|
Uimh.
|
Táirge
|
Amhábhair (tagairt d’fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009)
|
Coinníollacha allmhairiúcháin agus idirthurais
|
Liosta na dtríú tíortha
|
Deimhnithe/doiciméid shamplacha
|
|
1
|
Aoileach próiseáilte, táirgí a dhíorthaítear ó aoileach próiseáilte, frass agus guanó ó ialtóga
|
Ábhair de Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9, pointe (a).
|
An t-aoileach próiseáilte, na táirgí a dhíorthaítear ó aoileach próiseáilte agus guanó ó ialtóga, ní mór na nithe sin a bheith táirgthe i gcomhréir le Caibidil I, Roinn 2, d’Iarscríbhinn XI.
|
Tríú tíortha a liostaítear sna nithe seo a leanas:
|
(a)
|
Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIII nó Cuid 1, Roinn A, d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcás aoileach próiseáilte crúbach, frass nó guanó ó ialtóga, agus na tríú tíortha seo a leanas:
|
|
(b)
|
Cuid 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcás aoileach próiseáilte dlúthchrúbaigh; nó
|
|
(c)
|
Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcás aoileach próiseáilte éanlaithe clóis;
|
|
Iarscríbhinn XV, Caibidil 17.
|
|
2
|
Táirgí fola, gan táirgí fola ó each-ainmhithe a áireamh, chun táirgí díorthaithe a mhonarú lena n-úsáid taobh amuigh den slabhra beathaithe d’ainmhithe feirmshaothraithe
|
Ábhair de Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (c) agus pointe (d), agus ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointí (a), (b), (d) agus (h).
|
Ní mór na táirgí fola a bheith táirgthe i gcomhréir le Roinn 2.
|
Na tríú tíortha seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás táirgí fola neamhchóireáilte ó chrúbaigh:
Tríú tíortha nó codanna díobh a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 óna n-údaraítear allmhairí feola úire ó aon speiceas crúbaigh tí, agus ar feadh na tréimhse a shonraítear i gcolúin 7 agus 8 den Chuid sin amháin.
|
|
(b)
|
i gcás táirgí fola neamhchóireáilte ó éanlaith chlóis agus ó speicis éanúla eile:
Tríú tíortha nó codanna de thríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.
|
|
(c)
|
i gcás táirgí fola neamhchóireáilte ó ainmhithe eile:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, nó in Iarscríbhinn V nó in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún.
|
|
(d)
|
i gcás táirgí fola cóireáilte ó aon speiceas eile:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, nó i gCuid 1, Roinn A, d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, nó in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, agus na tríú tíortha seo a leanas:
|
|
|
(a)
|
I gcás táirgí fola neamhchóireáilte:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 4 (C).
|
|
(b)
|
I gcás táirgí fola cóireáilte:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 4 (D).
|
|
|
3
|
Fuil agus táirgí fola ó each-ainmhithe
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointí (a), (b), (d) agus (h).
|
Comhlíonfaidh an fhuil agus na táirgí fola na ceanglais a leagtar amach i Roinn 3.
|
Na tríú tíortha seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás fuil a bailíodh i gcomhréir le Caibidil IV, pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII nó i gcás inar táirgeadh táirgí fola de réir phointe 2(b)(i) den Chaibidil sin:
Tríú tíortha nó codanna díobh a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, óna n-údaraítear capaill chláraithe nó each-ainmhithe cláraithe a allmhairiú, nó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
|
(b)
|
i gcás táirgí fola a cóireáladh i gcomhréir le Caibidil IV, pointe 2(b)(ii), d’Iarscríbhinn XIII:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/404, óna n-údaraítear capaill chláraithe nó each-ainmhithe cláraithe a allmhairiú nó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405
|
|
Iarscríbhinn XV, Caibidil 4(A).
|
|
4
|
Seithí agus craicne ó chrúbaigh atá úr nó fuaraithe
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (a), agus pointe (b)(iii).
|
Comhlíonfaidh na seithí agus na craicne na ceanglais a leagtar amach i Roinn 4, pointe1 agus pointe 4.
|
Tagann na seithí agus na craicne ó thríú tír, nó, i gcás réigiúnú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, ó chuid de thríú tír a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, nó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/405, óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí feola úire ón speiceas céanna.
|
Iarscríbhinn XV, Caibidil 5(A).
|
|
5
|
Seithí cóireáilte agus craicne cóireáilte ó chrúbaigh
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (a), pointe (b)(i) agus (iii) agus pointe (n).
|
Comhlíonfaidh na seithí agus na craicne na ceanglais a leagtar amach i Roinn 4, pointe 2, pointe 3 agus pointe 4.
|
|
(a)
|
I gcás seithí cóireáilte agus craicne cóireáilte ó chrúbaigh:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IV, i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII nó i gCuid 1, Roinn A, d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus na tríú tíortha seo a leanas:
|
|
(b)
|
I gcás seithí cóireáilte agus craicne cóireáilte ó athchogantaigh atá beartaithe lena seoladh chuig an Aontas agus a coimeádadh ar leithligh óna chéile ar feadh 21 lá nó a dhéanfar a iompar ar feadh 21 lá gan bhriseadh sula n-allmhaireofar iad isteach san Aontas:
Aon tríú tír.
|
|
|
(a)
|
I gcás seithí cóireáilte agus craicne cóireáilte ó chrúbaigh, seachas na cinn a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 4, pointe 2:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 5(B).
|
|
(b)
|
I gcás seithí cóireáilte agus craicne cóireáilte ó athchogantaigh nó ó each-ainmhithe atá beartaithe lena seoladh chuig an Aontas agus a coimeádadh ar leithligh óna chéile ar feadh 21 lá nó a dhéanfar a iompar ar feadh 21 lá gan bhriseadh sula n-allmhaireofar iad isteach san Aontas:
An dearbhú oifigiúil a leagtar amach in Iarscríbhinn XV, Caibidil 5(C).
|
|
(c)
|
I gcás seithí cóireáilte agus craicne cóireáilte ó chrúbaigh a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 4, pointe 2:
Ní cheanglaítear aon deimhniú
|
|
|
6
|
Trófaithe géim agus ullmhóidí eile ó ainmhithe
|
Ábhair de Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9, pointe (f), a dhíorthaítear ó ainmhithe fiáine nach meastar a bheith ionfhabhtaithe le galar atá tógálach don duine nó d’ainmhithe, agus ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (a), pointe (b)(i), (iii) agus pointí (v) agus (n).
|
Comhlíonfaidh na trófaithe géim agus ullmhóidí eile na ceanglais a leagtar amach i Roinn 5.
|
|
(a)
|
I gcás trófaithe géim agus ullmhóidí eile dá dtagraítear i Roinn 5, pointe 2:
Aon tríú tír.
|
|
(b)
|
I gcás trófaithe géim agus ullmhóidí eile dá dtagraítear i Roinn 5, pointe 3:
|
(i)
|
Trófaithe géim ó éin:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí feola úire ó éanlaith chlóis, agus na tíortha agus na críocha seo a leanas:
|
|
(ii)
|
Trófaithe géim ó chrúbaigh:
Tríú tíortha a liostaítear sna colúin iomchuí maidir le feoil úr ó chrúbaigh i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, lena n-áirítear aon srian a leagtar síos sa cholún maidir le dálaí speisialta i ndáil le feoil úr, nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 i gcás dlúthchrúbach.
|
|
|
|
(a)
|
I gcás trófaithe géim dá dtagraítear i Roinn 5, pointe 2:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 6(A).
|
|
(b)
|
I gcás trófaithe géim dá dtagraítear i Roinn 5, pointe 3:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 6(B).
|
|
(c)
|
I gcás trófaithe géim dá dtagraítear i Roinn 5, pointe 1:
Ní cheanglaítear aon deimhniú.
|
|
|
7
|
Guairí muc
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (b)(iv).
|
Ní mór na guairí muc a bheith faighte ó ainmhithe a thagann ó sheamlais agus a maraíodh i seamlas, sa tríú tír tionscnaimh.
|
|
(a)
|
I gcás guairí muc neamhchóireáilte:
Tríú tíortha, nó, i gcás réigiúnú, réigiúin díobh, a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, nó i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus na tríú tíortha seo a leanas a bhí saor ó fhiabhras Afracach na muc le linn na tréimhse 12 mhí roimh dháta an allmhairithe isteach san Aontas:
|
|
(b)
|
I gcás guairí muc cóireáilte:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, nó i gCuid 1, Roinn A d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus na tríú tíortha seo a leanas a d’fhéadfadh sé nach raibh siad saor ó fhiabhras Afracach na muc le linn na tréimhse 12 mhí roimh dháta an allmhairithe isteach san Aontas:
|
|
|
(a)
|
Mura raibh aon chás d’fhiabhras Afracach na muc ann le linn na tréimhse 12 mhí roimh dháta an allmhairithe isteach san Aontas:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 7(A).
|
|
(b)
|
I gcás ina raibh cás amháin nó níos mó ná sin d’fhiabhras Afracach na muc le linn na tréimhse 12 mhí roimh dháta an allmhairithe isteach san Aontas:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 7(B).
|
|
|
8
|
Olann agus fionnadh neamhchóireáilte ó ainmhithe seachas iad siúd a bhaineann leis an speiceas mucúil
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointí (h) agus (n).
|
|
(1)
|
Ní mór an olann agus an fionnadh tirim neamhchóireáilte a bheith:
|
(a)
|
iata go daingean i bpacáistíocht; agus
|
|
(b)
|
seolta go díreach chuig gléasra a tháirgeann táirgí díorthaithe lena n-úsáid lasmuigh den slabhra beathaithe nó gléasra a dhéanann oibríochtaí idirmheánacha, faoi dhálaí a choisceann leathadh oibreán pataigineach.
|
|
|
(2)
|
Is olann agus fionnadh dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (e) iad an olann agus an ghruaig.
|
|
|
(2)
|
Tríú tír nó réigiún di
|
(a)
|
a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a údaraítear chun feoil úr ó athchogantaigh nach bhfuil faoi réir coinníollacha sonracha breise a allmhairiú isteach san Aontas; agus
|
|
(b)
|
atá saor ó ghalar crúb agus béil agus, i gcás olann agus fionnadh caorach agus gabhar, saor ó bholgach caorach agus gabhar i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (*).
|
|
|
|
(1)
|
Igcás allmhairí olann agus fionnadh neamhchóireáilte, ní cheanglaítear aon deimhniú.
|
|
(2)
|
Ceanglaítear dearbhú ón allmhaireoir i gcomhréir le Caibidil 21 d’Iarscríbhinn XV.
|
|
|
9
|
Cleití cóireáilte, codanna de chleití agus clúmh.
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (b)(v) agus pointí (h) agus (n).
|
Comhlíonfaidh na cleití cóireáilte nó codanna de chleití na ceanglais a leagtar amach i Roinn 6.
|
Aon tríú tír.
|
I gcás allmhairí cleití cóireáilte, codanna de chleití agus clúmh mín, ní cheanglaítear aon deimhniú.
|
|
10
|
Seachtháirgí beachadóireachta
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (e).
|
|
(a)
|
I gcás seachtháirgí beachadóireachta a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid sa bheachadóireacht, seachas céir bheach i bhfoirm cíor mheala:
|
(i)
|
Bhí na seachtháirgí beachadóireachta faoi réir teocht – 12 °C nó teocht níos ísle ar feadh tréimhse 24 uair an chloig ar a laghad; nó
|
|
(ii)
|
I gcás céir bheach, rinneadh na hábhair a phróiseáil i gcomhréir le haon cheann de na modhanna próiseála 1 go 5 nó le modh próiseála 7, mar a leagtar amach i gCaibidil III d’Iarscríbhinn IV, agus mínghlanadh í sula ndearnadh í a allmhairiú isteach san Aontas.
|
|
|
(b)
|
I gcás céir bheach, seachas céir bheach i bhfoirm cíor mheala, chun críoch eile seachas mar bheatha le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe, rinneadh an chéir bheach a mhínghlanadh agus a phróiseáil i gcomhréir le haon cheann de na modhanna próiseála 1 go 5 nó le modh próiseála 7, mar a leagtar amach i gCaibidil III d’Iarscríbhinn IV sula ndearnadh í a allmhairiú isteach san Aontas.
|
|
|
(a)
|
I gcás seachtháirgí beachadóireachta a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid sa bheachadóireacht:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII nó i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus na tríú tíortha seo a leanas:
|
|
(b)
|
I gcás céir bheach chun críoch eile seachas beathú a thabhairt d’ainmhithe feirmshaothraithe:
Aon tríú tír.
|
|
|
(a)
|
I gcás seachtháirgí beachadóireachta a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid sa bheachadóireacht:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 13.
|
|
(b)
|
I gcás céir bheach chun críoch eile seachas beathú a thabhairt d’ainmhithe feirmshaothraithe:
Doiciméad tráchtála a fhianaíonn an mínghlanadh nó an phróiseáil.
|
|
|
11
|
Cnámha agus táirgí cnámha (seachas min chnámh), adharca agus táirgí adharc (gan min adharc a áireamh) agus crúba agus táirgí crúb (gan min crúb a áireamh) lena n-úsáid chun críoch eile seachas mar ábhar beatha, mar leasachán orgánach nó mar fheabhsaitheoir ithreach
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (a), pointe (b)(i) agus (iii) agus pointí (e) agus (h).
|
Comhlíonfaidh na táirgí na ceanglais a leagtar amach i Roinn 7.
|
Aon tríú tír.
|
Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis na táirgí:
|
(a)
|
doiciméad tráchtála mar a leagtar amach i Roinn 7, pointe 2; agus
|
|
(b)
|
dearbhú ón allmhaireoir i gcomhréir le hIarscríbhinn XV, Caibidil 16 i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid Bhallstát na chéad iontrála agus i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Bhallstáit is ceann scríbe.
|
|
|
12
|
Bia peataí, lena n-áirítear ábhair choganta le haghaidh madraí
|
|
(a)
|
I gcás bia peataí próiseáilte agus ábhair choganta le haghaidh madraí: ábhair dá dtagraítear in Airteagal 35, pointe (a)(i) agus (ii).
|
|
(b)
|
I gcás bia peataí amh: ábhair dá dtagraítear in Airteagal 35, pointe 5(a)(iii).
|
|
Ní mór an bia peataí agus na hábhair choganta le haghaidh madraí a bheith táirgthe i gcomhréir le Caibidil II d’Iarscríbhinn XIII.
|
|
(a)
|
I gcás bia peataí amh:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/405, óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí feola úire ón speiceas céanna agus i gcás ina gceadaítear feoil ar an gcnámh.
I gcás ábhair éisc, tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
|
(b)
|
I gcás ábhair choganta le haghaidh madraí agus bia peataí seachas bia peataí amh:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV nó i gCuid 1, Roinn A, d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus na tríú tíortha seo a leanas:
(AL) An Albáin
(EC) Eacuadór
(DZ) An Ailgéir
(GE) An tSeoirsia (bia peataí próiseáilte seachas bia peataí stánaithe)
(LK) Srí Lanca
(SA) An Araib Shádach (bia peataí próiseáilte de bhunadh éanlaith chlóis amháin)
(SV) An tSalvadóir
(TW) An Téaváin
I gcás bia peataí próiseáilte a dhíorthaítear ó ábhair éisc, tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
|
|
(a)
|
I gcás bia peataí stánaithe:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 3(A).
|
|
(b)
|
I gcás bia peataí próiseáilte seachas bia peataí stánaithe:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 3(B).
|
|
(c)
|
I gcás ábhair choganta le haghaidh madraí:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 3(C).
|
|
(d)
|
I gcás bia peataí amh:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 3(D).
|
|
|
13
|
Ionathar blaistithe chun bia peataí a mhonarú
|
Ábhair dá dtagraítear in Airteagal 35, pointe (a).
|
Ní mór an t-ionathar blaistithe a bheith táirgthe i gcomhréir le Caibidil III d’Iarscríbhinn XIII.
|
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/405, óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí feola úire ón speiceas céanna agus i gcás ina gceadaítear feoil ar an gcnámh.
I gcás ionathar blaistithe ó ábhair éisc, tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
I gcás ionathar blaistithe de bhunadh éanlaith chlóis, tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí feola éanlaithe clóis úire.
I gcás ionathar blaistithe ó mhamaigh talún fiáine áirithe agus ó leipiridigh, tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V nó in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 óna n-údaraíonn Ballstáit allmhairí feola úire ón speiceas céanna.
|
Iarscríbhinn XV, Caibidil 3(E).
|
|
14
|
seachtháirgí ainmhithe chun bia peataí seachas bia peataí amh a mhonarú chomh maith le táirgí díorthaithe lena n-úsáid taobh amuigh den slabhra beathaithe
|
|
(a)
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointí (a) go (m).
|
|
(b)
|
I gcás ábhair chun bia peataí a mhonarú, ábhair de Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (c).
|
|
(c)
|
I gcás fionnadh chun táirgí díorthaithe a mhonarú, ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (n).
|
|
Comhlíonfaidh na táirgí na ceanglais a leagtar amach i Roinn 8.
|
|
(a)
|
I gcás seachtháirgí ainmhithe chun bia peataí a mhonarú:
|
(i)
|
I gcás seachtháirgí ainmhithe ó bhó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair, ainmhithe den speiceas mucúil agus each-ainmhithe, lena n-áirítear ainmhithe feirme agus ainmhithe fiáine:
Tríú tíortha nó codanna díobh a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/405, óna n-údaraítear allmhairí feola úire lena gcaitheamh ag an duine.
|
|
(ii)
|
I gcás amhábhair ó éanlaith chlóis lena n-áirítear raitítigh:
Tríú tíortha nó codanna de thríú tíortha óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí feola úire éanlaithe clóis agus a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.
|
|
(iii)
|
I gcás bia peataí amh:
Tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
|
(iv)
|
I gcás amhábhar ó mhamaigh talún fiáine eile agus leipiridigh:
Tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V nó in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
|
|
(b)
|
I gcás seachtháirgí ainmhithe chun cógaisíocht a mhonarú:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV nó i gCuid 1, Roinn A, d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, nó in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn V nó Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, agus na tríú tíortha seo a leanas:
|
|
(PH) Na hOileáin Fhilipíneacha
|
|
|
(c)
|
I gcás seachtháirgí ainmhithe chun táirgí a mhonarú lena n-úsáid taobh amuigh den slabhra beathaithe d’ainmhithe feirmshaothraithe, seachas an chógasaíocht:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII nó i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn V nó Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
I gcás ábhair éisc, tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
|
(d)
|
I gcás fionnadh chun táirgí díorthaithe í a mhonarú:
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún óna n-údaraítear feoil úr ó chrúbaigh a theacht isteach san Aontas.
|
|
|
(a)
|
I gcás seachtháirgí ainmhithe chun bia peataí próiseáilte a mhonarú:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 3(F).
|
|
(b)
|
I gcás seachtháirgí ainmhithe chun táirgí a mhonarú lena n-úsáid taobh amuigh den slabhra beathaithe d’ainmhithe feirmshaothraithe:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 8.
|
|
|
15
|
Seachtháirgí ainmhithe lena n-úsáid mar bhia peataí amh
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (a) agus pointe (b)(i) agus (ii).
|
Comhlíonfaidh na táirgí na ceanglais a leagtar amach i Roinn 8.
|
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, nó Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/405, óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí feola úire ón speiceas céanna agus i gcás ina gceadaítear feoil ar an gcnámh.
I gcás ábhair éisc, tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
Iarscríbhinn XV, Caibidil 3(D).
|
|
16
|
Seachtháirgí ainmhithe lena n-úsáid i mbeatha le haghaidh ainmhithe fionnaidh
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointí (a) go (m).
|
Comhlíonfaidh na táirgí na ceanglais a leagtar amach i Roinn 8.
|
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII, nó i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, nó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/405, óna n-údaraíonn na Ballstáit allmhairí feola úire ón speiceas céanna agus i gcás ina gceadaítear feoil ar an gcnámh.
I gcás ábhair éisc, tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
Iarscríbhinn XV, Caibidil 3(D).
|
|
17
|
Saillte leáite chun críocha áirithe taobh amuigh den slabhra beathaithe d’ainmhithe feirmshaothraithe
|
|
(a)
|
I gcás ábhair atá ceaptha chun bithdhíosal, táirgí olacheimiceacha nó breoslaí inathnuaite dá dtagraítear i bpointe L de Roinn 2 de Chaibidil IV d’Iarscríbhinn IV a tháirgeadh:
Ábhair de Chatagóirí 1, 2 agus 3 dá dtagraítear in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10.
|
|
(b)
|
I gcás ábhair atá ceaptha chun breoslaí inathnuaite dá dtagraítear i Roinn 2, pointe J, de Chaibidil IV d’Iarscríbhinn IV a tháirgeadh:
Ábhair de Chatagóirí 2 agus 3 dá dtagraítear in Airteagal 9 agus Airteagal 10.
|
|
(c)
|
I gcás ábhair atá ceaptha do leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach:
Ábhair de Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9, pointí (c) agus (d) agus pointe (f)(i), agus ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, seachas na cinn i bpointí (c) agus (p).
|
|
(d)
|
I gcás ábhair atá ceaptha chun críocha eile: Ábhair de Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8, pointí (b), (c) agus (d),
Ábhair de Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9, pointí (c) agus (d) agus pointe (f)(i), agus ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, seachas na cinn i bpointí (c) agus (p).
|
|
Comhlíonfaidh na saillte leáite na ceanglais a leagtar amach i Roinn 9.
|
Tríú tíortha a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII nó i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus na tríú tíortha seo a leanas:
I gcás ábhair éisc, tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
|
Caibidil 10(B) d’Iarscríbhinn XV.
|
|
18
|
Díorthaigh shaill
|
|
(a)
|
I gcás díorthaigh shaille lena n-úsáid taobh amuigh den slabhra beathaithe d’ainmhithe feirmshaothraithe:
Ábhair de chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8, pointí (b), (c) agus (d), ábhair de Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9, pointí (c) agus (d) agus Airteagal 9, pointe (f)(i), agus ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10.
|
|
(b)
|
I gcás díorthaigh shaille lena n-úsáid mar bheatha:
Ábhair de Chatagóir 3 seachas ábhair dá dtagraítear in Airteagal 10, pointí (n), (o) agus (p);
|
|
Comhlíonfaidh na díorthaigh shaille na ceanglais a leagtar amach i Roinn 10.
|
Aon tríú tír.
|
|
(a)
|
I gcás díorthaigh shaille lena n-úsáid taobh amuigh den slabhra beathaithe d’ainmhithe feirmshaothraithe:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 14(A).
|
|
(b)
|
I gcás díorthaigh shaille lena n-úsáid mar bheatha:
Iarscríbhinn XV, Caibidil 14(B).
|
|
|
19
|
Fótaigheilitín
|
Ábhair de Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8, pointe (b), agus de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10.
|
Comhlíonfaidh an fótaigheilitín allmhairithe na ceanglais a leagtar amach i Roinn 11.
|
Ní fhéadfar fótaigheilitín a allmhairiú ach amháin ó bhunaíochtaí tionscnaimh sna Stáit Aontaithe agus sa tSeapáin atá údaraithe i gcomhréir le Roinn 11.
|
Iarscríbhinn XV, Caibidil 19.
|
|
20
|
Adharca agus táirgí adharc, gan min adharc a áireamh, agus crúba agus táirgí crúb, gan min crúb a áireamh, chun leasacháin orgánacha nó feabhsaitheoir ithreach a tháirgeadh
|
Ábhair de Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointí (a), (b), (h) agus (n).
|
Comhlíonfaidh na táirgí na ceanglais a leagtar amach i Roinn 12.
|
Aon tríú tír.
|
Iarscríbhinn XV, Caibidil 18.
|