1.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/56


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/518 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Eanáir 2022

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/985 a mhéid a bhaineann lena chuid forálacha idirthréimhseacha maidir le feithiclí áirithe talmhaíochta agus foraoiseachta atá feistithe le hinnill sa raon cumhachta idir 56kW nó níos mó ná sin, agus níos lú ná 130 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (1), agus go háirithe Airteagal 19(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, na hinnill atá feistithe i bhfeithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta, bíonn siad de réir theorainneacha astaíochtaí Chéim V agus na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

Mar gheall ar an gcur isteach leanúnach de dheasca phaindéim COVID-19, leasaíodh Rialachán (AE) 2016/1628 le Rialachán (AE) 2021/1068 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ionas go gcuirfí siar na spriocdhátaí atá ann in 2021 maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha sa raon cumhachta idir 56 kW agus 130 kW. Cuireadh síneadh 6 mhí le spriocdháta an 30 Meitheamh 2021 maidir le táirgeadh an innealra atá feistithe leis na hinnill sin, agus cuireadh síneadh 9 mí le spriocdháta an 31 Nollaig 2021 maidir leis an innealra atá feistithe leis na hinnill sin a chur ar an margadh.

(3)

An cur isteach leanúnach ar an slabhra soláthair agus ar an táirgeadh atá ann de dheasca phaindéim COVID-19, is cúis mhoille fós é maidir le feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, ar feithiclí iad atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha sa réimse cumhachta idir 56 kW agus 130 kW. Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, agus chun an cur isteach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an margadh a sheachaint, is gá síneadh a chur le forálacha idirthréimhseacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/985 (4) ón gCoimisiún i gcás na gcatagóirí inneall sin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/985 a leasú dá réir.

(5)

Toisc nach n-imreoidh fadú na bhforálacha idirthréimhseacha aon tionchar ar an gcomhshaol, ós rud é go bhfuil na hinnill idirthréimhseacha lena mbaineann táirgthe cheana, 9 mí agus 6 mhí ba cheart a bheith sa síntí a chuirfear leis na tréimhsí ábhartha ionas go mbeifear de réir tréimhsí sínte dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/1628.

(6)

Ós rud é go bhfuil an idirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 13(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/985 i gcás innill áirithe le dul in éag an 31 Nollaig 2021 agus go raibh go dtí an 30 Meitheamh 2021 ag monaróirí chun feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha na bhfochatagóirí sin a tháirgeadh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Iúil 2021. Is gá foráil den chineál sin a dhéanamh mar tá cur isteach fós á dhéanamh de bharr paindéim COVID-19, rud nach raibh coinne leis, agus mar is gá deimhneacht dhlíthiúil agus cóir chomhionann idir monaróirí a áirithiú, táirgidís feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó táirgidís ina dhiaidh iad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 13 cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 5:

“Innill d’fhochatagóirí de chatagóir NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta éigeantach cur i bhfeidhm a leagtar amach ina dtaobh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628 i ndáil le hinnill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa tríú fomhír, i gcás na n-inneall sin údaróidh na Ballstáit an síneadh 9 mí leis an tréimhse 24 mhí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír, agus údaróidh siad an síneadh 6 mhí leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa dara fhomhír.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 60, 2.3.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1068 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena chuid forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sa raon cumhachta idir 56 kW, nó níos mó sin, agus níos lú ná 130 kW, nó sa raon cumhachta is mó ná 300kW nó atá cothrom leis sin, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 (IO L 230, 30.6.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/985 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais feidhmíochta comhshaoil agus modha tiomána i ndáil le feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta agus a n-inneall, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/96 ón gCoimisiún (IO L 182, 18.7.2018, lch. 1).