4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 69/60


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/365 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha agus teimpléid chaighdeánacha le haghaidh soláthar faisnéise chun críocha pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tugadh isteach leasuithe áirithe ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE. Déantar faisnéis maidir le hinniúlacht na n-institiúidí an ceanglas sin a chomhlíonadh a mheas freisin, go pointe teoranta, i gcomhthéacs na pleanála réitigh.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir sin.

(3)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(4)

Níor reáchtáil ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, ná ní dhearna sé anailís ar na costais ná ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, mar gur mheas sé go mbeadh sé sin an-díréireach i ndáil le raon feidhme an-teoranta, le líon beag agus le tionchar íseal na leasuithe, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil sna leasuithe sin ach nuashonruithe ar thagairtí do Threoir 2014/59/AE, dhá mhír nua atá le tuairisciú agus mionleasuithe chun na baic theicniúla ar an tuairisciú a bhaint. D’iarr ÚBE comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear teimpléad Z 02.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad theimpléad Z 02.00.

(b)

cuirtear teimpléad Z 03.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad theimpléad Z 03.00.

(2)

cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.

(2)  Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha agus teimpléid chaighdeánacha le haghaidh soláthar faisnéise chun críocha pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, 7.11.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

Z 02.00 - Struchtúr Dliteanais (LIAB)


 

Contrapháirtí

IOMLÁN

 

Teaghlaigh

Corparáidí neamhairgeadais (FMBanna)

Corparáidí neamhairgeadais (fiontair nach FMBanna iad)

Institiúidí creidmheasa

Corparáidí airgeadais eile

Rialtais ghinearálta & bainc cheannais

Neamh-shainaitheanta, a liostaítear ar ionad trádála

Neamh-shainaitheanta, nach liostaítear ar ionad trádála

áirítear leis sin: inghrúpa

áirítear leis sin: dliteanais faoi rialú dlí tríú tír, seachas inghrúpa

Mír

0010

0020

0030

0040

0050

0060

0070

0080

0090

0100

0110

0100

DLITEANAIS ATÁ EISIATA Ó THARRTHÁIL INMHEÁNACH

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0110

Taiscí faoi chumhdach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0120

Dliteanais urraithe - an chuid chomhthaobhaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0130

Dliteanais cliaint, má tá siad faoi chosaint i gcás dócmhainneachta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0140

Dliteanais muinínigh, má tá siad faoi chosaint i gcás dócmhainneachta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0150

Dliteanais institiúide < 7 lá

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0161

Córas (oibreoir) agus dliteanais CPL < 7 lá

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0170

Dliteanais fostaí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0180

Dliteanais atá criticiúil le haghaidh feidhmiú laethúil oibríochtúil

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0190

Dliteanais údarás cánach agus údarás slándála sóisialta, má tá tosaíocht acu

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0200

Dliteanais SRT (Scéim Ráthaithe Taiscí)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0210

Dliteanais i leith eintiteas eile de chuid an ghrúpa réitigh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0300

DLITEANAIS NACH bhFUIL EISIATA Ó THARRTHÁIL INMHEÁNACH

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0310

Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe ach ar taiscí tosaíochta iad

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0311

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair <= 1 mhí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0312

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair > 1 mhí < 1 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0313

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0314

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0320

Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe agus nach taiscí tosaíochta iad

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0321

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair <= 1 mhí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0322

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair > 1 mhí < 1 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0323

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0324

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0330

Dliteanais ar an gclár comhardaithe a eascraíonn as díorthaigh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0331

Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus tacair ghlanluachálacha chonarthacha á gcur san áireamh, i ndiaidh coigeartuithe marcála ón margadh, roimh fhritháireamh comhthaobhachta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0332

Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus tacair ghlanluachálacha chonarthacha á gcur san áireamh, i ndiaidh coigeartuithe marcála ón margadh, i ndiaidh fritháireamh comhthaobhachta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0333

Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus tacair ghlanluachálacha chonarthacha á gcur san áireamh, i ndiaidh coigeartuithe marcála ón margadh, i ndiaidh fritháireamh comhthaobhachta, ina gcuimsítear méideanna socraíochta measta

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0334

Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus rialacha glanluachála stuamachta á gcur san áireamh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0340

Dliteanais urraithe neamh-chomhthaobhaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0341

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair <= 1 mhí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0342

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair > 1 mhí < 1 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0343

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0344

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0350

Nótaí struchtúrtha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0351

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair <= 1 mhí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0352

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair > 1 mhí < 1 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0353

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0354

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0360

Dliteanais neamhurraithe shinsearacha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0361

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair <= 1 mhí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0362

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair > 1 mhí < 1 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0363

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0364

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0365

Dliteanais neamhthosaíochta shinsearacha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0366

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair <= 1 mhí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0367

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair > 1 mhí < 1 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0368

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0369

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0370

Dliteanais fho-ordaithe (nach n-aithnítear mar chistí dílse)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0371

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair <= 1 mhí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0372

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair > 1 mhí < 1 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0373

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0374

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0380

Dliteanais eile atá incháilithe le haghaidh ICDI (íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0381

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 1 bhliain agus < 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0382

áirítear leis sin: aibíocht iarmhair >= 2 bhliain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0390

Dliteanais neamhairgeadais

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0400

Dliteanais iarmharacha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0500

CISTÍ DÍLSE

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0510

Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0511

áirítear leis sin: ionstraimí caipitil/scairchaipiteal

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0512

áirítear leis sin: ionstraimí a rangaítear pari passu le gnáthscaireanna

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0520

Caipiteal breise Leibhéal 1

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0521

áirítear leis sin: (cuid de) dhliteanais fho-ordaithe a aithnítear mar chistí dílse

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0530

Caipiteal Leibhéal 2

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0531

áirítear leis sin: (cuid de) dhliteanais fho-ordaithe a aithnítear mar chistí dílse

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

0600

DLITEANAIS IOMLÁNA & CISTÍ DÍLSE LENA N-ÁIRÍTEAR DLITEANAIS DÍORTHACH

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Z 03.00 - Ceanglais cistí dílse (OWN)


 

 

Méid nó Céatadán

0010

0100

MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL

 

0110

Ranníocaíocht le méid iomlán comhdhlúite na risíochta ar phriacal

 

0120

Tomhas na Risíochta Iomláine

 

 

CAIPITEAL TOSAIGH AGUS CEANGLAS CÓIMHEASA GIARÁLA

 

0210

Caipiteal tosaigh

 

0220

Ceanglas Cóimheasa Giarála

 

0300

CÓIMHEAS CEANGLAS CAIPITIL SREP IOMLÁN (TSRC)

 

0310

TSCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

 

0320

TSCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1

 

0400

CEANGLAIS MHAOLÁIN COMHCHEANGAILTE

 

0410

Caipiteal Maolánach Caomhantais

 

0420

Maolán caomhantais de bharr priacal macrastuamachta nó sistéamach arna shainiú ar leibhéal an Bhallstáit

 

0430

Caipiteal Maolánach Frith-thimthriallach atá Sainiúil don Institiúid

 

0440

Maolán um Priacal Sistéamach

 

0450

Maolán na nInstitiúidí Domhanda a bhfuil Tábhacht Shistéamach ag gabháil leo

 

0460

Maolán na nInstitiúidí Eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach ag gabháil leo

 

0500

Cóimheas ceanglas caipitil foriomlán (OCR)

 

0510

OCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

 

0520

OCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1

 

0600

OCR agus Treoir Cholún 2 (P2G)

 

0610

OCR agus P2G: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

 

0620

OCR agus P2G: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1’

 


IARSCRÍBHINN II

‘ ‘IARSCRÍBHINN II

Treoracha

I.   Treoracha ginearálta

I.1   Struchtúr

1.

15 theimpléad, atá eagraithe i dtrí bhloc, atá sa chreat:

(1)

‘Faisnéis ghinearálta’, a sholáthraíonn forbhreathnú ar struchtúr eagrúcháin grúpa agus a chuid eintiteas, ar an dáileadh sócmhainní agus ar mhéideanna na risíochta ar phriacal. Is éard atá sa bhloc seo an teimpléad ‘Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG)’.

(2)

‘Faisnéis maidir le hítimí laistigh den chlár comhardaithe agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe’ a sholáthraíonn faisnéis airgeadais maidir le dliteanais, cistí dílse, naisc airgeadais idir grúpeintitis, dliteanais i leith contrapháirtithe móra agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a fuarthas ó chontrapháirtithe móra, agus árachas taiscí. Tá sé theimpléad sa bhloc seo:

(a)

‘Z 02.00 - Struchtúr Dliteanais (LIAB)’;

(b)

‘Z 03.00 - Ceanglais cistí dílse (OWN)’;

(c)

‘Z 04.00 - Idirnaisc airgeadais inghrúpa (IFC)’;

(d)

Dhá theimpléad maidir le contrapháirtithe móra, ‘Z 05.01 - Contrapháirtithe Móra Dliteanais (Z-MCP 1)’ agus ‘Z 05.02 - Contrapháirtithe móra lasmuigh den chlár comhardaithe (Z-MCP 2)’.

(e)

‘Z 06.00 - Árachas taiscí (Z-DIS)’.

(3)

‘Feidhmeanna criticiúla’ a sholáthraíonn forbhreathnú ar fheidhmeanna criticiúla agus a mhapálann iad ar eintitis dhlítheanacha, croílínte gnó, seirbhísí criticiúla, bonneagair an mhargaidh airgeadais agus córais faisnéise. Tá seacht dteimpléad sa bhloc seo:

(a)

Ceithre theimpléad maidir le feidhmeanna criticiúla a shainaithint agus iad a mhapáil ar chroílínte gnó agus ar ghrúpeintitis, ‘Z 07.01 - Measúnú criticiúlachta ar fheidhmeanna eacnamaíocha (Z-FUNC 1)’, ‘Z 07.02 - Feidhmeanna criticiúla a mhapáil de réir eintiteas dlítheanach; (Z-FUNC 2)’, ‘Z 07.03 - Croílínte gnó a mhapáil ar eintitis dhlítheanacha (Z-FUNC 3)’ agus ‘Z 07.04 - Feidhmeanna criticiúla a mhapáil ar chroílínte gnó; (Z-FUNC 4)’;

(b)

‘Z 08.00 - Seirbhísí criticiúla (Z-SERV)’;

(c)

‘Z 09.00 - Seirbhísí BMA - Soláthraithe agus Úsáideoirí - Mapáil ar Fheidhmeanna Criticiúla (BMA)’;

(d)

Dhá theimpléad maidir le córais faisnéise criticiúla, ‘Z 10.01 - Córais Faisnéise Criticiúla (Faisnéis Ghinearálta) (Z-CIS 1)’ agus ‘Z 10.02 - Córais faisnéise a mhapáil (Z-CIS 2)’.

I.2   Tagairtí

2.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na giorrúcháin seo a leanas:

a)

Ciallaíonn ‘CBMB’ Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta;

b)

Ciallaíonn ‘CPMI’ an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta;

c)

Ciallaíonn ‘FINREP’ teimpléid faisnéise airgeadais a áirítear in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (1), agus treoracha comhlántacha a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin;

d)

Ciallaíonn ‘COREP (OF)’ Iarscríbhinní I (teimpléid) agus II (treoracha) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún;

e)

Ciallaíonn ‘COREP (LR)’ Iarscríbhinní X (teimpléid) agus XI (treoracha) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún;

f)

Ciallaíonn ‘FSB’ an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais;

g)

Ciallaíonn ‘IAS’ Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

h)

Ciallaíonn ‘IFRS’ na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

i)

Ciallaíonn ‘cód LEI’ an cód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (3). I gcás ina bhfuil Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (cód LEI) ann do chontrapháirtí ar leith, úsáidfear é chun an contrapháirtí sin a shainaithint;

j)

Ciallaíonn ‘GAAP náisiúnta’ nó ‘Prionsabail Chuntasaíochta Náisiúnta a bhfuil Glactha leo go Ginearálta’ creata cuntasaíochta náisiúnta a forbraíodh faoi Threoir 86/635/CEE ón gComhairle (4).

I.3   Caighdeáin chuntasaíochta

3.

Mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo, ba cheart do na hinstitiúidí na méideanna uile a thuairisciú bunaithe ar an gcreat cuntasaíochta a úsáideann siad chun faisnéis airgeadais a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagail 9 go 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451. Na hinstitiúidí nach bhfuil ceanglas orthu faisnéis airgeadais a thuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán sin, cuirfidh siad rialacha a gcreata cuntasaíochta féin i bhfeidhm.

4.

I gcás institiúidí a thuairiscíonn faoi IFRS, cuireadh isteach tagairtí maidir leis an IFRS ábhartha.

I.4   Raon feidhme an chomhdhlúthaithe

5.

Ach sin ag brath ar an teimpléad, déantar tagairt sa chreat seo do na nithe seo a leanas:

a)

comhdhlúthú ar bhonn comhdhlúthú cuntasaíochta (eintitis a áirítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta ábhartha);

b)

comhdhlúthú stuamachta (eintitis atá faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe de réir Chuid 1, Teideal II, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)) ar leibhéal an mháthairghnóthais de chuid an Aontais;

c)

comhdhlúthú ar leibhéal an eintitis réitigh le haghaidh an ghrúpa réitigh.

6.

I gcás gach teimpléid, cloífidh na hinstitiúidí leis an mbonn comhdhlúthúcháin nó leis na boinn chomhdhlúthúcháin is infheidhme de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.

I.5   Uimhriú agus gnásanna eile

7.

Cloítear i dtreoracha na hIarscríbhinne seo leis an ngnás lipéadaithe a leagtar amach anseo thíos, ar gnás é ina n-úsáidtear cóid uimhriúla agus tagairt á déanamh do cholúin, do rónna agus do chealla na dteimpléad. Úsáidtear na cóid uimhriúla sin go forleathan sna rialacha bailíochtaithe.

Úsáidtear na nodaireachtaí ginearálta seo a leanas:

(a)

{Teimpléad;Ró;Colún} chun tagairt a dhéanamh do cholúin, do rónna agus do chealla teimpléid;

(b)

{Ró;Colún} i gcás bailíochtuithe laistigh de theimpléad, nach n-úsáidtear ach pointí sonraí den teimpléad sin iontu, gan tagairt a dhéanamh do theimpléad;

(c)

{Teimpléad;Ró} i gcás teimpléid nach bhfuil ach aon cholún amháin iontu, ní dhéantar tagairt ach do rónna;

(d)

úsáidtear comhartha réiltín chun a léiriú go ndéantar an bailíochtú le haghaidh na rónna nó na gcolún a shonraítear roimhe seo.

8.

I gcás nach bhfuil mír faisnéise infheidhme maidir leis na heintitis a gcuirtear an tuarascáil isteach ar a son, fágfar bearna sa réimse comhfhreagrach.

9.

I gcás ina ndéantar tagairt sna treoracha san Iarscríbhinn seo d’eochair phríomhúil, is éard a bheidh i gceist leis sin colún nó meascán de cholúin a ainmnítear chun rónna uile an teimpléid a shainaithint go huathúil. Beidh luach uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad san eochair phríomhúil. Ní bheidh luach nialasach ann.

II.   Treoracha a bhaineann le teimpléid

II.1   Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG)

II.1.1   Barúlacha ginearálta

10.

Leis an teimpléad seo, soláthraítear forbhreathnú ar struchtúr dlíthiúil agus ar struchtúr úinéireachta an ghrúpa. Cuirfear isteach teimpléad aonair i ndáil leis na grúpeintitis uile a chomhlíonann an íostairseach a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), den Rialachán seo. Ní shainaithneofar ach eintitis dhlítheanacha sa teimpléad sin.

II.1.2   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Colúin

Treoracha

0010-0160

Eintiteas

0010

Ainm

Ainm an eintitis. An t-ainm oifigiúil mar atá sé sna hachtanna corparáideacha, lena n-áirítear an fhoirm dhlíthiúil a chur in iúl.

0020

Cód

Cód an eintitis. I dtaca le hinstitiúidí, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I dtaca le heintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad. Beidh luach ag an gcód i gcónaí.

0030

Cód LEI

Cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, i gcás ina bhfuil sé ar fáil.

0040

Cineál Eintitis

Ceann díobh seo a leanas a bheidh sa chineál eintitis, de réir ord seicheamhach tosaíochta:

a)

‘Institiúid creidmheasa’

Leis an gcatagóir seo, cumhdófar institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áireamh  (6);

b)

‘Gnólacht infheistíochta faoi réir an cheanglais caipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 28(2) de Threoir 2013/36/AE’

Leis an gcatagóir seo, cumhdófar gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar gnólachtaí infheistíochta iad atá faoi réir an cheanglais caipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 28(2) de Threoir 2013/36/AE.

c)

‘Gnólacht infheistíochta nach bhfuil faoi réir an cheanglais caipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 28(2) de Threoir 2013/36/AE’

d)

‘Institiúid airgeadais’

Leis an gcatagóir seo, cumhdófar institiúidí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas na cinn sin a aicmítear mar ‘chuideachta sealbhaíochta’ mar a thuairiscítear i bpointe (e).

e)

‘Cuideachta sealbhaíochta’

Leis an gcatagóir seo, cumhdófar aon cheann de na cuideachtaí seo a leanas:

Cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (20), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

Cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

Cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (22), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

Máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais i mBallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (30), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

Máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais Eorpaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (31), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

Máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (32), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

Máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha de chuid an Aontais Eorpaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (33), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

f)

‘Gnóthas árachais’

Leis an gcatagóir seo, cumhdófar gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

g)

‘Cineál eile eintitis’ i gcás nach gcuimsítear an t-eintiteas in aon cheann de na catagóirí thuasluaite.

0050

Tír

Cód ISO 3166-1-alpha-2 thír chorpraithe an eintitis, tír a d’fhéadfadh a bheith ina Ballstát nó ina tríú tír.

0060

San Áireamh san Imlíne Stuamachta

Tuairiscigh na giorrúcháin seo a leanas:

 

Y - Is ea;

 

N – Ní hea.

0070

Tarscaoileadh Airteagal 7 de CRR

Tuairiscigh na giorrúcháin seo a leanas:

 

Y – má tá cur i bhfeidhm Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tarscaoilte ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

 

N – i ngach cás eile.

0080

Tarscaoileadh Airteagal 10 de CRR

Tuairiscigh na giorrúcháin seo a leanas:

 

Y – má tá tarscaoileadh curtha i bhfeidhm ag an údarás inniúil de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

 

N – i ngach cás eile.

0090

Iomlán na sócmhainní

Iomlán na sócmhainní mar a shainítear i gcomhair FINREP: {F 01.01;380,010}

0100

Méid Iomlán na Risíochta ar Phriacal

Méid iomlán na risíochta ar phriacal mar a shainítear i gcomhair COREP (OF): {C 02.00;0010;0010}

Ní thuairisceofar an ítim seo i gcás eintiteas nach institiúidí iad ná i gcás eintiteas a bheidh ag baint leas as tarscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 7 nó le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0110

Risíocht ar chóimheas giarála

Iomlán na risíochta ar chóimheas giarála mar a shainítear i gcomhair COREP (LR): {C 47.00;0290;0010}

Ní thuairisceofar an ítim seo i gcás eintiteas nach institiúidí iad ná i gcás eintiteas a bheidh ag tairbhiú de tharscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 7 nó le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0120

Caighdeán cuntasaíochta

Na caighdeáin chuntasaíochta a chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm. Tuairiscigh na giorrúcháin seo a leanas:

IFRS

GAAP náisiúnta

0130

Ranníocaíocht le hiomlán na sócmhainní comhdhlúite

An méid a rannchuidíonn an t-eintiteas le hiomlán sócmhainní comhdhlúite an ghrúpa a ndéanann an tuarascáil tagairt dó.

0140

Ranníocaíocht le méid iomlán comhdhlúite na risíochta ar phriacal

An méid a rannchuidíonn an t-eintiteas le méid iomlán comhdhlúite risíochta ar phriacal an ghrúpa a ndéanann an tuarascáil tagairt dó.

0150

Ranníocaíocht le risíocht chomhdhlúite ar chóimheas giarála

An méid a rannchuidíonn an t-eintiteas le hiomlán risíocht chomhdhlúite ar chóimheas giarála an ghrúpa a ndéanann an tuarascáil tagairt dó.

0160

Eintiteas dlítheanach ábhartha

Cé acu an eintiteas dlítheanach ábhartha é an t-eintiteas de bhun an tsainmhínithe in Airteagal 2 den Rialachán seo, nó nach ea.

0170-0210

Máthairghnóthas díreach

Máthairghnóthas díreach an eintitis. Ní thuairisceofar ach máthairghnóthas díreach a bhfuil níos mó ná 5 % de na cearta vótála san eintiteas aige.

Má tá níos mó ná máthairghnóthas díreach amháin ag eintiteas, ní thuairisceofar ach an máthairghnóthas díreach a bhfuil an scair chaipitil is airde aige – nó an scair a bhfuil an ceart vótála is airde aige, más ábhartha.

0170

Ainm

Ainm mháthairghnóthas díreach an eintitis.

0180

Cód

Cód an mháthairghnóthais. I dtaca le hinstitiúidí, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I dtaca le heintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad. Beidh luach ag an gcód i gcónaí.

0190

Cód LEI

Cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, i gcás ina bhfuil sé ar fáil.

0200

Scairchaipiteal

Méid an scairchaipitil atá i seilbh an mháthairghnóthais dhírigh san eintiteas, gan cúlchistí a áireamh.

0210

Cearta vótála san Eintiteas

Céatadán na gceart vótála atá i seilbh an mháthairghnóthais dhírigh san eintiteas.

Níl an fhaisnéis sin ag teastáil ach amháin más amhlaidh nach dtugtar vóta amháin in aghaidh scair amháin (dá bhrí sin, ní thugtar cearta vótála de réir mhéid an scairchaipitil).

II.2   Z 02.00 - Struchtúr Dliteanais (LIAB)

II.2.1   Barúlacha ginearálta

11.

Leis an teimpléad seo, éilítear faisnéis mhionsonraithe maidir le struchtúr dliteanais an eintitis nó an ghrúpa. Déantar miondealú ar dhliteanais ina ndliteanais atá eisiata ó tharrtháil inmheánach agus ina ndliteanais nach bhfuil eisiata ó tharrtháil inmheánach. Cuirtear miondealú breise ar fáil de réir aicmí dliteanas, aicmí contrapháirtithe agus aibíochta.

12.

I gcás ina leagtar amach miondealú aibíochta sa teimpléad seo, is éard a bheidh san aibíocht iarmhair an t-am go dtí aibíocht chonarthach. De mhaolú air sin:

a)

i gcás ina gcuimsíonn ionstraim dliteanas rogha fuascailte don sealbhóir atá infheidhmithe roimh aibíocht na hionstraime mar a sonraíodh ar dtús í, saineofar aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an sealbhóir an rogha fuascailte a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh;

b)

i gcás ina gcuimsíonn ionstraim dliteanas dreasacht don eisitheoir chun an ionstraim a cheannach (céadrogha), a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach roimh aibíocht na hionstraime mar a sonraíodh ar dtús í, saineofar aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an eisitheoir an rogha sin a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh;

c)

i gcás ina gcuimsíonn an ionstraim céadrogha ar cheannach don eisitheoir a bhfuil dáta feidhmithe neamhshonraithe aici nó i gcás ina spreagann teagmhais shonracha feidhmiú na rogha sin, tuairisceofar an dáta feidhmithe is dócha a bheidh ann, ar dáta é a mheasfar go coimeádach; ní dhéanfar roghanna rialála ná céadroghanna ar cheannach cánach a mheas chun na críche sin.

I gcás íocaíochtaí eatramhacha príomhshuime, déanfar an phríomhshuim a dheighilt agus a leithdháileadh sna tráinsí aibíochtaí comhfhreagracha. I gcás inarb infheidhme, déanfar an aibíocht a mheas ar leithligh maidir leis an bpríomhshuim agus maidir leis an ús fabhraithe araon.

13.

Méideanna gan íoc a bheidh i méideanna a thuairisceofar sa teimpléad seo. Is éard atá i méid gan íoc éilimh nó ionstraime suim phríomh-mhéid an éilimh nó na hionstraime agus an úis fhabhraithe ar an éileamh nó ar an ionstraim. Tá an méid gan íoc atá dlite cothrom le luach an éilimh a d’fhéadfadh an creidiúnaí a chomhdú faoi imeachtaí dócmhainneachta.

14.

Tuairisceofar dliteanais ar an gclár comhardaithe a eascraíonn as díorthaigh (tuairiscítear i ró 0330 iad) i bhfoirm suimeanna glanluacha, áfach. Is éard a bheidh sa tsuim ghlanluacha an tsuim ghlanluacha a shainítear chun críocha FINREP, faoi IFRS nó faoi GAAP náisiúnta, mar is infheidhme. Seachas sin, úsáidfear figiúirí faoi scéimeanna tuairiscithe GAAP náisiúnta.

II.2.2   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Colúin

Treoracha

0010

Teaghlaigh

FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 42, pointe (f)

Daoine aonair nó grúpaí daoine aonair mar thomhaltóirí agus mar tháirgeoirí a dhéanann earraí agus seirbhísí neamhairgeadais dóibh féin agus chun na críche sin amháin, agus mar tháirgeoirí earraí margaidh agus seirbhísí neamhairgeadais agus airgeadais ar choinníoll nach gníomhaíochtaí samhailchorparáidí iad a ngníomhaíochtaí féin. Áireofar institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh agus a bhíonn ag gabháil go príomha do tháirgeadh earraí agus seirbhísí neamh-mhargaidh atá beartaithe le haghaidh grúpaí áirithe teaghlach.

0020

Corparáidí neamhairgeadais (FMBanna)

Iarscríbhinn, Teideal I, Airteagal 2.1, de Mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 (8); FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 5, pointe (i)

Fiontair ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún acu, agus/nó nach mó ná EUR 43 mhilliún iomlán a gclár comhardaithe bliantúil.

0030

Corparáidí neamhairgeadais (fiontair nach FMBanna iad)

FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 42, pointe (e)

Corparáidí agus samhailchorparáidí nach mbíonn ag tabhairt faoi idirghabháil airgeadais ach a bhíonn ag tabhairt go príomha faoi tháirgeadh earraí margaidh agus faoi sheirbhísí neamhairgeadais faoi Rialachán (AE) 2021/379 ón mBanc Ceannais Eorpach (9).

Ní chuirtear san áireamh ‘FMBanna’ a thuairiscítear i gcolún 0020.

0040

Institiúidí creidmheasa

FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 42, pointe (c)

Institiúidí creidmheasa de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus bainc forbartha iltaobhacha.

0050

Corparáidí airgeadais eile

FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 42, pointe (d)

Na corparáidí airgeadais agus na samhailchorparáidí uile seachas institiúidí creidmheasa amhail gnólachtaí infheistíochta, cistí infheistíochta, cuideachtaí árachais, cistí pinsin, gnóthais chomhinfheistíochta, agus tithe imréitigh chomh maith le hidirghabhálaithe airgeadais eile, corparáidí cúntacha airgeadais agus institiúidí airgeadais faoi chuing agus iasachtóirí airgid.

0060

Rialtais ghinearálta & bainc cheannais

FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 42, pointí (a) agus (b)

Bainc cheannais agus rialtais láir, rialtais stáit nó réigiúnacha, agus rialtais áitiúla, lena n-áirítear comhlachtaí riaracháin agus gnóthais neamhthráchtála, ach gan cuideachtaí poiblí ná cuideachtaí príobháideacha atá i seilbh na n-údarás sin agus a dhéanann gníomhaíocht tráchtála a áireamh (ar cuideachtaí iad a thuairisceofar faoi ‘institiúidí creidmheasa’, ‘corparáidí airgeadais eile’ nó ‘corparáidí neamhairgeadais’ ag brath ar a ngníomhaíocht); cistí slándála sóisialta; agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, mar shampla an tAontas Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta.

0070

Neamh-shainaitheanta, a liostaítear ar ionad trádála

I gcás nach eol céannacht an tsealbhóra urrúis toisc go liostaítear na hionstraimí ar ionad trádála, mar a shainmhínítear faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), luafar na méideanna leis an gcolún seo.

0080

Neamh-shainaitheanta, nach liostaítear ar ionad trádála

I gcás nach eol céannacht an tsealbhóra urrúis, agus nach liostaítear na hionstraimí ar ionad trádála, luafar na méideanna leis an gcolún seo agus ní gá aon mhiondealú breise a dhéanamh de réir contrapháirtithe. Déanfaidh eintitis a ndícheall chun contrapháirtithe a shainaithint agus úsáid an cholúin seo a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

0090

Iomlán

0100

Áirítear leis sin: inghrúpa

Dliteanais i leith eintiteas a áirítear i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh (seachas raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe).

0110

Áirítear leis sin: dliteanais faoi rialú dlí tríú tír, seachas inghrúpa

Áireofar leis sin méideanna comhlána dliteanas faoi rialú dlí tríú tír agus/nó a eisíonn grúpeintitis arna mbunú i dtríú tíortha. Eisiafar dliteanais inghrúpa.

I gcás ina bhfuil sé deimhnithe ag an údarás réitigh go bhfuil sé sásta, de bhun Airteagal 55(1), an tríú fomhír, de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), go mbeadh aon chinneadh de chuid údarás réitigh dliteanas a dhíluacháil nó a chomhshó éifeachtach faoi dhlí an tríú tír sin, ní thuairisceofar an dliteanas sin sa cholún seo.


Rónna

Treoracha

0100

Dliteanais atá eisiata ó tharrtháil inmheánach

Luaitear in Airteagal 44(2) de Threoir 2014/59/AE nach bhfeidhmeoidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó i ndáil le dliteanais atá eisiata ó tharrtháil inmheánach, gan beann ar cé acu atá siad á rialú faoi dhlí Ballstáit nó faoi dhlí tríú tír.

0110

Taiscí faoi chumhdach

Méid na dtaiscí faoi chumhdach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), cé is moite d’iarmhéideanna arda sealadacha mar a shainmhínítear in Airteagal 6(2) den Treoir sin.

0120

Dliteanais urraithe – an chuid chomhthaobhaithe

Airteagal 44(2), pointe (b), de Threoir 2014/59/AE

Dliteanais urraithe lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh, bannaí faoi chumhdach agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais atá ina gcuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a ndéantar iad a urrú, de réir an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí faoi chumhdach.

An ceanglas a áirithiú nach ndéanfar difear do na sócmhainní urraithe uile a bhaineann le comhthiomsú cumhdaigh do bhannaí faoi chumhdach, go leanfaidh siad de bheith leithscartha agus go leanfar dá ndóthain cistiúcháin a thabhairt dóibh, ná an t-eisiamh dá bhforáiltear in Airteagal 44(2), pointe (b), de Threoir 2014/59/AE, ní chuirfidh siad cosc ar na húdaráis réitigh, i gcás inarb iomchuí, na cumhachtaí sin a fheidhmiú i ndáil le haon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a mbeidh comhthaobhacht geallta ina leith ar mó í ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe. Ní thuairisceofar méid gan chumhdach na ndliteanas urraithe sin sa ró seo, ach tuairisceofar i ró 0340 é, faoi réir miondealú breise.

Dliteanais an Bhainc Ceannais atá faoi chumhdach comhthiomsú comhthaobhachta (mar shampla príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, oibríocht athmhaoinithe fhadtéarmach, oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha, etc), measfar gur dliteanais urraithe iad.

Cineál sonrach dliteanas is ea iad suíomhanna comhthaobhacha, dliteanais a fhaightear agus a ndéantar taifeadadh orthu ar an gclár comhardaithe. I gcás ina bhfuil na suíomhanna comhthaobhacha sin nasctha go dlíthiúil le suíomh sócmhainní, caithfear leo sin mar dhliteanais urraithe chun críoch na tuarascála seo.

0130

Dliteanais cliaint, má tá siad faoi chosaint i gcás dócmhainneachta

Airteagal 44(2), pointe (c), de Threoir 2014/59/AE

Aon dliteanas a eascraíonn de bhua sócmhainní cliaint nó airgead cliaint a bheith i seilbh na hinstitiúide nó an eintitis, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), de Threoir 2014/59/AE, lena n-áirítear sócmhainní cliaint nó airgead cliaint arna sealbhú thar ceann GCUInna de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), nó thar ceann CIManna (cistí infheistíochta malartacha) de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme.

0140

Dliteanais muinínigh, má tá siad faoi chosaint i gcás dócmhainneachta

Airteagal 44(2), pointe (d), de Threoir 2014/59/AE

Aon dliteanas a eascraíonn de bhua caidreamh muiníneach idir an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), de Threoir 2014/59/AE (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go bhfuil an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó shibhialta is infheidhme.

0150

Dliteanais institiúide < 7 lá

Airteagal 44(2), pointe (e), de Threoir 2014/59/AE

Dliteanais i leith institiúidí, gan eintitis ar cuid den ghrúpa cuntasaíochta céanna iad a áireamh, a bhfuil aibíocht tosaigh níos lú ná 7 lá acu.

0161

Córas (oibreoir) agus dliteanais CPL < 7 lá

Airteagal 44(2), pointe (f), de Threoir 2014/59/AE

Dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná 7 lá fágtha iontu, atá dlite do chórais nó d’oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), nó dá rannpháirtithe agus a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcóras den sórt sin, nó do chontrapháirtithe lárnacha arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus do chontrapháirtithe lárnacha tríú tír arna n-aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin.

0170

Dliteanais fostaí

Airteagal 44(2), pointe (g)(i), de Threoir 2014/59/AE

Dliteanais i leith fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair seasta eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála. Ní bheidh feidhm aige sin maidir leis an gcomhpháirt athraitheach de luach saothair glacadóirí rioscaí ábhartha mar a shainaithnítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE.

0180

Dliteanais atá criticiúil le haghaidh feidhmiú laethúil oibríochtúil

Airteagal 44(2), pointe (g)(ii)), de Threoir 2014/59/AE

Dliteanais i leith creidiúnaí tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar don institiúid nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), de Threoir 2014/59/AE, ar earraí nó seirbhísí iad atá criticiúil le haghaidh fheidhmiú laethúil a hoibríochtaí/a oibríochtaí, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus an cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh.

0190

Dliteanais údarás cánach agus údarás slándála sóisialta, má tá tosaíocht acu

Airteagal 44(2), pointe (g)(iii), de Threoir 2014/59/AE

Dliteanais i leith údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go bhfuil tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme.

0200

Dliteanais SRT (Scéim Ráthaithe Taiscí)

Airteagal 44(2), pointe (g)(iv), de Threoir 2014/59/AE

Dliteanais i leith scéimeanna ráthaithe taiscí a eascraíonn as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE.

0210

Dliteanais i leith eintiteas eile de chuid an ghrúpa réitigh

Airteagal 44(2), pointe (h), de Threoir 2014/59/AE

Dliteanais i leith institiúidí nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), de Threoir 2014/59/AE ar cuid den ghrúpa réitigh céanna iad cé nach eintitis réitigh iad féin, gan beann ar a gcuid aibíochtaí, seachas i gcás inarb ísle rangú na ndliteanas sin ná gnáthdhliteanais neamhurraithe faoin dlí ábhartha náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta agus is infheidhme ar dháta trasuite Threoir 2014/59/AE.

I gcás inar dliteanas díorthach é an dliteanas atá eisiata, tuairisceofar na glansuíomhanna dliteanais agus na rialacha glanluachála stuamachta a leagtar síos in Airteagal 429c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur san áireamh.

0300

Dliteanais nach bhfuil eisiata ó tharrtháil inmheánach

0310 – 0314

Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe ach ar taiscí tosaíochta iad

Airteagal 108 de Threoir 2014/59/AE

Taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3) de Threoir 2014/49/AE nach bhfuil incháilithe lena n-eisiamh ó tharrtháil inmheánach (Airteagal 44(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE), ach a ndéantar foráil maidir le cóir fhabhrach ina dtaobh i gcomhréir le hAirteagal 108 de Threoir 2014/59/AE.

0320 – 0324

Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe agus nach taiscí tosaíochta iad

Taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3) de Threoir 2014/49/AE nach bhfuil incháilithe lena n-eisiamh ó tharrtháil inmheánach ná ó chóir fhabhrach faoi Airteagal 44(2), pointe (a), nó Airteagal 108 de Threoir 2014/59/AE.

0330

Dliteanais ar an gclár comhardaithe a eascraíonn as díorthaigh

Luach cuntasaíochta dliteanais a eascraíonn as díorthaigh.

0331

Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus tacair ghlanluachálacha chonarthacha á gcur san áireamh, i ndiaidh coigeartuithe marcála ón margadh, roimh fhritháireamh comhthaobhachta

Mar réamhshocrú, suim margadhluachanna glana uile na ndliteanas díorthach in aghaidh an tacair glanluachálacha chonarthaigh. Ní thuairisceofar an tacar glanluachálacha ach amháin i gcás inar dliteanas é margadhluach glan an tacair glanluachálacha. Caithfear le díorthaigh nach bhfuil faoi réir socruithe glanluachála mar chonradh aonair, i.e. amhail agus gur tacar glanluachálacha é nach raibh ach díorthach amháin aige.

0332

Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus tacair ghlanluachálacha chonarthacha á gcur san áireamh, i ndiaidh coigeartuithe marcála ón margadh, i ndiaidh fritháireamh comhthaobhachta

Tá an luacháil i ró 0331 faoi réir coigeartaithe i leith comhthaobhacht a bhreactar chun an neamhchosaint a urrú, a bhfuil mar thoradh air, suim na margadhluachanna glana tar éis an chomhthaobhacht a fhritháireamh ar a margadhluach.

0333

Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus tacair ghlanluachálacha chonarthacha á gcur san áireamh, i ndiaidh coigeartuithe marcála ón margadh, i ndiaidh fritháireamh comhthaobhachta, ina n-ionchorpraítear méideanna socraíochta measta

I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe 2016/1401 ón gCoimisiún (17), méid socraíochta breise lena gcumhdaítear méid na gcaillteanas nó na gcostas arna dtabhú ag contrapháirtithe díorthach, nó gnóthachain arna réadú acu, agus an choibhéis eacnamaíoch á hionadú nó á fáil maidir le téarmaí ábhartha na gconarthaí agus cearta rogha na bpáirtithe i leith na gconarthaí foirceanta.

Na meastacháin is gá chun méid socraíochta a chinneadh i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin, féadfaidh sé go mbeidh siad sách deacair ar bhonn aonair. Dá bhrí sin, is féidir seachluachanna, ar féidir iad a bhunú ar shonraí atá ar fáil, amhail na ceanglais stuamachta le haghaidh priacal margaidh, a úsáid ina n-áit. Má tharlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta an méid socraíochta a ríomh le haghaidh na ndliteanas díorthach, beidh an méid a thuairisceofar cothrom leis an méid a thuairiscítear i ró 0332.

0334

Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus rialacha glanluachála stuamachta á gcur san áireamh

Tuairisceofar na glansuíomhanna dliteanais le haghaidh díorthach, agus na rialacha glanluachála stuamachta á gcur san áireamh a leagtar síos in Airteagal 429c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (a bhaineann le tomhas na risíochta iomláine ar chóimheas giarála a ríomh).

0340 – 0344

Dliteanais urraithe neamh-chomhthaobhaithe

Méid na ndliteanas urraithe nó na ndliteanas a bhfuil comhthaobhacht geallta ina leith ar mó í ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe. Cuimseoidh sé sin an chuid ‘thearc-chomhthaobhaithe’ d’aon dliteanas comhthaobhaithe, mar shampla an chuid thearc-chomhthaobhaithe de bhannaí faoi chumhdach nó d’oibríochtaí athcheannaigh.

0350 – 0354

Nótaí struchtúrtha

Sonraítear nótaí struchtúrtha chun na críche sin mar oibleagáidí fiachais ina bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, le torthaí atá nasctha le hurrús nó le innéacs foluiteach (poiblí nó saincheaptha, amhail gnáthscaireanna nó bannaí, rátaí ioncaim sheasta nó creidmheas seasta, malairt eachtrach, tráchtearraí, etc.). Ní áirítear le nótaí struchtúrtha ionstraimí fiachais a chuimsíonn céadroghanna ar cheannach nó céadroghanna ar dhíol amháin, i.e. ní bhraitheann luach na hionstraime ar aon chomhpháirt dhíorthach leabaithe.

0360 – 0364

Dliteanais neamhurraithe shinsearacha

Áirítear leis sin na hionstraimí neamhurraithe sinsearacha uile nach n-áirítear i gcatagóir na nótaí struchtúrtha.

0365 – 0369

Dliteanais neamhthosaíochta shinsearacha

Méid aon cheann de na dliteanais seo a leanas:

éilimh neamhurraithe a eascraíonn as ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 108(2), pointí (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 108(3) de Threoir 2014/59/AE;

éilimh neamhurraithe a eascraíonn as ionstraimí fiachais dá dtagraítear in Airteagal 108(5), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2014/59/AE;

ionstraimí fiachais a bhfuil an rangú tosaíochta is ísle acu as na gnáthéilimh neamhurraithe a eascraíonn as ionstraimí fiachais dá dtagraítear in Airteagal 108(7) de Threoir 2014/59/AE, a bhfuil foráil déanta ag Ballstát ina leith, i gcomhréir leis an mír sin, go bhfuil an rangú céanna acu agus atá ag na héilimh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 108(2), pointí (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 108(3) de Threoir 2014/59/AE.

0370 – 0374

Dliteanais fho-ordaithe

Ní aisíocfar dliteanais faoin dlí náisiúnta dócmhainneachta go dtí go mbeidh na haicmí uile de ghnáthchreidiúnaithe agus de chreidiúnaithe neamhthosaíochta sinsearacha aisíoctha go hiomlán. Áirítear leis dliteanais fho-ordaithe conarthacha agus reachtúla araon. I gcás cuideachtaí sealbhaíochta, féadfar urrúis fiachais neamh-fho-ordaithe a thuairisciú sa chatagóir seo (i.e. fo-ordú struchtúrtha) freisin.

Ní áireofar ach ionstraimí fo-ordaithe nach n-aithnítear mar chistí dílse sa chatagóir sin.

Áireofar sa ró seo freisin an chuid de dhliteanais fho-ordaithe a cháilíonn i bprionsabal mar chistí dílse, ach nach n-áirítear i gcistí dílse mar gheall ar fhorálacha a bhaineann le deireadh a chur le codanna áirithe den reachtaíocht seo mar shampla Airteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (aibíocht iarmhair) nó Cuid a Deich de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (tionchar marthanachta).

0380 – 0382

Dliteanais eile atá incháilithe le haghaidh ICDI (íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe)

Aon ionstraim atá incháilithe leis an gceanglas a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE ach nach gcuimsítear i rónna 0320 agus 0340 go 0370.

0390

Dliteanais neamhairgeadais

Cuimsíonn an ró seo dliteanais neamhairgeadais nach mbaineann le hionstraimí fiachais sealbhóirí, ionstraimí ar féidir tarrtháil inmheánach a dhéanamh orthu mar gheall ar chúiseanna praiticiúla, amhail forálacha a bhaineann le dlíthíochtaí a bhfuil an t-eintiteas faoina réir.

0400

Dliteanais iarmharacha

Aon dliteanas nach dtuairiscítear i rónna 0100 go 0390.

0500

Cistí dílse

Airteagal 4(1), pointe (118) agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

An sainmhíniú céanna le COREP (OF): {C 01.00;010;010}

0510

Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

An sainmhíniú céanna le COREP (OF): {C 01.00;020;010}

0511

Áirítear leis sin: ionstraimí caipitil/scairchaipiteal

Ionstraimí dlí ar (cuid de) chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 iad i bhfoirm ionstraimí caipitil/scairchaipitil

0512

Áirítear leis sin: ionstraimí a rangaítear pari passu le gnáthscaireanna

Ionstraimí dlí ar (cuid de) chistí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 iad i bhfoirm ionstraimí seachas ionstraimí caipitil/scairchaipiteal, ach a rangaítear pari passu leis an gcatagóir seo

0520

Caipiteal Breise Leibhéal 1

Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

An sainmhíniú céanna le COREP (OF): {C 01.00;530;010}

0521

Áirítear leis sin: (cuid de) dhliteanais fho-ordaithe a aithnítear mar chistí dílse

Ionstraimí dlí ar (cuid de) Chaipiteal Breise Leibhéal 1 iad.

0530

Caipiteal Leibhéal 2

Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

An sainmhíniú céanna le COREP (OF): {C 01.00;750;010}

0531

Áirítear leis sin: (cuid de) dhliteanais fho-ordaithe a aithnítear mar chistí dílse

Leis an miondealú seo, sainaithnítear na hionstraimí dlí ar (cuid de) chistí dílse Leibhéal 2 iad.

0600

Dliteanais iomlána agus cistí dílse lena n-áirítear dliteanais díorthach

Suim na ndliteanas uile a tuairiscíodh sa teimpléad seo agus méid na gcistí dílse rialála. Chuige sin, déanfar na méideanna uile ó na línte thuas a shuimiú. Maidir le díorthaigh, is éard a bheidh sa luach atá le húsáid ró 0334 ‘Suim na nglansuíomhanna dliteanais, agus rialacha glanluachála stuamachta á gcur san áireamh’.

II.3   Z 03.00 - Ceanglais cistí dílse (OWN)

II.3.1   Barúlacha ginearálta

15.

Leis an teimpléad seo, bailítear faisnéis maidir leis na ceanglais cistí dílse i gcomhair eintitis nó grúpa.

16.

Léireoidh an fhaisnéis uile a thuairiscítear na ceanglais cistí dílse is infheidhme ag an dáta tagartha tuairiscithe.

17.

Beidh an fhaisnéis maidir le ceanglais Cholún 2 a thuairiscítear sa teimpléad seo bunaithe ar an litir oifigiúil SREP is déanaí atá ar fáil a chuir an t-údarás inniúil in iúl.

18.

I gcás nach bhfuil an t-eintiteas a dtagraítear dó sa tuarascáil faoi réir ceanglais chaipitil ar bhonn aonair, ní thuairisceofar ach ró 0110.

II.3.2   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Rónna

Treoracha

0100

Méid Iomlán na Risíochta ar Phriacal

Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Féach Z 01.00, colún 0100

Méid iomlán na risíochta ar phriacal mar a shainítear i gcomhair COREP (OF): {C 02.00;010;010}

0110

Ranníocaíocht le méid iomlán comhdhlúite na risíochta ar phriacal

Féach Z 01.00, colún 0140

Ní thuairisceofar an ítim seo ach amháin i gcás eintiteas nach bhfuil faoi réir ceanglais chaipitil ar bhonn aonair.

0120

Tomhas iomlán na risíochta

Airteagal 429(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0210 – 0250

Caipiteal tosaigh agus ceanglais Chóimheasa Giarála

0210

Caipiteal tosaigh

Airteagail 12 agus 28 go 31 de Threoir 2013/36/AE agus Airteagal 93 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

An méid caipitil tosaigh a éilítear mar réamhchoinníoll i gcomhair an údaraithe chun gníomhaíocht institiúide a thosú.

0220

Ceanglas Cóimheasa Giarála

Ceanglas cóimheasa giarála i gcomhréir le hAirteagal 92(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar is infheidhme i leith an eintitis nó an ghrúpa, arna léiriú mar chéatadán de thomhas iomlán na risíochta. Eintitis tuairiscithe a eisiann risíochtaí ar bhanc ceannais na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 429a(1), pointe (n) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an ceanglas cóimheasa giarála coigeartaithe a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 429a(7) den Rialachán sin. Mura bhfuil aon cheanglas foirmiúil i bhfeidhm, fágfaidh eintitis an chill seo folamh.

0300

Cóimheas ceanglas caipitil SREP iomlán (TSRC)

COREP (OF): {C 03.00;0130;0010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

an cóimheas caipitil iomlán (8 %) mar a shonraítear in Airteagal 92(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

cóimheas na gceanglas cistí dílse breise (Ceanglais Cholún 2 – P2R) a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus le Treoirlínte ÚBE maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí comhchoiteanna um an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta agus tástáil struis maoirseachta – leagan comhdhlúite (EBA/GL/2014/13).

Léireofar leis an ítim seo cóimheas ceanglas caipitil SREP iomlán (TSRC) mar a chuir an t-údarás inniúil in iúl don institiúid é. Sainítear an TSRC i Roinn 1.2 den EBA SREP GL.

Murar chuir an t-údarás inniúil aon cheanglas breise maidir le cistí dílse in iúl, ansin ní dhéanfar ach pointe (i) a thuairisciú.

0310

TSCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

COREP (OF): {C 03.00;0140;0010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

an cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (4.5 %) mar a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

an chuid de chóimheas P2R, dá dtagraítear i bpointe (ii) de ró 0300, a cheanglaíonn an t-údarás inniúil í a shealbhú i bhfoirm chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

Murar chuir an t-údarás inniúil aon cheanglas cistí dílse breise in iúl, atá le sealbhú i bhfoirm chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ní thuairisceofar ach pointe (i).

0320

(iii)

TSCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1

COREP (OF): {C 03.00;0150;0010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

an cóimheas caipitil Leibhéal 1 (6 %) mar a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

an chuid de chóimheas P2R, dá dtagraítear i bpointe (ii) de ró 0300, a cheanglaíonn an t-údarás inniúil í a shealbhú i bhfoirm chaipiteal Leibhéal 1.

Murar chuir an t-údarás inniúil aon cheanglas cistí dílse breise in iúl, atá le sealbhú i bhfoirm chaipiteal Leibhéal 1, níor cheart ach pointe (i) a thuairisciú.

0400

Ceanglais Maoláin Chomhcheangailte

Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE

COREP (OF): {C 04.00;0740;0010}

0410

Caipiteal Maolánach Caomhantais

Airteagal 128, pointe (1), agus Airteagal 129 de Threoir 2013/36/AE

COREP (OF): {C 04.00;750;010}).

I gcomhréir le hAirteagal 129(1) den Treoir sin, is méid breise de chaipiteal Ghnáthchothromais Leibhéal 1 é an caipiteal maolánach caomhantais. Toisc an ráta caipitil mhaolánaigh caomhantais de 2.5 % a bheith cobhsaí, tuairisceofar méid sa chill seo.

0420

Maolán caomhantais de bharr priacal macrastuamachta nó sistéamach arna shainiú ar leibhéal an Bhallstáit

Airteagal 458(2), pointe (d)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

COREP (OF): {C 04.00;760;010}).

Tuairisceofar sa chill seo méid an mhaoláin caomhantais atá ann de bharr priacal macrastuamachta nó priacal sistéamach arna shainiú ar leibhéal an Bhallstáit, rud is féidir a iarraidh de réir Airteagal 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chomh maith leis an gcaipiteal maolánach caomhantais.

Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar, méid na gcistí dílse a theastaíonn chun na ceanglais maidir le caipiteal maolánach faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta tuairiscithe.

0430

Caipiteal Maolánach Frith-thimthriallach atá Sainiúil don Institiúid

Airteagal 128, pointe (2), agus Airteagail 130 agus 135 go 140 de Threoir 2013/36/AE

(féach COREP (OF): {C 04.00;770;010}).

Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar, méid na gcistí dílse a theastaíonn chun na ceanglais maidir le caipiteal maolánach faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta tuairiscithe.

0440

Maolán um Priacal Sistéamach

Airteagal 128, pointe (5), agus Airteagail 133 agus 134 de Threoir 2013/36/AE

(féach COREP (OF): {C 04.00;780;010}).

Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar, méid na gcistí dílse a theastaíonn chun na ceanglais maidir le caipiteal maolánach faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta tuairiscithe.

0450

Maolán na nInstitiúidí Domhanda a bhfuil Tábhacht Shistéamach ag gabháil leo

Airteagal 128, pointe (3), agus Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE

COREP (OF): {C 04.00;800;010}

Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar, méid na gcistí dílse a theastaíonn chun na ceanglais maidir le caipiteal maolánach faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta tuairiscithe.

0460

Maolán na nInstitiúidí Eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach ag gabháil leo

Airteagal 128, pointe (4), agus Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE

COREP (OF): {C 04.00;810;010}

Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar, méid na gcistí dílse a theastaíonn chun na ceanglais maidir le caipiteal maolánach faoi seach a chomhlíonadh ar an dáta tuairiscithe.

0500

Cóimheas ceanglas caipitil foriomlán (OCR)

COREP (OF): {C 03.00;160;010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

cóimheas TSCR dá dtagraítear i ró 0300;

(ii)

a mhéid is infheidhme ó thaobh an dlí de, cóimheas an cheanglais maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear in Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE.

Léireoidh an ítim seo cóimheas an cheanglais caipitil foriomlán (OCR) mar a shainmhínítear i Roinn 1.2 de Threoirlínte EBA SREP.

Mura bhfuil feidhm ag aon cheanglas maoláin, ní thuairisceofar ach pointe (i).

0510

OCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

COREP (OF): {C 03.00;170;010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

cóimheas TSCR le bheith comhdhéanta de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1dá dtagraítear i ró 0310;

(ii)

a mhéid is infheidhme ó thaobh an dlí de, cóimheas an cheanglais maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear in Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE.

Mura bhfuil feidhm ag aon cheanglas maoláin, ní thuairisceofar ach pointe (i).

0520

OCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1

COREP (OF): {C 03.00;180;010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

cóimheas TSCR le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear i ró 0320;

(ii)

a mhéid is infheidhme ó thaobh an dlí de, cóimheas an cheanglais maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear in Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE.

Mura bhfuil feidhm ag aon cheanglas maoláin, ní thuairisceofar ach pointe (i).

0600

OCR agus Treoir Cholún 2 (P2G)

COREP (OF): {C 03.00;190;010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

cóimheas OCR dá dtagraítear i ró 0500;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, Treoir Cholún 2 (P2G) mar a shainmhínítear in EBA SREP GL. Ní áireofar P2G ach amháin má chuireann an t-údarás inniúil in iúl don institiúid é.

Mura gcuireann an t-údarás inniúil aon P2G in iúl, ansin ní thuairisceofar ach pointe (i).

0610

OCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

COREP (OF): {C 03.00;200;010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

cóimheas OCR le bheith comhdhéanta de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear i ró 0510;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, an chuid de P2G, dá dtagraítear i bpointe (ii) i ró 0600, a cheanglaíonn an t-údarás inniúil í a shealbhú i bhfoirm chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Ní áireofar P2G ach amháin má chuireann an t-údarás inniúil in iúl don institiúid é.

Mura gcuireann an t-údarás inniúil aon P2G in iúl, ansin ní thuairisceofar ach pointe (i).

0620

OCR agus P2G: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1

COREP (OF): {C 03.00;210;010}

Suim de (i) agus (ii) mar a leanas:

(i)

cóimheas OCR le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear i ró 0520;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, an chuid de P2G, dá dtagraítear i bpointe (ii) i ró 600, a cheanglaíonn an t-údarás inniúil í a shealbhú i bhfoirm chaipiteal Leibhéal 1. Ní áireofar P2G ach amháin má chuireann an t-údarás inniúil in iúl don institiúid é.

Mura gcuireann an t-údarás inniúil aon P2G in iúl, ansin ní thuairisceofar ach pointe (i).

II.4   Z 04.00 - Idirnaisc airgeadais inghrúpa (IFC)

II.4.1   Barúlacha ginearálta

19.

Don teimpléad seo, éilítear faisnéis maidir le dliteanais inghrúpa nach bhfuil eisiata ó tharrtháil inmheánach, ionstraimí caipitil agus ráthaíochtaí.

20.

Tuairisceofar na hidirnaisc airgeadais uile idir eintitis dhlítheanacha ábhartha a áirítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite. Déanfar méideanna tuairiscithe a chomhiomlánú i gcás ina mbaineann siad leis na contrapháirtithe céanna (an t-eisitheoir nó an t-eintiteas ráthaithe araon, agus an creidiúnaí, an sealbhóir nó soláthraí na ráthaíochta) agus leis an gcineál céanna dliteanas, ionstraimí caipitil nó ráthaíochtaí.

21.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0020, 0040 agus 0050 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

II.4.2   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Colúin

Treoracha

0010-0020

Eisitheoir nó eintiteas ráthaithe

An t-eintiteas dlítheanach a eisíonn na dliteanais nó an ionstraim chaipitil nó arb é an t-eintiteas ráthaithe é.

0010

Ainm eintitis

Ní mór gur ainm difriúil é ón ainm eintitis a liostaítear i gcolún 0030.

0020

Cód

Cód an eisitheora nó fhaighteoir na ráthaíochta. I dtaca le hinstitiúidí, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I dtaca le heintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad.

Ní mór gur cód difriúil é ón gcód a liostaítear i gcolún 0040.

0030-0040

Creidiúnaí, sealbhóir nó soláthraí na ráthaíochta

An t-eintiteas dlítheanach arb é an creidiúnaí maidir leis an dliteanas é, a shealbhaíonn an ionstraim chaipitil nó a sholáthraíonn an ráthaíocht.

0030

Ainm eintitis

Ní mór gur ainm difriúil é ón ainm eintitis a liostaítear i gcolún 0010.

0040

Cód

Cód an chreidiúnaí, an tsealbhóra nó sholáthraí na ráthaíochta. I dtaca le hinstitiúidí, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I dtaca le heintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad.

Ní mór gur cód difriúil é ón gcód a liostaítear i gcolún 0020.

0050- 0080

Idirnasc airgeadais

Sa réimse seo, tugtar tuairisc ar an idirnasc airgeadais idir na heintitis dhlítheanacha ábhartha.

0050

Cineál

Le roghnú ón liosta seo a leanas:

Dliteanais Inghrúpa

L.1.

Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe ach ar taiscí tosaíochta iad

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0310

L.2.

Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe agus nach taiscí tosaíochta iad

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0320

L.3.

Dliteanais a eascraíonn as díorthaigh (Méideanna Socraíochta)

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0330

L.4.

Dliteanais urraithe neamh-chomhthaobhaithe

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0340

L.5.

Nótaí struchtúrtha

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0350

L.6.

Dliteanais neamhurraithe shinsearacha

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0360

L.7.

Dliteanais neamhthosaíochta shinsearacha

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0365

L.8.

Dliteanais fho-ordaithe

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0370

L.9.

Dliteanais eile atá incháilithe le haghaidh ICDI (íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe)

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0380

L.10.

Dliteanais neamhairgeadais

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0390

L.11.

Dliteanais iarmharacha

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0400. Aon dliteanas nach gcuimsítear in aon cheann de na hítimí roimhe seo.

L.12.

Caipiteal Leibhéal 2

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0530

L.13.

Caipiteal Breise Leibhéal 1

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0520

L.14.

Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

An sainmhíniú céanna agus atá in Z 02.00 (LIAB), ró 0510

Ráthaíochtaí Inghrúpa

G.1.

Eisiúint

Ráthaíochtaí maidir le hionstraimí/dliteanais shonracha a eisíodh

G.2.

Contrapháirtí

Ráthaíochtaí a dheonaítear do chontrapháirtí sonrach den institiúid

G.3.

Gan teorainn

Ráthaíochtaí ginearálta nach bhfuil teoranta do mhéid socraithe

G.4.

Eile

Aon chineál ráthaíochta nach gcumhdaítear le haon cheann de na cineálacha roimhe seo.

0060

Méid gan íoc

I gcás dliteanas (colún 0050, cineálacha L.1, L.2 agus L.4 - L.14), méid gan íoc na ndliteanas inghrúpa; i gcás dliteanais a eascraíonn as díorthaigh (cineál L.3), na méideanna socraíochta a shainítear chun críocha theimpléad Z 02.00 (LIAB), ró 0333.

I gcás ráthaíochtaí (colún 0050, luachanna G.1 - G.4), uasmhéid féideartha na n-íocaíochtaí a dhéanfar amach anseo faoin ráthaíocht

0070

A eisíodh faoi dhlí tríú tír

An sciar, mar mhéid airgeadaíochta, den mhéid gan íoc atá faoi rialú dlí tríú tír.

0080

Áirítear leis sin: Incháilithe le haghaidh ICDI

An méid cistí dílse agus dliteanas atá incháilithe leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh.

II.5   Z 05.01 agus Z 05.02 - Contrapháirtithe Móra (MCP)

II.5.1   Barúlacha ginearálta

22.

Leis na teimpléid seo, bailítear faisnéis maidir le dliteanais i leith contrapháirtithe móra (Z 05.01) agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a fuarthas ó chontrapháirtithe móra (Z 05.02). Déanfar méideanna tuairiscithe a chomhiomlánú i gcás inar leis an gcontrapháirtí céanna iad agus inarb iad an cineál céanna dliteanas nó an cineál céanna ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe iad.

23.

Ní thuairisceofar sna teimpléid seo dliteanais agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe nach féidir contrapháirtí a shainaithint ina dtaobh. Ní thuairisceofar sna teimpléid seo dliteanais agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe arb é an contrapháirtí ina dtaobh eintiteas a áirítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite.

II.5.2   Z 05.01 – Contrapháirtithe Móra Dliteanas - Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

24.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0020 agus 0060 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

Colúin

Treoracha

0010-0050

Contrapháirtí

Faisnéis maidir leis na contrapháirtithe móra ar maidir leo a eascraíonn na dliteanais.

Sainaithneofar contrapháirtithe móra trí mhéideanna gan íoc dhliteanais uile an eintitis nó an ghrúpa a ndéantar an teimpléad a thuairisciú ina thaobh a chur le chéile, i leith gach contrapháirtí nó grúpa cliant nasctha, gan dliteanais i leith eintiteas a áirítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite a áireamh.

Ansin déanfar na contrapháirtithe agus na grúpaí contrapháirtithe nasctha a rangú de réir méid comhiomlán gan íoc chun na 10 gcontrapháirtí mhóra is mó a shainaithint, a soláthrófar faisnéis ina dtaobh sa teimpléad seo.

Tiocfaidh sainmhíniú ‘grúpa contrapháirtithe nasctha’ i ndiaidh sainmhíniú ‘grúpa cliant nasctha’ a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (39), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Chun críoch an teimpléid seo, ní eintiteas a áireofar sna ráitis airgeadais chomhdhlúite a bheidh i gcontrapháirtí.

0010

Ainm eintitis

Ainm an chontrapháirtí mhóir nó, i gcás inarb infheidhme, ainm grúpa cliant nasctha.

Is éard a bheidh in ainm grúpa cliant nasctha ainm na máthairchuideachta nó, i gcás nach bhfuil máthairchuideachta ag an ngrúpa cliant nasctha, ainm tráchtála an ghrúpa.

0020

Cód

Cód an chontrapháirtí mhóir nó grúpa cliant nasctha. I dtaca le hinstitiúidí, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I dtaca le heintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad.

0030

Grúpa nó duine aonair

Tuairisceoidh an institiúid ‘1’ i gcás contrapháirtithe móra aonair agus ‘2’ i gcás grúpaí cliant nasctha.

0040

Tír

Cód ISO 3166-1-alpha-2 thír chorpraithe an chontrapháirtí. Áirítear leis sin bréagchóid ISO i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta, atá le fáil san eagrán deireanach de ‘Vademecum Comhardaithe Íocaíochtaí’ Eurostat.

Cinntear an tír faoi threoir oifig chláraithe an chontrapháirtí. I gcás grúpaí cliant nasctha, tír chorpraithe na máthairchuideachta.

0050

Earnáil

Déanfar earnáil amháin a leithdháileadh ar gach contrapháirtí ar bhonn aicmí earnála eacnamaíche FINREP seo a leanas (FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, caibidil 6):

Bainc Cheannais

Rialtais Ghinearálta

Institiúidí creidmheasa

Corparáidí airgeadais eile

Corparáidí neamhairgeadais

Teaghlaigh

I gcás grúpaí cliant nasctha, ní thuairisceofar aon earnáil.

0060

Cineál

Is éard a bheidh sa chineál dliteanais ceann de na cineálacha dliteanais a liostaítear i dteimpléad Z 02.00 - Struchtúr Dliteanais (LIAB), mar atá:

L.0

Dliteanais atá eisiata ó tharrtháil inmheánach;

L.1

Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe ach ar taiscí tosaíochta iad;

L.2.

Taiscí, nach bhfuil cumhdaithe agus nach taiscí tosaíochta iad;

L.3

Dliteanais a eascraíonn as díorthaigh

L.4

Dliteanais urraithe neamh-chomhthaobhaithe

L.5

Nótaí struchtúrtha

L.6

Dliteanais neamhurraithe shinsearacha

L.7

Dliteanais neamhthosaíochta shinsearacha

L.8

Dliteanais fho-ordaithe (nach n-aithnítear mar chistí dílse)

L.9

Dliteanais eile atá incháilithe le haghaidh ICDI

L.10

Dliteanais neamhairgeadais

L.11

Dliteanais iarmharacha

Má tá níos mó ná ceann amháin de na cineálacha sin dliteanais sna dliteanais i leith contrapháirtí mór, tuairisceofar gach cineál dliteanais i ró ar leith.

0070

Méid

Beidh an méid comhionann leis an sainmhíniú ar ‘mhéid gan íoc’ dá bhforáiltear i dteimpléad Z 02.00 - Struchtúr Dliteanais. I gcás dliteanais a eascraíonn as díorthaigh (cineál L.3), tuairisceofar na méideanna socraíochta a shainítear chun críocha ró 0333 de theimpléad Z 02.00.

II.5.3   Z 05.02 – Contrapháirtithe móra lasmuigh den chlár comhardaithe: Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

25.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0020 agus 0060 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

Colúin

Treoracha

0010-0050

Contrapháirtí

Faisnéis maidir leis na contrapháirtithe móra lasmuigh den chlár comhardaithe.

Sainaithneofar contrapháirtithe móra lasmuigh den chlár comhardaithe trí mhéid ainmniúil iomlán na ngealltanas agus na ráthaíochtaí airgeadais a chur le chéile a fuair (mar a shainítear chun críocha FINREP, teimpléad F 09) an t-eintiteas nó na grúpeintitis a ndéantar an teimpléad a thuairisciú ina dtaobh ó chontrapháirtithe nó ó ghrúpa cliant nasctha. Eisiafar eintitis a áirítear i ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa ó chontrapháirtithe móra lasmuigh den chlár comhardaithe. Ansin déanfar na contrapháirtithe agus na grúpaí cliant nasctha a rangú de réir méid comhiomlán chun na 10 gcontrapháirtí mhóra is mó lasmuigh den chlár comhardaithe a shainaithint, a soláthrófar faisnéis ina dtaobh sa teimpléad seo.

Chun críoch an teimpléid seo, ní thuairisceofar ach contrapháirtithe nach n-áirítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite.

0010

Ainm eintitis

Féach na treoracha ar cholún 0010 de Z 05.01

0020

Cód

Féach na treoracha ar cholún 0020 de Z 05.01

0030

Grúpa nó duine aonair

Féach na treoracha ar cholún 0030 de Z 05.01

0040

Tír

Féach na treoracha ar cholún 0040 de Z 05.01

0050

Earnáil

Féach na treoracha ar cholún 0050 de Z 05.01

0060

Cineál

Is éard a bheidh sa chineál ítime lasmuigh den chlár comhardaithe, ceann díobh seo a leanas mar a shainmhínítear in FINREP, teimpléad F 09.02:

OBS.1

Gealltanais iasachta a fuarthas

OBS.2

Ráthaíochtaí airgeadais a fuarthas

OBS.3

Gealltanais eile a fuarthas

Má tá níos mó ná ceann amháin de na cineálacha sin ítime lasmuigh den chlár comhardaithe sna hitimí lasmuigh den chlár comhardaithe a fuarthas ó chontrapháirtí mór, tuairisceofar gach cineál ítime lasmuigh den chlár comhardaithe i ró ar leith.

0070

Méid

II.6   Z 06.00 - Árachas taiscí (DIS)

II.6.1   Barúlacha ginearálta

26.

Leis an teimpléad seo, tugtar forbhreathnú ar árachas taiscí laistigh de ghrúpa. Tuairisceofar scéim ráthaithe taiscí (SRT) sa teimpléad seo, má tá eintiteas dlítheanach ábhartha den ghrúpa ina bhall den scéim sin.

27.

Tuairisceofar gach institiúid creidmheasa a bhaineann leis an ngrúpa i ró ar leith.

II.6.2   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Colúin

Treoracha

0010-0020

Eintiteas

0010

Ainm Eintitis

Ainm an eintitis mar a thuairiscítear in Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG).

0020

Cód

Cód an eintitis, mar a thuairiscítear in Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG).

Is aitheantóir ró é seo ní mór dó a bheith uathúil i gcás gach ró sa teimpléad.

0030

SRT (Scéim Ráthaithe Taiscí)

Airteagal 4(3) de Threoir 2014/49/AE

Ainm an SRT atá aitheanta go hoifigiúil a bhfuil an t-eintiteas ina bhall de faoi Threoir 2014/49/AE. Is éard a bheidh ann an SRT i mBallstát corpraithe an eintitis, gan SRTanna eile a áireamh, ar SRTanna iad a d’fhéadfadh, i mBallstáit eile, cosaint bhreise (‘breisiú’) a sholáthar do chustaiméirí an eintitis ag brainse sa Bhallstát sin. I gcás inar ball í an institiúid de SCI atá aitheanta go hoifigiúil freisin mar SRT de bhun Airteagal 4(2) de Threoir 2014/49/AE, beidh ainm an SRT mar a chéile le hainm an SCI i ró 050.

I gcás gach tír chorpraithe de chuid an eintitis, roghnófar an SRT astu seo a leanas:

Don Ostair

Einlagensicherung AUSTRIA Ges.m.b.H.

‘Sparkassen-Haftungs GmbH’

An Bheilg

‘Garantiefonds voor financiële diensten/Fonds de garantie pour les services financiers’

An Bhulgáir

‘Фондът за гарантиране на влоговете в банките’

An Chróit

‘Državna agencija za osiguranje štednih uloga i sanaciju banaka’

An Chipir

‘Σύστημα Εγγύησης των Καταθέσεων και Εξυγίανσης Πιστωτικών και Άλλων Ιδρυμάτων’

An tSeicia

‘Garanční systém finančního trhu’

An Danmhairg

‘Garantiformuen’

An Eastóin

‘Tagatisfond’

An Fhionlainn

‘Talletussuojarahasto’

An Fhrainc

‘Fonds de Garantie des Dépôts et de Résolution’

An Ghearmáin

‘Entschädigungseinrichtung deutscher Banken GmbH’

‘Entschädigungseinrichtung des Bundesverbandes Öffentlicher Banken Deutschlands GmbH’

‘Sicherungseinrichtung des Deutschen Sparkassen- und Giroverbandes (DSGV-Haftungsverbund)’

‘BVR Institutssicherung GmbH’

Giobráltar

‘Gibraltar Deposit Guarantee Scheme’

An Ghréig

‘Ταμείο Εγγύησης Καταθέσεων και Επενδύσεων’

An Ungáir

‘Országos Betétbiztosítási Alap’

An Íoslainn

‘Tryggingarsjóður innstæðueigenda og fjárfesta’

Éire

‘Irish Deposit Protection Scheme’/‘Scéim na hÉireann um Chosaint Taiscí’

An Iodáil

‘Fondo Interbancario di Tutela dei Depositi’

‘Fondo di Garanzia dei Depositanti del Credito Cooperativo’

An Laitvia

‘Latvijas Noguldījumu garantiju fonds’

Lichtinstéin

‘Einlagensicherungs- und Anlegerentschädigungs-Stiftung SV’

An Liotuáin

‘Indėlių ir investicijų draudimas’

Lucsamburg

‘Fond de garantie des Dépôts Luxembourg’

Málta

‘Depositor Compensation Scheme’

An Ísiltír

‘De Nederlandsche Bank, Depositogarantiestelsel’

An Iorua

‘Bankenes sikringsfond’

An Pholainn

‘Bankowy Fundusz Gwarancyjny’

An Phortaingéil

‘Fundo de Garantia de Depósitos’

An Rómáin

‘Fondul de Garantare a Depozitelor Bancare’

An tSlóvaic

‘Fond ochrany vkladov’

An tSlóivéin

‘Banka Slovenije’

An Spáinn

‘Fondo de Garantía de Depósitos de Entidades de Crédito’

An tSualainn

‘Riksgälden’

Mura liostaítear an SRT atá aitheanta go hoifigiúil a bhfuil an t-eintiteas ina bhall de thuas, tuairisceofar ‘eile’.

0040

Méid na dtaiscí faoi chumhdach

Airteagal 2(1), pointe (5), agus Airteagal 6(2) de Threoir 2014/49/AE

Méid na dtaiscí faoi chumhdach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5), i gcomhar le hAirteagal 6 de Threoir 2014/49/AE, mar a chumhdaítear leis an SRT i ró 00030, seachas iarmhéideanna arda sealadacha mar a shainmhínítear in Airteagal 6(2) de Threoir 2014/49/AE.

0050

Scéim Cosanta Institiúideach

Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Ainm na scéime cosanta institiúidí (SCI), dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar ball di an t-eintiteas. Ná tuairiscigh aon rud mura bhfuil an t-eintiteas ina bhall de SCI. Más ball é an t-eintiteas de SCI atá aitheanta go hoifigiúil freisin mar SRT de bhun Airteagal 4(2) de Threoir 2014/49/AE, beidh ainm an SCI mar a chéile le hainm an SRT i ró 030.

0060

Cosaint bhreise faoi scéim chonarthach

Airteagal 1(3), pointe (a), de Threoir 2014/49/AE

Méid na dtaiscí atá faoi chumhdach scéim chonarthach ag an eintiteas.

II.7   Feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó

II.7.1   Barúlacha ginearálta

28.

Leis na ceithre theimpléad sa roinn seo, tugtar príomhshonraí agus measúnuithe cáilíochtúla maidir le tionchar, inionadaitheacht agus criticiúlacht na bhfeidhmeanna eacnamaíocha a sholáthraíonn an grúpa, agus cuirtear leis sin trí na feidhmeanna criticiúla sin a mhapáil ar chroílínte gnó agus ar eintitis dhlítheanacha.

29.

Go sonrach, tá na teimpléid dírithe ar na topaicí seo a leanas:

30.

Le teimpléad Z 07.01 - Measúnú criticiúlachta ar fheidhmeanna eacnamaíocha (FUNC 1), sainaithnítear, bunaithe ar tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla, na feidhmeanna neamhchriticiúla agus criticiúla a dhéanann an grúpa do gach Ballstát ina bhfuil an grúpa gníomhach;

31.

Le teimpléad Z 07.02 - Feidhmeanna criticiúla a mhapáil de réir eintiteas dlítheanach (FUNC 2), déantar na feidhmeanna criticiúla sainaitheanta a mhapáil ar eintitis dhlítheanacha, agus déantar measúnú ar cé acu a mheastar nó nach meastar gach eintiteas dlítheanach a bheith ábhartha maidir le feidhmiú na feidhme criticiúla;

32.

Le teimpléad Z 07.03 - Croílínte gnó a mhapáil de réir eintiteas dlítheanach (FUNC 3), soláthraítear liosta iomlán de na croílínte gnó agus déantar iad a mhapáil ar eintitis dhlítheanacha;

33.

Le teimpléad Z 07.04 - Feidhmeanna criticiúla a mhapáil de réir croílínte gnó (FUNC 4), déantar na feidhmeanna criticiúla sainaitheanta a mhapáil ar línte gnó.

34.

De bhun Airteagal 2(1), pointe (35), de Threoir 2014/59/AE, ciallaíonn ‘feidhmeanna criticiúla’ gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí ar dócha go bhfágfaidh a scor i mBallstát amháin nó níos mó go gcuirfí isteach ar sheirbhísí atá fíor-riachtanach don fhíorgheilleagar nó go gcuirfí isteach ar chobhsaíocht airgeadais mar gheall ar mhéid, sciar den mhargadh, idircheangailteacht sheachtrach agus inmheánach, castacht nó gníomhaíochtaí trasteorann institiúide nó grúpa, agus aird ar leith á tabhairt ar inionadaitheacht na ngníomhaíochtaí, na seirbhísí nó na n-oibríochtaí sin.

35.

De bhun Airteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún (18), measfar feidhm a bheith criticiúil má chomhlíonann sí an dá rud seo a leanas:

a)

soláthraíonn institiúid an fheidhm do thríú páirtithe nach bhfuil cleamhnaithe leis an institiúid ná leis an ngrúpa; agus

b)

dá gcuirfí isteach go tobann ar an bhfeidhm sin, is dócha go mbeadh tionchar diúltach ábharach aige sin ar na tríú páirtithe, go spreagfadh sé tógálacht nó go ndéanfadh sé dochar do mhuinín ghinearálta rannpháirtithe sa mhargadh mar gheall ar ábharthacht shistéamach na feidhme le haghaidh na tríú páirtithe agus ábharthacht shistéamach na hinstitiúide nó an ghrúpa i soláthar na feidhme.

36.

De bhun Airteagal 2(1), pointe (36), de Threoir 2014/59/AE, ciallaíonn ‘príomhlínte gnó’ línte gnó agus seirbhísí gaolmhara ar foinsí ábhartha ioncaim, brabúis nó luacha saincheadúnais iad d’institiúid nó do ghrúpa ar cuid de institiúid ar leith.

37.

Chun críocha an teimpléid seo, tagróidh na feidhmeanna eacnamaíocha do na feidhmeanna a liostaítear sa tábla thíos.

38.

I gcás gach catagóire d’fheidhmeanna eacnamaíocha, is féidir an fheidhm eacnamaíoch ‘eile’ a roghnú mura gcuimsítear an fheidhm sna feidhmeanna eile réamhshainithe.

39.

Contrapháirtithe dá dtagraítear i rónna 0010 go 0070 agus i rónna 0080 go 0150, sainmhínítear mar a chéile iad le hearnálacha contrapháirtithe dá bhforáiltear in FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, caibidil 6. Ciallaíonn ‘FMBanna’ FMBanna mar a shainmhínítear in FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 5, pointe (i).

Aitheantas

Feidhm eacnamaíoch

Taiscí

Tagróidh glacadh taiscí do thaiscí a ghlacadh ó idirghabhálaithe neamhairgeadais. Ní chuimsíonn sé iasacht a fháil ó idirghabhálaithe airgeadais eile, rud a ndéileáiltear leis ar leithligh faoi ‘chistiú mórdhíola’.

Áirítear na nithe seo a leanas i dtaiscí: i) cuntais reatha/taiscí thar oíche, ii) taiscí téarma shocraithe, agus iii) taiscí infhuascailte ar fhógra, agus eisiatar comhaontuithe athcheannaigh.

Tagairtí: FSB Guidance on Identification of Critical Functions and Critical Shared Services [Treoir an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais maidir le Feidhmeanna Criticiúla agus Seirbhísí Comhroinnte Criticiúla a Shainaithint] (2013), lch. 14; Iarscríbhinn II, Cuid 2, míreanna 9.1, 9.2 agus 9.3 de Rialachán (AE) Uimh. 1071/2013.

1.1

Teaghlaigh

1.2

Corparáidí neamhairgeadais (FMBanna)

1.3

Corparáidí neamhairgeadais (fiontair nach FMBanna iad)

1.4

Rialtais ghinearálta

1.5, 1.6, 1.7

Earnálacha/contrapháirtithe eile (1), (2) agus (3)

Iasachtú

Tagróidh iasachtú do sholáthar cistí do chontrapháirtithe neamhairgeadais, amhail cliaint chorparáideacha nó mhiondíola. Is sainghníomhaíocht é iasachtú le contrapháirtithe airgeadais agus déantar measúnú air faoi ‘chistiú mórdhíola’. Áirítear ionstraimí fiachais arna sealbhú ag na hinstitiúidí in iasachtaí ach eisiatar ionstraimí fiachais ar urrúis iad, gan beann ar a n-aicmiú cuntasaíochta.

Tagairtí: FSB Guidance on Identification of Critical Functions and Critical Shared Services [Treoir an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais maidir le Feidhmeanna Criticiúla agus Seirbhísí Comhroinnte Criticiúla a Shainaithint] (2013), lch. 17; Iarscríbhinn II, Cuid 2, mír 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1071/2013.

2.1

Teaghlaigh – Iasachtú i ndáil le ceannach tí

Ciallaíonn iasachtú i ndáil le ceannach tí iasachtaí a thugtar do theaghlaigh chun infheistiú i dtithe le haghaidh a n-úsáide féin nó chun ligean ar cíos, lena n-áirítear tógáil agus athchóirithe.

2.2

Teaghlaigh – iasachtú eile

2.3

Corparáidí neamhairgeadais - FMBanna

2.4

Corparáidí neamhairgeadais - fiontair nach FMBanna iad

2.5

Rialtais Ghinearálta

2.6, 2.7, 2.8

Earnálacha/contrapháirtithe eile (1), (2) agus (3)

Seirbhísí Íocaíochtaí, Seirbhísí Airgid Thirim, Seirbhísí Socraíochta, Seirbhísí Imréitigh, Seirbhísí Cumhdaigh

Tagairt: FSB Guidance on Identification of Critical Functions and Critical Shared Services [Treoir an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais maidir le Feidhmeanna Criticiúla agus Seirbhísí Comhroinnte Criticiúla a Shainaithint] (2013), lch. 20.

Is iad na feidhmeanna eacnamaíochta a áireofar faoin bhfotheideal sin seirbhísí íocaíochtaí, airgid thirim, socraíochta, imréitigh agus cumhdaigh arna soláthar ag institiúid creidmheasa, mar idirghabhálaí idir cliaint féin nó mar idirghabhálaí idir cliant agus ceann amháin nó roinnt ceann ábhartha de Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais (BMAnna), nó rochtain (indíreach) ar BMAnna a sholáthar do bhainc eile. I gcomhréir le FSB Guidance on Identification of Critical Functions and Critical Shared Services [Treoir an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais maidir le Feidhmeanna Criticiúla agus Seirbhísí Comhroinnte Criticiúla a Shainaithint], tá an fheidhm íocaíochtaí, imréitigh agus socraíochta teoranta do sheirbhísí a sholáthraíonn bainc dá gcliaint. Ní chumhdaíonn an chatagóir seo seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe BMA (BMA glan). Chun críoch an teimpléid seo, cuimsíonn BMAnna córais íocaíochta, córais socraíochta urrús, taisclanna lárnacha urrús agus contrapháirtithe lárnacha (agus ní áirítear stórtha trádála).

Tá an chiall chéanna ag ‘seirbhís íocaíochta’, ‘idirbheart íocaíochta’ agus ‘córas íocaíochta’ agus a shainmhínítear in Airteagal 4(3), (5) agus (7), faoi seach, de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

3.1

Seirbhísí íocaíochta le MFInna

Áireofar sa ró seo seirbhísí íocaíochta a chuirtear ar fáil d’Institiúidí Airgeadais Airgeadaíochta (MFInna), agus córais íocaíochta sheachtracha in úsáid, nó gan iad a bheith in úsáid. Áireofar (íocaíochtaí a bhaineann le) seirbhísí baincéireachta comhfhreagraí ann freisin. Is éard a bheidh sna MFInna na haonaid institiúideacha uile a áirítear sna fochatagóirí: i) an banc ceannais; ii) corparáidí glactha taiscí, seachas an banc ceannais; agus iii) cistí margaidh airgid.

3.2

Seirbhísí íocaíochta le heintitis nach MFInna iad

Seirbhísí íocaíochta arna dtairiscint do chliaint, agus córais íocaíochta sheachtracha in úsáid, nó gan iad a bheith in úsáid. Ní chuirfear san áireamh ach duine nádúrtha nó dlítheanach nach mbaineann leis an earnáil MFI. Eisiatar soláthraithe seirbhísí íocaíochta ón earnáil ‘neamh-MFInna’ freisin.

3.3

Seirbhísí airgid thirim

Seirbhísí airgid thirim a sholáthar do chliaint (daoine aonair agus corparáidí araon, neamh-MFInna amháin). Tagraíonn na seirbhísí sin d’aistarraingtí ag UMBanna agus ag na cuntair i mbrainsí agus ní áirítear seirbhísí eile airgid thirim (lena n-áirítear seirbhísí iompair airgid thirim le haghaidh miondíoltóirí mórscála). Áirítear aistarraingt airgid thirim le seiceanna agus ag na cuntair i mbrainsí agus úsáid á baint as foirmeacha bainc (i gcás inar féidir úsáid a bhaint as cártaí mar mhodh aitheantais).

3.4

Seirbhísí socraíochta urrús

Seirbhísí a thairgtear do chliaint chun idirbhearta urrús a dheimhniú, a imréiteach agus a shocrú, agus córais socraíochta urrús in úsáid, nó gan iad a bheith in úsáid. Ciallaíonn ‘socraíocht’ idirbheart urrús a chur i gcrích i gcás ina dtugtar chun críche é d’fhonn oibleagáidí na bpáirtithe maidir leis an idirbheart sin a chomhlíonadh trí aistriú airgid thirim agus/nó trí aistriú urrús.

3.5

Seirbhísí imréitigh CPL

Seirbhísí imréitigh urrús agus díorthach a sholáthraítear do chliaint. Áirítear leis sin rochtain indíreach ar Chontrapháirtí Lárnach (CPL) a sholáthar freisin.

3.6

Seirbhísí cumhdaigh

Ionstraimí airgeadais a shlánchoinneáil agus a riar do chliaint agus seirbhísí a bhaineann le cumhdach amhail bainistíocht airgid thirim agus comhthaobhachtaí.

3.7, 3.8, 3.9

Seirbhísí eile/gníomhaíochtaí/feidhmeanna (1), (2) agus (3)

Margaí Caipitil

Tagróidh gníomhaíochtaí margaí caipitil d’eisiúint agus do thrádáil urrús, do sheirbhísí comhairleacha gaolmhara agus do sheirbhísí gaolmhara amhail príomhbhróicéireacht agus cruthú margaidh.

4.1

Díorthaigh arna sealbhú i gcomhair trádála (thar an gcuntar)

Airteagal 2(5) agus (7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Ciallaíonn díorthach nó conradh díorthach ionstraim airgeadais mar a leagtar amach i bpointí (4) go (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE mar a chuirtear chun feidhme ag Airteagail 38 agus 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (20).

Ciallaíonn díorthach thar an gcuntar nó conradh díorthach thar an gcuntar conradh díorthach nach ndéantar a fhorghníomhú ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ná ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Ní áireofar sa mhéid atá le tuairisciú ach díorthaigh arna dtrádáil ar an margadh thar an gcuntar.

4.2

Díorthaigh arna sealbhú i gcomhair trádála (seachas díorthaigh thar an gcuntar)

Na díorthaigh uile arna sealbhú i gcomhair trádála, seachas díorthaigh thar an gcuntar arna sealbhú i gcomhair trádála.

4.3

Margaí tánaisteacha/Trádáil:

Is éard atá sa mhargadh tánaisteach an áit a gceannaíonn agus a ndíolann infheisteoirí urrúis. Baineann an fheidhm sin leis an bpunann trádála iomlán (i.e. cothromas, creidmheas corparáideach, creidmheas ceannasach).

Áireofar sa mhéid atá le tuairisciú luach na n-urrús a thomhaistear mar mhéid iomlán na n-urrús arna sealbhú i gcomhair trádála. Tuairisceofar urrúis ar luach cóir ar an dáta tuairiscithe.

Ní áireofar sa mhéid sin iasachtaí, díorthaigh ná sócmhainní neamh-intrádála (e.g. infháltais).

4.4

Bunmhargaí/frithghealladh

Is iad na bunmhargaí an áit a n-eisíonn cuideachtaí, rialtais agus grúpaí eile urrúis nua ar mhalartáin chun maoiniú a fháil trí urrúis iasachtbhunaithe nó chothromasbhunaithe (amhail gnáthstoc agus stoc tosaíochta, bannaí corparáideacha, nótaí, billí, bannaí rialtais). Déanann grúpaí frithgheallta éascú ar na bunmhargaí.

4.5, 4.6, 4.7

Seirbhísí eile/gníomhaíochtaí/feidhmeanna (1), (2) agus (3)

Cistiú Mórdhíola

Gníomhaíochtaí iasachtaithe agus iasachtaíochta i margaí mórdhíola le contrapháirtithe airgeadais agus ó chontrapháirtithe airgeadais (institiúidí creidmheasa agus corparáidí airgeadais eile).

5.1

Iasachtaíocht

Iasachtaíocht i margaí mórdhíola ó chontrapháirtithe airgeadais (lena n-áirítear trí chomhaontuithe athcheannaigh, iasachtaíocht idirbhanc, páipéar tráchtála, deimhniú taiscí, cistí margaidh airgid, línte creidmheasa, páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe agus taiscí muiníneacha).

5.2

Díorthaigh (sócmhainní)

Na díorthaigh uile le contrapháirtithe airgeadais arna sealbhú ar thaobh na sócmhainní den chlár comhardaithe. I gcodarsnacht le ‘Margaí caipitil’, i ‘gCistiú Mórdhíola’, áirítear sna díorthaigh na conarthaí díorthach uile le contrapháirtithe airgeadais (gan a bheith teoranta do HFT).

5.3

Iasachtú

Iasachtú i margaí mórdhíola le contrapháirtithe airgeadais (lena n-áirítear trí iasachtaí athcheannaigh droim ar ais, páipéar tráchtála, deimhniú taiscí, cistí margaidh airgid, línte creidmheasa, páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe, taiscí muiníneacha).

5.4

Díorthaigh (dliteanais)

Na díorthaigh uile le contrapháirtithe airgeadais arna sealbhú ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe.

5.5, 5.6, 5.7

Cineálacha eile táirgí (1), (2) agus (3)

Aon fheidhm den fheidhm eacnamaíoch ‘Cistiú mórdhíola’ nach n-áirítear i bpointí 5.1 go 5.4.

II.7.2   Z 07.01 - Measúnú criticiúlachta ar fheidhmeanna eacnamaíocha (FUNC 1): Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

40.

Tuairisceofar an teimpléad seo uair amháin i gcás gach Ballstáit (a shainaithnítear mar ‘thír’) ina bhfuil an grúpa gníomhach.

41.

Cumhdaíonn sé na feidhmeanna eacnamaíocha uile a dhéanann aon ghrúpeintiteas sa Bhallstát sin, gan beann ar cé acu an feidhm chriticiúil í nó nach ea.

Rónna

Treoracha

0010 - 0380

Feidhmeanna eacnamaíocha

Feidhmeanna eacnamaíocha mar a shainmhínítear thuas

Colúin

Treoracha

0010

Tuairisc ar fheidhm eacnamaíoch

I gcás ina mbaineann an fheidhm eacnamaíoch leis an gcineál ‘Eile’ (feidhmeanna 1.5 – 1.7, 2.6 – 2.8, 3.7 – 3.9, 4.5 – 4.7, 5.5 – 5.7), soláthrófar tuairisc ar an bhfeidhm sin.

0020

Sciar den mhargadh

Meastachán ar sciar margaidh institiúide nó grúpa don fheidhm eacnamaíoch sa tír féin. Mar chéatadán den mhargadh iomlán i dtéarmaí an mhéid airgeadaíochta.

0030

Méid Airgeadaíochta

Braitheann ábhar an cholúin seo ar an bhfeidhm eacnamaíoch a soláthraíodh:

1.

Taiscí

Suim ghlanluacha (lena n-áirítear ús fabhraithe) na dtaiscí ar glacadh leo.

Tagairtí: FINREP, Iarscríbhinní III agus IV, teimpléad F 08.01, agus Iarscríbhinn V, Cuid 2, mír 97.

2.

Iasachtú

Ollsuim ghlanluacha d’iasachtaí agus d’airleacain neamhbhearnaithe agus bhearnaithe (lena n-áirítear ús fabhraithe). Glactar le stoc iasachta mar ionadú le haghaidh iasachtaithe a bhfuiltear ag súil leis amach anseo.

Tagairtí: FINREP, Iarscríbhinní III agus IV, teimpléad F 04.04.01, agus Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 34, pointe (b).

3.

Seirbhísí Íocaíochtaí, Seirbhísí Airgid Thirim, Seirbhísí Socraíochta, Seirbhísí Imréitigh, Seirbhísí Cumhdaigh

Mar riail ghinearálta, tuairisceofar meán na n-idirbheart laethúil i rith na bliana. Mura bhfuil sé sin ar fáil, is féidir an meán thar thréimhse níos giorra (e.g. cúpla mí) a thuairisciú.

Go sonrach maidir leis na feidhmeanna difriúla, déanfar na bearta seo a leanas a mheas:

Seirbhísí íocaíochta (3.1 agus 3.2): Luach na n-idirbheart a seoladh.

(Tagairtí: Airteagal 4(5) de Threoir (AE) 2015/2366; BCE/2013/43 (21))

Seirbhísí airgid thirim (3.3): Luach na n-idirbheart UMB (uathmheaisín bainc), mar a shainmhínítear in BCE/2013/43, Tábla 7, chomh maith le haistarraingtí airgid thirim thar an gcuntar, mar a shainmhínítear in BCE/2014/15 (22), Tábla 4.

Seirbhísí socraíochta urrús (3.4): Luach na n-aistrithe urrús a próiseáladh ar son cliant. Áirítear leis sin idirbhearta a socraíodh le córas socraíochta urrús nó a shocraigh na hinstitiúidí tuairiscithe go hinmheánach, agus idirbhearta ‘saor ó íocaíocht’.

Seirbhísí imréitigh CPL (3.5): Na suíomhanna (risíocht) a thógann CPLanna, ar ball díobh an institiúid, leis an institiúid ar son a cliant. Tuairiscigh, le do thoil, meánluach laethúil na suíomhanna oscailte a bhaineann le gníomhaíocht cliaint ar leibhéal na CPLanna. Mura bhfuil sé sin ar fáil, is féidir na meáin thar thréimhse níos giorra (e.g. cúpla mí) a thuairisciú.

Seirbhísí cumhdaigh (3.6): Méid na sócmhainní faoi chumhdach, agus luach cóir in úsáid. Féadfar boinn tomhais eile, lena n-áirítear an luach ainmniúil, a úsáid mura bhfuil an luach cóir ar fáil. Sna cásanna sin ina soláthróidh an institiúid seirbhísí d’eintitis amhail gnóthais chomhinfheistíochta nó cistí pinsin, féadfar na sócmhainní lena mbaineann a léiriú ag an luach céanna leis an luach a thuairiscíonn na heintitis sin maidir leis na sócmhainní ar a gclár comhardaithe féin. Beidh ús fabhraithe san áireamh sna méideanna a thuairiscítear, más iomchuí.

(Tagairt: FINREP, Iarscríbhinní III agus IV, teimpléad F 22.02, colún 010)

4.

Margaí Caipitil

Méid barúlach - Ná tuairiscigh ach amháin i gcás díorthach (4.1-4.2): ollmhéid ainmniúil na n-idirbheart a tugadh i gcrích agus nár socraíodh fós ag an dáta tagartha.

Tagairtí: FINREP, Iarscríbhinn V, Cuid 2, mír 133, i gcomhair an tsainmhínithe; FINREP, Iarscríbhinní III, IV agus V i gcomhair na sonraí.

Iomlán na ndíorthach (4.1-4.2): Teimpléad F 10.00, colún 030, ró 290.

Díorthaigh thar an gcuntar (4.1): Teimpléad F 10.00, colún 030, rónna 300 + 310 + 320.

Gníomhaíochtaí margaidh thánaistigh (4.3): Sócmhainní na suime glanluacha - an tsuim ghlanluacha le tuairisciú ar thaobh na sócmhainní den chlár comhardaithe, lena n-áirítear ús fabhraithe [FINREP: Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 27] i gcás ionstraimí cothromais agus urrúis fiachais [FINREP: Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 31] a aicmítear mar ‘Arna Sealbhú le Trádáil’ [FINREP: Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 15, pointe (a), agus mír 16, pointe (a)].

Tagairt: FINREP: Iarscríbhinn III, teimpléad F 04.01, colún 010, rónna 010 + 060 + 120.

Bunmhargaí (4.4): Ioncam ó tháillí - Táillí agus coimisiúin a fuarthas mar gheall ar rannpháirtíocht i dtionscnamh nó in eisiúint urrús nár thionscain nó nár eisigh an institiúid.

Tagairt: FINREP: Iarscríbhinní III agus IV, teimpléad F 22.01, colún 010, rónna 030 + 180.

5.

Cistiú mórdhíola

Úsáid an t-oll-luach de réir na leabhar mar a shainmhínítear in FINREP.

Tagairtí: FINREP: Iarscríbhinn V, Cuid 1, mír 34, FINREP: Iarscríbhinní III agus IV, teimpléid:

Iasachtaíocht (5.1): Teimpléad F 20.06, colún 010, rónna 100 + 110, na tíortha uile.

Díorthaigh (sócmhainní) (5.2): Teimpléad F20.04, colún 010, ró 010, na tíortha uile.

Iasachtú (5.3): Teimpléad F 20.04, colún 010, rónna 170 + 180, na tíortha uile.

Díorthaigh (dliteanais) (5.4): Teimpléad F 20.06, colún 010, ró 010, na tíortha uile.

0040

Táscaire uimhriúil

Braitheann ábhar an cholúin seo ar an bhfeidhm eacnamaíoch a soláthraíodh.

1.

Taiscí

An líon iomlán cliant a thaisc na luachanna a tuairiscíodh i méid airgeadaíochta. Má úsáideann cliant níos mó ná táirge/cuntas taisce amháin, ní dhéanfar an cliant a chomhaireamh ach aon uair amháin.

2.

Iasachtú

An líon iomlán cliant. Má úsáideann an cliant táirgí/cuntais iasachta iolracha, ní dhéanfar an cliant a chomhaireamh ach aon uair amháin.

3.

Seirbhísí Íocaíochtaí, Seirbhísí Airgid Thirim, Seirbhísí Socraíochta, Seirbhísí Imréitigh, Seirbhísí Cumhdaigh

Mar riail ghinearálta, tuairisceofar meáin na n-idirbheart laethúil i rith na bliana. Mura bhfuil siad sin ar fáil, is féidir na meáin thar thréimhse níos giorra (e.g. cúpla mí) a sholáthar.

Go sonrach maidir leis na feidhmeanna difriúla, déanfar na bearta seo a leanas a mheas:

Seirbhísí íocaíochta (3.1-3.2): Líon na n-idirbheart a rinneadh.

Tagairtí: Airteagal 4(5) de Threoir (AE) 2015/2366; BCE/2013/43.

Seirbhísí airgid thirim (3.3): Líon na n-idirbheart UMB, mar a shainmhínítear in BCE/2013/43, Tábla 7, chomh maith le haistarraingtí airgid thirim thar an gcuntar, mar a shainmhínítear in BCE/2014/15, Tábla 4.

Seirbhísí socraíochta urrús (3.4): Líon na n-idirbheart aistrithe urrús a próiseáladh ar son cliant. Áirítear leis sin idirbhearta a socraíodh le córas socraíochta urrús nó a shocraigh an institiúid nó an grúpa tuairiscithe go hinmheánach, agus idirbhearta ‘saor ó íocaíocht’.

4.

Margaí Caipitil

Líon na gcontrapháirtithe nó na n-idirbheart. I gcás díorthach (4.1-4.2) agus ionstraimí margaidh thánaistigh (4.3), an líon iomlán contrapháirtithe. I gcás bunmhargaí (4.4), an líon iomlán idirbheart frithgheallta.

5.

Cistiú mórdhíola

An líon iomlán contrapháirtithe. Má tá níos mó ná cuntas amháin agus/nó níos mó ná idirbheart amháin ag contrapháirtí, ní dhéanfar an contrapháirtí a chomhaireamh ach aon uair amháin.

0050

Tionchar ar an margadh

An tionchar measta a bheadh ag scor tobann den fheidhm ar thríú páirtithe, ar mhargaí airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar, agus aird á tabhairt ar mhéid, sciar den mhargadh sa tír, idircheangailteacht sheachtrach agus inmheánach, castacht, agus gníomhaíochtaí trasteorann na hinstitiúide.

Léireofar an measúnú sin go cáilíochtúil mar ‘Ard (H)’, ‘Meánach-Ard (MH)’, ‘Meánach-Íseal (ML)’ nó Íseal (L)’.

Roghnófar ‘H’ má bhíonn tionchar mór ag an scor ar an margadh náisiúnta; ‘MH’ más tionchar suntasach atá ann; ‘ML’ más tionchar ábhartha ach teoranta atá ann; agus ‘L’ más tionchar íseal atá ann.

0060

Inionadaitheacht

Airteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778.

Meastar feidhm a bheith inionadaithe i gcás inar féidir í a ionadú ar bhealach inghlactha agus laistigh de thréimhse ama réasúnach agus ar an dóigh sin fadhbanna sistéamacha a sheachaint don fhíorgheilleagar agus do na margaí airgeadais. Cuirfear san áireamh an méid seo a leanas:

(a)

struchtúr an mhargaidh i gcomhair na feidhme sin agus infhaighteacht soláthraithe ionaid;

(b)

cumas na soláthraithe eile i dtéarmaí inniúlachta, na ceanglais chun an fheidhm a dhéanamh, agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar theacht isteach nó ar fhorleathnú;

(c)

dreasacht soláthraithe eile chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin;

(d)

an t-am a bheidh ag teastáil ó úsáideoirí na seirbhíse bogadh go dtí an soláthraí seirbhíse nua agus na costais a bhaineann le bogadh, an t-am a bheidh ag teastáil ó iomaitheoirí eile teacht i gceannas ar na feidhmeanna agus cé acu an leor nó nach leor an t-am sin chun cur isteach mór ar an tseirbhís a sheachaint, ag brath ar chineál na seirbhíse.

Léireofar an measúnú sin go cáilíochtúil mar ‘Ard (H)’, ‘Meánach-Ard (MH)’, ‘Meánach-Íseal (ML)’ nó Íseal (L)’.

Roghnófar ‘H’ más féidir le banc eile an fheidhm a sholáthar go héasca faoi dhálaí inchomparáide laistigh de thréimhse ama réasúnach;

‘L’ mura féidir feidhm a ionadú go héasca nó go tapa;

‘MH’ agus ‘ML’ i gcásanna idirmheánacha, agus gnéithe éagsúla á gcur san áireamh (e.g. sciar den mhargadh, comhdhlúthacht an mhargaidh, am go hionadaíocht, chomh maith le bacainní dlíthiúla ar theacht isteach nó ar fhorleathnú, agus ceanglais oibríochtúla maidir le teacht isteach nó forleathnú).

0070

Feidhm Chriticiúil

Sa cholún seo, tuairisceofar cé acu a mheastar nó nach meastar an fheidhm eacnamaíoch a bheith criticiúil sa mhargadh i gcomhair na tíre ábhartha, agus na sonraí cainníochtúla agus na táscairí criticiúlachta sa teimpléad seo á gcur san áireamh.

Tuairiscigh ‘Is ea’ nó ‘Ní hea’

II.7.3   Z 07.02 - Feidhmeanna criticiúla a mhapáil de réir eintiteas dlítheanach (FUNC 2): Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

42.

Tuairisceofar an teimpléad seo i gcás an ghrúpa iomláin. Ní thuairisceofar ach feidhmeanna criticiúla a shainaithnítear amhlaidh in {Z 07.01;070} (in aghaidh an Bhallstáit), sa teimpléad seo.

43.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0010, 0020 agus 0040 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

Colúin

Treoracha

0010

Tír

An tír a bhfuil an fheidhm criticiúil di, mar a thuairiscítear in Z 07.01 (FUNC 1).

0020

Aitheantas

Aitheantas na bhfeidhmeanna criticiúla mar a shainmhínítear i gcaibidil II.7.1 thuas agus dá dtagraítear i dteimpléad Z 07.01 (FUNC 1).

0030

Ainm Eintitis

Ainm an eintitis a dhéanann an fheidhm chriticiúil, mar a thuairiscítear in Z 01.00 (ORG).

Má tá roinnt eintiteas ann a dhéanann na feidhmeanna criticiúla céanna sa tír chéanna, tuairisceofar gach eintiteas i ró ar leith.

0040

Cód

Cód an eintitis a dhéanann an fheidhm chriticiúil, mar a thuairiscítear in Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG).

0050

Méid airgeadaíochta

Ranníocaíocht an eintitis dhlítheanaigh, i méid airgeadaíochta, leis an méid airgeadaíochta a dtugtar tuairisc air i gcolún 0030 de theimpléad Z 07.01 (FUNC 1).

II.7.4   Z 07.03 - Croílínte gnó a mhapáil ar eintitis dhlítheanacha (FUNC 3): Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

44.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0020 agus 0040 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

45.

Ní thuairisceofar ach eintitis dhlítheanacha ábhartha sa teimpléad seo.

Colúin

Treoracha

0010

Croílíne ghnó

Croílíne ghnó de bhun Airteagal 2(1), pointe (36) de Threoir 2014/59/AE agus Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún.

0020

Aitheantas Líne Gnó

Aitheantas uathúil na líne gnó le soláthar ag an institiúid.

0030

Tuairisc

Tuairisc ar an gcroílíne ghnó.

0040

Ainm Eintitis

Ainm an eintitis mar a thuairiscítear in Z 01.00 (ORG) a bhfuil cuid den chroílíne ghnó aige nó ar cuid den chroílíne ghnó é.

Má tá roinnt eintiteas ann a bhfuil cuid den chroílíne ghnó chéanna acu nó ar cuid den chroílíne ghnó chéanna iad, tuairisceofar gach eintiteas i ró ar leith.

0050

Cód

Cód an eintitis a bhfuil cuid den chroílíne ghnó aige nó ar cuid den chroílíne ghnó é, mar a thuairiscítear in Z 01.00 (ORG).

II.7.5   Z 07.04 - Feidhmeanna criticiúla a mhapáil ar chroílínte gnó (FUNC 4): Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

46.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0010, 0020 agus 0040 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

47.

Ní thuairisceofar ach feidhmeanna criticiúla, mar a shainaithnítear in {Z 07.01;0070}, sa teimpléad seo.

Colúin

Treoracha

0010

Tír

An tír a bhfuil an fheidhm criticiúil di, mar a thuairiscítear in Z 07.01 (FUNC 1).

0020

Aitheantas feidhme

Aitheantas na bhfeidhmeanna criticiúla mar a shainmhínítear i gcaibidil II.7.1 thuas agus dá dtagraítear i dteimpléad Z 07.01 (FUNC 1).

0030

Croílíne ghnó

Croílíne ghnó de bhun Airteagal 2(1), pointe (36) de Threoir 2014/59/AE agus Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2016, mar a thuairiscítear i dteimpléad Z 07.03 (FUNC 3).

0040

Aitheantas Líne Gnó

Aitheantas uathúil na líne gnó le soláthar ag an institiúid; an t-aitheantas céanna agus a tuairiscíodh i dteimpléad Z 07.03 (FUNC 3).

II.8   Z 08.00 - Seirbhísí criticiúla (SERV)

II.8.1   Treoracha ginearálta

48.

Tuairisceofar an fhaisnéis atá le háireamh sa teimpléad seo uair amháin don ghrúpa iomlán, liostófar seirbhísí criticiúla a fuair aon eintiteas sa ghrúpa agus nascfar iad leis na feidhmeanna criticiúla a sholáthraíonn an grúpa.

49.

Is éard a bheidh sna seirbhísí criticiúla na hoibríochtaí, na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí foluiteacha a dhéantar le haghaidh aonad gnó nó eintiteas dlítheanach amháin (seirbhísí tiomnaithe) nó níos mó ná aonad gnó nó eintiteas dlítheanach amháin (seirbhísí comhroinnte) laistigh den ghrúpa, a bhfuil gá leo chun feidhm chriticiúil amháin nó níos mó a sholáthar. D’fhéadfadh sé gurbh eintitis laistigh den ghrúpa (seirbhís inmheánach) a dhéanfadh na seirbhísí criticiúla, nó d’fhéadfadh sé go ndéanfaí iad a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seachtrach (seirbhís sheachtrach). Measfar seirbhís a bheith criticiúil sa chás dá gcuirfí isteach uirthi, go bhféadfadh sé go mbeadh bac mór ar fheidhmeanna criticiúla a dhéanamh nó go bhféadfadh sé go gcuirfí cosc iomlán ar fheidhmeanna criticiúla a dhéanamh ós rud é go bhfuil dlúthcheangal idir na seirbhísí sin agus na feidhmeanna criticiúla a dhéanann institiúid do thríú páirtithe.

50.

Ní thuairisceofar sa teimpléad seo ach seirbhísí a dhéantar go hiomlán inmheánach le haghaidh eintiteas dlítheanach.

51.

Ní thuairisceofar sa teimpléad seo seirbhísí nach bhfuil tionchar ábharach acu ar fheidhmeanna criticiúla.

52.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0005, 0010, 0030, 0050, 0070 agus 0080 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

II.8.2   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Colúin

Treoracha

0005

Aitheantóir

0010

Cineál seirbhíse

Ceann de na cineálacha seirbhíse a liostaítear thíos a bheidh sa chineál seirbhíse.

I gcás inar féidir, tuairisceofar an fhochatagóir (aitheantas dhá dhigit). I gcás nach bhfuil aon fhochatagóir ann nó i gcás nach dtugtar tuairisc cheart le haon fhochatagóir ar an tseirbhís a sholáthraíonn an institiúid, tuairisceofar an phríomhchatagóir (aitheantas aon digite).

1.

Tacaíocht acmhainní daonna

1.1.

riarachán foirne, lena n-áirítear riarachán conarthaí agus luacha saothair

1.2.

cumarsáid inmheánach

2.

Teicneolaíocht faisnéise

2.1.

TF agus crua-earraí cumarsáide

2.2.

stóráil agus próiseáil sonraí

2.3.

bonneagar eile TF, stáisiúin oibre, teileachumarsáid, freastalaithe, lárionaid sonraí agus seirbhísí gaolmhara

2.4.

riarachán ceadúnas bogearraí agus bogearraí feidhmchláir

2.5.

rochtain ar sholáthraithe seachtracha, go háirithe soláthraithe sonraí agus bonneagair

2.6.

Cothabháil feidhmchláir, lena n-áirítear cothabháil feidhmchláir bogearraí agus sreabha sonraí gaolmhara

2.7.

giniúint tuarascálacha, sreabha faisnéise inmheánaí agus bunachair sonraí

2.8.

tacaíocht d’úsáideoirí

2.9.

athshlánú ó éigeandáil agus ó thubaiste

3.

Próiseáil idirbheart, lena n-áirítear saincheisteanna idirbheartaíochta dlí, go háirithe frithsciúradh airgid.

4.

Soláthar nó bainistíocht réadmhaoine agus saoráide agus saoráidí gaolmhara

4.1.

áitreabh oifigí agus stóras

4.2.

bainistíocht saoráidí inmheánacha

4.3.

slándáil agus rialú rochtana

4.4.

bainistíocht na punainne réadmhaoine

4.5.

eile, sonraigh, le do thoil

5.

Seirbhísí dlí agus feidhmeanna comhlíontachta:

5.1.

tacaíocht dlí chorparáideach

5.2.

seirbhísí dlí gnó agus corparáideacha

5.3.

tacaíocht chomhlíontachta

6.

Seirbhísí a bhaineann leis an státchiste

6.1.

comhordú, riar agus bainistíocht gníomhaíochtaí an státchiste

6.2.

comhordú, riar agus bainistíocht athmhaoiniú na n-eintiteas, lena n-áirítear bainistíocht comhthaobhachtaí

6.3.

feidhm tuairiscithe, go háirithe i dtaca le cóimheasa leachtachta rialála

6.4.

comhordú, riar agus bainistíocht clár maoiniúcháin, agus athmhaoiniú grúpeintiteas

6.5.

comhordú, riar agus bainistíocht athmhaoiniúcháin, go háirithe saincheisteanna gearrthéarmacha

7.

Trádáil/bainistíocht sócmhainní

7.1.

próiseáil oibríochtaí: gabháil trádála, dearadh, réadú, seirbhísiú táirgí trádála

7.2.

deimhniú, socraíocht, íocaíocht

7.3.

bainistíocht suíomhanna agus contrapháirtithe, i dtaca le tuairisciú sonraí agus gaolmhaireachtaí le contrapháirtithe

7.4.

bainistíocht suíomhanna (riosca agus réiteach)

8.

Bainistíocht riosca agus luacháil

8.1.

Bainistíocht riosca lárnaigh nó na líne gnó nó an chineáil riosca

8.2.

giniúint tuarascála riosca

9.

Cuntasaíocht

9.1.

tuairisciú reachtúil agus rialála

9.2.

luacháil, go háirithe luacháil suíomhanna ar an margadh

9.3.

tuairisciú bainistíochta

10.

Láimhseáil airgid thirim

0020-0030

Faighteoir na seirbhíse

Eintiteas an ghrúpa a fhaigheann an tseirbhís chriticiúil a thuairiscítear i gcolún 0010 ó ghrúpeintiteas eile nó an soláthraí seachtrach a thuairiscítear i gcolúin 0040-0050.

0020

Ainm eintitis

Ní mór gur ainm difriúil é ón ainm a liostaítear i gcolún 0040.

0030

Cód

Aitheantóir uathúil an eintitis dhlítheanaigh i gcolún 0020 mar a thuairiscítear i dteimpléad Z 01.00 (ORG)

Ní mór gur aitheantóir difriúil é ón aitheantóir a thuairiscítear i gcolún 0050.

0040-0050

Soláthraí seirbhíse

An t-eintiteas dlítheanach (inmheánach nó seachtrach) a sholáthraíonn an tseirbhís chriticiúil a thuairiscítear i gcolún 0010 do ghrúpeintiteas.

0040

Ainm eintitis

Ní mór gur ainm difriúil é ón ainm a liostaítear i gcolún 0020.

0050

Cód

Aitheantóir uathúil an eintitis dhlítheanaigh i gcolún 0040. Ní mór gur aitheantóir difriúil é ón aitheantóir a liostaítear i gcolún 0030.

I gcás inar grúpeintiteas an soláthraí seirbhíse, an cód céanna a bheidh ann agus an cód a thuairiscítear i dteimpléad Z 01.00 (ORG).

I gcás nach grúpeintiteas an soláthraí seirbhíse, is éard a bheidh i gcód an eintitis sin:

i dtaca le hinstitiúidí, an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit;

i dtaca le heintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad.

0060

Cuid den ghrúpa

‘Is ea’ - más eintiteas den ghrúpa (‘inmheánach’) a sholáthraíonn an tseirbhís

‘Ní hea’ - más eintiteas lasmuigh den ghrúpa (‘seachtrach’) a sholáthraíonn an tseirbhís

0070-0080

Feidhm chriticiúil

An fheidhm chriticiúil a gcuirfí bac mór ar a feidhmiú nó a gcuirfí cosc iomlán uirthi dá gcuirfí isteach ar an tseirbhís chriticiúil. Is é ceann de na feidhmeanna é a mheastar a bheith criticiúil i dteimpléad Z 07.01 (FUNC 1).

0070

Tír

Ballstát a bhfuil an fheidhm criticiúil dó, mar a thuairiscítear in Z 07.01 (FUNC 1).

0080

Aitheantas

Aitheantas na bhfeidhmeanna criticiúla mar a shainmhínítear i gcaibidil II.7.1 thuas agus dá dtagraítear i dteimpléad Z 07.01 (FUNC 1).

0090

Am measta le haghaidh inionadaitheachta

An t-am measta is gá chun soláthraí a ionadú le soláthraí eile go pointe inchomparáide a mhéid a bhaineann le hábhar, caighdeán agus costas na seirbhíse a fuarthas.

Tuairiscigh ceann de na luachanna seo a leanas:

‘1 lá - 1 seachtain’, i gcás nach faide ná seachtain an t-aga ionadaíochta;

‘1 seachtain - 1 mhí’, i gcás gur faide ná seachtain an t-aga ionadaíochta ach nach faide ná mí é;

‘1 - 6 mhí’, i gcás gur faide ná mí an t-aga ionadaíochta ach nach faide ná 6 mhí é;

‘6 - 12 mhí’, i gcás gur faide ná 6 mhí an t-aga ionadaíochta ach nach faide ná bliain é;

‘breis agus 1 bhliain’, i gcás gur faide ná bliain an t-aga ionadaíochta.

0100

Am measta le haghaidh rochtain ar chonarthaí

An t-am measta is gá chun an fhaisnéis seo a leanas a fháil maidir leis an gconradh lena rialaítear an tseirbhís tar éis iarraidh a fháil ón údarás réitigh:

tréimhse an chonartha

na páirtithe sa chonradh (an páirtí is údar agus an soláthróir, teagmhálaithe) agus a ndlínse

cineál na seirbhíse (i.e. tuairisc ghearr ar chineál an idirbhirt idir na páirtithe, lena n-áirítear praghsanna)

cé acu an féidir nó nach féidir le haon soláthraí inmheánach/seachtrach eile an tseirbhís chéanna a thairiscint (agus iarrthóirí féideartha a shainaithint)

dlínse an chonartha

an roinn atá freagrach as déileáil leis na príomhoibríochtaí atá cumhdaithe ag an gconradh

na príomhphionóis a áirítear sa chonradh i gcás fhionraí na n-íocaíochtaí nó moill ar íocaíochtaí

spreagadh le haghaidh foirceannadh luath agus an t-uainiú a cheadaítear le haghaidh foirceanta

tacaíocht oibríochtúil tar éis foirceanta

feidhmeanna criticiúla agus línte gnó a bhfuil an conradh ábhartha maidir leo

Tuairiscigh ceann de na luachanna seo a leanas:

1 lá

1 lá - 1 seachtain

breis agus 1 seachtain

níl aon chonradh ann lena rialaítear an tseirbhís

0110

An dlí rialaithe

Cód ISO na tíre sin a rialaíonn a dlí an conradh.

0120

Conradh comhoiriúnach maidir le réiteach

Léirítear leis seo an measúnú ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí leanúint den chonradh agus é a aistriú i réiteach.

Cuirfear na gnéithe seo a leanas agus gnéithe eile nach iad san áireamh sa mheasúnú:

aon chlásal a thabharfadh de cheart do chontrapháirtí an conradh a fhoirceannadh de bharr réitigh, bearta luath-idirghabhála nó cásanna trasmhainneachtana agus dá bharr sin amháin, d’ainneoin go leantar d’oibleagáidí substainteacha a dhéanamh;

aon chlásal a thabharfadh de cheart do chontrapháirtí téarmaí na seirbhíse nó praghsáil a athrú de bharr réitigh, luath-idirghabhála nó cásanna trasmhainneachtana agus dá bharr sin amháin, d’ainneoin go leantar d’oibleagáidí substainteacha a dhéanamh;

aitheantas, sa chonradh, do chearta fionraíochta na n-údarás réitigh.

Tuairiscigh ceann de na luachanna seo a leanas:

‘Is ea’ – má mheastar an conradh a bheith comhoiriúnach maidir le réiteach

‘Ní hea’ – mura mheastar an conradh a bheith comhoiriúnach maidir le réiteach

‘Ní dhearnadh measúnú air’ – mura ndearnadh aon mheasúnú

II.9   Z 09.00 - Seirbhísí BMA - Soláthraithe agus úsáideoirí - Mapáil ar fheidhmeanna criticiúla

II.9.1   Barúlacha ginearálta

53.

Leis an teimpléad seo, sainaithnítear gníomhaíochtaí, feidhmeanna nó seirbhísí imréitigh, íocaíochtaí, socraíochta urrús agus cumhdaigh a d’fhéadfadh bac mór nó cosc iomlán a chur ar fheidhmiú feidhm chriticiúil amháin nó níos mó dá scorfaí díobh.

54.

Tuairisceofar an teimpléad seo uair amháin i gcás na hinstitiúide iomláine nó an ghrúpa iomláin.

55.

Ní shainaithneofar ach bonneagair sin an mhargaidh airgeadais a chuirfeadh bac mór nó cosc iomlán ar fheidhmiú feidhm chriticiúil dá gcuirfí isteach orthu.

56.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0020, 0030, 0040, 0070 agus 0100 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

II.9.2   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Colúin

Treoracha

0010-0020

Úsáideoir

Grúpeintiteas a úsáideann seirbhísí íocaíochtaí, cumhdaigh, socraíochta, imréitigh nó stóir trádála, mar a thuairiscítear in Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG).

0010

Ainm Eintitis

Ainm an eintitis a úsáideann seirbhísí íocaíochtaí, cumhdaigh, socraíochta, imréitigh nó stóir trádála, mar a thuairiscítear in Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG).

Ní thuairisceofar ach eintitis a shainaithnítear mar eintitis a sholáthraíonn feidhmeanna criticiúla in Z 07.02.

0020

Cód

Cód an eintitis a úsáideann seirbhísí íocaíochtaí, cumhdaigh, socraíochta, imréitigh nó stóir trádála, mar a thuairiscítear in Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG).

0030-0040

Feidhm Chriticiúil

Feidhm chriticiúil a dhéanann an t-eintiteas, a gcuirfí bac nó cosc ar a feidhmiú dá gcuirfí isteach ar rochtain ar an tseirbhís íocaíochtaí, cumhdaigh, socraíochta, imréitigh nó stóir trádála.

0030

Tír

An tír a bhfuil an fheidhm criticiúil di, mar a thuairiscítear in Z 07.01 (FUNC 1).

0040

Aitheantas

Aitheantas na bhfeidhmeanna criticiúla mar a shainmhínítear i gcaibidil II.7.1 thuas agus dá dtagraítear i dteimpléad Z 07.01 (FUNC 1).

0050-0070

Bonneagar an Mhargaidh Airgeadais (BMA)

Tagairt: CPMI, Prionsabail le haghaidh bhonneagair an mhargaidh airgeadais

Córas iltaobhach i measc institiúidí airgeadais rannpháirteacha, lena n-áirítear oibreoir an chórais, a úsáidtear chun íocaíochtaí, urrúis, díorthaigh nó idirbhearta airgeadais eile a thaifeadadh, a imréiteach nó a shocrú.

0050

Cineál Córais

Tuairiscigh ceann de na luachanna seo a leanas:

‘PS’

Córas Íocaíochta

‘(I) CSD’

Taisclann Lárnach Urrús (Idirnáisiúnta), lena n-áirítear (I) CSD a sholáthraíonn seirbhísí socraíochta (go hinmheánach nó seachfhoinsithe)

‘SSS’

Córas Socraíochta Urrús gan chumhdach

‘CPL-Urrúis’

Contrapháirtí Lárnach i gcomhair Imréiteach Urrús

‘CPL-Díorthaigh’

Contrapháirtí Lárnach i gcomhair Imréiteach Díorthach

‘TR’

Stór Trádála

‘Eile’

i gcás nach dtagann cineál córais an BMA le haon cheann de na cineálacha réamhshainithe thuasluaite

‘N/B’

i gcás inar eintiteas nach bonneagar margaidh airgeadais thuasluaite é, mar shampla bainc thaisceánaigh, a sholáthraíonn na seirbhísí criticiúla íocaíochtaí, imréitigh, socraíochta nó cumhdaigh.

0060

Ainm

Ainm tráchtála bhonneagar an mhargaidh airgeadais

Nuair a thuairiscítear ‘N/B’ i gcolún 0050, fágfar an colún seo folamh.

0070

Cód BMA

Cód BMA. I gcás ina bhfuil sé ar fáil, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I gcás nach bhfuil an LEI ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Nuair a thuairiscítear ‘N/B’ i gcolún 0050, fágfar an colún seo folamh.

0080

Modh Rannpháirtíochta

Tuairiscigh ceann de na luachanna seo a leanas:

‘Díreach’

i gcás ballraíocht dhíreach nó rannpháirtíocht dhíreach

‘Indíreach’

i gcás ballraíocht indíreach nó rannpháirtíocht indíreach

‘N/B’

nuair a thuairiscítear ‘N/B’ i gcolún 0050.

0090

Ainm

Ainm tráchtála an idirghabhálaí nuair a thuairiscítear ‘Indíreach’ nó ‘N/B’ i gcolún 0080.

Nuair a thuairiscítear ‘Díreach’ i gcolún 0080, tuairisceofar ‘N/B’ (i gcomhair Neamhbhainteach).

Is féidir gur cuid den ghrúpa lena mbaineann an t-eintiteas tuairiscithe an t-idirghabhálaí nó is féidir gur institiúid creidmheasa eile é, nach mbaineann leis an ngrúpa sin.

Is féidir gur gnólacht é an t-idirghabhálaí a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, íocaíochtaí, socraíochta urrús agus/nó cumhdaigh do ghnólachtaí eile (go háirithe nuair a thuairiscítear ‘N/B’ i gcolún 0050); is féidir gur ball díreach é de BMA amháin nó de roinnt BMAnna agus go soláthraíonn sé rochtain indíreach ar na seirbhísí a thairgeann na BMAnna sin (go háirithe nuair a thuairiscítear ‘Indíreach’ i gcolún 0080).

0100

Cód

Cód an idirghabhálaí. I gcás ina bhfuil sé ar fáil, is é an cód alfa-uimhriúil LEI, ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I gcás nach bhfuil an LEI ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Nuair a thuairiscítear ‘Díreach’ i gcolún 0090, tuairisceofar ‘N/B’ (i gcomhair Neamhbhainteach).

0110

Tuairisc seirbhíse

Tuairisc ar an tseirbhís más ‘Eile’ nó ‘N/B’ a thuairiscítear mar chineál córais i gcolún 050.

0120

An Dlí Rialaithe

Aitheantas ISO 3166-1 alpha-2 na tíre sin a rialaíonn a dlí an rochtain ar an BMA.

I gcás ballraíocht dhíreach nó rannpháirtíocht dhíreach, is é dlí rialaithe an chonartha idir bonneagar an mhargaidh airgeadais agus an t-úsáideoir a chaithfear a thuairisciú. I gcás ballraíocht indíreach nó rannpháirtíocht indíreach, is é dlí rialaithe an chonartha idir an institiúid ionadaíoch agus an t-úsáideoir a chaithfear a thuairisciú.

II.10   Córais faisnéise criticiúla

II.10.1   Barúlacha ginearálta

57.

Is éard atá sa roinn seo na teimpléid seo a leanas:

a)

Z 10.01 - Córais faisnéise criticiúla (Faisnéis ghinearálta) (CIS 1), a liostaíonn na córais faisnéise criticiúla uile sa ghrúpa;

b)

Z 10.02 - Córais faisnéise criticiúla a mhapáil (CIS 2),a dhéanann na córais faisnéise criticiúla a mhapáil ar eintitis is úsáideoirí sa ghrúpa agus ar fheidhmeanna criticiúla.

58.

Is éard a thuigfí as Córas Faisnéise Criticiúla (‘CIS’) feidhmchlár nó bogearra TF a thacaíonn le seirbhís chriticiúil, a mbeadh bac mór nó cosc iomlán ar fheidhmiú feidhm chriticiúil mar thoradh air dá gcuirfí isteach ar an tseirbhís sin.

59.

Tuairisceofar na teimpléid sin i gcás an ghrúpa iomláin.

II.10.2   Z 10.01 - Córais faisnéise criticiúla (Faisnéis ghinearálta) (CIS 1): Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

60.

Leis an luach a thuairiscítear i gcolún 0010 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

Colúin

Treoracha

0010 - 0040

Córas Faisnéise Criticiúla

0010

Cód Aitheantais Córais

Is acrainm é an cód aitheantais córais a shocraíonn an institiúid agus lena sainaithnítear go cinnte an córas faisnéise criticiúla.

Aitheantóir ró atá ann a bheidh uathúil i gcás gach ró sa teimpléad.

0020

Ainm an chórais

Ainm tráchtála nó inmheánach an chórais.

0030

Cineál Córais

Tuairiscigh ceann de na luachanna seo a leanas:

‘Bogearraí Saincheaptha le haghaidh Tacaíocht Ghnó’

Feidhmchláir a forbraíodh i gcomhréir le sonraíochtaí gnó mionsonraithe. D’fhéadfadh sé gur forbraíodh go hinmheánach é. nó gur fhorbair conraitheoirí seachtracha é, ach is chun críche tacaíochta gnó a fhorbraítear é i gcónaí.

‘Bogearraí a Ceannaíodh Mar Atá’

Feidhmchláir a ceannaíodh sa mhargadh, a dhíol nó a cheadúnaigh díoltóir, nach ndearnadh modhnú orthu i dtéarmaí oiriúnuithe sonracha do ghnó na heagraíochta. Áirítear sa chatagóir seo feidhmchláir a cuireadh faoi réir gnáthshásraí cumraíochta.

‘Bogearraí a Ceannaíodh le Modhnuithe Saincheaptha’

Feidhmchláir a ceannaíodh sa mhargadh ach inar chruthaigh an díoltóir (nó a ionadaí) leagan sonrach ina dhiaidh sin le haghaidh chomhthéacs na suiteála sin. Is saintréithe den leagan áirithe seo iad na hathruithe ar iompraíocht an fheidhmchláir, na gnéithe nua, nó áireamh na mbreiseán neamhchaighdeánach a forbraíodh de réir ghnó na heagraíochta.

‘Feidhmchlár/Tairseach Sheachtrach’

Tairseacha seachtracha nó feidhmchláir a sholáthraíonn tríú páirtithe, comhpháirtithe de ghnáth, chun rochtain a fháil ar na seirbhísí atá á dtairiscint acu. De ghnáth, tá siad lasmuigh de raon feidhme bainistíochta chórais faisnéise na heagraíochta, agus déanann an comhpháirtí féin iad a shuiteáil, a chothabháil agus a bhainistiú. Is minic a bhíonn na feidhmchláir sin i bhfoirm tairseach (inrochtana tríd an Idirlíon nó trí ghréasáin phríobháideacha), agus d’ainneoin iad a bheith lasmuigh de raon feidhme sheirbhísí bainistíochta chórais faisnéise na heagraíochta, tá tábhacht ag baint leo (nó tá siad criticiúil) i dtaca le roinnt feidhmeanna gnó.

0040

Tuairisc

Tuairisc ar phríomhchuspóir an chórais faisnéise sa chomhthéacs gnó.

0050 - 0060

An Grúpeintiteas atá Freagrach as an gCóras

0050

Ainm eintitis

Ainm an eintitis dhlítheanaigh atá freagrach as an gcóras laistigh den ghrúpa.

Is é seo an t-eintiteas atá freagrach as soláthar, forbairt, comhtháthú, modhnú, oibriú, cothabháil agus cur as feidhm foriomlán córais faisnéise, agus is príomh-rannpháirtí é i bhforbairt shonraíochtaí deartha an chórais chun a áirithiú go ndéantar riachtanais slándála agus riachtanais oibríochtúla úsáideora a dhoiciméadú, a thástáil agus a chur chun feidhme.

0060

Cód

Cód an eintitis dhlítheanaigh atá freagrach as an gcóras laistigh den ghrúpa, mar a thuairiscítear in Z 01.00 - Struchtúr eagrúcháin (ORG).

II.10.3   Z 10-02 - Córais faisnéise a mhapáil (CIS 2): Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

61.

Leis an gcomhcheangal luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0010, 0030, 0040, 0050 agus 0060 den teimpléad seo, cruthaítear eochair phríomhúil nach mór di a bheith uathúil le haghaidh gach ró den teimpléad.

Colúin

Treoracha

0010

Cód Aitheantais Córais

Cód aitheantais an chórais faisnéise mar a thuairiscítear i gcolún 010 de theimpléad Z 10.01 (CIS 1).

0020-0030

An Grúpeintiteas is úsáideoir an Chórais

An t-eintiteas a úsáideann an córas laistigh den ghrúpa (‘úsáideoir’). I gcás roinnt úsáideoirí, tuairisceofar ró ar leith le haghaidh gach úsáideora den chóras faisnéise céanna.

0020

Ainm eintitis

Ainm an eintitis is úsáideoir, mar a thuairiscítear in Z 01.00 (ORG)

0030

Cód

Cód an eintitis is úsáideoir, mar a thuairiscítear in Z 01.00 (ORG)

0040

Seirbhís chriticiúil

Aitheantóir na seirbhíse criticiúla, mar a thuairiscítear in Z 08.00 (colún 0005), a dtacaíonn an córas léi. D’fhéadfadh sé gur seirbhís TF ann féin a bheadh sa tseirbhís chriticiúil nó cineál éigin eile seirbhíse a dtacaíonn an córas faisnéise léi (mar shampla próiseáil idirbheart).

0050-0060

Feidhm chriticiúil

An fheidhm chriticiúil a gcuirfí bac mór nó cosc iomlán uirthi dá gcuirfí isteach ar na seirbhísí a dtacaíonn an córas faisnéise leo. D’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt feidhmeanna criticiúla ann, agus sa chás sin, tuairisceofar roinnt rónna don chóras faisnéise céanna.

0050

Tír

An tír a bhfuil an fheidhm criticiúil di, mar a thuairiscítear in Z 07.01 (FUNC 1).

0060

Aitheantas

Aitheantas na bhfeidhmeanna criticiúla mar a shainmhínítear i gcaibidil II.7.1 thuas agus dá dtagraítear i dteimpléad Z 07.01 (FUNC 1).


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lgh. 1-1955).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

(3)  Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe ar an suíomh gréasáin seo a leanas: www.leiroc.org.

(4)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(7)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(8)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(9)  Rialachán (AE) 2021/379 ón mBanc Ceannais Eorpach a bhaineann le hítimí laistigh de chlár comhardaithe de chuid institiúidí creidmheasa agus de chuid earnáil na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta (athmhúnlú) (IO L 73, 3.3.2021, lgh. 16-85).

(10)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(11)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(12)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

(13)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(14)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(15)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1401 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh modheolaíochtaí agus prionsabail i leith luacháil dliteanais a eascraíonn as díorthaigh (IO L 228, 23.8.2016, lch. 7).

(18)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfaí íocaíocht ranníocaíochtaí urghnácha ex post a chur siar go páirteach nó go hiomlán, agus i dtaca leis na critéir chun na gníomhaíochtaí, na seirbhísí agus na hoibríochtaí a chinneadh maidir le feidhmeanna criticiúla, agus chun na línte gnó agus na seirbhísí gaolmhara a chinneadh maidir le croílínte gnó (IO L 131, 20.5.2016, lch. 41).

(19)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a shainmhínítear chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1409/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Samhain 2013 maidir le staitisticí íocaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lgh. 18-44).

(22)  Treoirlíne ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Aibreán 2014 maidir le staitisticí airgeadaíochta agus airgeadais (BCE/2014/15) (IO L 340, 26.11.2014, lgh. 1-209).