18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/4


RIALACHÁN (AE) 2022/212 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2) ón gComhairle, déantar foráil maidir le, i measc nithe eile, cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo agus toirmisctear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, nó d’eintitis a mbaineann a ngníomhaíochtaí an bonn ar shlí eile ón daonlathas nó ón smacht reachta sa Bhealarúis nó a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka nó a thacaíonn leis, nó do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí a eagraíonn nó a rannchuidíonn le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka lena n-éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais nó aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Ballstáit.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 tugtar éifeacht do na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES.

(3)

An 24 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1031 (3), lenar tugadh isteach bearta sriantacha eacnamaíocha spriocdhírithe breise agus Rialachán (AE) 2021/1030 (4), lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. Le Cinneadh (CBES) 2021/1031 agus Rialachán (AE) 2021/1030 leagtar síos srianta sonracha earnálacha.

(4)

An 17 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2022/218 (5), lena dtugtar isteach leasuithe áirithe chun éifeachtacht agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na mbeart a áirithiú. Is gá na leasuithe sin a léiriú i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chun go bhféadfar na bearta a chur chun feidhme i gceart agus go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis”;

(2)

in Airteagal 1, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“13.

ciallaíonn ‘seirbhísí bróicéireachta’:

(i)

caibidlíocht nó socrú idirbheart chun earraí agus teicneolaíocht nó seirbhísí airgeadais agus teicniúla a cheannach, a dhíol nó a sholáthar, lena n-áirítear ó thríú tír chuig aon tríú tír eile; nó

(ii)

díol nó ceannach earraí agus teicneolaíochta nó seirbhísí airgeadais agus teicniúla, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil siad lonnaithe i dtríú tíortha chun iad a aistriú go tríú tír eile;

14.

ciallaíonn ‘corparáid phoiblí’ gnóthas, seachas institiúid chreidmheasa, atá bunaithe sa Bhealarúis agus a bhfuil os cionn 50 % de faoi úinéireacht phoiblí, nó faoi rialú poiblí aige, ón 1 Meitheamh 2021 ar aghaidh;

15.

ciallaíonn ‘éileamh’ aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar an dáta sin nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus áirítear leis go háirithe:

(i)

éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

(ii)

éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

(iii)

éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

(iv)

frithéileamh;

(v)

éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;

16.

ciallaíonn ‘conradh nó idirbheart’ aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le ‘conradh’ banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart”;

(3)

in Airteagal 1e, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil nó seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le hearraí dé-úsáide agus teicneolaíocht dé-úsáide a sholáthar, nó seirbhísí a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí nó na teicneolaíochta sin, a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, más amhlaidh go bhfuil na hítimí ceaptha, ina n-iomláine nó go páirteach, le haghaidh úsáid mhíleata nó le haghaidh úsáideoir deiridh míleata;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, a bhaineann leis na hearraí dé-úsáide agus leis an teicneolaíocht dé-úsáide, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, le haghaidh aon díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú ítimí den sórt sin, nó chun aon chúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, más amhlaidh go bhfuil, nó go mb’fhéidir go mbeadh, na hítimí ceaptha, ina n-iomláine nó i bpáirt, le haghaidh úsáid mhíleata nó le haghaidh úsáideoir deiridh míleata.

4.   Na toirmisc i mír 3, beidh siad gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a chur i gcrích.”;

(4)

in Airteagal 1f, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Beidh na toirmisc i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

4.   Na toirmisc i míreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm acu maidir le honnmhairiú, díolachán, soláthar ná aistriú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ní bheidh feidhm acu maidir le soláthar gaolmhar cúnaimh theicniúil nó airgeadais, chun na cumais núicléacha shibhialta atá ann cheana a chothabháil agus a choimeád slán.”;

(5)

in Airteagal 1g, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   In Iarscríbhinn VI, beidh earraí a úsáidtear chun táirgí tobac a tháirgeadh nó a mhonarú.”;

(6)

in Airteagal 1h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

táirgí peitriliam agus hidreacarbóin ghásaigh, faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn VII iad, a allmhairiú isteach san Aontas, go díreach nó go hindíreach, más rud é:

(i)

go bhfuil siad de thionscnamh na Bealarúise; nó

(ii)

gur onnmhairíodh iad ón mBealarúis;

(b)

táirgí peitriliam agus hidreacarbóin ghásaigh a cheannach go díreach nó go neamhdhíreach, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn VII agus táirgí de thionscnamh na Bealarúise nó atá suite inti.

(c)

táirgí peitriliam agus hidreacarbóin ghásaigh faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn VII a iompar, más de thionscnamh na Bealarúise iad nó má tá siad á n-onnmhairiú ón mBealarúis go dtí aon tír eile.

(d)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear díorthaigh airgeadais, chomh maith le hárachas agus athárachas, a bhaineann leis na toirmisc i bpointí (a), (b) agus (c).

2.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le ceannach táirgí peitriliam agus hidreacarbóin ghásaigh sa Bhealarúis, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn VII, táirgí is gá chun freastal ar bhunriachtanais an cheannaitheora sa Bhealarúis nó ar riachtanais riachtanacha tionscadal daonchairdiúil sa Bhealarúis.”;

(7)

in Airteagal 1h, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Beidh mír 1 gan dochar don tsaoirse chun táirgí peitriliam agus hidreacarbóin ghásaigh a aistriú ar fud na Bealarúise faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn VII ar de thionscnamh tríú tír é.”;

(8)

in Airteagal 1i, leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

“2.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 agus do chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú. Chun críche an Airteagail seo, áirítear sna conarthaí sin creatchonarthaí atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ina bhfuil dáta deiridh agus ina ndéantar foráil maidir le coigeartuithe ar phraghas agus ar mhéideanna bunaithe ar choinníollacha a comhaontaíodh roimh an 25 Meitheamh 2021.

Níl feidhm ag an mír seo maidir le haon chineál comhaontaithe nach n-áirítear ann gealltanais cheangailteacha idir na páirtithe.”;

(9)

in Airteagal 1j, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):

“(a)

Poblacht na Bealarúise, a Rialtas, a comhlachtaí poiblí, a corparáidí nó a gníomhaireachtaí poiblí;

(b)

mórinstitiúid creidmheasa arna bunú sa Bhealarúis a bhfuil os cionn 50 % di faoi úinéireacht phoiblí, nó faoi rialú poiblí aici ón 1 Meitheamh 2021, faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn IX;

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil sciar os cionn 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den Airteagal seo; nó

(d)

duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh eintitis dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den Airteagal seo.”;

(10)

in Airteagal 1k(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):

“(a)

Poblacht na Bealarúise, a Rialtas, a comhlachtaí poiblí, a corparáidí nó a gníomhaireachtaí poiblí;

(b)

mórinstitiúid creidmheasa arna bunú sa Bhealarúis a bhfuil os cionn 50 % di faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí aici ón 1 Meitheamh 2021, faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn IX;

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil os cionn 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht, go díreach nó go hindíreach, ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo; nó

(d)

duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh eintitis dá dtagraítear i bpoint (a), (b) nó (c) den mhír seo.”;

(11)

in Airteagal 1l, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

Poblacht na Bealarúise, a Rialtas, a comhlachtaí poiblí, a corparáidí nó a gníomhaireachtaí poiblí; nó”;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2a:

“Airteagal 2a

Ní bheidh dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, ar eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, nó nach raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.”;

(13)

in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

atá ceaptha go heisiach le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(i)

chun críoch daonchairdiúil, lena n-áirítear eitiltí a oibriú chun daoine a aslonnú nó a aisdúichiú, nó le haghaidh tionscnaimh lena dtugtar tacaíocht d’íospartaigh tubaistí nádúrtha, núicléacha nó ceimiceacha;

(ii)

eitiltí a oibriú faoi chuimsiú nósanna imeachta uchtála idirnáisiúnta;

(iii)

eitiltí a oibriú atá ag teastáil chun freastal ar chruinnithe chun teacht ar réiteach ar an ngéarchéim sa Bhealarúis nó chun cuspóirí beartais na mbeart sriantach a chur chun cinn; nó

(iv)

chun tuirlingt éigeandála, éirí de thalamh nó traseitilt a dhéanamh, i gcás aeriompróir AE;”;

(14)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 3a

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a liostú in Iarscríbhinn I, nó tá siad faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”

“Airteagal 8d

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

eintitis dá dtagraítear in Airteagail 1j, 1k, 1l nó a liostaítear in Iarscríbhinní V agus IX;

(c)

aon duine, eintiteas nó comhlacht eile ón mBealarúis, lena n-áirítear rialtas na Bealarúise;

(d)

aon duine, eintiteas nó comhlacht a ghníomhaíonn trí dhuine de na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den mhír seo nó thar a cheann.

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 8e

1.   Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), sonraí pearsanta a phróiseáil, na sonraí is gá chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;

(c)

a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún:

(i)

inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

(ii)

próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, nuair is infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinn I a ullmhú.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, déantar an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí a shannadh mar “rialaitheoir” de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

(*)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)."

(15)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(16)

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(17)

Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

(18)

Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)   IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 224I, 24.6.2021, lch. 15).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1030 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 224I, 24.6.2021, lch. 1).

(5)  Cinneadh (CBES) 2022/218 ón gComhairle an 17 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (féach leathanach 41 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad “Bogearraí ionraidh”:

“Córais, trealamh agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, atá saincheaptha nó sainmhodhnaithe chun ‘bogearraí ionraidh’ a ghiniúint, a ordú agus a rialú, nó a sholáthar, mar a shainítear i Rialachán (AE) 2021/821 (*).


(*)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).”.”


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“LIOSTA TÁIRGÍ PEITRILIAM AGUS HIDREACARBÓIN GHÁSAIGH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1h”.


IARSCRÍBHINN III

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VIII:

“IARSCRÍBHINN VIII

Ainm an earra

Cód Ainmníochta Comhcheangailte (CN) (1)

Clóiríd photaisiam ina bhfuil cion potaisiam a mheastar mar K2O, de réir meáchain, nach bhfuil os cionn 40 % ar an táirge tirim ainhidriúil

3104 20 10

Clóiríd photaisiam ina bhfuil cion potaisiam a mheastar mar K2O, de réir meáchain, atá os cionn 62 % ar an táirge tirim ainhidriúil (*)

3104 20 90

Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil na trí dhúil leasacháin: nítrigin, fosfar agus potaisiam

3105 20 10

3105 20 90

Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasacháin: fosfar agus potaisiam

3105 60 00

Leasacháin eile ina bhfuil clóiríd photaisiam

ex 3105 90 20

ex 3105 90 80


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L:2020:361:FULL&from=EN

(*)  Nuair a rinneadh an cion potaisiam a thomhas ar dtús, arna dheimhniú le doiciméid riachtanacha arna n-eisiúint ag saotharlann chreidiúnaithe, níorbh airde an cion sin ná 62 %, ach nuair a thomhais údarás inniúil ina dhiaidh sin é, sháraigh an cion an tairseach sin. Ós amhlaidh atá, déanfar an cion potaisiam a mheas trí thomhas an údaráis inniúil a laghdú mar seo a leanas:

an lamháltas i luach absalóideach mar chéatadán de réir maise i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 a bhaineann le leasacháin CE agus;

ón 16 Iúil 2022, an lamháltas i bpointí céatadáin i ndearbhthéarmaí a leagtar amach i gCuid III d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 a bhaineann le leasacháin CE.

Déanfaidh údarás inniúil measúnú ar an gcion potaisiam atá i dtáirgí potaise chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú sula scaoilfear na táirgí potaise i saorchúrsaíocht san Aontas.


IARSCRÍBHINN IV

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IX:

“IARSCRÍBHINN IX

LIOSTA NA nINSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1j AGUS 1k

Belarusbank

Belinvestbank (Banc Athfhoirgníochta agus Forbartha na Bealarúise)

Belagroprombank

Bank Dabrabyt

Development Bank of the Republic of Belarus (Banc Forbartha Phoblacht na Bealarúise).