15.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 33/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/199 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Nollaig 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gairis eisiatóra a úsáid in iascaireacht trosc Ioruach sa Mhuir Thuaidh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déantar foráil le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le bearta teicniúla a bhunaítear ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh na Mara Thuaidh, Skagerrak agus Kattegat. |
(2) |
I gcás ina measfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu in iascach go bhfuil bearta malartacha comhoiriúnach d’éisc óga a chosaint trí úsáid gaireas roghnaíochta de rogha orthu siúd a bhunaítear ar an leibhéal réigiúnach agus a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinní V go XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, féadfaidh an Coimisiún na bearta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ar mholadh comhpháirteach arna chur isteach ag na Ballstáit. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1241, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil leas bainistíochta díreach acu in iascach moladh comhpháirteach a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na bearta teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Rialachán sin a ghlacadh maidir le saintréithe trealaimh atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis. Ní mór do na Ballstáit a chuirfidh an moladh sin isteach fianaise eolaíoch a sholáthar lena léirítear gurb é toradh na mbeart sin saintréithe roghnaíochta le haghaidh speiceas sonrach nó meascán de speicis atá coibhéiseach ar a laghad le saintréithe roghnaíochta an trealaimh a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinní V go X agus i gCuid A d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(4) |
Tá leas díreach bainistíochta maidir le hiascaigh sa Mhuir Thuaidh ag an mBeilg, ag an Danmhairg, ag an nGearmáin, ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag an tSualainn (“Grúpa Scheveningen”). Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach na Mara Thuaidh, chuir grúpa Scheveningen moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 26 Feabhra 2020 ar bhonn Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/1241 agus gníomh tarmligthe á mholadh aige chun Cuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun úsáid gairis atá roghnaíoch ó thaobh speicis a cheadú in iascach na dtrosc Ioruach sa Mhuir Thuaidh de rogha ar an ngreille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir a barraí mar a shainítear i gCuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, mar bheart bunlíne le haghaidh an iascaigh dhírithe sin. |
(5) |
Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach maidir leis an moladh comhpháirteach an 30 Meán Fómhair 2021. D’fhreastail Parlaimint na hEorpa ar an gcruinniú mar bhreathnóir. |
(6) |
Ba é conclúid (2) an Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) gur dócha gurb é a bheith mar thoradh ar úsáid gairis eisiatóra rátaí gabhála laghdaithe (i dtéarmaí meáchain agus lín) agus patrún saothraithe a bheith comhsheasmhach nó feabhsaithe le haghaidh speicis foghabhála a fhásann níos mó ná an trosc Ioruach (amhail gadóidigh) i gcomparáid le húsáid greille sórtála. Thug STECF dá aire gur sciar bheag den fhoghabháil fhoriomlán éisc aonair atá níos lú ná 15 cm, agus tháinig sé ar an gconclúid go laghdófar foghabháil in iascach na dtrosc Ioruach leis an eisiatóir i gcomparáid leis an ngreille shórtála. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir. |
(8) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta a bhíonn ag soithí an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe. Ós rud é gur ó Mheán Fómhair go Nollaig séasúr iascaigh na dtrosc Ioruach, beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Meán Fómhair 2021. Ní bheidh tionchar ag an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach maidir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
(2) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2786172/STECF+PLEN+20-03.pdf
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn V, Cuid B, pointe 1.4, leasaítear an naoú hiontráil den tábla mar a leanas:
Mogallmhéid |
Limistéir gheografacha |
Coinníollacha |
||||||||||
“16 mm ar a laghad |
An limistéar ar fad |
Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla. Iascaireacht dhírithe trosc Ioruach. Déanfar ceann de na gairis seo a leanas a fheistiú:
Iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna agus séaclaí Aesop. Déanfar trál deighilteora nó greille shórtála a fheistiú i gcomhréir le rialacha a bhunaítear go náisiúnta nó go réigiúnach. |
(*1) Ciallaíonn ‘gaireas eisiatóra’ gaireas eangaí cónúla lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
(1) |
cuirtear isteach é roimh an soc-fhoirceann, ar bhealach a fhágann go bhfuil imeall tosaigh nó bonn an chóin ceangailte d’imlíne iomlán an tráil os comhair an tsoc-fhoircinn nó an phíosa sínidh; |
(2) |
tagann barrchaolú air go dtí rinnphointe, áit a bhfuil sé ceangailte de leathán íochtair an tráil; |
(3) |
tá poll éalaithe san áit a bhfuil rinnphointe an eisiatóra agus an soc-fhoirceann ag teacht le chéile; |
(4) |
is féidir le trosc Ioruach dul tríd agus iad a choinneáil sa soc-fhoirceann, agus is féidir le foghabhálacha éalú as trína stiúradh tríd an bpoll éalaithe” |