|
30.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 102/11 |
RIALACHÁN (AE) 2022/504 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 25 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/445 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais (BCE/2016/4) (BCE/2022/14)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagail 4(3) agus 6 agus Airteagal 9(1) agus (2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmeasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (2), agus go háirithe Airtegail 400(2), 415(3), 420(2), 428p(10), 428q(2), 428aq(10), 428ar(2), 467(3), 468(3) agus 471(1) de,
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (3), agus go háirithe Airtegail 12(3) agus 23(2), agus Airteagal 24(4) agus (5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá reachtaíocht a glacadh ón uair a glacadh Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2016/4) tar éis roghanna agus discréidí áirithe nua a thabhairt isteach i ndlí an Aontais agus roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais agus a fheidhmigh an Banc Ceanais ns hÉireann (BCE) de bhun Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) (4) a leasú nó a scriosadh. Dá bhrí sin, tá gá le leasuithe iarmhartacha ar Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) chun na hathruithe sin a léiriú. |
|
(2) |
Ina theannta sin, de bhun Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4), díolmhaítear risíochtaí inghrúpa ó theorainneacha ábhartha na risíochtaí móra, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa critéir áirithe. Ón uair a glacadh Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) tá méadú tagtha ar leibhéal imní stuamachta an BCE faoi chleachtais chlárúcháin institiúidí creidmheasa a bhaineann le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha. Ba cheart, dá bhrí sin, raon feidhme Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a theorannú do risíochtaí inghrúpa ar eintitis atá bunaithe laistigh den Aontas. |
|
(3) |
Ba cheart Airteagal 9(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a leasú chun go gceadófar le hinstitiúidí creidmheasa a chomhlíonann na critéir ábhartha, trí theorainn chainníochtúil ar luach na risíochtaí ábhartha a urramú, úsáid a bhaint as díolúine pháirteach i dteannta na díolúine iomláine atá ar fáil faoi láthair. |
|
(4) |
Maidir le táirgí a bhaineann le maoiniú trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe, measann an BCE gur gá níos mó solúbthachta a thabhairt isteach i ndáil le rátaí eis-sreafaí a chinneadh chun críocha Airteagal 23(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (5). Dá bhrí sin, ba cheart an sonraíocht ráta eis-sreabhaidh caighdeánaithe 5 % in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a bhaint. Ina ionad sin, mar is amhlaidh i gcás na dtáirgí agus na seirbhísí eile a thagann faoi raon feidhme Airteagal 23 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, ba cheart don BCE rátaí eis-sreafaí i gcomhair táirgí a bhaineann le maoiniú trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe a chinneadh trí ghlacadh leis na rátaí eis-sreafaí arna gcur i bhfeidhm ag an institiúid creidmheasa ábhartha nó trí ráta eis-sreabhadh níos airde a shocrú, le huasteorainn 5 %. |
|
(5) |
Chun tacú leis an gcuspóir um cheanglais stuamachta a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa, ba cheart beartas ginearálta a bhunú chun mórinnéacsanna stoic a shainaithint i mBallstát nó i dtríú tír chun críocha Airteagal 12(1)(c)(i) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61. |
|
(6) |
Le tabhairt isteach an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (net stable funding ratio, NSFR) mar atá leagtha amach i dTeideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla roinnt roghanna agus discréidí nua a bhaineann leis an gceanglas NSFR a fheidhmiú. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a nuashonrú dá réir. |
|
(7) |
Chun tacú leis an bprionsabal ar dá réir a gcaitear go comhionann le hinstitiúidí creidmheasa, ba cheart roghanna agus discréidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an cheanglais NSFR ag institiúidí beaga agus neamhchasta, mar a thuairiscítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fheidhmiú ar an mbealach céanna a fheidhmítear na roghanna agus na discréidí comhfhreagracha a bhaineann le cur i bhfeidhm an cheanglais NSFR ag institiúidí creidmheasa eile, mar atá leagtha amach i gCaibidlí 1 go 4 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
|
(8) |
Chuir factóirí áirithe bac ar chur i bhfeidhm praiticiúil na discréide a ndírítear uirthi in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) trína bhféadfaidh údaráis inniúla údarú a thabhairt d’institiúidí ráta eis-sreafa 3 % a chur i bhfeidhm maidir le taiscí miondíola cobhsaí a chumhdaítear le scéim ráthaíochta taiscí, faoi réir ceadú roimh ré ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 24(4) agus (5) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61. Tá gá le tuilleadh fianaise agus anailíse d’fhonn a thaispeáint go mbeadh na rátaí caillteanais le haghaidh taiscí miondíola cobhsaí a chumhdaítear le scéim ráthaíochta taiscí dá dtagraítear in Airteagal 24(5) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 faoi bhun 3 % le linn aon tréimhse struis a bheadh ag na hinstitiúidí agus atá i gcomhréir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61. Cheal fianaise agus anailíse den sórt sin, ba cheart an beartas ginearálta lena n-údaraítear cur i bhfeidhm ráta eis-sreafa 3 % a bhaint de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE 2016/4). |
|
(9) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, tá comhairliúchán poiblí oscailte déanta ag an BCE ar an Rialachán seo. |
|
(10) |
Tá cinneadh Bhord Maoirseachta an BCE an togra chun an Rialachán seo a ghlacadh déanta i gcomhréir le hAirteagal 26(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) mar a leanas:
|
1. |
Scriostar Airteagal 5; |
|
2. |
In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 go 5: ‘3. Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a thabhaíonn institiúid chreidmheasa i leith na ngnóthas dá dtagraítear ann, a mhéid atá na gnóthais sin bunaithe san Aontas, díolmhaithe ón gcur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a mhéid a chumhdaítear na gnóthais sin leis an maoirseacht chéanna ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. 4. Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. 5. Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(e) go (l) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe go hiomlán, nó i gcás na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(i), beidh siadsan díolmhaithe suas go dtí an uasmhéid ceadaithe, ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin. (*1) Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).’;" |
|
3. |
I gCaibidil IV, cuirtear an ceannteideal seo a leanas i ndiaidh an cheannteidil ‘Leachtacht’: ‘ Ceanglas maidir le Cumhdach Leachtachta ’; |
|
4. |
Scriostar Airteagail 10 agus 11; |
|
5. |
Cuirtear an Airteagal 11a seo a leanas isteach: ‘Airteagal 11a Airteagal 12(1)(c)(i) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: Mórinnéacsanna malartáin na mBallstát nó tríú tír a shainaithint Cáilíonn na hinnéacsanna seo a leanas mar mhórinnéacsanna malartáin chun raon feidhme na scaireanna a d’fhéadfadh cáiliú mar shócmhainní Leibhéal 2B de bhun Airteagal 12(1)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a chinneadh:
(*2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 an 13 Meán Fómhair 2016 ón gCoimisiún lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le príomhinnéacsanna agus malairtí aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 245, 14.9.2016, lch. 5).’;" |
|
6. |
I gCaibidil IV, cuirtear isteach an Roinn II seo a leanas i ndiaidh Airteagal 12: ‘
Airteagal 12a Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) 575/2013: Factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe Mura gcinnfidh an BCE fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh difriúla, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm le haghaidh na risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi raon feidhme Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus nach dtagraítear dóibh i gCaibidil 4 de Theideal IV de Cuid a Sé de Rialachán (AE) 575/2013, fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a fhreagraíonn do na rátaí eis-sreafaí a chuireann siad i bhfeidhm maidir le táirgí agus seirbhísí gaolmhara i gcomhthéacs Airteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 sa cheanglas maidir le cumhdach leachtachta. Airteagal 12b Airteagal 428q(2) de Rialachán (AE) 575/2013: Téarma ualaithe ar shócmhainní arna leithscaradh a chinneadh I gcás ina bhfuil sócmhainní leithscartha de réir Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus mura bhfuil institiúidí in ann na sócmhainní sin a dhiúscairt gan srian, breithneoidh institiúidí na sócmhainní sin mar ualaithe ar feadh tréimhse a fhreagraíonn do théarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglais sin maidir le leithscaradh. Airteagal 12c Airteagal 428aq(10) de Rialachán (AE) 575/2013: Factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe Leanfaidh institiúidí ar thug an BCE cead dóibh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí simplithe dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 12a. Airteagal 12d Airteagal 428ar(2) de Rialachán (AE) 575/2013: Téarma ualaithe ar shócmhainní arna leithscaradh a chinneadh Leanfaidh institiúidí ar thug an BCE cead dóibh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 12b. (*3) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).’;" |
|
7. |
Scriostar Airteagail 13 go 16; |
|
8. |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Forálacha críochnaitheacha
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 25 Márta 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.
(2) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(3) IO L 11, 17.1.2015, lch. 1.
(4) Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Márta 2016 maidir le roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais a fheidhmiú (BCE/2016/4) (IO L 78, 24.3.2016, lch. 60).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) mar a leanas:
|
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (ii) d’fhomhír (a) de mhír 2:
|
|
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (ii) d’fhomhír (c) de mhír 3:
|