21.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/237 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Feabhra 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Lúnasa 2011, cuireadh Mohammed Makhlouf le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 755/2011 ón gComhairle (2).

(2)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, coinníodh Mohammed Makhlouf ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

An 12 Meán Fómhair 2020, fuair Mohammed Makhlouf bás. Ós rud é gur baill de theaghlach Makhlouf iad a oidhrí uile, tá baol bunúsach ann go n-úsáidfear na sócmhainní arna bhfáil le hoidhreacht chun tacú le gníomhaíochtaí réimeas na Siria agus go rachfaidh siad díreach isteach i seilbh an réimis, rud a d’fhéadfadh cur leis an gcur faoi chois le foréigean atá á dhéanamh ag an réimeas ar an bpobal sibhialtach.

(4)

I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus aird againn ar an méid thuas, ba cheart cúigear ball breise de theaghlach Makhlouf a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 755/2011 ón gComhairle an 1 Lúnasa 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 199, 2.8.2011, lch. 33).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“318.

Hala Tarif ALMAGHOUT

هلا طريف الماغوط

Inscne: Baineann

Dáta breithe: 30.6.1980 nó 30.7.1980.

Baintreach Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf.

21.2.2022

319.

Ghada Adib MHANNA

غاده أديب مهنا

Inscne: Baineann

Dáta breithe: 22.5.1948

Baintreach Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf.

21.2.2022

320.

Shalaa Mohammed MAKHLOUF

شهلاء محمد مخلوف

Inscne: Baineann

Dáta breithe: 22.3.1967

Iníon Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf.

21.2.2022

321.

Kinda Mohammed MAKHLOUF

كندا محمد مخلوف

Inscne: Baineann

Dáta breithe: 25.9.1977

Iníon Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf

21.2.2022

322.

Sara Mohammed MAKHLOUF

ساره محمد مخلوف

Inscne: Baineann

Dáta breithe: 27.8.1984

Iníon Mohammed Makhlouf. Ball de theaghlach Makhlouf.

21.2.2022”