8.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 27/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/163 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Feabhra 2022

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais fheidhmiúla maidir le faireachas margaidh ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe in Airteagal 8(15), Airteagal 9(5) agus Airteagal 13(10) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 8(15) de Rialachán (AE) 2018/858, tugtar de chumhacht don Choimisiún critéir choiteanna a leagan síos chun scála leordhóthanach na seiceálacha fíoraithe comhlíontachta ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh a bhunú, ar seiceálacha iad a bheidh le déanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh faoi Airteagal 8(1) den Rialachán sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin critéir choiteanna a leagan síos maidir le formáid an fhorléargais ar na seiceálacha faireachais margaidh atá beartaithe, forléargas atá le cur ar fáil ag na Ballstáit don Fhóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú (“an Fóram”) faoi Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2018/858. Ina theannta sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún critéir choiteanna a leagan síos maidir le formáid na tuarascála ar thorthaí na seiceálacha fíoraithe comhlíontachta a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Fhóraim faoi Airteagal 8(7) den Rialachán sin.

(2)

Chun sásra stóinsithe forfheidhmithe comhlíontachta a áirithiú agus chun ceanglais aonfhoirmeacha a chur ar fáil d’údaráis um fhaireachas margaidh chun feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a roghnú le haghaidh tástálacha, ba cheart na critéir maidir le bunú scála leordhóthanach na seiceálacha fíoraithe comhlíontachta a leagan amach. Ós rud é nach féidir seiceálacha fíoraithe comhlíontachta a chur i bhfeidhm ar an mbealach céanna de bharr difríochtaí i ngach Ballstát maidir le líon na bhfeithiclí, líon na bhfeithiclí atá cláraithe nó líon na ngearán, tá sé tábhachtach go gcumhdófaí leis na critéir sin gnéithe éagsúla is féidir a úsáid i gcomhréir le sainiúlachtaí Ballstáit ar leith. Ba cheart a áireamh sna critéir sin, i gcás gach Ballstáit, minicíocht na seiceálacha doiciméadacha, líon na bhfeithiclí atá cláraithe agus líon na dtástálacha a dhéantar.

(3)

Chun pleanáil bhliantúil na seiceálacha faireachais margaidh ag na Ballstáit a éascú agus chun a áirithiú go dtuairisceofar torthaí na seiceálacha sin ar bhealach aonfhoirmeach tar éis seiceálacha fíoraithe comhlíontachta, is gá critéir choiteanna a leagan síos maidir leis an bhformáid atá le húsáid ag na Ballstáit agus an dá ní seo a leanas á gcur faoi bhráid an Fhóraim – forléargas cuimsitheach ar a gcuid seiceálacha beartaithe um fhaireachas margaidh, forléargas dá dtagraítear in Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2018/858, sin agus an tuarascáil ar thorthaí a gcuid seiceálacha fíoraithe comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 8(7) den Rialachán sin. Ba cheart faisnéis faoi na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leithligh a tástáladh, na gníomhartha rialála ábhartha arna seiceáil agus pleanáil na dtástálacha a áireamh i bhformáid an fhorléargais ar na seiceálacha faireachais margaidh atá beartaithe. Ba cheart faisnéis faoi na prionsabail mheasúnaithe riosca a cuireadh ar bun agus anailísí ar na gníomhaíochtaí a rinneadh a áireamh i bhformáid na tuarascála ar thorthaí na seiceálacha fíoraithe comhlíontachta.

(4)

De bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) 2018/858, ní mór a shonrú cé na sonraí atá le cur ar fáil ag na monaróirí don Choimisiún saor in aisce chun críoch fhíorú na comhlíontachta.

(5)

De bhun an dara fomhír d’Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2018/858, ní mór a shonrú cé na sonraí atá le cur ar fáil ag na monaróirí do thríú páirtithe saor in aisce faoin gcéad fhomhír den mhír sin le go bhféadfaidh na tríú páirtithe sin tástáil a dhéanamh ar neamhchomhlíonadh féideartha.

(6)

De bhun an dara fomhír d’Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2018/858, ní mór a shonrú cé na ceanglais nach mór do thríú páirtithe a chomhlíonadh chun a leas dlisteanach i réimse na sábháilteachta poiblí nó na cosanta comhshaoil a léiriú mar aon leis an leas a bhaineann siad as saoráidí leordhóthanacha tástála, sin agus a ráthú go bhfuil a n-eagrú agus a n-oibriú go hiomlán neamhchlaonta agus neamhspleách.

(7)

Chun a áirithiú go mbeidh tríú páirtithe in ann fíoruithe comhlíontachta a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, ba cheart dá dtuarascálacha tástála a bheith i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (2) agus go gcomhlíonfaidís ceanglais maidir le hinniúlacht agus cáilíocht na saoráidí tástála.

(8)

Na bearta atá le déanamh faoi fhorálacha Airteagal 8(15), Airteagal 9(5) agus Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2018/858, baineann siad le fíorú comhlíontachta feithiclí, córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh. Tá nasc substainteach idir na bearta sin agus an comhthéacs ina mbeidh feidhm acu. Is iomchuí, dá bhrí sin, an Rialachán seo a ghlacadh ar bhonn gach ceann de na trí fhoráil? chun fíorú comhsheasmhach comhlíontachta a bhaint amach.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Teicniúil – Mótarfheithiclí (TCMV),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Critéir chun scála leordhóthanach na seiceálacha fíoraithe comhlíontachta a bhunú

Scála leordhóthanach na seiceálacha fíoraithe comhlíontachta a dhéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh, bunófar é ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

minicíocht na seiceálacha doiciméadacha ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh a rinneadh ar fheithiclí a cláraíodh sa Bhallstát ábhartha sa bhliain roimhe sin;

(b)

an líon tástálacha in aghaidh na bliana agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/858 á gcur san áireamh;

(c)

rangú guaise na ngníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, de réir an riosca agus na dóchúlachta atá ann i gcás gach cineáil guaise ar leith;

(d)

líon na bhfeithiclí nua a cláraíodh sa Bhallstát ábhartha sa bhliain roimhe sin, agus iad liostaithe de réir a gcineál agus a n-ainmneacha tráchtála;

(e)

na gearáin a bhfuil bunús leo in aghaidh cineáil agus ainm tráchtála feithiclí sna 3 bliana roimhe sin;

(f)

faisnéis a malartaíodh san Fhóram sna 3 bliana roimhe sin;

(g)

torthaí tástála a d’fhoilsigh tríú páirtithe sna 3 bliana roimhe sin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6;

(h)

céatadán na dtástálacha a leithdháileadh ar an líon feithiclí cláraithe agus ar an gcéatadán tástálacha a leithdháileadh ar shampláil randamach.

Airteagal 2

Formáid an fhorléargais ar na seiceálacha faireachais margaidh atá beartaithe

An forléargas ar na seiceálacha faireachais margaidh atá beartaithe, forléargas dá dtagraítear in Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2018/858, cuirfear é faoi bhráid an Fhóraim san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Formáid thuarascáil na dtorthaí tar éis seiceálacha fíoraithe comhlíontachta

An tuarascáil ar na torthaí tar éis seiceálacha fíoraithe comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2018/858, cuirfear í faoi bhráid an Fhóraim san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Sonraí atá le cur ar fáil ag monaróirí don Choimisiún chun críoch fhíorú na comhlíontachta

Na sonraí atá le cur ar fáil ag na monaróirí don Choimisiún ionas go mbeidh sé in ann na tástálacha agus na cigireachtaí faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/858 a dhéanamh, beidh na nithe seo a leanas san áireamh iontu:

(a)

na paraiméadair agus na socruithe is gá chun na dálaí tástála a cuireadh i bhfeidhm tráth na tástála cineálcheadaithe a mhacasamhlú go cruinn, lena n-áirítear gach tuarascáil tástála dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2018/858 agus an fhaisnéis atá ábhartha maidir le déanamh na dtástálacha agus na seiceálacha a cheanglaítear de bhun Rialachán (AE) 2018/858 agus na ngníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin;

(b)

pacáistí doiciméadachta leathnaithe a cheanglaítear faoi na gníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí cúnta astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 3a (3);

(c)

an pacáiste maidir leis an trédhearcacht tástála is gá chun feithiclí a thástáil i ndáil le hastaíochtaí a thuairiscítear i Rialachán (AE) 2017/1151, Iarscríbhinn II, pointe 5.9;

(d)

cóip de dheimhniú comhréireachta gach feithicle atá le tástáil;

(e)

gach faisnéis theicniúil ábhartha eile is gá chun tástálacha a dhéanamh.

Airteagal 5

Sonraí atá le cur ar fáil ag monaróirí do thríú páirtithe chun tástáil a dhéanamh ar neamh-chomhlíonadh féideartha

Na sonraí atá le cur ar fáil ag na monaróirí do thríú páirtithe faoi Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2018/858, beidh na nithe seo a leanas san áireamh iontu:

(a)

na paraiméadair agus na socruithe is gá chun na dálaí tástála a cuireadh i bhfeidhm tráth na tástála cineálcheadaithe a mhacasamhlú go cruinn, lena n-áirítear gach tuarascáil tástála dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2018/858 agus an fhaisnéis atá ábhartha maidir le déanamh na dtástálacha agus na seiceálacha a cheanglaítear de bhun Rialachán (AE) 2018/858 agus na ngníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin;

(b)

pacáistí doiciméadachta leathnaithe a cheanglaítear faoi na gníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí cúnta astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151, Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 3a agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (4), Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 11;

(c)

an pacáiste maidir leis an trédhearcacht tástála is gá chun feithiclí a thástáil i ndáil le hastaíochtaí a thuairiscítear i Rialachán (AE) 2017/1151, Iarscríbhinn II, pointe 5.9;

(d)

cóip de dheimhniú comhréireachta gach feithicle atá le tástáil;

(e)

gach faisnéis theicniúil ábhartha eile is gá chun tástálacha a dhéanamh.

Airteagal 6

Ceanglais ar thríú páirtithe a leas dlisteanach a léiriú mar aon leis an leas a bhaineann siad as saoráidí leordhóthanacha tástála

1.   Chun a leasanna dlisteanacha i réimse na sábháilteachta poiblí nó na cosanta comhshaoil a léiriú de bhun Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2018/858, comhlíonfaidh tríú páirtithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

gur duine nádúrtha nó dlítheanach iad a bunaíodh faoi dhlí Ballstáit;

(b)

go mbeidh siad ina bpáirtithe neamhrialtasacha neamhbhrabúsacha;

(c)

nach mbeidh baint acu le gnéithe den chineálcheadú ná le próiseas deartha, monaraíochta, soláthair ná cothabhála feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh;

(d)

go soláthróidh siad dearbhú lena léirítear go n-urramaíonn siad an rúndacht i gcomhthéacs rúin tráchtála a chosaint agus sonraí pearsanta a chaomhnú agus go n-urramaíonn a bpearsanra rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a sholáthraíonn na monaróirí, lena n-áirítear an deimhniú ar chineálcheadú AE agus na ceangaltáin a ghabhann leis agus na sonraí a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 5;

(e)

go léireoidh siad go bhfuil leas á bhaint acu as saoráidí leordhóthanacha tástála i gcomhréir le ceanglais mhír 2 den Airteagal seo.

2.   Chun a léiriú go bhfuil leas á bhaint ag tríú páirtithe as saoráidí leordhóthanacha tástála chun críoch seiceálacha agus tástálacha ar chomhlíonadh, comhlíonfaidh na saoráidí sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

nach bhfuil aon bhaint acu le próiseas deartha, monaraíochta, soláthair ná cothabhála na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leithligh a ndéanann siad measúnú, tástáil nó cigireacht orthu;

(b)

go bhfuil siad creidiúnaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gcaighdeán EN ISO/IEC 17025:2017 maidir leis na ceanglais ghinearálta a bhaineann le hinniúlacht saotharlann tástála agus calabrúcháin agus go gcumhdaíonn raon feidhme an chreidiúnaithe sin na tástálacha a dhéanann siad faoi na gníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858;

(c)

go bhfuil siad creidiúnaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gcaighdeán EN ISO/IEC 17020:2012 maidir leis na critéir ghinearálta le haghaidh oibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht nó, de rogha air sin, go leathnaítear cuspóir an chreidiúnaithe de réir EN ISO/IEC 17025:2017 chun an nós imeachta cigireachta a chumhdach;

(d)

go soláthróidh siad dearbhú lena léirítear go n-urramaíonn siad an rúndacht i gcomhthéacs rúin tráchtála a chosaint agus sonraí pearsanta a chaomhnú agus go n-urramaíonn a bpearsanra rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a sholáthraíonn na monaróirí, lena n-áirítear an deimhniú ar chineálcheadú AE agus na ceangaltáin a ghabhann leis agus na sonraí a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 5.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151. 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1)

(4)  OJ L 167, 25.6.2011, p. 1


IARSCRÍBHINN I

Formáid an fhorléargais chuimsithigh ar na seiceálacha faireachais margaidh atá beartaithe

(le comhlánú ag an mBallstát agus le cur faoi bhráid an Fhóraim tráth nach déanaí ná an 1 Márta)

Ballstát: …

Ainm an údaráis um fhaireachas margaidh: …

Duine teagmhála laistigh den údarás (ainm, ríomhphost agus uimhir theileafóin): …

An tréimhse a chumhdaítear: LL.MM.BBBB – LL.MM.BBBB

Ballstát (1):

Cineál (2):

Ainm tráchtála (3):

Malairt/leagan (4)

Catagóir na feithicle (5) nó an córas, an chomhpháirt agus an t-aonad theicniúil ar leithligh:

Gníomh nó gníomhartha rialála (6):

Ábhar nó ábhair (7):

Seiceálacha doiciméadacha/tástálacha saotharlainne/tástálacha ar bhóthar:

An tréimhse tosaithe atá beartaithe:

Barúlacha:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


(1)  Sainuimhir an Bhallstáit a d’eisigh an cineálcheadú dá bhforáiltear sa tábla i Rialachán (AE) 2020/683, Iarscríbhinn IV, pointe 2.1.

(2)  Trádainm an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 0.1. den deimhniú ar chineálcheadú AE feithicle ina hiomláine.

(3)  An t-ainm tráchtála a leagtar amach i bpointe 0.2.1 den deimhniú ar chineálcheadú AE feithicle ina hiomláine.

(4)  I gcás inarb infheidhme

(5)  Catagóir na feithicle (e.g. M1, N1).

(6)  Na gníomhartha rialála is infheidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.

(7)  Ábhar na ngníomhartha rialála is infheidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.


IARSCRÍBHINN II

Formáid na tuarascála ar thorthaí na seiceálacha fíoraithe comhlíontachta

(le comhlánú ag an mBallstát agus le cur faoi bhráid an Fhóraim faoin 30 Meán Fómhair an bhliain tar éis dheireadh na tréimhse 2 bhliain lena mbaineann)

1.

Eolas:

Ballstát: …

Ainm an údaráis um fhaireachas margaidh: …

An tréimhse a chumhdaítear: LL.MM.BBBB – LL.MM.BBBB

2.

Ginearálta: (eagrú agus bonneagar maidir le faireachas margaidh)

An aireacht atá freagrach as an earnáil seo;

Ainm agus sonraí teagmhála an Údaráis inniúil um Fhaireachas Margaidh

(a seoladh; lena n-áirítear a seoladh leictreonach (ríomhphost), agus a réimsí freagrachta);

An líon ball foirne i réimse an fhaireachais margaidh mótarfheithiclí;

Acmhainní tástála (saotharlann de chuid an údaráis féin nó saotharlann sheachtrach);

Soiléiriú ar an gcaoi a n-áirithítear go gcuireann na húdaráis um fhaireachas margaidh a gcuid dualgas i gcrích go neamhspleách agus go neamhchlaonta.

3.

An míniú a thugann na Ballstáit ar a gcuid prionsabal bunaithe maidir le measúnú riosca:

míniú gearr ar na prionsabail bhunaithe maidir le measúnú riosca;

forléargas ar na critéir a úsáidtear le haghaidh an mheasúnaithe riosca;

míniú ar chomhordú éifeachtach gníomhaíochtaí idir údaráis náisiúnta;

4.

Forléargas ar na gníomhaíochtaí a rinneadh le linn na tréimhse pleanála roimhe seo:

Líon iomlán na seiceálacha faireachais margaidh a rinneadh in aghaidh na bliana;

Líon na neamhchomhlíontaí a sainaithníodh in aghaidh na bliana agus in aghaidh an chineáil feithicle;

Faisnéis shonrach maidir leis na neamhchomhlíontachtaí a sainaithníodh in aghaidh na bliana (reachtaíocht/ábhar is infheidhme) agus treochtaí a sainaithníodh maidir le neamhchomhlíontachtaí;

Líon na mbeart ceartaitheach agus sriantach a glacadh in aghaidh na bliana maidir le neamhchomhlíontachtaí a sainaithníodh;

Líon agus méid airgid na bpionós arna bhforchur ag na Ballstáit in aghaidh na bliana agus in aghaidh in aghaidh an phíosa reachtaíochta;

5.

Torthaí/anailísí:

Láidreachtaí agus Laigí (inmheánach – micrealeibhéal) an Údaráis um Fhaireachas Margaidh;

Deiseanna agus Bagairtí (seachtrach – méisealeibheál agus macraileibhéal) bunaithe ar thorthaí agus neamhchomhlíontachtaí ar thángthas orthu trí sheiceálacha faireachais margaidh;

Ceachtanna a foghlaimíodh (inmheánach – micrealeibhéal);

Ceachtanna a foghlaimíodh (seachtrach – méisealeibheál agus macraileibhéal);

6.

Bearta agus gníomhaíochtaí:

Bearta agus gníomhaíochtaí inmheánacha (micrealeibhéal) atá beartaithe le haghaidh an 2 bhliain atá le teacht;

Bearta agus gníomhaíochtaí seachtracha (méisealeibhéal agus macraileibhéal) atá beartaithe le haghaidh an 2 bhliain atá le teacht;

7.

Barúlacha: