18.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 90/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/439 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Deireadh Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht mheasúnaithe a shonrú nach mór d’údaráis inniúla a leanúint nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar chomhlíontacht institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta leis na ceanglais maidir le Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha a úsáid

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 144(2), an tríú fomhír d’Airteagal 173(3) agus an tríú fomhír d’Airteagal 180(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an gceanglas i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach mór d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais maidir le Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha (IRB) a úsáid, baineann sé le gach ceann de na ceanglais chun Cur Chuige IRB a úsáid, gan beann ar a méid ábharthachta, agus baineann sé le comhlíontacht leis na ceanglais gach tráth. Mar thoradh air sin, ní bhaineann an ceanglas sin leis an measúnú ar an iarratas tosaigh ó institiúid le haghaidh cead chun na córais rátála a úsáid chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh amháin, ach baineann sé leis an méid seo a leanas freisin: an measúnú ar aon iarratas breise ó institiúid le haghaidh cead chun na córais rátála a úsáid a cuireadh chun feidhme de réir plean formheasta na hinstitiúide maidir le Cur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach; measúnú ar an iarratas chun athruithe ábhartha a dhéanamh ar na cuir chuige inmheánacha a bhfuair an institiúid cead a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 143(3) den Rialachán sin agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014 ón gCoimisiún (2); athruithe ar Chur Chuige IRB nach mór fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 143(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014; an t-athbhreithniú leanúnach ar Chur Chuige IRB a bhfuair an institiúid cead a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 101(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); measúnú ar iarratais chun cead a fháil filleadh ar chuir chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 149 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart do na húdaráis inniúla na critéir chéanna a chur i bhfeidhm maidir le gach ceann de na gnéithe áirithe sin den mheasúnú ar chomhlíontacht leis na ceanglais chun Cur Chuige IRB a úsáid. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha ina leagtar amach an mhodheolaíocht mheasúnaithe sin maidir le gach ceann de na cásanna sin, chun a áirithiú go ndéanann na húdaráis inniúla comhchuibhiú ar mhodheolaíochtaí measúnaithe agus chun an riosca a bhaineann le harbatráiste rialála a sheachaint.

(2)

Ba cheart an mhodheolaíocht mheasúnaithe a chuimsiú i modhanna a úsáidfidh na húdaráis inniúla, go roghnach nó go héigeantach, agus foráil a dhéanamh maidir le critéir atá faoi réir fíorú na n-údarás inniúil.

(3)

Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú comhsheasmhach ar chomhlíontacht leis na ceanglais atá le comhlíonadh maidir le Cur Chuige IRB a úsáid ar fud an Aontais, is gá go gcuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna céanna i bhfeidhm don mheasúnú sin. Mar thoradh air sin, is gá sraith modhanna a leagan síos a bheidh le cur i bhfeidhm ag gach údarás inniúil. Mar sin féin, i bhfianaise chineál na samhla measúnaithe agus éagsúlacht agus saintréithe na samhlacha, ba cheart do na húdaráis inniúla a ndiscréid mhaoirseachta a úsáid freisin nuair atá na modhanna sin maidir leis na samhlacha sonracha atá faoi scrúdú á gcur i bhfeidhm. Ba cheart go sonrófaí sa mhodheolaíocht mheasúnaithe sa Rialachán seo na critéir íosta a úsáidfidh na húdaráis inniúla chun comhlíontacht leis na ceanglais maidir le Cur Chuige IRB a úsáid, a fhíorú, agus oibleagáid a leagan síos do na húdaráis inniúla chun aon chritéar ábhartha eile is gá chun na críche sin a fhíorú. Thairis sin, i gcásanna áirithe inar thug an t-údarás inniúil faoi mheasúnuithe le déanaí maidir le córais rátála chomhchosúla san aicme céanna risíochtaí, is iomchuí cead a thabhairt torthaí na measúnuithe sin a úsáid, seachas iallach a bheith ar an údarás inniúil tabhairt fúthu arís, má mheasann an t-údarás inniúil, tar éis a dhiscréid a chur i bhfeidhm, nach mbaineann aon athrú ábhartha leo. Ba cheart castacht, ualaí gan ghá agus dúbailt oibre a sheachaint leis sin.

(4)

I gcás ina bhfuil na húdaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais chun Cur Chuige IRB a úsáid chun críocha eile seachas an t-iarratas tosaigh le haghaidh ceada, níor cheart do na húdaráis inniúla ach na rialacha sin atá ábhartha do raon feidhme an mheasúnaithe le haghaidh na gcríoch eile sin amháin a fheidhmiú agus ba cheart dóibh na conclúidí ó na measúnuithe roimhe sin a úsáid mar phointe tosaigh i ngach cás.

(5)

I gcás ina mbaineann an measúnú le hiarratais le haghaidh na gceadanna dá dtagraítear in Airteagal 20(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh feidhm ag na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal sin i ndáil leis an bpróiseas a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach.

(6)

Éilítear ar na húdaráis inniúla comhlíontacht institiúidí leis na ceanglais shonracha rialála le haghaidh úsáid an Chur Chuige IRB a fhíorú, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán na réiteach, na gcóras agus na gcur chuige arna gcur chun feidhme ag institiúid, agus feabhsuithe agus oiriúnuithe leanúnacha a dhéanamh ar imthosca athraithe chun comhlíonadh leanúnach i leith na gceanglas sin a bhaint amach. Éilítear le measúnú den sórt sin, go bhfeidhmíonn na húdaráis inniúla a ndiscréid, den chuid is mó. Ba cheart do na rialacha le haghaidh na modheolaíochta measúnaithe cead a thabhairt do na húdaráis inniúla, ar thaobh amháin, a ndiscréid a fheidhmiú trí sheiceálacha breise a dhéanamh anuas orthu sin a shonraítear sa Rialachán seo, de réir mar is gá, agus ba cheart dóibh, ar an taobh eile, comhchuibhiú agus inchomparáideacht cleachtas maoirseachta a áirithiú thar dhlínsí difriúla. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart do na húdaráis inniúla an tsolúbthacht is gá a bheith acu chun an modh roghnach is iomchuí nó aon mhodh eile is gá a fheidhmiú chun ceanglais áirithe a fhíorú, ag féachaint, i measc nithe eile, d’ábharthacht na gcineálacha risíochtaí a chumhdaítear le gach córas rátála, castacht na samhlacha, saintréithe an cháis, an réiteach sonrach a chuireann an institiúid chun feidhme, cáilíocht na fianaise a sholáthraíonn an institiúid, na hacmhainní atá ar fáil do na húdaráis inniúla iad féin. Thairis sin, ar na cúiseanna céanna ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann tástálacha agus fíoruithe breise a dhéanamh, tástálacha agus fíoruithe is gá i gcás ina mbeidh amhras faoi chomhlíontacht cheanglais an Chur Chuige IRB i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ag féachaint do chineál, do mhéid agus do chastacht ghnó agus struchtúr na hinstitiúide.

(7)

D’fhonn comhsheasmhacht agus cuimsitheacht an mheasúnaithe ar an gCur Chuige IRB foriomlán a áirithiú, i gcás na n-iarratas ina dhiaidh sin ar chead ar bhonn phlean cur chun feidhme seicheamhach formheasta institiúide, ba cheart do na húdaráis inniúla a measúnú a bhunú ar na rialacha a bhaineann le húsáid agus tástáil taithí, sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe, córas rátála agus cainníochtú priacal ar a laghad, mar a bhaineann na gnéithe sin den mheasúnú le gach córas rátála aonair den Chur Chuige IRB.

(8)

Chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht chur i bhfeidhm an Chur Chuige IRB ba cheart gach córas rátála agus na próisis a bhaineann leo a fhíorú i gcás ina ndéanann institiúid cúraimí, gníomhaíochtaí nó feidhmeanna a bhaineann le dearadh, cur chun feidhme agus bailíochtú na gcóras rátála a tharmligean chuig tríú páirtí nó i gcás ina bhfaigheann an institiúid córas rátála nó sonraí comhthiomsaithe ó dhíoltóir tríú páirtí. Go háirithe, ba cheart a fhíorú gur cuireadh rialuithe leordhóthanacha chun feidhme san institiúid agus go bhfuil an doiciméadacht iomlán ar fáil. Thairis sin, ós rud é go bhfuil comhlacht bainistíochta na hinstitiúide freagrach go bunúsach as na próisis tharmligthe agus feidhmíocht na gcóras rátála a fhaightear ó dhíoltóir tríú páirtí, ba cheart a fhíorú go bhfuil tuiscint leordhóthanach intí ag an institiúid ar na próisis tharmligthe agus ar na córais rátála a ceannaíodh. Ba cheart do na húdaráis inniúla dá bhrí sin measúnú a dhéanamh ar na cúraimí, na gníomhaíochtaí agus na feidhmeanna uile a tharmligtear agus ar na córais rátála a fhaightear ó dhíoltóirí tríú páirtí ar bhealach atá cosúil le cás inar forbraíodh Cur Chuige IRB go hiomlán trí phróisis inmheánacha na hinstitiúide.

(9)

Chun cosc a chur ar na hinstitiúidí gan ach cur chun feidhme seicheamhach i bpáirt amháin a dhéanamh ar an gCur Chuige IRB ar feadh tréimhse ama fadaithe, ba cheart do na húdaráis inniúla oiriúnacht na teorann ama chun an “plean um fheidhmiú céimneach” mar a thugtar air, a chur chun feidhme, comhlíonadh an spriocdháta sin agus an gá atá le hathruithe ar an bplean um fheidhmiú céimneach, a fhíorú. Ba cheart a fhíorú go bhfuil tráthchlár uasta sainithe agus réasúnta maidir le cur chun feidhme an Chur Chuige IRB ag gabháil leis na risíochtaí uile a chumhdaítear leis an bplean um fheidhmiú céimneach.

(10)

Tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar stóinseacht na feidhme bailíochtaithe agus dá réir sin an neamhspleáchas ón aonad rialaithe priacal creidmheasa, iomláine, minicíocht agus leordhóthanacht na modhanna agus na nósanna imeachta agus fóntacht na bpróiseas tuairiscithe chun a fhíorú go ndéantar measúnú oibiachtúil ar na córais rátála agus gur beag an dreasacht atá ann easnaimh agus laigí na samhla a cheilt. Nuair atáthar ag fíorú i dtaobh an bhfuil leibhéal leordhóthanach neamhspleáchais ann maidir le feidhm an bhailíochtaithe, ba cheart do na húdaráis inniúla méid agus castacht na hinstitiúide a chur san áireamh.

(11)

Ós rud é go bhfuil na córais rátála i gcroílár Chur Chuige IRB, agus go bhféadfadh go mbeadh tionchar suntasach ag a gcáilíocht an leibhéal na gceanglas cistí dílse, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar fheidhmíocht na gcóras rátála. Mar gheall go gcaithfidh na meastacháin ar pharaiméadair phriacail a bheith faoi réir athbhreithnithe ar bhonn bliantúil ar a laghad agus gur cheart do na húdaráis agus don fheidhm iniúchóireachta inmheánaí measúnú a dhéanamh go tráthrialta ar na córais rátála, agus mar gheall go bhfuil gá le hionchur ón bhfeidhm bhailíochtaithe chun tabhairt faoin gcúram sin, is iomchuí a fhíorú go ndéantar bailíochtú ar fheidhmiú na gcóras rátála a chumhdaíonn punanna ábhartha agus cúltástáil ar gach córais rátála eile ar bhonn bliantúil ar a laghad.

(12)

Ní mór gach réimse de Chur Chuige IRB a chumhdach go héifeachtach le hiniúchtaí inmheánacha. Mar sin féin, ba cheart a fhíorú go n-úsáidtear na hacmhainní iniúchóireachta inmheánaí go héifeachtúil agus béim ar na réimsí is mó lena mbaineann priacal. Tá sé tábhachtach go mbeidh roinnt solúbthachta ann go háirithe i gcás institiúidí a úsáideann córais rátála iomadúla. Dá dheasca sin, ba cheart do na húdaráis a fhíorú go ndéantar athbhreithnithe bliantúla chun réimsí a dteastaíonn athbhreithnithe níos cuimsithí uathu i rith na bliana a chinneadh.

(13)

Chun íosleibhéal comhchuibhithe a áirithiú maidir le raon feidhme úsáid na gcóras rátála (nó dá ngairtear an “tástáil úsáide”), ba cheart do na húdaráis a fhíorú go bhfuil na córais rátála ionchorpraithe i bpróisis ábhartha na hinstitiúide laistigh de phróisis níos leithne a bhaineann le bainistiú priacail, faomhadh creidmheasa agus próisis chinnteoireachta, leithdháileadh caipitil inmheánach agus feidhmeanna rialachais chorparáidigh. Is réimsí bunúsacha iad sin ina n-éilíonn próisis inmheánacha go n-úsáidfí paraiméadair phriacail, dá bhrí sin má tá difríochtaí idir na paraiméadair phriacail a úsáidtear sna réimsí sin agus iad siúd a úsáidtear chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh, ba cheart a fhíorú go bhfuil údar leo.

(14)

I ndáil le ceanglais tástála taithí, le linn measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhí na córais rátála a bhí in úsáid ag an institiúid roimh an iarratas chun Cur Chuige IRB a úsáid “i gcomhréir tríd is tríd’ le ceanglais IRB, ba cheart do na húdaráis a fhíorú go háirithe gur úsáideadh, ar feadh 3 bliana ar a laghad roimh úsáid an Chur Chuige IRB, an córas rátála i bpróisis tomhais agus bainistíochta priacal inmheánacha na hinstitiúide agus go ndearnadh faireachán, bailíochtú inmheánach agus iniúchadh inmheánach ar an gcóras. Tá gá le sonraíocht den sórt sin maidir leis an modheolaíocht mheasúnaithe chun íosleibhéal comhchuibhithe a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis a fhíorú gur cuireadh córais rátála chun feidhme sna réimsí is bunúsaí úsáide ar a laghad chun a áirithiú gur úsáid an institiúid na córais rátála go héifeachtach agus go bhfuil taithí ag an bpearsanra agus ag an lucht bainistíochta araon ar na paraiméadair sin agus go dtuigeann siad go maith an bhrí atá leo agus na laigí a bhaineann leo. Ar deireadh, ba cheart don fhaireachán, don bhailíochtú agus don iniúchadh inmheánach le linn na tréimhse taithí a léiriú gur chomhlíon na córais rátála na buncheanglais an Chur Chuige IRB agus gur cuireadh feabhas orthu de réir a chéile i rith an ama sin.

(15)

Éilítear neamhspleáchas sa phróiseas a bhaineann le sannadh na risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe i gcás risíochtaí neamh-mhiondíola mar gheall gur gnách go mbíonn gá le breithiúnas daonna a chur i bhfeidhm sa phróiseas. I gcás risíochtaí miondíola is gnách leis an bpróiseas sannta a bheith go hiomlán uathoibríoch, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil faoin oibleagáideoir agus a idirbhearta. Áirithítear cruinneas an phróisis sannta le cur chun feidhme ceart an chóras rátála i gcórais agus nósanna imeachta TF na hinstitiúide. Mar sin féin, má cheadaítear sáruithe, ní mór breithiúnas daonna a chur i bhfeidhm sa phróiseas rátála. Mar thoradh air sin, agus mar gheall go mbíonn sé de nós ag na daoine atá freagrach as tionscnamh nó athnuachan risíochtaí rátálacha níos fearr a shannadh chun díolacháin agus méideanna creidmheasanna a mhéadú, i gcás ina n-úsáidtear sáruithe, lena n-áirítear i gcás risíochtaí miondíola, ba cheart a fhíorú go ndearna duine aonair nó coiste atá neamhspleách ó na daoine tá freagrach as tionscnamh nó athnuachan risíochtaí an sannadh a fhormheas.

(16)

I gcás ina bhfuil na rátálacha níos sine ná 12 mhí nó i gcás nár tugadh faoi athbhreithniú ar an sannadh in am trátha de réir bheartas na hinstitiúide, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú go ndearnadh coigeartuithe coimeádacha i dtéarmaí ríomh na sócmhainní gaolmhara atá ualaithe ó thaobh priacal de. Is iomaí cúis atá leis sin. Má tá an rátáil as dáta nó bunaithe ar fhaisnéis as dáta d’fhéadfadh sé nach mbeadh an measúnú priacal cruinn. Go háirithe, má chuaigh cás an oibleagáideora in olcas le linn an 12 mhí roimhe sin, ní léirítear é sin sa rátáil, agus measadh an priacal faoina luach. Thairis sin, de réir na rialach ginearálta a bhaineann leis na paraiméadair phriacail a mheas, i gcás ina bhfuil meastachán na bparaiméadar priacal bunaithe ar shonraí atá neamhleor nó ar thoimhdí, ba cheart corrlach choimeádachais níos leithne a ghlacadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail chéanna maidir leis an bpróiseas a bhaineann le sannadh na risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe, i.e. i gcás ina ndéantar faisnéis neamhleor a chur san áireamh sa phróiseas sannta, ba cheart níos mó coimeádachais a ghlacadh nuair atáthar ag ríomh ualaí na bpriacal. Níor cheart an modh seo a bhaineann le coimeádachas breise a chur i bhfeidhm ar ríomh ualaí priacal a shonrú mar féadfaidh an institiúid an rátáil, meastachán an pharaiméadair phriacail nó an t-ualach priacail a choigeartú go díreach. Ba cheart don choigeartú a bheith comhréireach le fad na tréimhse ina bhfuil an rátáil nó an fhaisnéis atá mar bhunús ag an rátáil as dáta.

(17)

Éilítear ar na hinstitiúidí na sainmhínithe ar leith ar mhainneachtain agus ar chaillteanas a úsáidtear go hinmheánach a dhoiciméadú agus a áirithiú go mbeidh siad comhsheasmhach leis na sainmhínithe atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú go bhfuil beartais shoiléire i bhfeidhm ag institiúidí ina sonraítear cathain a aicmítear oibleagáideoir nó saoráid mar a bheith ar mainneachtain. Ní mór do na beartais sin a bheith comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta a bhaineann le mainneachtain a shainaithint. Ghlac ÚBE Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar mhainneachtain faoi Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart do na beartais sin a bheith leabaithe freisin i bpróisis agus i gcórais bainistíochta priacal na n-institiúidí ós rud é go n-éilítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go háirithe go bhfuil ról fíor-riachtanach ag rátálacha inmheánacha, i.e. lena n-áirítear sannadh chuig grád rátála réamhshocraithe, i mbainistíocht priacal agus i bpróisis inmheánacha eile de chuid institiúide, rudaí ba cheart a bheith faoi réir fíoraithe ag na húdaráis inniúla freisin.

(18)

Is í an fhaisnéis ar fheidhmiú oibleagáideora agus ar na risíochtaí ar mhainneachtain agus iad siúd nach bhfuil ar mhainneachtain, atá mar bhunús le próisis inmheánacha na hinstitiúide, maidir le cainníochtú na bparaiméadar priacal agus chun ceanglais cistí dílse a ríomh. Dá bhrí sin, ní hamháin go gcaithfidh sainaithint na n-oibleagáideoirí mainneachtana a bheith láidir agus éifeachtach ach is gá don phróiseas a bhaineann le hoibleagáideoirí mainneachtana a athaicmiú go stádas neamh-mhainnithe a bheith láidir agus éifeachtach freisin. Ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú go n-áirithítear leis an bpróiseas stuama athaicmithe nach ndéantar oibleagáideoirí a athaicmiú go stádas neamh-mhainnithe i gcás ina bhfuil an institiúid ag súil gur dócha go mbeidh sí ar mhainneachtain arís taobh istigh de thréimhse ghearr.

(19)

Chun forbhreathnú comhsheasmhach agus cruinn a sholáthar do na húdaráis inniúla maidir leis na córais rátála atá á n-úsáid ag an institiúid mar aon le feabhas a chur ar na córais rátála le himeacht aimsire, is gá do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar iomláine chlár leaganacha reatha agus leaganacha roimhe sin de na córais rátála a úsáideann an institiúid (“clár na gcóras rátála”). Ag féachaint dó go mbaineann ceanglais na tástála taithí leis na 3 bliana roimhe sin ó dhéantar iarratas ar fhormheas i gcomhair samhail inmheánach a bhreithniú, agus go bhfuil ar na húdaráis inniúla tabhairt faoi athbhreithniú foriomlán ar an tsamhail inmheánach ar bhonn tráthrialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, is iomchuí do na húdaráis a fhíorú go gcumhdaíonn clár den sórt sin maidir le córais rátála, ar a laghad, na leaganacha de na samhlacha inmheánacha a d’úsáid an institiúid thar na 3 bliana roimhe sin.

(20)

Cuirtear breithiúnas daonna i bhfeidhm ag céimeanna éagsúla d’fhorbairt agus d’úsáid na gcóras rátála. Is féidir le feidhmiú réasúnach an bhreithiúnais dhaonna cáilíocht na samhla agus cruinneas a réamhaithrisí a mhéadú. Mar sin féin, ós rud é go n-athraítear na meastacháin bunaithe ar thaithí roimhe sin ar bhealach suibiachtúil de bharr an bhreithiúnais dhaonna, ba cheart cur i bhfeidhm an bhreithiúnais dhaonna a bheith faoi réir rialaithe. Ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú dá bhrí sin go bhfuil údar cuí le cur i bhfeidhm an bhreithiúnais dhaonna trína rannchuidiú dearfach le cruinneas na réamhaithrisí. Dá réir sin, d’fhéadfaí a chur in iúl leis an líon mór sáruithe ar na torthaí nach bhfuil roinnt faisnéise tábhachtaí ar áireamh sa chóras rátála. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis a fhíorú go ndéanann na hinstitiúidí anailís go tráthrialta ar an líon sáruithe agus an t-údar leo agus go dtugtar aghaidh ar bhealach leordhóthanach ar aon laige a bhraitear sa tsamhail san athbhreithniú ar an tsamhail.

(21)

I ngach uile cás, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé ar ghlac an institiúid corrlach leordhóthanach coimeádachais ina meastacháin ar pharaiméadair phriacail. Ba cheart aon easnamh sainaitheanta sna sonraí nó sna modhanna a úsáideadh sa chainníochtú priacal agus an neamhchinnteacht mhéadaithe a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh, mar shampla, ar na hathruithe sna beartais iasachtaithe nó téarnaimh, a chur san áireamh sa chorrlach coimeádachais sin. I gcás ina scoireann institiúid de na ceanglais le haghaidh Chur Chuige IRB a chomhlíonadh, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú an gcomhlíonann sí an ceanglas maidir leis na córais rátála a cheartú go tráthúil. Níor cheart feidhmiú an chorrlaigh coimeádachais a úsáid mar rogha mhalartach ar na samhlacha a cheartú agus a áirithiú go gcomhlíonann siad ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina n-iomláine.

(22)

Maidir le cainníochtú priacal, is inmhianaithe go mbeidh na meastacháin PD sách cobhsaí le himeacht aimsire chun iomarcach timthriallachta na gceanglas cistí dílse a sheachaint. Ba cheart do na húdaráis a fhíorú go mbeidh na meastacháin PD bunaithe ar mheánráta fadtréimhseach rátaí mainneachtana bliantúla. Thairis sin, ós rud é gur ceart do na cistí dílse cuidiú le hinstitiúidí a bheith marthanach i dtráth struis, ba cheart an meathlú féideartha i ndálaí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann i dtráthanna rathúnais fiú, a chur san áireamh sna meastacháin ar phriacail. Ar deireadh, i gcás ina bhfuil neamhchinnteacht mhéadaithe ann go dtagann na torthaí ó shonraí atá neamhleor, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú gur glacadh corrlach breise coimeádachais. Mura gcuimsítear le fad na hamshraithe atá ar fáil an éagsúlacht ionchasach sna rátaí mainneachtana, ba cheart modhanna iomchuí a ghlacadh chun na sonraí atá ar lár a chur san áireamh.

(23)

Tá an meastachán LGD bunaithe ar na meáin LGDanna réadaithe agus iad ualaithe ag an líon mainneachtainí. Más spreagaí priacail ábhartha é an luach risíochta, ba cheart é a mheas i measc spreagaithe priacail eile le haghaidh leithscaradh nó difreálú priacal LGD chun a áirithiú go ríomhtar an paraiméadar i gcomhair comhthiomsuithe aonchineálacha nó grád saoráide. Ba cheart do na húdaráis a fhíorú go gcuirtear an cur chuige sin i bhfeidhm ar bhealach leordhóthanach, mar áirithítear comhsheasmhacht leis le ríomh an pharaiméadair PD agus cur i bhfeidhm bríoch na foirmle maidir le hualú priacal. Déantar idirdhealú i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 idir an modh chun meastachán a dhéanamh ar LGD le haghaidh risíochtaí aonair chun críocha méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal agus an meán de mheastacháin LGD a ríomhtar ar leibhéal punainne. Rud atá éagsúil ón meastachán LGD aonair, tá an t-íosráta LGD le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol urraithe ag réadmhaoin dhochorraithe, cuirtear é i bhfeidhm ar leibhéal punainne foriomlán, agus déantar é a shainmhíniú mar an meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta. Chun a áirithiú go bhfuil leibhéil leordhóthanacha paraiméadar priacal le haghaidh risíochtaí urraithe ag réadmhaoin dhochorraithe, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú go gcuirtear na híosrátaí LGD i bhfeidhm i gceart.

(24)

Déantar risíochtaí a mhainnigh, tar éis filleadh ar stádas neamh-mhainnithe, a athaicmiú mar a bheith mainnithe laistigh de tréimhse ghearr agus ba cheart iad a láimhseáil mar a bheith mainnithe ón gcéad lá ar mainníodh iad, mar is é is dóichí go ndéanfaí an t-athaicmiú sealadach go stádas neamh-mhainnithe ar bhonn faisnéise neamhiomláine maidir le fíorstádas an oibleagáideora. Mar thoradh air sin, léirítear fíor-stair na mainneachtana níos fearr nuair a láimhseáiltear mainneachtainí iolracha mar mhainneachtain aonair. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú go láimhseáiltear mainneachtainí iolracha ón oibleagáideoir céanna laistigh de thréimhse ghearr mar mhainneachtain aonair sa mheastachán ar pharaiméadair phriacail. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh earráidí suntasacha sna meastacháin ar pharaiméadair phriacail má láimhseáiltear mainneachtainí iolracha ón oibleagáideoir céanna mar mhainneachtainí ar leithligh, mar gheall go mbeadh meastacháin PD ní b’airde ann mar thoradh ar rátaí mainneachtana ní b’airde. Ar an taobh eile, bheadh LGD measta faoina luach, mar gheall go láimhseálfaí na chéad mhainneachtainí ón oibleagáideoir mar chásanna leighis gan aon chaillteanas ag baint leo, cé gur bhain caillteanas don institiúid. Thairis sin, mar gheall ar an nasc idir meastacháin PD agus LGD agus chun meastachán réadúil ar an gcaillteanas ionchasach a áirithiú, ba cheart don láimhseáil ar mhainneachtainí iolracha a bheith comhsheasmhach chun críche meastacháin PD agus LGD.

(25)

Tá an raon feidhme faisnéise atá ar fáil don institiúid maidir le risíochtaí ar mainneachtain thar a bheith éagsúil ón bhfaisnéis sin a bhaineann le risíochtaí tuillmheacha. Go háirithe, tá dhá spreagaí priacail sa bhreis ar fáil le haghaidh na risíochtaí ar mainneachtain, is iad sin an t-am ar mainneachtain agus na haisghabhálacha réadaithe. Dá bhrí sin, níl an meastachán ar LGD a dhéantar roimh mhainneachtain leordhóthanach, mar ba cheart gach spreagaí priacail suntasach a chur san áireamh sna meastacháin ar phriacail. Anuas air sin, maidir le risíochtaí ar mainneachtain, tuigtear an dóigh a raibh na dálaí eacnamaíocha tráth na mainneachtana cheana féin. Thairis sin, ba cheart an tsuim chaillteanais ionchasach faoi dhálaí eacnamaíocha reatha agus an caillteanas a d’fhéadfadh a bheith ann nach raibh súil leo le linn na tréimhse aisghabhála a léiriú in LGD le haghaidh risíochtaí ar mainneachtain. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis a fhíorú go ndéantar LGD le haghaidh risíochtaí ar mainneachtain (“LGD ar mainneachtain”) a mheas go díreach nó mar shuim den mheastachán is fearr ar chaillteanas ionchasach (“ELBE”) agus forlíontán a ghabhann an caillteanas neamhionchasach a d’fhéadfadh a bheith ann le linn na tréimhse aisghabhála. Gan beann ar an gcur chuige a chuirtear i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh ar LGD ar mainneachtain, ba cheart dó an fhaisnéis tráth na mainneachtana agus an aisghabhála réadaithe go dtí an t-am a dhéantar an meastachán a chur san áireamh agus breithniú a dhéanamh ar athrú diúltach a d’fhéadfadh teacht ar dhálaí eacnamaíocha fad is atáthar ag súil a mhairfidh an próiseas aisghabhála.

(26)

Maidir le hinstitiúidí a úsáideann a meastacháin LGD féin ba cheart do cheanglais inmheánacha le haghaidh bainistíochta comhthaobhachta a bheith comhréireach tríd is tríd le ceanglais Roinn 3, Caibidil 4, Teideal II i gCuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart do na húdaráis díriú ar cheanglais a bhaineann le luacháil a dhéanamh ar chomhthaobhacht agus le deimhneacht dhlíthiúil mar tá sé níos tábhachtaí a áirithiú go ndéantar luacháil thráthrialta agus iontaofa ar chomhthaobhacht, agus a áirithiú go léiríonn an luacháil an fíor-mhargadhluach faoi dhálaí reatha an mhargaidh. Ba cheart minicíocht agus saintréith na hathluachála a choigeartú de réir an chineáil comhthaobhachta, mar d’fhéadfadh gannmheastachán ar an bpriacal a bhaineann leis na risíochtaí creidmheasa a bheith ann mar thoradh ar mheastachán atá as dáta nó míchruinn. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil an chomhthaobhacht éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse ábhartha. Ar an taobh eile, ba cheart an risíocht a láimhseáil mar risíocht neamhurraithe; má aithnítear comhthaobhacht den sórt sin sa chainníochtú priacal, d’fhéadfaí gannmheastachán a dhéanamh mar thoradh air.

(27)

Ba cheart do na húdaráis a fhíorú chun críche an Ardchur Chuige IRB, i.e. i gcás ina n-úsáidtear féinmheastacháin LGD, go meastar ráthóirí a bheith incháilithe nuair a rátáiltear iad ag úsáid córas rátála atá formheasta faoi Chur Chuige IRB; d’fhéadfadh ráthóirí eile a bheith incháilithe, ar choinníoll go bhfuil siad aicmithe mar institiúid, rialtas láir nó banc ceannais, nó mar eintiteas corparáideach a bhfuil measúnú creidmheasa aige ó IMCS, agus go gcomhlíonann an ráthóir na ceanglais a leagtar amach i Roinn 3, Caibidil 4, Teideal II i gCuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhfuil feidhm leo maidir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe freisin.

(28)

Maidir leis an measúnú ar an bpróiseas sannta risíochtaí d’aicmí risíochta, ba cheart ceanglais shonracha a leagan síos maidir leis an bhfíorú a dhéanfaidh na húdaráis inniúla ar shannadh risíochtaí do risíochtaí ar mhiondíol mar gheall ar a gcóir fhabhrach i dtéarmaí ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail. Déantar roinnt aicmí risíochta a shainiú ar bhonn shaintréithe an idirbhirt agus idirbhearta eile ar bhonn chineál an oibleagáideora; mar thoradh air sin, d’fhéadfadh risíochtaí a bheith ann a chomhlíonann na critéir a ghabhann le níos mó ná aicme risíochta amháin. Ba cheart do na húdaráis a fhíorú, dá bhrí sin, go gcuireann an institiúid an seicheamhú ceart aicmithe i bhfeidhm chun sannadh comhsheasmhach agus aonchiallach risíochtaí d’aicmí risíochta a áirithiú.

(29)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú go gcuirtear torthaí na dtástálacha struis san áireamh sna próisis bainistíochta priacal agus caipitil, mar áirithíonn comhtháthú thorthaí na dtástálacha struis sna próisis chinnteoireachta go bhforbraítear agus go bhfeidhmítear na cásanna agus an tionchar a bhíonn acu ar cheanglais cistí dílse ar bhealach bríoch agus go gcuirtear gnéithe réamhbhreathnaitheacha a bhaineann le ceanglais cistí dílse san áireamh i mbainistíocht na hinstitiúide.

(30)

Ba cheart d’institiúidí a úsáideann féinmheastacháin LGD agus féinmheastacháin maidir le fachtóirí coinbhéartachta aibíocht iarbhír na risíochtaí a ríomh faoi Chur Chuige IRB chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh. Maidir le risíochtaí imrothlacha, beidh institiúid i mbaol ar feadh tréimhse atá níos faide ná dáta aisíocaíochta na tarraingthe reatha, ós rud é gur féidir leis an iasachtaí méideanna breise a tharraingt arís. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis a fhíorú go bhfuil ríomh na haibíochta iarbhír maidir le risíochtaí imrothlacha bunaithe ar dháta éaga na saoráide.

(31)

Ba cheart ríomh na difríochta idir méideanna ionchasacha an chaillteanais, ar thaobh amháin, agus coigeartuithe ar an bpriacal creidmheasa, coigeartuithe luacha breise agus laghduithe eile ar chistí dílse (“Easnamh IRB”), ar an taobh eile, a dhéanamh ag leibhéal comhiomlán agus ar leithligh le haghaidh phunann na risíochtaí ar mainneachtain agus phunann na risíochtaí nach bhfuil ar mainneachtain. Is gá risíochtaí ar mainneachtain a dhealú ó risíochtaí nár mhainnigh chun a áirithiú nach n-úsáidtear na méideanna diúltacha a leanann as an ríomh arna dhéanamh don phunann a mhainnigh chun na méideanna dearfacha a leanann as an ríomh a dhéantar i ndáil leis an bpunann risíochtaí nár mhainnigh, a fhritháireamh. Seachas go bhfuil an ríomh foriomlán i gcomhréir leis an gcoincheap ginearálta a bhaineann le cistí dílse, ar cheart do na cistí dílse a bheith ar fáil ina n-iomláine dá réir chun caillteanais nach raibh súil leo a chumhdach i gcás dócmhainneachta na hinstitiúide. Ós rud é gur baineadh méideanna coigeartuithe ar phriacail chreidmheasa, coigeartuithe luacha breise agus laghduithe eile ar chistí dílse atá san áireamh i ríomh an easnaimh IRB cheana féin ó na cistí dílse chun na caillteanais a raibh súil leo (“EL”) a chumhdach, tá a bhfuílleach ar an gcaillteanas ionchasach foriomlán ar fáil ina n-iomláine chun caillteanais a sainaithníodh ar gach risíocht ar mainneachtain a chumhdach. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú go bhfuil na coigeartuithe ar chistí dílse bunaithe ar an easnamh IRB ríofa i gceart agus curtha i bhfeidhm i gceart.

(32)

D’fhéadfadh earráidí sa mheastachán priacail agus i ríomh na gceanglas maidir le cistí dílse a bheith mar thoradh ar shonraí neamhiontaofa, míchruinne, neamhiomlána nó as dáta. Thairis sin, d’fhéadfadh droch-chinntí creidmheasa agus bainistíochta a bheith mar thoradh ar úsáid sonraí den sórt sin i bpróisis bainistíochta priacal na hinstitiúide. Chun iontaofacht agus ardcháilíocht sonraí a áirithiú, ba cheart doiciméadú maith a dhéanamh ar an mbonneagar agus na nósanna imeachta a bhaineann le sonraí a bhailiú agus a stóráil agus ba cheart tuairisc fhoriomlán maidir le saintréithe agus foinsí na sonraí a bheith sa doiciméadacht sin chun a áirithiú go mbaintear úsáid cheart astu sna próisis inmheánacha agus sna próisis chun ceanglais cistí dílse a ríomh. Dá réir sin, ba cheart do na húdaráis cáilíocht agus doiciméadacht na sonraí a úsáideadh sa phróiseas meastacháin ar na paraiméadair phriacail, sa sannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe agus i ríomh ceanglas cistí dílse a fhíorú.

(33)

Tá cáilíocht na sonraí, cruinneas an mheastacháin ar phriacail agus cruinneas na gceanglas cistí dílse ag brath go mór ar iontaofacht na gcóras TF a úsáidtear chun críche an Chur Chuige IRB. Thairis sin, ní féidir leanúnachas agus comhsheasmhacht na bpróiseas bainistíochta priacal agus ríomh na gceanglas cistí dílse a áirithiú ach amháin nuair atá na córais TF a úsáidtear chun na gcríoch sin sábháilte, slán agus iontaofa agus an bonneagar TF láidir go leor. Is gá, dá bhrí sin, go bhfíoraíonn na húdaráis inniúla iontaofacht chórais TF agus láidreacht bhonneagar TF na hinstitiúide.

(34)

Ba cheart do na húdaráis a fhíorú a mhéid is féidir go n-úsáidtear breathnuithe neamhfhorluiteacha ar thorthaí risíochtaí ar chothromas d’fhorbairt agus do bhailíochtú samhlacha inmheánacha le haghaidh risíochtaí ar chothromas araon. Áirithíonn breathnuithe neamhfhorluiteacha cáilíocht níos fearr sna réamhaithrisí, mar gheall go sanntar an t-ualú céanna do gach breathnú agus nach bhfuil siad comhghaolaithe go dlúth lena chéile.

(35)

Éilítear ceadú na n-údarás inniúil chun Cur Chuige IRB a úsáid agus ní mór aon athrú ábhartha a dhéantar ar an gcur chuige sin a fhormheas. Mar thoradh air sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú go n-áirithítear leis an bpróiseas inmheánach bainistíochta, agus go háirithe leis an bpróiseas inmheánach a bhaineann le hathruithe den sórt sin a fhormheas, nach gcuirtear ach athruithe atá i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 529/2014 i bhfeidhm agus, sa chomhthéacs sin, go bhfuil aicmiú na n-athruithe comhsheasmhach chun aon arbatráiste rialála a sheachaint.

(36)

Tá forálacha an Rialacháin seo nasctha go dlúth le chéile, ós rud é go ndéileáiltear iontu uile le gnéithe den mhodheolaíocht mheasúnaithe atá le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar chomhlíontacht institiúide le Cur Chuige IRB. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, ar cheart go dtiocfaidís i bhfeidhm an tráth céanna, agus chun léargas cuimsitheach agus dlúthrochtain orthu a éascú le haghaidh na ndaoine atá faoina réir, is inmhianaithe gach ceann de na caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann le modheolaíocht mheasúnaithe an Chur Chuige IRB a éilítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur san áireamh in aon rialachán amháin.

(37)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(38)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé tuairim ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LEIS AN MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE

Airteagal 1

Measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha a úsáid

1.   Is mar a leanas a chuirfidh na húdaráis inniúla an Rialachán seo i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais chun an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha (“Cur Chuige IRB”) a úsáid:

(a)

chun measúnú a dhéanamh ar iarratais thosaigh ar chead chun Cur Chuige IRB dá bhforáiltear in Airteagal 144 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a úsáid, cuirfidh na húdaráis inniúla gach uile foráil den Rialachán seo i bhfeidhm;

(b)

chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chead chun síneadh a chur le Cur Chuige IRB i gcomhréir leis an bplean cur chun feidhme seicheamhach formheasta dá bhforáiltear in Airteagal 148 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh na húdaráis inniúla Caibidlí 4, 5, 7 agus 8 agus aon chuid eile den Rialachán seo atá ábhartha don iarraidh sin i bhfeidhm;

(c)

chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chead roimh ré a fháil chun athruithe dá dtagraítear in Airteagal 143(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a dhéanamh, cuirfidh na húdaráis inniúla gach cuid den Rialachán seo atá ábhartha do na hathruithe sin i bhfeidhm;

(d)

chun measúnú a dhéanamh ar athruithe ar chórais rátála agus ar chineálacha modhanna na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 143(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh na húdaráis inniúla gach cuid den Rialachán seo atá ábhartha do na hathruithe sin i bhfeidhm;

(e)

chun athbhreithnithe leanúnacha a dhéanamh ar úsáid an Chur Chuige IRB de bhun Airteagal 101 de Threoir 2013/36/AE, cuirfidh na húdaráis inniúla gach cuid den Rialachán seo atá ábhartha don athbhreithniú sin i bhfeidhm;

(f)

chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chead chun filleadh ar chuir chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 149 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh na húdaráis inniúla Airteagail 6 go 8 den Rialachán seo i bhfeidhm.

2.   Anuas ar na critéir a leagtar síos i bhforálacha an Rialacháin seo dá dtagraítear i mír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla aon chritéar ábhartha eile is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais maidir le Cur Chuige IRB a úsáid.

Airteagal 2

Modhanna atá le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar iarratais thosaigh ar chead chun Cur Chuige IRB a úsáid, cuirfidh na húdaráis inniúla gach modh éigeantach a leagtar amach sa Rialachán seo i bhfeidhm. Féadfaidh siad modhanna eile a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin i gcomhréir le mír 7 agus aon mhodh eile a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8.

2.   Chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chead chun síneadh a chur le Cur Chuige IRB i gcomhréir le plean cur chun feidhme seicheamhach, cuirfidh na húdaráis inniúla gach modh éigeantach a leagtar amach i gCaibidlí 4, 5, 7 agus 8 i bhfeidhm. Féadfaidh siad modhanna eile a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin i gcomhréir le mír 7 agus aon mhodh eile a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8.

3.   Chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chead roimh ré chun athruithe a dhéanamh ar an gCur Chuige IRB, déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na doiciméid a chaithfidh institiúidí a chur isteach maidir leis an athrú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014. Féadfaidh siad aon mhodh eile a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin i gcomhréir le mír 7 agus aon mhodh eile a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8.

4.   Chun measúnú a dhéanamh ar athruithe ar chórais rátála agus ar chineálacha modhanna na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas ar tugadh fógra ina leith, déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na doiciméid a chaithfidh institiúidí a chur isteach maidir leis an athrú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014 agus féadfaidh siad aon mhodh a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 7 agus aon mhodh eile a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8.

5.   Chun athbhreithnithe leanúnacha a dhéanamh ar úsáid an Chur Chuige IRB, féadfaidh na húdaráis inniúla aon mhodh a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 7 agus aon mhodh eile a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8.

6.   Chun measúnú a dhéanamh ar na hiarratais chun filleadh ar chuir chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna a leagtar amach i gCaibidil 2 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 7 agus aon mhodh eile a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8.

7.   I gcás ina bhforáiltear leis an Rialachán seo go mbainfear úsáid roghnach as na modhanna, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna sin atá oiriúnach agus iomchuí do chineál, méid agus leibhéal castachta ghnó agus struchtúr eagraíochtúil na hinstitiúide a chur i bhfeidhm, ag cur an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

ábharthacht na gcineálacha risíochtaí a chumhdaítear le córais rátála;

(b)

castacht na samhlacha rátála agus na bparaiméadar priacail agus a gcur chun feidhme.

8.   Anuas ar na modhanna a leagtar amach sa Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis inniúla modh eile a úsáid, atá oiriúnach agus iomchuí do chineál, méid agus leibhéal castachta ghnó agus struchtúr eagraíochtúil na hinstitiúide, i gcás ina bhfuil gá leis sin don mheasúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le Cur Chuige IRB a úsáid.

9.   Nuair a bheidh na modhanna a leagtar amach sa Rialachán seo á gcur i bhfeidhm acu, féadfaidh na húdaráis inniúla torthaí ó na measúnuithe a rinne siad féin nó na húdaráis inniúla eile le déanaí a chur san áireamh, má chomhlíonann na measúnuithe sin na coinníollacha seo a leanas araon:

(a)

bhí an measúnú bunaithe go hiomlán nó i bpáirt ar na modhanna éigeantacha;

(b)

tá ábhar an mheasúnaithe san aicmiú céanna risíochtaí sa chóras rátála céanna nó i gcóras rátála comhchosúil.

Airteagal 3

Cáilíocht na doiciméadachta

1.   Chun comhlíontacht na hinstitiúide leis an gceanglas doiciméadachta a leagtar amach i bpointe (e) d’Airteagal 144(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhíorú, fíoróidh na húdaráis inniúla go bhfuil an méid seo fíor maidir le doiciméadacht na gcóras rátála mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 142(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (“córais rátála”):

(a)

tá sí sonraithe agus cruinn ar bhealach atá leordhóthanach lena húsáid go héifeachtach;

(b)

tá sí formheasta ar leibhéal bainistíochta iomchuí na hinstitiúide;

(c)

maidir le gach doiciméad, tá taifead ar an gcineál doiciméid, an t-údar, an t-athbhreithneoir, an gníomhaire údaraithe, an t-úinéir, na dátaí forbartha agus formheasta, uimhir an leagain agus stair na n-athruithe a rinneadh ar an doiciméad ann ar a laghad;

(d)

ligeann sí do thríú páirtithe feidhmiú na gcóras rátála a scrúdú agus a dheimhniú agus, go háirithe, scrúdú a dhéanamh agus a dheimhniú:

(i)

go bhfuil an doiciméadacht maidir le dearadh an chórais rátála sonraithe go leor chun ligean do thríú páirtithe tuiscint a fháil ar an réasúnaíocht a bhaineann le gach gné den chóras rátála, lena n-áirítear na toimhdí, na foirmlí matamaiticiúla agus, i gcás ina bhfuil breithiúnas daonna i gceist, na cinntí, chomh maith leis na nósanna imeachta a bhain le forbairt an chórais rátála;

(ii)

tá doiciméadacht an chórais rátála sonraithe go leor chun ligean do thríú páirtithe tuiscint a fháil ar oibríocht, ar theorainneacha agus ar phríomhthoimhdí gach samhla rátála agus gach paraiméadair phriacail agus chun an tsamhail a fhorbairt arís;

(iii)

tá doiciméadacht an chórais rátála sonraithe go leor chun ligean do thríú páirtithe tuiscint a fháil ar an modh a bhaineann le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe agus a sannadh iarbhír do ghráid nó do chomhthiomsuithe agus chun an sannadh a dhéanamh arís.

2.   Chun críocha mhír 1, fíoróidh an t-údarás inniúil go bhfuil beartais i bhfeidhm ag an institiúid ina dtugtar breac-chuntas ar chaighdeáin shonracha maidir le doiciméadacht agus lena n-áirithítear:

(a)

go bhfuil an doiciméadacht inmheánach mionsonraithe agus cruinn go leor;

(b)

go bhfuil daoine nó aonaid shonracha ann ar a bhfuil an fhreagracht a áirithiú go bhfuil an doiciméadacht comhlánaithe, comhsheasmhach, cruinn, cothrom le dáta, formheasta de réir mar is iomchuí agus slán;

(c)

go ndéanann an institiúid doiciméadú ar a beartais, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí a bhaineann le Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm.

Airteagal 4

Rannpháirtíocht tríú páirtí

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an gceanglas a bhaineann le fóntacht agus sláine na gcóras rátála a leagtar síos in Airteagal 144(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina dtarmligeann institiúidí cúraimí, gníomhaíochtaí nó feidhmeanna a bhaineann le dearadh, cur chun feidhme agus bailíochtú a gcórais rátála chuig tríú páirtí, nó ina gceannaíonn an institiúid córas rátála nó sonraí comhthiomsaithe ó thríú páirtí, fíoróidh an t-údarás inniúil nach gcuireann an tarmligean nó an ceannachán sin isteach ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus fíoróidh sé:

(a)

go mbeidh lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/AE (“ardbhainistíocht”) chomh maith le comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an coiste atá ainmnithe ag an gcomhlacht bainistíochta sin rannpháirteach go gníomhach sa mhaoirseacht agus sa chinnteoireacht maidir leis na cúraimí, na gníomhaíochtaí nó na feidhmeanna arna dtarmligean chuig an tríú páirtí nó maidir leis na córais rátála a fhaightear ó thríú páirtithe;

(b)

go mbeidh eolas agus tuiscint leordhóthanach ag foireann na hinstitiúide ar na cúraimí, na gníomhaíochtaí nó na feidhmeanna arna dtarmligean chuig tríú páirtithe agus struchtúr na sonraí agus na gcóras rátála a fhaightear ó thríú páirtithe;

(c)

go n-áiritheofar leanúnachas na bhfeidhmeanna nó na bpróiseas seachfhoinsithe, lena n-áirítear trí phleanáil theagmhasach iomchuí;

(d)

nach mbeidh iniúchadh inmheánach nó rialú eile ar na cúraimí, na gníomhaíochtaí agus na feidhmeanna arna dtarmligean chuig tríú páirtithe teoranta nó coiscthe de bharr rannpháirtíochta an tríú páirtí;

(e)

go dtabharfar rochtain iomlán don údarás inniúil ar gach faisnéis ábhartha.

2.   I gcás ina bhfuil tríú páirtí ag gabháil do chúraimí a bhaineann le córas rátála agus meastachán ar phriacail a fhorbairt le haghaidh institiúide, fíoróidh an t-údarás inniúil:

(a)

go gcomhlíonfar pointí (a) go (e) de mhír 1;

(b)

nach dtabharfaidh an tríú páirtí sin faoi na gníomhaíochtaí bailíochtaithe sin maidir leis na córais rátála agus na meastacháin phriacal;

(c)

go soláthróidh an tríú páirtí an fhaisnéis don institiúid is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí bailíochtaithe sin atá le déanamh.

3.   I gcás, ar mhaithe le córas rátála agus meastachán ar pharaiméadair phriacail a fhorbairt, ina n-úsáideann an institiúid sonraí atá comhthiomsaithe thar institiúidí, agus ina bhforbraíonn tríú páirtí an córas rátála, féadfaidh an tríú páirtí cuidiú leis an institiúid ina gníomhaíochtaí bailíochtaithe trí na cúraimí bailíochtaithe sin, a n-éilítear rochtain ar na sonraí comhthiomsaithe ina leith, a dhéanamh.

4.   Chun críocha mhíreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar na comhaontuithe leis an tríú páirtí agus ar dhoiciméid ábhartha eile ina sonraítear cúraimí an tríú páirtí;

(b)

gheobhaidh siad ráitis scríofa ó bhaill foirne ábhartha na hinstitiúide nó an tríú páirtí ar a bhfuil an cúram, an ghníomhaíocht nó an fheidhm tarmligthe, nó cuirfidh siad agallamh orthu;

(c)

gheobhaidh siad ráitis scríofa ó lucht ardbhainistíochta nó ó chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an tríú páirtí ar a bhfuil an cúram, an ghníomhaíocht nó an fheidhm tarmligthe, nó an coiste de chuid na hinstitiúide atá ainmnithe ag an gcomhlacht bainistíochta nó cuirfidh siad agallamh orthu;

(d)

déanfaidh siad athbhreithniú ar dhoiciméid ábhartha eile de chuid na hinstitiúide nó an tríú páirtí, i gcás inar gá.

Airteagal 5

Neamhchomhlíonadh sealadach le ceanglais an Chur Chuige IRB

Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 146(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla:

(a)

athbhreithniú ar cibé atá plean na hinstitiúide trína mbeifear in ann na ceanglais a chomhlíonadh go tráthúil arís leordhóthanach chun an neamhchomhlíonadh a leigheas agus cibé atá an sceideal ama réasúnta ag cur gach ceann de na nithe seo a leanas san áireamh:

(i)

ábharthacht an neamhchomhlíonta;

(ii)

méid na mbeart a éilítear chun na ceanglais a chomhlíonadh arís;

(iii)

na hacmhainní atá ar fáil don institiúid;

(b)

faireachán a dhéanamh ar bhonn tráthrialta ar an dul chun cinn a rinneadh chun plean na hinstitiúide chun na ceanglais a chomhlíonadh arís a bhaint amach;

(c)

comhlíontacht na hinstitiúide leis na ceanglais ábhartha a fhíorú, tar éis an plean a chur chun feidhme, trí na modheolaíochtaí measúnaithe a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL 2

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE LE hAGHAIDH PLEANANNA CUR CHUN FEIDHME SEICHEAMHACHA AGUS PÁIRTÚSÁID BHUAN AN CHUR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE

Airteagal 6

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na coinníollacha maidir le Cur Chuige IRB a chur chun feidhme a leagtar síos in Airteagal 148 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na coinníollacha le haghaidh páirtúsáide a leagtar síos in Airteagal 150 den Rialachán sin, fíoróidh na húdaráis inniúla an dá mhír seo a leanas:

(a)

go mbeidh cumhdach tosaigh agus plean le haghaidh cur chun feidhme seicheamhach Chur Chuige IRB na hinstitiúide leordhóthanach, i gcomhréir le hAirteagal 7;

(b)

go mbeidh na haicmí risíochtaí, cineálacha risíochtaí nó na haonaid ghnó ina gcuirtear an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm incháilithe le haghaidh díolúine bhuan ó Chur Chuige IRB.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar phlean na hinstitiúide chun Cur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach;

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha ábhartha na hinstitiúide, lena n-áirítear na modhanna ríofa le haghaidh an sciar risíochtaí atá le cumhdach ag cur chun feidhme seicheamhach an Chur Chuige IRB agus an díolúine bhuan ón gCur Chuige IRB;

(c)

athbhreithniú a dhéanamh ar róil agus ar fhreagrachtaí na n-aonad agus na gcomhlachtaí bainistíochta a bhaineann le sannadh na risíochtaí aonair do Chur Chuige IRB nó don Chur Chuige Caighdeánaithe;

(d)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha de chruinnithe comhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(e)

athbhreithniú ar thorthaí ábhartha na feidhme iniúchóireachta inmheánaí nó feidhmeanna rialaithe eile na hinstitiúide;

(f)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn ábhartha faoin iarracht a rinne an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith iniúchóireachtaí a mhaolú;

(g)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu;

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla:

(a)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF a úsáidtear sa phróiseas chun na risíochtaí aonair a shannadh do Chur Chuige IBR nó don Chur Chuige Caighdeánaithe;

(b)

tástáil shamplach a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid maidir le saintréithe na n-oibleagáideoirí agus le tionscnamh agus le cothabháil na risíochtaí a áirítear sa sampla;

(c)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 7

Cur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an gcumhdach tosaigh agus ar phlean na hinstitiúide chun Cur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach i gcomhréir le hAirteagail 148 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bplean cur chun feidhme seicheamhach:

(i)

sonrú raon feidhme gach córais rátála, mar aon leis na cineálacha risíochtaí a dhéantar a rátáil de réir gach samhail rátála;

(ii)

na dátaí ar a bhfuiltear ag beartú Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm maidir le gach cineál risíochta;

(iii)

faisnéis ar na luachanna risíochta iomlána tráth an mheasúnaithe agus ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomhadh i gcomhréir leis an gcur chuige a cuireadh i bhfeidhm tráth an mheasúnaithe i dtaca le gach cineál risíochta;

(b)

go gcuimseofar leis an bplean cur chun feidhme seicheamhach risíochtaí uile na hinstitiúide, agus, i gcás inarb infheidhme, a máthairghnóthais, agus risíochtaí uile fhochuideachtaí na hinstitiúide, ach amháin i gcás ina ndéanfar measúnú ar na risíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 8;

(c)

go mbeartófar an cur chun feidhme a dhéanamh i gcomhréir leis an dara fomhír agus leis an tríú fomhír d’Airteagal 148(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

i gcás ina gceadófar don institiúid Cur Chuige IRB a úsáid le haghaidh aon aicme risíochta, go n-úsáidfidh an institiúid Cur Chuige IRB le haghaidh risíochtaí ar chothromas ach amháin sna cásanna a shonraítear in Airteagal 148(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(e)

go sonrófar seicheamh agus tréimhsí chur chun feidhme Chur Chuige IRB ar bhonn fhíorchumais na hinstitiúide, ag féachaint d’infhaighteacht na sonraí, do na córais rátála agus do na tréimhsí taithí dá dtagraítear in Airteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus nach n-úsáidfear go roghnaitheach iad chun ceanglais laghdaithe maidir le cistí dílse a bhaint amach.

(f)

go n-áiritheofar le seicheamh chur chun feidhme Chur Chuige IRB go dtabharfar tús áite don chur chun feidhme maidir leis na risíochtaí ar chreidmheas a bhaineann le príomhghnó na hinstitiúide;

(g)

go socrófar teorainn ama chinnteach maidir le Cur Chuige IRB a chur chun feidhme i dtaca le gach cineál risíochta agus leis na haonaid ghnó uile agus go mbeidh an teorainn ama réasúnach ar bhonn nádúr agus scála ghníomhaíochtaí na hinstitiúide.

2.   Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil an teorainn ama dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 réasúnach bunaithe ar na nithe uile seo a leanas:

(a)

castacht oibríochtaí na hinstitiúide, lena n-áirítear oibríochtaí an mháthairghnóthais agus a fochuideachtaí;

(b)

an líon aonad gnó agus réimeanna gnó laistigh den institiúid, agus, i gcás inarb infheidhme, laistigh dá máthairghnóthas, agus d’fhochuideachtaí na hinstitiúide;

(c)

líon agus castacht na gcóras rátála a bheidh le cur chun feidhme ag na heintitis uile a chumhdaítear leis an bplean cur chun feidhme seicheamhach;

(d)

na pleananna chun córais rátála a chur chun feidhme i bhfochuideachtaí atá suite i dtríú tíortha mar a bhfuil deacrachtaí suntasacha dlí nó deacrachtaí suntasacha eile maidir le samhlacha IRB a fhormheas;

(e)

infhaighteacht amshraithe cruinne, iomchuí agus iomláine;

(f)

cumas oibriúcháin na hinstitiúide chun na córais rátála a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(g)

taithí na hinstitiúide roimhe ar chineálacha sonracha risíochtaí a bhainistiú.

3.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide leis an bplean maidir le Cur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach, rud a bhí faoi réir chead na n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 148 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh na húdaráis inniúla athruithe ar an seicheamh agus ar an tréimhse ama a bhreithniú más rud é go gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

go mbeidh athruithe suntasacha ar an timpeallacht ghnó agus go háirithe athruithe ar straitéis, cumaisc agus éadálacha;

(b)

go mbeidh athruithe suntasacha ar na ceanglais rialála ábhartha;

(c)

go mbeidh laigí ábhartha sna córais rátála sainaitheanta ag an údarás inniúil, nó leis an iniúchadh inmheánach nó le feidhm an bhailíochtaithe;

(d)

go mbeidh athrú suntasach ar na gnéithe dá dtagraítear i mír 2, nó nár cuireadh aon cheann de na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh go cuí sa phlean um Chur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach, plean a formheasadh.

Airteagal 8

Coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide leis na coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan an Chur Chuige Chaighdeánaigh i ndáil leis na risíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 150(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go ndéanfaidh an institiúid measúnú ar infhaighteacht sonraí seachtracha le haghaidh contrapháirtithe ionadaíocha agus go gcuirfidh sí an infhaighteacht sin san áireamh;

(b)

go ndéanfar measúnú ar an gcostas a bheidh ar an institiúid maidir le córas rátála a fhorbairt le haghaidh na gcontrapháirtithe san aicme risíochta ábhartha agus méid na hinstitiúide agus nádúr agus scála a gníomhaíochtaí á gcur san áireamh;

(c)

go ndéanfar measúnú ar chumas oibriúcháin na hinstitiúide maidir le córas rátála a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus nádúr agus scála gníomhaíochta na hinstitiúide á gcur san áireamh.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide leis na coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan an Chur Chuige Chaighdeánaigh i ndáil leis na risíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 150(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh an institiúid ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas a fhíorú agus a chur san áireamh:

(a)

nach mbeidh na risíochtaí, lena n-áirítear an líon punann agus réimeanna gnó a bhainistítear ar leithligh, aonchineálach go leor chun go mbeifear in ann córas rátála stóinseach iontaofa a fhorbairt;

(b)

go mbeidh an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe cuid mhaith níos airde ná an méid risíochta ionchasach atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh i gcomhréir le Cur Chuige IRB;

(c)

go mbaineann na risíochtaí le haonad gnó nó le réim ghnó de chuid na hinstitiúide a bhfuil sé beartaithe é nó í a scor;

(d)

go n-áirítear leis na risíochtaí punanna atá faoi réir comhdhlúthú comhréireach fochuideachtaí atá ar úinéireacht go páirteach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide leis na coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan an Chur Chuige Chaighdeánaigh, fíoróidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh an institiúid faireachán ar chomhlíontacht le ceanglais Airteagal 150 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn tráthrialta.

CAIBIDIL 3

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE AR FHEIDHM BHAILÍOCHTÚ NA MEASTACHÁN INMHEÁNACH AGUS AR RIALACHAS INMHEÁNACH AGUS AR FHORMHAOIRSEACHT INMHEÁNACH INSTITIÚIDE

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 9

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh an bhfuil na ceanglais maidir le rialachas inmheánach á gcomhlíonadh ag institiúid, lena n-áirítear ceanglais maidir leis an lucht ardbhainistíochta agus leis an gcomhlacht bainistíochta, tuairisciú inmheánach, rialú priacal creidmheasa agus iniúchadh inmheánach, formhaoirseacht agus bailíochtú, fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

stóinseacht shocruithe, shásraí agus phróisis bhailíochtú chórais rátála institiúide agus oiriúnacht an phearsanra atá freagrach as an mbailíochtú a fheidhmiú (“feidhm an bhailíochtaithe”) dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 144(1), pointe (d) d’Airteagal 174, in Airteagal 185 agus in Airteagal 188 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(i)

i leith neamhspleáchas fheidhm an bhailíochtaithe, i gcomhréir le hAirteagal 10;

(ii)

i leith iomláine agus mhinicíocht chur i bhfeidhm phróiseas an bhailíochtaithe, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(iii)

i leith leordhóthanacht mhodhanna agus nósanna imeachta fheidhm an bhailíochtaithe, i gcomhréir le hAirteagal 12;

(iv)

i leith fhóntacht an phróisis tuairiscithe agus an phróisis chun dul i ngleic le conclúidí, torthaí agus moltaí an bhailíochtaithe i gcomhréir le hAirteagal 13;

(b)

i leith rialachas inmheánach agus fhormhaoirseacht inmheánach na hinstitiúide, lena n-áirítear aonad rialaithe priacal creidmheasa agus iniúchadh inmheánach na hinstitiúide, dá dtagraítear in Airteagail 189, 190 agus 191 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(i)

i leith ról an lucht ardbhainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 14;

(ii)

i leith an tuairiscithe bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 15;

(iii)

i leith an aonaid rialaithe priacal creidmheasa, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(iv)

i leith an iniúchta inmheánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 17.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais inmheánacha ábhartha agus ar nósanna imeachta inmheánacha ábhartha na hinstitiúide;

(b)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(c)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ábhartha maidir leis na córais rátála, mar aon le haon chonclúid agus le haon chinneadh a rinneadh ar bhonn na dtuarascálacha sin;

(d)

athbhreithniú ar thuarascálacha ábhartha ar ghníomhaíochtaí na bhfeidhmeanna rialaithe priacal creidmheasa, iniúchta inmheánaigh, formhaoirseachta agus bailíochtaithe a bheidh ullmhaithe ag na baill foirne atá freagrach as gach ceann de na feidhmeanna sin nó a bheidh ullmhaithe le haon fheidhm rialaithe eile de chuid na hinstitiúide, mar aon le conclúidí, torthaí agus moltaí na bhfeidhmeanna sin;

(e)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

3.   Chun an measúnú a dhéanamh ar fheidhm an bhailíochtaithe, i dteannta na modhanna dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí na mball foirne uile a bhfuil baint acu le feidhm an bhailíochtaithe;

(b)

athbhreithniú ar leordhóthanacht agus ar oiriúnacht an phlean oibre bliantúil um bhailíochtú;

(c)

athbhreithniú ar na lámhleabhair um bhailíochtú a úsáidtear le feidhm an bhailíochtaithe;

(d)

athbhreithniú ar chatagóiriú na dtorthaí agus na moltaí ábhartha i gcomhréir lena n-ábharthacht;

(e)

athbhreithniú ar chomhsheasmhacht chonclúidí, thorthaí agus mholtaí fheidhm an bhailíochtaithe;

(f)

athbhreithniú ar ról fheidhm an bhailíochtaithe sa nós imeachta inmheánach chun córais rátála agus na hathruithe gaolmhara uile a fhormheas;

(g)

athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta a bhaineann le gach moladh ábhartha, i dtéarmaí na mbeart leantach a bhaineann leis freisin, mar a d’fhormheas an leibhéal bainistíochta iomchuí.

4.   Chun an measúnú a dhéanamh ar an aonad rialaithe priacal creidmheasa, dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 144(1) agus in Airteagal 190 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i dteannta na gceanglas dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí na mball foirne ábhartha uile agus lucht ardbhainistíochta an aonaid rialaithe priacal creidmheasa;

(b)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ábhartha a chuirtear faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta nó an choiste ainmnithe den chomhlacht sin, ag an aonad rialaithe priacal creidmheasa agus ag an lucht ardbhainistíochta.

5.   Chun an measúnú a dhéanamh ar an iniúchadh inmheánach nó ar aonad iniúchóireachta neamhspleách inchomparáide eile, dá dtagraítear in Airteagal 191 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i dteannta na gceanglas dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí ábhartha na mball foirne ábhartha uile a bhfuil baint acu leis an iniúchadh inmheánach;

(b)

athbhreithniú ar leordhóthanacht agus ar oiriúnacht an phlean oibre bliantúil um iniúchadh inmheánach;

(c)

athbhreithniú ar na lámhleabhair iniúchóireachta ábhartha agus ar na cláir oibre agus ar na torthaí agus ar na moltaí atá san áireamh sna tuarascálacha iniúchóireachta ábhartha;

(d)

athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta a bhaineann le gach moladh ábhartha, i dtéarmaí na mbeart leantach a bhaineann leis freisin, mar a formheasadh ag an leibhéal bainistíochta iomchuí.

6.   I dteannta na modhanna a liostaítear i mír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide chun críocha an bhailíochtaithe faoi mhír 1.

ROINN 2

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar fheidhm an bhailíochtaithe

Airteagal 10

Neamhspleáchas fheidhm an bhailíochtaithe

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar fheidhm an bhailíochtaithe chun críocha Airteagal 144(1)(f), Airteagal 174(d), Airteagal 185 agus Airteagal 188 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfaidh an t-aonad atá freagrach as feidhm an bhailíochtaithe nó, i gcás nach mbeidh aon aonad ar leithligh ann atá tiomnaithe d’fheidhm an bhailíochtaithe agus di sin amháin, fíoróidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfaidh na baill foirne a fheidhmíonn feidhm an bhailíochtaithe, na nithe uile seo a leanas:

(a)

go mbeidh feidhm an bhailíochtaithe neamhspleách ar fheidhm an phearsanra agus ar fheidhm na bainistíochta atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan agus as an tsamhail a dhearadh nó a fhorbairt;

(b)

go mbeidh na baill foirne a bheidh i mbun fheidhm an bhailíochtaithe difriúil ó na baill foirne atá freagrach as an gcóras rátála a dhearadh agus a fhorbairt, agus ó na baill foirne atá freagrach as an bhfeidhm rialaithe priacal creidmheasa;

(c)

go dtuairisceoidh an t-aonad nó na baill foirne chuig an lucht ardbhainistíochta go díreach.

2.   Chun críocha mhír 1, i gcás ina mbeidh an t-aonad atá freagrach as feidhm an bhailíochtaithe ar leithligh ó thaobh an eagrúcháin de ón aonad rialaithe priacal creidmheasa agus i gcás ina dtuairisceoidh gach aonad chuig comhaltaí difriúla den lucht ardbhainistíochta, fíoróidh na húdaráis inniúla, an dá ní seo a leanas:

(a)

go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag feidhm an bhailíochtaithe, lena n-áirítear pearsanra ag a mbeidh an taithí agus na cáilíochtaí chun cúraimí na feidhme a dhéanamh;

(b)

nach mbeidh luach saothair na mball foirne agus na mbainisteoirí sinsearacha atá freagrach as feidhm an bhailíochtaithe nasctha le feidhmiú na gcúraimí maidir le rialú priacal creidmheasa ná le risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan.

3.   Chun críocha mhír 1, i gcás ina mbeidh an t-aonad atá freagrach as feidhm an bhailíochtaithe ar leithligh ó thaobh an eagrúcháin ón aonad rialaithe priacal creidmheasa, agus i gcás ina dtuairisceoidh an dá aonad chuig an gcomhalta céanna den lucht ardbhainistíochta, fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag feidhm an bhailíochtaithe, lena n-áirítear pearsanra ag a mbeidh an taithí agus na cáilíochtaí chun cúraimí na feidhme a dhéanamh;

(b)

nach mbeidh luach saothair na mball foirne agus na mbainisteoirí sinsearacha atá freagrach as feidhm an bhailíochtaithe nasctha le feidhmiú na gcúraimí maidir le rialú priacal creidmheasa ná le risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan;

(c)

go mbeidh próiseas cinnteoireachta i bhfeidhm lena áirithiú go gcuirfidh an lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide conclúidí, torthaí agus moltaí fheidhm an bhailíochtaithe san áireamh i gceart;

(d)

nach bhfeidhmeofar aon tionchar míchuí ar chonclúidí, ar thorthaí ná ar mholtaí fheidhm an bhailíochtaithe;

(e)

go gcinnfear agus go gcuirfear chun feidhme go tráthúil gach beart ceartaitheach is gá chun dul i ngleic le conclúidí, le torthaí agus le moltaí fheidhm an bhailíochtaithe;

(f)

go ndéanfar measúnú go tráthrialta le hiniúchadh inmheánach ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (e).

4.   Chun críocha mhír 1, i gcás nach mbeidh aon aonad ar leithligh ann atá freagrach as feidhm an bhailíochtaithe, fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag feidhm an bhailíochtaithe, lena n-áirítear pearsanra ag a mbeidh an taithí agus na cáilíochtaí chun cúraimí na feidhme a dhéanamh;

(b)

nach mbeidh luach saothair na mball foirne agus na mbainisteoirí sinsearacha atá freagrach as feidhm an bhailíochtaithe nasctha le feidhmiú na gcúraimí maidir le rialú priacal creidmheasa ná le risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan;

(c)

go mbeidh próiseas cinnteoireachta i bhfeidhm lena áirithiú go gcuirfidh an lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide conclúidí, torthaí agus moltaí fheidhm an bhailíochtaithe san áireamh i gceart;

(d)

nach bhfeidhmeofar aon tionchar míchuí ar chonclúidí, ar thorthaí ná ar mholtaí fheidhm an bhailíochtaithe;

(e)

go gcinnfear agus go gcuirfear chun feidhme go tráthúil gach beart ceartaitheach is gá chun dul i ngleic le conclúidí, le torthaí agus le moltaí fheidhm an bhailíochtaithe;

(f)

go ndéanfar measúnú go tráthrialta le hiniúchadh inmheánach ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (e);

(g)

go mbeidh deighilt éifeachtach idir na baill foirne a bhíonn i mbun fheidhm an bhailíochtaithe agus na baill foirne a bhíonn i mbun na gcúraimí eile;

(h)

nach mbeidh an institiúid ina hinstitiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi ná ina hinstitiúid eile a bhfuil tábhacht shistéamach léi de réir bhrí Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE.

5.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar neamhspleáchas fheidhm an bhailíochtaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú freisin i dtaobh an leormhaith rogha na hinstitiúide maidir le heagrúchán fheidhm an bhailíochtaithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4, agus nádúr, méid agus scála na hinstitiúide agus castacht na bpriacal atá ina samhail ghnó á gcur san áireamh.

Airteagal 11

Iomláine agus minicíocht phróiseas an bhailíochtaithe

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar iomláine fheidhm an bhailíochtaithe chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 144(1)(f), Airteagal 174(d), Airteagal 185 agus Airteagal 188 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh próiseas bailíochtaithe iomlán le haghaidh gach córais rátála sainmhínithe agus doiciméadaithe ag an institiúid;

(b)

go gcomhlíonfaidh an institiúid próiseas an bhailíochtaithe dá dtagraítear i bpointe (a) minic go leor.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar iomláine phróiseas an bhailíochtaithe dá dtagraítear i mír 1(a), fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas maidir le feidhm an bhailíochtaithe:

(a)

go ndéanfaidh sé athbhreithniú criticiúil ar gach gné den tsonraíocht ar rátálacha inmheánacha agus paraiméadair phriacail, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun sonraí a bhailiú agus sonraí a ghlanadh, na roghanna modheolaíochta agus struchtúir samhla, agus na próisis chun na hathróga a roghnú;

(b)

go bhfíoróidh sé leordhóthanacht chur chun feidhme na rátálacha inmheánacha agus na bparaiméadar priacail i gcórais TF agus go ndéanfar sainmhínithe grád agus comhthiomsuithe a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud ranna agus limistéar geografach na hinstitiúide;

(c)

go bhfíoróidh sé feidhmíocht na gcóras rátála ag cur difreáil agus cainníocht priacal agus cobhsaíocht na rátálacha inmheánacha agus na bparaiméadar priacail agus sonraíochtaí na samhlacha san áireamh ar a laghad;

(d)

go bhfíoróidh sé gach athrú a bhaineann le rátálacha inmheánacha agus paraiméadair phriacail agus a n-ábharthacht i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014 agus go ndéanfaidh sé bearta leanúnacha go comhsheasmhach ar a chonclúidí, torthaí agus moltaí féin.

3.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh le cinneadh an bhfuil minicíocht an phróisis bhailíochtaithe dá dtagraítear i mír 1(b) leordhóthanach, fíoróidh na húdaráis inniúla go ndéanfar an próiseas bailíochtaithe go tráthrialta le haghaidh gach ceann de chórais rátála na hinstitiúide ag leanúint plean oibre bliantúil agus fíoróidh siad:

(a)

maidir le gach córas rátála agus gach próiseas a éilítear le hAirteagal 185(b) agus Airteagal 188(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (“cúltástáil”) go ndéanfar iad uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad;

(b)

maidir leis na córais rátála a chumhdaíonn cineálacha ábhartha risíochtaí, go dtabharfar faoi bhailíochtú ar fheidhmíocht na gcóras rátála dá dtagraítear i mír 2(c) uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad.

4.   I gcás ina gcuireann institiúid isteach ar chead chun na rátálacha inmheánacha agus na paraiméadair phriacail a ghabhann le córas rátála a úsáid nó chun aon athrú ábhartha a dhéanamh ar rátálacha inmheánacha agus paraiméadair phriacail chóras rátála, fíoróidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh an institiúid an bailíochtú dá dtagraítear i mír 2(a), (b) agus (c) sula n-úsáidfear an córas rátála chun na ceanglais maidir le cistí dílse a ríomh agus chun críocha bainistíochta priacal inmheánaí.

Airteagal 12

Leordhóthanacht mhodhanna agus nósanna imeachta fheidhm an bhailíochtaithe

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na modhanna agus na nósanna imeachta bailíochtaithe chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 144(1)(f), Airteagal 174(d), Airteagal 185 agus Airteagal 188 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go gceadaíonn na modhanna agus na nósanna imeachta sin measúnú comhsheasmhach agus bríoch ar fheidhmíocht na gcóras rátála inmheánaí agus measúnaithe priacal, agus fíoróidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh na modhanna agus nósanna imeachta bailíochtaithe oiriúnach chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas agus comhsheasmhacht an chórais rátála;

(b)

go mbeidh na modhanna agus nósanna imeachta bailíochtaithe oiriúnach do chineál, leibhéal castachta agus raon feidhme chur i bhfeidhm chórais rátála agus fáil sonraí na hinstitiúide;

(c)

go sonrófar go soiléir sna modhanna agus nósanna imeachta bailíochtaithe na cuspóirí bailíochtaithe, caighdeáin agus srianta, go mbeidh tuairisc iontu ar gach tástáil bailíochtaithe, tacar sonraí agus próiseas um ghlanadh sonraí, go leagfar amach foinsí sonraí agus tréimhsí ama tagartha iontu, agus go socróidh siad spriocanna seasta agus lamháltais sheasta le haghaidh méadracht shainmhínithe, i gcomhair an bhailíochtaithe thosaigh agus tráthrialta faoi seach;

(d)

go gcuirfear na modhanna bailíochtaithe a úsáideadh, agus go háirithe na tástálacha a rinneadh, an tacar sonraí tagartha a úsáideadh le haghaidh an bhailíochtaithe agus an ghlanta sonraí faoi seach i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach le himeacht aimsire;

(e)

go mbeidh cúltástáil agus tagarmharcáil mar a leagtar amach in Airteagal 185(c) agus Airteagal 188(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar chuid de na modhanna bailíochtaithe;

(f)

go gcuirfear an bealach ina ritheann an gnó trí thimthriallacha agus an éagsúlacht chórasach bhainteach i stair na mainneachtana san áireamh sna rátálacha inmheánacha agus paraiméadair phriacail, go háirithe maidir le meastachán PD.

Airteagal 13

Fóntacht an phróisis tuairiscithe agus an phróisis chun dul i ngleic le conclúidí, torthaí agus moltaí an bhailíochtaithe

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar fhóntacht an phróisis tuairiscithe agus an phróisis chun aghaidh a thabhairt ar na conclúidí, na torthaí agus na moltaí, chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 144(1)(f), Airteagal 174(d), Airteagal 185 agus Airteagal 188 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go sainaithneofar na modhanna bailíochtaithe a úsáideadh, na tástálacha a rinneadh, an tacar sonraí tagartha a úsáideadh agus na próisis ghlanta sonraí faoi seach sna tuarascálacha bailíochtaithe agus go dtabharfar tuairisc orthu iontu, agus go mbeidh torthaí na dtástálacha sin, conclúidí an bhailíochtaithe, na torthaí agus na moltaí faoi seach mar chuid de na tuarascálacha bailíochtaithe sin chomh maith;

(b)

go gcuirfear conclúidí, torthaí agus moltaí na dtuarascálacha bailíochtaithe in iúl go díreach don an lucht ardbhainistíochta agus do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó don choiste atá ainmnithe ag an gcomhlacht bainistíochta;

(c)

go léireofar conclúidí, torthaí agus moltaí na dtuarascálacha bailíochtaithe sna hathruithe agus sna feabhsuithe i ndearadh na rátálacha inmheánacha agus na meastachán priacal, lena n-áirítear sna cásanna a dtugtar tuairisc orthu sa chéad mhír d’Airteagal 185(e) agus Airteagal 188(e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

go dtarlóidh próiseas cinnteoireachta na hinstitiúide ag an leibhéal bainistíochta iomchuí.

ROINN 3

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar rialachas inmheánach agus ar fhormhaoirseacht

Airteagal 14

Ról na bainistíochta sinsearaí nó an chomhlachta bainistíochta

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar rialachas corparáideach dá dtagraítear in Airteagal 189 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go leagfar próiseas cinnteoireachta na hinstitiúide, a hordlathas, línte tuairiscithe agus leibhéil fhreagrachta síos go soiléir i ndoiciméadú inmheánach na hinstitiúide agus go léireofar iad go comhsheasmhach i miontuairiscí a comhlachtaí inmheánacha;

(b)

go bhformheasfaidh an comhlacht bainistíochta nó an coiste arna ainmniú ag an gcomhlacht bainistíochta agus an lucht ardbhainistíochta araon na gnéithe ábhartha seo a leanas a ghabhann le córais rátála ar a laghad:

(i)

gach beartas ábhartha a bhaineann le dearadh agus cur chun feidhme córas rátála agus cur i bhfeidhm Chur Chuige IRB, lena n-áirítear na beartais a bhaineann le gach gné ábhartha de na próisis sannta rátála agus meastacháin ar pharaiméadair phriacail;

(ii)

gach beartas bainistíochta priacal ábhartha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le bonneagar TF agus pleanáil theagmhasach;

(iii)

paraiméadair phriacail gach córas rátála a úsáidtear sna próisis inmheánacha um bainistíocht priacal agus i ríomh na gceanglas maidir le cistí dílse;

(c)

go socróidh an comhlacht bainistíochta nó an coiste arna ainmniú ag an gcomhlacht bainistíochta struchtúr eagraíochta iomchuí le haghaidh chur chun feidhme fónta na gcóras rátála trí chinneadh foirmiúil;

(d)

go ndéanfaidh an comhlacht bainistíochta nó an coiste arna ainmniú ag an gcomhlacht bainistíochta, trí chinneadh foirmiúil, an tsonraíocht maidir leis an leibhéal priacail inghlactha a fhormheas, ag cur scéim chóras rátála inmheánach na hinstitiúide san áireamh;

(e)

go mbeidh tuiscint mhaith ag an lucht ardbhainistíochta ar gach córas rátála de chuid na hinstitiúide, ar a ndearadh agus a n-oibríocht, ar cheanglais Chur Chuige IRB agus ar chur chuige na hinstitiúide chun na ceanglais sin a chomhlíonadh;

(f)

go gcuirfidh an lucht ardbhainistíochta athruithe ábhartha nó eisceachtaí ó bheartais bhunaithe a dhéanfaidh difear ábhartha d’oibríochtaí chórais rátála na hinstitiúide in iúl don chomhlacht bainistíochta nó don choiste arna ainmniú ag an gcomhlacht bainistíochta;

(g)

go mbeidh an lucht ardbhainistíochta in ann feidhmiú maith na gcóras rátála a áirithiú ar bhonn leanúnach;

(h)

go ndéanfaidh an lucht ardbhainistíochta bearta ábhartha i gcás ina sainaithníonn rialú priacal creidmheasa, an bailíochtú, an t-iniúchadh inmheánach nó aon fheidhm rialaithe eile laigí sna córais rátála.

Airteagal 15

Tuairisciú bainistíochta

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht tuairiscithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 189 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh faisnéis faoi gach ceann de na míreanna seo a leanas sa tuairisciú bainistíochta:

(i)

próifíl phriacail na n-oibleagáideoirí nó na risíochtaí, de réir gráid;

(ii)

imirce thar ghráid;

(iii)

meastachán ar na paraiméadair phriacail ábhartha de réir gráid;

(iv)

comparáid idir na rátaí mainneachtana réadaithe, agus, i gcás ina n-úsáidtear féinmheastacháin, comparáid idir na LGDanna réadaithe agus na fachtóirí coinbhéartachta réadaithe in aghaidh na n-ionchas;

(v)

toimhdí agus torthaí tástála struis;

(vi)

feidhmíocht an phróisis rátála, faoi ghnéithe nár mhór a fheabhsú agus faoi stádas na n-iarrachtaí a rinneadh chun feabhas a chur ar easnaimh sna córais rátála a sainaithníodh roimhe sin;

(vii)

tuarascálacha bailíochtaithe;

(b)

tá foirm agus minicíocht an tuairiscithe bainistíochta leordhóthanach ag féachaint do thábhacht na faisnéise agus don chineál faisnéise agus don leibhéal ag a bhfuil an faighteoir san ordlathas, ag cur struchtúr eagraíochtúil na hinstitiúide san áireamh;

(c)

éascaíonn an tuairisciú bainistíochta faireachán na hardbhainistíochta ar an bpriacal creidmheasa sa phunann fhoriomlán risíochtaí atá cumhdaithe ag Cur Chuige IRB;

(d)

tá an tuairisciú bainistíochta i gcomhréir le cineál, méid agus leibhéal castachta ghnó agus struchtúir eagraíochtúil na hinstitiúide.

Airteagal 16

Aonad rialaithe priacal creidmheasa

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar rialachas inmheánach agus faireachán na hinstitiúide maidir leis an aonad rialaithe priacal creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 190 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh an t-aonad rialaithe priacal creidmheasa nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa ar leithligh agus neamhspleách ar an bpearsanra agus na feidhmeanna bainistíochta atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan;

(b)

go mbeidh an t-aonad rialaithe priacal creidmheasa nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa feidhmeach agus leordhóthanach dá gcúraimí.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(a), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh an t-aonad rialaithe priacal creidmheasa nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa mar struchtúir eagraíochtúla ar leith laistigh den institiúid;

(b)

go mbeidh ceann an aonaid rialaithe priacal creidmheasa nó cinn na n-aonad sin mar chuid den lucht ardbhainistíochta;

(c)

go n-eagrófar an fheidhm bainistíochta priacal creidmheasa ar bhealach a chuirfidh na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 76(5) de Threoir 2013/36/AE san áireamh;

(d)

nach mbeidh an fhoireann agus an lucht ardbhainistíochta atá freagrach as aonad rialaithe priacal creidmheasa nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa freagrach as risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan;

(e)

go dtuairisceoidh bainisteoirí sinsearacha na n-aonad rialaithe priacal creidmheasa, agus na n-aonad atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan, do bhaill difriúla de chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó den choiste atá ainmnithe ag an gcomhlacht bainistíochta;

(f)

nach mbeidh luach saothair na foirne agus an lucht ardbhainistíochta atá freagrach as an aonad rialaithe priacal creidmheasa nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa nasctha le feidhmiú na gcúraimí maidir le risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(b), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh an t-aonad rialú priacal creidmheasa, nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa i gcomhréir le cineál, méid agus leibhéal castachta ghnó agus struchtúr eagraíochtúil na hinstitiúide, agus go háirithe le castacht na gcóras rátála agus a gcur chun feidhme;

(b)

go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an aonad rialaithe priacal creidmheasa, nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa, chomh maith le pearsanra a bhfuil taithí acu agus atá cáilithe chun tabhairt faoi gach gníomhaíocht ábhartha;

(c)

go mbeidh an t-aonad rialaithe priacal creidmheasa, nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa freagrach as dearadh nó roghnú, cur chun feidhme agus formhaoirseacht agus feidhmíocht na gcóras rátála, mar a éilítear sa dara habairt d’Airteagal 190(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus go mbeidh na réimsí freagrachta a liostaítear in Airteagal 190(2) den Rialachán sin i measc réimsí freagrachta an aonaid, nó na n-aonad sin;

(d)

go gcuirfidh an t-aonad rialaithe priacal creidmheasa, nó na haonaid rialaithe priacal creidmheasa an lucht ardbhainistíochta ar an eolas go tráthrialta faoi fheidhmiú na gcóras rátála, faoi réimsí nár mhór a fheabhsú, agus faoi stádas na n-iarrachtaí a rinneadh chun feabhas a chur ar easnaimh a sainaithníodh roimhe sin.

Airteagal 17

Iniúchóireacht inmheánach

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar rialachas inmheánach agus ar fhormhaoirseacht na hinstitiúide maidir leis an iniúchadh inmheánach nó le haonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile, dá dtagraítear in Airteagal 191 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go ndéanfaidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó an t-aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile athbhreithniú ar an méid seo a leanas, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad:

(i)

gach córas rátála de chuid na hinstitiúide;

(ii)

oibríochtaí na feidhme rialaithe priacal creidmheasa;

(iii)

oibríochtaí an phróisis chun creidmheas a fhaomhadh;

(iv)

oibríochtaí fheidhm an bhailíochtaithe inmheánaigh;

(b)

go n-éascóidh an t-athbhreithniú faoi phointe (a) an tsonraíocht sa phlean oibre bliantúil maidir le réimsí ina n-éilítear athbhreithniú mionsonraithe ar chomhlíontacht le gach ceanglas atá infheidhme maidir le Cur Chuige IRB a leagtar síos in Airteagail 142 go 191 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

go mbeidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó an t-aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile feidhmeach agus leordhóthanach dá gcúraimí.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(c), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go soláthróidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó an t-aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile faisnéis leordhóthanach don lucht ardbhainistíochta agus do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide maidir le comhlíontacht na gcóras rátála le gach ceanglas is infheidhme le haghaidh an Chur Chuige IRB;

(b)

go mbeidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó an t-aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile i gcomhréir le cineál, méid agus leibhéal castachta ghnó agus struchtúr eagraíochtúil na hinstitiúide, agus go háirithe le castacht na gcóras rátála agus a gcur chun feidhme;

(c)

go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an aonad iniúchta inmheánaigh nó ag an aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile, chomh maith le pearsanra a bhfuil taithí acu agus atá cáilithe chun tabhairt faoi gach gníomhaíocht ábhartha;

(d)

nach mbeidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó an t-aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile bainteach le haon ghné d’oibríocht na gcóras rátála a ndéanann sé athbhreithniú orthu i gcomhréir le mír 1(a);

(e)

go mbeidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó an t-aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile neamhspleách ar phearsanra agus ar an lucht bainistíochta atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan agus tuairisceoidh sé go díreach don ardbhainistíocht;

(f)

nach mbeidh luach saothair na foirne agus an lucht ardbhainistíochta atá freagrach as feidhm an iniúchta inmheánaigh nasctha le feidhmiú na gcúraimí maidir le risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan.

CAIBIDIL 4

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE I gCOMHAIR NA TÁSTÁLA ÚSÁIDE AGUS NA TÁSTÁLA TAITHÍ

Airteagal 18

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar cibé atá na ceanglais maidir le córais rátála a úsáid á gcomhlíonadh ag institiúid chun críocha Airteagal 144(1)(b), Airteagal 145, Airteagal 171(1)(c), Airteagal 172(1)(a), Airteagal 172(1)(c), Airteagal 172(2) agus 175(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh ról ríthábhachtach ag rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas a úsáidtear chun cistí dílse a ríomh i mbainistíocht priacal, i bhformheas creidmheasa agus sa phróiseas cinnteoireachta i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b)

go mbeidh ról ríthábhachtach ag rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas a úsáidtear chun cistí dílse a ríomh sa phróiseas a bhaineann le leithdháileadh caipitil inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 20;

(c)

go mbeidh ról ríthábhachtach ag rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas a úsáidtear chun cistí dílse a ríomh sna feidhmeanna rialachais chorparáidigh i gcomhréir le hAirteagal 21;

(d)

go mbeidh sonraí agus meastacháin a úsáideann an institiúid chun cistí dílse a ríomh agus iad siúd a úsáidtear chun críocha inmheánacha comhsheasmhach, agus i gcás ina bhfuil neamhréireachtaí ann, go ndéanfar doiciméadú iomlán orthu agus go mbeidh siad réasúnta;

(e)

go mbeidh córais rátála i gcomhréir tríd is tríd leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 169 go 191 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus gur chuir an institiúid i bhfeidhm iad 3 bliana ar a laghad roimh úsáid an Chur Chuige IRB, mar a leagtar amach in Airteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.   Chun críche an mheasúnaithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais agus ar nósanna imeachta inmheánacha ábhartha na hinstitiúide;

(b)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí a bhfuil baint acu le rialachas bainistíochta priacal creidmheasa;

(c)

athbhreithniú ar leithdháileadh na gcumhachtaí chun cinntí creidmheasa a dhéanamh, ar na lámhleabhair bhainistíochta creidmheasa agus ar scéimeanna na gcainéal tráchtála;

(d)

athbhreithniú ar an anailís a rinne an institiúid ar fhormheas creidmheasa agus na sonraí ar iarratais chreidmheasa a diúltaíodh, lena n-áirítear gach ceann de na míreanna seo a leanas:

(i)

cinntí creidmheasa a imíonn ó bheartas creidmheasa na hinstitiúide (“eisceachtaí”)

(ii)

na cásanna ina n-imítear ó ionchuir nó aschuir na gcóras rátála (“sáruithe”) mar thoradh ar bhreithiúnas daonna agus údair leis na sáruithe sin,

(iii)

na risíochtaí neamh-rátáilte agus na cúiseanna nár rátáladh iad,

(iv)

cinntí maidir le lámhleabhar agus scoithphointí;

(e)

athbhreithniú ar bheartais na hinstitiúide maidir le creidmheas a athstruchtúrú;

(f)

athbhreithniú ar an tuairisciú doiciméadaithe tráthrialta maidir le priacal creidmheasa;

(g)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht ar ríomh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide agus leithdháileadh an chaipitil inmheánaigh ar chineálacha priacal, fochuideachtaí agus punann;

(h)

athbhreithniú ar thorthaí ábhartha an iniúchta inmheánaigh nó ar fheidhmeanna rialaithe eile na hinstitiúide;

(i)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na hiarrachtaí a rinne an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith iniúchtaí ábhartha a mhaolú;

(j)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

3.   Chun críche an fhíoraithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

athbhreithniú ar an doiciméadacht maidir le córais luathrabhaidh;

(b)

athbhreithniú ar an modheolaíocht le haghaidh coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus ar an anailís doiciméadaithe ar a chomhlíontacht le ríomh na gceanglas cistí dílse;

(c)

athbhreithniú ar an anailís doiciméadaithe ar bhrabúsacht phriacal-choigeartaithe na hinstitiúide;

(d)

athbhreithniú ar bheartais phraghsála na hinstitiúide;

(e)

athbhreithniú ar na nósanna imeachta maidir le bailiú agus aisghabháil fiach;

(f)

athbhreithniú ar lámhleabhair phleanála agus ar thuarascálacha ar bhuiséadú maidir le costas an phriacail;

(g)

athbhreithniú ar an mbeartas luacha saothair agus ar mhiontuairiscí ón gcoiste luach saothair;

(h)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 19

Tástáil úsáide i bpróiseas bainistíochta priacal, cinnteoireachta agus i bpróiseas chun creidmheas a fhaomhadh

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé an bhfuil ról ríthábhachtach ag rátálacha inmheánacha agus ag meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas na gcóras rátála a úsáideadh chun ceanglais maidir le cistí dílse a ríomh i mbainistíochta priacal agus i bpróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide agus ina formheas creidmheasa mar a éilítear in Airteagal 144(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le gráid nó comhthiomsuithe a shannadh i gcomhréir le hAirteagal 171(1), pointe (c) agus Airteagal (2) den Rialachán sin, maidir le gráid nó comhthiomsuithe a shannadh i gcomhréir le hAirteagal 172(1), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán sin agus maidir le doiciméadú na gcóras rátála i gcomhréir le hAirteagal 175(3) den Rialachán sin, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh líon na risíochtaí neamh-rátáilte agus na rátálacha as dáta neamhábhartha;

(b)

go mbeidh ról tábhachtach ag na rátálacha inmheánacha sin agus ag na meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas, go háirithe:

(i)

nuair atáthar ag déanamh cinntí maidir le saoráid chreidmheasa a fhormheas, diúltú di, a athstruchtúrú agus a athnuachan;

(ii)

nuair atáthar ag ullmhú na mbeartas iasachtaithe trí dhifear a dhéanamh do na huasteorainneacha risíochta, do na teicnící maolaithe agus na feabhsuithe creidmheasa atá de dhíth nó ar aon ghné eile de phróifíl priacal creidmheasa domhanda na hinstitiúide;

(iii)

nuair atáthar ag tabhairt faoi phróiseas faireacháin ar na hoibleagáideoirí agus na risíochtaí;

2.   I gcás ina n-úsáideann institiúidí rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas in aon cheann de na réimsí seo a leanas, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an mbealach a gcuireann an úsáid sin leis na rátálacha agus meastacháin sin sa ról ríthábhachtach atá acu i bpróisis bainistíochta priacal agus cinnteoireachta na hinstitiúide agus ina formheas creidmheasa dá dtagraítear i mír 1:

(a)

gach saoráid chreidmheasa nó oibleagáideoir a phraghsáil;

(b)

na córais luathrabhaidh a úsáidtear don bhainistíocht priacal creidmheasa;

(c)

na beartais agus na próisis bailithe agus gnóthaithe a chinneadh agus a chur chun feidhme;

(d)

na coigeartuithe priacal creidmheasa a ríomh i gcás ina bhfuil sé sin i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(e)

inniúlacht arna leithdháileadh nó arna tharmligean ag an mbord bainistíochta do choistí inmheánacha, don lucht ardbhainistíochta agus don fhoireann, ar mhaithe leis an bpróiseas chun creidmheas a fhaomhadh.

Airteagal 20

Tástáil úsáide sa leithdháileadh caipitil inmheánach

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh maidir lena bhfuil ról fíor-riachtanach ag rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas na gcóras rátála a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh i leithdháileadh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 144(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú chun féachaint an bhfuil ról tábhachtach ag na rátálacha agus na meastacháin sin sa mhéid seo a leanas:

(a)

measúnú ar an méid caipitil inmheánaigh a mheasann an institiúid a bheith leordhóthanach chun an cineál agus an leibhéal priacail a bhfuil sí neamhchosanta air nó a bhféadfadh sí a bheith neamhchosanta air dá dtagraítear in Airteagal 73 de Threoir 2013/36/AE a chumhdach;

(b)

leithdháileadh an chaipitil inmheánaigh i measc cineálacha priacal, fochuideachtaí agus punann.

2.   I gcás ina gcuireann institiúid rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas san áireamh chun an costas priacail ar an institiúid a ríomh chun críocha buiséadacha, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar conas a chuireann na gnéithe sin leis an ról fíor-riachtanach atá ag na rátálacha agus na meastacháin sin i leithdháileadh caipitil inmheánach na hinstitiúide nuair a chuirtear san áireamh iad.

Airteagal 21

Tástáil úsáide i bhfeidhmeanna rialachais chorparáidigh

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh maidir lena bhfuil ról fíor-riachtanach ag rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas na gcóras rátála i bhfeidhmeanna rialachais chorparáidigh na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 144(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú chun féachaint an bhfuil ról tábhachtach ag na rátálacha agus na meastacháin sin sa mhéid seo a leanas:

(a)

an tuairisciú bainistíochta;

(b)

faireachán ar an bpriacal creidmheasa ar leibhéal na punainne.

2.   I gcás ina gcuireann institiúidí rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas san áireamh in aon cheann de na réimsí seo a leanas, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar conas a chuireann na gnéithe sin leis an ról fíor-riachtanach atá ag na rátálacha agus na meastacháin sin i bhfeidhmeanna rialachais chorparáidigh na hinstitiúide dá dtagraítear i mír 1 nuair a chuirtear san áireamh iad:

(a)

pleanáil an iniúchta inmheánaigh;

(b)

dearadh na mbeartas luacha saothair.

Airteagal 22

Tástáil taithí

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh maidir lena bhfuil na córais rátála i gcomhréir tríd is tríd leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 169 go 191 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar chuir an institiúid i bhfeidhm iad 3 bliana ar a laghad roimh úsáid a bhaint as an gCur Chuige IRB chun na ceanglais cistí dílse a ríomh, dá dtagraítear in Airteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

gur úsáideadh na córais rátála sin i mbainistíocht priacal agus i bpróisis chinnteoireachta agus i bpróisis na hinstitiúide chun creidmheas a fhaomhadh dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(b);

(b)

go mbeidh doiciméadacht leordhóthanach ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras rátála le haghaidh na 3 bliana sin ar fáil, go háirithe maidir leis na tuarascálacha faireacháin, bailíochtaithe agus iniúchóireachta faoi seach.

2.   Ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar iarraidh ar chead chun síneadh a chur le Cur Chuige IRB i gcomhréir leis an bplean cur chun feidhme seicheamhach, beidh feidhm ag mír 1 freisin i gcás ina mbaineann an síneadh le risíochtaí atá an-difriúil ó raon feidhme an chumhdaigh atá ann cheana, amhail is nach féidir glacadh leis go réasúnach gur leor í an taithí cheana féin chun ceanglais Airteagal 145(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i leith na risíochtaí breise a chomhlíonadh, mar a leagtar síos in Airteagal 145(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

CAIBIDIL 5

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE MAIDIR LE RISÍOCHTAÍ A SHANNADH DO GHRÁID NÓ DO CHOMHTHIOMSUITHE

Airteagal 23

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide leis na ceanglais maidir le hoibleagáideoirí nó risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe a leagtar síos in Airteagail 169, 171, 172 agus 173 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla an dá cheann díobh seo a leanas:

(a)

leordhóthanacht na sainmhínithe, na bpróiseas agus na gcritéar a úsáideann an institiúid chun sannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe a shannadh nó a athbhreithniú, lena n-áirítear láimhseáil sáruithe, i gcomhréir le hAirteagal 24;

(b)

sláine an phróisis sannta dá dtagraítear in Airteagal 173 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear neamhspleáchas an phróisis sannta, chomh maith leis na hathbhreithnithe maidir leis an sannadh, i gcomhréir le hAirteagal 25.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha ábhartha na hinstitiúide;

(b)

athbhreithniú ar róil agus freagrachtaí na n-aonad atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh agus a athnuachan agus na n-aonad atá freagrach as risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe;

(c)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(d)

athbhreithniú ar thuarascálacha inmheánacha na hinstitiúide maidir le feidhmíocht an phróisis sannta;

(e)

athbhreithniú ar thorthaí ábhartha an iniúchta inmheánaigh nó ar fheidhmeanna rialaithe eile na hinstitiúide;

(f)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn faoi na hiarrachtaí a rinne an institiúid chun easnaimh sa phróiseas sannta nó athbhreithnithe a cheartú agus chun priacail a braitheadh le linn iniúchtaí a mhaolú;

(g)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu;

(h)

athbhreithniú ar na critéir a úsáideann an pearsanra atá freagrach as breithiúnas daonna chun risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF is ábhartha;

(b)

tástáil shamplach a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid maidir le saintréithe oibleagáideora agus le tionscnamh agus le cothabháil na risíochtaí;

(c)

a dtástálacha féin a dhéanamh ar shonraí na hinstitiúide nó an institiúid a chur faoi cheangal tástálacha sonracha a dhéanamh;

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 24

Sainmhínithe, próisis agus critéir shannta

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na sainmhínithe, na bpróiseas agus na gcritéar a úsáideann an institiúid chun sannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe a shannadh nó an sannadh sin a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagail 169, 171, 172 agus 173 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta agus sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm a áiritheoidh go ndéanfar sannadh comhsheasmhach ar oibleagáideoirí nó ar shaoráidí chuig córas rátála iomchuí;

(b)

go mbeidh nósanna imeachta agus sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm chun a áirithiú go sannfar gach risíocht atá i seilbh na hinstitiúide chuig grád nó comhthiomsú i gcomhréir leis an gcóras rátála;

(c)

maidir le risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus bainc cheannais, agus maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina n-úsáideann an institiúid cur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go mbeidh nósanna imeachta agus sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar gach risíocht don oibleagáideoir céanna a shannadh don ghrád oibleagáideora céanna, lena n-áirítear risíochtaí i línte éagsúla gnó, ranna agus suímh gheografacha, eintitis dhlítheanacha laistigh den ghrúpa agus córais TF, agus chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart an díolúine ón gceanglas maidir le scála rátála oibleagáideora a bheith ann a léiríonn go heisiach cainníochtú phriacal mainneachtana an oibleagáideora le haghaidh risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, a leagtar síos in Airteagal 170(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus an díolúine ón oibleagáid chun risíochtaí leithleacha ar an oibleagáideoir céanna a shannadh don ghrád oibleagáideora céanna, a leagtar síos in Airteagal 172(1)(e) den Rialachán sin;

(d)

go mbeidh na sainmhínithe agus na critéir a úsáidtear i gcomhair an tsannta mionsonraithe ar bhealach leordhóthanach chun a áirithiú go mbeidh tuiscint chomhchoiteann ag an bpearsanra atá freagrach agus go ndéanfaidh an pearsanra sin sannadh comhsheasmhach do ghráid nó do chomhthiomsuithe i ngach réim ghnó, roinn, suíomh geografach, eintiteas dlítheanach laistigh den ghrúpa, beag beann ar an gcóras TF a úsáidtear;

(e)

go mbeidh nósanna imeachta agus sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm chun an fhaisnéis ábhartha uile a fháil faoi na hoibleagáideoirí agus na saoráidí;

(f)

go gcuirfear gach faisnéis ábhartha, atá ar fáil faoi láthair agus an fhaisnéis is cothroime le dáta san áireamh;

(g)

i gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás risíochtaí ar chothromas ina n-úsáideann institiúidí an cur chuige PD/LGD, go gcuirfear faisnéis airgeadais agus faisnéis neamhairgeadais araon san áireamh;

(h)

i gcás ina bhfuil faisnéis is gá chun risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe in easnamh nó nach bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta, go socróidh an institiúid lamháltais le haghaidh méadracht shainmhínithe agus go nglacfaidh an institiúid rialacha chun é sin a chur san áireamh ar bhealach leordhóthanach agus coimeádach;

(i)

go measfar ráitis airgeadais atá níos sine ná 24 mhí a bheith as dáta agus go láimhseáiltear iad ar bhealach coimeádach;

(j)

go mbeidh sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(k)

go mbeidh na critéir maidir le sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe comhsheasmhach le caighdeáin inmheánacha iasachtaithe na hinstitiúide agus lena beartais maidir leis an gcaoi a bpléitear le hoibleagáideoirí nó le saoráidí struis.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar chásanna ina n-úsáidtear breithiúnas daonna chun ionchuir nó aschuir an chórais rátála a shárú i gcomhréir le hAirteagal 172(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh beartais dhoiciméadaithe ann ina leagtar amach na forais le haghaidh sáruithe agus a mhéid a cheadaítear sáruithe agus ina sonraítear na céimeanna den phróiseas sannta ag a gceadaítear sáruithe;

(b)

go mbeidh údar leordhóthanach leis na sáruithe trí thagairt do na forais a leagtar amach sna beartais dá dtagraítear i bpointe (a) agus go ndéanfar doiciméadú ar an údar sin;

(c)

go ndéanfaidh an institiúid anailís go tráthrialta ar fheidhmíocht risíochtaí ar sáraíodh a rátáil, lena n-áirítear anailís ar sháruithe a rinne gach ball foirne a rinne na sáruithe, agus go gcuirfear torthaí na hanailíse sin san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta ar leibhéal bainistíochta iomchuí;

(d)

go mbaileoidh an institiúid faisnéis iomlán ar sháruithe, lena n-áirítear faisnéis roimh agus i ndiaidh na sáruithe, go ndéanfaidh sí faireachán ar líon na sáruithe agus na húdair atá leis na sáruithe ar bhonn tráthrialta, agus déanfaidh sí anailís ar thionchar na sáruithe ar fheidhmíocht na samhla;

(e)

nach dtabharfar laigí suntasacha sa tsamhail rátála le fios leis an líon sáruithe agus leis na húdair atá le sáruithe.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla go mbainfidh na nithe, na próisis agus na critéir shannta gach ceann de na nithe seo a leanas amach:

(a)

go ndéanfar grúpaí cliant nasctha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shainaithint;

(b)

cuirfear faisnéis maidir le rátálacha agus mainneachtana eintiteas ábhartha eile laistigh de ghrúpa cliant nasctha san áireamh i sannadh gráid oibleagáideora ar bhealach ina léirítear cás éagsúil gach eintitis ábhartha agus an caidreamh atá aige le heintitis ábhartha eile sa ghrúpa i ngráid rátála gach eintitis ábhartha sa ghrúpa;

(c)

déanfar doiciméadú ar chásanna ina sanntar na hoibleagáideoirí do ghrád níos fearr ná a máthair-eintitis agus beidh údar leis an sannadh sin.

Airteagal 25

Sláine an phróisis sannta

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar neamhspleáchas an phróisis sannta i gcomhréir le Airteagal 173 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

nach mbeidh an fhoireann agus an lucht bainistíochta atá freagrach as formheas deiridh an tsannta nó as an athbhreithniú ar shannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe bainteach le risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan nó freagrach as risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan;

(b)

go dtuairisceoidh na haonaid atá freagrach as formheas deiridh an tsannta nó as an athbhreithniú ar shannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe agus ardbhainisteoirí na n-aonad atá freagrach as risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan do chomhaltaí éagsúla an chomhlachta bainistíochta nó do choiste ábhartha ainmnithe na hinstitiúide;

(c)

nach mbeidh luach saothair na foirne agus an lucht bainistíochta atá freagrach as formheas deiridh an tsannta nó as an athbhreithniú ar shannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe nasctha le feidhmiú na gcúraimí a bhaineann le risíochtaí a thionscnamh nó a athnuachan.

(d)

go mbeidh feidhm ag na cleachtais chéanna leo siúd dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) maidir leis na sáruithe san aicme risíochta ar mhiondíol.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht agus minicíocht an phróisis sannta a leagtar amach in Airteagal 173 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go sonrófar i mbeartais leordhóthanacha agus mhionsonraithe minicíocht an athbhreithnithe, agus na critéir maidir leis an ngá atá le hathbhreithnithe níos minice ag féachaint do phriacal níos airde oibleagáideoirí nó risíochtaí achrannacha agus go gcuirfear na beartais sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht aimsire;

(b)

go ndéanfar athbhreithniú ar an sannadh laistigh de dhá mhí dhéag ar a mhéad tar éis an sannadh a fhormheas agus go ndéanfar aon choigeartú air a measadh a bheith riachtanach le linn an athbhreithnithe laistigh den teorainn ama sin;

(c)

go ndéanfar athbhreithniú ar an sannadh nuair a bheidh faisnéis ábhartha nua ar an oibleagáideoir nó ar an risíocht ar fáil agus go ndéanfar aon choigeartú air a measadh a bheith riachtanach le linn an athbhreithnithe laistigh den teorainn ama gan moill mhíchuí;

(d)

go mbeidh critéir agus próisis sainithe ag an institiúid maidir le measúnú a dhéanamh ar ábharthacht faisnéise nua agus ar an ngá atá le hathshannadh ina dhiaidh sin agus go gcuirfear na critéir agus na próisis sin i bhfeidhm go comhsheasmhach;

(e)

go n-úsáidfear an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil san athbhreithniú ar an sannadh;

(f)

i gcás nach ndearnadh athbhreithniú ar an sannadh mar a leagtar amach i bpointí (a) go (e) ar chúiseanna praiticiúla, go mbeidh beartais leordhóthanacha i bhfeidhm chun an cás a shainaithint, faireachán a dhéanamh air agus é a leigheas agus go ndéanfar bearta chun a áirithiú go gcomhlíonfar pointí (a) go (e) arís;

(g)

go gcuirfear an lucht ardbhainistíochta ar an eolas go tráthrialta maidir le hathbhreithnithe ar risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe agus ar aon mhoill ar na hathbhreithnithe ar an sannadh dá dtagraítear i bpointe (f);

(h)

go mbeidh beartais leordhóthanacha ann chun faisnéis ábhartha a fháil go héifeachtach agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, agus go léireofar é sin go hiomchuí i dtéarmaí na gconarthaí leis na hoibleagáideoirí.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 2, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar luach agus ar líon na risíochtaí nach ndearnadh athbhreithniú orthu i gcomhréir le pointí (a) go (e) de mhír 2, agus fíoróidh go láimhseálfar na risíochtaí sin ar bhealach coimeádach nuair a bheidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh. Déanfar an measúnú agus an fíorú ar leithligh le haghaidh gach córais rátála agus le haghaidh gach paraiméadair priacail.

CAIBIDIL 6

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE CHUN MAINNEACHTAIN A SHAINAITHINT

Airteagal 26

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an sainaithníonn an institiúid gach cás atá le meas mar mhainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178(1) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171 ón gCoimisiún (5) fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

sonraíocht mhionsonraithe agus cur i bhfeidhm praiticiúil na dtruicear chun mainneachtain oibleagáideora a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 27;

(b)

stóinseacht agus éifeachtacht an phróisis a úsáideann institiúid chun mainneachtain oibleagáideora a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 28;

(c)

na truicir agus an próiseas a úsáideann institiúid chun oibleagáideoir mainneachtana a athaicmiú chuig stádas neamh-mhainneachtana, i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar chritéir inmheánacha, ar bheartais inmheánacha agus ar nósanna imeachta inmheánacha na hinstitiúide chun a shuíomh ar tharla mainneachtain (“sainmhíniú ar mhainneachtain”) agus maidir le risíochtaí a mhainnigh a láimhseáil;

(b)

athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí na n-aonad agus na gcomhlachtaí bainistíochta a bhfuil baint acu le mainneachtain oibleagáideora a shainaithint agus le risíochtaí a mhainnigh a bhainistiú;

(c)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(d)

athbhreithniú ar thorthaí ábhartha an iniúchta inmheánaigh nó ar fheidhmeanna rialaithe eile na hinstitiúide;

(e)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na hiarrachtaí a rinne an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith iniúchtaí ábhartha a mhaolú;

(f)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu;

(g)

athbhreithniú ar na critéir a úsáideann an pearsanra atá freagrach as stádas mainnithe a shannadh de láimh d’oibleagáideoir nó do risíocht agus ar na critéir maidir le filleadh ar an stádas neamh-mhainnithe.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF a úsáidtear sa phróiseas chun mainneachtain oibleagáideora a shainaithint;

(b)

tástáil shamplach a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid maidir le saintréithe oibleagáideora agus le tionscnamh agus le cothabháil na risíochtaí;

(c)

a dtástálacha féin a dhéanamh ar shonraí na hinstitiúide nó an institiúid a chur faoi cheangal tástálacha sonracha a dhéanamh;

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 27

Truicir chun mainneachtain oibleagáideora a shainaithint

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar shonraíocht mhionsonraithe arna cur i bhfeidhm ag an institiúid mar aon le cur i bhfeidhm praiticiúil na dtruicear chun mainneachtain oibleagáideora a shainaithint, agus measúnú ar chomhlíontacht na hinstitiúide le hAirteagal 178(1) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh beartas leormhaith i bhfeidhm maidir le háireamh na laethanta thar téarma, lena n-áirítear maidir le hathaosú na saoráidí, le síntí, leasuithe nó iarchur a cheadú, athnuachaintí agus glanluacháil a dhéanamh ar chuntais atá ann cheana;

(b)

go n-áireofar leis an sainmhíniú ar mhainneachtain arna chur i bhfeidhm ag an institiúid gach ceann de na truicir mhainneachtana a leagtar amach in Airteagal 178(1) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar a laghad;

(c)

i gcás ina n-úsáidfidh institiúid breis is aon sainmhíniú amháin ar mhainneachtain laistigh dá heintitis dhlítheanacha, go sonrófar raon feidhme gach sainmhínithe ar mhainneachtain go soiléir agus go mbeidh údar leis na difríochtaí idir na sainmhínithe.

2.   Chun críche an fhíoraithe faoi mhír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú i dtaobh an gcuirtear an sainmhíniú ar mhainneachtain chun feidhme sa chleachtas agus a bhfuil sé mionsonraithe go leor chun go gcuirfidh gach ball foirne i bhfeidhm go comhsheasmhach é i dtaca le gach cineál risíochta, agus cibé acu a shonraítear nó nach sonraítear go leordhóthanach gach ceann de na táscairí féideartha seo a leanas maidir le mídhóchúlacht na híocaíochta:

(a)

an stádas neamhfhabhraithe;

(b)

imeachtaí arb é atá iontu coigeartuithe i leith priacal creidmheasa sonrach a leanann as meathlú suntasach atá le sonrú sa cháilíocht chreidmheasa;

(c)

díolacháin oibleagáidí creidmheasa arb é atá iontu caillteanas eacnamaíoch ábhartha a bhaineann le creidmheas;

(d)

imeachtaí arb é atá iontu athchóiriú struis;

(e)

imeachtaí arb é atá iontu cosaint atá cosúil le cosaint ar fhéimheacht;

(f)

táscairí eile maidir le mídhóchúlacht na híocaíochta.

3.   Fíoróidh na húdaráis inniúla go n-áiritheofar leis na beartais agus leis na nósanna imeachta nach ndéanfar oibleagáideoirí a aicmiú mar oibleagáideoirí neamh-mhainnithe i gcás ina mbeidh feidhm le haon cheann de na truicir mhainneachtana.

Airteagal 28

Stóinseacht agus éifeachtacht an phróisis chun mainneachtain oibleagáideora a shainaithint

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar stóinseacht agus ar éifeachtacht an phróisis chun mainneachtain oibleagáideora a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta leormhaithe agus sásraí leormhaithe i bhfeidhm lena áirithiú go sainaithneofar gach mainneachtain go tráthúil, go háirithe gurb éifeachtach na nósanna imeachta agus na sásraí chun faisnéis ábhartha a bhailiú agus a thabhairt cothrom le dáta agus go ndéantar amhlaidh minic go leor;

(b)

i gcás ina sainaithneofar mainneachtain oibleagáideora bunaithe ar phróisis uathoibríocha, go ndéanfar tástálacha chun a fhíorú go sainaithneofar mainneachtain i gceart leis an gcóras TF;

(c)

chun mainneachtain oibleagáideora a shainaithint bunaithe ar bhreithiúnas daonna, go mbeidh mionsonraí go leor sna critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar na hoibleagáideoirí agus ar na truicir mhainneachtana a leagfar amach sa doiciméadacht inmheánach chun comhsheasmhacht a áirithiú agus mainneachtain á sainaithint ag gach ball den fhoireann a bhfuil baint acu le sainaithint den sórt sin;

(d)

i gcás ina gcuirfidh an institiúid an sainmhíniú ar mhainneachtain i bhfeidhm ar leibhéal an oibleagáideora, go mbeidh nósanna imeachta leormhaithe agus sásraí leormhaithe i bhfeidhm lena áirithiú, nuair a shainaithneofar mainneachtain le haghaidh oibleagáideora, go gclárófar gach risíocht ar an oibleagáideoir sin mar risíochtaí ar mainneachtain i ngach córas ábhartha, i ngach réim ghnó ábhartha agus i ngach suíomh geografach laistigh den institiúid agus dá fochuideachtaí, agus i gcás inarb infheidhme, laistigh dá máthairghnóthas, agus a fochuideachtaí;

(e)

i gcás ina mbeidh moill ar shannadh an stádais mainnithe do gach risíocht ar oibleagáideoir dá dtagraítear i bpointe (d) tar éis mhainneachtain risíocht amháin nó roinnt risíochtaí de chuid an oibleagáideora, nach dtiocfaidh earráidí de dheasca na moille sin ná neamhréireachtaí maidir le bainistiú priacail, tuairisciú priacail, ríomh ceanglas cistí dílse ná earráidí in úsáid sonraí maidir le cainníochtú priacail.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar chur i bhfeidhm na tairsí ábharthachta a shainmhínítear de bhun Airteagal 178(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa sainmhíniú ar mhainneachtain agus measúnú ar chomhsheasmhacht na tairsí ábharthachta sin le tairseach ábharthachta oibleagáide creidmheasa atá thar téarma arna socrú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171, agus fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta leormhaithe agus sásraí leormhaithe i bhfeidhm lena áirithiú go sannfar an stádas mainnithe i gcomhréir le hAirteagal 178(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in Airteagal 178(2)(d) den Rialachán sin agus go gcomhlíonfar leis an stádas sin an tairseach ábharthachta is ábhartha d’oibleagáid chreidmheasa atá thar téarma arna sainiú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171.;

(b)

go mbeidh an próiseas maidir le háireamh laethanta thar téarma comhsheasmhach le hoibleagáidí conarthacha nó dlíthiúla an oibleagáideora, go léireofar íocaíochtaí páirteacha go leordhóthanach leo agus go gcuirfear an próiseas i bhfeidhm go comhsheasmhach.

3.   I gcás risíochtaí ar mhiondíol, i dteannta an fhíoraithe a leagtar síos i mír 1 agus an mheasúnaithe a leagtar síos i mír 2, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh beartas soiléir ag an institiúid maidir le cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar mhainneachtain le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol cibé acu ar leibhéal an oibleagáideora nó ar leibhéal na saoráide creidmheasa aonair;

(b)

go mbeidh an beartas dá dtagraítear i bpointe (a) ailínithe le bainistiú priacail na hinstitiúide agus go gcuirfear an beartas sin i bhfeidhm go comhsheasmhach;

(c)

i gcás ina gcuirfidh an institiúid an sainmhíniú ar mhainneachtain i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide creidmheasa aonair:

(i)

go mbeidh nósanna imeachta leormhaithe agus sásraí leormhaithe i bhfeidhm lena áirithiú, nuair a shainaithneofar saoráid chreidmheasa mar shaoráid chreidmheasa atá ar mainneachtain, go ndéanfar an tsaoráid chreidmheasa sin a mharcáil mar shaoráid atá ar mainneachtain trasna na gcóras ábhartha uile laistigh den institiúid;

(ii)

i gcás ina mbeidh moill ann maidir le sannadh an stádais mainnithe do shaoráid chreidmheasa trasna na gcóras ábhartha uile dá dtagraítear i bpointe (i), nach dtiocfaidh earráidí de bharr na moille sin ná neamhréireachtaí maidir le bainistiú priacal, tuairisciú priacal, ríomh ceanglas cistí dílse ná earráidí in úsáid sonraí maidir le cainníochtú priacal.

Airteagal 29

Athaicmiú ar stádas neamh-mhainnithe

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar stóinseacht na dtruicear agus ar an bpróiseas chun oibleagáideoir mainneachtana a athaicmiú go stádas neamh-mhainnithe i gcomhréir le hAirteagal 178(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go gcinnfear na truicir maidir le hathaicmiú le haghaidh gach truicir mainneachtana agus go sonrófar go soiléir sainaithint agus láimhseáil na n-oibleagáidí creidmheasa a bheidh faoi réir athchóiriú struis;

(b)

nach féidir athaicmiú a dhéanamh ach amháin i gcás nach mbeidh feidhm ag aon truicear mainneachtana a thuilleadh agus ina mbeidh gach coinníoll ábhartha maidir le hathaicmiú comhlíonta;

(c)

go gcinnfear truicir agus próiseas an athaicmithe ar bhealach stuama, go háirithe go gcinnteofar leo nach ndéanfar athaicmiú go stádas neamh-mhainnithe i gcás ina mbeidh coinne ag an institiúid leis go n-íocfar an oibleagáid chreidmheasa go hiomlán gan an institiúid a bheith ag dul i muinín gníomhaíochtaí amhail urrús a réadú.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla nach mbeifear in ann oibleagáideoir mainneachtana a athaicmiú go stádas neamh-mhainnithe le beartais ná le nósanna imeachta na hinstitiúide de thoradh athruithe ar théarmaí nó ar choinníollacha na n-oibleagáidí creidmheasa agus dá thoradh siúd amháin, ach amháin i gcás ina bhfuair an institiúid leis na hathruithe sin go gcumasófaí di an t-oibleagáideoir a bhreithniú mar oibleagáideoir nach dócha a thuilleadh nach n-íocfaidh sé.

3.   Fíoróidh na húdaráis inniúla an anailís ar ar bhunaigh an institiúid a cuid critéar maidir le hathaicmiú. Fíoróidh siad go gcuirfear san áireamh leis an anailís taifead mainneachtana na hinstitiúide roimhe agus céatadán na n-oibleagáideoirí mainneachtana, a mhainníonn arís laistigh de thréimhse ghearr tar éis dóibh a bheith athaicmithe go stádas neamh-mhainnithe.

CAIBIDIL 7

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE AR DHEARADH, SONRAÍ OIBRÍOCHTA AGUS AR DHOICIMÉADÚ NA gCÓRAS RÁTÁLA

ROINN 1

Ginearálta

Airteagal 30

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais maidir le dearadh, bainistiú agus doiciméadú na gcóras rátála, dá dtagraítear in Airteagal 144(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

leordhóthanacht na doiciméadachta maidir le réasúnaíocht, dearadh agus sonraí oibríochta na gcóras rátála, mar a leagtar amach in Airteagal 175 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 32;

(b)

leordhóthanacht struchtúr na gcóras rátála, dá dtagraítear in Airteagal 170 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagail 33 go 36;

(c)

cur i bhfeidhm na gceanglas sonrach ag an institiúid maidir le samhlacha staitistiúla nó le modhanna meicniúla eile, dá dtagraítear in Airteagal 174 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagail 37 go 40.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais inmheánacha ábhartha na hinstitiúide;

(b)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht theicniúil na hinstitiúide maidir leis an modheolaíocht agus leis an bpróiseas chun na córais rátála a fhorbairt;

(c)

athbhreithniú ar na lámhleabhair forbartha, ar na modheolaíochtaí agus ar na próisis ar a bhfuil na córais rátála bunaithe;

(d)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide maidir leis na córais rátála a fhormheas, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí atá ainmnithe aige;

(e)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar fheidhmíocht na gcóras rátála agus ar mholtaí an aonaid rialaithe priacal creidmheasa, de chuid fheidhm an bhailíochtaithe, fheidhm an iniúchta inmheánaigh, nó aon fheidhm rialaithe eile de chuid na hinstitiúide;

(f)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn faoi na hiarrachtaí a rinne an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail, a braitheadh i rith faireacháin, bailíochtuithe agus iniúchtaí ábhartha, a mhaolú;

(g)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

sonraí a úsáidtear agus na córais rátála á bhforbairt, a iarraidh agus anailís a dhéanamh ar na sonraí sin;

(b)

a gcuid meastachán féin a dhéanamh nó meastacháin na hinstitiúide, a rinneadh i rith fhorbairt agus fhaireachán na gcóras rátála, a mhacasamhlú agus úsáid á baint as sonraí ábhartha a sholáthróidh an institiúid;

(c)

doiciméadacht bhreise a iarraidh ón institiúid nó iarraidh uirthi go soláthrófar anailís a bhaineann le roghnú na modheolaíochta chun an córas rátála a dhearadh agus go soláthrófar faisnéis faoi na torthaí a fuarthas;

(d)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF is ábhartha do raon feidhme an mheasúnaithe ar dhearadh, ar shonraí oibríochta agus ar dhoiciméadacht na gcóras rátála;

(e)

tástálacha an údaráis inniúil féin a dhéanamh ar shonraí na hinstitiúide nó iarraidh ar an institiúid tástálacha a dhéanamh arna moladh ag an údarás inniúil;

(f)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

ROINN 2

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht maidir le réasúnaíocht, dearadh agus sonraí oibríochta na gcóras rátála

Airteagal 31

Iomláine dhoiciméadacht na gcóras rátála

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar iomláine na doiciméadachta maidir le dearadh, sonraí oibríochta agus réasúnaíocht na gcóras rátála dá dtagraítear in Airteagal 144(1)(e) agus a leagtar amach in Airteagal 175 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go mbeidh an doiciméadacht iomlán agus go n-áireofar an méid seo a leanas inti:

(a)

leordhóthanacht an chórais rátála agus na samhlacha a úsáidtear laistigh den chóras rátála agus saintréithe na punainne á gcur san áireamh;

(b)

tuairisc ar fhoinsí sonraí agus ar chleachtais ghlanta sonraí;

(c)

sainmhínithe ar mhainneachtain agus ar chaillteanas;

(d)

roghanna ó thaobh na modheolaíochta;

(e)

sonraíocht theicniúil na samhlacha;

(f)

laigí agus teorainneacha na samhlacha agus fachtóirí na samhlacha lena bhféadfaí iad a mhaolú;

(g)

torthaí na dtástálacha cur chun feidhme ar na samhlacha sna córais TF, go háirithe faisnéis i dtaobh ar éirigh lena gcur chun feidhme agus an raibh an cur chun feidhme sin saor ó earráidí;

(h)

féinmheasúnú ar chomhlíontacht leis na ceanglais rialála le haghaidh an Chur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha dá dtagraítear in Airteagail 169 go 191 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(a), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go leagfar amach go soiléir leis an doiciméadacht cuspóir an chórais rátála agus na samhlacha;

(b)

go n-áireofar leis an doiciméadacht tuairisc ar raon feidhme an chórais rátála agus ar raon feidhme na samhlacha a úsáidtear laistigh den chóras rátála, i.e. sonrú chineál na risíochtaí a chumhdaítear le gach samhail laistigh den chóras rátála, ar bhealach cáilíochtúil agus ar bhealach cainníochtúil araon, cineál aschur gach samhla agus an úsáid a bhaintear as na haschuir;

(c)

go n-áireofar leis an doiciméadacht míniú ar an mbealach a gcuirtear an fhaisnéis a fhaightear trí bhíthin an chórais rátála agus torthaí na samhlacha san áireamh chun críocha na bpróiseas bainistithe priacal, cinnteoireachta agus formheasa creidmheasa, dá dtagraítear in Airteagal 19.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(b), fíoróidh na húdaráis inniúla go n-áireofar leis an doiciméadacht:

(a)

faisnéis mhionsonraithe maidir leis na sonraí uile a úsáideadh chun an tsamhail a fhorbairt, lena n-áirítear sainmhíniú beacht ar ábhar na samhla, a foinse, a formáid agus a códúchán agus, i gcás inarb infheidhme, sonraí a eisiadh ón tsamhail;

(b)

aon nós imeachta glanta sonraí lena n-áirítear nósanna imeachta chun sonraí a eisiamh, sonraí asluiteacha a bhrath agus a láimhseáil agus sonraí a oiriúnú, mar aon le réasúnú sainráite maidir lena n-úsáid agus meastóireacht ar a dtionchar.

4.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(c), fíoróidh na húdaráis inniúla an bhfuil na sainmhínithe ar mhainneachtain agus ar chaillteanas a úsáideadh i rith fhorbairt na samhla doiciméadaithe go leordhóthanach, go háirithe i gcás ina n-úsáidfear sainmhínithe eile ar mhainneachtain chun samhail a shonrú seachas iad siúd a úsáideann an institiúid i gcomhréir le hAirteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

5.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(d), fíoróidh na húdaráis inniúla go n-áireofar leis an doiciméadacht:

(a)

tuairisc ar dhearadh foluiteach, teoiric fholuiteach, toimhdí foluiteacha, agus loighic fholuiteach na samhla;

(b)

tuairiscí mionsonraithe ar mhodheolaíochtaí na samhla agus ar a réasúnaíocht, ar a dteicnící staitistiúla agus ar a gcomhfhogasuithe agus, i gcás inarb iomchuí, ar an réasúnaíocht agus ar na sonraí ar mhodhanna deighilte, ar aschuir na bpróiseas staitistiúil agus ar dhiagnóisic agus ar thomhais chumhacht réamhfháistineach na samhlacha;

(c)

ról na saineolaithe ó na réimsí ábhartha gnó maidir leis an gcóras rátála agus na samhlacha a fhorbairt, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas comhairliúcháin in éineacht le saineolaithe ó na réimsí ábhartha gnó maidir leis an gcóras rátála agus leis na samhlacha a dhearadh mar aon le haschuir agus le réasúnaíocht atá soláthraithe ag na saineolaithe sin ó na réimsí ábhartha gnó;

(d)

míniú ar an mbealach a thugtar an tsamhail staitistiúil agus an breithiúnas daonna le chéile chun teacht ar aschur na samhla críochnaithí;

(e)

míniú ar an mbealach a chuireann an institiúid cáilíocht mhíshásúil sonraí san áireamh, mar aon le heaspa comhthiomsuithe aonfhoirmeacha risíochtaí, athruithe ar phróisis ghnó, ar an timpeallacht eacnamaíoch nó dlíthiúil agus ar fhachtóirí eile a bhaineann le cáilíocht na sonraí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmíocht an chórais rátála nó na samhla;

(f)

tuairisc ar na hanailísí a rinneadh chun críocha samhlacha staitistiúla eile nó modhanna meicniúla eile, de réir mar is infheidhme:

(i)

anailís aonathráideach ar na hathróga a bhreithnítear agus na critéir faoi seach maidir le hathróga a roghnú;

(ii)

anailís ilathráideach ar na hathróga a roghnaítear agus na critéir faoi seach maidir le hathróga a roghnú;

(iii)

an nós imeachta chun an tsamhail chríochnaitheach a dhearadh, lena n-áirítear:

roghnú críochnaitheach na n-athróg;

coigeartuithe bunaithe ar bhreithiúnas daonna ar na hathróga a leanann as an anailís ilathráideach;

trasfhoirmithe na n-athróg;

sannadh ualaithe do na hathróga;

an modh lena gceaptar comhpháirteanna na samhla, go háirithe i gcás ina dtabharfar rannchuidiú na gcomhpháirteanna cáilíochtúla agus cainníochtúla le chéile.

6.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(e), fíoróidh na húdaráis inniúla go n-áireofar leis an doiciméadacht:

(a)

sonraíocht theicniúil struchtúr na samhla críochnaithí lena n-áirítear sonraíochtaí na samhla críochnaithí, comhpháirteanna ionchuir lena n-áirítear cineál agus formáid na n-athróg a roghnaítear, ualuithe a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh chomhpháirteanna na n-athróg agus na n-aschur lena n-áirítear cineál agus formáid shonraí na n-aschur;

(b)

tagairtí do na cóid ríomhaire agus do na huirlisí a úsáidtear i dtéarmaí theangacha agus chláir TF lena gceadaítear do thríú páirtí na torthaí críochnaitheacha a atáirgeadh.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh gurb é an díoltóir an tríú páirtí i gcás samhlacha díoltóra.

7.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(f), fíoróidh na húdaráis inniúla go n-áireofar leis an doiciméadacht tuairisc ar laigí agus ar theorainneacha na samhla, measúnú i dtaobh an gcomhlíontar príomhthoimhdí na samhla agus réamhaíocht maidir le cásanna ina bhféadfadh an tsamhail feidhmiú faoi bhun ionchas nó teacht chun bheith neamhleor, mar aon le measúnú ar shuntas laigí na samhla agus fachtóirí na samhla lena bhféadfaí iad a mhaolú.

8.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(g), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go sonrófar leis an doiciméadacht an próiseas atá le leanúint nuair a chuirfear samhail nua nó samhail athraithe chun feidhme sa timpeallacht táirgthe;

(b)

go gcumhdófar leis an doiciméadacht torthaí thástálacha chur chun feidhme na samhlacha rátála sna córais TF, lena n-áirítear an dearbhú gurb í an tsamhail rátála a chuirtear chun feidhme sa chóras táirgthe an tsamhail chéanna leis an gceann a thuairiscítear sa doiciméadacht agus go mbeidh an tsamhail ag oibriú mar a beartaíodh.

9.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1(h), fíoróidh na húdaráis inniúla go bhfeidhmeofar féinmheasúnú na hinstitiúide ar chomhlíontacht leis na ceanglais rialála le haghaidh an Chur Chuige IRB ar leithligh le haghaidh gach córais rátála agus go ndéanfar athbhreithniú air leis an iniúchadh inmheánach nó le haonad iniúchóireachta neamhspleách inchomparáide eile.

Airteagal 32

Clár na gcóras rátála

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an gcóras doiciméadachta agus ar na nósanna imeachta chun an fhaisnéis a bhailiú agus a stóráil ar na córais rátála dá dtagraítear in Airteagail 144(1)(e) agus 175 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go mbeidh clár curtha chun feidhme agus á choinneáil ar bun ag an institiúid de gach leagan reatha de na córais rátála agus de gach leagan roimhe seo le 3 bliana anuas ar a laghad (“clár na gcóras rátála”).

2.   Chun críocha mhír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla go n-áireofar leis na nósanna imeachta chun clár na gcóras rátála a choinneáil ar bun, taifead den fhaisnéis seo a leanas i leith gach leagain:

(a)

raon feidhme an chórais rátála, lena sonrófar cén cineál risíochtaí a bheidh le rátáil le gach samhail rátála;

(b)

an lucht bainistíochta atá freagrach as an gcóras a fhormheas agus dáta an fhormheasa inmheánaigh, an dáta a tugadh fógra do na húdaráis inniúla, dáta an fhormheasa ag na húdaráis inniúla, i gcás inarb infheidhme, agus dáta chur chun feidhme an leagain;

(c)

tuairisc achomair ar aon athrú i gcoibhneas leis an leagan roimhe a breithníodh sa chlár, lena n-áirítear tuairisc ar ghnéithe an chórais rátála a athraíodh agus tagairt do dhoiciméadacht na samhla;

(d)

catagóir na n-athruithe atá sannta i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014 agus tagairt do na critéir maidir le sannadh do chatagóir athruithe.

ROINN 3

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar struchtúr na gcóras rátála

Airteagal 33

Príomhspreagaithe priacail agus critéir rátála

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar na spreagaithe priacail agus ar na critéir rátála a úsáidtear sa chóras rátála chun críocha Airteagal 170(1), pointe (a), (c) agus (e), (3), pointe (a), agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

próiseas roghnúcháin na spreagaithe priacail ábhartha agus na gcritéar rátála, lena n-áirítear an sainmhíniú ar spreagaithe priacail féideartha, critéir maidir le spreagaithe priacail a roghnú agus cinntí a dhéantar maidir leis na spreagaithe priacail ábhartha;

(b)

maidir leis na spreagaithe priacail agus na gcritéar rátála a roghnaítear agus a rannchuidiú leis an measúnú priacail, a gcomhsheasmhacht le hionchais úsáideoirí gnó an chórais rátála;

(c)

maidir leis na spreagaithe priacail agus na gcritéar rátála a roghnaítear ar bhonn na modhanna staitistiúla, a gcomhsheasmhacht leis an bhfianaise staitistiúil ar an difreáil priacail atá bainteach le gach grád nó comhthiomsú.

2.   Ar na spreagaithe priacail féideartha agus na critéir rátála a bheidh le hanailísiú i gcomhréir le mír 1(a), beidh an méid seo a leanas, i gcás ina mbeidh fáil orthu sin le haghaidh an chineáil risíochtaí:

(a)

saintréithe an phriacail oibleagáideora, lena n-áirítear:

(i)

maidir le risíochtaí ar chorparáidí agus ar institiúidí: ráitis airgeadais, faisnéis cháilíochtúil, priacal tionscail, priacal tíre, tacaíocht ó mháthair-eintiteas;

(ii)

maidir le risíochtaí ar mhiondíol: ráitis airgeadais nó faisnéis ar ioncam pearsanta, faisnéis cháilíochtúil, faisnéis iompraíochta, faisnéis shoch-dhéimeagrafach.

(b)

saintréithe an phriacail idirbhirt, lena n-áirítear cineál táirge, cineál comhthaobhachta, sinsearacht, cóimheas iasachta/luacha;

(c)

faisnéis maidir le faillí: faisnéis inmheánach nó faisnéis a dhíorthaítear ó fhoinsí seachtracha, amhail biúrónna creidmheasa.

Airteagal 34

Dáileadh oibleagáideoirí agus risíochtaí sna gráid nó sna comhthiomsuithe

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar dháileadh na n-oibleagáideoirí agus na risíochtaí laistigh de ghráid nó de chomhthiomsuithe gach córais rátála chun críocha Airteagail 170(1), phointí (b), (d) agus (f), (2) agus (3)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh an líon grád rátála agus comhthiomsuithe rátála leordhóthanach chun difreáil priacail réasúnta a áirithiú mar aon le cainníochtú na saintréithe caillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe agus:

(i)

maidir le risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus bainc cheannais agus risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, go mbeidh sa scála rátála oibleagáideora an líon grád a leagtar amach in Airteagal 170(1)(b) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi seach, ar a laghad;

(ii)

maidir le hearraí infhaighte ceannaithe a aicmítear mar risíochtaí ar mhiondíol, go léireofar leis an ngrúpáil cleachtais frithgheallta an díoltóra mar aon le hilchineálacht a chuid custaiméirí.

(b)

nach mbeidh comhchruinniú líon na risíochtaí nó na n-oibleagáideoirí iomarcach in aon ghrád ná in aon chomhthiomsú, ach amháin i gcás ina dtacóidh fianaise eimpíreach láidir, ar aonchineálacht phriacal na risíochtaí sin nó na n-oibleagáideoirí sin, le dáileadh den sórt sin;

(c)

go mbeidh líon leordhóthanach risíochtaí nó oibleagáideoirí in aon ghrád aonair nó in aon chomhthiomsú aonair ag na gráid rátála agus saoráide nó ag na comhthiomsuithe rátála agus saoráide le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol, ach amháin i gcás ina dtacóidh fianaise eimpíreach láidir, gur leormhaith grúpáil na risíochtaí sin nó na n-oibleagáideoirí sin, le dáileadh den sórt sin, nó go n-úsáidtear meastacháin dhíreacha ar pharaiméadair phriacail le haghaidh oibleagáideoirí aonair nó risíochtaí aonair dá dtagraítear in Airteagal 169(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

nach mbeidh líon róbheag de risíochtaí nó d’oibleagáideoirí in aon ghrád aonair ná in aon chomhthiomsú aonair ag na gráid rátála agus saoráide nó ag na comhthiomsuithe rátála agus saoráide le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus bainc cheannais, i gcás ina mbeidh sonraí leordhóthanacha le fáil, ach amháin i gcás ina dtacóidh fianaise eimpíreach láidir, gur leormhaith grúpáil na risíochtaí sin nó na n-oibleagáideoirí sin, le dáileadh na risíochtaí nó na n-oibleagáideoirí, nó go n-úsáidtear meastacháin dhíreacha ar pharaiméadair phriacail le haghaidh oibleagáideoirí aonair nó risíochtaí aonair dá dtagraítear in Airteagal 169(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.   I dteannta an fhíoraithe a leagtar síos i mír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, na critéir a chuir an institiúid chun feidhme agus an méid seo a leanas á chinneadh:

(a)

an t-uaslíon foriomlán grád nó comhthiomsuithe agus an t-íoslíon foriomlán grád nó comhthiomsuithe;

(b)

cion na risíochtaí agus na n-oibleagáideoirí a shanntar do gach grád nó do gach comhthiomsú.

3.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh dáileacháin a thugtar faoi deara faoi láthair agus na dáileacháin a tugadh faoi deara roimhe maidir leis an líon risíochtaí agus oibleagáideoirí agus maidir leis na luachanna risíochta, lena n-áirítear aistriú na risíochtaí agus na n-oibleagáideoirí idir gráid dhifriúla nó idir comhthiomsuithe difriúla.

Airteagal 35

Difreáil priacal

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar dhifreáil priacail gach córais rátála chun críocha phointí (b) agus (c) de mhír 3 d’Airteagal 170 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol, fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

gur stuama agus leormhaith na huirlisí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar dhifreáil priacail agus na sonraí atá le fáil á mbreithniú agus go mbeidh fianaise ann, gur leormhaith an difreáil priacail, mar gheall ar thaifid amshraithe de rátaí mainneachtana nó de réir rátaí caillteanais réadaithe i dtaca le gráid nó le comhthiomsuithe agus dálaí eacnamaíocha éagsúla i gceist;

(b)

go sainmhíneoidh an institiúid feidhmíocht ionchasach an chórais rátála maidir le difreáil priacail trí bhíthin spriocanna seasta agus lamháltais sheasta atá suite go soiléir le haghaidh méadracht shainmhínithe agus uirlisí sainmhínithe mar aon le gníomhaíochtaí chun diallta ó na spriocanna agus ó na lamháltais sin a cheartú; go bhféadfar spriocanna agus lamháltais ar leithligh a shainmhíniú i dtaca leis an bhforbairt tosaigh agus leis an bhfeidhmíocht leanúnach;

(c)

go n-áiritheofar difreáil priacail leormhaith leis na spriocanna agus leis na lamháltais le haghaidh méadracht shainmhínithe agus uirlisí sainmhínithe agus sásraí sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm chun na spriocanna agus na lamháltais sin a chomhlíonadh.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla mír 1 i bhfeidhm freisin maidir leis an measúnú ar an difreáil priacail le haghaidh risíochtaí seachas risíochtaí ar mhiondíol de bhun Airteagal 170(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 más rud é go mbeidh líon leordhóthanach de shonraí le fáil ionas go mbeifear in ann amhlaidh a dhéanamh.

Airteagal 36

Aonchineálacht

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar aonchineálacht na n-oibleagáideoirí nó na risíochtaí a shanntar don ghrád céanna nó don chomhthiomsú céanna chun críocha Airteagal 170(1) agus (3)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar chosúlacht shaintréithe caillteanais na n-oibleagáideoirí agus na n-idirbheart a áirítear i ngach grád nó i ngach comhthiomsú maidir le gach ceann de na fachtóirí seo a leanas:

(a)

rátálacha inmheánacha;

(b)

meastacháin ar PD;

(c)

i gcás inarb infheidhme, féinmheastacháin féin ar LGD;

(d)

i gcás inarb infheidhme, féinmheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta;

(e)

i gcás inarb infheidhme, féinmheastacháin ar chaillteanais iomlána.

Maidir le risíochtaí ar mhiondíol, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar na fachtóirí sin le haghaidh gach córais rátála. Le haghaidh risíochtaí seachas risíochtaí ar mhiondíol, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú orthu le haghaidh na gcóras rátála sin a bhfuil líon leordhóthanach de shonraí le fáil ina leith, agus le haghaidh na gcóras sin amháin.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an raon luachanna agus ar dháileacháin shaintréithe caillteanais an oibleagáideora agus na n-idirbheart a áirítear laistigh de gach grád nó de gach comhthiomsú.

ROINN 4

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar cheanglais shonracha le haghaidh samhlacha staitistiúla nó modhanna meicniúla eile

Airteagal 37

Ceanglais maidir le sonraí

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an bpróiseas chun na hionchuir shonraí sa tsamhail a sheiceáil i gcomhréir le hAirteagal 174(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

iontaofacht agus cáilíocht fhoinsí inmheánacha agus seachtracha na sonraí agus an raon sonraí a fhaightear ó na foinsí sin, mar aon leis an tréimhse a chumhdaítear leis na foinsí;

(b)

an próiseas cumaisc sonraí, i gcás ina gcuirfear sonraí isteach sa tsamhail ó ilfhoinsí sonraí;

(c)

réasúnaíocht agus scála na sonraí a eisiatar, arna miondealú de réir na cúise lena n-eisiamh, agus úsáid á baint as staitisticí faoin gcion iomlán sonraí a chumhdaítear le gach cás eisiata i gcás inar eisiadh sonraí áirithe ón sampla forbartha samhla;

(d)

na nósanna imeachta chun déileáil le sonraí earráideacha agus le sonraí atá ar iarraidh agus chun sonraí asluiteacha agus catagóireacha a láimhseáil, agus chun a fhíorú, i gcás ina mbeidh athrú ar an gcineál catagóirithe, nach leanfaidh laghdú ar an gcáilíocht sonraí as sin ná bristeacha struchtúracha sna sonraí;

(e)

na próisis maidir le trasfhoirmiú sonraí, lena n-áirítear caighdeánú agus trasfhoirmithe feidhmiúla eile, agus oiriúnacht na dtrasfhoirmithe sin ag féachaint don phriacal maidir le ró-oiriúnú samhla.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar ionadaíochas na sonraí a úsáidtear chun an tsamhail a thógáil dá dtagraítear in Airteagal 174(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

inchomparáideacht shaintréithe priacail na n-oibleagáideoirí nó na saoráidí a léirítear sna sonraí a úsáidtear chun an tsamhail a thógáil, le saintréithe priacail na risíochtaí a chumhdaítear le samhail rátála áirithe;

(b)

inchomparáideacht na gcaighdeán reatha maidir le frithghealladh agus aisghabháil leis na caighdeáin a cuireadh i bhfeidhm an tráth sin lena mbaineann an tacar sonraí tagartha a úsáideadh i dtaca leis an samhaltú;

(c)

comhsheasmhacht an tsainmhínithe ar mhainneachtain le himeacht aimsire sna sonraí a úsáidtear i dtaca leis an samhaltú agus fíorófar:

(i)

go mbeidh coigeartuithe déanta chun comhsheasmhacht a bhaint amach leis an sainmhíniú reatha ar mhainneachtain i gcás inar athraíodh an sainmhíniú ar mhainneachtain i rith na tréimhse breathnóireachta;

(ii)

gur ghlac an institiúid bearta leormhaithe lena n-áirithítear ionadaíochas na sonraí i gcás ina n-oibreoidh an institiúid i roinnt dlínsí mar a bhfuil sainmhínithe difriúla ar mhainneachtain;

(iii)

nach mbeidh tionchar diúltach ag an sainmhíniú ar mhainneachtain, a úsáidtear chun samhail a shonrú, ar struchtúr ná ar fheidhmíocht na samhla rátála i gcás ina mbeidh an sainmhíniú sin difriúil leis an sainmhíniú ar mhainneachtain a leagtar síos in Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

i gcás ina n-úsáidfear sonraí seachtracha nó sonraí a chomhthiomsaítear thar institiúidí maidir leis an tsamhail a fhorbairt, ábharthacht agus leordhóthanacht na sonraí sin le haghaidh risíochtaí, tháirgí agus phróifíl priacail na hinstitiúide.

Airteagal 38

Dearadh na samhla

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar dhearadh na samhla rátála chun críocha Airteagal 174(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

leordhóthanacht na samhla ag féachaint dá feidhm shonrach;

(b)

anailís na hinstitiúide ar thoimhdí malartacha nó ar chuir chuige mhalartacha seachas na cinn a roghnaíodh sa tsamhail;

(c)

modheolaíocht na hinstitiúide maidir le samhail a fhorbairt;

(d)

go mbeidh tuiscint iomlán ag baill foirne ábhartha na hinstitiúide ar chumais agus ar theorainneacha na samhla, go háirithe maidir le doiciméadacht samhla na hinstitiúide:

(i)

go ndéanfar tuairisc ar theorainneacha na samhla a bhaineann le hionchuir na samhla, ar thoimhdí neamhchinnte, ar chomhpháirt phróiseála na samhla, agus ar cé acu a fheidhmítear aschur na samhla de láimh nó sa chóras TF;

(ii)

go sainaithneofar cásanna inar féidir leis an tsamhail feidhmiú faoi bhun ionchas nó teacht chun bheith neamhleor agus go mbeidh measúnú sa doiciméadacht ar ábharthacht laigí na samhla agus ar fhachtóirí na samhla lena bhféadfaí iad a mhaolú.

Airteagal 39

Breithiúnas daonna

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlánaítear an tsamhail staitistiúil nó modh meicniúil eile leis an mbreithiúnas daonna i gcomhréir le hAirteagal 174(e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dtaobh an gcuirtear an breithiúnas daonna i bhfeidhm ar bhealach comhréireach leormhaith agus an tsamhail rátála á forbairt agus i rith an phróisis maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh údar leis an mbealach ina gcuirtear an breithiúnas daonna i bhfeidhm agus go ndéanfar doiciméadú iomlán air agus measúnú ar thionchar an bhreithiúnais dhaonna ar an gcóras rátála, más féidir, trí bhíthin rannchuidiú imeallach an bhreithiúnais dhaonna le feidhmíocht an chórais rátála, a ríomh freisin;

(b)

go gcuirfear gach faisnéis ábhartha nach mbreithnítear sa tsamhail san áireamh agus go gcuirfear leibhéal coimeádachais leormhaith i bhfeidhm;

(c)

i gcás ina mbeidh gá leis an mbreithiúnas daonna a chur i bhfeidhm i bhfoirm shonraí ionchuir shuibiachtúla sa phróiseas maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe i gcóras rátála, nó i gcás ina gceadófar leis an mbeartas creidmheasa ionchuir nó aschuir na samhla a shárú, tá feidhm ag na nithe uile seo a leanas:

(i)

go sainmhíneofar go soiléir leis an lámhleabhar le haghaidh úsáideoirí na samhla na sonraí ionchuir agus na cásanna inar féidir na sonraí ionchuir a choigeartú leis an mbreithiúnas daonna;

(ii)

go mbeidh na cásanna inar mbeidh na sonraí ionchuir coigeartaithe iarbhír teoranta;

(iii)

go sainmhíneofar go soiléir leis an lámhleabhar le haghaidh úsáideoirí na samhla na cásanna ina bhféadfaí sárú a dhéanamh ar ionchur nó ar aschur na samhlacha rátála agus na nósanna imeachta maidir le sárú a dhéanamh ar ionchur nó ar aschur na samhlacha;

(iv)

maidir leis na sonraí uile i dtaobh breithiúnas daonna a chur i bhfeidhm agus na cásanna inar sáraíodh ionchuir nó aschuir na samhlacha rátála, go ndéanfaidh an t-aonad rialaithe priacal creidmheasa nó feidhm an bhailíochtaithe na sonraí uile sin a stóráil agus a anailísiú go tréimhsiúil chun a thionchar ar an tsamhail rátála a fhionnadh;

(d)

go mbainisteofar cur i bhfeidhm an bhreithiúnais dhaonna go hiomchuí agus ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an gcineál risíochtaí le haghaidh gach córais rátála.

Airteagal 40

Feidhmíocht na samhla

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chumhacht réamhfháistineach na samhla a cheanglaítear faoi Airteagal 174(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla maidir le caighdeáin inmheánacha na hinstitiúide:

(a)

go soláthrófar achoimre ar na toimhdí agus ar an teoiric is bonn don mhéadracht atá roghnaithe ag an institiúid chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na samhla;

(b)

go sonrófar cur i bhfeidhm na méadrachta, go dtabharfar le fios cibé acu an éigeantach nó discréideach úsáid gach méadrachta agus cén uair atá an mhéadracht le húsáid agus go n-áiritheofar go n-úsáidfear an mhéadracht ar bhealach comhleanúnach;

(c)

go sonrófar coinníollacha na hinfheidhmeachta agus na tairseacha inghlactha agus na diallta a bhfuil glacadh leo le haghaidh na méadrachta agus go leagfar amach an gcuirtear agus, más amhlaidh go gcuirtear, an bealach a chuirtear earráidí staitistiúla maidir le luachanna na méadrachta sin san áireamh sa phróiseas measúnúcháin, agus, i gcás ina ríomhfar breis is aon mhéadracht amháin, go suífear na modhanna maidir le comhlánú a dhéanamh ar thorthaí roinnt tástálacha de réir aon mheasúnú amháin;

(d)

go gcinnfear próiseas lena áirithiú go gcuirfear imeachtaí, ina dtiocfaidh meath ar fheidhmíocht na samhla a fhágfaidh go sárófar na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (c), in iúl do chomhaltaí iomchuí an lucht ardbhainistíochta atá i gceannas air agus go soláthróidh comhaltaí na bainistíochta, atá freagrach as cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir leis na hathruithe is gá ar an tsamhail a chur chun feidhme, treoraíocht shoiléir maidir leis an mbealach a bhreithneofar torthaí na méadrachta.

CAIBIDIL 8

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE AR CHAINNÍOCHTÚ PRIACAL

ROINN 1

Ginearálta

Airteagal 41

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais maidir le cainníochtú paraiméadar priacail, chun críocha Airteagal 144(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go bhfuil an institiúid:

(a)

ag comhlíonadh na gceanglas foriomlán maidir le meastachán a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 179 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagail 42, 43 agus 44;

(b)

ag comhlíonadh na gceanglas a bhaineann go sonrach le meastachán ar PD a leagtar síos in Airteagal 180 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 46;

(c)

ag comhlíonadh na gceanglas a bhaineann go sonrach le féinmheastacháin ar LGD a leagtar síos in Airteagal 181 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagail 47 go 52;

(d)

ag comhlíonadh na gceanglas a bhaineann go sonrach le féinmheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta a leagtar síos in Airteagal 182 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagail 53 go 56;

(e)

ag comhlíonadh na gceanglas maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeacht na ráthaíochtaí agus na ndíorthach creidmheasa a leagtar síos in Airteagal 183 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagal 57;

(f)

ag comhlíonadh na gceanglas maidir le hearraí infhaighte ceannaithe a leagtar síos in Airteagal 184 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomhréir le hAirteagal 58.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais inmheánacha ábhartha na hinstitiúide;

(b)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht theicniúil na hinstitiúide ar an modheolaíocht ábhartha agus ar an bpróiseas ábhartha chun meastacháin a dhéanamh;

(c)

athbhreithniú ar na lámhleabhair, ar na modheolaíochtaí agus ar na próisis ábhartha chun meastacháin a dhéanamh ar pharaiméadair phriacail, agus dúshlán a thabhairt dóibh;

(d)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, an coiste samhla, nó coistí eile;

(e)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar fheidhmíocht na bparaiméadar priacail agus ar na moltaí a dhéanann an t-aonad rialaithe priacal creidmheasa, feidhm an bhailíochtaithe, feidhm an iniúchta inmheánaigh, nó aon fheidhm rialaithe eile de chuid na hinstitiúide;

(f)

measúnú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn faoi na hiarrachtaí a dhéanann an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith iniúchtaí ábhartha, bailíochtuithe ábhartha agus faireachán ábhartha a mhaolú;

(g)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

iarraidh go soláthrófar doiciméadacht bhreise nó anailís bhreise lena dtabharfar fianaise ar roghanna na hinstitiúide ó thaobh modheolaíochta de agus na torthaí a fuarthas;

(b)

a gcuid meastachán féin a dhéanamh ar pharaiméadair phriacail nó meastacháin na hinstitiúide a mhacasamhlú, agus úsáid á baint as na sonraí ábhartha a sholáthróidh an institiúid;

(c)

na sonraí á úsáidtear, i bpróiseas an mheastacháin, a iarraidh agus a anailísiú;

(d)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF is ábhartha do raon feidhme an mheasúnaithe;

(e)

a gcuid tástálacha féin a dhéanamh ar shonraí na hinstitiúide nó iarraidh ar an institiúid tástálacha a dhéanamh arna moladh ag na húdaráis inniúla;

(f)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

ROINN 2

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar cheanglais fhoriomlána maidir le paraiméadair phriacail a chainníochtú

Airteagal 42

Ceanglais maidir le sonraí

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais fhoriomlána maidir le meastacháin a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 179 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar na sonraí a úsáidtear chun paraiméadair phriacail agus cáilíocht na sonraí sin a chainníochtú, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

iomláine na sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na faisnéise eile i ndáil leis na modhanna a úsáidtear chun na paraiméadair phriacail a chainníochtú lena áirithiú go n-úsáidfear an taithí stairiúil ábhartha uile agus an fhianaise eimpíreach ábhartha uile;

(b)

infhaighteacht na sonraí cainníochtúla lena soláthrófar miondealú ar an taithí maidir le caillteanas de réir na bhfachtóirí lena spreagtar na paraiméadair phriacail faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 179(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

ionadaíochas na sonraí a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar na paraiméadair phriacail le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí;

(d)

leordhóthanacht líon na risíochtaí sa sampla agus fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla dá dtagraítear in Airteagail 45, 47 agus 53, a úsáidtear le haghaidh an chainníochtaithe lena áirithiú go mbeidh meastacháin na hinstitiúide cruinn agus stóinseach;

(e)

an t-údar le glanadh na sonraí uile agus an doiciméadacht ar an nglanadh sin, lena n-áirítear aon bhreathnóireacht a eisiadh ón meastachán agus deimhniú nach bhfágann na breathnóireachtaí eisiata sin go mbeidh aon chlaonadh sa chainníochtú priacail; le haghaidh meastachán ar PDanna, go háirithe, an t-údar le glanadh na sonraí agus an doiciméadacht ar thionchar ghlanadh sin na sonraí ar an meánráta mainneachtana fadtréimhseach;

(f)

an chomhsheasmhacht idir na tacair shonraí a úsáidtear chun an meastachán a dhéanamh ar na paraiméadair phriacail, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar mhainneachtain, le láimhseáil mainneachtana, lena n-áirítear cásanna mainneachtana iolracha dá dtagraítear in Airteagail 46(1)(b) agus 49, agus leis an gcomhdhéanamh samplach.

2.   Chun críocha an fhíoraithe faoi phointe (c) de mhír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar ionadaíochas na sonraí a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar na paraiméadair phriacail le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí trí mheasúnú a dhéanamh:

(a)

ar struchtúr na risíochtaí a chumhdaítear le gach samhail rátála agus ar shaintréithe priacail difriúla na n-oibleagáideoirí nó na saoráidí, agus an bhfuil an phunann reatha inchomparáide, a mhéid agus is a cheanglaítear, leis na punanna lena ndéantar an tacar sonraí tagartha;

(b)

ar inchomparáideacht na gcaighdeán reatha maidir le frithghealladh agus le haisghabháil leis na cinn a cuireadh i bhfeidhm an tráth lena mbaineann an tacar sonraí tagartha;

(c)

ar chomhsheasmhacht an tsainmhínithe ar mhainneachtain sa tréimhse breathnóireachta:

(i)

i gcás ina mbeidh athrú déanta ar an sainmhíniú ar mhainneachtain sa tréimhse breathnóireachta, ar an tuairisc ar na coigeartuithe a rinneadh chun an leibhéal comhsheasmhachta a cheanglaítear, leis an sainmhíniú reatha ar mhainneachtain, a bhaint amach;

(ii)

i gcás ina mbeidh sainmhínithe éagsúla ar mhainneachtain sna dlínsí ina n-oibríonn an institiúid, ar leordhóthanacht na mbeart agus ar an gcoimeádachas lenar ghlac an institiúid;

(d)

i gcás ina n-úsáidfear sonraí seachtracha agus sonraí a chomhthiomsaítear thar institiúidí maidir le paraiméadair phriacail a chainníochtú, ar ábharthacht agus ar oiriúnacht na sonraí sin le haghaidh risíochtaí, tháirgí agus phróifíl priacail na hinstitiúide agus an tsainmhínithe ar mhainneachtain;

(e)

i gcás nach bhfuil na sonraí seachtracha nó comhthiomsaithe comhsheasmhach le sainmhíniú inmheánach na hinstitiúide ar mhainneachtain, ar an tuairisc ar choigeartuithe ar na sonraí seachtracha nó comhthiomsaithe arna ndéanamh ag an institiúid chun an leibhéal comhsheasmhachta a cheanglaítear, leis an sainmhíniú inmheánach ar mhainneachtain, a bhaint amach;

3.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cháilíocht na sonraí a chomhthiomsaítear thar institiúidí agus a úsáidtear chun paraiméadair phriacail a chainníochtú, cuirfidh na húdaráis inniúla an mhodheolaíocht mheasúnaithe i bhfeidhm a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 anuas ar chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 179(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fhíorú.

Airteagal 43

Athbhreithniú ar mheastacháin

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an athbhreithniú ar na meastacháin ag an institiúid ar pharaiméadair phriacail dá dtagraítear in Airteagal 179(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh foráil sa phróiseas agus sa phlean bliantúil le haghaidh an athbhreithnithe maidir le hathbhreithniú tráthúil ar gach meastachán;

(b)

go mbeidh critéir sainaitheanta maidir le cásanna, lena spreagfar athbhreithniú níos minice, a shainaithint;

(c)

go léireofar leis na modheolaíochtaí agus leis na sonraí a úsáidtear, chun meastachán a dhéanamh ar pharaiméadair phriacail, athruithe ar an bpróiseas maidir le frithghealladh agus ar chomhdhéanamh na bpunann;

(d)

go léireofar leis na modheolaíochtaí agus leis na sonraí a úsáidtear, chun meastachán a dhéanamh ar LGD, athruithe ar an bpróiseas aisghabhála, cineálacha na n-aisghabhálacha agus fad an phróisis aisghabhála;

(e)

go léireofar leis na modheolaíochtaí agus leis na sonraí a úsáidtear, chun meastachán a dhéanamh ar an bhfachtóir coinbhéartachta, athruithe ar an bpróiseas faireacháin ar mhéideanna neamhtharraingthe;

(f)

go n-áireofar leis an tacar sonraí a úsáidtear, chun meastachán a dhéanamh ar pharaiméadair phriacail, na sonraí ábhartha ón tréimhse breathnóireachta is déanaí, agus go ndéanfar é a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad;

(g)

go léireofar an dul chun cinn teicniúil agus faisnéis ábhartha eile sna meastachán ar pharaiméadair phriacail.

Airteagal 44

Corrlach an choimeádachais

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú i dtaobh an áirítear corrlach iomchuí coimeádachais i luachanna na bparaiméadar priacail a úsáidtear chun ceanglais chaipitil a ríomh dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 179(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach soláthrófar cinnteacht leordhóthanach leis na modhanna agus leis na sonraí i dtaca leis na meastacháin ar pharaiméadair phriacail, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh ardleibhéil earráidí ann maidir le meastacháin;

(b)

i gcás ina mbeidh easnaimh ábhartha sna modhanna, san fhaisnéis agus sna sonraí sainaitheanta ag an aonad rialaithe priacal creidmheasa, ag feidhm an bhailíochtaithe nó ag an bhfeidhm iniúchta inmheánaigh nó ag aon fheidhm eile de chuid na hinstitiúide;

(c)

i gcás athruithe ábhartha ar chaighdeáin na mbeartas maidir le frithghealladh nó le haisghabháil nó i gcás athruithe ar lamháltas priacal na hinstitiúide.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú i dtaobh nach n-úsáideann na hinstitiúidí an corrlach coimeádachais in ionad aon ghníomhaíochta ceartaithí a chuireann an institiúid i bhfeidhm faoi Airteagal 146 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

ROINN 3

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar cheanglais a bhaineann go sonrach le meastachán ar pd

Airteagal 45

Fad na híostréimhse breathnóireachta stairiúla

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar fhad na tréimhse breathnóireachta stairiúla dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 180(1) agus i bpointe (e) d’Airteagal 180(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus coinníollacha á gcur san áireamh a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/72 ón gCoimisiún maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear coinníollacha maidir le ceadanna um tharscaoileadh sonraí (6), agus rátaí mainneachtana aon bhliana amháin a ríomh bunaithe ar stair inmheánach na mainneachtana dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 180(1), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go gcumhdófar le fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla an t-íosfhad ar a laghad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i bpointe (h) de mhír 1 agus i bpointe (e) de mhír 2 d’Airteagal 180 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás inarb infheidhme, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/72;

(b)

i gcás inar faide an tréimhse breathnóireachta stairiúil atá le fáil ná an íostréimhse a cheanglaítear i bpointe (h) d’Airteagal 180(1) nó i bpointe (e) d’Airteagal 180(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh foinse sonraí, agus i gcás inarb ábhartha na sonraí a fhaightear uaithi, go n-úsáidfear an fhaisnéis le haghaidh na tréimhse sin a bheidh níos faide chun meastachán a dhéanamh ar mheánráta fadtréimhseach rátaí mainneachtana na haon bhliana amháin;

(c)

maidir le risíochtaí ar mhiondíol i gcás nach dtabharfaidh an institiúid tábhacht chomhionann do na sonraí stairiúla uile a úsáidtear, go dtabharfar údar leis sin le réamh-mheas níos fearr ar rátaí mainneachtana agus go dtabharfar údar cuí le hualú nialasach nó le hualú an-bheag a chuirtear i bhfeidhm ar thréimhse shonrach nó go leanfaidh meastacháin níos coimeádaí aisti;

(d)

go mbeidh comhsheasmhacht idir na caighdeáin maidir le frithghealladh agus na córais rátála a bheidh i bhfeidhm agus gur úsáideadh caighdeáin inchomparáide maidir le frithghealladh an tráth a gineadh na sonraí mainneachtana inmheánacha nó go ndeachthas i ngleic le hathruithe ar chaighdeáin maidir le frithghealladh agus ar chórais rátála tríd an gcorrlach coimeádachais a chur i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 44(1);

(e)

maidir le risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus bainc cheannais, gur leormhaith an sainmhíniú ar oibleagáideoirí atá dianluamhánaithe agus ar oibleagáideoirí, ar sócmhainní trádáilte den chuid is mó iad a gcuid sócmhainní, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 180(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus chun tréimhsí luaineachta struis le haghaidh na n-oibleagáideoirí sin a shainaithint dá dtagraítear san fhoráil sin.

Airteagal 46

Modh chun meastachán a dhéanamh ar PD

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an modh chun meastachán a dhéanamh ar PD, dá dtagraítear in Airteagal 180 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go ríomhfar an ráta mainneachtana aon bhliana amháin i dtaca le gach grád nó le gach comhthiomsú ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le saintréithe an ráta mainneachtana aon bhliain amháin a shainmhínítear i bpointe 78 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus fíoróidh siad:

(a)

go n-áireofar le hainmneoir an ráta mainneachtana aon bhliana amháin na hoibleagáideoirí nó na risíochtaí nach mbeidh ar mainneachtain ag tús tréimhse aon bhliain amháin agus go sannfar iad don ghrád rátála sin nó don chomhthiomsú rátála sin;

(b)

go n-áireofar le huimhreoir an ráta mainneachtana aon bhliain amháin uimhreoirí na n-oibleagáideoirí nó na risíochtaí sin dá dtagraítear i bpointe (a) a mhainnigh laistigh den tréimhse aon bhliana amháin sin; go mbreithneofar mainneachtain iolrach le haghaidh an oibleagáideora céanna nó na risíochta céanna, a breathnaíodh i rith na tréimhse aon bhliana amháin a bhaineann leis an ráta mainneachtana, mar aon mhainneachtain amháin dá dtagraítear in Airteagal 49(b) a tharla dáta na chéad mhainneachtana den mhainneachtain iolrach sin.

2.   Fíoróidh na húdaráis inniúla go mbeidh an modh lena ndéantar meastachán ar PD de réir ghrád an oibleagáideora nó an chomhthiomsaithe, bunaithe ar mheánráta fadtréimhseach na rátaí mainneachtana aon bhliain amháin.

Chun na críche sin, fíoróidh siad go mbeidh an tréimhse, a úsáideann an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar mheánráta fadtréimhseach na rátaí mainneachtana aon bhliain amháin, ionadaíoch ar raon na hinathraitheachta is dócha a bheidh i gceist le rátaí mainneachtana le haghaidh chineál na risíochtaí sin.

3.   I gcás nach mbeidh sonraí, a chonacthas agus a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar PD, ionadaíoch ar raon na hinathraitheachta is dócha a bheidh i gceist le rátaí mainneachtana le haghaidh cineáil risíochtaí, fíoróidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas araon:

(a)

go n-úsáidfidh an institiúid modh malartach iomchuí chun meastachán a dhéanamh ar mheánráta na rátaí mainneachtana aon bhliain amháin i gcaitheamh tréimhse a bheidh ionadaíoch ar raon na hinathraitheachta is dócha a bheidh i gceist le rátaí mainneachtana le haghaidh chineál na risíochtaí sin;

(b)

cuirtear corrlach iomchuí coimeádachais i bhfeidhm i gcás, tar éis modha iomchuí dá dtagraítear i bpointe (a) a chur i bhfeidhm, ina bhfuarthas nach raibh an meastachán ar na meáin de rátaí mainneachtana iontaofa nó go bhfuil teorainneacha eile leis.

4.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla go mbeidh gach ceann de na rudaí seo a leanas oiriúnach le haghaidh na gcineálacha risíochtaí:

(a)

cineál feidhmeach agus struchtúrach an mhodha mheastacháin;

(b)

toimhdí ar a bhfuil an modh meastacháin bunaithe;

(c)

timthriallacht an mhodha mheastacháin;

(d)

fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla a úsáideadh i gcomhréir le hAirteagal 45;

(e)

an corrlach coimeádachais a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 44;

(f)

an breithiúnas daonna;

(g)

i gcás inarb infheidhme, an rogha spreagaí priacail.

5.   Maidir le risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus bainc cheannais, i gcás ina bhfuil na hoibleagáideoirí dianluamhánaithe nó ina bhfuil sócmhainní an oibleagáideora ina sócmhainní trádáilte den chuid is mó dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 180(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go léiríonn PD feidhmíocht na sócmhainní foluiteacha i dtréimhsí ina bhfuil a luaineacht faoi strus dá dtagraítear san fhoráil sin.

6.   Maidir le risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus bainc cheannais, i gcás ina n-úsáideann institiúid scála rátála de chuid IMCS, fíoróidh na húdaráis inniúla anailís na hinstitiúide maidir le comhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos i bpointe (f) d’Airteagal 180(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus seiceálfaidh siad go dtugann an anailís aghaidh ar an tsaincheist faoi cibé atá na cineálacha risíochtaí atá rátáilte ag IMCS ionadaíoch ar chineálacha risíochtaí na hinstitiúide agus an tréimhse ama don mheasúnú creidmheasa arna dhéanamh ag IMCS.

7.   Maidir le risíochtaí ar mhiondíol, i gcás ina ndíorthaíonn an institiúid meastacháin ar PD nó LGD ó mheastachán ar chaillteanais iomlána agus ó mheastachán iomchuí ar PD nó LGD dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 180(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla anailís na hinstitiúide ar chomhlíontacht le gach critéar ábhartha maidir le meastachán PD agus LGD a leagtar síos in Airteagail 178 go dtí 184 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

8.   Maidir le risíochtaí ar mhiondíol, fíoróidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh an institiúid anailís go tráthrialta ar na hathruithe a bhfuiltear ag súil leo ar PD thar shaolré na risíochtaí creidmheasa (“éifeachtaí stálaithe”) dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 180(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus go gcuirfidh sí na hathruithe sin san áireamh.

9.   Sa mheasúnú ar shamhlacha staitistiúla chun PD a mheas, cuirfidh na húdaráis inniúla, anuas ar na modhanna a leagtar síos i míreanna 1 go 8, an mhodheolaíocht chun ceanglais shonracha le haghaidh samhlacha staitistiúla nó modhanna meicniúla eile a leagtar síos in Airteagail 37 go dtí 40 i bhfeidhm.

ROINN 4

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar cheanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastacháin ar lgdanna

Airteagal 47

Fad na híostréimhse breathnóireachta stairiúla

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar fhad na tréimhse a úsáidtear chun LGD a mheas chun críche phointe (j) de mhír 1 agus d’fhomhír 2 de mhír 2 d’Airteagal 181 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/72, (“íostréimhse bhreathnóireachta stairiúla”), fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

go gcumhdófar le fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla an fad íosta ar a laghad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1(j) agus sa dara fomhír de mhír 2 d’Airteagal 181 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás inarb infheidhme, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/72;

(b)

i gcás inar faide an íostréimhse bhreathnóireachta stairiúla atá le fáil ná an íostréimhse de réir phointe (j) de mhír 1 d’Airteagal 181 agus d’fhomhír 2 de mhír 2 d’Airteagal 181 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh foinse sonraí, agus i gcás ina bhfuil na sonraí a fhaightear uaithi ábhartha le haghaidh an mheastacháin LGD, go n-úsáidfear an fhaisnéis le haghaidh na tréimhse sin;

(c)

maidir le risíochtaí ar mhiondíol, i gcás nach dtugann an institiúid tábhacht chomhionann do na sonraí stairiúla uile a úsáidtear, tabharfar údar leis sin le réamh-mheas níos fearr ar rátaí caillteanais agus go dtabharfar údar cuí le hualú nialasach nó le hualú an-bheag a chuirtear i bhfeidhm ar thréimhse shonrach nó go leanfaidh meastacháin níos coimeádaí aisti.

Airteagal 48

Modh chun meastachán a dhéanamh ar LGD

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an modh maidir le féinmheastachán LGD, dá dtagraítear in Airteagal 181 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a dhéanamh, fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfaidh an institiúid measúnú ar LGD de réir gráid nó comhthiomsaithe saoráide aonchineálaí;

(b)

go ndéanfar an meán LGD réadaithe de réir gráid nó comhthiomsaithe saoráide a ríomh ag úsáid líon an mheáin mainneachtain-ualaithe;

(c)

go n-úsáidfear gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí, go háirithe, go gcuirfear na próisis théarnaimh neamhiomlána san áireamh ar bhealach coimeádach chun LGD a mheas, agus go mbeidh rogha na tréimhse oibrithe amach agus na modheolaíochtaí chun costais bhreise agus aisghabhálacha ina dhiaidh a mheas, agus i gcás inar gá, le linn na tréimhse sin, ábhartha;

(d)

nach mbeidh meastacháin LGD ar risíochtaí urraithe bunaithe ar mhargadhluach measta na comhthaobhachta amháin agus go gcuirfidh siad na hioncaim réadaithe ó leachtú roimhe sin agus éagumas féideartha institiúide a comhthaobhacht a ghabháil agus í a leachtú;

(e)

go gcuirfear na laghduithe féideartha ar luach na comhthaobhachta ón bpointe ama a rinneadh an meastachán LGD go dtí an téarnamh ar deireadh san áireamh sna meastacháin ar risíochtaí urraithe;

(f)

go gcuirfear an méid spleáchais idir priacal an oibleagáideora agus na comhthaobhachta chomh maith leis an gcostas a bhaineann leis an gcomhthaobhacht a leachtú san áireamh go coimeádach;

(g)

aon táille dhéanach neamhíoctha a caipitlíodh i ráiteas ioncaim na hinstitiúide, go gcuirfear iad sin le tomhas na hinstitiúide ar an risíocht agus ar an gcaillteanas sula gcuirfear an mhainneachtain leis;

(h)

go gcuirfear an fhéidearthacht maidir le tarraingt thodhchaí i ndiaidh na mainneachtana san áireamh ar bhealach iomchuí;

(i)

go mbeidh gach ceann de na gnéithe seo a leanas iomchuí maidir leis an gcineál risíochtaí ar a gcuirfear iad i bhfeidhm:

(i)

cineál feidhmeach agus struchtúrach an mhodha meastacháin,

(ii)

na toimhdí maidir leis an modh meastacháin,

(iii)

an modh meastacháin maidir le héifeacht géarchoir,

(iv)

fad na sraithe sonraí a úsáidfear,

(v)

an corrlach coimeádachais,

(vi)

an úsáid a bhainfear as breithiúnas daonna,

(vii)

i gcás inarb infheidhme, an rogha spreagaí priacail.

Airteagal 49

Láimhseáil mainneachtainí iolracha

Maidir le láimhseáil oibleagáideoirí a mhainníonn agus a dhéantar a aisghabháil roinnt uaireanta i dtréimhse ama teoranta arna sainiú ag an institiúid (“mainneachtainí iolracha”), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na modhanna a úsáideann an institiúid agus fíoróidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go saineofar coinníollacha follasacha sula meastar saoráid a bheith ar ais ag stádas neamh-mhainnithe;

(b)

go measfar mainneachtainí iolracha a shainaithnítear laistigh de thréimhse ama a shonraíonn an institiúid a bheith ina mainneachtain aonair chun críche meastachán LGD, ag úsáid dáta mainneachtana an chéad mhainneachtana a breathnaíodh mar an dáta mainneachtana ábhartha agus go measfar an próiseas téarnaimh a bheith ón dáta sin go dtí deireadh an phróisis téarnaimh tar éis an mhainneachtain deiridh a breathnaíodh sa tréimhse seo;

(c)

go gcinnfear fad na tréimhse ina sainaithnítear mainneachtainí iomadúla mar mhainneachtain aonair ag cur beartais inmheánacha agus anailís ar stair na mainneachtana san áireamh;

(d)

láimhseáilfear mainneachtainí chun críche meastachán PD agus fachtóirí coinbhéartachta go comhsheasmhach agus go n-úsáidfear mainneachtainí chun críche meastacháin LGD.

Airteagal 50

Úsáid as meastacháin LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé a chomhlíontar an ceanglas chun meastacháin LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch a úsáid mar a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 181(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

go n-úsáidfidh an institiúid meastacháin LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch, i gcás ina bhfuil siad níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach;

(b)

go soláthróidh an institiúid meáin fhadtréimhseacha agus meastacháin LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch mar údar lena roghanna;

(c)

go gcuirfidh an institiúid próiseas dian dea-dhoiciméadaithe i bhfeidhm chun géarchor eacnamaíoch a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar a éifeacht ar rátaí téarnaimh agus chun meastacháin LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch a tháirgeadh;

(d)

go ndéanfaidh an institiúid aon drochspleáchas a sainaithníodh ar lámh amháin idir táscairí eacnamaíocha roghnaithe agus ar lámh eile na rátaí téarnaimh a ionchorprú sna meastacháin ar LGD.

Airteagal 51

Meastacháin LGD, ELBE agus UL le haghaidh risíochtaí ar mainneachtain

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar na ceanglais le haghaidh meastachán LGD le haghaidh risíochtaí ar mainneachtain, agus le haghaidh an mheastacháin is fearr ar chaillteanais ionchasacha (“ELBE ”) dá dtagraítear in Airteagal 181(1)(h) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go n-úsáidfidh an institiúid ceann amháin de na cuir chuige seo a leanas agus déanfaidh siad measúnú ar an gcur chuige a úsáideann an institiúid:

(a)

meastachán díreach ar LGD le haghaidh risíochtaí a mhainnigh (“LGD ar mainneachtain”) agus meastachán díreach ar ELBE;

(b)

meastachán díreach ar ELBE agus meastachán ar LGD ar mainneachtain mar shuim d’ELBE agus forlíontán a ghabhann an caillteanas neamhionchasach a bhaineann le risíochtaí ar mainneachtain a d’fhéadfadh a bheith ann le linn na tréimhse aisghabhála.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chur chuige na hinstitiúide i gcomhréir le mír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go gcuirfidh na modhanna meastacháin le haghaidh LGD ar mainneachtain caillteanais bhreise neamhionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ann le linn na tréimhse aisghabhála, mar mheastachán díreach nó mar forlíontán le ELBE, agus go háirithe go ndéanfar athruithe diúltacha i ndálaí eacnamaíocha le linn fhad ionchasach an phróisis aisghabhála a mheas;

(b)

go gcuirfidh na modhanna meastacháin le haghaidh LGD ar mainneachtain agus ELBE an fhaisnéis maidir leis an am a caitheadh ar mainneachtain agus aisghabhálacha go dtí seo san áireamh, mar mheastachán díreach nó mar fhorlíontán le ELBE;

(c)

i gcás ina n-úsáideann an institiúid meastachán díreach ar LGD ar mainneachtain, go mbeidh na modhanna meastacháin comhsheasmhach leis na ceanglais in Airteagail 47, 48 agus 49;

(d)

go mbeidh an meastachán ar LGD ar mainneachtain níos airde ná ELBE, nó, i gcás ina bhfuil LGD ar mainneachtain cothrom le ELBE, go mbeidh údar cuí ag an institiúid le risíochtaí aonair agus go mbeidh na cásanna sin teoranta;

(e)

go gcuirfidh na modhanna meastacháin an fhaisnéis uile atá ar fáil agus gach faisnéis ábhartha san áireamh agus go háirithe go ndéanfaidh siad dálaí eacnamaíocha reatha a mheas;

(f)

i gcás ina sáraíonn na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa na meastacháin ELBE déanfar anailís ar an difríocht eatarthu agus beidh údar cuí leo;

(g)

go mbeidh na modhanna meastacháin ar LGD ar mainneachtain, mar mheastachán díreach nó mar fhorlíontán le ELBE, agus na modhanna meastacháin ar ELBE doiciméadaithe go soiléir.

Airteagal 52

Ceanglais maidir le bainistíocht comhthaobhachtaí, deimhneacht dhlíthiúil agus bainistiú priacail

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé a bhunaigh an institiúid ceanglais inmheánacha maidir le bainistíocht comhthaobhachta, deimhneacht dhlíthiúil agus bainistiú priacail atá comhsheasmhach tríd is tríd leo siúd a leagtar amach i gCaibidil 4, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, dá dtagraítear in Airteagal 181(1)(f) den Rialachán sin, fíoróidh na húdaráis inniúla go mbeidh beartais agus nósanna imeachta na hinstitiúide a bhaineann le ceanglais inmheánacha maidir le bainistíocht na comhthaobhachta agus deimhneacht dhlíthiúil comhsheasmhach go hiomlán ar a laghad leis na ceanglais i Roinn 3, Caibidil 4 de Theideal II i gCuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

ROINN 5

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar cheanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta

Airteagal 53

Fad na híostréimhse breathnóireachta stairiúla

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar fhad na tréimhse a úsáidtear chun na fachtóirí coinbhéartachta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 d’Airteagal 182 de Rialachán de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/72, (“íostréimhse bhreathnóireachta stairiúla”), fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

go gcumhdóidh fad na híostréimhse breathnóireachta stairiúla an t-íosfhad ar a laghad a éilítear le mír 2 agus mír 3 d’Airteagal 182 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás inarb infheidhme, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/72;

(b)

i gcás inar faide an íostréimhse bhreathnóireachta atá le fáil ná an íostréimhse mar a cheanglaítear le mír 2 agus mír 3 d’Airteagal 182 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh foinse sonraí, agus i gcás ina bhfuil na sonraí a fhaightear uaithi ábhartha don mheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta, go n-úsáidfear an fhaisnéis le haghaidh na tréimhse níos faide sin;

(c)

maidir le risíochtaí ar mhiondíol, i gcás nach dtugann an institiúid tábhacht chomhionann do na sonraí stairiúla uile a úsáidtear, go dtabharfar údar leis sin le réamh-mheas níos fearr maidir le tarraingtí ar ghealltanais agus, má chuirtear ualú nialasach nó ualú an-bheag i bhfeidhm ar thréimhse shonrach, tabharfar údar cuí leis sin, nó leanfaidh meastacháin níos coimeádaí as.

Airteagal 54

Modh chun meastachán a dhéanamh ar fhachtóirí coinbhéartachta

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an modh chun féinmheastachán a dhéanamh ar fhachtóirí coinbhéartachta, dá dtagraítear in Airteagal 182 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a dhéanamh, fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfaidh an institiúid measúnú ar fhachtóirí coinbhéartachta de réir gráid nó comhthiomsaithe saoráide;

(b)

go ndéanfar an meán ar fhachtóirí coinbhéartachta réadaithe de réir gráid nó comhthiomsaithe a ríomh ag úsáid líon an mheáin mainneachtain-ualaithe;

(c)

go n-úsáidfear gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí le haghaidh an mheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta;

(d)

go gcuirfear an fhéidearthacht maidir le tarraingtí breise san áireamh ar bhealach coimeádach, ach amháin i gcás risíochtaí ar mhiondíol nuair atá siad áirithe sna meastacháin ar LGD;

(e)

go léireofar beartais agus straitéisí na hinstitiúide maidir le faireachán ar chuntais, lena n-áirítear faireachán ar theorainneacha agus próiseáil íocaíochtaí, sa mheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta;

(f)

go mbeidh gach ceann de na míreanna seo a leanas leordhóthanach don chineál risíochtaí ar a gcuirfear i bhfeidhm iad:

(i)

cineál feidhmeach agus struchtúrach an mhodha mheastacháin;

(ii)

toimhdí ar a bhfuil an modh meastacháin bunaithe;

(iii)

i gcás inarb infheidhme an modh meastacháin ar éifeacht an ghéarchoir;

(iv)

fad na híostréimhse breathnóireachta stairiúla i gcomhréir le hAirteagal 53;

(v)

an corrlach coimeádachais a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 44;

(vi)

an breithiúnas daonna,

(vii)

i gcás inarb infheidhme, an rogha spreagaí priacail.

Airteagal 55

Úsáid as meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé a chomhlíontar an ceanglas chun meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch mar a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

go n-úsáidfidh an institiúid meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch, i gcás ina bhfuil siad níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach;

(b)

go soláthróidh an institiúid na meáin fhadtréimhseacha agus meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch mar údar lena roghanna;

(c)

go gcuirfidh an institiúid próiseas dian dea-dhoiciméadaithe i bhfeidhm chun géarchor eacnamaíoch a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar a éifeacht ar tharraingt teorainneacha creidmheasa agus chun meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch a tháirgeadh;

(d)

go ndéanfaidh an institiúid aon drochspleáchas a sainaithníodh ar lámh amháin idir na táscairí eacnamaíocha roghnaithe agus ar lámh eile tarraingt na dteorainneacha creidmheasa a ionchorprú sna meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta.

Airteagal 56

Ceanglais maidir le beartais agus straitéisí i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chuntais agus próiseáil íocaíochtaí

Chun measúnú ar dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais maidir le meastachán ar na fachtóirí coinbhéartachta dá dtagraítear i bpointe (d) agus (e) d’Airteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go mbeidh beartais agus straitéisí i bhfeidhm ag an institiúid maidir le faireachán a dhéanamh ar chuntais agus próiseáil íocaíochtaí, agus go mbeidh córais agus nósanna imeachta leordhóthanacha aici chun faireachán a dhéanamh ar mhéideanna saoráide ar bhonn laethúil.

ROINN 6

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar iarmhairt ráthaíochtaí agus díorthaigh chreidmheasa

Airteagal 57

Incháilitheacht ráthóirí agus ráthaíochtaí

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar iarmhairt na ráthaíochtaí agus na ndíorthach creidmheasa ar pharaiméadair phriacail dá dtagraítear in Airteagal 183 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh critéir atá sonraithe go soiléir ag an institiúid maidir le cásanna a shainaithint ina mbeidh na meastacháin PD nó LGD le coigeartú chun iarmhairtí maolaithe ráthaíochtaí a ionchorprú, agus go n-úsáidfear na critéir sin go comhsheasmhach le himeacht aimsire;

(b)

i gcás ina bhfuil an soláthraí cosanta le húsáid chun na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 153(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nach mbeidh iarmhairtí maolaithe ráthaíochtaí san áireamh sna meastacháin ar LGD ná PD an oibleagáideora;

(c)

go mbeidh critéir atá sonraithe go soiléir ag an institiúid maidir le ráthóirí agus ráthaíochtaí a shainaithint chun na méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh, go háirithe trí fhéinmheastacháin ar LGD nó PD;

(d)

go ndéanfaidh an institiúid doiciméadú ar na critéir chun féinmheastacháin ar LGD nó PD a choigeartú chun iarmhairtí na ráthaíochtaí a léiriú;

(e)

ina meastacháin féin ar LGD nó PD, nach n-aithneoidh an institiúid ach na ráthaíochtaí lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas agus na ráthaíochtaí seo amháin:

(i)

i gcás ina ndéanfaidh an institiúid an ráthóir a rátáil go hinmheánach le córas rátála atá formheasta ag na húdaráis inniúla cheana chun críocha Chur Chuige IRB, go gcomhlíonfar leis an ráthaíocht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 183(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

i gcás ina mbeidh cead faighte ag an institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe a úsáid de bhun Airteagail 148 agus 150 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh risíochtaí ar eintitis amhail an ráthóir, go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

go sannfar an ráthóir d’aicme risíochta i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar institiúid, rialtas láir, banc ceannais nó eintiteas corparáideach dá mbeidh measúnú creidmheasa tugtha ag IMCS;

go gcomhlíonfaidh an ráthóir na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 213 go 216 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(f)

go gcomhlíonfaidh an institiúid ceanglais phointí (a) agus (e) freisin le haghaidh na ndíorthach creidmheasa aonainm.

ROINN 7

Modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le hearraí infhaighte ceannaithe

Airteagal 58

Meastacháin ar pharaiméadair phriacail le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na meastachán ar PD agus ar LGD le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás ina ndíorthóidh an institiúid PD nó LGD le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe ó mheastachán ar EL i gcomhréir le hAirteagal 160(2) agus phointe (e) agus phointe (f) d’Airteagal 161(1) agus meastachán iomchuí ar PD nó ar LGD, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go measfar EL ó mheánráta fadtréimhseach na rátaí caillteanais iomlána aon bhliain amháin nó le cur chuige iomchuí eile;

(b)

go mbeidh an próiseas maidir le meastachán a dhéanamh ar an gcaillteanas iomlán comhsheasmhach le coincheap LGD mar a leagtar amach in Airteagal 181(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

gur féidir leis an institiúid a meastacháin ar EL a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar bhealach iontaofa;

(d)

maidir le hearraí infhaighte corparáideacha ceannaithe i gcás ina gcuirfear Airteagal 153(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm, go n-úsáidfear sonraí leordhóthanacha seachtracha agus inmheánacha.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na meastachán ar PD agus LGD le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe i gcásanna seachas na cásanna sin dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla:

(a)

measúnú ar na meastacháin sin i gcomhréir le hAirteagail 42 go 52;

(b)

comhlíonadh cheanglais Airteagal 184 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhíorú.

CAIBIDIL 9

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE AR SHANNADH RISÍOCHTAÍ D’AICMÍ RISÍOCHTA

Airteagal 59

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis an gceanglas maidir le gach risíocht a shannadh d’aicme risíochta amháin go comhsheasmhach le himeacht aimsire mar a leagtar síos in Airteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

na hinstitiúide maidir le sannadh amhlaidh agus cur chun feidhme na modheolaíochta sin ag an institiúid, i gcomhréir le hAirteagal 60; modheolaíocht

(b)

an seicheamh a bhíonn i gceist leis na risíochtaí a shannadh d’aicmí risíochta, i gcomhréir le hAirteagal 61;

(c)

i dtaobh ar chuir an institiúid breithnithe sonracha san áireamh maidir leis an aicme risíochta miondíola, i gcomhréir le hAirteagal 62.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais inmheánacha ábhartha agus ar nósanna imeachta inmheánacha ábhartha na hinstitiúide mar aon le modheolaíocht na hinstitiúide maidir le sannadh;

(b)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(c)

athbhreithniú ar thorthaí ábhartha an iniúchta inmheánaigh nó ar fheidhmeanna rialaithe eile na hinstitiúide;

(d)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na hiarrachtaí a rinne an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith iniúchtaí ábhartha a mhaolú;

(e)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu;

(f)

athbhreithniú ar na critéir a úsáideann an pearsanra atá freagrach as risíochtaí a shannadh d’aicmí risíochta de láimh.

3.   Chun críche an fhíoraithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

tástáil shamplach a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid maidir le saintréithe oibleagáideora agus le tionscnamh agus le cothabháil na risíochtaí;

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF is ábhartha;

(c)

comparáid a dhéanamh idir sonraí na hinstitiúide agus sonraí atá le fáil go poiblí, lena n-áirítear sonraí atá taifeadta sa bhunachar sonraí a choinníonn ÚBE ar bun i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó sna bunachair shonraí a choinníonn na húdaráis inniúla ar bun;

(d)

comhlíontacht na hinstitiúide a fhíorú maidir le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE (7) ón gCoimisiúin faoi choibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun na risíochtaí a láimhseáil de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(e)

féintástálacha a dhéanamh ar shonraí na hinstitiúide nó iarraidh ar an institiúid tástálacha a dhéanamh arna moladh ag na húdaráis inniúla;

(f)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 60

Modheolaíocht maidir le sannadh agus cur chun feidhme na modheolaíochta

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar mhodheolaíocht na hinstitiúide maidir le sannadh i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh an mhodheolaíocht lándoiciméadaithe agus go gcomhlíonfar leis an modheolaíocht na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

go léireofar leis an modheolaíocht an seicheamh sannta a leagtar síos in Airteagal 61;

(c)

go n-áireofar leis an modheolaíocht liosta de chórais rialála agus mhaoirseachta tríú tíortha a bhreithnítear a bheith coibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE dá dtagraítear in Airteagal 107(4), Airteagal 114(7), Airteagal 115(4) agus Airteagal 116(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nuair a cheanglófar coibhéis den sórt sin chun risíocht a shannadh d’aicme shonrach.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chur chun feidhme na modheolaíochta maidir le sannadh dá dtagraítear i mír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh na nósanna imeachta lena rialófar ionchur agus trasfhoirmithe na sonraí sna córais TF stóinseach go leor lena áirithiú go sannfar gach risíocht d’aicme risíochta i gceart;

(b)

go mbeidh critéir le fáil a bheidh mionsonraithe go leor le haghaidh an phearsanra atá freagrach as na risíochtaí a shannadh chun sannadh comhsheasmhach a áirithiú;

(c)

maidir leis an sannadh do risíochtaí ar chothromas, le hítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe agus le risíochtaí a shainaithnítear mar risíochtaí ar iasachtú speisialaithe i gcomhréir le hAirteagal 147(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gur pearsanra a fheidhmeoidh an cúram sin a bheidh ar an eolas faoi na téarmaí agus na coinníollacha agus faoi mhionsonraí ábhartha an idirbhirt lena gcinnfear sainaithint na risíochtaí sin;

(d)

go ndéanfar an sannadh agus úsáid á baint as na sonraí is déanaí a bheidh le fáil.

3.   Maidir le risíochtaí ar GC, fíoróidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh na hinstitiúidí gach iarracht chun na risíochtaí foluiteacha a shannadh d’aicmí risíochta leormhaithe i gcomhréir le hAirteagal 152 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 61

Seicheamh maidir le sannadh

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh i dtaobh an sannann an institiúid risíochtaí d’aicmí risíochta i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go ndéanfar an sannadh sa seicheamh seo a leanas:

(a)

ar dtús, maidir le risíochtaí atá incháilithe lena n-aicmiú faoi risíochtaí ar chothromas, le hítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe agus le sócmhainní oibleagáide neamhchreidmheasa eile, sanntar iad do na haicmí sin i gcomhréir le pointí (e), (f) agus (g) de Airteagal 147(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

an dara céim, maidir le risíochtaí nach bhfuil sannta i gcomhréir le pointe (a) agus atá incháilithe lena n-aicmiú faoi na haicmí le haghaidh risíochtaí ar risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, le risíochtaí ar institiúidí, le risíochtaí ar chorparáidí nó le risíochtaí ar mhiondíol, sanntar iad do na haicmí sin i gcomhréir le pointí (a), (b), (c) agus (d) d’Airteagal 147(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

an tríú céim, maidir le haon oibleagáid chreidmheasa nach bhfuil sannta i gcomhréir le pointe (a) ná (b), sanntar iad d’aicme na risíochtaí ar chorparáidí i gcomhréir le hAirteagal 147(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 62

Ceanglais shonracha le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar shannadh risíochtaí don aicme risíochta ar mhiondíol i gcomhréir le hAirteagal 147(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go ndéanfaidh an institiúid idirdhealú idir risíochtaí ar dhaoine nádúrtha agus ar FBManna bunaithe ar chritéir shoiléire ar bhealach comhsheasmhach;

(b)

chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an teorainn a leagtar síos in Airteagal 147(5)(a)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go mbeidh nósanna imeachta leormhaithe agus sásraí leormhaithe i bhfeidhm ag an institiúid maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

go sainaithneofar grúpaí cliant nasctha agus go ndéanfar comhlánú ar risíochtaí ábhartha, a choinníonn gach institiúid agus a máthairchuideachta nó a fochuideachtaí ar bun in aghaidh ghrúpa sin na gcliant nasctha;

(ii)

go ndéanfar measúnú ar chásanna inar sáraíodh an teorainn;

(iii)

go n-áiritheofar maidir le risíocht ar FBM ar sáraíodh an teorainn ina leith, go ndéanfar í a athshannadh don aicme risíochta ar chorparáidí gan moill mhíchuí.

2.   Nuair a bheidh na húdaráis inniúla ag fíorú nach mbainisteofar risíochtaí ar mhiondíol mar risíochtaí atá ina n-aonar an oiread céanna le risíochtaí in aicme na risíochta ar chorparáidí de réir bhrí Airteagal 147(5)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh na húdaráis inniúla na comhpháirteanna seo a leanas den phróiseas creidmheasa san áireamh ar a laghad:

(a)

gníomhaíochtaí margaíochta agus díolachán;

(b)

cineál an táirge;

(c)

próiseas rátála;

(d)

córais rátála;

(e)

próiseas cinnteoireachta creidmheasa;

(f)

modhanna um maolú priacal creidmheasa;

(g)

nósanna imeachta faireacháin;

(h)

próiseas bailithe agus aisghabhála.

3.   Nuair a bheidh na húdaráis inniúla ag cinneadh an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 147(5)(c) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, scrúdóidh an bhfuil sannadh na risíochtaí comhsheasmhach le réimeanna gnó na hinstitiúide mar aon leis an mbealach a bhainistítear na risíochtaí sin.

4.   Fíoróidh go sannfaidh an institiúid gach risíocht ar mhiondíol do chatagóir aonair risíochtaí a bhfuil feidhm ag an gcomhéifeacht chomhghaolúcháin ábhartha maidir leis i gcomhréir le míreanna (1), (3) agus (4) d’Airteagal 154 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(a)

chun fíorú go gcomhlíonfar pointí (d) agus (e) d’Airteagal 154(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(i)

go mbeidh luaineacht na rátaí caillteanais maidir le punann na risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol íseal i gcoibhneas lena meánleibhéal de rátaí caillteanais, trí mheasúnú a dhéanamh ar chomparáid na hinstitiúide maidir le luaineacht na rátaí caillteanais maidir le punann na risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol seachas le risíochtaí eile ar mhiondíol nó le luachanna tagarmhairc eile;

(ii)

go mbeidh bainistiú priacail na punainne risíochtaí imrothlacha cáilitheacha miondíola comhsheasmhach leis na saintréithe foluiteacha priacal, lena n-áirítear rátaí caillteanais;

(b)

chun fíorú go gcomhlíonfar Airteagal 154(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh údaráis inniúla maidir le gach risíocht i gcás ina n-úsáidfear an chomhthaobhacht maoine dochorraithe sna féinmheastacháin ar LGD i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go sannfar an chomhéifeacht chomhghaolúcháin a leagtar síos in Airteagal 154(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

CAIBIDIL 10

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE AR THÁSTÁIL STRUIS A ÚSÁIDTEAR CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR LEORDHÓTHANACHT CAIPITIL

Airteagal 63

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar fhóntacht thástáil struis institiúide a úsáidtear sa mheasúnú ar a leordhóthanacht caipitil i gcomhréir le hAirteagal 177 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

leordhóthanacht na modhanna a úsáidtear chun na tástálacha struis a dhearadh, i gcomhréir le hAirteagal 64;

(b)

stóinseacht eagrúchán phróiseas na tástála struis, i gcomhréir le hAirteagal 65;

(c)

comhtháthú na dtástálacha struis sna próisis bhainistithe priacail agus caipitil, i gcomhréir le hAirteagal 66.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais inmheánacha, ar mhodhanna inmheánacha agus ar nósanna imeachta inmheánacha na hinstitiúide maidir leis an tástáil struis a dhearadh agus a fhorghníomhú;

(b)

athbhreithniú ar thorthaí thástáil struis na hinstitiúide;

(c)

athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí na n-aonad agus na gcomhlachtaí bainistíochta a bhfuil baint acu leis an tástáil struis a dhearadh, a fhormheas agus a fhorghníomhú;

(d)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(e)

athbhreithniú ar thorthaí ábhartha an iniúchta inmheánaigh nó ar fheidhmeanna rialaithe eile na hinstitiúide;

(f)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na hiarrachtaí a rinne an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith iniúchtaí ábhartha a mhaolú;

(g)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

3.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF a úsáidtear le haghaidh na tástála struis;

(b)

iarraidh ar an institiúid ríomh na tástála struis a dhéanamh bunaithe ar thoimhdí malartacha;

(c)

ríomhanna tástála struis dá gcuid féin a dhéanamh bunaithe ar shonraí na hinstitiúide le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí;

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 64

Leordhóthanacht na modhanna a úsáidtear chun na tástálacha struis a dhearadh

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na modhanna a úsáidtear chun na tástálacha struis a dhearadh, a úsáideann an institiúid sa mheasúnú ar an leordhóthanacht caipitil i gcomhréir le hAirteagal 177 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

gur tástálacha fóinteacha iad, a bheidh réasúnta coimeádach agus lena mbeifear in ann na héifeachtaí ar cheanglais caipitil iomlána na hinstitiúide maidir le priacal creidmheasa a shainaithint i gcásanna cúlaithe eacnamaíochta atá géar ach inchreidte;

(b)

go gcumhdófar gach punann ábhartha IRB ar a laghad leis na tástálacha;

(c)

gur modhanna comhsheasmhacha iad, a mhéid is iomchuí, le modhanna a úsáideann an institiúid chun críocha tástálacha struis inmheánacha maidir le leithdháileadh caipitil;

(d)

go mbeidh doiciméadacht mhodheolaíocht na dtástálacha struis, lena n-áirítear sonraí inmheánacha agus seachtracha mar aon le hionchur breithiúnais saineolaithe, mionsonraithe go leor chun go mbeidh tríú páirtithe in ann an réasúnaíocht le haghaidh na gcásanna insamhlaithe roghnaithe a thuiscint agus an tástáil struis a mhacasamhlú.

2.   Chun críocha an measúnaithe faoi mhír 1(a), fíoróidh na húdaráis inniúla go n-áireofar na céimeanna seo a leanas ar a laghad sna tástálacha struis:

(a)

sainaithint na gcásanna insamhlaithe, lena n-áirítear cásanna cúlaithe eacnamaíochta atá géar, ach inchreidte agus sainaithint choigeartú an cháis insamhlaithe i gcomhréir le hAirteagal 153(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena samhlaítear meath ar cháilíocht chreidmheasa na soláthraithe cosanta;

(b)

measúnú ar thionchar na gcásanna insamhlaithe sainaitheanta ar pharaiméadair phriacail na hinstitiúide, mar aon lena haistriú rátála, a caillteanais ionchasacha agus ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal creidmheasa;

(c)

measúnú ar leordhóthanacht na gceanglas cistí dílse.

3.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na gcásanna insamhlaithe dá dtagraítear i mír 2(a), fíoróidh na húdaráis inniúla fóntacht na modheolaíochtaí seo a leanas:

(a)

an mhodheolaíocht chun grúpaí spreagaithe eacnamaíocha a shainaithint;

(b)

an mhodheolaíocht chun cásanna struis insamhlaithe a thógáil, lena n-áirítear géire agus fad na gcásanna agus a dhóichí go dtarlóidh siad;

(c)

an mhodheolaíocht maidir le tionchar gach cáis insamhlaithe ar na paraiméadair phriacail ábhartha a réamh-mheas.

Airteagal 65

Eagrúchán phróiseas na tástála struis

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar stóinseacht eagrúchán phróiseas na tástála struis a úsáideann an institiúid sa mheasúnú ar an leordhóthanacht caipitil i gcomhréir le hAirteagal 177 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go ndéanfar an tástáil struis go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad;

(b)

go mbeidh róil agus freagrachtaí an aonaid nó na n-aonad atá i gceannas ar dhearadh agus ar fhorghníomhú na tástála struis sainmhínithe go soiléir;

(c)

go bhformheasfar torthaí na dtástálacha struis ar leibhéal bainistíochta leormhaith agus go gcuirfear an lucht ardbhainistíochta ar an eolas faoi na torthaí go tráthúil;

(d)

go dtabharfar tacaíocht éifeachtach d’fheidhmíocht tástálacha struis leis an mbonneagar TF.

Airteagal 66

Comhtháthú na dtástálacha struis sna próisis bhainistithe priacal agus caipitil

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhtháthú na dtástálacha struis i bpróisis bhainistithe priacal agus caipitil na hinstitiúide chun críocha Airteagal 177 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go gcuirfidh an institiúid torthaí na dtástálacha struis san áireamh ina próiseas cinnteoireachta, go háirithe maidir le bainistiú priacal agus caipitil;

(b)

go gcuirfidh an institiúid torthaí na dtástálacha struis san áireamh laistigh den phróiseas bainistithe caipitil agus go sainaithneoidh an institiúid imeachtaí féideartha nó athruithe amach anseo ar dhálaí eacnamaíocha chun críocha na gceanglas caipitil.

CAIBIDIL 11

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE CHUN CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE A RÍOMH

Airteagal 67

Ginearálta

1.   Chun a mheasúnú cibé acu a ríomhann institiúid na ceanglais cistí dílse agus úsáid á baint as a paraiméadair phriacail le haghaidh aicmí risíochtaí difriúla i gcomhréir le hAirteagal 110(2) agus (3), pointe (g) d’Airteagal 144(1) agus Airteagail 151 go 168 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus cibé acu atá an institiúid in ann an tuairisciú a dhéanamh a cheanglaítear le hAirteagal 430 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla na nithe uile seo a leanas:

(a)

iontaofacht an chórais a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 68;

(b)

cáilíocht na sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 69;

(c)

cruinneas chur chun feidhme na modheolaíochta agus na nósanna imeachta le haghaidh aicmí risíochta difriúla, i gcomhréir le hAirteagal 70;

(d)

eagrúchán an phróisis chun ceanglais cistí dílse a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 71.

2.   A mhéid a bhaineann le grúpaí, chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla struchtúr an ghrúpa baincéireachta san áireamh mar aon le róil shuite agus freagrachtaí suite na máthair-institiúide agus a fochuideachtaí.

3.   Chun críocha an fhíoraithe faoi mhíreanna 1 agus 2, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais inmheánacha agus ar nósanna imeachta inmheánacha na hinstitiúide maidir leis an bpróiseas chun ceanglais cistí dílse a ríomh, lena n-áirítear na foinsí sonraí, modhanna ríofa agus rialuithe a chuirtear i bhfeidhm;

(b)

athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí na n-aonad difriúil agus na gcomhlachtaí inmheánacha a bhfuil baint acu leis an bpróiseas chun ceanglais cistí dílse a ríomh;

(c)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(d)

athbhreithniú ar dhoiciméadú thástálacha an chórais ríofa, lena n-áirítear na cásanna a chumhdaítear sna tástálacha, a dtorthaí agus a gceaduithe;

(e)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ábhartha maidir le rialú, lena n-áirítear torthaí réiteach na sonraí a eascraíonn as foinsí difriúla;

(f)

athbhreithniú ar thorthaí ábhartha an iniúchta inmheánaigh nó ar fheidhmeanna rialaithe eile na hinstitiúide;

(g)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na hiarrachtaí a rinne an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith iniúchtaí ábhartha a mhaolú;

(h)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

4.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh;

(b)

iarraidh ar an institiúid ríomh na gceanglas cistí dílse a dhéanamh beo le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí;

(c)

féintástáil shamplach a fheidhmiú ar ríomh na gceanglas cistí dílse ar shonraí na hinstitiúide le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí;

(d)

féintástálacha a dhéanamh ar shonraí na hinstitiúide nó iarraidh ar an institiúid tástálacha a dhéanamh arna moladh ag na húdaráis inniúla;

(e)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 68

Iontaofacht an chórais a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar iontaofacht chóras na hinstitiúide a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 144(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i dteannta cheanglais Airteagail 72 go 75 maidir leis an modheolaíocht mheasúnaithe ar chothabháil sonraí, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

maidir leis na tástálacha rialaithe arna ndéanamh ag an institiúid chun a dheimhniú go gcomhlíontar Airteagail 151 go 168 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le ríomh na gceanglas cistí dílse, go mbeidh na tástálacha sin iomlán;

(b)

go mbeidh na tástálacha rialaithe sin iontaofa, agus go háirithe go mbeidh na ríomhanna a dhéantar sa chóras a úsáidtear le haghaidh na gceanglas cistí dílse, comhleanúnach leis na ríomhanna a dhéantar in uirlis ríofa mhalartach;

(c)

gur leormhaith minicíocht na dtástálacha rialaithe arna ndéanamh ag an institiúid agus go dtarlóidh na tástálacha, tráth a chuirtear na halgartaim chun feidhme chun na ceanglais cistí dílse a ríomh, ar a laghad, agus i ngach cás eile ina ndéantar athruithe ar an gcóras.

Airteagal 69

Cáilíocht sonraí

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cháilíocht na sonraí a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 144(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i dteannta na gceanglas in Airteagal 73, fíoróidh na húdaráis inniúla na sásraí agus na nósanna imeachta a chuireann an institiúid chun feidhme chun na luachanna risíochta a shainaithint in éineacht leis na saintréithe ábhartha uile, lena n-áirítear sonraí maidir le paraiméadair phriacail agus teicnící um maolú priacal creidmheasa. Fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh na paraiméadair phriacail iomlán, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar paraiméadair atá ar iarraidh a ionadú le luachanna mainneachtana, agus i gcás inar tharla ionadú den sórt sin, go mbeidh sé coimeádach, go mbeidh údar leis agus go ndéanfar é a dhoiciméadú;

(b)

go gcomhlíonfaidh raon luachanna na bparaiméadar na luachanna rialála agus na híosluachanna a shonraítear in Airteagail 160 go 164 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

go mbeidh na sonraí a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh comhsheasmhach leis na sonraí a úsáidtear i bpróisis inmheánacha eile;

(d)

go mbeidh cur i bhfeidhm na bparaiméadar priacail i gcomhréir leis na saintréithe risíochta, agus go háirithe go mbeidh an LGD a shannfar cruinn agus comhsheasmhach leis an gcineál risíochta agus comhthaobhachta a úsáidtear chun an risíocht a urrú i gcomhréir le hAirteagal 164 agus Airteagal 230(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(e)

go mbeidh ríomh an luacha risíochta ceart, agus go háirithe go n-úsáidfear na comhaontuithe glanluachála agus aicmiú na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le hAirteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(f)

i gcás ina gcuirfear modh PD/LGD i bhfeidhm le haghaidh risíochtaí ar chothromas, go mbeidh aicmiú na risíochtaí agus cur i bhfeidhm na bparaiméadar priacail ceart i gcomhréir le hAirteagal 165 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhleanúnachas na sonraí, a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh, leis na sonraí a úsáidtear chun críocha inmheánacha i gcomhréir le hAirteagail 18 go 22 maidir leis an modheolaíocht mheasúnaithe le haghaidh tástáil úsáide agus tástáil taithí, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh sásraí leormhaithe um rialú agus réiteach i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh luachanna na bparaiméadar priacail a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh comhsheasmhach le luach na bparaiméadar a úsáidtear chun críocha inmheánacha;

(b)

go mbeidh sásraí leormhaithe um rialú agus réiteach i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh luach na risíochtaí dá ríomhtar na ceanglais cistí dílse comhsheasmhach leis na sonraí cuntasaíochta;

(c)

maidir le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh na risíochtaí uile a áireofar i mórleabhar ginearálta na hinstitiúide, go mbeidh an ríomh sin iomlán, agus go gcomhlíonfaidh an deighilt idir na risíochtaí faoi Chur Chuige IRB agus faoin gCur Chuige Caighdeánaithe Airteagail 148 agus 150 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 70

Cruinneas chur chun feidhme na modheolaíochta agus na nósanna imeachta le haghaidh aicmí risíochta difriúla

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chruinneas chur chun feidhme na modheolaíochta agus na nósanna imeachta chun ceanglais cistí dílse a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 144(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh aicmí risíochtaí difriúla, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go gcuirfear an fhoirmle maidir le hualú priacal chun feidhme i gceart i gcomhréir le hAirteagail 153 agus 154 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus sannadh risíochtaí d’aicmí risíochta á chur san áireamh;

(b)

go ndéanfar ríomh na comhéifeachta comhghaolúcháin bunaithe ar shaintréithe na risíochtaí, go háirithe go gcuirfear paraiméadar na ndíolachán iomlán i bhfeidhm ar bhonn faisnéis airgeadais chomhdhlúite;

(c)

i gcás ina ndéanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 153(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go mbeidh an coigeartú bunaithe ar na breithnithe uile seo a leanas:

(i)

go gcuirfear an fhaisnéis faoi PD an tsoláthraí cosanta i bhfeidhm i gceart;

(ii)

go measfar PD an tsoláthraí cosanta agus an córas rátála á úsáid atá formheasta ag na húdaráis inniúla faoi Chur Chuige IRB;

(d)

go mbeidh ríomh pharaiméadar na haibíochta ceart, agus go háirithe:

(i)

go n-úsáidfear dáta éaga na saoráide chun an paraiméadar aibíochta a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 162(2)(f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

i gcásanna inarb ísle an paraiméadar aibíochta ná aon bhliain amháin, go dtabharfar údar leormhaith leis sin agus go ndéanfar doiciméadú leormhaith air chun críocha Airteagal 162(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(e)

maidir leis na híosrátaí le haghaidh LGD meán ualaithe ó thaobh risíochta le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol a urraítear le maoin chónaithe agus le réadmhaoin tráchtála, nach dtairbhíonn de ráthaíochtaí rialtas láir a leagtar síos in Airteagal 164(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go ríomhfar iad ar leibhéal comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar mhiondíol a urraítear le maoin chónaithe agus le réadmhaoin tráchtála faoi seach, agus i gcás ina mbeidh LGD meán ualaithe ó thaobh risíochta ar an leibhéal comhiomlánaithe faoi bhun na n-íosrátaí faoi seach, go gcuirfidh an institiúid coigeartuithe ábhartha i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht aimsire;

(f)

maidir le cuir chuige dhifriúla a chur i bhfeidhm i gcás punann cothromais difriúil i gcás ina n-úsáidfidh an institiúid féin cuir chuige dhifriúla i gcás bainistiú priacail inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 155 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go mbeidh an cur i bhfeidhm sin ceart, agus go háirithe maidir le roghnú an chuir chuige:

(i)

nach leanfaidh gannmheastachán na gceanglas cistí dílse as;

(ii)

go ndéanfar é ar bhealach comhsheasmhach, lena n-áirítear le himeacht aimsire;

(iii)

go mbeidh údar leis mar gheall ar chleachtais inmheánacha bainistíochta priacail;

(g)

i gcás ina n-úsáidfear cur chuige simplí an ualaithe priacal i gcomhréir le hAirteagal 155(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go mbeidh cur i bhfeidhm na n-ualuithe priacal ceart, go háirithe nach n-úsáidfear ualú priacal 190 % ach amháin le haghaidh punann a bheidh éagsúlaithe go leor, i gcás inar chruthaigh an institiúid gur baineadh laghdú suntasach amach maidir le priacal de thoradh éagsúlú na punainne i gcomparáid le priacal risíochtaí aonair sa phunann;

(h)

maidir le ríomh na difríochta idir méideanna caillteanais ionchasacha agus coigeartuithe maidir le priacal creidmheasa, coigeartuithe luacha breise agus laghduithe eile ar chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go mbeidh an ríomh sin ceart, agus go háirithe:

(i)

go bhfeidhmeofar an ríomh ar leithligh le haghaidh phunann na risíochtaí ar mainneachtain agus phunann na risíochtaí nach bhfuil ar mainneachtain;

(ii)

i gcás ina bhfaighfear méid diúltach de thoradh fheidhmiú an ríofa le haghaidh na punainne ar mainneachtain, agus nach n-úsáidfear an méid sin chun na méideanna dearfacha a fhritháireamh, a gheofar de thoradh fheidhmiú an ríofa le haghaidh na punainne risíochtaí nach bhfuil ar mainneachtain;

(iii)

go bhfeidhmeofar an ríomh glan ar iarmhairtí cánach;

(i)

go gcuirfear na cuir chuige éagsúla, chun risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i gCanna a láimhseáil, i bhfeidhm i gceart, agus go háirithe:

(i)

go ndéanfaidh an institiúid idirdhealú i gceart idir risíochtaí i GCanna atá faoi réir chur chuige na trédhearcachta mar a leagtar amach in Airteagal 152(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus risíochtaí eile i GCanna;

(ii)

go gcomhlíonfaidh na risíochtaí i GCanna a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 152(1) nó (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 critéir incháilitheachta Airteagal 132(3) den Rialachán sin;

(iii)

i gcás ina n-úsáidfidh an institiúid an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 152(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun meánmhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh:

go ndeimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríofa;

go gcuirfear na fachtóirí iolraithe a leagtar síos in Airteagail 152(2)(b)(i) agus (ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm i gceart;

i gcás ina mbraithfidh an institiúid ar thríú páirtí chun na méideanna atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, go gcomhlíonfaidh an tríú páirtí ceanglais Airteagal 152(4)(a) agus (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 71

Eagrúchán an phróisis chun ceanglais cistí dílse a ríomh

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar fhóntacht an phróisis chun ceanglais cistí dílse a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 144(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

maidir le leithdháileadh fhreagrachtaí an aonaid nó na n-aonad atá i gceannas ar rialú agus ar bhainistiú an phróisis ríofa, go háirithe leithdháileadh na bhfreagrachtaí le haghaidh na rialuithe sonracha a bheidh le déanamh ag gach céim den phróiseas ríofa, go ndéanfar an leithdháileadh sin a shainmhíniú go soiléir;

(b)

go ndéanfar a áirithiú le nósanna imeachta ábhartha, lena n-áirítear nósanna imeachta cúltaca, go ndéanfar ríomh na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 430 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

go ndéanfar na sonraí ionchuir uile, lena n-áirítear luachanna na bparaiméadar priacail agus leaganacha an chórais a bhí ann roimhe, a stóráil go mbeifear in ann ríomh na gceanglas cistí dílse a mhacasamhlú;

(d)

go bhformheasfar torthaí an ríofa ar leibhéal bainistíochta leormhaith agus go gcuirfear an lucht ardbhainistíochta ar an eolas faoi earráidí féideartha nó faoi easnaimh fhéideartha an ríofa agus faoi na bearta a bheidh le déanamh.

CAIBIDIL 12

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE AR CHOTHABHÁIL SONRAÍ

Airteagal 72

Ginearálta

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais maidir le cothabháil sonraí a leagtar síos in Airteagal 144(1)(d) agus in Airteagal 176 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar na nithe uile seo a leanas:

(a)

cáilíocht na sonraí inmheánacha, seachtracha nó comhthiomsaithe, lena n-áirítear próiseas bainistíochta cháilíocht na sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 73;

(b)

doiciméadú agus tuairisciú na sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 74;

(c)

an bonneagar ábhartha TF, i gcomhréir le hAirteagal 75.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar na beartais, ar na modhanna agus ar na nósanna imeachta maidir le bainistíocht cháilíocht na sonraí is ábhartha do na sonraí a úsáidtear i gCur Chuige IRB;

(b)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ábhartha maidir le cáilíocht sonraí, mar aon lena gconclúidí, a dtorthaí agus a moltaí;

(c)

athbhreithniú ar na beartais um bhonneagar TF agus ar nósanna imeachta bainistíochta na gcóras TF, lena n-áirítear na beartais phleanála teagmhasaí, is ábhartha le haghaidh na gcóras TF a úsáidtear chun críocha Chur Chuige IRB;

(d)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(e)

athbhreithniú ar thorthaí ábhartha an iniúchta inmheánaigh nó ar fheidhmeanna rialaithe eile na hinstitiúide;

(f)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na hiarrachtaí a rinne an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith iniúchtaí ábhartha a mhaolú;

(g)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

3.   Chun críche an fhíoraithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

féintástálacha a dhéanamh ar shonraí na hinstitiúide nó iarraidh ar an institiúid tástálacha a dhéanamh arna moladh ag na húdaráis inniúla;

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 73

Cáilíocht sonraí

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cháilíocht na sonraí inmheánacha, seachtracha nó comhthiomsuithe is gá chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt do phróiseas chun priacal creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 144(1)(d) agus le hAirteagal 176 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

iomláine na luachanna sna saintréithe a gceanglaítear iad ina leith;

(b)

cruinneas na sonraí lena n-áirithítear go mbeidh na sonraí saor ó earráid ar bhealach substainteach;

(c)

comhsheasmhacht na sonraí lena n-áirithítear gur féidir tacar sonraí áirithe a mheaitseáil thar fhoinsí sonraí difriúla de chuid na hinstitiúide;

(d)

tráthúlacht na luachanna sonraí lena n-áirithítear go mbeidh na luachanna cothrom le dáta;

(e)

sainiúlacht na sonraí lena n-áirithítear go mbeidh na sonraí comhiomlánaithe saor ó aon dúbailt a thugtar de thoradh scagairí nó trasfhoirmithe eile a bhaineann leis na sonraí foinseacha;

(f)

bailíocht na sonraí lena n-áirithítear go mbeidh na sonraí bunaithe ar chóras aicmiúcháin leormhaith, a bheidh láidir go leor chun tabhairt ar dhaoine glacadh leo;

(g)

inrianaitheacht na sonraí lena n-áirithítear gur féidir stair, próiseáil agus suíomh na sonraí atá á mbreithniú a rianú go héasca.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar phróiseas bainistithe cháilíocht na sonraí, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh na nithe uile seo a leanas i bhfeidhm:

(i)

caighdeáin leormhaithe maidir le cáilíocht sonraí lena socraítear cuspóirí agus raon feidhme foriomlán phróiseas bainistithe cháilíocht na sonraí;

(ii)

beartais, caighdeáin agus nósanna imeachta leormhaithe maidir le sonraí a bhailiú, a stóráil, a aistriú, a chur i ngníomh agus a úsáid;

(iii)

cleachtas lena dtabharfar próiseas bainistithe cháilíocht na sonraí cothrom le dáta go leanúnach mar aon le feabhas a chur ar an bpróiseas sin;

(iv)

tacar critéar agus nósanna imeachta chun comhréireacht leis na caighdeáin um cháilíocht sonraí a chinneadh, agus go háirithe na critéir ghinearálta agus an próiseas um réiteach sonraí thar chórais agus laistigh díobh lena n-áirítear i measc sonraí cuntasaíochta agus sonraí inmheánacha atá bunaithe ar rátálacha;

(v)

próisis leormhaithe chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí go hinmheánach agus chun feabhas a chur ar an gcáilíocht sin de shíor, lena n-áirítear an próiseas maidir le moltaí inmheánacha a eisiúint chun dul i ngleic le fadhbanna i réimsí inar gá feabhas a chur ar chúrsaí agus an próiseas chun na moltaí sin a chur chun feidhme agus tús áite tugtha dóibh bunaithe ar a n-ábharthacht agus go háirithe an próiseas chun dul i ngleic le neamhréireachtaí ábhartha a thagann chun cinn i rith an phróisis um réiteach sonraí;

(b)

go mbeidh leordhóthain neamhspleáchais i gceist leis an bpróiseas bailithe sonraí ó phróiseas bainistithe cháilíocht na sonraí, lena n-áirítear deighilt idir an struchtúr eagrúcháin agus baill foirne, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 74

Doiciméadú agus tuairisciú na sonraí

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar dhoiciméadú na sonraí is gá chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt do phróiseas chun priacal creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 144(1)(d) agus 176 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar na nithe uile seo a leanas:

(a)

sonrú thacar na mbunachar sonraí agus go háirithe:

(i)

léarscáil dhomhanda na mbunachar sonraí a bhfuil baint acu leis na córais ríofa a úsáidtear chun críocha Chur Chuige IRB;

(ii)

na foinsí sonraí ábhartha;

(iii)

na próisis ábhartha maidir le hasbhaint agus trasfhoirmiú sonraí agus na critéir a úsáidtear ina leith sin;

(iv)

sonrú feidhmiúil ábhartha na mbunachar sonraí, lena n-áirítear a méid, an dáta ar tógadh iad, foclóirí sonraí lena sonraítear ábhar na réimsí agus na luachanna difriúla a chuirtear isteach sna réimsí in éineacht le sainmhínithe soiléire ar mhíreanna sonraí;

(v)

sonraíocht theicniúil ábhartha na mbunachar sonraí, lena n-áirítear an cineál bunachair shonraí, táblaí, córas bainistíochta bunachar sonraí agus ailtireacht bhunachair shonraí, agus samhlacha sonraí a thugtar in aon nodaireacht samhaltaithe caighdeánach sonraí;

(vi)

na sreafaí oibre ábhartha agus na nósanna imeachta ábhartha maidir le sonraí a bhailiú agus sonraí a stóráil;

(b)

an beartas bainistíochta sonraí agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí, lena n-áirítear próifílí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

trédhearcacht, inrochtaineacht agus comhsheasmhacht na rialuithe a chuirtear chun feidhme sa chreatlach bainistíochta sonraí.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar thuairisciú sonraí, fíoróidh na húdaráis inniúla, go háirithe, maidir leis an tuairisciú sonraí:

(a)

go sonrófar raon feidhme na dtuarascálacha nó na n-athbhreithnithe agus, i gcás inarb infheidhme, na moltaí chun dul i ngleic le laigí nó le heasnaimh a bhraitear;

(b)

go gcuirfear é sin in iúl don lucht ardbhainistíochta agus do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide minic go leor agus go mbeidh leibhéal fhaighteoir an tuairiscithe sonraí comhsheasmhach le struchtúr eagrúcháin na hinstitiúide, agus le cineál agus le suntas na faisnéise;

(c)

go ndéanfar é go tráthrialta agus i gcás inarb iomchuí, ar bhonn ad hoc freisin;

(d)

go soláthrófar dóthain fianaise leis go dtéann an institiúid i ngleic a dóthain leis na moltaí agus go gcuireann an institiúid na moltaí chun feidhme i gceart.

Airteagal 75

Bonneagar TF

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar ailtireacht na gcóras TF, rud is ábhartha do chórais rátála na hinstitiúide agus do chur i bhfeidhm an Chur Chuige IRB i gcomhréir le hAirteagal 144 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar na nithe uile seo a leanas:

(a)

ailtireacht na gcóras TF lena n-áirítear gach feidhmchlár, a gcomhéadain agus a n-idirghníomhaíochtaí;

(b)

léaráid maidir le sreabhadh sonraí lena dtaispeántar léarscáil ina mbeidh príomh-fheidhmchláir, na príomhbhunachair shonraí agus na príomh-chomhpháirteanna TF a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm Chur Chuige IRB agus maidir le córais rátála;

(c)

sannadh úinéirí na gcóras TF;

(d)

inniúlacht, inscálaitheacht agus éifeachtúlacht na gcóras TF;

(e)

lámhleabhair na gcóras TF agus na mbunachar sonraí.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar fhóntacht, ar shábháilteacht agus ar shlándáil na gcóras TF is ábhartha do chórais rátála na hinstitiúide agus do chur i bhfeidhm Chur Chuige IRB, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

gur féidir leis an mbonneagar TF tacú le gnáthphróisis agus le próisis eisceachtúla institiúide ar bhealach tráthúil, uathoibríoch agus solúbtha;

(b)

maidir leis an bpriacal ó thaobh fionraíocht chumais an bhonneagair TF (“teipeanna”), an priacal maidir le sonraí a chailleadh agus an priacal maidir le meastóireachtaí míchearta (“lochtanna”), go rachfar i ngleic go hiomchuí leo;

(c)

go mbeidh cosaint leormhaith ag an mbonneagar TF in aghaidh na gadaíochta, na caimiléireachta, na cúblála nó na sabaitéireachta sonraí nó córas arna ndéanamh ag daoine mailíseacha taobh istigh nó taobh amuigh.

3.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar stóinseacht an bhonneagair TF is ábhartha do chórais rátála na hinstitiúide agus do chur i bhfeidhm an Chur Chuige IRB, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go gcuirfear nósanna imeachta cúltaca na gcóras TF, na sonraí agus na doiciméadachta chun feidhme ar bhonn tréimhsiúil agus go ndéanfar iad a thástáil ar bhonn tréimhsiúil;

(b)

go gcuirfear pleananna gníomhaíochta leanúnachais chun feidhme le haghaidh córais chriticiúla TF;

(c)

go ndéanfar nósanna imeachta aisghabhála na gcóras TF i gcás a dteipthe a shainmhíniú agus a thástáil ar bhonn tréimhsiúil;

(d)

go gcomhlíonfar beartais ábhartha agus nósanna imeachta ábhartha na hinstitiúide agus úsáideoirí na gcóras TF á mbainistiú;

(e)

go gcuirfear rianta iniúchta chun feidhme le haghaidh córais chriticiúla TF;

(f)

gur leormhaith bainistíocht na n-athruithe ar chórais TF agus go gcumhdófar gach córas TF leis an bhfaireachán ar athruithe.

4.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh i dtaobh an ndéantar athbhreithniú go tráthrialta agus ar bhonn ad hoc araon ar an mbonneagar TF is ábhartha do chórais rátála na hinstitiúide agus do chur i bhfeidhm Chur Chuige IRB, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go dtiocfaidh moltaí chun dul i ngleic le laigí nó le heasnaimh, i gcás inar braitheadh iad, de thoradh faireachán tráthrialta agus athbhreithnithe ad hoc;

(b)

go gcuirfear na torthaí agus na moltaí dá dtagraítear i bpointe (a) in iúl don lucht ardbhainistíochta agus do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide;

(c)

go mbeidh fianaise leordhóthanach ann go dtéann an institiúid i ngleic i gceart leis na moltaí agus go gcuireann an institiúid chun feidhme i gceart iad.

CAIBIDIL 13

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE AR SHAMHLACHA INMHEÁNACHA LE hAGHAIDH RISÍOCHTAÍ AR CHOTHROMAS

Airteagal 76

Ginearálta

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil institiúid in ann an tsamhail inmheánach a fhorbairt agus a bhailíochtú le haghaidh risíochtaí ar chothromas agus gach risíocht a shannadh do raon feidhme chur chuige na samhlacha inmheánacha le haghaidh risíochtaí ar chothromas mar a cheanglaítear le pointí (f) agus (h) d’Airteagal 144(1) agus d’Airteagail 186, 187 agus 188 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar na nithe uile seo a leanas:

(a)

leordhóthanacht na sonraí a úsáidtear, i gcomhréir le hAirteagal 77;

(b)

leordhóthanacht na samhlacha, i gcomhréir le hAirteagal 78;

(c)

cuimsitheacht an chláir tástála struis, i gcomhréir le hAirteagal 79;

(d)

sláine na samhla agus an phróisis samhaltaithe, i gcomhréir le hAirteagal 80;

(e)

leordhóthanacht shannadh na risíochtaí do chur chuige na samhlacha inmheánacha, i gcomhréir le hAirteagal 81;

(f)

leordhóthanacht fheidhm an bhailíochtaithe, i gcomhréir le hAirteagal 82.

2.   Chun críocha na meastóireachta faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha ábhartha na hinstitiúide;

(b)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht theicniúil na hinstitiúide maidir leis an modheolaíocht agus le próiseas fhorbairt na samhla inmheánaí le haghaidh risíochtaí ar chothromas;

(c)

athbhreithniú ar na lámhleabhair ábhartha, ar na modheolaíochtaí ábhartha agus ar na próisis ábhartha, agus dúshlán a thabhairt dóibh;

(d)

athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí na n-aonad difriúil agus na gcomhlachtaí inmheánacha a bhfuil baint acu leis an tsamhail inmheánach a dhearadh, a bhailíochtú agus a chur i bhfeidhm le haghaidh risíochtaí ar chothromas;

(e)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, nó coistí;

(f)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ábhartha ar fheidhmíocht na samhlacha inmheánacha le haghaidh risíochtaí ar chothromas agus ar mholtaí an aonaid rialaithe priacal creidmheasa, de chuid fheidhm an bhailíochtaithe, fheidhm an iniúchta inmheánaigh, nó aon fheidhm rialaithe eile de chuid na hinstitiúide;

(g)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ábhartha ar dhul chun cinn faoi na hiarrachtaí arna ndéanamh ag an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith faireacháin, bailíochtuithe agus iniúchtaí a mhaolú;

(h)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

3.   Chun críocha na meastóireachta faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna breise seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

sonraí á úsáidtear sa phróiseas chun samhlacha inmheánacha, le haghaidh risíochtaí ar chothromas, a iarraidh agus anailís a dhéanamh ar na sonraí sin;

(b)

a gcuid meastachán féin a dhéanamh maidir le Luach faoi Phriacal nó meastacháin sin na hinstitiúide a mhacasamhlú agus úsáid á baint as sonraí ábhartha a sholáthróidh an institiúid;

(c)

iarraidh go soláthrófar doiciméadacht bhreise nó anailís bhreise lena dtabharfar fianaise ar na roghanna ó thaobh modheolaíochta de agus na torthaí a fuarthas;

(d)

athbhreithniú ar dhoiciméadacht fheidhmiúil na gcóras TF a úsáidtear chun an luach faoi phriacal a ríomh;

(e)

athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide.

Airteagal 77

Leordhóthanacht na sonraí

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na sonraí a úsáidtear d’fhonn na dáileacháin ioncaim iarbhír ar risíochtaí ar chothromas a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 186 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go léireoidh na sonraí próifíl phriacail na risíochtaí sonracha ar chothromas de chuid na hinstitiúide;

(b)

go mbeidh na sonraí leordhóthanach chun meastacháin ar chaillteanas a sholáthar a bheidh iontaofa ó thaobh staidrimh de, nó go mbeidh coigeartú leormhaith déanta ar na sonraí d’fhonn samhlacha aschuir a fháil a bheidh réalaíoch agus coimeádach mar is iomchuí;

(c)

go dtiocfaidh na sonraí a úsáidtear as foinsí seachtracha nó, i gcás ina n-úsáidfear sonraí inmheánacha, go mbeidh athbhreithniú neamhspleách déanta orthu le feidhm rialaithe ábhartha de chuid na hinstitiúide;

(d)

go léireofar leis na sonraí an tréimhse is faide dá bhfuil le fáil chun meastachán coimeádach a sholáthar faoi chaillteanais fhéideartha thar thimthriall fadtéarmach ábhartha nó timthriall gnó ábhartha, agus go háirithe go n-áireofar leo an tréimhse struis airgeadais shuntasaigh is ábhartha do phunann na hinstitiúide;

(e)

i gcás ina n-úsáidfear sonraí arna gcomhshó go ráithiúil lena mbaineann tréimhse níos giorra, go mbeidh fianaise eimpíreach ag tacú leis an nós imeachta um chomhshó trí chur chuige a bheidh dea-fhorbartha agus doiciméadaithe go maith agus a chuirfear i bhfeidhm go coimeádach comhsheasmhach le himeacht aimsire;

(f)

go roghnófar an tréimhse lena mbaineann an tréimhse is faide, lena gcumasófar meastachán a dhéanamh ar pheircintíl 99 le breathnóireachtaí neamh-fhorluiteacha.

Airteagal 78

Leordhóthanacht na samhlacha

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na samhlacha a úsáidtear d’fhonn meastachán a dhéanamh ar na dáileacháin ioncaim ar chothromas chun ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 186 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh an tsamhail iomchuí le haghaidh phróifíl priacail agus chastacht phunann chothromais na hinstitiúide, agus i gcás ina mbeidh sealúchais ábhartha ag an institiúid ag a bhfuil luachanna a bhfuil gnéithe iontach neamhlíneach ag baint leo, go gcuirfear sin san áireamh ar bhealach iomchuí leis an tsamhail;

(b)

go mbeidh mapáil na suíomh aonair i leith seachshonraí, innéacsanna margaidh agus fachtóirí priacal inchreidte, iomasach agus fónta ó thaobh an choincheapa;

(c)

go mbeidh na fachtóirí priacal a roghnófar iomchuí agus go gcumhdófar idir phriacal ginearálta agus phriacal sonrach leo go héifeachtach;

(d)

go mbeidh míniú leormhaith sa tsamhail ar na hathruithe stairiúla ar phraghsanna;

(e)

go gcuimsítear leis an tsamhail idir a mhéad agus a d’fhéadfadh comhchruinnithe a bheith agus na hathruithe ar chomhdhéanamh na gcomhchruinnithe.

Airteagal 79

Cuimsitheacht an chláir tástála struis

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chuimsitheacht an chláir tástála struis a cheanglaítear faoi Airteagal 186(g) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go mbeidh an institiúid in ann meastacháin ar chaillteanais a sholáthar faoi dhroch-chásanna malartacha insamhlaithe agus go mbeidh na cásanna insamhlaithe sin difriúil leis na cinn a úsáidtear leis an tsamhail inmheánach ach gur dócha go dtarlóidh siad fós.

2.   Chun críche an mheasúnaithe faoi mhír 1, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh na droch-chásanna malartacha insamhlaithe ábhartha le sealúchais shonracha na hinstitiúide, go léireofar caillteanais shuntasacha don institiúid leo agus go gcuimseofar leo éifeachtaí nach léirítear i dtorthaí na samhla:

(b)

go n-úsáidfear torthaí na samhla sna droch-chásanna malartacha insamhlaithe sa bhainistiú priacail iarbhír le haghaidh na punainne cothromais agus go dtuairisceofar chuig an lucht ardbhainistíochta go tréimhsiúil iad;

(c)

go ndéanfar athbhreithniú go tréimhsiúil ar na droch-chásanna malartacha insamhlaithe agus go dtabharfar cothrom le dáta go tréimhsiúil iad.

Airteagal 80

Sláine na samhla agus an phróisis samhaltaithe

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar shláine na samhlacha agus an phróisis samhaltaithe a cheanglaítear faoi Airteagal 187 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh an tsamhail inmheánach lánchomhtháthaithe i mbainistiú na punainne cothromais sa leabhar neamhthrádála, i gcórais bainistithe faisnéise fhoriomlána na hinstitiúide agus i mbonneagar bainistithe priacail na hinstitiúide agus go n-úsáidfear an tsamhail chun faireachán a dhéanamh ar na teorainneacha infheistíochta agus ar phriacal na risíochtaí ar chothromas;

(b)

go mbeidh an t-aonad samhaltaithe inniúil agus neamhspleách ar an aonad atá freagrach as na hinfheistíochtaí aonair a bhainistiú.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1(a), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

go mbeidh baint ghníomhach ag comhlacht bainistíochta agus ag lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide sa phróiseas bainistithe priacail sa chiall gur thacaigh siad le tacar teorainneacha infheistíochta atá bunaithe, i measc fachtóirí eile, ar thorthaí na samhla inmheánaí;

(b)

go ndéanfaidh daoine athbhreithniú ar na tuarascálacha a dhéantar san aonad rialaithe priacal a bheidh ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh údarás leormhaith chun laghduithe a fhorfheidhmiú ar shuímh mar aon le laghdú ar risíocht fhoriomlán na hinstitiúide ar phriacal;

(c)

go mbeidh pleananna gníomhaíochta i bhfeidhm le haghaidh cásanna géarchéime margaidh lena ndéanfaí difear do ghníomhaíochtaí atá laistigh de raon feidhme na samhla, lena dtuairisceofar na himeachtaí ar thruicear dóibh iad agus na gníomhaíochtaí ata beartaithe.

3.   Chun críche an mheasúnaithe faoi mhír 1(b), fíoróidh na húdaráis inniúla:

(a)

nach gcomhlíonfaidh an fhoireann ná an lucht ardbhainistíochta atá freagrach as an aonad samhaltaithe cúraimí maidir leis na hinfheistíochtaí aonair a bhainistiú;

(b)

go mbeidh línte tuairiscithe difriúla ag ardbhainisteoirí na n-aonad samhaltaithe agus na n-aonad atá freagrach as na hinfheistíochtaí aonair a bhainistiú ar leibhéal chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an choiste atá ainmnithe ag an gcomhlacht bainistíochta sin;

(c)

nach mbeidh luach saothair na foirne agus an lucht ardbhainistíochta atá freagrach as an aonad samhaltaithe nasctha le feidhmiú na gcúraimí maidir leis na hinfheistíochtaí aonair a bhainistiú;

Airteagal 81

Leordhóthanacht shannadh na risíochtaí do chur chuige na samhlacha inmheánacha

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht shannadh gach risíochta i raon feidhme cuir chuige le haghaidh risíochtaí ar chothromas de réir chur chuige na samhlacha inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 144(1)(h) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar na sainmhínithe, ar na próisis agus ar na critéir maidir leis an sannadh nó maidir le hathbhreithniú a dhéanamh air.

Airteagal 82

Leordhóthanacht fheidhm an bhailíochtaithe

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht fheidhm an bhailíochtaithe maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 144(1) agus in Airteagal 188 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh na húdaráis inniúla Airteagail 10 go 13 i bhfeidhm agus fíoróidh:

(a)

go gcuirfidh an institiúid an chéad pheircintíl de na torthaí iarbhír ar chothromas i gcomparáid leis na meastacháin shamhaltaithe ar bhonn ráithiúil ar a laghad;

(b)

leis an gcomparáid dá dtagraítear i bpointe (a), go mbainfear úsáid as tréimhse breathnóireachta a bheidh comhionann le haon bhliain amháin ar a laghad agus as tréimhse lena bhfágfar go mbeifear in ann an chéad pheircintíl a ríomh bunaithe ar bhreathnóireachtaí neamh-fhorluiteacha;

(c)

i gcás ina mbeidh céatadán na mbreathnóireachtaí, a bheidh faoi bhun chéad pheircintíl na dtorthaí ar chothromas a mheasfar, os cionn 1 %, go dtabharfar údar leormhaith leis sin agus go ndéanfaidh an institiúid gníomhaíochtaí leasúcháin ábhartha.

CAIBIDIL 14

MODHEOLAÍOCHT MHEASÚNAITHE MAIDIR LEIS NA hATHRUITHE AR CHÓRAIS RÁTÁLA A BHAINISTIÚ

Airteagal 83

Ginearálta

1.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide leis na ceanglais maidir le bainistíocht athruithe, agus maidir le doiciméadú athruithe, ar raon feidhme córais rátála nó ar raon feidhme cuir chuige samhla inmheánaí i leith risíochtaí ar chothromas, agus athruithe ar na córais rátála nó ar chur chuige na samhla inmheánaí i leith risíochtaí ar chothromas i gcomhréir le hAirteagal 143(3) agus (4) agus Airteagal 175(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla go mbeidh beartas na hinstitiúide maidir le hathruithe den sórt sin (“beartas maidir le hathruithe”) curtha chun feidhme i gceart agus go gcomhlíonfaidh an beartas sin ceanglais Airteagail 2 go 5, Airteagal 8 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla na modhanna uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

athbhreithniú ar bheartas na hinstitiúide maidir le hathruithe;

(b)

athbhreithniú ar mhiontuairiscí ábhartha chomhlachtaí inmheánacha na hinstitiúide, lena n-áirítear an comhlacht bainistíochta, an coiste samhla, nó coistí eile;

(c)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ábhartha ar bhainistiú na n-athruithe ar na córais rátála agus mholtaí an aonaid rialaithe priacal creidmheasa, de chuid fheidhm an bhailíochtaithe, fheidhm an iniúchta inmheánaigh, nó aon fheidhm rialaithe eile de chuid na hinstitiúide;

(d)

athbhreithniú ar na tuarascálacha ábhartha ar dhul chun cinn faoi na hiarrachtaí arna ndéanamh ag an institiúid chun easnaimh a cheartú agus chun priacail a braitheadh i rith faireacháin, bailíochtuithe agus iniúchtaí a mhaolú;

(e)

ráitis scríofa a fháil ó bhaill foirne ábhartha agus ó lucht ardbhainistíochta na hinstitiúide nó agallamh a chur orthu.

3.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha eile na hinstitiúide freisin.

Airteagal 84

Ábhar an bheartais maidir le hathruithe

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar bheartas institiúide maidir le hathruithe, fíoróidh na húdaráis inniúla go gcuirfear ceanglais Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 575/2013 chun feidhme leis an mbeartas maidir le hathruithe mar aon leis na critéir a leagtar síos in Airteagail 1 go 5, in Airteagal 8 agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014 agus go bhforáilfear leis an mbeartas sin na ceanglais sin a chur i bhfeidhm go praiticiúil agus go gcuirfear an méid seo a leanas san áireamh leis na critéir:

(a)

freagrachtaí, línte tuairiscithe agus nósanna imeachta maidir le hathruithe a fhormheas go hinmheánach, ag féachaint do shaintréithe eagrúcháin na hinstitiúide agus dá sonraíochtaí ó thaobh cuir chuige de;

(b)

sainmhínithe, modhanna agus, i gcás inarb infheidhme, méadracht i dtaca le haicmiú athruithe;

(c)

nósanna imeachta chun athruithe a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chur in iúl do na húdaráis agus iarratas a chur isteach chuig na húdaráis inniúla ar chead le haghaidh athruithe;

(d)

nósanna imeachta maidir le hathruithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear a ndoiciméadú.

CAIBIDIL 15

FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

Airteagal 85

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 529/2014 ón gCoimisiún an 12 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha agus ar an Ardmhodh Tomhais (IO L 148, 20.5.2014, lch. 36).

(3)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca leis an tairseach ábharthachta le haghaidh oibleagáidí creidmheasa thar téarma (IO L 32, 6.2.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/72 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear coinníollacha maidir le ceadanna um tharscaoileadh sonraí (IO L 10, 14.1.2017, lch. 1).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2014 maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála ag tríú tíortha áirithe agus ag tríú críocha áirithe chun na risíochtaí a láimhseáil de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 359 16.12.2014, lch. 155).