23.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 94/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/463 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Márta 2022

lena gceartaítear an leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe chun na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (2), tá earráid i bpointe 1.1.2.3, an chéad abairt, den Iarscríbhinn, earráid a athraíonn brí na forála.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).