|
21.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 39/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/230 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Feabhra 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Corylus avellana L. agus Corylus colurna L. atá le cur, de thionscnamh na Seirbia
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(2) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(3) |
Tar éis réamh-mheasúnú riosca a dhéanamh, áiríodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí atá le cur, de thionscnamh na dtríú tíortha ar fad, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo, agus tá an géineas Corylus L. ar cheann acu. |
|
(4) |
An 29 Bealtaine 2020, chuir an tSeirbia iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí Corylus avellana L. agus Corylus avellana L. beangaithe ar Corylus colurna L. agus iad idir bliain agus 3 bliana d’aois, le cur agus fréamhlom, agus plandaí Corylus avellana L. agus iad 2 bhliain d’aois, le cur agus le damhna fáis, atá suanach agus gan duilleoga orthu, a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin. |
|
(5) |
An 25 Márta 2021, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Corylus avellana agus Corylus colurna atá le cur ón tSeirbia (4). Shainaithin an tÚdarás fíteaplasma flavescence dorée na fíniúna mar lotnaid ábhartha i leith na bplandaí sin atá le cur. Liostaítear an lotnaid sin i gCuid B, roinn F d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5), mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais arb eol go bhfuil sí i gcríoch an Aontais. |
|
(6) |
Ar bhonn na tuairime sin, measann an Coimisiún go bhfuil an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach i gcríoch an Aontais plandaí atá le cur de Corylus avellana L. agus Corylus colurna L. de thionscnamh na Seirbia, inghlactha, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais allmhairiúcháin speisialta arna leagan amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Tá feidhm ag an mbreithniú sin maidir le gach planda de na speicis sin atá le cur, beag beann ar a aois, ná é a bheith fréamhlom, suanach ná gan duilleoga. |
|
(7) |
Dá réir sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí iad a mbaineann ardriosca leo na plandaí sin atá le cur. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Chun oibleagáidí an Aontais a eascraíonn as comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le cur i bhfeidhm beart sláintíochta agus fíteashláintíochta (6) a chomhlíonadh, ba cheart allmhairiú na dtráchtearraí sin a atosú a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).
(4) EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí], 2021. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Corylus avellana and Corylus colurna plants from Serbia.[Tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Corylus avellana agus Corylus colurna ón tSeirbia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(5):6571, 55 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6225.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(6) The World Trade Organization Agreement on the Application of Sanitary and Phytosanitary Measures (SPS Agreement), https://www.wto.org/english/tratop_e/sps_e/spsagr_e.htm.
IARSCRÍBHINN
Sa tábla i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, an dara colún, “Tuairisc”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le “ Corylus L.”:
“ Corylus L., seachas plandaí Corylus avellana L. ná Corylus colurna L. atá le cur de thionscnamh na Seirbia”.