22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 41/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/244 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Meán Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear méid an chorrlaigh iomláin chun an “corrlach imréitigh ar leith” den K-fhachtóir (K-CMG) a ríomh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 23(3), an tríú fomhír,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun críocha mhéid “an chorrlaigh iomláin is gá” a shonrú, dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2019/2033, agus chun soiléireacht agus comhsheasmhacht a fheabhsú i ndáil lena chomhpháirteanna, ba cheart a shoiléiriú go n-áirítear i méid an chorrlaigh iomláin is gá aon chomhthaobhacht is gá ag an gcomhalta imréitigh i gcomhréir lena shamhail chorrlaigh.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2019/2033, úsáidtear an corrlach iomlán is gá ar bhonn laethúil le haghaidh K-CMG a ríomh. I gcás ina mionathraíonn comhaltaí imréitigh an corrlach is gá ina leith laistigh de 1 lá amháin, fágann sé sin go ndéantar níos mó ná glao amháin ar chorrlach ar an lá céanna. Chun éiginnteacht faoi cé acu de na ceanglais chorrlaigh is ceart a úsáid agus ós rud é go bhfuil an tríú méid is airde le linn tréimhse 3 mhí le húsáid chun K-CMG a ríomh, is gá a shonrú gur cheart an méid corrlaigh laethúil a bheith ar an gcorrlach is airde as na ceanglais chorrlaigh ar lá áirithe.

(3)

Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta seirbhísí imréitigh na gcomhaltaí imréitigh a úsáid. I gcás suíomhanna a gcuirfear K-CMG i bhfeidhm ina leith, ba cheart go mbeadh cinneadh mhéid an chorrlaigh iomláin a éilítear ón ngnólacht infheistíochta cuimsitheach agus an corrlach iomlán a éilíonn gach comhalta imréitigh san áireamh. Dá bhrí sin, i gcás ina n-úsáideann gnólacht infheistíochta K-CMG le haghaidh suíomhanna atá faoi réir imréitigh ag roinnt comhaltaí imréitigh, ba cheart CMG a ríomh mar shuim na gcorrlach is gá ar fud na gcomhaltaí imréitigh go léir. Ba cheart do ghnólacht infheistíochta, dá réir sin, méid iomlán laethúil an chorrlaigh is gá a ríomh mar shuim an chorrlaigh iomláin a éilíonn gach comhalta imréitigh, sula gcinneann sé an tríú méid is airde de na corrlaigh iomlána ar bhonn laethúil mar a cheanglaítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2019/2033.

(4)

Maidir le cur chun feidhme K-CMG ar bhonn punainne, i gcás ina bhfuil an phunann uile faoi réir imréitigh nó déanamh corrlaigh, ní mór na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is féidir úsáid a bhaint as K-CMG i leith phunann na suíomhanna imréitithe atá sannta do dheasc thrádála amháin, agus ag an am céanna, is féidir úsáid a bhaint as an K-fhachtóir “suíomh an ghlanriosca” (K-NPR) i leith phunann na suíomhanna imréitithe atá sannta do dheasc thrádála eile. Chun arbatráiste a sheachaint, ba cheart úsáid K-CMG agus K-NPR ar fud na ndeasc trádála a bheith chomhsheasmhach. Dá bhrí sin, ba cheart an cur chuige céanna a úsáid le haghaidh deasca trádála atá chomhchosúil ó thaobh straitéis ghnó agus suíomhanna leabhair trádála de.

(5)

Chun críocha an mheasúnaithe faoi Airteagal 23(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2019/2033, ba cheart é a bheith ina cheangal ar an údarás inniúil measúnú a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil an cur chuige K-CMG iomchuí sa mhéid go léiríonn sé próifíl riosca shuíomhanna leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart é a bheith ina cheangal ar ghnólacht infheistíochta comparáid a dhéanamh go rialta idir a fhéinmheasúnú riosca agus na corrlaigh arna n-éileamh ag comhaltaí imréitigh, chun críche measúnú a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil na corrlaigh sin ina dtáscaire maith go fóill ar leibhéal an riosca do mhargadh an ghnólachta infheistíochta. Ag pointe an mheasúnaithe ag an údarás inniúil, ba cheart go ndéanfadh an gnólacht infheistíochta comparáid idir na ceanglais chaipitil faoi K-NPR agus K-CMG agus ba cheart dó a bheith in ann bonn cirt a thabhairt faoin difear idir na ceanglais chaipitil sin don údarás inniúil. Níor cheart go mbeadh measúnú an údaráis inniúil dearfach ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin go léir. Go háirithe, ba cheart don údarás inniúil a áirithiú go bhfuil an gnólacht infheistíochta in ann faireachán a dhéanamh agus bonn cirt a thabhairt i dtaobh an difir idir an toradh ar an dá mhodheolaíocht, K-NPR agus K-CMG, go háirithe i gcás athrúcháin mhóra ar na corrlaigh is gá.

(6)

Is táscaire láidir é má athraítear idir úsáid K-NPR agus K-CMG go rímhinic d’úsáid fhéideartha dhíréireach nó neamhfhónta na gceanglas cistí dílse. Is féidir cosc a chur ar arbatráiste rialála trí shrian a chur le minicíocht na n-athruithe ar shuíomhanna idir úsáid K-NPR agus K-CMG. Bheadh ceanglas chun úsáid leanúnach a bhaint as ceann den dá mhodh le haghaidh deasc thrádála ar feadh 2 bhliain ar a laghad comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar riosca an arbatráiste rialála. I gcásanna eisceachtúla (athstruchtúrú gnólachta m.sh), áfach, i gcás ina n-athraíonn deasc thrádála a mhéid gur féidir í a mheas mar dheasc thrádála éagsúil, ba cheart don údarás inniúil cead a thabhairt do ghnólacht infheistíochta modhanna a athrú laistigh den tréimhse 2 bhliain sin.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(8)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe; tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ríomh mhéid an chorrlaigh iomláin is gá

1.   Méid an chorrlaigh iomláin dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 a bheidh i méid na comhthaobhachta is gá ina gcuimsítear an corrlach tosaigh, corrlaigh athrúcháin agus comhthaobhacht eile, mar a cheanglaítear ag an gcomhalta imréitigh bunaithe ar shamhail chorrlaigh an ghnólachta infheistíochta le haghaidh na ndeasc trádála faoi réir K-CMG. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallóidh “deasc thrádála” deasc thrádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (144), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

2.   I gcás nach ndéanann comhalta imréitigh idirdhealú idir corrlaigh a cheanglaítear le haghaidh na deisce trádála atá faoi réir K-CMG agus corrlaigh a cheanglaítear le haghaidh deasca trádála eile, measfaidh an gnólacht infheistíochta méid iomlán na gcorrlach a cheanglaítear le haghaidh na ndeasc trádála mar chorrlaigh faoi mhír 1.

3.   Ní mheastar mar chorrlaigh faoi mhír 1 na táillí a íocann gnólacht infheistíochta leis an gcomhalta imréitigh as úsáid a bhaint as na seirbhísí comhalta imréitigh.

4.   I gcás ina ndéanann an comhalta imréitigh nuachóiriú ar an gcorrlach iomlán is gá níos minice ná uair amháin sa lá, is é an corrlach iomlán is gá ar an lá sin an méid is airde de mhéideanna na gcorrlach iomlán arna n-éileamh ag an gcomhalta imréitigh le linn an lae sin.

5.   I gcás ina mbaineann an gnólacht infheistíochta úsáid as na seirbhísí de chuid níos mó ná comhalta imréitigh amháin le haghaidh na ndeasc trádála faoi réir K-CMG, ríomhfar méid an chorrlaigh iomláin dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn laethúil trí shuimiú mhéideanna na gcorrlach a éilíonn gach comhalta imréitigh faoi mar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 2

Cosc arbatráiste

1.   Déanfar an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 23(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2019/2033 a chomhlíonadh i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás ina ríomhann an gnólacht infheistíochta na ceanglais chaipitil K-CMG ar phunann suíomhanna imréitithe arna sannadh do dheasc thrádála amháin, cuireann sé an mhodheolaíocht chéanna i bhfeidhm i leith shuíomhanna uile na deisce trádála sin ar feadh tréimhse leanúnach 24 mhí ar a laghad, é sin nó tá athrú chomh suntasach sin tagtha ar straitéis ghnó nó oibríochtaí ghrúpa déileálaithe na deisce trádála sin gur féidir iad a mheas mar dheasc thrádála eile;

(b)

úsáideann an gnólacht infheistíochta K-CMG go comhsheasmhach ar fud deasca trádála atá chomhchosúil ó thaobh straitéis ghnó agus suíomhanna leabhair trádála de;

(c)

tá beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta lena dtaispeántar go léireodh rogha na punainne/na bpunann faoi réir K-CMG rioscaí shuíomhanna leabhair trádála gnólachta infheistíochta, lena n-áirítear na tréimhsí sealbhaíochta ionchasacha, na straitéisí trádála arna gcur i bhfeidhm agus an t-am a d’fhéadfadh a bheith i gceist chun rioscaí a shuíomhanna leabhair trádála a fhálú nó a bhainistiú;

(d)

tá beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta trína gcuirtear ar a cumas comparáid a dhéanamh idir na ceanglais chaipitil a ríomhtar ar bhonn K-CMG agus na ceanglais chaipitil a ríomhtar ar bhonn K-NPR agus chun réasúnaíocht leordhóthanach a dhéanamh ar aon difríocht eatarthu agus na fachtóirí a leagtar amach i mír 2 i ngach ceann de na cásanna seo a leanas á gcur san áireamh:

(i)

i gcás ina spreagann athrú ar straitéis ghnó deisce trádála athrú 20 % nó níos mó ar cheanglais chaipitil na deisce trádála sin bunaithe ar chur chuige K-CMG;

(ii)

i gcás ina spreagann athrú ar shamhail chorrlaigh an chomhalta imréitigh athrú 10 % nó níos mó ar na corrlaigh is gá 10 % i leith na punainne céanna suíomhanna foluiteacha deisce trádála;

(e)

baineann an gnólacht infheistíochta úsáid as toradh ríomh K-CMG ina chreat bainistíochta riosca agus cuireann sé torthaí a fhéinmheasúnaithe riosca i gcomparáid go rialta leis na corrlaigh arna n-éileamh ag comhaltaí imréitigh;

(f)

chuir an gnólacht infheistíochta na ceanglais chaipitil a ríomhtar trí K-CMG i gcomparáid leis na ceanglais chaipitil a ríomhtar trí K-NPR le haghaidh gach deisce trádála ag pointe mheasúnú an údaráis inniúil agus thug sé bonn cirt maidir le haon difríocht eatarthu ar fáil don údarás inniúil, agus na fachtóirí a leagtar amach i mír 2 curtha san áireamh.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (d) agus pointe (f), cuirfidh an t-údarás inniúil na fachtóirí seo a leanas san áireamh chun measúnú a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an difríocht i gceanglais chaipitil a ríomhtar agus K-CMG agus K-NPR á fheidhmiú:

(a)

an tagairt do na straitéisí trádála ábhartha;

(b)

creat bainistíochta riosca dílis an ghnólachta infheistíochta;

(c)

leibhéal cheanglais cistí dílse an ghnólachta infheistíochta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033;

(d)

torthaí na maoirseachta stuamachta agus an phróisis meastóireachta, má tá siad ar fáil.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 314, 5.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).