28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 55/41


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/320 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Feabhra 2022

maidir le húdarú bláthola mandairín eastósctha mar bhreiseán beatha le haghaidh éanlaith chlóis, muc, athchogantach, capall, coiníní agus salmainidí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin, foráiltear maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

I gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, rinneadh bláthola mandairín a údarú gan teorainn ama, mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an breiseán sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar bhláthola mandairín eastósctha le haghaidh gach speicis ainmhíoch.

(4)

D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí bláthola mandairín eastósctha lena húsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear comhdhúile blaistithe a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid na bláthola mandairín eastósctha in uisce óil a cheadú.

(5)

D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(6)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 5 Bealtaine 2021 (3) nach bhfuil tionchar díobhálach ag bláthola mandairín eastósctha ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ní fhéadfaí teacht ar chonclúidí, áfach, maidir le hainmhithe coimhdeachta agus éisc ornáideacha nach mbíonn nochta do sheachtháirgí citris de ghnáth. Chinn an tÚdarás freisin gur cheart bláthola mandairín eastósctha a mheas mar íogróir craicinn agus mar ghreannaitheoir don chraiceann, do na súile agus don chonair riospráide. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin.

(7)

Chinn an tÚdarás freisin go n-aithnítear bláthola mandairín eastósctha mar bhlastán bia agus go mbeadh an fheidhm atá léi in ábhar beatha mar a chéile, go bunúsach, leis an bhfeidhm atá léi i mbia agus, dá bhrí sin, meastar nach bhfuil gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(8)

Léirítear leis an measúnú ar bhláthola mandairín eastósctha go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(9)

Cé nach bhfuil bláthola mandairín eastósctha údaraithe lena húsáid mar bhlastán in uisce óil, ní chuirtear bac ar í a úsáid i mbeatha chumaisc a thugtar trí uisce.

(10)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(11)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”, údaraítear í mar bhreiseán beatha i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán seo iontu, a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 20 Meán Fómhair 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Márta 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh 20 Márta 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Márta 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha

(IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(6):6625.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe

2b142-eo

-

Bláthola mandairín eastósctha

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Bláthola mandairín a fhaightear ó chraiceann torthaí de Citrus reticulata Blanco.

Foirm leachtach

Tréithriú na substainte gníomhaí

Bláthola mandairín eastósctha a fhaightear trí eastóscadh fuar ó chraiceann torthaí Citrus reticulata Blanco mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (1).

d-Líomainéin: 65-80 %

γ-Teirpinéin: 13-22 %

α-Pinéin (pin-2(3)-éin):

1-3,5 %

Mírcéin: 1-2 %

β-Pinéin (pin-2(10)-éin):

1-2 %.

Meitil N-meitiolantrainioláit: 0,15-0,7 %

Pirileaildéad: ≤ 0,063 %

Uimhir CAS: 8008-31-9

Uimhir FEMA: 2657

Uimhir Chomhairle na hEorpa: 142

Modh anailíse  (2)

Chun cainníochtú a dhéanamh ar an marcóir fíteceimiceach d-líomainéin sa bhreiseán beathaithe nó i meascán de chomhdhúile blaistithe:

Crómatagrafaíocht gháis maille le brath lasair ianúcháin (GC-FID) (bunaithe ar ISO 3528)

Éanlaith chlóis

Coiníní

Salmainidí

-

-

15

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ceadaítear meascán de bhláthola mandairín eastósctha le breiseáin luibheolaíocha eile ar choinníoll go bhfuil na méideanna pirileaildéid in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc níos ísle ná an méid a thagann as breiseán aonair a úsáid ar an leibhéal uasta nó ar an leibhéal molta le haghaidh an speicis nó le haghaidh na catagóire ainmhithe.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, as teagmháil dheirmeach nó as teagmháil leis na súile. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

20 Márta 2032

Muca

-

-

33

Athchogantaigh

-

-

30

Capaill

-

-

40


(1)  Foinsí nádúrtha bhlastán - Tuarascáil Uimh. 2 (2007).

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports