11.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 30/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/185 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2022
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 430(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sa leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 13(1) lena n-athraítear an oibleagáid a leagtar síos sa ghníomh trí mhinicíocht an tuairiscithe a mhodhnú. |
(2) |
Sa leagan Spáinnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, tá earráidí in Iarscríbhinn II, pointe 8.4 i gClár na nÁbhar; in Iarscríbhinn II, Cuid II: pointe 3.9.4.2, ró 0060, sa dara colún den tábla, sa chéad mhír, i bpointe 3.9.5.1, ró 0040, sa dara colún den tábla, sa mhír aonair atá ann, i bpointe 3.9.6.1, ró 0040, 0120, sa dara colún den tábla, sa mhír aonair atá ann, i bpointe 8.1, pointe (c) d’iontráil 201, i bpointe 8.2.1, ró 0010, sa dara colún den tábla, sa chéad mhír, i bpointe 8.3.1, ró 0050, sa dara colún den tábla, sa chéad mhír, agus i bpointe 8.4; in Iarscríbhinn XII: i ngach tarlú de ró 0840, sa tríú colún den tábla agus i ngach tarlú de ró 0310 le ID 1.4.3, sa tríú colún den tábla; in Iarscríbhinn XIII, Cuid II: i bpointe 1, ró 14, sa dara colún den tábla, agus i bpointe 3, sa dara colún den tábla, ró 0840; in Iarscríbhinn XIII, Cuid IV: i bpointe 1, ró 13, sa dara colún den tábla, agus i bpointe 3, ró 0310, sa dara colún den tábla freisin. D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag na hearráidí sin ar na hoibreoirí eacnamaíocha maidir lena n-oibleagáidí tuairiscithe. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Seicise agus an leagan Spáinnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1).