|
(1)
|
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta dar teideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a”:
|
|
Ainm
|
Faisnéis chéannachta
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
“44.
|
Aung Naing Oo
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 13 Deireadh Fómhair 1962;
Áit bhreithe: Kyaukse, Mandalay, Myanmar/Burma;
Inscne: fireann;
Seoladh: L 103, Kenyeikthar Lane 6, FMI city, Yangon, Myanmar/Burma;
Uimhir an phas: DM002656
Uimhir aitheantais náisiúnta: 7/PaKhaNa (Naing) 13345
|
Is é Aung Naing Oo an tAire Infheistíochta agus Caidrimh Eacnamaíoch Eachtraigh ón 2 Feabhra 2021. Cheap an State Administrative Council (SAC) é, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a chuaigh i gceannas ar chumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit amhail ón 2 Feabhra 2021.
Agus é ina Aire Rialtais, is cuid den réimeas míleata é, a ghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Agus é ina Aire Infheistíochta agus Caidrimh Eacnamaíoch Eachtraigh, tá sé i gceannas ar ghnó agus ar infheistíochtaí i Maenmar/Burma a éascú agus dá bhrí sin, rannchuidíonn sé le riachtanais airgeadais an réimis mhíleata a dhaingniú. Sna ráitis agus sna gníomhartha a rinne sé, thacaigh sé go poiblí leis an coup agus leis an réimeas míleata, lena n-áirítear trína rá go ndearna na meáin idirnáisiúnta áibhéil faoin ngéarchéim agus d’áitigh sé freisin go bhfuil deireadh ag teacht le gluaiseacht na heasumhlaíochta sibhialta. Ina theannta sin, chuir sé cosc ar fheidhmeannaigh gnólachtaí teileachumarsáide eachtracha an tír a fhágáil gan cead agus thug sé bata agus bóthar do státseirbhísigh san Aireacht i mí Feabhra 2021 a bhí ag déanamh agóide. Dá bhrí sin, lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí, baintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
21.2.2022
|
|
45.
|
Charlie Than
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1950;
Inscne: fireann;
Seoladh: Room No (23), Building No (25), Palm Village Villa, Yankin Yanshin Street, Yangon, Myanmar/Burma
|
Is é Charlie Than an tAire Tionsclaíochta ón 22 Bealtaine 2021. Cheap an State Administrative Council (SAC) é, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a chuaigh i gceannas ar chumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit amhail ón 2 Feabhra 2021.
Sna ráitis agus sna gníomhartha a rinne sé, thacaigh sé go poiblí leis an coup agus leis an réimeas míleata. Agus é ina Aire Rialtais, is cuid den réimeas míleata é, a ghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Agus é ina Aire Tionsclaíochta, tá smacht aige ar mhonarchana atá faoi úinéireacht an Stáit agus dá bhrí sin rannchuidíonn sé le riachtanais airgeadais an réimis mhíleata a dhaingniú. Dá bhrí sin, lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí, baintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
21.2.2022
|
|
46.
|
Thet Thet Khine
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 19 Lúnasa 1967;
Áit bhreithe: Mogok, Myanmar/Burma;
Inscne: baineann
Seoladh: 127A Dhamazadei Road, Kamayut, Yangon, Myanmar/Burma ;
Uimhir an phas: MB132403 (Myanmar/Burma), a eisíodh an 7 Bealtaine 2015, dul in éag an 6 Bealtaine 2020;
Uimhir aitheantais náisiúnta: 9MAKANAN034200
|
Is í Thet Thet Khine an tAire Leasa Shóisialaigh, Fóirithinte agus Athlonnaithe ón 4 Feabhra 2021. Cheap an State Administrative Council (SAC) í, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a chuaigh i gceannas ar chumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit amhail ón 2 Feabhra 2021.
Agus í ina Aire Rialtais, is cuid den réimeas míleata í, a ghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Sna ráitis agus sna gníomhartha uaithi, thacaigh sí go poiblí leis an coup agus leis an réimeas míleata, lena n-áirítear sa ráiteas uaithi gur chuir an t-arm an coup ar bun mar thoradh ar chalaois toghcháin. Ina theannta sin, shéan sí go ndearna an t-arm cinedhíothú in aghaidh dhaonra na Róihinse. Dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus beartas lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol, agus tugann sí tacaíocht do na gníomhaíochtaí sin.
|
21.2.2022
|
|
47.
|
Maung Maung Ohn (ar a dtugtar freisin U Maung Maung Ohn)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Is é Maung Maung Ohn an tAire Faisnéise ón 1 Lúnasa 2021. Cheap an State Administrative Council (SAC) é, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a chuaigh i gceannas ar chumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit amhail ón 2 Feabhra 2021. Bhí sé ina Aire Óstán agus Turasóireachta roimhe sin, tar éis dó a bheith ceaptha an 7 Feabhra 2021.
Agus é ina Aire Rialtais, is cuid den réimeas míleata é a ghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Ina cháil mar Aire Faisnéise, tá smacht aige ar na meáin atá faoi úinéireacht an Stáit (MWD, MRTV, as na nuachtáin Myanmar Alin, Kyemon agus Global New Light of Myanmar, as Myanmar News Agency (MNA) agus Myanmar Digital News), agus, dá bhrí sin, tá craoladh agus foilsiú na nuachta oifigiúla faoi rialú aige. Lean sé de na beartais cur faoi chois tar éis an coup míleata, agus neartaigh sé iad, go sonrach trí leasú a dhéanamh ar an Dlí Craolacháin Teilifíse agus Raidió, trí shrianta breise a chur ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar shaoirse an phreasa, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí choiriúlú iriseoireachta agus trí iriseoirí a chur i bpríosún. Ina theannta sin, thug sé treoir do chomhaltaí Chomhairle Meán Mhaenmar, comhlacht neamhspleách, cuspóirí an rialtais a chur chun feidhme.
Dá bhrí sin, lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí, baintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
21.2.2022
|
|
48.
|
Shwe Kyein (ar a dtugtar freisin U Shwe Kyein)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Shwe Kyein, ón 30 Márta 2021.
An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.
Agus é ina chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag U Shwe Kyein leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna Stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta.
Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine á ndéanamh go leanúnach ón 1 Feabhra 2021 ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata atá faoi rialú ag SAC, trí agóideoirí sibhialta neamharmáilte a mharú, trí na céadta míle daoine a easáitiú, trí shibhialtaigh a dhó, a chéasadh agus a mharú agus trí rochtain chomhionann ar chabhair dhaonnúil a dhiúltú. Tá srian curtha ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata, atá ag feidhmiú faoi rialú ag SAC, leis an tsaoirse comhthionóil agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh trí rochtain ar an idirlíon a chosc, agus trí ghabháil agus choinneáil threallach a dhéanamh ar cheannairí den fhreasúra agus orthu siúd atá in aghaidh an coup agus trína gciontú. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, agus ceadaítear don arm údarás iomlán a fheidhmiú ar an limistéar sonraithe, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, ceiltear orthu an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear an ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.
Mar chomhalta den SAC, tá U Shwe Kyein freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
21.2.2022
|
|
49.
|
Aung Moe Myint (ar a dtugtar freisin U Aung Moe Myint)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 23 Feabhra 2021, ainmníodh Aung Moe Myint ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, bhí baint dhíreach ag Aung Moe Myint le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
50.
|
Than Tun (ar a dtugtar freisin U Than Tun)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 2 Feabhra 2021, ainmníodh Than Tun ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Than Tun le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
51.
|
Aung Lwin Oo (ar a dtugtar freisin U Aung Lwin OO)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 23 Feabhra 2021, ainmníodh Aung Lwin Oo ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Aung Lwin Oo le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
52.
|
Aung Saw Win (ar a dtugtar freisin U Aung Saw Win)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 2 Feabhra 2021, ainmníodh Aung Saw Win ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Aung Saw Win le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
53.
|
Than Win
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 2 Feabhra 2021, ainmníodh Than Win ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú i gcoinne 16 dhuine as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Than Win le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
54.
|
Saw Ba Hline (ar a dtugtar freisin U Saw Ba Hline)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 9 Feabhra 2021, ainmníodh Saw Ba Hline ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Saw Ba Hline le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
55.
|
Soe Oo (ar a dtugtar freisin U Soe OO)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 9 Feabhra 2021, ainmníodh Soe Oo ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú i gcoinne 16 dhuine as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Soe Oo le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
56.
|
Than Soe (ar a dtugtar freisin U Than Soe)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 26 Feabhra 2021, ainmníodh Than Soe chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Than Soe le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
57.
|
Bran Shaung (ar a dtugtar freisin U Bran Shaung)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma
Inscne: fireann
|
An 26 Feabhra 2021, ainmníodh Bran Shaung ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Bran Shaung le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
58.
|
Myint Oo (ar a dtugtar freisin U Myint Oo)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 26 Feabhra 2021, ainmníodh Myint Oo ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Myint Oo le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
59.
|
Khin Maung Oo (ar a dtugtar freisin U Khin Maung Oo)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 26 Feabhra 2021, ainmníodh Khin Maung Oo ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Khin Maung Oo le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
60.
|
Nu Mya Zan (ar a dtugtar freisin Daw Nu Mya Zan)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: baineann
|
An 26 Feabhra 2021, ainmníodh Nu Mya Zan ina comhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sí leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína gníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Nu Mya Zan le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
61.
|
Myint Thein (ar a dtugtar freisin U Myint Thein)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 26 Feabhra 2021, ainmníodh Myint Thein ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Myint Thein le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
62.
|
Ba Maung (ar a dtugtar freisin Dr Ba Maung)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
An 26 Feabhra 2021, ainmníodh Ba Maung ina chomhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sé leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína ghníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Ba Maung le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.
|
21.2.2022
|
|
63.
|
Tayza Kyaw (ar a dtugtar freisin U Tayza Kyaw)
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Tá U Tayza Kyaw ina chomhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus ardphoist éagsúla aige, lena n-áirítear Ceannasaí ar Northern Command agus Ceannasaí ar Bureau of Special Operations No.1 (BSO 1).
Anuas go dtí an coup a tharla an 1 Feabhra 2021, rinne Tayza Kyaw maoirsiú ar oibríochtaí míleata i Stát Kachin; baineadh úsáid iomarcach as an lámh láidir in aghaidh grúpaí mionlaigh eithneacha agus as foréigean neamh-idirdhealaitheach as ar eascair sárú ar chearta na sibhialtach agus a n-easáitiú éigeantach.
Ó mhí Feabhra 2021 i leith, tá U Tayza Kyaw ag déanamh maoirseachta ar BSO 1, a bhí i gceannas ar roinnt oibríochtaí míleata ar mórscála i ndlúthchomhar le U Than Hlaing, a bhfuil sé bunaithe ina leith go raibh sé freagrach as foréigean iomarcach agus sáruithe ar chearta an duine. Le linn ullmhú agus seoladh na ‘n-oibríochtaí imréitigh’, i réigiúin Sagaing agus Magwe, faoi chuimsiú an BSO 1, chonacthas úsáid iomarcach fornirt chomh maith le foréigean inscne. Tá sé freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, agus as a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
21.2.2022
|
|
64.
|
Ni Lin Aung
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Ni Lin Aung ina Cheannasaí ar Eastern Command of the Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Is cuid de dhlínse Eastern Command Stát Kayah. Le linn ionsaí an 24 Nollaig 2021 in aice le sráidbhaile Moso i mbaileárthach Phruso, Stát Karenni (Kayah), maraíodh ar a laghad 35 duine, ina measc sibhialtaigh, leanaí agus beirt oibrithe cabhrach daonnúla ón ENR Save the Children. Tá an Tatmadaw freagrach as an ionsaí. Ina phost mar Cheannasaí ar Eastern Command, tá ceannas díreach ag an mBriogáidire-Ghinearál Ni Lin Aung ar na haonaid i Stát Kayah, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as an sléacht sin. Tá an Briogáidire-Ghinearál Ni Lin Aung freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
21.2.2022
|
|
65.
|
Aung Zaw Aye
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann
|
Tá an Leifteanant-Ghinearál Aung Zaw Aye ina Cheannasaí ar Bureau of Special Operations No. 2 of the Myanmar Armed Forces (Tatmadaw).
Le linn ionsaí míleata an 24 Nollaig 2021 in aice le sráidbhaile Moso i mbaileárthach Phruso, Stát Karenni (Kayah), maraíodh 35 duine ar a laghad, ina measc sibhialtaigh, leanaí agus beirt oibrithe cabhrach daonnúla ón ENR Save the Children. Tá an Tatmadaw freagrach as an ionsaí. Ina phost mar cheannasaí ar Bureau of Special Operations 2, tá an Lt. Ghin. Aung Zaw Aye i gceannas ar Eastern Command, a bhfuil ceannas díreach aici ar na haonaid mhíleata atá gníomhach i Stát Kayah, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as an sléachtsin. Tá an Lt. Ghin. Aung Zaw Aye freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
21.2.2022”
|
|