3.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 24/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/144 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2022

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Ceylon Cinnamon (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic Srí Lanca ar chlárú an ainm “Ceylon Cinnamon” mar thásc geografach faoi chosaint (TGFC) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

An 3 Meán Fómhair 2020, fuair an Coimisiún fógra freasúra lena n-áirítear an ráiteas freasúra réasúnaithe gaolmhar ón nGearmáin. An fógra freasúra a sheol an Ghearmáin, chuir an Coimisiún ar aghaidh chuig Srí Lanca é an 16 Meán Fómhair 2020.

(3)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an ráiteas freasúra réasúnaithe a fuarthas an 3 Meán Fómhair 2020, ráiteas a sheol an Ghearmáin, agus chinn sé go raibh sé inghlactha.

(4)

Le litir dar dáta an 22 Meán Fómhair 2020, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i mbun comhairliúcháin iomchuí chun teacht ar chomhaontú eatarthu féin i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha.

(5)

An 14 Nollaig 2020, arna iarraidh sin do Shrí Lanca, chuir an Coimisiún síneadh 3 mhí eile leis an sprioc-am le haghaidh comhairliúcháin.

(6)

Tháinig deireadh leis an gcomhairliúchán idir Srí Lanca agus an Ghearmáin an 28 Nollaig 2020 agus níor tháinig siad ar chomhaontú. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(7)

Is é an chúis a bhfuil an Ghearmáin ag cur ina choinne go bhfuil an t-ainm “Ceylon Cinnamon”, a cuireadh isteach lena chlárú, ag comhfhreagairt don aistriúchán Gearmáinise “Ceylon-Zimt” (Cainéal as Ceylon, arb é an sean-ainm ar Shrí Lanca é) agus go bhfuil coinbhleacht ann idir é agus an t-ainm luibheolaíoch Cinnamomum ceylanicum, arb é atá ann an planda as a bhfaightear cainéal. Coirt thriomaithe Cinnamomum ceylanicum, sin an sainmhíniú ar “Ceylon cinnamon” de réir “Phrionsabail Threoracha Chód Bia na Gearmáine le haghaidh spíosraí agus comhábhair shéasúracha eile”.

(8)

De réir an fhreasúróra, is in Ceylon, sean-ainm Shrí Lanca, a céadsaothraíodh Cinnamomum ceylanicum. Mar sin féin, le deacáidí beaga anuas ní sa limistéar geografach bunaidh amháin atá Cinnamomum ceylanicum ag fás ach tá sé á shaothrú i dtíortha trópaiceacha eile freisin. Ar na príomhsholáthróirí eile tá na Séiséil, Madagascar agus an tSín agus ar bhonn níos lú tá an India, Vítneam, an Indinéis, Iamáice, Martinique, Guáin na Fraince agus an Bhrasaíl. Sciar suntasach den chainéal atá ar fáil ar an margadh agus a fhaightear ón bplanda Cinnamomum ceylanicum, ní ó Shrí Lanca a thagann sé.

(9)

Ar chlárú “Ceylon Cinnamon” ina TGFC, bhí an Ghearmáin den tuairim go leathnófaí an chosaint chun aistriúcháin a chumhdach, arb é atá sna haistriúcháin chéanna tabhairt chun cuimhne ar an ainm sin, faoi Airteagal 13(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus nár cheart aon tagairt d’aon chineál don téarma “Ceylon” a bheith in ainm na dtáirgí sin a thuilleadh. Dá bhrí sin, dá gclárófaí “Ceylon Cinnamon” ina TGFC, dhéanfaí dochar do bheithsine an ainm “Ceylon Zimt” agus do bheithsine táirgí atá go dleathach ar mhargadh na Gearmáine le 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an iarratais ar chlárú an ainm “Ceylon Cinnamon”.

(10)

Mar chonclúid, is é tuairim an fhreasúróra go ndéanfaí cosaint mhíchuí mar thásc geografach ar ainm planda, arb ainm é ar gá saoirse a bheith ann lena úsáid, dá gclárófaí an t-ainm “Ceylon Cinnamon”. Ina theannta sin, tar éis an chláraithe sin, ba cheart sciar suntasach d’earraí atá ar fáil ar an margadh a athainmniú toisc nach mbeadh cead ann a thuilleadh a n-ainm seanbhunaithe a úsáid, ainm a bhfuil eolas maith ag na tomhaltóirí air, lena n-áirítear an tagairt don speiceas planda Cinnamomum Ceylanicum.

(11)

Thug an t-iarratasóir le fios nach raibh aon choinbhleacht ann, dar leis, idir “Ceylon cinnamon” agus ainm planda toisc gurb é Cinnamomum verum agus nach é Cinnamomum ceylanicum, faoi mar a mhaígh an fréasúróir, an t-ainm luibheolaíoch a nglactar leis go hidirnáisiúnta a bhfuil “Ceylon cinnamon” bunaithe air. Meastar gur comhchiallaigh iad Cinnamomum zeylanicumCinnamomum ceylanicum le Cinnamonum verum. Dá bhrí sin, níl aon choinbhleacht ann idir an t-ainm “Ceylon cinnamon” agus ainm an phlanda óna bhfaightear an táirge a bhfuil an t-ainm sin air. Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir in iúl nach ainm planda é an t-ainm atá le cosaint agus gur ó ainm stairiúil Ceylon a thagann an t -ainm zeylanicumceylanicum.

(12)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a tugadh sna ráitis freasúra réasúnaithe agus ar an bhfaisnéis a fuair sé maidir leis na comhairliúcháin idir na páirtithe leasmhara.

(13)

Tagraíonn an t-ainm “Ceylon cinnamon” do tháirge a bhfuil cáilíochtaí agus saintréithe sainiúla aige, go háirithe maidir lena ghné láidir orgánaileipteach. Ina theannta sin, tá clú daingean ar an ainm. Dá bhrí sin, comhlíonann sé an ceanglas maidir lena chlárú ina Thásc Geografach faoi Chosaint.

(14)

I mbunachar sonraí na gcineálacha de chuid na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO), is i Meicsiceo a cláraíodh an téarma “Ceylan”, a chomhfhreagraíonn don speiceas ar a bhfuil an t-ainm Laidine Cinnamomum verum J. Presl.. Tá roinnt trádmharcanna agus ainmníochtaí cláraithe i mbunachar sonraí na gcineálacha ina bhfuil an téarma “Ceylon” nó an téarma “Cinnamon” ach ní thagraíonn aon cheann acu don speiceas Cinnamomum ceylanicum.

(15)

Is teoranta an luach fianaiseach agus dlíthiúil atá ag ‘Prionsabail Threoracha Chód Bia na Gearmáine le haghaidh spíosraí agus comhábhair shéasúracha eile’ i gcoinbhleacht idir ainm cineáil planda agus ainm atá le clárú i gclár an Aontais Eorpaigh um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(16)

Maidir leis an táirge dá dtagraíonn an t-ainm a ndearnadh iarratas lena chlárú, is ó Shrí Lanca a thagann sé, tír a bhfuil eolas forleathan coitianta fós ar a sean-ainm, Ceylon, sa lá atá inniu ann. Dá bhrí sin, ní féidir leis an ainm “Ceylon cinnamon” tomhaltóirí a chur amú per se maidir le tionscnamh an táirge. I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, dálaí na coinbhleachta idir na hainmneacha agus an riosca go gcuirfí tomhaltóirí amú, is nithe iad atá idirnasctha. I bhfianaise an mhéid thuas, ní fhéadfaidh clárú an ainm “Ceylon cinnamon” ina thásc geografach faoi chosaint (TGFC) an fhoráil sin a shárú.

(17)

Ina theannta sin, measann an Coimisiún nach gcuirfí cosc ar an ainm luibheolaíoch Cinnamomum zeylanicumCinnamomum ceylanicumcomhchiallaigh eile den ainm luibheolaíoch a úsáid ar lipéadú táirgí cainéil a thagann ó phlandaí a bhfuil na hainmneacha luibheolaíocha sin orthu agus a shaothraítear lasmuigh den limistéar geografach dá gclárófaí “Ceylon cinnamon” mar thásc geografach faoi chosaint, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus ina theannta sin ar choinníoll go léireofar go soiléir ar an lipéad an léiriú faoin tír thionscnaimh agus nach n-áireofar ann aon tagairt bhreise do Shrí Lanca. Ina theannta sin, ráthófar leis sin an fhaisnéis cheart do thomhaltóirí i gcomparáid leis an táirge a chuirtear ar an margadh faoin TGFC cláraithe

(18)

Dá réir sin, ba cheart an t-ainm “Ceylon Cinnamon” (TGFC) a chlárú sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Ceylon Cinnamon” (TGFC) cláraithe anois.

Leis an ainm sa chéad mhír, sainaithnítear táirge ó Aicme 1.8 Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí, etc.) agus ó Aicme 2.10 Olaí eisintiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ina n-úsáidfear na téarmaí Cinnamomum zeylanicumCinnamomum ceylanicum nó comhchiallaigh eile de na hainmneacha luibheolaíocha ar lipéadú agus tagairt ann do chineál an phlanda as ar tháinig an cainéal, déanfar an tír thionscnaimh lasmuigh de Shrí Lanca a shonrú freisin sa réimse radhairc amháin, i litreacha nach lú ná litreacha an ainm.

I gcásanna den sórt sin, toirmiscfear aon bhratach, feathal, comhartha nó léiriú grafach eile a úsáid ar na lipéid a d’fhéadfadh na tomhaltóirí a chur amú, go háirithe maidir le saintréithe, tionscnamh nó bunáitíocht an táirge.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 208, 22.6.2020, lch. 19.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).