9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/388 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí atá faoi réir Threoir 2003/87/CE agus, go háirithe, astaíochtaí ó bhithmhais. Leasaíodh an Rialachán sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2085 ón gCoimisiún (3) chun forálacha maidir le hastaíochtaí ó bhithmhais a ailíniú leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001 (4), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sainmhínithe ábhartha agus na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bithmhaise. I ndiaidh na leasuithe sin, beidh feidhm ag na forálacha maidir leis na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bithmhaise ón 1 Eanáir 2022.

(2)

Is gá na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bithmhaise a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE chun inbhuanaitheacht bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a úsáidtear le haghaidh dócháin agus a rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a áirithiú.

(3)

Tá méadú ag teacht ar an aitheantas gur gá beartais bhithfhuinnimh a ailíniú le cuspóirí comhshaoil eile agus gur gá rochtain chothrom ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise a áirithiú chun réitigh bhithbhunaithe nuálacha ard-bhreisluacha agus bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an soláthar bithmhaise inbhuanaithe atá ar fáil le haghaidh úsáidí fuinnimh agus neamhfhuinnimh agus cothabháil linnte carbóin na bhforaoisí náisiúnta agus na n-éiceachóras a chur san áireamh chomh maith le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, agus ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá sé d’aidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) rannchuidiú le cuspóirí an Aontais Eorpaigh i dtaca le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Agus an sprioc sin á saothrú, tá sé fíor-riachtanach rannchuidiú freisin le cuspóirí níos leithne comhshaoil, agus go háirithe le cailliúint na bithéagsúlachta a chosc, rud atá faoi thionchar diúltach mar gheall ar an athrú indíreach ar an talamhúsáid a bhaineann le táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise áirithe. De bhrí go mbeidh feidhm ag ráta nialasach maidir leis an mbithmhais ar fad in CTA go dtí go gcuirfear na critéir inbhuanaitheachta chun feidhme ina n-iomláine, moltar do na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal an Chonartha “íoc mar a thruaillítear”, ionstraimí agus uirlisí atá bunaithe ar an margadh a úsáid, amhail cánachas, atá ar fáil dóibh chun úsáid bithmhaise neamh-inbhuanaithe in earnálacha CTA a dhíspreagadh chun tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a sheachaint.

(4)

Bhí go dtí an 30 Meitheamh 2021 ag na Ballstáit chun Treoir (AE) 2018/2001 a thrasuí. Níl trasuí na Treorach tugtha chun críche fós i roinnt mhaith Ballstát.

(5)

Déantar foráil le Treoir (AE) 2018/2001 maidir le roinnt gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh chun na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le bithmhais a chur chun feidhme. Tá moill ar ghlacadh roinnt de na gníomhartha sin.

(6)

Tá sé d’aidhm ag Treoir (AE) 2018/2001 ról na scéimeanna deonacha um dheimhniúchán idirnáisiúnta agus náisiúnta chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú ar bhealach comhchuibhithe. Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna deimhniúcháin náisiúnta a chur ar bun freisin. Is gá na modheolaíochtaí a úsáidtear sna scéimeanna deimhniúcháin sin a thabhairt cothrom le dáta nuair a ghlacfar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear faoi Threoir (AE) 2018/2001. Thairis sin, is gá oiliúint a chur ar fhíoraitheoirí.

(7)

Chun cur chun feidhme láidir éifeachtúil comhchuibhithe a áirithiú, meastar go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach cur i bhfeidhm na gcritéar inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus bithmhais atá in Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chur ar athló. Tá tréimhse a mhaireann bliain féilire amháin iomchuí chun ailíniú le timthriall comhlíontachta bliantúil CTA.

(8)

Laghdaítear neamhchinnteacht eacnamaíoch leis an Rialachán seo freisin le haghaidh na n-oibreoirí a úsáideann bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise le haghaidh dócháin i ngníomhaíochtaí faoi Threoir 2003/87/CE, toisc go meastar go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin ag feidhmiú faoi lánseol le linn 2022.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a leasú dá réir.

(10)

Go dtí go nglacfar na rialacha is gá chun Treoir (AE) 2018/2001 a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 38 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas leis:

“6.   De mhaolú ar mhír 5, an chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit, nó na húdaráis inniúla de réir mar is iomchuí, a mheas go gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear sa mhír sin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a úsáidtear le haghaidh dócháin ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2085 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 423, 15.12.2020, lch. 37).

(4)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(5)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).