|
1.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/51 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/516 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle (1) an 11 Meitheamh 2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú, agus go háirithe Airteagal 24(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007, bunaítear creat lena rialaítear cleachtais sa dobharshaothrú maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na speicis sin agus ag speicis ghaolmhara nach spriocspeicis iad ar ghnáthóga uiscí agus chun an tionchar sin a laghdú oiread agus is féidir. |
|
(2) |
Liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 speicis a úsáideadh go coitianta sa dobharshaothrú ar feadh i bhfad i gcodanna áirithe den Aontas, agus a fhaigheann tairbhe cóireála difreálaí, dá bhrí sin, rud a éascaíonn iad a fhorbairt gan aon ualach riaracháin breise, mar a fhoráiltear in Airteagal 2(5) den Rialachán sin. |
|
(3) |
Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún speicis a chur le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Rialachán (CE) Uimh. 708/2007. I Rialachán (CE) Uimh. 535/2008 ón gCoimisiún, sonraítear rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha is gá chun speicis a chur le hIarscríbhinn IV (2). |
|
(4) |
D’iarr an Ghréig go gcuirfí speiceas an deargáin, ar a dtugtar an garbhánach pargach Seapánach (Pagrus major) freisin le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007, de bhun rialacha mionsonraithe Rialachán (CE) Uimh. 535/2008, agus go háirithe Airteagal 3 de. Cinneadh i staidéar arna chur isteach in éineacht leis an iarraidh go bhfuiltear ag saothrú an speicis sin sa dobharshaothrú Gréagach le tamall fada gan aon éifeacht dhíobhálach. Tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarraidh sin, chinn an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh agus gur tugadh bunús di leis an bhfaisnéis ar fad a bhí ag teastáil. |
|
(5) |
Tugann an leasú ar Iarscríbhinn IV, tar éis na hiarrata ón nGréig, deis chun an téarmaíocht atá in úsáid san Iarscríbhinn a choigeartú. Mílitríodh ainm Laidine an bhradáin fearna Rúisigh (Acipenser gueldenstaedtii) agus tá ainm ceart le cur ina ionad. Is tráthúil freisin nuashonrú a dhéanamh ar ainm Laidine an charbáin cheannmhóir ó Aristichthys nobilis go Hypophthalmichthys nobilis. |
|
(6) |
Ar mhaithe le soiléireacht, mínítear i bhfonóta a cuireadh le hIarscríbhinn IV nach chun tairbhe go huathoibríoch do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hibridí speiceas a liostaítear san Iarscríbhinn seo an chóireáil dhifreálach a dhéantar i leith na speiceas a liostaítear. D’fhonn tairbhe a bhaint as an gcóireáil sin, ní mór an nós imeachta maidir le speicis a chur leis an iarscríbhinn a leanúint. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007:
|
(1) |
I gCUID A – Ginearálta, cuirtear an speiceas seo a leanas leis: Pagrus major, an deargán, ar a dtugtar an garbhánach pargach Seapánach freisin. |
|
(2) |
Cuirtear Acipenser gueldenstaedtii in ionad ainm Laidine an speicis Acipenser gueldenstaeti. |
|
(3) |
Cuirtear Hypophthalmichthys nobilis in ionad ainm Laidine an speicis Aristichthys nobilis. |
|
(4) |
Cuirtear fonóta leis an teideal in Iarscríbhinn IV agus an téacs seo a leanas ann: “Níor cheart a mheas gur cuid den liosta sin iad hibridí speiceas atá ar áireamh san Iarscríbhinn seo.” |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 168, 28.6.2007, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 535/2008 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú (IO L 156, 14.6.2008, lch. 6).