28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 55/1


RIALACHÁN (AE) 2022/312 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 a mhéid a bhaineann le fad na tréimhse tagartha maidir le bearta sealadacha a chur i bhfeidhm i ndáil le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá laghdú géar tagtha ar an trácht iarnróid arb í an titim shuntasach ar éileamh is cúis leis. Bhí tionchar mór aige sin ar ghnóthais iarnróid.

(2)

Níl neart ag gnóthais iarnróid ar na cúinsí sin, ar gnóthais iarnróid iad atá ag dul i ngleic go leanúnach le fadhbanna leachtachta suntasacha agus le caillteanais ollmhóra agus atá i mbaol dócmhainneachta i gcásanna áirithe.

(3)

Chun gníomhú in aghaidh éifeachtaí eacnamaíocha diúltacha phaindéim COVID-19 agus chun tacaíocht a thabhairt do ghnóthais iarnróid, le Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuireadh ar chumas na mBallstát a údarú do na bainisteoirí bonneagair na muirir i leith rochtain ar bhonneagar iarnróid a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur. Deonaíodh an fhéidearthacht sin don tréimhse thagartha ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1061 ón gCoimisiún (4), cuireadh síneadh breise léi go dtí an 31 Nollaig 2021.

(4)

Tá paindéim COVID-19 ag leanúint ar aghaidh agus tá athraithigh atá an-tógálach agus neamh-intuartha, amhail athraitheach Oimiocrón COVID-19, ag teacht chun cinn, agus fágann sé sin go bhféadfadh bearta sriantacha nua a bheith riachtanach.

(5)

Tá an drochthionchar atá ag paindéim COVID-19 ar an trácht iarnróid ag leanúint ar aghaidh agus d’fhéadfadh sé go leanfaí de dhifear a dhéanamh do ghnóthais iarnróid. Chun iarracht a dhéanamh freagairt do riachtanais phráinneacha na hearnála, ba cheart síneadh breise a chur leis an tréimhse thagartha a shocraítear le Rialachán (AE) 2020/1429 go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(6)

Ós rud nach féidir forbairt phaindéim COVID-19 a thuar, go bhfuil athraithigh nua ag teacht chun cinn go tobann agus gur gá measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar an earnáil iarnróid, teastaíonn freagairt rialála a bheadh tapa solúbtha. Chun bearna a sheachaint maidir leis an bhfreagairt don chás atá ann i láthair na huaire, tá sé bunriachtanach a áirithiú go leanfaidh na rialacha d’fheidhm a bheith acu tar éis an 31 Nollaig 2021. I bhfianaise chineál na mbeart dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2020/1429, níl sárú ar ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar thoradh ar an síneadh sin ar an tréimhse thagartha a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach.

(7)

Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh go leanúnach ar thionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 ar an earnáil iarnróid agus ba cheart é a bheith ar chumas an Aontais síneadh a chur gan moill mhíchuí le tréimhse cur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2020/1429 má leanann na himthosca diúltacha de bheith ann.

(8)

Chun go bhféadfar síneadh a chur le bailíocht na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/1429, más gá agus má bhíonn bonn cirt leis sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le síneadh a chur leis an tréimhse thagartha ar lena linn a mbeidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2020/1429. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon síneadh a chur leis na rialacha sealadacha maidir le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid arna leagan síos mar fhreagairt ar an gcás práinne atá cruthaithe ag paindéim COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/1429 a leasú dá réir.

(11)

I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla arbh é paindéim COVID-19 ba chúis leo agus lena dtugtar bonn cirt do na bearta atá beartaithe, agus go háirithe chun na bearta is gá a ghlacadh go tapa d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna tromchúiseacha atá ag an earnáil faoi láthair, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(12)

Chun leanúnachas a áirithiú agus chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2020/1429

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha maidir le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid mar a leagtar amach i gCaibidil IV de Threoir 2012/34/AE. Tá feidhm aige maidir le bonneagar iarnróid a úsáid le haghaidh na seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta a chumhdaítear leis an Treoir sin, le linn na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2022 (‘an tréimhse thagartha’).”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5, mír 2:

“2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn na sonraí dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil laghdú ar leibhéal an tráchta iarnróid, i gcomparáid leis an leibhéal le linn thréimhse chomhfhreagrach na mblianta roimhe, ag leanúint ar aghaidh agus gur dócha go leanfaidh sé de bheith amhlaidh, agus go gcinneann an Coimisiún freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, gur de thoradh thionchar phandéim COVID-19 atá an cás seo amhlaidh, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun an tréimhse thagartha a shonraítear in Airteagal 1 a leasú dá réir. Le haon leasú den sórt sin, ní fhéadfar ach síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse thagartha, agus ní fhéadfar síneadh go dtí dáta níos faide amach ná an 31 Nollaig 2023 a chur leis an tréimhse thagartha.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6, mír 2:

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2023.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. PANNIER-RUNACHER


(1)  Tuairim an 19 Eanáir 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Feabhra 2022.

(3)  Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 333, 12.10.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1061 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena gcuirtear síneadh le tréimhse thagartha Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 229, 29.6.2021, lch. 1).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.