|
14.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 31/27 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/195 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2022
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 a mhéid a bhaineann leis an doiciméad faisnéise, na deimhnithe ar cheadú feithicle, an bhileog torthaí tástála agus na deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagal 24(4), Airteagal 28(3) agus Airteagal 36(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (2), déantar foráil maidir le formáid chaighdeánaithe na ndoiciméad a úsáidtear le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin trí na teimpléid a leagan síos le haghaidh an doiciméid faisnéise, na ndeimhnithe ar cheadú, na bileoige torthaí tástála agus an deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir. |
|
(2) |
Ó bhí an 1 Eanáir 2022 ann, is ar bhonn astaíochtaí CO2 an Nós Imeachta Tástála Chomhchuibhithe Dhomhanda d’Fheithiclí Éadroma (WLTP) amháin a chinntear comhlíonadh na spriocanna astaíochtaí CO2. Dá bhrí sin, is gá na teimpléid le haghaidh an doiciméid faisnéise, don bhileog torthaí tástála agus don deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir a leasú trí thagairtí don tSraith Nua Eorpach Tiomána (NEDC) a bhaint. |
|
(3) |
Le teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún (3), rinneadh iontrálacha nua maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair, amhail busanna troma agus leoraithe meánmhéide mar aon le feithiclí tromshaothair arna gceadú ina n-aonar, cuireadh iad sin le deimhnithe comhréireachta na leoraithe tromshaothair. Dá bhrí sin, is gá na hiontrálacha ábhartha a chur leis na teimpléid le haghaidh dheimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir na gcatagóirí comhfhreagracha feithiclí agus, chomh maith leis sin, iad a chur leis an deimhniú ar cheadú feithicle aonair náisiúnta agus leis an deimhniú ar cheadú feithicle aonair AE. |
|
(4) |
Agus éagsúlacht na bhfeithiclí tromshaothair i dtéarmaí a ndeartha agus a bpatrúin tiomána, a míleáiste bhliantúil, a bpálasta agus gcumraíocht leantóra á gcur san áireamh, le Rialacháin (AE) 2017/2400 agus (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugadh isteach aicmiú grúpaí agus foghrúpaí feithiclí a chuireann gnáthphatrún úsáide na bhfeithiclí agus a saintréithe teicniúla sonracha i bhfianaise. Chun freastal ar thionscnaimh náisiúnta laghdaithe CO2 agus chun léirmhíniú ceart astaíochtaí CO2 agus úsáide breosla a bheith ann, tá sé fíor-riachtanach fios a bheith ann cén grúpa nó foghrúpa feithiclí lena mbaineann feithicil áirithe. Dá bhrí sin, is gá an grúpa nó an foghrúpa ábhartha feithiclí a chur leis na teimpléid le haghaidh an deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir agus leis an deimhniú ar cheadú feithicle aonair AE. |
|
(5) |
Agus úsáid mhéadaithe na bhfeithiclí hibidreacha inluchtaithe (OVC-HEVanna) san Aontas á cur san áireamh, tá sé tábhachtach a áirithiú gurb é faisnéis chomhchuibhithe chomhleanúnach maidir le feidhmíocht chomhshaoil na bhfeithiclí sin a sholáthraítear do na húdaráis inniúla agus do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, i gcás OVC-HEVanna, is iomchuí a shoiléiriú gurb iad na luachanna atá le tuairisciú sa deimhniú comhréireachta na hastaíochtaí CO2 a bhaineann go sonrach le tréimhse ar leith agus na luachanna ídithe breosla trí úsáid a bhaint as luachanna na n-astaíochtaí maise CO2 agus na luachanna ídithe breosla maidir leis na dálaí cothaithe luchtaithe chomh maith leis an ídiú fuinnimh leictrigh a bhaineann go sonrach le tréimhse ar leith i bhfeithiclí den sórt sin. Dá bhrí sin, is gá na hiontrálacha ábhartha a chur leis na teimpléid le haghaidh an deimhnithe comhréireachta. |
|
(6) |
Tar éis fhoilsiú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683, thángthas ar earráidí áirithe sna nótaí míniúcháin le haghaidh an doiciméid faisnéise, sna teimpléid le haghaidh deimhnithe ar cheadú agus sna deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir. Ar na hearráidí ar thángthas orthu sna nótaí míniúcháin le haghaidh an doiciméid faisnéise agus sna teimpléid le haghaidh deimhnithe ar cheadú, tá tagairtí Míchearta do nótaí míniúcháin áirithe. Tá earráidí ann freisin san aonad dá dtagraítear maidir leis an mbrú i líne fotha an chórais coscánaithe leantóra, agus is do chileapascal (kPa) ar cheart tagairt a dhéanamh seachas do bharra. |
|
(7) |
A mhéid a bhaineann leis na deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir, déantar roinnt soiléirithe chun freastal ar thástáil comhréireachta inseirbhíse. Ina theannta sin, an tagairt don nós imeachta tástála is infheidhme maidir le feithiclí iomlána agus lánchríochnaithe de chatagóir feithicle M3 agus maidir le feithiclí neamhiomlána de chatagóir feithicle M2, is gá an tagairt sin a thabhairt cothrom le dáta ós rud é go ndéantar tagairt leo faoi láthair don nós imeachta tástála is infheidhme maidir le feithiclí saothair éadroim seachas d’fheithiclí tromshaothair, rud is infheidhme maidir leis na catagóirí feithiclí sin. Is gá a shoiléiriú, i ndáil leis an iontráil ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir a bhaineann le hairde na feithicle, nach bhfuil sí infheidhme ach amháin maidir le feithiclí iomlána agus lánchríochnaithe áirithe de chatagóir feithiclí N3. A mhéid a bhaineann le pointe 49 ar na hiontrálacha maidir le “Astaíochtaí CO2/ídiú breosla/ídiú fuinnimh leictrigh” le haghaidh chatagóir feithiclí N3, is gá a shonrú go bhfuil feidhm ag an bpointe sin maidir le feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus le feithiclí tromshaothair (Euro VI) agus nach bhfuil feidhm ag pointe 49 de chatagóir feithicle N3 maidir le feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) ach i gcás feithiclí tromshaothair (Euro VI) amháin. Earráid in uimhriú an phointe den iontráil maidir le “hacastóir (nó acastóirí) tiomána a bhfuil aerchrochadh nó a choibhéis feistithe air (nó orthu)”, ba cheart an earráid sin a cheartú ionas go mbeidh sí i gcomhréir leis an uimhriú dá bhforáiltear sna codanna eile de na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683. An nóta míniúcháin le haghaidh iontráil 47.1.3.2, ba cheart é sin a bhaint mar b’éard a bhí ann tagairt mhícheart d’fhorscript seachas do bunluach scripte is cuid d’fhoirmle na hiontrála sin. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is gá na hearráidí sin a cheartú. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 a leasú agus a cheartú dá réir. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/133 ón gCoimisiún (5), tá cead ag na húdaráis chineálcheadaithe, ag na húdaráis faireachais margaidh, ag údaráis chlárúcháin na mBallstát agus ag na monaróirí aon leasú riachtanach ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir a chur chun feidhme ina gcórais faoi seach féin suas le tréimhse 12 mhí tar éis dháta foilsithe na leasuithe sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart dáta chur i bhfeidhm na leasuithe ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir a chur siar. |
|
(10) |
Chun am leordhóthanach a thabhairt d’údaráis chineálcheadaithe, d’údaráis faireachais margaidh, d’údaráis chlárúcháin na mBallstát agus do na monaróirí na ceartúcháin a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart dáta chur i bhfeidhm Iarscríbhinn II a chur siar. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Teicniúil – Mótarfheithiclí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, VI agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683
Ceartaítear Iarscríbhinní I, III agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn I ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/133 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid bhunúsach, struchtúr agus modh malartaithe shonraí an deimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach (IO L 42, 5.2.2021, lch.1)
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinní I, III, VI agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn III (Cuid 2 den deimhniú ar cheadú feithicle aonair AE agus den deimhniú náisiúnta ar cheadú aonair) mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:
|
|
(4) |
in Iarscríbhinn VIII, leasaítear an Fhoscríbhinn mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
ceartaítear Iarscríbhinní I, III, agus VIII mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn I, scriostar an nóta míniúcháin 110; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn I, “TEIMPLEÁD LE hAGHAIDH DOICIMÉAD FAISNÉISE MAIDIR LE CINEÁLCHEADÚ AE FEITHICLÍ, CÓRAS, COMHPHÁIRTEANNA NÓ AONAD TEICNIÚIL AR LEITHLIGH”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 0.2.2.1:
|
|
(3) |
ceartaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
|
(4) |
in Iarscríbhinn VIII, ceartaítear an Fhoscríbhinn mar a leanas:
|