11.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 30/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/184 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2017/2397, i gcás ina ndéantar tagairt i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Treoir do chaighdeáin, déanfaidh an Coimisiún an tagairt ábhartha nó tabharfaidh sé cothrom le dáta í agus déanfaidh sé dáta a curtha i bhfeidhm a iontráil in Iarscríbhinn IV.

(2)

Treoir Tharmligthe (AE) 2020/12 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin le haghaidh inniúlachtaí agus le haghaidh an eolais agus na scileanna comhfhreagracha, le haghaidh na scrúduithe praiticiúla, le haghaidh fhormheas na n-ionsamhlóirí, agus le haghaidh na dea-shláinte (2), tá tagairt inti do chaighdeáin an Choiste Eorpaigh um dhréachtú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (CESNI).

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2397 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2397.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 345, 27.12.2017, lch. 53.

(2)   IO L 6, 10.1.2020, lgh. 15-100.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS IS INFHEIDHME

Tábla A

Ábhar, Airteagal

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

Scrúduithe praiticiúla, Airteagal 17(4)

ES-QIN 2018, go sonrach trí Rúin 2018-II-9, 2018-II-10, 2018-II-11, 2018-II-12, agus 2018-II-13 ó CESNI

18.1.2022

Ionsamhlóirí a fhormheas, Airteagal 21(2)

ES-QIN 2018, go sonrach Rúin 2018-II-14 agus 2018-II-15 ó CESNI

18.1.2022

Saintréithe agus coinníollacha úsáide clár, Airteagal 25(2)

 

 


Tábla B

Mír

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

1

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta ar an leibhéal oibríochtúil

ES-QIN 2018, go sonrach Rún 2018-II-3 ó CESNI

18.1.2022

2

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta ar leibhéal na bainistíochta

ES-QIN 2018, go sonrach Rún 2018-II-4 ó CESNI

18.1.2022

3

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta d’údaruithe sonracha

 

 

3.1

Seoltóireacht ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí

ES-QIN 2018, go sonrach Rún 2018-II-6 ó CESNI

18.1.2022

3.2

Loingseoireacht radair

ES-QIN 2018, go sonrach Rún 2018-II-7 ó CESNI

18.1.2022

4

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta d’oibríochtaí sonracha

 

 

4.1

Saineolaí ar loingsiú paisinéirí

ES-QIN 2018, go sonrach Rún 2018-II-5 ó CESNI

18.1.2022

4.2

Saineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL)

ES-QIN 2018, go sonrach Rún 2018-II-8 ó CESNI

18.1.2022


Tábla C

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le dea-shláinte

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

Scrúdú dea-shláinte

ES-QIN 2018, go sonrach Rún 2018-II-2 ó CESNI

18.1.2022.