4.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 25/5


RIALACHÁN (AE) 2022/148 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Feabhra 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2011/486/CBES ón gComhairle an 1 Lúnasa 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 (2) ón gComhairle, tugtar éifeacht do bhearta sriantacha a glacadh faoi chreat na Náisiún Aontaithe.

(2)

An 22 Nollaig 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2615 (2021). Tugtar isteach go háirithe leis an Rún sin díolúine nua maidir leis na bearta sriantacha i dtaca le cabhair dhaonnúil agus le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine san Afganastáin.

(3)

An 3 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/153 (3), lena leasaítear Cinneadh 2011/486/CBES i gcomhréir le Rún 2615 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(4)

Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 753/2011, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine san Afganastáin nó chun tacú le gníochaíochtaí den sórt sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  IO L 199, 2.8.2011, lch. 57.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 753/2011 ón gComhairle an 1 Lúnasa 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin (IO L 199, 2.8.2011, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/153 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2011/486/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí, ar ghnóthais agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Afganastáin (féach leathanach 17 den Iris Oifigiúil seo).