11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/409 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Márta 2022

lena leasaítear den 329ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 3 Márta 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe dhá iontráil a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Is gá freisin a léiriú, i gcás aon ainmniú amháin, cuíchóiriú teicniúil ar liosta NA trí chomhdhlúthú na n-ailiasanna a dhéanann Coiste Smachtbhannaí NA.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha”:

1.

“'Abd Al-Malik Muhammad Yusuf 'Uthman 'Abd Al-Salam (script bhunaidh: عبدالملك محمد يوحف عحمان عبد الحلام) (ailias dea-cháilíochta: (a) 'Abd al-Malik Muhammad Yusif 'Abd-al-Salam; ailias ísealcháilíochta: (a) 'Umar al-Qatari; (b) 'Umar al-Tayyar). Dáta breithe: 13.7.1989. Náisiúntacht: Iordánach. Uimhir phas: K475336 (Pas Iordánach, eisíodh an 31.8.2009, chuaigh as feidhm an 30.8.2014). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.1.2015.”

2.

“Nayif Salih Salim Al-Qaysi (ailias: a) Naif Saleh Salem al Qaisi b) Nayif al-Ghaysi). Dáta breithe: 1983. Áit bhreithe: Gobharnóireacht Al-Baydah, Éimin. Náisiúntacht: Éimineach. Uimhir phas: 04796738 Éimin. Seoladh: a) Gobharnóireacht Al-Baydah, Éimin b) Sana'a, Éimin (seoladh roimhe sin). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 22.2.2017.”

3.

“Sadruddin, Alhaj, Mullah (Méara ar Chathair Chabúl)”

4.

“Sayed, Alhaj Mullah Sadudin (Méara ar Chathair Chabúl)”