12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/60


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/595 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialacháin áirithe a bhaineann le bearta sriantacha agus lena leagtar amach liosta aonair le haghaidh na nIarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin sin ina bhfuil sonraí teagmhála údaráis inniúla na mBallstát agus an seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún Eorpach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 7 de, Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida (2), agus go háirithe Airteagal 7(1)(b) de, Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le bearta sriantacha áirithe i leith na Somáile (3), agus go háirithe Airteagal 6a de, Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (4), agus go háirithe Airteagal 11(c) de, Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (5), agus go háirithe Airteagal 11(a) de, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (6), agus go háirithe Airteagal 9(6) de, Rialachán (CE) Uimh. 305/2006 ón gComhairle an 21 Feabhra 2006 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha i gcoinne daoine áirithe a bhfuil amhras ann ina dtaobh go raibh baint acu le feallmharú iarPhríomh-Aire na Liobáine Rafiq Hariri (7), agus go háirithe Airteagal 8(1)(b) de, Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (8), agus go háirithe Airteagal 8 de, Rialachán (CE) Uimh. 1412/2006 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006 maidir le bearta sriantacha áirithe i leith na Liobáine (9), agus go háirithe Airteagal 5 de, Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i leith Phoblacht na Guine (10), agus go háirithe Airteagal 15 de, Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha áirithe, eintitis áirithe nó comhlachtaí áirithe, i bhfianaise na staide sa tSomáil (11), agus go háirithe Airteagal 11 de, Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle an 4 Feabhra 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (12), agus go háirithe Airteagal 11 de, Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (13), agus go háirithe Airteagal 11 de, Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle an 1 Lúnasa 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine aonair, grúpaí, gnóthais agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin (14), agus go háirithe Airteagal 10 de, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (15), agus go háirithe Airteagal 31 de, Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (16), agus go háirithe Airteagal 45 de, Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle an 3 Bealtaine 2012 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol (17), agus go háirithe Airteagal 10 de, Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (18), agus go háirithe Airteagal 7 de, Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (19), agus go háirithe Airteagal 13 de, Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (20), agus go háirithe Airteagal 16 de, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i leith gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (21), agus go háirithe Airteagal 13 de, Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle an 10 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 131/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1184/2005 (22), agus go háirithe Airteagal 14 de, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (23), agus go háirithe Airteagal 7 de, Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide in Éimin (24), agus go háirithe Airteagal 14 de, Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le bearta sriantacha i leith na staide sa tSúdáin Theas, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 748/2014 (25), agus go háirithe Airteagal 19 de, Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (26), agus go háirithe Airteagal 12 de, Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (27), agus go háirithe Airteagal 20(a) de, Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise atá dírithe i gcoinne SIIL (Da'esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo (28), agus go háirithe Airteagal 17 de, Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (29), agus go háirithe Airteagal 46(a) de, Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (30), agus go háirithe Airteagal 12(7) de, Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (31), agus go háirithe Airteagal 17(5) de, Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (32), agus go háirithe Airteagal 12(5) de, Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe a chuireann an tAontas nó a Bhallstáit i mbaol (33), agus go háirithe Airteagal 13(5) de, Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (34), agus go háirithe Airteagal 12(5) de, Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (35), agus go háirithe Airteagal 14(5) de, Rialachán (AE) 2021/1275 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (36), agus go háirithe Airteagal 13(5) de, Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a bheith tugtha do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Lugansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéar sin (37), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun sonraí teagmhála údaráis inniúla na mBallstát a chomhchuibhiú agus a thabhairt cothrom le dáta faoi Rialacháin áirithe a bhaineann le bearta sriantacha, leagtar amach sa Rialachán seo liosta aonair de shonraí teagmhála údaráis inniúla na mBallstát agus an seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún.

(2)

Cuirtear an liosta aonair de shonraí teagmhála údaráis inniúla na mBallstát agus an seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún a leagtar amach sa Rialachán seo in ionad na liostaí sonracha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 305/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1412/2006 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2021/1275 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle, agus ba cheart, dá bhrí sin, na rialacháin sin a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle.

Airteagal 2

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle.

Airteagal 3

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 147/2003 ón gComhairle.

Airteagal 4

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle.

Airteagal 5

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle.

Airteagal 6

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle.

Airteagal 7

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 305/2006 ón gComhairle.

Airteagal 8

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle.

Airteagal 9

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1412/2006 ón gComhairle.

Airteagal 10

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 ón gComhairle.

Airteagal 11

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle.

Airteagal 12

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle.

Airteagal 13

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle.

Airteagal 14

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle.

Airteagal 15

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle.

Airteagal 16

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle.

Airteagal 17

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle.

Airteagal 18

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle.

Airteagal 19

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle.

Airteagal 20

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle.

Airteagal 21

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle.

Airteagal 22

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle.

Airteagal 23

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle.

Airteagal 24

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle.

Airteagal 25

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle.

Airteagal 26

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle.

Airteagal 27

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle.

Airteagal 28

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle.

Airteagal 29

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle.

Airteagal 30

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle.

Airteagal 31

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle.

Airteagal 32

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle.

Airteagal 33

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle.

Airteagal 34

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle.

Airteagal 35

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle.

Airteagal 36

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1275 ón gComhairle.

Airteagal 37

Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle.

Airteagal 38

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.

(2)  IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.

(3)  IO L 24, 29.1.2003, lch. 2.

(4)  IO L 169, 8.7.2003, lch. 6.

(5)  IO L 55, 24.2.2004, lch. 1.

(6)  IO L 193, 23.7.2005, lch. 1.

(7)  IO L 51, 22.2.2006, lch. 1.

(8)  IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.

(9)  IO L 267, 27.9.2006, lch. 2.

(10)  IO L 346, 23.12.2009, lch. 26.

(11)  IO L 105, 27.4.2010, lch. 1.

(12)  IO L 31, 5.2.2011, lch. 1.

(13)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(14)  IO L 199, 2.8.2011, lch. 1.

(15)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.

(16)  IO L 88, 24.3.2012, lch. 1.

(17)  IO L 119, 4.5.2012, lch. 1.

(18)  IO L 121, 3.5.2013, lch. 1.

(19)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.

(20)  IO L 70, 11.3.2014, lch. 1.

(21)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

(22)  IO L 203, 11.7.2014, lch. 1.

(23)  IO L 229, 31.7.2014, lch. 1.

(24)  IO L 365, 19.12.2014, lch. 60.

(25)  IO L 117, 8.5.2015, lch. 13.

(26)  IO L 257, 2.10.2015, lch. 1.

(27)  IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.

(28)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.

(29)  IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.

(30)  IO L 251, 29.9.2017, lch. 1.

(31)  IO L 295, 14.11.2017, lch. 21.

(32)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.

(33)  IO L 129I, 17.5.2019, lch. 1.

(34)  IO L 291, 12.11.2019, lch. 3.

(35)  IO L 410I, 7.12.2020, lch. 1.

(36)  IO L 277I, 2.8.2021, lch. 1.

(37)  IO L 42I, 23.2.2022, lch. 77.


IARSCRÍBHINN

“AN BHEILG

https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

AN BHULGÁIR

https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions

AN tSEICIA

www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

AN DANMHAIRG

http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

AN GHEARMÁIN

https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html

AN EASTÓIN

https://vm.ee/et/rahvusvahelised-sanktsioonid

ÉIRE

https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/

AN GHRÉIG

http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

AN SPÁINN

https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

AN FHRAINC

http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

AN CHRÓIT

https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955

AN IODÁIL

https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/

AN CHIPIR

https://mfa.gov.cy/themes/

AN LAITVIA

http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

AN LIOTUÁIN

http://www.urm.lt/sanctions

LUCSAMBURG

https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

AN UNGÁIR

https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

MÁLTA

https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx

AN ÍSILTÍR

https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

AN OSTAIR

https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/

AN PHOLAINN

https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe

https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions

AN PHORTAINGÉIL

https://www.portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas

AN RÓMÁIN

http://www.mae.ro/node/1548

AN tSLÓIVÉIN

http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

AN tSLÓVAIC

https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

AN FHIONLAINN

https://um.fi/pakotteet

AN tSUALAINN

https://www.regeringen.se/sanktioner

Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

An Coimisiún Eorpach

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

Rue de Spa/Spastraat 2

1049 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË

R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu”