíochta mórdhíola bunaithe ar thoilleadh, nó scéimeanna praghsála lena léirítear athruithe ar éileamh i rith na bliana. Faoi réir na dteorainneacha ar an mbuanfhánaíocht atá sa Rialachán seo, ní dhéantar cumarsáid meaisín le meaisín, eadhon seirbhísí lena mbaineann aistriú uathoibrithe sonraí agus faisnéise idir gléasanna nó feidhmchláir atá bunaithe ar bhogearraí ag a bhfuil idirghníomhaíocht teoranta le daoine nó nach bhfuil idirghníomhaíocht ar bith le daoine acu, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo ná ó na hoibleagáidí ábhartha maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear na forálacha maidir le húsáid chóir seirbhísí fánaíochta agus an fhéidearthacht atá ann d’oibreoirí líonraí soghluaiste coinníollacha a áireamh ina dtairiscintí tagartha chun cosc a chur le buanúsáid seirbhísí fánaíochta rialáilte nó le húsáid aimhrialta nó mí-úsáid na rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola. Tá buanfhánaíocht faoi réir caibidlíocht tráchtála, áfach, agus is féidir le dhá chomhpháirtí fánaíochta teacht ar chomhaontú ina leith i gcomhaontú fánaíochta mórdhíola. Ionas go mbeifear in ann margaí níos éifeachtúla agus níos iomaíche a fhorbairt le haghaidh cumarsáid meaisín le meaisín, táthar ag dréim leis, de réir a chéile, go ndéanfaidh oibreoirí na líonraí soghluaiste gach iarraidh réasúnach ar chomhaontuithe fánaíochta mórdhíola ar théarmaí réasúnacha a fhreagairt agus go nglacfaidh siad leis na hiarrataí sin, agus go gceadóidh siad an bhuanfhánaíocht go sainráite le haghaidh cumarsáid meaisín le meaisín.

Ba cheart go bhféadfadh siad comhaontuithe fánaíochta mórdhíola solúbtha a bhunú lena gcumasófaí seirbhísí fánaíochta mórdhíola agus ba cheart go bhféadfadh siad scéimeanna taraifí a chur i bhfeidhm nach bhfuil bunaithe ar thoirt na sonraí arna tomhailt ach ar scéimeanna malartacha, mar shampla, líon na meaisíní nasctha in aghaidh na míosa. Sa chomhthéacs sin, i gcás díospóid trasteorann, ba cheart do na páirtithe lena mbaineann dul ar iontaoibh an nós imeachta um réiteach díospóide a leagtar síos in Airteagal 27 de Threoir (AE) 2018/1972. Ba cheart an rogha a bheith ag na comhpháirtithe caibidlíochta aontú gan muirir uasta fánaíochta mórdhíola rialáilte a chur i bhfeidhm ar feadh ré na gcomhaontuithe fánaíochta mórdhíola. D’fhágfadh sé sin nach bhféadfadh ceachtar de na comhpháirtithe a iarraidh ina dhiaidh sin go ndéanfaí muirir uasta mhórdhíola thoirtbhunaithe a chur i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír, mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’oibleagáidí maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar. Thairis sin, tugtar aird i dTuarascáil an Choimisiúin ar an bhforbairt a rinneadh le déanaí ar bhealaí nua chun trácht fánaíochta mórdhíola a thrádáil, amhail ardáin trádála ar líne, a d’fhéadfadh an próiseas caibidlíochta idir oibreoirí a éascú. Trí ionstraimí comhchosúla a úsáid, d‘fhéadfaí rannchuidiú le feabhas a chur ar iomaíocht sa mhargadh fánaíochta mórdhíola agus d’fhéadfaí dlús a chur leis na rátaí iarbhír mórdhíola a ghearrtar a laghdú tuilleadh.

(22)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 nach gcuirfidh oibreoirí cosc ar úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus arna thairiscint ag soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta. Mar sin féin, tá an beart struchtúrach sin, a tugadh isteach tríd an oibleagáid seirbhísí fánaíochta sonraí a dhíol astu féin, gan éifeacht ón uair a tugadh isteach FATB. Ina theannta sin, de bhrí nach raibh glacadh ar an margadh, is amhlaidh nach bhfuil an oibleagáid sin ábhartha a thuilleadh. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh feidhm a thuilleadh ag forálacha lena gceanglaítear ar oibreoirí díolacháin ar leithligh seirbhísí fánaíochta a sholáthar ar an leibhéal miondíola.

(23)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le socrú na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na mbeartas maidir le húsáid chóir agus i ndáil le socrú na rialacha mionsonraithe maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht sholáthar na seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna baile, agus freisin i ndáil le socrú na rialacha mionsonraithe maidir leis an iarratas a bheidh le tíolacadh ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Go dtí go nglacfar na bearta cur chun feidhme sin, ba cheart do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún (15) leanúint d’fheidhm a bheith aige.

(24)

Ba chóir oibleagáidí rialála a fhorchur ar an leibhéal miondíola agus ar an leibhéal mórdhíola araon chun leasanna custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chosaint, óir is léir ón taithí nach gá gur praghsanna miondíola níos ísle i gcomhair fánaíochta a bheadh ann de thoradh laghduithe ar phraghsanna mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta uile-Aontais, mar gheall ar easpa dreasachtaí chun go dtarlódh sin. Ar an lámh eile, d’fhéadfadh an riosca a bheith ann go gcuirfeadh gníomh chun leibhéal na bpraghsanna miondíola a laghdú as d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí fánaíochta mura rachfaí i ngleic le leibhéal na gcostas mórdhíola a ghabhann le soláthar na seirbhísí sin agus ní dhéanfaí lamháil do bhreis iomaíochta leis sin.

(25)

Bhí sé riachtanach formhuirir fánaíochta miondíola a dhíothú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2120 chun margadh aonair digiteach a bhunú agus a fheidhmiú a éascú ar fud an Aontais. Níor leor an Rialachán sin amháin, áfach, chun feidhmiú cuí an mhargaidh fánaíochta a áirithiú. Leis an Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú le samhlacha praghsála i margaí baile nach ndéanfaidh díothú na bhformhuirear fánaíochta miondíola difear dóibh.

(26)

Ba cheart go mbeadh an praghas miondíola baile ábhartha cothrom leis an muirear miondíola baile in aghaidh an aonaid. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil praghsanna miondíola baile sonracha ann a d’fhéadfaí a úsáid mar bhonn le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte (mar shampla, i gcás pleananna taraife neamhtheoranta baile, cuacha nó taraifí baile nach n-áirítear sonraí iontu), ba cheart an praghas miondíola baile a mheas a bheith mar an gcéanna leis an sásra muirearaithe amhail agus dá mbeadh an custaiméir ag tomhailt an phlean taraife baile i mBallstát an chustaiméara sin.

(27)

Agus fánaíocht á déanamh acu laistigh den Aontas, ba cheart go mbeadh custaiméirí seirbhísí fánaíochta in ann úsáid a bhaint as na seirbhísí miondíola a bhfuil síntiús acu ina leith agus tairbhe a bhaint as an leibhéal céanna cáilíochta seirbhíse atá ar fáil sa bhaile. Chuige sin, agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí maidir le rochtain mhórdhíola a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta agus d’oibreoirí líonraí soghluaiste na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go soláthrófar seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte faoi na coinníollacha céanna agus dá mba sa bhaile a bhí na seirbhísí sin á dtomhailt. Mar shampla, má tá an t-uasluas sonraí atá ar fáil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air comhionann leis an uasluas atá ar fáil agus á thairiscint ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta sa bhaile, nó más airde é ná an t-uasluas sin, níor cheart don soláthraí seirbhísí fánaíochta luas a thairiscint atá níos ísle ná an t-uasluas a sholáthraítear sa bhaile. Má tá an t-uasluas sonraí atá ar fáil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air níos ísle ná an t-uasluas arna thairiscint ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta sa bhaile, níor cheart don soláthraí seirbhísí fánaíochta luas a thairiscint atá níos ísle ná an t-uasluas atá ar fáil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. I gcás ina mbeidh glúin nó teicneolaíocht líonra níos nuaí ar fáil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, níor cheart don soláthraí seirbhísí fánaíochta srian a chur ar ghlúin nó teicneolaíocht líonra atá níos sine ná an ghlúin nó teicneolaíocht líonra a thairgtear sa bhaile. Thairis sin, go háirithe le linn an aistrithe chuig an gcéad ghlúin eile de líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste, i gcás nach inchomparáide é cur chun feidhme na líonraí agus na dteicneolaíochtaí sin ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta agus ag oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta an tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte a thairiscint leis an teicneolaíocht cumarsáide soghluaiste atá ann cheana. Ba cheart toirmeasc a chur ar bhreithnithe tráchtála as a dtagann laghdú ar cháilíocht na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, amhail an bandaleithead a laghdú chun toirteanna fánaíochta a laghdú. Ba cheart d’oibreoirí bearta réasúnacha a dhéanamh chun íoslaghdú a dhéanamh ar aon mhoill mhíchuí ar aistrithe idir líonraí cumarsáide soghluaiste, gan dochar d’Airteagal 28 de Threoir (AE) 2018/1972. Is féidir le riaracháin náisiúnta agus oibreoirí náisiúnta comhaontuithe comhordaithe speictrim a thabhairt i gcrích agus cumhdach a áirithiú, feadh chonairí 5G agus conairí iompair trastíre ar a laghad.

(28)

Ba cheart go bhféadfadh soláthraithe seirbhísí fánaíochta beartas maidir le húsáid chóir a chur i bhfeidhm maidir le tomhaltas na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an bpraghas miondíola baile is infheidhme. Níor cheart aghaidh a thabhairt, le beartais maidir le húsáid chóir, ach ar mhí-úsáid nó úsáid aimhrialta seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta, amhail úsáid na seirbhísí sin ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát seachas Ballstát a soláthraí baile chun críocha eile seachas taisteal tréimhsiúil. Leis na bearta cur chun feidhme i ndáil le beartais maidir le húsáid chóir a chur i bhfeidhm, ba cheart go n-áiritheofaí nach rachadh soláthraithe seirbhísí fánaíochta timpeall ar an gcuspóir sin chun críocha eile a shaothrú a bheadh chun aimhleas na gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta a bhíonn ag gabháil d’aon chineál taistil thréimhsiúil. I gcásanna force majeure, ar imthosca amhail paindéimí, dúnadh sealadach teorainneacha nó tubaistí nádúrtha is cúis leo, trína gcuirtear go neamhthoiliúil le tréimhse fanachta sealadaí an chustaiméara seirbhísí fánaíochta i mBallstát eile, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta síneadh ama a chur leis an liúntas is infheidhme maidir le húsáid chóir go ceann tréimhse iomchuí, ar iarraidh a bhfuil bonn cirt léi a bheith déanta ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Mar thoradh ar aon bheartas maidir le húsáid chóir, ba cheart go gcuirfí ar chumas chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta toirteanna seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, a bheidh comhsheasmhach leis na pleananna taraife atá acu faoi seach, a thomhailt ar an bpraghas miondíola baile is infheidhme. Maidir leis an iliomad patrún éagsúil a bhaineann le taisteal tréimhsiúil ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta, ba cheart iad a chur san áireamh leis na bearta cur chun feidhme i ndáil le beartais maidir le húsáid chóir a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbeidh beartais maidir le húsáid chóir ina mbacainn ar fhíoreispéireas FATB do chustaiméirí den sórt sin.

(29)

Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar a ghníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí, mar gheall ar dhálaí an mhargaidh, ar phatrúin tomhaltais agus taistil, ar éabhlóid agus cóineasú na praghsála agus ar an riosca inbhraite go ndéanfaí saobhadh ar an iomaíocht, seirbhísí fánaíochta a sholáthar ar bhonn inbhuanaithe ar phraghsanna baile le haghaidh taisteal tréimhsiúil agus ar a mhéid a d’fhágfadh siad go bhféadfaí cur i bhfeidhm agus éifeachtaí na mbeart faoi bheartas maidir le húsáid chóir a theorannú do chásanna eisceachtúla.

(30)

In imthosca sonracha agus eisceachtúla i gcás nach bhfuil soláthraí seirbhísí fánaíochta in ann a chuid costas iomlán iarbhír agus réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar a aisghabháil as a ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó na seirbhísí sin a sholáthar, ba cheart go mbeadh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin in ann iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur i bhfeidhm d’fhonn inbhuanaitheacht na samhla muirearaithe baile a áirithiú. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht na samhla muirearaithe baile bunaithe ar thosca oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta sa Bhallstát lena mbaineann agus leibhéal na bpraghsanna baile agus na n-ioncam baile. Féadfaidh sé gurb amhlaidh an cás, mar shampla, le haghaidh samhlacha cothromráta miondíola baile na n-oibreoirí a bhfuil neamhchothromaíochtaí suntasacha diúltacha acu, áit a bhfuil an praghas baile intuigthe in aghaidh an aonaid íseal agus a bhfuil ioncaim iomlána an oibreora íseal freisin i gcoibhneas leis an ualach ar chostas fánaíochta, nó áit a bhfuil an praghas intuigthe in aghaidh an aonaid íseal agus ina bhfuil tomhaltas seirbhísí fánaíochta iarbhír nó réamh-mheasta ard. Chun nach bhfágfar go mbeidh samhail muirearaithe baile na soláthraithe seirbhísí fánaíochta neamh-inbhuanaithe mar thoradh ar fhadhbanna i dtaca le costais a aisghabháil, rud a ghinfeadh riosca go mbeadh éifeacht shuntasach aige ar an tslí ina dtagann forás ar phraghsanna baile nó “éifeacht an leaba uisce”, mar a thugtar air, níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí fánaíochta, sna himthosca sin, in ann formhuirear a fhorchur ar sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte ach a mhéid is gá chun na costais iarbhír ábhartha uile a bhaineann leis na seirbhísí sin a sholáthar.

(31)

Chun na críche sin, ba cheart na costais a tabhaíodh chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do na muirir fánaíochta mórdhíola iarbhír a chuirtear i bhfeidhm maidir le trácht fánaíochta amach an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta lena mbaineann, sa bhreis ar a thrácht fánaíochta isteach, chomh maith le tagairt d’fhoráil réasúnach do chostais chomhpháirteacha agus do chostais chomhchoiteanna. Ba cheart ioncam ó sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chinneadh trí thagairt a dhéanamh d’ioncam ar leibhéil praghsanna baile atá inchurtha i leith tomhaltas seirbhísí fánaíochta, bíodh sé ar bhonn phraghas an aonaid nó mar chion de bhuntáille, lena léirítear cion iarbhír agus réamh-mheasta faoi seach an tomhaltais fánaíochta ag custaiméirí laistigh den Aontas mar aon le tomhaltas baile. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar thomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte agus ar thomhaltas baile chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta, agus ar an leibhéal iomaíochta, ar phraghsanna agus ar ioncam sa mhargadh baile, agus ar aon riosca inbhraite go ndéanfaí difear suntasach d’fhorbairt ar na praghsanna sin trí fhánaíocht ar phraghsanna miondíola baile.

(32)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta formhuirear i bhfeidhm ar thomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte atá sa bhreis ar aon teorainneacha faoi aon bheartas maidir le húsáid chóir, nach rachaidh suim an phraghais miondíola baile agus aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm ar ghlaonna fánaíochta rialáilte a dhéantar, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoltar nó seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a úsáidtear, thar EUR 0,19 in aghaidh an nóiméid, EUR 0,06 in aghaidh na teachtaireachta SMS agus EUR 0,20 in aghaidh an mheigibhirt a úsáidtear, faoi seach. I bhfianaise fheidhmiú éifeachtach rialacha FATB ón 15 Meitheamh 2017, níl gá a thuilleadh leis an bhforáil sin.

(33)

I gcomhréir leis an bprionsabal arb é “is é an páirtí a ghlaonn a íocann”, ní íocann custaiméirí soghluaiste chun glaonna soghluaiste baile a fháil, ach cumhdaítear an costas a bhaineann le glaoch a fhoirceannadh i líonra an pháirtí ar glaodh air i muirear miondíola an pháirtí a ghlaoigh. Le cóineasú na rátaí foirceanta soghluaiste ar fud na mBallstát, ba cheart go mbeifí in ann an prionsabal céanna a chur i bhfeidhm maidir le glaonna fánaíochta miondíola rialáilte. De bhun Airteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972, bhunaigh an Coimisiún, trí bhíthin Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún (16), uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna le haghaidh seirbhísí soghluaiste chun an t-ualach rialála a laghdú maidir le haghaidh a thabhairt go comhsheasmhach ar fhadhbanna iomaíochta a bhaineann le foirceannadh guthghlaonna mórdhíola ar fud an Aontais. Áirítear conair faoileoireachta 3 bliana i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654: is é a bheidh sna huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste EUR 0,7 cent in 2021, EUR 0,55 cent in 2022, EUR 0,4 cent in 2023, agus, ó 2024 ar aghaidh, is EUR 0,2 cent a bheidh san uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste. Sna cásanna a leagtar amach sa Rialachán seo i gcás ina bhfuil cead ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta formhuirear a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, níor cheart go rachadh an formhuirear a chuirtear i bhfeidhm maidir le glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear thar an uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste a shocraigh an Coimisiún don bhliain ábhartha i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654. Más rud é go gcinnfidh an Coimisiún ina dhiaidh sin nach gá a thuilleadh uasráta foirceanta aonair uile-Aontais a shocrú do ghuthghlaonna soghluaiste, níor cheart go rachadh aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm ar ghlaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear thar an ráta arna shocrú leis an ngníomh tarmligthe is déanaí arna ghlacadh faoi Airteagal 75 de Threoir (AE) 2018/1972.

(34)

I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta rialáilte uile-Aontais athruithe ar a dtaraifí fánaíochta miondíola agus ar bheartais úsáide fánaíochta a ghabhann leo chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor cheart go bhfágfadh na hathruithe sin go mbeadh aon cheart faoi dhlíthe náisiúnta lena dtrasuítear Treoir (AE) 2018/1972 ag custaiméirí soghluaiste tarraingt siar óna gconarthaí miondíola.

(35)

Ba cheart go sonrófaí, ar bhealach soiléir sothuigthe, i gconradh miondíola ina n-áirítear aon chineál seirbhíse fánaíochta miondíola rialáilte saintréithe na seirbhíse fánaíochta miondíola rialáilte sin, lena n-áirítear an leibhéal cáilíochta seirbhíse a bhfuiltear ag dréim leis. Cé nach bhfeidhmíonn soláthraithe seirbhísí fánaíochta rialú ar na líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu, tá na seirbhísí fánaíochta a sholáthraítear faoi réir an chomhaontaithe fánaíochta mórdhíola le hoibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. Dá bhrí sin, chun cumhacht a thabhairt do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta a gcuid custaiméirí a chur ar an eolas sa chonradh miondíola, ar bhealach soiléir, faoin gcaoi ar féidir le cáilíocht na seirbhísí fánaíochta a bheith éagsúil i gcleachtas leis na seirbhísí arna dtomhailt sa bhaile. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta a mhíniú freisin, a mhéid is féidir, conas is féidir le tosca ábhartha eile difear a dhéanamh do cháilíocht na seirbhíse, amhail luas, aga folaigh agus infhaighteacht seirbhísí fánaíochta nó seirbhísí eile le linn fánaíochta, mar gheall ar infhaighteacht teicneolaíochtaí áirithe, cumhdach nó éagsúlacht mar gheall ar thosca seachtracha amhail topagrafaíocht. Chomh maith leis sin, ba cheart go n-áireofaí i gconradh miondíola den sórt sin faisnéis shoiléir shothuigthe faoin nós imeachta um ghearáin atá ar fáil i gcás nach gcomhfhreagraíonn cáilíocht na seirbhíse do théarmaí an chonartha miondíola. Ba cheart don soláthraí seirbhísí fánaíochta aon ghearáin ina leith sin a láimhseáil ar bhealach tráthúil agus éifeachtach.

(36)

Chun a áirithiú go gcuirfear custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar an eolas go leormhaith faoi cháilíocht a seirbhíse fánaíochta, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar a gcuid leathanach gréasáin. Chuige sin, ba cheart go n-áireofaí iontu faisnéis faoi na cúiseanna a bhféadfaí seirbhís fánaíochta a thairiscint faoi choinníollacha nach bhfuil chomh tairbheach leo siúd a thairgtear sa bhaile. Ba cheart go mbeadh san fhaisnéis sin, go háirithe, míniú soiléir sothuigthe ar chlaonta suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann ó na huasluasanna uaslódála agus íoslódála a fhógraítear nó a mheastar agus a thairgtear sa bhaile, agus conas a d’fhéadfadh na claonta sin tionchar a imirt ar an tseirbhís fánaíochta a bhfuil síntiús ag an gcustaiméir ina leith. D’fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis freisin míniú soiléir sothuigthe ar conas a d’fhéadfadh aon teorainneacha ar thoirt, luas, glúnta agus teicneolaíochtaí líonra atá ar fáil agus paraiméadair eile maidir le cáilíocht na seirbhíse tionchar a bheith acu ar an tseirbhís fánaíochta sonraí, go háirithe ar úsáid ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí agus fánaíocht á déanamh.

(37)

Uaireanta, i ngan fhios dóibh féin, tabhaíonn custaiméirí seirbhísí fánaíochta agus oibreoirí baile billí móra mar thoradh ar easpa trédhearcachta i dtaobh na n-uimhreacha a úsáidtear le haghaidh seirbhísí breisluacha ar fud an Aontais agus i dtaobh na bpraghsanna mórdhíola a ghearrtar ar sheirbhísí breisluacha, gan dochar d’Airteagal 97 de Threoir (AE) 2018/1972. Tá an chumarsáid chuig uimhreacha áirithe a úsáidtear chun seirbhísí breisluacha a sholáthar, mar shampla uimhreacha ardráta, uimhreacha saorghlao nó uimhreacha costais comhroinnte, faoi réir coinníollacha praghsála ar leith ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart nach mbeadh feidhm ag an Rialachán sin maidir leis an gcuid sin den taraif a ghearrfar chun seirbhísí breisluacha a sholáthar, ach ba cheart go mbeadh feidhm aige maidir leis na taraifí sin a ghearrfar chun cónascadh leis na seirbhísí sin, agus maidir leis na taraifí siúd amháin. B’fhéidir go bhfágfadh an prionsabal FATB go mbeadh custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag dréim leis nár cheart aon chostais mhéadaithe a thabhú de bharr cumarsáid leis na huimhreacha sin le linn fánaíochta i gcomparáid leis an staid sa bhaile. Ní hamhlaidh an cás i gcónaí, áfach, le linn fánaíochta. Bíonn costais mhéadaithe le seasamh ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta, fiú amháin nuair a ghlaonn siad ar uimhreacha atá saor in aisce nuair a ghlaoitear orthu sa bhaile. D’fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint ó mhuinín na saoránach as a ngutháin a úsáid agus fánaíocht á déanamh acu agus d’fhéadfadh “billí an-ard gan choinne” teacht as, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar fhíoreispéireas FATB. Ar an leibhéal miondíola, is é an leibhéal neamh-leordhóthanach trédhearcachta maidir leis na muirir is airde is féidir a thabhú as cumarsáid a dhéanamh le huimhreacha a úsáidtear le haghaidh seirbhísí breisluacha is cúis leis sin den chuid is mó. Dá bhrí sin, ba cheart bearta a thabhairt isteach chun feasacht a mhúscailt maidir le riosca na mbillí arda agus chun trédhearcacht a mhéadú maidir leis na téarmaí a bhaineann le cumarsáid le huimhreacha le haghaidh seirbhísí breisluacha. Chuige sin, ba cheart go gcuirfí in iúl do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta ina gconradh miondíola, agus fógra agus rabhadh a thabhairt dóibh, ar bhealach atá tráthúil, soláimhsithe agus saor in aisce, go bhféadfadh muirir bhreise a bheith i gceist le cumarsáid le huimhreacha le haghaidh seirbhísí breisluacha le linn fánaíochta. Féadfar an tsaoráid chun díghníomhachtú a dhéanamh ar bhilleáil tríú páirtí atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/1972 a chur i bhfeidhm maidir le cásanna fánaíochta, má tá sí ar fáil.

(38)

Le feidhmiú na margaí fánaíochta mórdhíola, ba cheart a lamháil d’oibreoirí na costais uile a eascraíonn as soláthar seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a aisghabháil, lena n-áirítear costais chomhpháirteacha agus costais chomhchoiteanna. Leis an tsamhail chostais a rabhthas ag brath uirthi chun críocha an phróisis athbhreithnithe, tugadh lánaird ar na hinfheistíochtaí a dhéanann oibreoirí chun seirbhísí fánaíochta soghluaiste a sholáthar, amhail costas speictrim, costas infheistíochtaí trealaimh agus bonneagair, chomh maith leis an mbonneagar a imscarann oibreoirí agus an teicneolaíocht a bhfuiltear ag dréim léis go mbeidh sí ceannasach ó thaobh an tomhaltais de go dtí an chéad athbhreithniú eile. Beidh an t-athbhreithniú atá á pleanáil do 2025 ag brath ar shamhail chostais nua, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta arna dtabhairt faoi deara le linn na hidirthréimhse. Ar an dóigh sin, ba cheart go gcaomhnófaí dreasachtaí chun infheistiú sna líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu agus go seachnófaí aon saobhadh ar iomaíocht bhaile sna margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu, ar saobhadh é a tharlaíonn mar gheall ar arbatráiste rialála ag oibreoirí a úsáideann réitigh i dtaca le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola chun dul san iomaíocht i margaí baile a bhfuil cuairt á tabhairt orthu.

(39)

I bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú go leanfar d’iomaíocht agus d’úsáideoirí deiridh a chosaint, ba cheart go socrófaí leis an Rialachán seo uasteorainneacha ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola lena léirítear forbairtí ar chostais oibreoirí i ndáil le seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar. Leis an tsamhail chostais a úsáideadh chun críocha an phróisis athbhreithnithe agus dá dtagraítear sa mheasúnú tionchair a rinneadh chun críocha an Rialacháin seo, léirítear go raibh costais na n-oibreoirí ag laghdú de réir a chéile agus go bhfuil siad ag laghdú i gcónaí. I bhfianaise na hamlíne a bhfuiltear ag dréim léi maidir leis an athbhreithniú atá á pleanáil ar uasteorainneacha mórdhíola ar bhonn an dá thuarascáil a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2029, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar na muirir mhórdhíola uasta ar bhonn conair faoileoireachta, agus na meastacháin ar chostais ábhartha agus forbairtí margaidh dóchúla sa tréimhse idir 2022 agus 2027 á gcur san áireamh.

(40)

Rinneadh measúnú ar na costais mheasta chun seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar, lena n-áirítear costais chomhpháirteacha agus costais chomhchoiteanna, ar bhonn foinsí éagsúla. Foinse amháin ab ea samhail chostais ghinearálta do sheirbhísí fánaíochta mórdhíola a úsáideadh chun críocha an phróisis athbhreithnithe, lena ndearnadh meastachán ar chostais oibreora éifeachtúil agus seirbhísí fánaíochta mórdhíola á soláthar aige. Le toradh na samhla costais, is féidir anailís a dhéanamh ar chostais, i gcás gach bliana i ngach Ballstát, faoi chásanna agus toimhdí éagsúla sna blianta ina meastar costais léi. Rinneadh an tsamhail chostais a líonadh le sonraí a thíolaic na hoibreoirí agus dhearbhaigh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha ina dhiaidh sin í. Cuireadh séasúracht san áireamh freisin i gcás na mBallstát a bhí in ann a léiriú go ndearna sí difear do thoisiúchán líonra na n-oibreoirí. Le linn na tréimhse inar forbraíodh an tsamhail chostais, chuathas i gcomhairle le hoibreoirí, le BEREC agus le húdaráis rialála náisiúnta. Baineadh leas freisin as muirir fánaíochta mórdhíola reatha san Aontas sa mheasúnú costais agus cuireadh san áireamh ann an glacadh a bhfuiltear ag dréim leis amach anseo maidir le teicneolaíochtaí líonra nuashonraithe, i gcomhréir leis na tásca a fuarthas ó BEREC ina thuairimí.

(41)

Maidir leis na rialacha faoi mhuirir mhórdhíola, ba cheart oibleagáidí rialála ar leibhéal an Aontais a choinneáil ar bun ós rud é go bhféadfadh aon bheart lena gcumasaítear FATB ar fud an Aontais gan aghaidh a thabhairt ar leibhéal na gcostas mórdhíola a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé isteach ar an margadh inmheánach i gcomhair seirbhísí fánaíochta agus nach spreagfadh sé breis iomaíochta. Ba cheart go n-éascódh muirir mhórdhíola ar leibhéal iomchuí iomaíocht inbhuanaithe, lena n-áirítear iontrálaithe nua, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta.

(42)

Ba cheart do mhuirir uasta mhórdhíola feidhmiú mar leibhéal coimirce agus ba cheart dóibh a áirithiú gur féidir leis na hoibreoirí a gcostais a aisghabháil, lena n-áirítear costais chomhpháirteacha agus costais chomhchoiteanna. Ba cheart gur féidir leis na muirir sin freisin FATB inbhuanaithe a sholáthar go forleathan, agus ag an am céanna corrlach a fhágáil i gcomhair caibidlíochtaí tráchtála idir oibreoirí.

(43)

De dheasca an chleachtais atá ag roinnt oibreoirí líonraí soghluaiste na billí ar sholáthar glaonna fánaíochta mórdhíola a bhunú ar thréimhsí íosta muirearaithe suas go dtí 60 soicind, seachas ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind mar atá i bhfeidhm de ghnáth do tháillí idirnaisc mórdhíola eile, cruthaítear saobhadh iomaíochta idir na hoibreoirí sin agus iad siúd a úsáideann modhanna billeála éagsúla, agus baineann sé sin an bonn d’fheidhmiú comhsheasmhach na muirear uasta mórdhíola a leagtar síos sa Rialachán seo. Ina theannta sin, is ionann í agus táille bhreise a bhfuil iarmhairt dhiúltach aici ó thaobh praghsanna na seirbhísí fánaíochta guthghlaonna ar an leibhéal miondíola de, trí chostais mhórdhíola a ardú. Dá bhrí sin, ba cheart go gceanglófaí ar oibreoirí líonraí soghluaiste soláthar mórdhíola glaonna fánaíochta rialáilte a bhilleáil in aghaidh an tsoicind.

(44)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain gan bhriseadh agus éifeachtach ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar sheirbhísí éigeandála, saor in aisce, níor cheart do na líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu aon mhuirir mhórdhíola a bhaineann le haon chineál cumarsáide éigeandála a thobhach ar na soláthraithe seirbhísí fánaíochta.

(45)

Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na bpraghsanna miondíola ar sheirbhísí fánaíochta agus chun cuidiú le custaiméirí seirbhísí fánaíochta cinntí a dhéanamh maidir le húsáid a ngléasanna soghluaiste agus iad thar lear, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide soghluaiste faisnéis a sholáthar saor in aisce dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta faoi na muirir fánaíochta is infheidhme maidir leo agus seirbhísí fánaíochta á n-úsáid acu i mBallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air. Ós rud é go bhféadfadh grúpaí áirithe custaiméirí a bheith go mór ar an eolas faoi mhuirir fánaíochta, ba cheart do sholáthraitheseirbhísí fánaíochta rogha a thabhairt an teachtaireacht uathoibríoch sin a dhiúltú go héasca. Ina theannta sin, ba cheart teachtaireacht téacs a sholáthar do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta lena n-áirítear nasc le haghaidh rochtain shaor in aisce ar leathanach gréasáin arna bhunú ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta ina dtugtar faisnéis mhionsonraithe faoi na cineálacha seirbhísí, eadhon glaonna agus teachtaireachtaí SMS, a d’fhéadfadh a bheith faoi réir costais mhéadaithe, gan dochar d’Airteagal 97 de Threoir (AE) 2018/1972. Ba cheart go gcuirfí custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar an eolas go hiomlán, ar bhealach soiléir, faoi aon mhuirir is infheidhme maidir le huimhreacha saorghlao agus fánaíocht á déanamh acu. Thairis sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis bhreise a thabhairt go gníomhach dá gcuid custaiméirí, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil na custaiméirí sin lonnaithe san Aontas, faoi na muirir sonraí, CBL san áireamh, in aghaidh an nóiméid, in aghaidh na teachtaireachta SMS nó in aghaidh an mheigibhirt as guthghlaonna a dhéanamh nó a fháil agus as teachtaireachtaí SMS, teachtaireachtaí MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile a sheoladh agus a fháil sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air.

(46)

Is féidir le custaiméir seirbhísí fánaíochta nascadh le líonra neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste, amhail ar bord soithí muirí (seirbhísí MCV) mar a shainmhínítear i gCinneadh 2010/166/AE ón gCoimisiún (17) nó ar aerárthaí (seirbhísí MCA) mar a shainmhínítear i gCinneadh 2008/294/CE ón gCoimisiún (18), ar seirbhísí iad a sholáthraítear trí chineálacha líonraí raidió seachas líonraí trastíre, trí bhíthin gléasanna sonracha a fheistítear ar bord. Is minic a bhíonn rochtain ar na seirbhísí sin in uiscí idirnáisiúnta nó ar bord aerárthaí. Bíonn na muirir a thabhaíonn custaiméirí seirbhísí fánaíochta nuair a nascann siad d’aon ghnó nó go neamhaireach le líonraí neamh-thrastíre i bhfad níos airde ná taraifí le haghaidh seirbhísí fánaíochta rialáilte. Is gnách le custaiméirí seirbhísí fánaíochta tairbhiú de FATB agus de bheith ag úsáid seirbhísí fánaíochta ar phraghsanna baile. Ós rud é nach ann do chur chuige comhsheasmhach maidir le bearta trédhearcachta agus coimirce i gcás naisc le líonraí neamh-thrastíre, is mó an riosca maidir le bille an-ard gan choinne atá ann do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart bearta breise trédhearcachta agus coimirce a thabhairt isteach, ar bearta iad a mbeadh feidhm acu maidir le naisc le líonraí neamh-thrastíre amhail ar shoithí muirí agus ar aerárthaí.

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun na bearta trédhearcachta agus coimirce sin a chur i bhfeidhm. D’fhéadfaí bearta maidir le hoibriú líonra, teorainneacha airgeadais, sásra um rogha an diúltaithe nó bearta coibhéiseacha a áireamh ar chéimeanna den sórt sin. Ba cheart a áireamh orthu, go háirithe, bearta chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis leormhaith ar bhealach soiléir sothuigthe chun a chur ar chumas na gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta na teagmhais fánaíochta neamhairí sin a chosc go gníomhach. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta a thairgeann sásra um rogha an diúltaithe custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chur ar an eolas faoi theorainneacha an rogha a bheith páirteach ar an toirt nó faoi theorainneacha athghníomhachtú na seirbhíse, amhail an riosca nach mbeidh siad in ann an nasc le líonra neamh-thrastíre a athghníomhachtú gan a bheith nasctha leis an líonra. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht diúltú de láimh agus ar an toirt d’fhánaíocht a dhéanamh ar a ngléas sáis láimhe, bíodh sin trí na socruithe nó tríd an modh eitleáin a ghníomhachtú. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta, a mhéid is féidir, agus a líonraí á bpleanáil agus á n-oibriú acu, tosaíocht a thabhairt do naisc le líonraí trastíre chun an riosca go nascfaí go neamhaireach le líonraí neamh-thrastíre a íoslaghdú. Chun ardleibhéal cosanta do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta a áirithiú, agus iad ag nascadh le líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide soghluaiste faisnéis a sholáthar dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta faoi aon mhuirir bhreise atá i bhfeidhm, trí theachtaireacht saor in aisce gach uair a bhunaítear nasc le líonra den sórt sin.

(47)

Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo, i ndáil le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, ceanglais shonracha trédhearcachta atá ailínithe leis na coinníollacha sonracha taraife agus toirte is infheidhme tar éis deireadh a bheith curtha leis na formhuirir fánaíochta miondíola. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le fógra a thabhairt go tráthúil, ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir agus saor in aisce do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta faoin mbeartas is infheidhme maidir le húsáid chóir, nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir seirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS nó sonraí rialáilte tomhailte go hiomlán, faoi aon fhormhuirear, agus faoi thomhaltas carnaithe seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte.

(48)

Níor cheart go bhfaigheadh custaiméirí a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann billí móra gan údar mar thoradh ar fhánaíocht neamhaireach. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta, dá bhrí sin, na céimeanna réasúnacha uile a ghlacadh chun riosca na fánaíochta neamhairí a íoslaghdú agus tomhaltóirí a chosaint ar mhuirir fánaíochta a thabhú nuair atá siad ina mBallstát féin. Ba cheart a áireamh ar na céimeanna sin teorainneacha airgeadais, sásraí chun diúltú d’fhánaíocht ar líonra lasmuigh den Aontas, i gcás inarb indéanta go teicniúil, nó bearta coibhéiseacha. Ba cheart a áireamh ar chéimeanna den sórt sin, go háirithe, bearta leormhaithe chun faisnéis a sholáthar ar bhealach soiléir sothuigthe chun a chur ar chumas na gcustaiméirí na teagmhais fánaíochta neamhairí sin a chosc go gníomhach. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile atá freagrach as leasanna na gcustaiméirí a bhfuil gnáthchónaí orthu laistigh dá gcríoch a choimirciú agus a chur chun cinn a bheith ar a bhfaichill maidir le staideanna ina mbeadh fadhbanna ag custaiméirí ó thaobh muirir fánaíochta a íoc agus iad fós ina mBallstát féin agus ba cheart dóibh céimeanna iomchuí a thabhairt chun an fhadhb a mhaolú.

(49)

Thairis sin, ba cheart bearta a leagan síos chun trédhearcacht na muirear miondíola a áirithiú i gcás na seirbhísí fánaíochta sonraí go léir, lena n-áirítear chun nascadh le líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste, go háirithe chun deireadh a chur le fadhb na mbillí an-ard a thagann gan choinne agus atá ina bhac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, agus chun na huirlisí atá ag teastáil ó chustaiméirí seirbhísí fánaíochta chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar dóibh. Ar an mbonn céanna, ba cheart nach mbeadh aon chonstaicí ar theacht chun cinn feidhmchlár nó teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh teacht in ionad na seirbhísí fánaíochta, nó a d’fhéadfaí a úsáid mar rogha ar na seirbhísí sin, lena n-áirítear seirbhísí Wi-Fi, ach gan a bheith teoranta dóibh.

(50)

De bhreis air sin, chun billí an-ard a thagann gan choinne a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta uasteorainn airgeadais amháin nó níos mó nó uasteorainn toirte amháin nó níos mó a bhunú a bheidh le cur i bhfeidhm ar na muirir atá fós gan íoc maidir le gach seirbhís fánaíochta sonraí, arna sloinneadh san airgeadra ina gcuirtear bille chuig an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta, agus ar cheart dóibh í a thairiscint saor in aisce dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir, i bhformáid ina bhféadfaí féachaint arís uirthi ina dhiaidh sin, mar aon le fógra iomchuí nuair atáthar ag tarraingt ar an teorainn sin. Ar an uasteorainn sin a bhaint amach, níor cheart go mbeadh na seirbhísí sin á bhfáil a thuilleadh ag custaiméirí ná níor cheart go ngearrfaí muirear ar chustaiméirí as na seirbhísí sin mura rud é go n-iarrann siad go sonrach go leanfar de na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach san fhógra. Sa chás sin, ba cheart go bhfaighidís deimhniú saor in aisce, i bhformáid ina bhféadfaí féachaint arís uirthi ina dhiaidh sin. Ba cheart go dtabharfaí deis do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta na huasteorainneacha airgeadais sin nó na huasteorainneacha toirte sin a dhiúltiú laistigh de thréimhse réasúnach nó rogha a bheith acu gan teorainn den sórt sin a bheith ann. Mura rud é go luann custaiméirí a mhalairt, ba cheart iad a chur ar chóras teorann réamhshocraithe.

(51)

Ba cheart go nglacfaí leis na bearta trédhearcachta seo mar na coimircí íosta do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, agus níor cheart go gcuirfidís cosc ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta maidir le raon saoráidí eile a thairiscint dá gcuid custaiméirí, ar saoráidí iad lena gcabhraítear leo a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta sonraí a thuar agus a rialú.

(52)

D’fhéadfadh sé freisin go bhfaigheadh custaiméirí faoi tharaifí réamhíoctha billí an-ard gan choinne as seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáid. Ar an gcúis sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha a bhaineann le teorainn scoite maidir leis na custaiméirí sin freisin.

(53)

Ní i gcónaí a dhéanann tomhaltóirí idirdhealú idir rochtain ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus fánaíocht á déanamh acu, eadhon i gcás ina bhfaigheann úsáideoirí deiridh rochtain ar na seirbhísí sin i mBallstáit a bhfuil cuairt á tabhairt orthu, agus cumarsáid laistigh den Aontas, eadhon i gcás ina ndéanann tomhaltóirí atá lonnaithe ina mBallstát baile glaonna a chur ar Bhallstát eile nó teachtaireachtaí SMS a sheoladh chuig Ballstát eile. Cé gur dhá mhargadh ar leith agus ar leithligh iad fánaíocht agus cumarsáid laistigh den Aontas, tá cosúlachtaí áirithe eatarthu ó thaobh an tomhaltóra de. Ón 15 Bealtaine 2019 i leith, tá uasteorainn EUR 0,19 in aghaidh an nóiméid i gcás glaonna agus EUR 0,06 in aghaidh na teachtaireachta SMS leis an bpraghas miondíola, gan CBL san áireamh, is féidir a ghearradh ar thomhaltóirí as cumarsáid rialáilte a dhéanamh laistigh den Aontas. Agus síneadh á chur le bearta FATB a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ar bearta iad lena dtugtar aghaidh ar an riosca go ndéanfaí cumarsáid trasteorann a dhíspreagadh agus lenar féidir margadh inmheánach a bhunú, ba cheart a mheas gurb iomchuí féachaint ar fhorbairt an mhargaidh cumarsáide laistigh den Aontas. Chuige sin, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na bearta atá ann cheana i bhfianaise chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2018/1972 agus, go háirithe, i bhfianaise na rialacha maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, agus tabhairt isteach rátaí aonair uasta uile-Aontais foirceanta guthghlaonna, ar comhchuid de struchtúr costais na cumarsáide laistigh den Aontas é. Ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ó BEREC, measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart atá ann cheana agus a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus a chinneadh cibé is gá i gcónaí na huasteorainneacha a laghdú chun tomhaltóirí a chosaint agus a mhéid atá gá leis sin. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh 1 bhliain amháin ar a laghad sula rachaidh na bearta sin in éag an 14 Bealtaine 2024.

(54)

Tá éagothromaíochtaí suntasacha ann idir taraifí fánaíochta rialáilte laistigh den Aontas agus taraifí fánaíochta a thabhaíonn custaiméirí agus iad ag taisteal lasmuigh den Aontas, ar taraifí iad atá i bhfad níos airde ná na praghsanna laistigh den Aontas, mar a ndéantar formhuirir fánaíochta a chur i bhfeidhm go heisceachtúil i ndiaidh dhíothú na bhformhuirear fánaíochta miondíola, agus ina dhiaidh sin amháin. Ós rud é nach ann do chur chuige comhsheasmhach maidir le bearta trédhearcachta agus coimirce maidir le fánaíocht lasmuigh den Aontas, ní chuireann tomhaltóirí muinín ina gcearta agus dá bhrí sin is minic a bhíonn drogall orthu leas a bhaint as seirbhísí soghluaiste agus iad thar lear. Ní hamháin go gcuideodh faisnéis thrédhearcach le tomhaltóirí cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach le leas a bhaint as a ngléasanna soghluaiste agus iad thar lear (laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon), ach d’fhéadfadh sé cuidiú leo agus soláthraithe seirbhísí fánaíochta á roghnú acu. Tá sé riachtanach, mar sin, aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin maidir le heaspa trédhearcachta agus le heaspa cosanta do thomhaltóirí trí bhearta áirithe trédhearcachta agus coimirce a chur i bhfeidhm freisin maidir le seirbhísí fánaíochta a sholáthraítear lasmuigh den Aontas. Leis na bearta sin, ba cheart go n-éascófaí an iomaíocht agus go gcuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(55)

Tá muirir fánaíochta arda ann fós do shaoránaigh an Aontais agus úsáid á baint acu as seirbhísí fánaíochta miondíola i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, ba cheart tionscnaimh a spreagadh arb é is aidhm dóibh na muirir fánaíochta ar sheirbhísí fánaíochta idir an tAontas agus tríú tíortha a ísliú ar bhonn cómhalartach. Bhainfeadh úsáideoirí deiridh i réigiúin teorann seachtraí an Aontais, go háirithe, an-tairbhe as muirir fánaíochta níos ísle leis na tríú tíortha comharsanacha.

(56)

Mura ligfidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air sa tríú tír a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi don soláthraí seirbhísí fánaíochta faireachán a dhéanamh ar úsáid a chuid custaiméirí ar bhonn fíor-ama, níor cheart go gcuirfí iallach ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an uasteorainn airgeadais nó an uasteorainn toirte a sholáthar chun custaiméirí a choimirciú.

(57)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chur ar an eolas faoin deis rochtain a fháil saor in aisce ar sheirbhísí éigeandála trí ghlaoch ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus ba cheart dóibh iad a chur ar an eolas faoi mhodhanna malartacha rochtana trí chumarsáid éigeandála a bhfuil a n-úsáid ag custaiméir fánaíochta, go háirithe ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta faoi mhíchumas, indéanta go teicniúil. Le modhanna malartacha rochtana trí chumarsáid éigeandála, cuirtear ar chumas custaiméirí seirbhísí fánaíochta, go háirithe custaiméirí seirbhísí fánaíochta faoi mhíchumas, rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála ar bhealaí eile seachas glaonna. Mar shampla, féadfar modhanna malartacha rochtana a áirithiú trí fheidhmchláir éigeandála, trí theachtaireachtaí éigeandála, trí sheirbhísí athsheachadta nó trí théacs fíor-ama nó comhrá iomlán a chuirfear chun feidhme de bhun Airteagal 4 de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an fhaisnéis faoi na modhanna rochtana a sholáthar le teachtaireacht SMS lena gcuirtear in iúl don chustaiméir seirbhísí fánaíochta gur féidir teacht ar sheirbhísí éigeandála saor in aisce trí ghlaoch ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus lena soláthraítear nasc chuig leathanach gréasáin tiomnaithe, ar féidir rochtain a fháil air saor in aisce agus a chomhlíonann Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), ina ndéantar cur síos, ar bhealach atá intuigthe go héasca, ar na modhanna malartacha rochtana ar sheirbhísí éigeandála sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air agus nach léirítear ann ach na modhanna rochtana sin a bhfuil a n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta indéanta go teicniúil. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis ar an leathanach gréasáin tiomnaithe sa teanga ina ndéanann an soláthraí seirbhísí fánaíochta cumarsáid leis an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta.

(58)

Le hAirteagal 110 de Threoir (AE) 2018/1972, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar, lena gcórais rabhaidh phoiblí, rabhaidh phoiblí a tharchur chuig na húsáideoirí deiridh lena mbaineann, eadhon úsáideoirí deiridh atá lonnaithe sna limistéir gheografacha a bhféadfadh sé go mbeadh garéigeandálaí móra agus garthubaistí móra nó éigeandálaí móra atá ag teacht chun cinn nó tubaistí móra atá ag teacht chun cinn ag déanamh dochar dóibh le linn na tréimhse rabhaidh, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta. A bhuí leis na teicneolaíochtaí atá ar fáil faoi láthair, cuirtear ar chumas na n-údarás náisiúnta rabhaidh phoiblí a sheoladh chuig na custaiméirí seirbhísí fánaíochta lena mbaineann, gan é a bheith riachtanach don chustaiméir seirbhísí fánaíochta gníomhaíocht a dhéanamh roimh ré, amhail feidhmchlár a íoslódáil. Mar sin féin, baintear feidhm, i roinnt Ballstát, as feidhmchláir shoghluaiste um rabhadh poiblí lenar féidir faisnéis shaibhir a sheoladh chuig úsáideoirí deiridh sa bhreis, uaireanta, ar na teicneolaíochtaí a luadh cheana. Sna Ballstáit ina ndéantar an nasc leis an bhfeidhmchlár soghluaiste náisiúnta sin um rabhadh poiblí a sholáthar i mbunachar sonraí na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála a shainordaítear i ngach Ballstát, ar bunachar sonraí é a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí fánaíochta custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chur ar an eolas faoin nasc chuig an bhfeidhmchlár sin. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthar sa teanga ina ndéanann an soláthraí seirbhísí fánaíochta cumarsáid leis an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. I ndáil leis an mbrollach a ghabhann le Treoir (AE) 2018/1972, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na féidearthachtaí atá ann cur ar chumas na gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta lena mbaineann rabhaidh phoiblí a eisíonn na húdaráis náisiúnta inniúla a fháil, lena n-áirítear trí fheidhmchlár soghluaiste agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, trí chóras rabhaidh phoiblí uile-Aontais atá ina chomhlánú ar chórais náisiúnta rabhaidh phoiblí.

(59)

Is sna pleananna uimhrithe náisiúnta a leagtar síos raonta uimhrithe, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear le haghaidh seirbhísí breisluacha, agus níl siad comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, nach mbeadh oibreoirí in ann na raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha a aithint sna tíortha uile roimh ré. Bíonn raonta uimhrithe a úsáidtear le haghaidh seirbhísí breisluacha faoi réir coinníollacha praghsála áirithe ar an leibhéal náisiúnta agus is minic nach rialáiltear a rátaí foirceanta. Cé go dtuigtear é sin do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta, d’fhéadfadh leibhéal na muirear mórdhíola a thabhóidh siad a bheith cuid mhaith níos airde ná mar a bheifí ag súil leis. I gcás fánaíochta, ní bhíonn oibreoirí in ann aghaidh a thabhairt ar an gceist sin mar bíonn an fhaisnéis faoi raonta uimhrithe a úsáidtear le haghaidh seirbhísí breisluacha ar fud an Aontais in easnamh orthu. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin, ba cheart do BEREC bunachar sonraí aonair de raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha a bhunú, ar bunachar sonraí slán uile-Aontais é. Beartaítear, leis an mbunachar sonraí, trédhearcacht a fheabhsú agus é a chur ar a gcumas do na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, d’údaráis inniúla eile, agus freisin d’oibreoirí, rochtain dhíreach a fháil ar fhaisnéis faoi na raonta uimhrithe ar féidir leo costais níos airde (rátaí foirceanta) a ghiniúint sna Ballstáit uile. Is céim idirmheánach riachtanach é chun cur leis an trédhearcacht ar an leibhéal miondíola óir d’fhéadfaí é a úsáid chun custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chur ar an eolas faoi na cineálacha seirbhísí a d’fhéadfadh muirir níos airde a thabhú agus fánaíocht á déanamh acu. D’fhonn cosaint tomhaltóirí agus trédhearcacht níos fearr a sholáthar, ba cheart go bhféadfaí faisnéis bhreise a áireamh sa bhunachar sonraí, faoi na taraifí, mar shampla, a ghabhann le raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha, amhail taraifí in aghaidh an nóiméid nó in aghaidh na gníomhaíochta. D’fhéadfaí faisnéis den sórt sin faoi tharaifí a chur ar fáil ar an leathanach gréasáin tiomnaithe ar a soláthraítear faisnéis faoi sheirbhísí breisluacha. Ba cheart do BEREC na nósanna imeachta a bhunú trína ndéanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sa bhunachar sonraí de raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo a sholáthar agus a nuashonrú.

(60)

Ba cheart do BEREC bunachar sonraí uile-Aontais aonair de mhodhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála a shainordaítear agus a bhfuil a n-úsáid ag úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta indéanta go teicniúil i ngach Ballstát a bhunú agus a chothabháil. Beartaítear go mbeidh an bunachar sonraí ina chuidiú le hoibreoirí náisiúnta, údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile a chur ar an eolas faoi na modhanna rochtana sin ar fad ar na seirbhísí éigeandála a imscartar san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an bunachar sonraí a nuashonrú leis an nasc chuig an bhfeidhmchlár soghluaiste náisiúnta um rabhadh poiblí, más infheidhme. Ba cheart do BEREC na nósanna imeachta a bhunú trína ndéanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a iarrtar de bhun an Rialacháin seo a sholáthar agus a nuashonrú.

(61)

I gcás ina ndéanann Ballstáit roinnt de na cúraimí a bhaineann le cosaint úsáideoirí deiridh a shannadh d’údaráis inniúla seachas údaráis rialála náisiúnta, mar shampla maidir le ceanglais faisnéise le haghaidh conarthaí miondíola, maidir leis an trédhearcacht, nó maidir le foirceannadh conartha, cumhdaítear le hinniúlacht na n-údarás inniúil sin maidir leis na cúraimí sin gach cuid den chonradh miondíola, lena n-áirítear na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le fánaíocht. Gan dochar do shannadh na gcúraimí faoi Threoir (AE) 2018/1972, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, ag údaráis inniúla eile atá freagrach as cúraimí a dhéanamh faoin Treoir sin chun faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo laistigh dá gcríoch agus chun na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú laistigh dá gcríoch. Ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh freisin ar fhorbairtí i bpraghsáil seirbhísí guthghlaonna, SMS agus sonraí do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta agus fánaíocht á déanamh acu san Aontas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na costais shonracha a bhaineann le glaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus ar an ngá atá lena áirithiú gur féidir na costais sin a aisghabháil go leormhaith ar an margadh mórdhíola, agus nach mbíonn teicnící stiúrtha tráchta in úsáid chun rogha a shrianadh chun aimhleasa na gcustaiméirí. Ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear faisnéis cothrom le dáta faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil do na páirtithe leasmhara agus go bhfoilseofar torthaí an fhaireacháin sin. Ba cheart faisnéis ar leith a sholáthar ar chustaiméirí corparáideacha, custaiméirí iar-íoctha agus custaiméirí réamhíoctha.

(62)

Maidir le fánaíocht intíre sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, áit a mbíonn na ceadúnais teileafónaíochta soghluaiste éagsúil leis na ceadúnais a eisítear i ndáil leis an gcuid eile den chríoch náisiúnta, d’fhéadfadh sí leas a bhaint as laghduithe ar an ráta a bheadh comhionann leis na laghduithe sin a dhéantar sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí fánaíochta. Níor cheart go mbeadh cur chun feidhme an Rialacháin seo ina shiocair le cóir phraghsála lena mbainfeadh níos lú fabhair do chustaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta intíre le hais custaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta uile-Aontais. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis náisiúnta bearta breise a dhéanamh a bheidh comhsheasmhach le dlí an Aontais.

(63)

Agus rúndacht gnó á áirithiú agus chun faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar fhorbairtí sna margaí fánaíochta mórdhíola, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith i dteideal ceanglas a dhéanamh d’fhaisnéis faoi na comhaontuithe fánaíochta mórdhíola nach ndéantar foráil leo maidir le muirir uasta fánaíochta mórdhíola a chur i bhfeidhm. Ba cheart freisin lamháil do na húdaráis sin ceanglas a dhéanamh d’fhaisnéis faoi ghlacadh agus cur i bhfeidhm coinníollacha i gcomhaontuithe fánaíochta mórdhíola a bhfuil sé mar aidhm leo cosc a chur le buanfhánaíocht agus le haon úsáid aimhrialta nó aon mhí-úsáid a bheith á baint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola chun críoch eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta agus na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas.

(64)

I gcás inar léir do sholáthraithe seirbhísí soghluaiste an Aontais go bhfuil sochair na hidir-inoibritheachta agus na nascachta ceann go ceann dá gcuid custaiméirí i gcontúirt toisc go bhfuil a socruithe fánaíochta le hoibreoirí líonraí soghluaiste i mBallstáit eile á bhfoirceannadh, nó mar gheall ar an mbagairt go ndéanfaí na socruithe sin a fhoirceannadh, nó i gcás nach féidir leo seirbhísí i mBallstát eile a sholáthar dá gcuid custaiméirí toisc nach ann do chomhaontú le soláthraí líonra mórdhíola amháin ar a laghad, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta, nó d’údaráis inniúla eile sna cásanna dá dtagraítear faoi Airteagal 61(2), pointe (b) agus pointe (c), de Threoir (AE) 2018/1972, leas a bhaint, i gcás inar gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 61 den Treoir sin chun rochtain agus idirnascadh leormhaith a áirithiú, agus aird á tabhairt ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin, go háirithe maidir le forbairt an mhargaidh inmheánaigh trí thús áite a thabhairt do sholáthar, infhaighteacht agus idir-inoibritheacht seirbhísí uile-Eorpacha, agus maidir le nascacht ceann go ceann.

(65)

Fágann an rialáil shonrach ar phraghsanna is infheidhme maidir le seirbhísí fánaíochta mórdhíola go bhfuil feidhm ag uasteorainn fhoriomlán Aontais maidir le táirge ilchodach ina bhféadfar ionchuir eile rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola agus ionchuir idirnaisc eile a áireamh freisin, lena n-áirítear, go háirithe, táirgí atá faoi réir rialáil náisiúnta nó a d’fhéadfadh a bheith faoi réir rialáil trasteorann. Maidir leis sin, tuartar go dtiocfaidh laghdú ar na difríochtaí i rialáil na n-ionchur sin ar fud an Aontais, go háirithe mar gheall ar bhearta breise arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972 agus arb é is aidhm leo comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú i gcur chuige rialála. Idir an dá linn, is i gcomhréir leis na hoibleagáidí sonracha rialála is infheidhme maidir le fánaíocht agus i gcomhréir freisin le Treoir (AE) 2018/1972, agus aird á tabhairt ar thuairim BEREC, i gcás ina ndeachthas i gcomhairle leis, ba cheart aghaidh a thabhairt ar aon díospóid idir oibreoirí líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus oibreoirí eile maidir leis na rátaí a chuirtear i bhfeidhm ar na hionchuir rialáilte sin is gá chun seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar.

(66)

Tá sé riachtanach faireachán agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí fánaíochta mórdhíola agus ar an idirghaol idir iad agus na margaí fánaíochta miondíola, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí iomaíochais agus teicneolaíochta agus ar shreafaí tráchta. Ba cheart don Choimisiún dhá thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le togra reachtach ina dhiaidh sin, más iomchuí. Sna tuarascálacha sin, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, a mheasúnú an bhfuil aon tionchar ag FATB ar éabhlóid na bpleananna taraife atá ar fáil ar na margaí miondíola. Ba cheart a áireamh sa mhéid sin measúnú ar theacht chun cinn aon phleananna taraife nach n-áirítear iontu ach seirbhísí baile amháin agus ina n-eisiatar seirbhísí fánaíochta miondíola ina n-iomláine, ar thaobh amháin, rud a bhainfeadh an bonn ó chuspóir FATB agus, ar an taobh eile, measúnú ar aon laghdú ar infhaighteacht pleananna taraife ar ráta comhréidh a d’fhéadfadh a bheith ina chaillteanas do thomhaltóirí freisin agus a bhainfeadh an bonn ó chuspóirí an mhargaidh aonair dhigitigh.

Ba cheart go ndéanfaí anailís i dtuarascálacha an Choimisiúin, go háirithe ar a mhéid atá formhuirir fánaíochta miondíola eisceachtúla údaraithe ag na húdaráis rialála náisiúnta, ar chumas na n-oibreoirí líonraí baile leanúint dá samhlacha muirearaithe baile agus ar chumas oibreoirí na líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu aisghabháil a dhéanamh ar na costais a thabhaítear go héifeachtúil as ucht seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar. Sa bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas: an tslí a n-áirithítear rochtain ar na teicneolaíochtaí agus glúnta gréasáin éagsúla ar an leibhéal mórdhíola; an fhaisnéis faoi phraghsáil mhórdhíola i gcás seirbhísí sonraí; leibhéal úsáide na n-ardán trádála agus ionstraimí comhchosúla chun trácht ar an leibhéal mórdhíola a thrádáil; éabhlóid na fánaíochta meaisín le meaisín; fadhbanna leanúnacha ar an leibhéal miondíola maidir le seirbhísí breisluacha; cur i bhfeidhm na mbeart maidir le cumarsáid éigeandála; na bearta trédhearcachta maidir le fánaíocht i dtríú tíortha agus le líonraí neamh-thrastíre poiblí soghluaiste arb é is aidhm leo fánaíocht neamhaireach a chosc; éifeachtacht cháilíocht na n-oibleagáidí seirbhíse a leagtar síos sa Rialachán seo; agus a mhéid a chuirtear custaiméirí ar an eolas go cuí ina gconarthaí miondíola faoi na hoibleagáidí sin agus a mhéid is féidir leo tairbhe a bhaint as fíoreispéireas FATB. Ba cheart, thairis sin, go ndéanfaí measúnú i dtuarascálacha an Choimisiúin ar an tionchar atá ag imscaradh agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí nua, agus freisin ag paindéimí agus ag tubaistí nádúrtha, ar an margadh fánaíochta. Chun an tuairisciú sin a chumasú d’fhonn a mheasúnú conas a théann na margaí fánaíochta i dtaithí ar rialacha FATB, ba cheart sonraí leordhóthanacha a bhailiú maidir le feidhmiú na margaí sin i ndiaidh chur chun feidhme na rialacha sin.

(67)

Chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí iomaíocha i margaí fánaíochta uile-Aontais agus chun tuairisciú go rialta ar athruithe ar mhuirir fánaíochta mórdhíola iarbhír i dtaca le trácht neamhchothromaithe idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta, ba cheart do BEREC leanúint de shonraí a bhailiú ó na húdaráis rialála náisiúnta. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann comhordú le húdaráis inniúla eile. Ba cheart a áireamh ar na sonraí sin na muirir iarbhír a chuirtear i bhfeidhm maidir le trácht chothromaithe agus neamhchothromaithe, faoi seach, mar aon le toirteanna iarbhír tráchta i gcás na seirbhísí fánaíochta ábhartha. Tá bailiú sonraí lenar féidir faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag athruithe ar iompraíocht taistil agus ar phatrúin tomhaltais, amhail athruithe ar paindéimí is cúis leo, ríthábhachtach don anailís a cheanglaítear sna tuarascálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart do BEREC sonraí a bhailiú freisin maidir le cásanna inar roghnaigh páirtithe i gcomhaontú fánaíochta mórdhíola diúltú do mhuirir uasta fánaíochta mórdhíola a chur i bhfeidhm nó inar chuir siad bearta chun feidhme ar an leibhéal mórdhíola, arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid a bheith á baint as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola chun críoch eile seachas seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí de chuid soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas go tréimhsiúil. Ar bhonn na sonraí arna mbailiú ar leibhéal leordhóthanach gráinneachta, ba cheart do BEREC tuairisciú go rialta ar an ngaol idir praghsanna miondíola, muirir mhórdhíola agus costais mhórdhíola do sheirbhísí fánaíochta. Faoin 30 Meitheamh 2027, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, bunaithe ar thuarascálacha tráthrialta BEREC, agus ba cheart dó togra reachtach a thíolacadh ina dhiaidh sin, más iomchuí. Ina theannta sin, ba cheart do BEREC an fhaisnéis is gá a bhailiú chun go bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar na heilimintí nach mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh orthu sna tuarascálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(68)

Sa mheántéarma, ba cheart a aithint gur spreagadh tábhachtach do dhigitiú thionsclaíocht an Aontais é éascú na fánaíochta meaisín le meaisín agus na fánaíochta ar idirlíon na rudaí nithiúla (IoT), agus leis an éascú sin, ba cheart cur le beartais ghaolmhara de chuid an Aontais in earnálacha amhail earnáil na sláinte, earnáil an fhuinnimh, earnáil an chomhshaoil agus earnáil an iompair. Ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar ról na fánaíochta sa mhargadh le haghaidh nascacht meaisín le meaisín agus i margadh IoT. Más iomchuí, ba cheart freisin don Choimisiún moltaí a thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC. Ba cheart freisin do BEREC na sonraí is gá a bhailiú chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar na gnéithe a chaithfear a mheasúnú i dtuarascálacha an Choimisiúin dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar fhorbairt na fánaíochta meaisín le meaisín agus ghléasanna IoT, agus aird á tabhairt ar réitigh nascachta ceallaí bunaithe ar speictream neamhcheadúnaithe.

(69)

Ba cheart don Choimisiún, do BEREC, do na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis inniúla eile lena mbaineann rúndacht gnó a áirithiú go hiomlán agus faisnéis á comhroinnt acu chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a athbhreithniú agus chun faireachán agus maoirseacht a dhéanamh air. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh comhlíonadh ceanglas rúndachta gnó ina chosc ar údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann faisnéis rúnda a chomhroinnt go tráthúil chun na gcríoch sin.

(70)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh maidir le cur chuige comhchoiteann chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta uile-Aontais i gcomparáid le praghsanna náisiúnta iomaíocha, agus an trédhearcacht agus cosaint tomhaltóirí a mhéadú, agus freisin inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna baile agus fíoreispéireas FATB ó thaobh cháilíocht na seirbhíse agus na rochtana ar sheirbhísí éigeandála agus fánaíocht á déanamh a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(71)

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(72)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus thug an Maoirseoir tuairim an 20 Aibreán 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, foráiltear do chur chuige comhchoiteann chun a áirithiú nach ndéanann úsáideoirí líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, praghsanna iomarcacha a íoc, i gcomparáid le praghsanna náisiúnta iomaíocha, as seirbhísí fánaíochta uile-Aontais le linn dóibh glaonna a dhéanamh agus a fháil, le linn dóibh teachtaireachtaí SMS a sheoladh agus a fháil agus le linn dóibh seirbhísí cumarsáide sonraí paicéadlasctha a úsáid.

Ar an gcaoi sin, leis an Rialachán seo, rannchuidítear le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus, ag an am céanna, déantar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, cosanta sonraí, príobháideachais agus iontaoibhe a bhaint amach, cothaítear iomaíocht, neamhspleáchas agus trédhearcacht sa mhargadh agus tairgtear dreasachtaí maidir le nuálaíocht, rogha do thomhaltóirí agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, agus, ag an am céanna, comhlíontar Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ina hiomláine.

Leis an Rialachán seo, leagtar amach na coinníollacha maidir le rochtain mhórdhíola ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar. Tá feidhm aige maidir leis na muirir a thoibhíonn oibreoirí líonraí ar an leibhéal mórdhíola agus maidir leis na muirir a thoibhíonn soláthraithe seirbhísí fánaíochta ar an leibhéal miondíola.

2.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin rialacha arb é is aidhm dóibh trédhearcacht a mhéadú agus feabhas a chur ar sholáthar na faisnéise faoi mhuirir d’úsáideoirí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear úsáideoirí seirbhísí fánaíochta neamhrialáilte i dtríú tíortha. Chomh maith leis sin, is mó trédhearcacht atá ann, a bhuí leis, d’úsáideoirí seirbhísí fánaíochta neamhrialáilte agus iad ag nascadh le líonra neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste, amhail ar bord soithí nó aerárthaí, i gcás inarb infheidhme.

3.   Is i dtéarmaí euro a dhéantar na muirir uasta a leagtar amach sa Rialachán seo a shloinneadh.

4.   I gcás ina ndéantar na muirir uasta faoi Airteagail 8 go 11 a ainmniú in airgeadraí seachas an euro, déanfar na luachanna a chinneadh sna hairgeadraí sin trí mheán na rátaí malairte tagartha a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach an 15 Eanáir, an 15 Feabhra agus an 15 Márta sa bhliain féilire ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm. I gcás na muirear uasta, déanfar na teorainneacha in airgeadraí seachas an euro a athbhreithniú ar bhonn bliantúil amhail ó 2023. Beidh feidhm ag na teorainneacha arna n-athbhreithniú go bliantúil sna hairgeadraí sin ón 15 Bealtaine.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do shannadh cúraimí d’údaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile faoi Threoir (AE) 2018/1972, lena n-áirítear na freagrachtaí as Cuid III, de Theideal III, den Treoir sin a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972.

2.   I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí fánaíochta” gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte do chustaiméir seirbhísí fánaíochta;

(b)

ciallaíonn “soláthraí baile” gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí baile cumarsáide soghluaiste do chustaiméir seirbhísí fánaíochta;

(c)

ciallaíonn “líonra baile” líonra poiblí cumarsáide atá lonnaithe laistigh de Bhallstát agus a úsáideann an soláthraí seirbhísí fánaíochta chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar do chustaiméir seirbhísí fánaíochta;

(d)

ciallaíonn “líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air” líonra trastíre poiblí cumarsáide soghluaiste atá lonnaithe i mBallstát seachas Ballstát sholáthraí baile an chustaiméara seirbhísí fánaíochta agus ar líonra é lena gceadaítear do chustaiméir seirbhísí fánaíochta glaonna a chur nó a fháil, teachtaireachtaí SMS a sheoladh nó a fháil, nó cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid, trí bhíthin socruithe le hoibreoir an líonra baile;

(e)

ciallaíonn “fánaíocht uile-Aontais” an úsáid a bhaineann custaiméir seirbhísí fánaíochta as gléas soghluaiste chun glaonna laistigh den Aontas a dhéanamh nó a fháil, chun teachtaireachtaí SMS laistigh den Aontas a sheoladh nó a fháil, nó chun cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid, fad atá an custaiméir sin i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil líonra an tsoláthraí baile lonnaithe, trí bhíthin socruithe idir oibreoir an líonra baile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(f)

ciallaíonn “custaiméir seirbhísí fánaíochta” custaiméir de chuid soláthraí seirbhísí fánaíochta rialáilte, trí bhíthin líonra trastíre poiblí cumarsáide soghluaiste atá lonnaithe san Aontas, a gceadaíonn an conradh miondíola nó an socrú miondíola atá aige nó aici leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin dó nó di fánaíocht uile-Aontais a dhéanamh;

(g)

ciallaíonn “glao fánaíochta rialáilte” guthghlao cumarsáide soghluaiste a dhéanann custaiméir seirbhísí fánaíochta, a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra poiblí cumarsáide san Aontas, nó guthghlao a fhaigheann custaiméir seirbhísí fánaíochta a thosaíonn ar líonra poiblí cumarsáide san Aontas agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(h)

ciallaíonn “teachtaireacht SMS” teachtaireacht téacs Seirbhíse Gearrtheachtaireachtaí atá comhdhéanta go príomha de charachtair aibítreacha nó uimhriúla, nó díobh araon, agus ar teachtaireacht í is féidir a sheoladh idir uimhreacha soghluaiste agus/nó uimhreacha socra a shanntar i gcomhréir le pleananna uimhrithe náisiúnta;

(i)

ciallaíonn “teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte” teachtaireacht SMS a sheolann custaiméir seirbhísí fánaíochta agus a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra poiblí cumarsáide laistigh den Aontas nó a fhaigheann custaiméir seirbhísí fánaíochta agus a thosaíonn ar líonra cumarsáide poiblí laistigh den Aontas agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(j)

ciallaíonn “seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte” seirbhís fánaíochta trína gcuirtear ar chumas custaiméara seirbhísí fánaíochta cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid trí bhíthin a ghléis shoghluaiste nó a gléis shoghluaiste nuair atá an gléas nasctha le líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, lena n-eisiatar glaonna fánaíochta rialáilte nó teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a tharchur nó a fháil ach lena n-áirítear teachtaireachtaí MMS a tharchur nó a fháil;

(k)

ciallaíonn “rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola” rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola nó rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol;

(l)

ciallaíonn “rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola” saoráidí nó seirbhísí, nó an dá rud, a bheith á gcur ar fáil ag oibreoir líonraí soghluaiste do ghnóthas eile, faoi choinníollacha sainithe, ionas go soláthródh an gnóthas eile sin seirbhísí fánaíochta rialáilte do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta;

(m)

ciallaíonn “rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol” seirbhísí fánaíochta a bheith á soláthar ar bhonn mórdhíola ag oibreoir líonraí soghluaiste atá éagsúil le hoibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, do ghnóthas eile ionas go soláthródh an gnóthas eile sin seirbhísí fánaíochta rialáilte do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta;

(n)

ciallaíonn “praghas miondíola baile” muirear miondíola baile soláthraí seirbhísí fánaíochta in aghaidh an aonaid atá infheidhme maidir le glaonna a dhéantar agus le teachtaireachtaí SMS a sheoltar, ar glaonna agus teachtaireachtaí iad a thosaítear agus a chríochnaítear ar líonraí cumarsáide poiblí éagsúla laistigh den Bhallstát céanna, agus maidir le sonraí arna dtomhailt ag custaiméir.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (n), measfar, i gcás nach bhfuil aon mhuirear sonrach miondíola baile in aghaidh an aonaid ann, gurb ionann an praghas miondíola baile agus an sásra muirearaithe a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gcustaiméir i gcás glaonna a dhéantar agus teachtaireachtaí SMS a sheoltar, ar glaonna agus teachtaireachtaí iad a thosaítear agus a chríochnaítear ar líonraí cumarsáide poiblí éagsúla laistigh den Bhallstát céanna, agus maidir le sonraí arna dtomhailt i mBallstát an chustaiméara sin.

Airteagal 3

Rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola

1.   Freastalóidh oibreoirí líonraí soghluaiste ar na hiarrataí réasúnacha uile ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, go háirithe ar bhealach a ligeann do sholáthraí na seirbhísí fánaíochta na seirbhísí soghluaiste miondíola a thairgtear sa bhaile a mhacasamhlú i gcás inarb indéanta go teicniúil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.

2.   Ní fhéadfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste diúltú d’iarrataí ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola ach amháin ar bhonn critéir oibiachtúla, amhail indéantacht theicniúil agus sláine líonra. Ní bheidh breithnithe tráchtála ina bhforais chun diúltú d’iarrataí ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola chun soláthar seirbhísí fánaíochta iomaíocha a theorannú.

3.   Cumhdófar le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola rochtain ar na heilimintí líonra agus na saoráidí gaolmhara uile agus ar na seirbhísí, bogearraí agus córais faisnéise ábhartha uile is gá chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí, agus cumhdófar léi na teicneolaíochtaí líonra uile atá ar fáil agus na glúnta líonra uile atá ar fáil.

4.   Beidh feidhm ag na rialacha faoi mhuirir ar fhánaíocht mhórdhíola rialáilte a leagtar síos in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 maidir le rochtain a sholáthar ar chomhpháirteanna uile na rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, mura n-aontóidh an dá pháirtí sa chomhaontú fánaíochta mórdhíola go sainráite nach mbeidh aon mheánmhuirear fánaíochta mórdhíola de thoradh chur i bhfeidhm an chomhaontaithe faoi réir an mhuirir uasta fánaíochta mórdhíola rialáilte ar feadh thréimhse bhailíochta an chomhaontaithe.

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, i gcás rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, féadfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste praghsanna córa agus réasúnacha a mhuirearú ar chomhpháirteanna nach gcumhdaítear le mír 3.

5.   Foilseoidh oibreoirí líonraí soghluaiste tairiscint tagartha, agus treoirlínte BEREC dá dtagraítear i mír 8 á gcur san áireamh acu, agus cuirfidh siad an tairiscint sin ar fáil do ghnóthas a bhfuil rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola á hiarraidh aige. Déanfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste dréachtchomhaontú fánaíochta mórdhíola a sholáthar, i gcomhréir leis an Airteagal seo, don ghnóthas a bhfuil rochtain á hiarraidh aige i dtaca leis an rochtain sin 1 mhí ar a dhéanaí tar éis d’oibreoir an líonra shoghluaiste an iarraidh a fháil den chéad uair. Deonófar an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola laistigh de thréimhse réasúnach ama nach rachaidh thar 3 mhí ón tráth a thabharfar an comhaontú fánaíochta mórdhíola i gcrích. Maidir le hoibreoirí na líonraí soghluaiste a fhaigheann iarraidh ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola agus maidir leis na gnóthais a mbeidh rochtain á hiarraidh acu, rachaidh siad i mbun caibidlíochta de mheon macánta.

6.   Déanfar an tairiscint tagartha dá dtagraítear i mír 5 a mhionsonrú go leordhóthanach agus áireofar inti na comhpháirteanna uile is gá le haghaidh rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola amhail dá dtagraítear i mír 3, agus tabharfar tuairisc inti ar na tairiscintí ábhartha maidir le rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, agus ar na téarmaí agus na coinníollacha gaolmhara. Beidh sa tairiscint tagartha an fhaisnéis uile is gá ionas go mbeidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta in ann a áirithiú go mbeidh rochtain saor in aisce ag a chustaiméirí ar sheirbhísí éigeandála tríd an gcumarsáid éigeandála leis an PFGÉ is iomchuí agus ionas go mbeifear in ann faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a tharchur, saor in aisce, chuig an PFGÉ is iomchuí agus seirbhísí fánaíochta á n-úsáid ag na custaiméirí.

Féadfar coinníollacha a áireamh sa tairiscint tagartha sin chun cosc a chur le buanfhánaíocht nó le húsáid aimhrialta nó mí-úsáid a bheith á baint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, chun críoch eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil. I gcás ina sonrófar amhlaidh i dtairiscint tagartha, áireofar sna coinníollacha sin na bearta sonracha a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a dhéanamh chun buanfhánaíocht nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola a chosc, chomh maith leis na critéir oibiachtúla ar ar a mbonn a fhéadfar na bearta sin a dhéanamh. Féadfaidh na critéir sin a bheith ag tagairt d’fhaisnéis chomhiomlán tráchta fánaíochta. Ní thagróidh siad d’fhaisnéis shonrach a bhaineann le trácht aonair chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta.

Féadfar foráil a dhéanamh leis an tairiscint tagartha, inter alia, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a mheas go bhfuil buanfhánaíocht nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola ar bun ag sciar suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta, go bhféadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta, gan dochar do dhlí an Aontais ná do cheanglais náisiúnta cosanta sonraí, faisnéis a sholáthar lena lamháiltear a chinneadh an bhfuil sciar suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta i staid bhuanfhánaíochta, nó an bhfuil úsáid aimhrialta nó mí-úsáid á baint as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola ar líonra an oibreora a bhfuil cuairt á tabhairt air, amhail faisnéis ar sciar na gcustaiméirí ar suíodh gur ann do riosca ina leith maidir le húsáid aimhrialta nó mí-úsáid a bheith á baint as seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte arna soláthar ar an bpraghas miondíola baile is infheidhme, ar riosca é sin a suíodh ar bhonn táscairí oibiachtúla i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe maidir le cur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir arna nglacadh de bhun Airteagal 7.

Féadfar foráil a dhéanamh leis an tairiscint tagartha, mar rogha dheireanach, i gcás ina mbeidh teipthe ar bhearta níos boige díriú ar an staid, maidir le comhaontú fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh i gcás ina mbeidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air tar éis a dheimhniú, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, go bhfuil buanfhánaíocht ar bun ag sciar suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta nó go bhfuil úsáid aimhrialta nó mí-úsáid á baint as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola agus i gcás inár cuireadh oibreoir an líonra baile ar an eolas dá réir sin.

Ní fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air an comhaontú fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh go haontaobhach ar fhorais go bhfuil buanfhánaíocht ar bun nó go bhfuil úsáid aimhrialta nó mí-úsáid á baint as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola ach amháin ar réamhúdarú a fháil ó údarás rialála náisiúnta oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.

Déanfaidh údarás rialála náisiúnta oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, laistigh de 3 mhí tar éis dó iarraidh ar údarú a fháil ó oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air maidir le foirceannadh an chomhaontaithe fánaíochta mórdhíola, agus tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás rialála náisiúnta oibreoir an líonra baile, cinneadh a dhéanamh an t-údarú sin a dheonú nó a dhiúltú agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus údaráis rialála náisiúnta oibreoir an líonra baile araon a iarraidh ar BEREC tuairim a ghlacadh i dtaobh na gníomhaíochta a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Glacfaidh BEREC a thuairim laistigh de 1 mhí tar éis dó an iarraidh sin a fháil.

I gcás ina ndeachthas i gcomhairle le BEREC, fanfaidh údarás rialála náisiúnta oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air le tuairim BEREC agus tabharfaidh sé an-aird ar an tuairim sin sula ndéanfaidh sé cinneadh, faoi réir na sprice 3 mhí dá dtagraítear sa séú fomhír, an t-údarú maidir le foirceannadh an chomhaontaithe fánaíochta mórdhíola a dheonú nó a dhiúltú.

Cuirfidh údarás rialála náisiúnta oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air faisnéis maidir leis na húdaruithe chun comhaontuithe fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh ar fáil don phobal faoi réir rúndacht gnó.

Ní dochar an cúigiú fomhír go dtí an naoú fomhír den mhír seo do chumhacht údaráis rialála náisiúnta a cheangal go scoirfear láithreach de shárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo de bhun Airteagal 17(7) ná do cheart oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air bearta leormhaithe a chur i bhfeidhm chun calaois a chomhrac.

Más gá, forchuirfidh údaráis rialála náisiúnta athruithe ar thairiscintí tagartha, lena n-áirítear maidir leis na bearta sonracha a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a ghlacadh chun buanfhánaíocht nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola a chosc, agus na critéir oibiachtúla ar ar a mbonn a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air na bearta sin a dhéanamh, chun éifeacht a thabhairt d’oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo.

7.   I gcás inar mian leis an ngnóthas a bhfuil an rochtain á hiarraidh aige dul i mbun caibidlíocht tráchtála chun comhpháirteanna nach gcumhdaítear leis an tairiscint tagartha a áireamh, tabharfaidh oibreoirí na líonraí soghluaiste freagra ar an iarraidh sin laistigh de thréimhse réasúnach nach rachaidh thar 2 mhí ón uair a fuarthas an iarraidh den chéad uair. Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag mír 2 ná mír 5.

8.   Faoin 5 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh BEREC, chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo, agus tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, na treoirlínte maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 3(8) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a nuashonrú.

Airteagal 4

Soláthar seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte

1.   Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear a thobhach sa bhreis ar an bpraghas miondíola baile ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát ar bith as aon ghlaonna fánaíochta rialáilte a dhéantar nó a fhaightear, as aon teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoltar ná as aon seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a úsáidtear, ná ní thoibheoidh siad aon mhuirear ginearálta lena gcumasófar an trealamh teirminéil nó an tseirbhís teirminéil a úsáid thar lear, faoi réir Airteagal 5 agus Airteagal 6.

2.   Ní thairgfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte faoi dhálaí nach bhfuil chomh fabhrach leis na dálaí sin a thairgtear sa bhaile, go háirithe i dtéarmaí cháilíocht na seirbhíse dá bhforáiltear sa chonradh miondíola, i gcás ina bhfuil an ghlúin chéanna de líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste ar fáil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.

Seachnóidh oibreoirí cumarsáide soghluaiste moilleanna míréasúnacha ar aistrithe idir líonraí ag trasnuithe teorann inmheánacha an Aontais.

3.   Chun rannchuidiú le feidhmiú comhsheasmhach an Airteagail seo, déanfaidh BEREC, faoin 1 Eanáir 2023, agus tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, a threoirlínte miondíola a nuashonrú maidir le cur chun feidhme na mbeart cáilíochta seirbhíse.

Airteagal 5

Úsáid chóir

1.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta beartas maidir le húsáid chóir a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 7, maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an leibhéal praghais miondíola baile is infheidhme, chun cosc a chur ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta úsáid aimhrialta nó mí-úsáid a bhaint as seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, amhail úsáid a bheith á baint as na seirbhísí sin ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát eile seachas Ballstát a soláthraí baile chun críocha eile seachas taisteal tréimhsiúil.

Mar thoradh ar aon bheartas maidir le húsáid chóir, cuirfear ar chumas chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta toirteanna seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, a bheidh comhsheasmhach leis na pleananna taraife atá acu faoi seach, a thomhailt ar an bpraghas miondíola baile is infheidhme.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 8 maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a théann thar aon teorainneacha faoi aon bheartas maidir le húsáid chóir.

Airteagal 6

Sásra inbhuanaitheachta

1.   In imthosca sonracha agus eisceachtúla, d’fhonn inbhuanaitheacht a shamhla muirearaithe baile a áirithiú, i gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí fánaíochta a chuid costas iomlán iarbhír agus a chuid costas réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 a aisghabháil as a ioncam foriomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó na seirbhísí sin a sholáthar, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear an formhuirear sin i bhfeidhm ach a mhéid is gá chun aisghabháil a dhéanamh ar na costais a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar, ag féachaint do na muirir uasta mhórdhíola is infheidhme.

2.   I gcás ina gcinnfidh soláthraí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sé iarratas a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta gan mhoill agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7. Gach 12 mhí ina dhiaidh sin, déanfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis sin a nuashonrú agus a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta.

3.   Ar iarratas de bhun mhír 2 a fháil, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta measúnú le fíorú an bhfuil sé suite ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil sé in ann a chostais a aisghabháil i gcomhréir le mír 1, agus é mar éifeacht leis sin go mbainfí an bonn ó inbhuanaitheacht a shamhla muirearaithe baile. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht na samhla muirearaithe baile bunaithe ar thosca oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta atá sa Bhallstát lena mbaineann agus leibhéal na bpraghsanna agus na n-ioncam baile. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an formhuirear a údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 agus sa mhír seo.

4.   Laistigh de 1 mhí tar éis dó iarratas a fháil de bhun mhír 2, údaróidh an t-údarás rialála náisiúnta an formhuirear, mura rud é gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús nó nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear ann. I gcás ina measfaidh an t-údarás rialála náisiúnta gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, nó ina measfaidh sé nach leor an fhaisnéis a soláthraíodh, déanfaidh sé cinneadh críochnaitheach, laistigh de thréimhse 2 mhí bhreise tar éis dó deis éisteachta a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta, chun an formhuirear a údarú nó a leasú nó chun diúltú dó.

Airteagal 7

Cur chun feidhme beartais maidir le húsáid chóir agus an tsásra inbhuanaitheachta

1.   Chun a áirithiú go mbeidh Airteagal 5 agus Airteagal 6 á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir;

(b)

an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna baile; agus

(c)

an t-iarratas nach mór do sholáthraí seirbhísí fánaíochta a thíolacadh chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, athbhreithniú tréimhsiúil ar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfianaise forbairtí ar an margadh.

2.   Agus gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe i ndáil le cur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

an fhorbairt ar phatrúin phraghsála agus tomhaltais sna Ballstáit;

(b)

an méid cóineasaithe atá idir leibhéil na bpraghsanna baile ar fud an Aontais;

(c)

na patrúin taistil san Aontas;

(d)

aon rioscaí inbhraite go saobhfar dreasachtaí iomaíochta agus infheistíochta sna margaí baile nó sna margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu.

3.   Bunóidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus pointe (c), ar an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh na gcostas iomlán iarbhír agus réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar trí thagairt do na rátaí éifeachtacha fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothromaithe agus cion réasúnach na gcostas comhpháirteach agus na gcostas comhchoiteann is gá chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;

(b)

cinneadh na n-ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;

(c)

tomhaltas na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte agus tomhaltas baile ag custaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta;

(d)

leibhéal na hiomaíochta, na bpraghsanna agus na n-ioncam sa mhargadh baile, agus aon riosca inbhraite go ndéanfaí difear suntasach d’fhorbairt ar na praghsanna sin trí fhánaíocht ar phraghsanna miondíola baile.

4.   Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972, údaráis inniúla eile dianfhaireachán agus dianmhaoirseacht ar chur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta dianfhaireachán agus dianmhaoirseacht ar chur i bhfeidhm na mbeart maidir le hinbhuanaitheacht soláthar seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna baile, agus lánaird á tabhairt ar na tosca oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an mBallstát lena mbaineann agus ar na héagsúlachtaí ábhartha oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta. Gan dochar don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6(3), déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála ceanglais Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, a fhorfheidhmiú ar bhonn tráthúil. Féadfaidh an t-údarás náisiúnta rialála, tráth ar bith, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an formhuirear a leasú nó gan leanúint de más rud é nach gcomhlíontar Airteagal 5 nó 6 leis.

Déanfaidh údaráis inniúla eile ceanglais Airteagal 5 agus ceanglais na ngníomhartha cur chun feidhme atá ábhartha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972, de réir mar a bheidh, a fhorfheidhmiú.

Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile an Coimisiún ar an eolas go bliantúil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 agus Airteagal 6, agus maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

5.   Leanfaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 d’fheidhm a bheith aige go dtí dáta cur i bhfeidhm gnímh nua cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 8

Cur i bhfeidhm eisceachtúil formhuirear miondíola chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a thomhailt agus taraifí malartacha a sholáthar

1.   Gan dochar don tríú fomhír, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta formhuirear i bhfeidhm maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte atá sa bhreis ar aon teorainneacha a shocraítear leis an mbeartas maidir le húsáid chóir, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas, gan CBL a áireamh:

(a)

aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh agus seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar an muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1), faoi seach;

(b)

aon fhormhuirear atá i bhfeidhm maidir le glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear, ní rachaidh sé thar na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste arna socrú don bhliain sin i gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972, nach bhfuil gá a thuilleadh le ráta foirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna a shocrú agus i gcás ina gcinnfidh sé gan uasráta foirceanta do ghuthghlaonna a fhorchur, ní rachaidh aon fhormhuirear a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear thar an ráta a shocraítear leis an ngníomh tarmligthe is déanaí arna ghlacadh de bhun Airteagal 75 den Treoir sin.

Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear i bhfeidhm maidir le teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte nó teachtaireacht ghlórphoist fánaíochta a gheofar. Ní dochar an méid sin d’aon mhuirir eile is infheidhme, amhail muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar ghlaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear in aghaidh an tsoicind. Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta tréimhse íosta muirir tosaigh nach mó ná 30 soicind a chur i bhfeidhm maidir le glaonna a dhéantar. Gearrfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear ar a gcustaiméirí as seirbhís fánaíochta rialáilte a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt, seachas teachtaireachtaí MMS a bhféadfar muirear a ghearradh ina leith in aghaidh an aonaid. I gcás den sórt sin, an muirear fánaíochta miondíola a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta as teachtaireacht MMS fánaíochta a tharchur nó a fháil, ní rachaidh sé thar an muirear uasta fánaíochta miondíola a leagtar amach do sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte sa chéad fhomhír.

2.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta a thairiscint seachas ceann a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus mír 1 den Airteagal seo, agus féadfaidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta an taraif fánaíochta sin a roghnú d’aon ghnó, chun go mbainfidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas as taraif dhifriúil ar sheirbhís fánaíochta rialáilte seachas an ceann a thabharfaí dóibh mura mbeadh rogha den sórt ann. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta i gcuimhne do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta sin cineál na mbuntáistí ar sheirbhísí fánaíochta a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh.

Gan dochar don chéad fhomhír, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5, agus le mír 1 den Airteagal seo, i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar fad atá ann cheana agus atá nua.

Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta a iarraidh, tráth ar bith, go n-athrófaí go dtí nó ón taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus le mír 1 den Airteagal seo. I gcás custaiméirí seirbhísí fánaíochta a dhéanann an rogha athrú d’aon ghnó chuig taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus le mír 1 den Airteagal seo nó athrú ar ais chuig an taraif sin, déanfar aon athrú laistigh de lá amháin oibre tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ag gabháil leis maidir le gnéithe eile de na síntiúis seachas fánaíocht. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta moill a chur ar athrú go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta sonraithe nach rachaidh thar 2 mhí.

3.   Gan dochar do Chuid III, Teideal III, de Threoir (AE) 2018/1972, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta go sonrófar i gconradh miondíola ina n-áirítear seirbhís fánaíochta miondíola rialáilte d’aon chineál saintréithe na seirbhíse fánaíochta miondíola rialáilte sin a sholáthraítear, lena n-áirítear go háirithe:

(a)

an plean taraife nó na pleananna taraife ar leith agus, do gach ceann de na pleananna taraife, na cineálacha seirbhísí a thairgtear agus toirteanna na cumarsáide san áireamh;

(b)

aon srianta arna bhforchur ar thomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar leibhéal na bpraghsanna miondíola baile is infheidhme, go háirithe faisnéis chainníochtaithe maidir leis an gcaoi a gcuirtear aon bheartas maidir le húsáid chóir i bhfeidhm trí thagairt a dhéanamh do na príomh-pharaiméadair phraghsála, toirte nó eile a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte lena mbaineann;

(c)

faisnéis shoiléir agus intuigthe faoi choinníollacha agus cáilíocht na seirbhíse fánaíochta agus fánaíocht á déanamh laistigh den Aontas i gcomhréir le treoirlínte BEREC dá dtagraítear i mír 6.

4.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta go soláthrófar i gconradh miondíola ina n-áirítear seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte d’aon chineál faisnéis faoi na cineálacha seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir muirir mhéadaithe agus fánaíocht á déanamh, gan dochar d’Airteagal 97 de Threoir (AE) 2018/1972.

5.   Foilseoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4.

Ina theannta sin, foilseoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis faoi na cúiseanna a bhféadfaí an tseirbhís fánaíochta a thairiscint faoi choinníollacha nach bhfuil chomh tairbheach leo siúd a thairgtear sa bhaile. Áireofar san fhaisnéis sin tosca a bhféadfaidh tionchar a bheith acu ar cháilíocht na seirbhíse fánaíochta a bhfuil síntiús ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta ina leith, amhail glúnta agus teicneolaíochtaí líonra atá ar fáil don chustaiméir fánaíochta i mBallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air.

6.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, faoin 1 Eanáir 2023, tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, déanfaidh BEREC nuashonrú ar a threoirlínte fánaíochta miondíola, go háirithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo agus na mbeart trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 15.

Airteagal 9

Muirir mhórdhíola chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh

1.   Maidir leis an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a sholáthar a thosaíonn ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, lena n-áirítear, inter alia, costais tosaithe, idirthurais agus foirceanta, ní rachaidh sé thar theorainn choimirce EUR 0,022 in aghaidh an nóiméid. Laghdófar an muirear mórdhíola uasta go dtí EUR 0,019 in aghaidh an nóiméid an 1 Eanáir 2025 agus, gan dochar d’Airteagal 21, leanfaidh sé de bheith cothrom le EUR 0,019 in aghaidh an nóiméid go dtí an 30 Meitheamh 2032.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse 12 mhí nó thar aon tréimhse níos giorra ná sin a fhéadfaidh a bheith fágtha roimh dheireadh na tréimhse ina bhfuil feidhm ag meánmhuirear mórdhíola uasta dá bhforáiltear i mír 1 nó roimh an 30 Meitheamh 2032.

3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam iomlán a fhaightear ó fhánaíocht mhórdhíola a roinnt ar líon iomlán na nóiméad fánaíochta mórdhíola a úsáideann an t-oibreoir ábhartha go hiarbhír chun glaonna fánaíochta mórdhíola a sholáthar laistigh den Aontas sa tréimhse ábhartha, arna chomhiomlánú mar shuim in aghaidh an tsoicind arna coigeartú chun aird a thabhairt ar an bhféidearthacht go ndéanfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air tréimhse íosta muirir tosaigh nach faide ná 30 soicind a chur i bhfeidhm.

Airteagal 10

Muirir mhórdhíola ar theachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte

1.   Maidir leis an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta chun teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a thosaíonn ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a sholáthar, ní rachaidh sé thar theorainn choimirce EUR 0,004 in aghaidh na teachtaireachta SMS. Laghdófar an méanmhuirear mórdhíola uasta go dtí EUR 0,003 in aghaidh na teachtaireachta SMS an 1 Eanáir 2025 agus, gan dochar d’Airteagal 21, leanfaidh sé de bheith cothrom le EUR 0,003 go dtí an 30 Meitheamh 2032.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse 12 mhí nó thar aon tréimhse níos giorra ná sin a fhéadfaidh a bheith fágtha roimh dheireadh na tréimhse ina bhfuil feidhm ag meánmhuirear mórdhíola uasta dá bhforáiltear i mír 1 nó roimh an 30 Meitheamh 2032.

3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam mórdhíola iomlán a fhaigheann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air nó oibreoir an líonra baile as teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a thosú agus a tharchur laistigh den Aontas sa tréimhse ábhartha a roinnt ar líon iomlán na dteachtaireachtaí SMS den sórt sin a tosaíodh agus a tarchuireadh thar ceann an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta ábhartha nó thar ceann oibreoir ábhartha an líonra baile laistigh den tréimhse sin.

4.   Ní dhéanfaidh oibreoir líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air aon mhuirear a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta an chustaiméara seirbhísí fánaíochta nó ar oibreoir líonra baile an chustaiméara, ar leithligh ón muirear dá dtagraítear i mír 1, as teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a fhoirceannadh, ar teachtaireacht í a seoladh chuig custaiméir seirbhísí fánaíochta agus fánaíocht á déanamh ag an té sin ar a líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.

Airteagal 11

Muirir mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte

1.   Maidir leis an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar trí bhíthin an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, ní rachaidh sé thar theorainn choimirce EUR 2,00 in aghaidh an ghigibhirt sonraí a tarchuireadh. Laghdófar an muirear mórdhíola uasta sin go EUR 1,80 in aghaidh an ghigibhirt sonraí a tharchuirtear an 1 Eanáir 2023, go EUR 1,55 in aghaidh an ghigibhirt an 1 Eanáir 2024, go EUR 1,30 in aghaidh an ghigibhirt an 1 Eanáir 2025, go EUR 1,10 in aghaidh an ghigibhirt an 1 Eanáir 2026 agus go EUR 1,00 in aghaidh an ghigibhirt faoin 1 Eanáir 2027, agus ina dhiaidh sin, gan dochar d’Airteagal 21, fanfaidh sé ag EUR 1,00 in aghaidh an ghigibhirt sonraí a tharchuirtear go dtí an 30 Meitheamh 2032.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse 12 mhí nó thar aon tréimhse níos giorra ná sin a fhéadfaidh a bheith fágtha roimh dheireadh na tréimhse ina bhfuil feidhm ag meánmhuirear mórdhíola uasta dá bhforáiltear i mír 1 nó roimh an 30 Meitheamh 2032.

3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam mórdhíola iomlán a fhaigheann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air nó oibreoir an líonra baile as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar sa tréimhse ábhartha a roinnt ar líon iomlán na meigibheart sonraí a thomhlaítear go hiarbhír trí na seirbhísí sin a sholáthar laistigh den tréimhse sin, arna gcomhiomlánú ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt thar ceann an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta ábhartha nó oibreoir ábhartha an líonra baile laistigh den tréimhse sin.

Airteagal 12

Muirir mhórdhíola ar chumarsáid éigeandála

Gan dochar d’Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11, ní dhéanfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air aon mhuirir a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann le haon chineál cumarsáide éigeandála arna dtionscnamh ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta nó le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a tharchur.

Airteagal 13

Trédhearcacht coinníollacha miondíola maidir le glaonna agus teachtaireachtaí SMS fánaíochta

1.   Chun foláireamh a thabhairt do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta go mbeidh muirir fánaíochta á ngearradh orthu nuair a bheidh glao á dhéanamh nó á fháil acu nó nuair a bheidh teachtaireacht SMS á seoladh acu, déanfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta ar leith, ach amháin i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag na custaiméirí don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil an tseirbhís sin ag teastáil uathu, faisnéis bhunúsach phearsantaithe phraghsála maidir leis na muirir fánaíochta, lena n-áirítear CBL, a bhfuil feidhm acu maidir le déanamh agus fáil glaonna agus maidir le seoladh teachtaireachtaí SMS ag an gcustaiméir sin sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a sholáthar do na custaiméirí, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, trí bhíthin teachtaireacht uathoibríoch nuair a rachaidh siad isteach i mBallstát nach é Ballstát a soláthraí baile é.

Léireofar an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe phraghsála sin in airgeadra an bhille baile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara agus áireofar inti faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon bheartas maidir le húsáid chóir a bhfuil an custaiméir fánaíochta faoina réir laistigh den Aontas agus na formhuirir a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar an mbeartas sin maidir le húsáid chóir; agus

(b)

aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis a sholáthar do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, nuair a rachaidh siad isteach i mBallstát seachas Ballstát a soláthraí baile, maidir leis an riosca go bhféadfadh muirir mhéadaithe a bheith ann mar gheall ar sheirbhísí breisluacha a bheith á n-úsáid trí bhíthin teachtaireacht uathoibríoch, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, ach amháin i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta dá soláthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil an tseirbhís sin ag teastáil uathu. Áireofar ar an bhfaisnéis sin nasc chun rochtain a fháil ar leathanach gréasáin tiomnaithe, saor in aisce, ar a mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis na cineálacha seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir costais mhéadaithe agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis faoi raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha nó faisnéis bhreise ábhartha eile atá sa bhunachar sonraí a bhunaítear de bhun Airteagal 16, an chéad mhír, pointe (a), i gcomhréir le hAirteagal 16, an tríú mír. Áireofar ar an leathanach gréasáin faisnéis faoi na táillí is infheidhme maidir le huimhreacha saorghlao agus fánaíocht á déanamh, más ann dóibh.

Áireofar freisin san fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe phraghsála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo an uimhir saor in aisce dá dtagraítear i mír 2 chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil.

Tráth a bhfaighidh custaiméirí gach teachtaireacht ar leith, beidh an deis acu fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta, saor in aisce agus ar shlí éasca, lena thabhairt le fios nach bhfuil an teachtaireacht uathoibríoch ag teastáil uathu. Beidh sé de cheart ag custaiméirí a mbeidh fógra tugtha acu nach mbeidh an teachtaireacht uathoibríoch ag teastáil uathu a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta, tráth ar bith agus saor in aisce, an tseirbhís a sholáthar arís.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe phraghsála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar go huathoibríoch do chustaiméirí faoi mhíchumas, trí ghuthghlao, saor in aisce, má iarrann siad amhlaidh.

Cé is moite den tagairt d’aon bheartas maidir le húsáid chóir agus leis an bhformhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, an dara fomhír, an cúigiú fomhír agus an séú fomhír den mhír seo maidir le seirbhísí fánaíochta guthghlaonna agus SMS arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta agus iad ag nascadh le líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste náisiúnta nó idirnáisiúnta, agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta agus maidir le seirbhísí fánaíochta guthghlaonna agus SMS arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta.

2.   I dteannta na faisnéise dá bhforáiltear faoi mhír 1, beidh sé de cheart ag custaiméirí faisnéis phearsantaithe níos mionsonraithe faoi phraghsáil ar na muirir fánaíochta a mbeidh feidhm acu sa líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air maidir le guthghlaonna agus teachtaireachtaí SMS mar aon le faisnéis faoi na bearta trédhearcachta a bhfuil feidhm acu de bhua an Rialacháin seo, a iarraidh agus a fháil, gan beann ar an áit san Aontas ina bhfuil siad, saor in aisce, trí ghuthghlao soghluaiste nó trí theachtaireachtaí SMS. Déanfar iarraidh mar sin chuig uimhir saor in aisce a cheapfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta chun na críche sin. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá bhforáiltear i mír 1 maidir le gléasanna nach dtacaíonn le feidhmiúlacht SMS.

3.   Seolfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra don chustaiméir seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir de sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna nó SMS rialáilte tomhailte go hiomlán nó nuair a bheidh aon teorainn úsáide arna cur i bhfeidhm i gcomhréir le Airteagal 6 bainte amach. Léireoidh an fógra sin an formhuirear fánaíochta rialáilte a chuirfear i bhfeidhm ar aon tomhaltas breise ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna nó SMS rialáilte ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, tráth ar bith agus saor in aisce, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an tseirbhís sin a sholáthar arís.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis iomlán a thabhairt do chustaiméirí faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, tráth a mbeidh síntiúis á nglacadh. Soláthróidh siad faisnéis nuashonraithe dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta freisin maidir le muirir fánaíochta is infheidhme gan aon mhoill mhíchuí gach uair a tharlaíonn athrú ar na muirir sin.

Seolfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta meabhrúchán ag eatraimh réasúnacha ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a roghnaigh taraif eile.

5.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis ar fáil dá gcuid custaiméirí maidir le fánaíocht neamhaireach a sheachaint go héifeachtach i réigiúin teorann. Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta na céimeanna réasúnacha uile chun a gcuid custaiméirí a chosaint ar mhuirir fánaíochta a íoc ar sheirbhísí fánaíochta ar seirbhísí iad a ndearnadh rochtain neamhaireach ina leith agus na custaiméirí sin lonnaithe ina mBallstát baile.

6.   Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta na céimeanna réasúnacha uile chun a gcuid custaiméirí a chosaint ar mhuirir bhreise a íoc ar ghuthghlaonna agus ar theachtaireachtaí SMS as nascadh go neamhaireach le líonraí neamh-thrastíre poiblí soghluaiste, trína chur ar chumas custaiméirí seirbhísí fánaíochta, mar shampla, diúltú do nascadh le líonraí neamh-thrastíre. I gcás ina dtairgfear sásra den sórt sin um rogha an diúltaithe, beidh sé de cheart ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta rogha a dhéanamh ag am ar bith, go héasca agus saor in aisce gan líonraí neamh-thrastíre a úsáid agus a iarraidh go ndéanfar an nasc leis na líonraí sin a athbhunú.

Airteagal 14

Sásraí trédhearcachta agus coimirce maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta, sula ndéanfar conradh miondíola a thabhairt i gcrích agus ina dhiaidh sin, go gcoinneofar a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar an eolas ar shlí leormhaith faoi na muirir a ghabhann leis an úsáid a bhaineann siad as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agus tabharfar an t-eolas sin ar bhealaí ina n-éascaítear tuiscint na gcustaiméirí maidir leis na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le húsáid den sórt sin agus ar bhealaí ina gcuirtear ar a gcumas faireachán a dhéanamh ar a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agus an caiteachas sin a rialú, i gcomhréir le mír 2 agus mír 4.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta a gcuid custaiméirí a chur ar an eolas, sula ndéanfar conradh miondíola a chur i gcrích agus ar bhonn tráthrialta dá éis sin, faoin riosca a bhaineann le cónascadh uathoibríoch fánaíochta sonraí agus le híoslódáil uathoibríoch fánaíochta sonraí agus nach ndéantar rialú ina leith. Thairis sin, tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta fógra dá gcuid custaiméirí saor in aisce agus ar shlí shoiléir atá intuigthe go héasca, maidir le conas na cónaisc fánaíochta sonraí uathoibríocha sin a mhúchadh chun tomhaltas neamhrialaithe seirbhísí fánaíochta sonraí a sheachaint.

2.   Trí theachtaireacht uathoibríoch ón soláthraí seirbhísí fánaíochta, cuirfear in iúl don chustaiméir seirbhísí fánaíochta go bhfuil sé ag baint úsáid as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agus soláthrófar faisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife faoi na muirir in airgeadra an bhille baile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara is infheidhme as seirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar don chustaiméir seirbhísí fánaíochta sin sa Bhallstát lena mbaineann, ach amháin i gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an gcustaiméir don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach dteastaíonn an fhaisnéis sin uaidh.

Áireofar san fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife sin faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon bheartas maidir le húsáid chóir a bhfuil an custaiméir fánaíochta faoina réir laistigh den Aontas agus na formhuirir a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar an mbeartas sin maidir le húsáid chóir; agus

(b)

aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6.

Déanfar an fhaisnéis a sheachadadh go díreach ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost, le teachtaireacht téacs nó le fuinneog aníos ar an ngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte sa Bhallstát áirithe sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin saor in aisce tráth a gcuireann an custaiméir seirbhísí fánaíochta tús le seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte, ar mhodh iomchuí arna oiriúnú chun go mbeidh sé éasca í a fháil agus a thuiscint.

Beidh sé de cheart ag custaiméir a mbeidh fógra tugtha aige dá sholáthraí seirbhísí fánaíochta nach mbeidh an fhaisnéis taraife uathoibríoch ag teastáil uaidh a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta, tráth ar bith agus saor in aisce, an tseirbhís sin a sholáthar arís.

3.   Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir de sheirbhís fánaíochta sonraí rialáilte tomhailte go hiomlán nó nuair a shroichfear aon tairseach úsáide eile arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6. Léireofar leis an bhfógra sin formhuirear a chuirfear i bhfeidhm maidir le haon tomhaltas sa bhreis de sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, tráth ar bith agus saor in aisce, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an tseirbhís sin a sholáthar arís.

4.   Tabharfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta rochtain saor in aisce dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir ar shaoráid lena soláthraítear, ar bhealach tráthúil, faisnéis faoin tomhaltas carnaithe arna sloinneadh de réir toirte nó san airgeadra ina ndéantar an custaiméir seirbhísí fánaíochta a bhilleáil i leith seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte agus ar saoráid í trína ráthaítear nach dtarlóidh sé, gan toiliú sainráite ón gcustaiméir, go rachaidh an caiteachas carnaithe ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte i rith tréimhse shonraithe úsáide, seachas teachtaireachtaí MMS a dtugtar bille in aghaidh an aonaid ina leith, thar theorainn shonraithe airgeadais. Féadfaidh custaiméirí fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil rochtain ar shaoráid den sórt sin ag teastáil uathu.

Chuige sin, déanfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta uasteorainn airgeadais amháin nó níos mó le haghaidh tréimhsí sonraithe úsáide a chur ar fáil, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna comhfhreagracha toirte in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh ceann de na teorainneacha sin (an teorainn airgeadais réamhshocraithe) gar do EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla, gan CBL a áireamh, ach ní rachaidh sé thar an tsuim sin.

Mar mhalairt air sin, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainneacha arna sloinneadh de réir toirte a bhunú, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna airgeadais comhfhreagracha in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh luach airgeadais comhfhreagrach ag ceann de na teorainneacha sin (an teorainn toirte réamhshocraithe) ar luach é nach mó ná EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla, gan CBL a áireamh.

Chomh maith leis sin, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainneacha eile a thairiscint dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar teorainneacha iad lena ngabhann uasteorainneacha airgeadais míosúla atá éagsúil, is é sin le rá, níos airde nó níos ísle.

Beidh na teorainneacha réamhshocraithe dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír infheidhme i leith na gcustaiméirí go léir nach bhfuil teorainn eile roghnaithe acu.

Áiritheoidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta freisin go gcuirfear fógra iomchuí go díreach chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla trí bhíthin teachtaireacht SMS, ríomhphoist, teachtaireacht téacs nó trí fhuinneog aníos ar an ríomhaire, nuair a shroicheann na seirbhísí fánaíochta sonraí 80 % den teorainn airgeadais nó den teorainn toirte atá comhaontaithe. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart aige, tráth ar bith agus saor in aisce, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an tseirbhís sin a sholáthar arís.

I gcás, ar shlí eile, ina rachfar thar an teorainn airgeadais nó thar an teorainn toirte, déanfar fógra a sheoladh chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta. I gcás ina ndéanfaidh custaiméir seirbhísí fánaíochta atá faoi réir teorainn airgeadais réamhshocraithe nó teorainn toirte réamhshocraithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír breis agus EUR 100 a thomhailt in aon tréimhse bhilleála mhíosúil amháin, gan CBL a áireamh, seolfar fógra breise chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta sin. Léireoidh na fógraí sin an nós imeachta atá le leanúint más mian leis an gcustaiméir go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin agus an costas a bhaineann le gach aonad breise a thomhlaítear. Mura bhfreagraíonn an custaiméir seirbhísí fánaíochta de réir mar a iarrtar san fhógra a fuarthas, scoirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta láithreach de sheirbhís fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar don chustaiméir seirbhísí fánaíochta, agus de mhuirear a ghearradh ar na seirbhísí sin, mura rud é go n-iarrann an custaiméir seirbhísí fánaíochta go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin nó go ndéanfar soláthar na seirbhísí sin a athnuachan agus go dtí go ndéanann sé amhlaidh.

Aon uair a iarrann custaiméir seirbhísí fánaíochta go mbainfí nó go n-athbhunófaí saoráid lena ngabhann teorainn airgeadais nó teorainn toirte, déanfar an t-athrú laistigh de 1 lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ann maidir le gnéithe eile den síntiús.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 4 maidir le gléasanna de chineál meaisín le meaisín ar gléasanna iad a bhaineann úsáid as cumarsáid sonraí soghluaiste.

6.   Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta na céimeanna réasúnacha uile chun a gcuid custaiméirí a chosaint ar mhuirir fánaíochta a íoc ar sheirbhísí fánaíochta ar seirbhísí iad a ndearnadh rochtain neamhaireach ina leith agus na custaiméirí sin lonnaithe ina mBallstát baile. Áireofar leis sin custaiméirí a chur ar an eolas maidir le conas fánaíocht neamhaireach a sheachaint go héifeachtach i réigiúin teorann.

7.   Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta na céimeanna réasúnacha uile chun a gcuid custaiméirí a chosaint ar mhuirir bhreise a íoc ar sheirbhísí sonraí as nascadh go neamhaireach le líonraí neamh-thrastíre poiblí soghluaiste, trína chur ar chumas custaiméirí seirbhísí fánaíochta, mar shampla, diúltú do nascadh le líonraí neamh-thrastíre. I gcás ina dtairgfear sásra den sórt sin um rogha an diúltaithe, beidh sé de cheart ag an gcustaiméir rogha a dhéanamh ag am ar bith, go héasca agus saor in aisce gan líonraí neamh-thrastíre a úsáid agus a iarraidh go ndéanfar an nasc leis na líonraí sin a athbhunú.

8.   Cé is moite de mhír 2, an dara fomhír, de mhír 3 agus de mhír 6, agus faoi réir an dara agus an tríú fomhír den mhír seo, beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta agus iad ag nascadh le líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste náisiúnta nó idirnáisiúnta arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta agus maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta.

Maidir leis an tsaoráid dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear i mír 4 más rud é nach gceadaíonn oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, sa tír lasmuigh den Aontas a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi, don soláthraí seirbhísí fánaíochta faireachán a dhéanamh ar úsáid a chuid custaiméirí ar bhonn fíor-ama.

I gcás den sórt sin, tabharfar fógra don chustaiméir trí theachtaireacht SMS ag dul isteach sa tír sin dó, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, nach bhfuil fáil ar fhaisnéis faoi thomhaltas carnaithe agus ar an ráthaíocht gan dul thar theorainn shonraithe airgeadais.

Airteagal 15

Trédhearcacht maidir leis na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála

Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta go gcoinneofar a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar an eolas go leormhaith faoi na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála atá ann sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air.

Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta in iúl don chustaiméir seirbhísí fánaíochta, trí bhíthin teachtaireacht uathoibríoch, go bhféadfaidh an custaiméir rochtain a fháil saor in aisce ar sheirbhísí éigeandála trí ghlaoch ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”. Leis an teachtaireacht sin, soláthrófar freisin don chustaiméir seirbhísí fánaíochta nasc chuig leathanach gréasáin tiomnaithe, saor in aisce, a bheidh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, lena soláthraítear faisnéis faoi mhodhanna malartacha rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála atá sainordaithe sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air. Déanfar an fhaisnéis a sheachadadh ar ghléas soghluaiste an chustaiméara trí theachtaireacht SMS, nó i gcás inar gá trí mhodh iomchuí arna oiriúnú chun gur fusa an fhaisnéis a fháil agus a thuiscint, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát sholáthraí baile an chustaiméara seirbhísí fánaíochta. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce.

I mBallstáit ina n-imscartar feidhmchláir shoghluaiste um rabhadh poiblí, i gcás ina ndéanann an Ballstát a bhfuil cuairt á tabhairt air nasc chuig an bhfeidhmchlár sin a thuairisciú sa bhunachar sonraí arna bhunú de bhun Airteagal 16, an chéad mhír, pointe (b), áireoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta, sa teachtaireacht dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal seo, an fhaisnéis lena léirítear go bhféadfar rabhaidh phoiblí a fháil le feidhmchlár soghluaiste um rabhadh poiblí. Cuirfear nasc chuig an bhfeidhmchlár soghluaiste um rabhadh poiblí agus treoracha maidir lena íoslódáil ar fáil ar an leathanach gréasáin tiomnaithe dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal seo.

Airteagal 16

Bunachair sonraí de raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha agus modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála

Faoin 31 Nollaig 2022, bunóidh BEREC an méid seo a leanas agus déanfaidh sé é a chothabháil ina dhiaidh sin:

(a)

bunachar sonraí aonair uile-Aontais de raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha i ngach Ballstát, a bheidh le cur ar fáil d’oibreoirí, d’údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis inniúla eile; agus

(b)

bunachar sonraí aonair uile-Aontais de mhodhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála atá sainordaithe i ngach Ballstát agus ar féidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta, go teicniúil, iad a úsáid, a bheidh le cur ar fáil d’oibreoirí agus do na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis inniúla eile.

Chun críocha bhunú agus chothabháil na mbunachar sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile an fhaisnéis is gá agus na nuashonruithe ábhartha ar fáil do BEREC trí mhodhanna leictreonacha gan moill mhíchuí.

Gan dochar d’Airteagal 13, cuirfidh na bunachair sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír ar chumas údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile, ar bhonn roghnach, faisnéis bhreise a sholáthar.

Airteagal 17

Maoirseacht agus forfheidhmiú

1.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo laistigh dá gcríoch.

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dianmhaoirseacht agus dianfhaireachán ar na soláthraithe seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as Airteagal 5 agus Airteagal 6.

I gcás inarb infheidhme, déanfaidh údaráis inniúla eile faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ag na hoibreoirí, ar oibleagáidí iad atá ábhartha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972.

2.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile agus BEREC faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe Airteagal 4, Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagail 8 go 11, a chur ar fáil go poiblí ar shlí ina gcuirtear ar chumas páirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.

3.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, mar ullmhúchán don athbhreithniú dá bhforáiltear in Airteagal 21, faireachán ar fhorbairtí ar mhuirir mhórdhíola agus mhiondíola ar sholáthar seirbhísí cumarsáide guthghlaonna agus sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile, ar a n-airdeall maidir le cás ar leith na fánaíochta neamhairí i réigiúin teorann na mBallstát comharsanachta agus déanfaidh siad faireachán i dtaobh an mbaintear úsáid as teicnící stiúrtha tráchta chun míbhuntáiste custaiméirí.

Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile, faireachán ar fhaisnéis agus baileoidh siad faisnéis maidir le fánaíocht neamhaireach agus glacfaidh siad bearta iomchuí.

4.   Beidh an chumhacht ag údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, ag údaráis inniúla eile, a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán seo gach faisnéis is ábhartha do chur chun feidhme agus d’fhorfheidhmiú an Rialacháin seo a sholáthar. Déanfaidh na gnóthais sin an fhaisnéis sin a sholáthar go pras arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir leis na teorainneacha ama agus leis an leibhéal sonraí a éilíonn an t-údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile.

5.   I gcás ina measfaidh údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile gur rúnda atá faisnéis i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó, déanfaidh an Coimisiún, BEREC agus aon údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile lena mbaineann an rúndacht sin a áirithiú. Ní chuirfidh rúndacht gnó cosc ar chomhroinnt thráthúil faisnéise idir an t-údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, an Coimisiún, BEREC agus aon údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile lena mbaineann, chun críocha athbhreithniú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   Tabharfar de chumhacht d’údaráis rialála náisiúnta idirghabháil a dhéanamh ar a dtionscnamh féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Maidir le húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile sna cásanna dá dtagraítear faoi Airteagal 61(2), pointe (b) agus pointe (c), de Threoir (AE) 2018/1972, bainfidh siad úsáid, i gcás inar gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 61 den Treoir sin chun rochtain agus idirnascadh leormhaith a áirithiú chun nascacht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht seirbhísí fánaíochta a ráthú, mar shampla i gcás nach bhfuil custaiméirí in ann teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a mhalartú le custaiméirí líonra trastíre phoiblí cumarsáide soghluaiste i mBallstát eile i ngeall nach bhfuil comhaontú fánaíochta mórdhíola ann lena gcumasaítear na teachtaireachtaí sin a sheachadadh.

7.   I gcás ina measann údarás rialála náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972, údaráis inniúla eile gur tharla sárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, beidh sé de chumhacht aige a cheangal go scoirfí láithreach den sárú sin.

Airteagal 18

Réiteach díospóide

1.   I gcás díospóid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo idir gnóthais a bheidh ag soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta um réiteach díospóide a leagtar síos in Airteagal 26 agus Airteagal 27 de Threoir (AE) 2018/1972.

Díospóidí idir oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus oibreoirí eile i dtaobh rátaí a chur i bhfeidhm ar na hionchuir is gá le haghaidh seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar, féadfar iad a tharchur don údarás rialála náisiúnta inniúil nó do na húdaráis de bhun Airteagal 26 agus Airteagal 27 de Threoir (AE) 2018/1972. Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta inniúil nó na húdaráis rialála náisiúnta inniúla aon díospóid trasteorann in iúl do BEREC chun réiteach comhsheasmhach ar an díospóid a thabhairt i gcrích. I gcás ina rachfar i gcomhairle le BEREC, fanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta inniúil nó na húdaráis rialála náisiúnta inniúla le tuairim BEREC sula ndéanfaidh sé nó siad gníomh chun an díospóid a réiteach.

2.   I gcás díospóid neamhréitithe ina mbíonn tomhaltóir nó úsáideoir deiridh i gceist agus a bhaineann le ceist a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar na nósanna imeachta um réiteach díospóide lasmuigh de chúirt a leagtar síos in Airteagal 25 de Threoir (AE) 2018/1972.

Airteagal 19

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh gan mhoill.

Airteagal 20

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste Cumarsáide, a bunaíodh le hAirteagal 118(1) de Threoir (AE) 2018/1972, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 21

Athbhreithniú

1.   Cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, dhá thuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le togra reachtach ina dhiaidh sin, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú.

Déanfar an chéad tuarascáil sin a thíolacadh faoin 30 Meitheamh 2025 agus an dara ceann faoin 30 Meitheamh 2029.

Áireofar leis na tuarascálacha, inter alia, measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

an tionchar a bheidh ag feidhmiú céimneach agus ag cur chun feidhme na chéad ghlúine eile de líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste ar an margadh fánaíochta;

(b)

éifeachtacht na n-oibleagáidí cáilíochta seirbhíse maidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta, infhaighteacht seirbhísí agus cáilíocht seirbhísí, lena n-áirítear na seirbhísí sin atá mar mhalairt ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí rialáilte, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus i bhfianaise na rochtana ar theicneolaíochtaí agus glúnta líonra éagsúla;

(c)

an méid iomaíochta atá sa mhargadh fánaíochta miondíola agus sa mhargadh fánaíochta mórdhíola araon, go háirithe na rátaí mórdhíola iarbhír a íocann na hoibreoirí agus staid iomaíoch oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, agus OLSFanna, lena n-áirítear na héifeachtaí iomaíochta a bhaineann le comhaontuithe fánaíochta mórdhíola tráchtála, trácht a thrádáiltear ar ardáin trádála agus ionstraimí comhchosúla agus an méid idirnasctha idir oibreoirí;

(d)

éabhlóid na fánaíochta meaisín le meaisín, lena n-áirítear fánaíocht ar ghléasanna IoT;

(e)

a mhéid a tháirg cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3, agus go háirithe, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis rialála náisiúnta, an nós imeachta i gcomhair udaruithe roimhe ré a leagtar síos in Airteagal 3(6), torthaí i bhforbairt na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta rialáilte;

(f)

éabhlóid na bpleananna taraife miondíola atá ar fáil;

(g)

athruithe ar phatrúin tomhaltais sonraí i gcás seirbhísí baile agus seirbhísí fánaíochta araon, lena n-áirítear athruithe ar phatrúin taistil úsáideoirí deiridh Eorpacha de bharr imthosca amhail paindéimí, mar shampla COVID-19, nó tubaistí nádúrtha;

(h)

cumas oibreoirí líonra baile a samhail muirearaithe baile a chothú agus a mhéid a bheidh formhuirir fánaíochta miondíola eisceachtúla údaraithe de bhun Airteagal 6;

(i)

cumas oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air na costais a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar arna dtabhú go héifeachtúil a aisghabháil, agus an fhaisnéis is déanaí maidir le himlonnú líonraí á cur san áireamh, mar aon le forbairtí ar acmhainneachtaí teicniúla, ar shamhlacha praghsála agus ar shrianta na líonraí, mar shampla an fhéidearthacht ríomhanna samhlacha costais a áireamh bunaithe ar an acmhainneacht seachas ar an tomhaltas;

(j)

tionchar chur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir ag oibreoirí, lena n-áirítear maidir le tomhaltas ag úsáideoirí deiridh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7, lena n-áirítear sainaithint aon neamhréireachtaí i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin maidir le húsáid chóir; chomh maith le héifeachtacht agus comhréireacht chur i bhfeidhm ginearálta na mbeartas sin;

(k)

a mhéid a bhíonn fadhbanna ag custaiméirí agus oibreoirí seirbhísí fánaíochta i ndáil le seirbhísí breisluacha agus cur chun feidhme an bhunachair sonraí de raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha a bhunaítear de bhun Airteagal 16, an chéad mhír, pointe (a);

(l)

cur i bhfeidhm bhearta an Rialacháin seo agus gearáin a bhaineann le húsáid cumarsáide éigeandála agus fánaíocht á déanamh;

(m)

gearáin a bhaineann le fánaíocht neamhaireach.

2.   Chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí iomaíocha i margaí fánaíochta uile-Aontais, baileoidh BEREC sonraí ó údaráis rialála náisiúnta go tráthrialta faoi na forbairtí atá ann maidir le muirir mhiondíola agus mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí rialáilte, lena n-áirítear muirir mhórdhíola a chuirtear i bhfeidhm ar thrácht fánaíochta chothromaithe agus neamhchothromaithe faoi seach, ar thionchar fheidhmiú céimneach agus chur chun feidhme na chéad ghlúine eile de líonraí cumarsáide soghluaiste agus teicneolaíochtaí ar an margadh fánaíochta, ar úsáid ardán trádála agus ionstraimí comhchosúla, ar fhorbairt na fánaíochta meaisín le meaisín agus gléasanna IoT, agus ar a mhéid a chumhdaíonn comhaontuithe fánaíochta mórdhíola cáilíocht na seirbhíse agus a mhéid a thugann siad rochtain ar theicneolaíochtaí agus glúnta éagsúla líonra. I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta sonraí den sórt sin a sholáthar i gcomhar le húdaráis inniúla eile.

Baileoidh BEREC sonraí go rialta freisin ó údaráis rialála náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir ag oibreoirí, forbairtí taraifí intíre amháin, cur i bhfeidhm na sásraí inbhuanaitheachta agus gearán faoin bhfánaíocht agus comhlíonadh na n-oibleagáidí cáilíochta seirbhíse. I gcás inarb iomchuí, comhordóidh na húdaráis rialála náisiúnta le húdaráis inniúla eile agus baileoidh siad sonraí den sórt sin ó údaráis den sórt sin. Déanfaidh BEREC faisnéis bhreise a bhailiú agus a sholáthar go rialta maidir le trédhearcacht, cur i bhfeidhm beart maidir le cumarsáid éigeandála, seirbhísí breisluacha agus fánaíocht ar líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste.

Baileoidh BEREC sonraí freisin maidir le comhaontuithe fánaíochta mórdhíola nach bhfuil faoi réir na muirear fánaíochta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 9, 10 nó 11 agus maidir le cur chun feidhme na mbeart conarthach ar an leibhéal mórdhíola atá dírithe ar chosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leas a bhaint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid í, chun críoch seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil.

Tabharfar fógra don Choimisiún faoi na sonraí arna mbailiú ag BEREC de bhun na míre seo uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí.

Faoin 30 Meitheamh 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, bunaithe ar na sonraí arna mbailiú ag BEREC de bhun na míre seo, agus ina dhiaidh sin, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

Ar bhonn na sonraí arna mbailiú de bhun na míre seo, déanfaidh BEREC tuairisciú go rialta maidir le héabhlóid na bpatrún praghsála agus tomhaltais sna Ballstáit i gcás seirbhísí baile agus fánaíochta araon, éabhlóid na rátaí fánaíochta mórdhíola iarbhír i gcás trácht neamhchothromaithe idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta, agus maidir leis an ngaol idir praghsanna miondíola, muirir mhórdhíola agus costais mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta. Déanfaidh BEREC measúnú ar cé chomh dlúth a bhaineann na gnéithe sin lena chéile.

Airteagal 22

Ceanglais fógartha

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chéannacht na n-údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, faoi chéannacht údarás inniúil eile atá freagrach as cúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo.

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2022.

Mar sin féin, beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis a sholáthar maidir le raonta uimhrithe do sheirbhísí breisluacha dá dtagraítear in Airteagal 13(1), an tríú fomhír, agus faisnéis faoi mhodhanna malartacha rochtana ar sheirbhísí éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 15, an dara mír, maidir leis an bhfaisnéis sna bunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 ón 1 Meitheamh 2023.

Rachaidh an Rialachán seo in éag an 30 Meitheamh 2032.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  IO C 374, 16.9.2021, lch. 28.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Aibreán 2022.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2017/920 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le margaí fánaíochta mórdhíola (IO L 147, 9.6.2017, lch. 1).

(7)  Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 7).

(8)  Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 21).

(9)  Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir Réime) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).

(10)  Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51).

(11)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(12)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(13)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe atá sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin (IO L 344, 17.12.2016, lch. 46).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos (IO L 137, 22.4.2021, lch. 1).

(17)  Cinneadh 2010/166/AE ón gCoimisiún an 19 Márta 2010 maidir le coinníollacha comhchuibhithe úsáide speictrim raidió do sheirbhísí cumarsáide soghluaiste ar bord soithí (seirbhísí MCV) san Aontas Eorpach (IO L 72, 20.3.2010, lch. 38).

(18)  Cinneadh 2008/294/CE ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2008 maidir le coinníollacha comhchuibhithe úsáide speictrim chun seirbhísí cumarsáide soghluaiste a oibriú ar aerárthaí (seirbhísí MCA) sa Chomhphobal (IO L 98, 10.4.2008, lch. 19).

(19)  Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO L 321, 17.12.2018, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 172, 30.6.2012, lch. 10)

 

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 310, 26.11.2015, lch. 1)

Airteagal 7 amháin

Rialachán (AE) 2017/920 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 147, 9.6.2017, lch. 1)

 


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Rialachán (AE) Uimh. 531/2012

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

-

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(4)

-

Airteagal 1(5)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(6)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(7)

-

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)(a) agus (b)

Airteagal 2(2)(a) agus (b)

Airteagal 2(2)(c)

-

Airteagal 2(2)(d)

Airteagal 2(2)(c)

Airteagal 2(2)(e)

Airteagal 2(2)(d)

Airteagal 2(2)(f)

Airteagal 2(2)(e)

Airteagal 2(2)(g)

Airteagal 2(2)(f)

Airteagal 2(2)(h)

Airteagal 2(2)(g)

Airteagal 2(2)(j)

Airteagal 2(2)(h)

Airteagal 2(2)(k)

Airteagal 2(2)(i)

Airteagal 2(2)(m)

Airteagal 2(2)(j)

Airteagal 2(2)(o)

Airteagal 2(2)(k)

Airteagal 2(2)(p)

Airteagal 2(2)(l)

Airteagal 2(2)(q)

Airteagal 2(2)(m)

Airteagal 2(2)(r)

Airteagal 2(2)(n)

Airteagal 2(2)(s)

-

Airteagal 3(1) go (8)

Airteagal 3(1) go (8)

Airteagal 3(9)

-

Airteagal 4

-

Airteagal 5

-

Airteagal 6

Airteagal 20

Airteagal 6a

Airteagal 4(1)

-

Airteagal 4(2)

-

Airteagal 4(3)

Airteagal 6b

Airteagal 5

Airteagal 6c

Airteagal 6

Airteagal 6d(1), (2) agus (3)

Airteagal 7(1), (2) agus (3)

Airteagal 6d(4)

Airteagal 7(1), an tríú fomhír

Airteagal 6d(5)

Airteagal 7(4)

-

Airteagal 7(5)

Airteagal 6e(1), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 6e(1)(a)

Airteagal 8(1)(a)

Airteagal 6e(1)(b)

-

Airteagal 6e(1)(c)

Airteagal 8(1)(b)

Airteagal 6e(1), an dara fomhír

Airteagal 8(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 6e(1), an tríú fomhír

Airteagal 8(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 6e(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 8(1), an dara fomhír

Airteagal 6e(2)

-

Airteagal 6e(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 6e(4), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 8(3), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 6e(4), an chéad fhomhír, (a) agus (b)

Airteagal 8(3)(a) agus (b)

-

Airteagal 8(3)(c)

-

Airteagal 8(4)

Airteagal 6e(4), an dara fomhír

Airteagal 8(5)

-

Airteagal 8(6)

Airteagal 6f

-

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

-

Airteagal 12

Airteagal 11

-

Airteagal 12

Airteagal 14(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

-

Airteagal 13(1), an tríú fomhír

Airteagal 14(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 13(1), an ceathrú fomhír agus an cúigiú fomhír

Airteagal 14(1), an tríú fomhír

Airteagal 15(2)

Airteagal 14(1), an cúigiú agus an séú fomhír

Airteagal 13(1), an séú agus an seachtú fomhír

Airteagal 14(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 14(2a)

Airteagal 13(3)

Airteagal 14(3)

Airteagal 13(4)

-

Airteagal 13(6)

Airteagal 14(4)

Airteagal 13(5)

Airteagal 15(1) agus (2)

Airteagal 14(1) agus (2)

Airteagal 15(2a)

Airteagal 14(3)

Airteagal 15(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 15(4)

Airteagal 14(5)

Airteagal 15(5)

Airteagal 14(6)

-

Airteagal 14(7)

Airteagal 15(6)

Airteagal 14(8)

-

Airteagal 15

-

Airteagal 16

Airteagal 16(1) go (4)

Airteagal 17(1) go (4)

Airteagal 16(4a)

Airteagal 17(5)

Airteagal 16(5)

Airteagal 17(6)

Airteagal 16(6)

Airteagal 17(7)

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 19(1)

-

Airteagal 19(2)

-

Airteagal 19(3), an chéad fhomhír

Airteagal 21(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

-

Airteagal 21(1), an tríú fomhír, (a)

Airteagal 19(3), an dara fomhír (a) agus (b)

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (b) agus (c)

-

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (d)

Airteagal 19(3)(c)

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (e)

Airteagal 19(3)(d)

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (f)

Airteagal 19(3)(e)

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (g)

Airteagal 19(3)(f)

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (h)

Airteagal 19(3)(g)

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (i)

Airteagal 19(3)(h)

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (j)

-

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (k)

-

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (l)

-

Airteagal 21(1), an tríú fomhír (m)

Airteagal 19(4), an chéad fhomhír

Airteagal 21(2), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 19(4), an dara fomhír

Airteagal 21(2), an ceathrú fomhír

-

Airteagal 21(2), an cúigiú fomhír

Airteagal 19(4), an tríú fomhír

Airteagal 21(2), an séú fomhír

Airteagal 19(4), an ceathrú fomhír

Airteagal 21(2), an dara fomhír

Airteagal 20

Airteagal 22

Airteagal 21

Airteagal 23

Airteagal 22

Airteagal 24

-

 

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II