16.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 34/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/204 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gComhairlí Comhairleacha faoin gComhbheartas Iascaigh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 45(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le Comhairlí Comhairleacha a bhunú, Comhairlí a chuirfidh ionadaíocht chothrom ar na páirtithe leasmhara i réimse an iascaigh agus an dobharshaothraithe chun cinn agus a rannchuideoidh le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 45(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 (2) lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú Comhairlí Comhairleacha faoin gcomhbheartas iascaigh.

(3)

Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1575 (3) lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 chun an sainmhíniú ar “eagraíochtaí earnála” a shoiléiriú, an nós imeachta a shonrú maidir le comhaltaí na gComhairlí Comhairleacha a aicmiú i gceann den dá chatagóir páirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus an ceart a dheonú don dá chatagóir cinneadh a dhéanamh go neamhspleách maidir lena n-ionadaíocht sa choiste feidhmiúcháin.

(4)

Chuathas i gcomhairle leis na Comhairlí Comhairleacha agus leis na Ballstáit i bhfianaise na taithí a fuarthas agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 á chur i bhfeidhm.

(5)

Chun ionadaíocht níos cothroime ar na leasanna uile a áirithiú agus chun neamhchlaontacht na gcathaoirleach a fheabhsú, is iomchuí go n-ainmneoidh na Comhairlí Comhairleacha, trí chomhthoil, aon chathaoirleach amháin agus leas-chathaoirleach amháin ar a laghad a bhaineann le catagóirí éagsúla páirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ba cheart ionadaithe ón dá chatagóir páirtithe leasmhara a bheith ina gcathaoirligh ar na meithleacha, i gcás inar féidir. Ba cheart Comhairlí Comhairleacha a chumhachtú chun cathaoirleach agus leaschathaoirligh nach bhfuil sna Comhairlí Comhairleacha a ainmniú.

(6)

Chun feidhmiú rianúil na gComhairlí Comhairleacha a áirithiú, is gá na critéir a shonrú a thuilleadh maidir le haicmiú chomhaltaí na gComhairlí Comhairleacha sa dá chatagóir páirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(7)

In Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242, sainmhínítear eagraíochtaí earnála mar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na hoibreoirí iascaigh agus, i gcás inarb iomchuí, ar na hoibreoirí dobharshaothraithe, agus ar ionadaithe na n-earnálacha próiseála agus margaíochta. In Airteagal 4(30) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sainmhínítear “oibreoir” mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn aon ghnóthas atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le haon chéim de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, leithdháilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Ba cheart a fhágáil leis na critéir chun comhaltaí na gComhairlí Comhairleacha a aicmiú gur féidir eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na hearnálacha thuasluaite a aicmiú sa chatagóir “eagraíochtaí earnála”. Ina theannta sin, ba cheart soláthraithe do na hearnálacha thuasluaite, amhail monaróirí líonta iascaireachta nó déantóirí oighir, a aicmiú mar “eagraíochtaí earnála” freisin.

(8)

Is féidir glacadh leis go bhfuil eagraíocht ina hionadaí ar an earnáil nuair is ionadaithe ón earnáil iad 50 % ar a laghad dá comhaltaí nó nuair a bhíonn leasanna eacnamaíocha díreacha nó indíreacha san earnáil acu, nuair a dhéanann sí ionadaíocht ar fhostaithe san earnáil, nó nuair a thagann ar a laghad 50 % dá maoiniú ón earnáil. Ba cheart a mheas freisin gur “eagraíochtaí earnála” iad na heagraíochtaí sin chun críocha Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(9)

Chun feidhmiú cothrom na gComhairlí Comhairleacha a áirithiú, is gá eagraíochtaí a chuireann prionsabail chothrománacha chun cinn, amhail cosaint an chomhshaoil, cosaint tomhaltóirí agus cosaint chearta an duine chun cinn, sláinte, cur chun cinn an chomhionannais nó sláinte nó leasa ainmhithe, a aicmiú mar eagraíochtaí earnála nuair a dhéanann siad ionadaíocht ar an earnáil i gciall aithris (7) nó aithris (8). Níor cheart, dá bhrí sin, eagraíochtaí a chuireann prionsabail chothrománacha den sórt sin chun cinn a aicmiú i ‘ngrúpaí sainleasa eile’ ach amháin má tá siad neamhspleách ar an earnáil, rud a chiallaíonn gur ionadaithe ón earnáil iad níos lú ná 50 % dá gcomhaltaí nó go bhfuil leas eacnamaíoch díreach nó indíreach ag níos lú ná 50 % díobh san earnáil, nach ndéanann siad ionadaíocht ar fhostaithe san earnáil, agus go dtagann níos lú ná 50 % dá maoiniú ón earnáil.

(10)

In Airteagal 4(28) de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 sainmhínítear “iascach áineasa” mar ghníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha muirí chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt. Maidir le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar iascaireacht áineasa nó spóirt, ós rud é go bhfuil siad éagsúil ó eagraíochtaí earnála mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 ó thaobh cineáil, cuspóirí agus acmhainne de, ba cheart iad a aicmiú mar “ghrúpaí sainleasa eile”.

(11)

Tá méadú ag teacht ar an ngá atá le teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara atá in iomaíocht le haghaidh úsáidí éagsúla na mara, lena n-áirítear chun críocha táirgthe, eastósctha, turasóireachta nó caomhnaithe fuinnimh in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe. D’fhéadfadh go mbeadh leasanna na bpáirtithe leasmhara sin éagsúil ó na leasanna san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe. Dá bhrí sin, maidir le heagraíochtaí a ghlacann páirt i dtascanna na gComhairlí Comhairleacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus a dhéanann ionadaíocht ar leasanna eacnamaíocha díreacha nó indíreacha úsáid an chomhshaoil mhuirí nó spáis mhuirí seachas iascaireacht tráchtála, dobharshaothrú nó próiseáil, margaíocht, dáileadh agus miondíol ar bhia mara, nó a bhfuil leasanna eacnamaíocha díreacha nó indíreacha acu atá nasctha leis an úsáid sin, is gá iad a aicmiú i “ngrúpaí sainleasa eile”.

(12)

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ionadaíocht chothrom agus leathan ar na páirtithe leasmhara uile sna Comhairlí Comhairleacha a áirithiú, lena n-áirítear grúpaí sainleasa eile agus ionadaithe ó chabhlaigh ar mhionscála.

(13)

Chun ceanglais Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, lena bhforáiltear go mbunaítear Comhairlí Comhairleacha chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh mar a leagtar amach in Airteagal 2 de a bhaint amach, is gá mionsonraí a thabhairt maidir leis na modhanna oibre ar cheart do na Comhairlí Comhairleacha a urramú agus moltaí á bhforbairt acu.

(14)

Tugtar tacaíocht airgeadais ón Aontas do Chomhairlí Comhairleacha, ina gcáil mar chomhlachtaí a bhfuil sprioc leasa choitinn Eorpaigh á saothrú acu. Dá bhrí sin, ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar a bhfeidhmiú trí bhíthin athbhreithnithe feidhmíochta seachtracha, rialta agus neamhspleácha.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Struchtúr agus eagrú na gComhairlí Comhairleacha

1.   Sa bhreis ar fhorálacha Airteagal 43(1) agus Airteagal 45(1) go (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis, ba cheart do struchtúr agus eagrú na gComhairlí Comhairleacha míreanna 2 go 7 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

2.   Ainmneoidh an Chomhairle Chomhairleach, trí chomhthoil, aon chathaoirleach amháin agus leaschathaoirleach amháin ar a laghad. Féadfaidh an cathaoirleach teacht ó lasmuigh de chomhaltas na Comhairle Comhairlí. I gcás ina n-ainmneofar an cathaoirleach i measc ionadaithe balleagraíochtaí, ainmneofar duine amháin ar a laghad de na leaschathaoirligh i measc comhaltaí den chatagóir eagraíochtaí earnála agus de na grúpaí sainleasa eile dá dtagraítear in Airteagal 2 nach mbaineann an cathaoirleach leo. Beidh feidhm ag an bprionsabal sin freisin, i gcás inar féidir, maidir le cathaoirligh na meithleacha.

3.   Maidir le comhthionól ginearálta Comhairle Comhairlí:

(a)

glacfaidh sé rialacha nós imeachta na Comhairle Comhairlí;

(b)

tionólfaidh sé uair sa bhliain ar a laghad chun tuarascáil bhliantúil, plean straitéiseach bliantúil agus buiséad bliantúil na Comhairle Comhairlí a fhormheas;

(c)

déanfaidh sé cinneadh maidir le comhaltaí na Comhairle Comhairlí faoi na catagóirí ‘eagraíochtaí earnála’ nó ‘grúpaí sainleasa eile’ trí úsáid a bhaint as na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil infhíoraithe, amhail forálacha na reachtanna, liosta na gcomhaltaí agus cineál ghníomhaíochtaí na heagraíochta lena mbaineann.

4.   Bunaithe ar ainmniúcháin ó na heagraíochtaí earnála agus ó na grúpaí sainleasa eile maidir leis na suíocháin a leithdháiltear orthu faoi seach, ceapann an tionól ginearálta coiste feidhmiúcháin a mbeidh suas le 25 chomhalta ann. Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, féadfaidh an comhthionól ginearálta a chinneadh coiste feidhmiúcháin a cheapadh ina mbeidh suas le 30 comhalta d’fhonn ionadaíocht iomchuí a áirithiú do chabhlaigh ar mhionscála.

5.   Áiritheoidh an comhthionól ginearálta táillí cothroma ballraíochta, lenar féidir ionadaíocht chothrom agus leathan a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile agus a n-acmhainn airgeadais á cur san áireamh.

6.   Maidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

(a)

cúraimí na Comhairle Comhairlí a stiúradh agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 44(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

an tuarascáil bhliantúil, an plean straitéiseach bliantúil agus an buiséad bliantúil a ullmhú;

(c)

moltaí agus meabhraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh.

7.   Áiritheoidh an comhthionól ginearálta agus an coiste feidhmiúcháin ionadaíocht chothrom agus leathan ar na páirtithe leasmhara uile, agus béim á leagan ar ghrúpaí sainleasa eile agus, i gcás inarb iomchuí, ar chabhlaigh ar mhionscála. Ba cheart sciar na gcabhlach ar mhionscála laistigh d’earnáil iascaireachta na mBallstát lena mbaineann a léiriú le líon ionadaithe na gcabhlach ar mhionscála.”

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Modhanna oibre

1.   Maidir leis na moltaí agus na meabhraíochtaí arna n-eisiúint, áiritheoidh an Chomhairle Chomhairleach an méid seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonfar rialacha agus cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

go bhforbrórfar iad de réir phrionsabail dhochta na trédhearcachta, na hionadaíochta cothromaithe agus na hurraime ar na tuairimí uile a nochtar;

(c)

go nglacfar iad, i gcás inar féidir, trí chomhthoil. Mura dtiocfar ar chomhaontú, déanfar tuairimí easaontacha a chuirfidh comhaltaí in iúl a thaifeadadh sna moltaí a ghlacfaidh tromlach na gcomhaltaí atá i láthair agus atá ag vótáil.

2.   Agus cinneadh á dhéanamh faoina modhanna oibre, féachfaidh an Chomhairle Chomhairleach lena áirithiú go mbeidh na comhaltaí uile éifeachtúil agus lánpháirteach trí mhodhanna cumarsáide TF nua-aimseartha a úsáid agus trí sheirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin a sholáthar.”

(3)

Cuirtear an tAirteagal 7a seo a leanas isteach:

“Airteagal 7a

Athbhreithniú ar fheidhmíocht

Uair amháin gach 5 bliana ar a laghad, beidh an Chomhairle Chomhairleach faoi réir athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmíocht. Beidh sé d’aidhm ag an athbhreithniú sin dea-chleachtais agus easnaimh a shainaithint, moltaí a liostú arb é is aidhm dóibh feidhmiú na Comhairle Comhairlí a fheabhsú agus measúnú a dhéanamh ar a rannchuidiú foriomlán le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Cuirfear torthaí na n-athbhreithnithe sin ar fáil don phobal agus, i gcás ina sainaithneofar easnaimh i bhfeidhmiú na Comhairle Comhairlí, beidh plean gníomhaíochta ag gabháil leo ina leagfar amach gníomhaíochtaí nithiúla agus tráthchlár soiléir chun iad a chur chun feidhme.”

(4)

Cuirtear isteach an Iarscríbhinn “Critéir chun Comhaltaí na gComhairlí Comhairleacha a aicmiú faoi na catagóirí ‘eagraíochtaí earnála’ nó ‘grúpaí sainleasa eile’”:

“IARSCRÍBHINN

Critéir chun comhaltaí na gComhairlí Comhairleacha a aicmiú faoi na catagóirí ‘eagraíochtaí earnála’ nó ‘grúpaí sainleasa eile’

1.   

Déanfar eagraíocht a aicmiú mar ‘eagraíocht earnála’ nuair a chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)

go ndéanann an eagraíocht ionadaíocht ar earnálacha na hiascaireachta tráchtála, an dobharshaothraithe, na próiseála, na margaíochta, an dáilte nó an mhiondíola ar bhia mara, nó go bhfuil leasanna eacnamaíocha díreacha nó indíreacha aici iontu;

(b)

go ndéanann tromlach de chomhaltaí na heagraíochta, cibé acu an daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha iad, ionadaíocht ar earnálacha na hiascaireachta tráchtála, an dobharshaothraithe, na próiseála, na margaíochta, an dáilte nó an mhiondíola ar bhia mara, nó go bhfuil leasanna eacnamaíocha díreacha nó indíreacha acu iontu;

(c)

go ndéanann an eagraíocht ionadaíocht ar fhostaithe sna hearnálacha a bhaineann leis an iascaireacht tráchtála, dobharshaothrú, próiseáil, margaíocht, dáileadh nó miondíol ar bhia mara;

(d)

go n-eascraíonn 50 % ar a laghad de mhaoiniú na heagraíochta ó ghnóthais atá gníomhach i réimse na hiascaireachta tráchtála, an dobharshaothraithe, na próiseála, na margaíochta, an dáilte nó an mhiondíola ar bhia mara;

(e)

go gcomhlíonann an eagraíocht ar a laghad ceann amháin de na critéir a liostaítear i bpointe 1(a) go 1(d), agus go bhfuil sí gníomhach i réimsí an chomhshaoil, chearta na dtomhaltóirí agus chearta an duine, na sláinte, chur chun cinn an chomhionannais nó sláinte nó leasa ainmhithe.

2.   

Déanfar eagraíocht a aicmiú mar ‘ghrúpa sainleasa eile’ nuair nach gcomhlíonann sí aon cheann de na critéir atá leagtha síos i mír 1 agus:

(a)

nuair atá an sí gníomhach go príomha i réimsí an chomhshaoil, chearta na dtomhaltóirí agus chearta an duine, na sláinte, chur chun cinn an chomhionannais, sláinte nó leasa ainmhithe nó na hiascaireachta áineasa nó spóirt; nó

(b)

nuair a dhéanann sí ionadaíocht ar leasanna eacnamaíocha díreacha nó indíreacha úsáid an chomhshaoil mhuirí nó spáis mhuirí seachas iascaireacht tráchtála, dobharshaothrú nó próiseáil, margaíocht, dáileadh agus miondíol ar bhia mara, nó nuair atá leasanna eacnamaíocha díreacha nó indíreacha aici atá nasctha léi.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gComhairlí Comhairleacha faoin gComhbheartas Iascaigh (IO L 41,17.2.2015, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1575 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/242 (IO L 239, 19.9.2017, lch. 1).