14.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 31/46


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/196 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Feabhra 2022

lena n-údaraítear leathnú úsáide agus athrú sonraíochtaí i leith giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Áirítear giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV mar bhia núíosach údaraithe i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(4)

Is éard a údaraíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/396/AE (3), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus tar éis na tuairime ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (5), giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV a chur ar an margadh mar bhia núíosach lena úsáid i mbianna áirithe, lena n-áirítear aráin agus rollaí a laimhínítear le giosta agus earraí míne bácála a laimhínítear le giosta, agus i bhforbhianna chomh maith mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(5)

Is éard a údaraíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1018 ón gCoimisiún (7) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283, leathnú úsáide agus leathnú leibhéil úsáide an bhia núíosaigh giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV. Go háirithe, leathnaíodh úsáid giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV chun catagóirí bia eile a chumhdach, eadhon giosta úr réamhphacáilte nó giosta tirim réamhphacáilte le haghaidh bácáil bhaile agus forbhianna gan léiriú ar na huasleibhéil ceadaithe, agus leasaíodh an cion vitimín D2 sa dlúthán giosta.

(6)

An 15 Bealtaine 2020 chuir an chuideachta Lallemand Bio-Ingredients Division (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 ar leathnú úsáide i leith an bhia núíosach giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV. D’iarr an t-iarratasóir úsáid giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV a leathnú chun roinnt bianna eile atá ceaptha le caitheamh ag an bpobal i gcoitinne a chumhdach. Ina theannta sin d’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí an bia núíosach i mbianna atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 20 Iúil 2020, agus d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar maidir leis an leathnú úsáide i leith giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV mar bhia núíosach.

(8)

An 28 Aibreán 2021, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch Safety of extended uses of UV-treated baker’s yeast as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 (“Sábháilteacht úsáidí leathnaithe giosta aráin cóireáilte le UV mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283”] (8). Tá an tuairim eolaíoch sin i gcomhréir le ceanglais Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(9)

Sa tuairim uaidh, chinn an tÚdarás go bhfuil giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV, faoi na coinníollacha úsáide sonracha, na coinníollacha maidir lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(10)

I gcomhréir le Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún (9), ní chuirfear vitimín D le bianna do naíonáin. Mar gheall ar a chion vitimín D2, níor cheart giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV a údarú lena úsáid i mbianna do naíonáin. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ní fhéadfar vitimíní a chur le táirgí bia neamhphróiseáilte. Dá bhrí sin, níor cheart giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV a údarú in amfaibiaigh, i reiptílí, i seilidí, i bhfeithidí, in algaí, in orgánaigh phrócarótaigh, ná i bhfungais, i gcaonaigh ná i léicin i ndáil leis an úsáid atá beartaithe.

(11)

I gcomhréir le tuairim an Údaráis, is gá an giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV a dhíghníomhú sula n-úsáidtear é i mbainne foirmle do naíonáin nó i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte nó i mbianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainítear le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus dá bhrí sin is iomchuí sonraíochtaí an bhia núíosaigh a leasú.

(12)

Is leor na forais a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann na hathruithe a dhéantar ar shonraíochtaí agus ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh na coinníollacha maidir lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(13)

Dá bhrí sin, is ceart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(14)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An iontráil i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, is é sin an iontráil ina dtagraítear don bhia núíosach giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV, leasaítear í de réir mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/396/AE ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2014 lena n-údaraítear giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosach faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 186, 26.6.2014, lch. 108).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(5)  Scientific Opinion on the safety of vitamin D-enriched UV-treated baker’s yeast (“Tuairim eolaíoch maidir le sábháilteacht giosta aráin cóireáilte le UV agus saibhrithe le vitimín D”], EFSA Journal [Iris EFSA] 2014; 12(1):3520.

(6)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1018 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 lena n-údaraítear leathnú úsáide i leith giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 183, 19.7.2018, lch. 9).

(8)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6602.

(9)  Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2006 maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga (Leagan códaithe) (IO L 339, 6.12.2006, lch. 16).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia (IO L 404, 30.12.2006, lch. 26).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE, agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV” i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV

Catagóir bia shonraithe

Uasleibhéil vitimín D2

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘giosta vitimín D’ nó ‘giosta vitimín D2’ an t-ainmniú a bheidh air

 

 

Aráin agus rollaí a laimhínítear le giosta

5 μg/100 g

Earraí míne bácála a laimhínítear le giosta

5 μg/100 g

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE.

I gcomhréir le Treoir 2002/46/CE

Giosta úr réamhphacáilte nó giosta tirim réamhphacáilte le haghaidh bácáil bhaile

45 μg/100 g i gcás giosta úr

200 μg/100 g i gcás giosta triomaithe

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia, is é ‘giosta vitimín D’ nó ‘giosta vitimín D2’ an t-ainmniú a bheidh air.

2.

Beidh ráiteas ar lipéadú an bhia núíosaigh ina sonrófar go bhfuil an táirge bia ceaptha lena úsáid i mbácáil amháin, agus nár cheart é a ithe agus é amh.

3.

Beidh treoracha úsáide ar lipéadú an bhia núíosaigh le haghaidh na dtomhaltóirí deiridh ionas nach sárófar uastiúchan 5 μg/100 g vitimín D2 sna táirgí críochnaithe agus iad bácáilte sa bhaile.

Miasa, lena n-áirítear béilí ‘réidh le hithe’ (seachas anraithí agus sailéid)

3 μg/100 g

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘giosta vitimín D’ nó ‘giosta vitimín D2’ an t-ainmniú a bheidh air.”

Anraithí agus sailéid

5 μg/100 g

Táirgí gránachbhunaithe, táirgí síolbhunaithe nó táirgí fréamhbhunaithe, iad friochta nó easbhrúite

5 μg/100 g

Bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

Bia gránachbhunaithe próiseáilte mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

Táirgí torthaí próiseáilte

1,5 μg/100 g

Glasraí próiseáilte

2 μg/100 g

Arán agus táirgí comhchosúla

5 μg/100 g

Gránaigh bhricfeasta

4 μg/100 g

Pasta, taos agus táirgí comhchosúla

5 μg/100 g

Táirgí gránachbhunaithe eile

3 μg/100 g

Spíosraí, blastanais, tarsainn, comhábhair anlann, anlainn/barrlíonta milseog

10 μg/100 g

Táirgí próitéine

10 μg/100 g

Cáis

2 μg/100 g

Milseoga déiríochta agus táirgí comhchosúla

2 μg/100 g

Bainne coipthe nó uachtar coipthe

1,5 μg/100 g

Púdair déiríochta agus dlútháin déiríochta

25 μg/100 g

Táirgí bainnebhunaithe, meadhg agus uachtar

0,5 μg/100 g

Ionadaigh feola agus déiríochta

2,5 μg/100 g

Ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainítear i Rialúchán (AE) Uimh. 609/2013

5 μg/100 g

Ionadaigh ar bhéilí chun meáchan a rialú

5 μg/100 g

Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le ceanglais chothaitheacha shonracha na ndaoine a bhfuil na táirgí ceaptha dóibh

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV’ i dTábla 2 (Sonraíochtaí):

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

Giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) cóireáilte le UV

Tuairisc/Sainmhíniú

Cóireáiltear giosta aráin (Saccharomyces cerevisiae) le solas ultraivialait chun tiontú eirgistéaróil go vitimín D2 (eargacailciféaról) a ionduchtú. Bíonn cion vitimín D2 sa dlúthán giosta idir 800 000 agus 3 500 000 aonad idirnáisiúnta vitimín D/100 g (200-875 μg/g).

Díghníomhófar an giosta sula n-úsáidtear é i mbainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach nó i mbianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainítear le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, agus féadfar an giosta a dhíghníomhú nó gan é a dhíghníomhú lena úsáid i mbianna eile.

Cumasctar an dlúthán giosta le gnáthghiosta aráin ionas nach sárófar an t-uasleibhéal sa ghiosta úr réamhphacáilte nó sa ghiosta tirim réamhphacáilte le haghaidh bácáil bhaile.

Gráinníní cróna, i saorshreabhadh.

Vitimín D2

Ainm ceimiceach: (5Z,7E,22E)-(3S)-9,10-seiceargasta-5,7,10(19),22-teitrean-3-ól

Comhchiallach: Eargacailciféaról

Uimh. CAS: 50-14-6

An meáchan mhóilíneach: 396,65 g/mol

Critéir mhicribhitheolaíocha maidir leis an dlúthán giosta

Baictéir dhrólannacha: ≤ 103/g

Escherichia coli: ≤ 10/g

Salmonella: Gan bheith ann in 25 g’