|
15.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 33/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/200 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Nollaig 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla áirithe maidir le mogallmhéideanna agus an fad uasta foriomlán le haghaidh tráil bhíoma áirithe sa Mhuir Thuaidh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2019/1241, déantar foráil maidir le bearta teicniúla arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh na Mara Thuaidh. |
|
(2) |
An Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír agus an tSualainn (“Grúpa Scheveningen”), tá leas díreach bainistíochta acu sna hiascaigh sa Mhuir Thuaidh. An 7 Bealtaine agus an 21 Meitheamh 2021, chuir Grúpa Scheveningen moltaí comhpháirteacha faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2019/1241, lena moltar gníomh tarmligthe lena nglactar modhnuithe áirithe ar na forálacha atá ann faoi láthair a leagtar amach in Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2019/1241. Sheol Grúpa Scheveningen an dá mholadh chomhpháirteacha chuig an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach (PELAC) agus chuig Comhairle Chomhairleach na Mara Thuaidh (NSAC) le haghaidh comhairliúcháin. |
|
(3) |
Leis an moladh comhpháirteach a cuireadh isteach an 7 Bealtaine 2021, moladh Iarscríbhinn V, cuid B de Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú chun cur i bhfeidhm an mhaolaithe ar mhogallmhéid 90 mm a theorannú do thráil dobharchú, agus dóibh sin amháin in Skagerrak, áit a bhfuil an mhogallmhéid sin infheidhme faoi láthair maidir leis na trealaimh tharraingthe uile, lena n-áirítear tráil bhíoma agus saighní. Moladh sa mholadh freisin gur cheart an maolú a bhaineann le húsáid mhogallmhéid 90 mm in Kattegat a theorannú d’iascaireacht le tráil dobharchú nó le saighní. |
|
(4) |
Rinne CETEI anailís ar an bhfianaise a thíolaic na Ballstáit agus tháinig siad ar an gconclúid (3), leis an leasú atá beartaithe, go mbaintear amach an phríomhaidhm atá aige a fháil réidh le haon débhríocht atá sna Rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair, agus go ndeimhnítear leis nach féidir le soithí a úsáideann líonta saighne nó tráil bhíoma mogallmhéid 90 mm a úsáid in Skagerrak. Leis an leasú atá beartaithe, tabharfar cosaint níos airde d’éisc óga ós rud é nach bhfuil an maolú ar mhogallmhéid 90 mm ar fáil a thuilleadh do thráil bhíoma agus líonta saighne in Skagerrak nó do thráil bhíoma in Kattegat. Dá bhrí sin, tá an moladh comhpháirteach i gcomhréir le cuspóirí agus spriocanna Rialachán (AE) 2019/1241 sa tslí go ndéanfar gabhálacha speiceas muirí faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a laghdú a mhéid is féidir. Ba cheart, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(5) |
Leis an moladh comhpháirteach a cuireadh isteach an 21 Meitheamh 2021, moladh fad uasta foriomlán 24 m a thabhairt isteach le haghaidh tráil bhíoma, agus srianta níos déine á gcoinneáil i bhfeidhm le haghaidh trál bíoma i limistéir gheografacha áirithe a leagtar amach cheana i Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(6) |
Rinne CETEI anailís ar an bhfianaise a thíolaic na Ballstáit agus tháinig sé ar an gconclúid (4) gur féidir le hiascairí, gan an srian 24 m atá beartaithe, fad an bhíoma a mhéadú, rud a d’fhéadfadh cur leis an tionchar a bheidh ar ghrinneall na farraige agus cur isteach níos mó ar ghnáthóg an bheantóis. Dá bhrí sin, thacaigh CETEI leis na forálacha de Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú chun nach mbeidh fad uasta an bhíoma ná fad iomlán na mbíomaí, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 24 m. De réir CETEI, leis an leasú sin, cuirfear cosc ar mhéadú a theacht ar an tionchar diúltach ar ghnáthóga muirí agus ar an gcomhshaol i gcomhréir leis na cuspóirí i Rialachán (AE) 2019/1241. Dá bhrí sin, áiritheofar leis an leasú leibhéil chosanta atá coibhéiseach ar a laghad lena bhfuil i bhfeidhm faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(7) |
Ós rud é go moltar athruithe ar Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2019/1241, sa dá mholadh chomhpháirteacha, déantar foráil leis an Rialachán tarmligthe seo maidir leis na bearta uile a mhol Grúpa Scheveningen. |
|
(8) |
Leis na bearta sa Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus tabharfar aird ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. |
|
(9) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta maidir le soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3) CETEI-21-05, lch. 25.
(4) CETEI PLEN-21-02, lgh. 59-62.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal phointe 1:
(*1) Nuair a bheifear ag iascach le tráil bhíoma ní bheidh fad uasta an bhíoma ná fad iomlán na mbíomaí, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 24 mhéadar, nó ní fhéadfar é a shíneadh thar 24 mhéadar. Déanfar fad bíoma a thomhas idir a fhoircinn lena n-áirítear na baill uile atá ceangailte de. Tá an méid sin gan dochar do bhearta níos sonraí arna mbunú i limistéir áirithe den Mhuir Thuaidh.” " |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.1:
(*2) Nuair a bheifear ag iascach i bhforanna Skagerrak agus Kattegat le tráil dobharchú a bhfuil mogallmhéid níos lú ná 120 mm acu, beidh barrphainéal mogaill mhuileataigh a bhfuil mogallmhéid 270 mm ar a laghad ann nó barrphainéal mogaill chearnógaigh a bhfuil mogallmhéid 140 mm ar a laghad ann feistithe. De rogha air sin, i bhforoinn Kattegat, féadfar painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a fheistiú sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig." (*3) Nuair a bheifear ag iascach i bhforoinn Kattegat le saighní a bhfuil mogallmhéid níos lú ná 120 mm acu, beidh barrphainéal mogaill mhuileataigh a bhfuil mogallmhéid 270 mm ar a laghad ann nó barrphainéal mogaill chearnógaigh a bhfuil mogallmhéid 140 mm ar a laghad ann feistithe. De rogha air sin,, féadfar painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a fheistiú sa tréimhse ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Deireadh Fómhair.” " |
(*1) Nuair a bheifear ag iascach le tráil bhíoma ní bheidh fad uasta an bhíoma ná fad iomlán na mbíomaí, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 24 mhéadar, nó ní fhéadfar é a shíneadh thar 24 mhéadar. Déanfar fad bíoma a thomhas idir a fhoircinn lena n-áirítear na baill uile atá ceangailte de. Tá an méid sin gan dochar do bhearta níos sonraí arna mbunú i limistéir áirithe den Mhuir Thuaidh.”
(*2) Nuair a bheifear ag iascach i bhforanna Skagerrak agus Kattegat le tráil dobharchú a bhfuil mogallmhéid níos lú ná 120 mm acu, beidh barrphainéal mogaill mhuileataigh a bhfuil mogallmhéid 270 mm ar a laghad ann nó barrphainéal mogaill chearnógaigh a bhfuil mogallmhéid 140 mm ar a laghad ann feistithe. De rogha air sin, i bhforoinn Kattegat, féadfar painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a fheistiú sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig.
(*3) Nuair a bheifear ag iascach i bhforoinn Kattegat le saighní a bhfuil mogallmhéid níos lú ná 120 mm acu, beidh barrphainéal mogaill mhuileataigh a bhfuil mogallmhéid 270 mm ar a laghad ann nó barrphainéal mogaill chearnógaigh a bhfuil mogallmhéid 140 mm ar a laghad ann feistithe. De rogha air sin,, féadfar painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a fheistiú sa tréimhse ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Deireadh Fómhair.” ”