4.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 105/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/526 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Aibreán 2022

lena maolaítear ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 i leith na scoilbhliana 2021/2022 a mhéid a bhaineann le seiceálacha ar an láthair ar áitribh iarratasóirí ar chabhair nó foras oideachais chun críocha na scéime scoile

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 10(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (2), leagtar síos íoschéatadán na seiceálacha ar an láthair atá le déanamh ar áitribh iarratasóirí ar chabhair a bhíonn ag déileáil le soláthar agus dáileadh táirgí agus le bearta tionlacain oideachais faoi chuimsiú na scéime dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (“an scéim scoile”). Foráiltear le hAirteagal 10(3), an ceathrú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, i gcás nach foras oideachais an t-iarratasóir ar chabhair, go bhfuil an tseiceáil ar an láthair arna déanamh ar áitreabh an iarratasóra le forlíonadh le seiceálacha ar an láthair ar áitribh dhá fhoras oideachais ar a laghad nó ar áitribh 1 % ar a laghad de na forais oideachais arna dtaifeadadh ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 ón gCoimisiún (4), cibé acu is mó.

(2)

De dheasca na mbeart atá i bhfeidhm chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, dúnadh na bhforas oideachais agus na srianta rochtana ar chuairteoirí seachtracha ar a n-áitribh go háirithe, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag na Ballstáit maidir le seiceálacha tráthúla ar an láthair ar áitribh iarratasóirí ar chabhair nó foras oideachais a phleanáil agus a fhorghníomhú le linn na scoilbhliana 2021/2022. Dá bhrí sin, is iomchuí a fhoráil, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann na seiceálacha sin ar an láthair a dhéanamh mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, go bhféadfaidh siad a chinneadh seiceálacha den sórt sin a dhéanamh go cianda, trí fhíschomhdhálacha, mar shampla.

(3)

Le hAirteagal 10(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, leagtar síos na rialacha agus na modhanna is infheidhme maidir leis an tuairisciú ar na seiceálacha agus ar na torthaí orthu. Chun an trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit údar a thabhairt leis an ngá leis an maolú dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus ba cheart dóibh tuairisciú ar úsáid an mhaolaithe sa tuairisc rialaithe atá le tarraingt suas i gcás gach seiceála ar an láthair a dhéantar go cianda.

(4)

Is iomchuí, dá bhrí sin, maolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 i leith na scoilbhliana 2021/2022.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   De mhaolú ar Airteagal 10(3), an dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann na seiceálacha ar an láthair ar áitribh iarratasóirí ar chabhair nó foras oideachais a dhéanamh i leith na scoilbhliana 2021/2022, de dheasca na mbeart arna gcur i bhfeidhm chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, féadfar na seiceálacha sin a dhéanamh go cianda.

2.   De mhaolú ar Airteagal 10(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, i gcás ina ndéantar na seiceálacha ar an láthair go cianda i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an t-údarás rialaithe inniúil údar leis an ngá le maolú den sórt sin agus tuairisceoidh sé ar úsáid an mhaolaithe freisin sa tuarascáil rialaithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (IO L 5, 10.1.2017, lch. 11).