31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/197


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/129 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Nollaig 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cineálacha idirghabhála a bhaineann le síolta ola, cadás agus seachtháirgí fíonóireachta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta a bhaineann le tacaíocht ón Aontas agus le Pleananna Straitéiseacha CBT

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta (CEFT) agus ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 11(2), Airteagal 37(6), Airteagal 59(8) agus Airteagal 123(5) díobh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2115 leagtar síos creat dlíthiúil nua le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an dóigh a mbaintear amach cuspóirí an Aontais leis, cuspóirí a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá tuilleadh sonraíochta sa Rialachán sin freisin maidir leis na cuspóirí sin de chuid an Aontais atá le baint amach le CBT agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála chomh maith leis na ceanglais choiteanna de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus solúbthacht á tabhairt do na Ballstáit maidir le dearadh na n-idirghabhálacha atá le soláthar ina gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT. Ní mór do na Ballstáit na Pleananna Straitéiseacha CBT sin a tharraingt suas agus a dtograí le haghaidh na bpleananna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun na críche sin, ní mór rialacha cur chun feidhme áirithe a leagan síos.

(2)

Luaitear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le hidirghabhálacha limistéarbhunaithe, seachas na hidirghabhálacha sin lena gcomhlíontar forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú EDT maidir leis an Talmhaíocht, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim chúpláilte faoin Rialachán sin, agus i gcás ina mbaineann na hidirghabhálacha sin le cuid de na síolta ola nó leis na síolta ola uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Meabhrán Tuisceana idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le síolta ola faoi CGTT (2), ní bheidh iomlán an limistéir tacaíochta bunaithe ar na haschuir atá beartaithe a áirítear i bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát lena mbaineann níos mó ná an limistéar tacaíochta uasta le haghaidh an Aontais ina iomláine chun comhlíonadh a ghealltanais idirnáisiúnta a áirithiú. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún limistéar tacaíochta tagartha táscach a shocrú le haghaidh gach Ballstáit mar sciar den limistéar tacaíochta uasta le haghaidh an Aontais ina iomláine, arb ionann é agus 7 854 446 heicteár, arna ríomh ar bhonn an mheánlimistéir saothraithe san Aontas i rith na mblianta 2016 go 2020.

(3)

Foráiltear le Teideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le híocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis, nach mór do cheithre Bhallstát an talamh agus na cineálacha lena mbaineann a údarú ina leith. Is faoi na Ballstáit sin is ceart dó a bheith rialacha mionsonraithe a leagan síos i ndáil leis sin. Mar sin féin, ba cheart an nós imeachta um na húdaruithe sin a eagrú sa chaoi go mbeidh na feirmeoirí lena mbaineann in ann fógraí a bhaineann leis an údarú a fháil in am trátha roimh chéad séasúr eile na curadóireachta. Ina theannta sin, is iomchuí a leagan síos an fhaisnéis íosta ba cheart a bheith sna fógraí sin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, tá Ballstáit áirithe le cineál idirghabhála amháin in earnáil an fhíona nó níos mó ná sin a roghnú ina gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT, lena n-áirítear seachtháirgí fíonóireachta a dhriogadh. Ní mór don Choimisiún cúnamh airgeadais an Aontais a shocrú le haghaidh na hidirghabhála sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 123(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2021/2115, tá an t-údarás bainistíochta lena áirithiú trí ghníomhaíochtaí infheictheachta iomchuí go n-aithneoidh tairbhithe de thacaíocht arna maoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), seachas tacaíocht faoi idirghabhálacha a bhaineann le ceantair agus le hainmhithe, an tacaíocht sin, lena n-áirítear trí úsáid iomchuí a bhaint as suaitheantas an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 123(2), pointe (k), den Rialachán sin, tá an t-údarás bainistíochta lena áirithiú go ndéanfar poiblíocht ar son Phleananna Straitéiseacha CBT trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta a dhéanamh le haghaidh an phobail i gcoitinne, tairbhithe féideartha agus spriocghrúpaí ábhartha. Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 124(3), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, tá an t-údarás bainistíochta leis an bhfaisnéis is gá a chur ar fáil don choiste faireacháin chun scrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta. Is iomchuí coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas faisnéise, poiblíochta agus infheictheachta dá dtagraítear sna forálacha sin.

(6)

Ós rud é gur gá do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chur san áireamh agus a bPleananna Straitéiseacha CBT á bhforbairt acu, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115, chun Pleananna Straitéiseacha CBT de chuid na mBallstát a tharraingt suas agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin, i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

an limistéar tacaíochta tagartha táscach le haghaidh gach Ballstáit chun críoch idirghabhálacha a bhaineann le limistéir maidir le síolta ola;

(b)

talamh agus cineálacha a údarú chun críocha na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus an fógra a bhaineann leis sin;

(c)

méid na tacaíochta do dhriogadh seachtháirgí fíonóireachta;

(d)

suaitheantas an Aontais a úsáid faoi chuimsiú idirghabhálacha áirithe a fhaigheann maoiniú ó CETFT agus na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT agus an tacaíocht ón Aontas a fhaightear dá dtairbhe.

Airteagal 2

Limistéar tacaíochta tagartha táscach

Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo an limistéar tacaíochta tagartha táscach le haghaidh gach Ballstáit chun críoch idirghabhálacha a bhaineann le limistéir maidir le síolta ola dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 3

Nós imeachta um thalamh agus cineálacha a údarú le haghaidh íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus fógraí a bhaineann leis sin

1.   Eagrófar an nós imeachta um thalamh agus cineálacha a údarú chun críocha na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis de bhun Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 sa chaoi go bhféadfaidh na feirmeoirí lena mbaineann fógraí a fháil a bhaineann leis an údarú in am trátha roimh shéasúr na curadóireachta.

Áireofar san fhógra sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

na cineálacha atá údaraithe lena gcur;

(b)

na critéir chun talamh a údarú le haghaidh táirgeadh cadáis arna bhunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 (3) ón gCoimisiún;

(c)

dlús íosta na bplandaí cadáis dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126.

2.   I gcás ina dtarraingeoidh Ballstát siar údarú atá ann cheana le haghaidh cineáil, tabharfar fógra in am trátha do na feirmeoirí lena mbaineann roimh shéasúr curadóireachta na bliana dár gcionn.

Airteagal 4

Cúnamh airgeadais ón Aontas chun fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh

1.   Maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas atá le híoc le driogairí chun fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (g) de Rialachán (AE) 2021/2115, lena n-áirítear cnapshuim chun na costais bhailiúcháin a chúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 60(3), an tríú fomhír, den Rialachán sin, ní shárófar na méideanna seo a leanas leis:

(a)

maidir le halcól amh a fhaightear ó mharcanna: EUR 1,1/% toirt/hl;

(b)

maidir le halcól amh a fhaightear ó fhíon agus ó mhoirt: EUR 0,5/% toirt/hl.

2.   Socróidh na Ballstáit na méideanna iarbhír a bheidh le híoc mar chúnamh airgeadais ón Aontas bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha agus trí na tíopeolaíochtaí táirgthe éagsúla a chur san áireamh.

Airteagal 5

Suaitheantas an Aontais

Úsáidfidh an Ballstát agus an t-údarás bainistíochta suaitheantas an Aontais i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide á ndéanamh acu dá dtagraítear in Airteagal 123(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/2115. Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta freisin go n-úsáidfidh tairbhithe an suaitheantas dá réir.

Airteagal 6

Ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta

Leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta dá dtagraítear in Airteagal 123(2), pointí (j) agus (k), de Rialachán (AE) 2021/2115 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

(2)  IO L 147, 18.6.1993, lch. 25.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT don tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin chomh maith le rialacha maidir leis an gcóimheas le haghaidh chaighdeán 1 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC) (Féach leathanach 197 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

Limistéar tacaíochta tagartha táscach dá dtagraítear in Airteagal 2

ha

an Bheilg

7 295

an Bhulgáir

711 954

an tSeicia

300 498

an Danmhairg

114 000

an Ghearmáin

846 779

an Eastóin

51 620

Éire

7 197

an Ghréig

69 709

an Spáinn

559 382

an Fhrainc

1 525 286

an Chróit

117 366

an Iodáil

302 843

an Chipir

-

an Laitvia

89 153

an Liotuáin

154 217

Lucsamburg

2 270

an Ungáir

707 720

Málta

-

an Ísiltír

1 952

an Ostair

88 129

an Pholainn

644 818

an Phortaingéil

7 865

an Rómáin

1 250 509

an tSlóivéin

4 059

an tSlóvaic

184 603

an Fhionlainn

32 342

an tSualainn

72 880


IARSCRÍBHINN II

Úsáid agus saintréithe teicniúla shuaitheantas an Aontais (“an suaitheantas”)

1.   

Beidh an suaitheantas le feiceáil go follasach ar gach ábhar cumarsáide a úsáidtear le haghaidh an phobail nó rannpháirtithe amhail táirgí clóite nó digiteacha, suíomhanna gréasáin agus a leaganacha gutháin póca a bhaineann le cur chun feidhme oibríochta.

2.   

Scríobhfar an ráiteas “Cistithe ag an Aontas Eorpach” nó “Comhchistithe ag an Aontas Eorpach” ina iomláine agus cuirfear in aice leis an suaitheantas é.

3.   

Féadfaidh aon cheann de na clónna seo a leanas a bheith sa chló-aghaidh atá le húsáid i gcomhar leis an suaitheantas: Arial, Auto, Calibri, Garamond, Trebuchet, Tahoma, VerdanaUbuntu. Ní úsáidfear modhnuithe i gcló iodálach, modhnuithe a bhfuil folíne fúthu, ná éifeachtaí clófhoirne.

4.   

I dtaca le suíomh an téacs agus an tsuaitheantais, ní chuirfidh suíomh an téacs isteach ar an suaitheantas ar bhealach ar bith.

5.   

An chlómhéid a úsáidfear, beidh sí comhréireach le méid an tsuaitheantais.

6.   

Is é dath an reflex blue nó dath bán, nó dath dubh is ceart ar an gclófhoireann de réir mar a oireann don chúlra.

7.   

Ní dhéanfar an suaitheantas a mhodhnú ná a chumasc le haon mhír ghrafach ná le haon téacs eile. Má bhíonn lógónna eile ar taispeáint in éineacht leis an suaitheantas, ní mór an suaitheantas a bheith ar a laghad chomh mór, ar airde agus ar leithead, leis an lógó is mó de na lógónna eile. Seachas an suaitheantas, ní cheadaítear aon amharc-aithne ná lógó eile a úsáid chun béim a leagan ar an tacaíocht ón Aontas.

8.   

I gcás ina bhfuil roinnt oibríochtaí ar bun ar aon láthair amháin, agus tacaíocht acu ó na hionstraimí céanna cistithe nó ó ionstraimí éagsúla cistithe, nó i gcás ina gcuirtear cistiú breise ar fáil don oibríocht chéanna lá is faide anonn, taispeánfar aon phlaic amháin nó aon chlár fógraí amháin ar a laghad.

9.   

Caighdeáin ghrafacha an tsuaitheantais agus sainmhíniú ar dhathanna caighdeánacha:

(A)

CUR SÍOS AR NA SIOMBAILÍ

Ar chúlra na spéire goirme, tá ciorcal 12 réalta órga, lena léirítear aontacht na bpobal Eorpach. Tá líon na réaltaí socair, óir is é a 12 siombail na foirfeachta agus na haontachta.

(B)

CUR SÍOS AR AN ARALTAS

12 de réaltaí órga cúig bheann ina gciorcal ar ghort gormghlas agus gan pointí na réaltaí a bheith ag teagmháil le chéile.

(C)

CUR SÍOS AR AN GHEOIMÉADRACHT

Image 1

Is i bhfoirm bratach ghorm dhronuilleogach atá an suaitheantas, agus leithead na brataí oiread go leith níos faide ná an t-ardaitheoir. 12 réalta órga atá suite faid chothroma ó chiorcal dofheicthe, agus lár an chiorcail pointe trasnaithe thrasnán na dronuilleoige. Is ionann ga an chiorcail agus trian d’airde an ardaitheora. Ar imlíne ciorcail dhofheicthe, arb ionann a gha agus an 18ú cuid d’airde an ardaitheora, atá na réaltaí agus cúig bheann ar gach réalta acu. Tá gach réalta ina seasamh, i.e. le pointe amháin go hingearach agus dhá phointe i líne dhíreach go dronuilleach leis an gcrann. Socraítear an ciorcal sa chaoi go bhfuil na réaltaí le feiceáil san áit a mbeadh na huaireanta an chloig ar aghaidh cloig. Tá a líon do-athraitheach.

(D)

NA DATHANNA OIFIGIÚLA

Na dathanna seo a leanas atá ar an suaitheantas: PANTONE REFLEX BLUE ar dhromchla na dronuilleoige; PANTONE YELLOW ar na réaltaí.

(E)

AN PRÓISEAS CEITHRE DHATH

Má úsáidtear an próiseas ceithre dhath, athchruthaítear an dá dhath chaighdeánacha trí úsáid a bhaint as ceithre dhath an phróisis ceithre dhath.

Faightear PANTONE YELLOW trí “Process Yellow” 100 % a úsáid.

Faightear PANTONE REFLEX BLUE trí “Process Cyan” 100 % agus “Process Magenta” 80 % a mheascadh.

IDIRLÍON

Tá PANTONE REFLEX BLUE ag freagairt do dhath phailéad gréasáin RGB: 0/51/153 (heicsidheachúil: 003399) agus tá PANTONE YELLOW ag freagairt do dhath phailéad gréasáin RGB: 255/204/0 (heicsidheachúil: FFCC00).

PRÓISEAS LE hAGHAIDH ATÁIRGEADH MONACRÓMACH

Agus dubh á úsáid, imlínítear an dronuilleog i ndath dubh agus priontáiltear na réaltaí le dath dubh ar chúlra bán.

Image 2

Agus gorm á úsáid (Reflex Blue), úsáidtear leibhéal 100 % le haghaidh na dronuilleoige agus fágtar na réaltaí i ndath bán (diúltach).

Image 3

ATÁIRGEADH AR CHÚLRA DAITE

Mura bhfuil de rogha ann ach an cúlra daite, ní mór imeall bán a chur timpeall ar an mbratach. Is ionann leithead na brataí sa chás sin agus an 25ú cuid d’airde na dronuilleoige.

Image 4

Leagtar amach prionsabail úsáid an tsuaitheantais ag tríú páirtithe sa chomhaontú Riaracháin le An Chomhairle Eorpach maidir le húsáid an tsuaitheantais Eorpaigh ag tríú páirtithe (1).


(1)  IO C 271, 8.9.2012, lch. 5.


IARSCRÍBHINN III

Ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta

1.   Gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta an údaráis bhainistíochta

1.1.

Chun críocha Airteagal 123(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéanfar Plean Straitéiseach CBT a phoibliú trí ghníomhaíochtaí ábhartha cumarsáide agus infheictheachta a phleanáil agus a chur i gcrích i rith an ama a mbeidh Plean Straitéiseach CBT á ullmhú agus á chur chun feidhme chun na spriocghrúpaí dá dtagraítear sa phointe sin a chur ar an eolas.

1.2.

Chun críocha Airteagal 124(3), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, cuirfidh an t-údarás bainistíochta ar fáil don choiste faireacháin an fhaisnéis is gá don choiste faireacháin chun scrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta.

1.3.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta, laistigh de 6 mhí ón gcinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar Plean Straitéiseach CBT, go mbeidh suíomh gréasáin ann ar a mbeidh faisnéis ar fáil faoi Phlean Straitéiseach CBT atá faoina chúram, lena gcumhdófar cuspóirí, gníomhaíochtaí, deiseanna cistiúcháin atá ar fáil agus a mheastar a bheidh ann agus, nuair is ann dóibh, éachtaí iarbhír an phlean. Díreofar an suíomh gréasáin ar an bpobal i gcoitinne chomh maith le tairbhithe ionchasacha dá dtagraítear in Airteagal 123(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/2115.

1.4.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go bhfoilseofar ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i bpointe 1.3 tráthchlár na nglaonna atá beartaithe agus na spriocdhátaí le haghaidh iarratas, tráthchlár a thabharfar cothrom le dáta trí huaire sa bhliain ar a laghad, leis na sonraí táscacha seo a leanas:

(a)

an limistéar geografach a chumhdaítear;

(b)

an idirghabháil agus an sainchuspóir/na sainchuspóirí lena mbaineann;

(c)

cineál na n-iarratasóirí incháilithe;

(d)

méid iomlán na tacaíochta;

(e)

dáta tosaithe agus dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.

1.5.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 123(2), pointe (k)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115, go mbeidh rochtain ag tairbhithe ionchasacha ar an bhfaisnéis uile is gá faoi dheiseanna cistiúcháin, lena n-áirítear coinníollacha incháilitheachta, critéir roghnúcháin agus na ceanglais uile ar thairbhithe a roghnófar le haghaidh cistiúcháin, chomh maith lena bhfreagrachtaí.

1.6.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcuirfear in iúl do thairbhithe a roghnófar le haghaidh cistiúcháin gurb amhlaidh a dhéanann an tAontas cómhaoiniú ar an tacaíocht.

1.7.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcuirfear ábhar cumarsáide agus infheictheachta, lena n-áirítear leibhéal na dtairbhithe, ar fáil nuair a iarrfar sin d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus go ndéanfar ceadúnas saor ó ríchíosanna, neamheisiach agus do-chúlghairthe chun an t-ábhar sin a úsáid maille le haon cheart a bhaineann leis cheana féin a dheonú don Aontas i gcomhréir leis an dara mír. Ní bheidh costais shuntasacha bhreise ná ualach suntasach riaracháin ar na tairbhithe ná ar an údarás bainistíochta dá bharr sin.

Deonófar na cearta seo a leanas ar a laghad don Aontas leis an gceadúnas maidir le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear sa chéad mhír:

(a)

úsáid inmheánach i.e. an ceart a thabhairt d’institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus d’údaráis na mBallstát den Aontas Eorpach, agus dá bhfostaithe, na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a atáirgeadh, a chóipeáil agus a chur ar fáil;

(b)

atáirgeadh na n-ábhar cumarsáide agus infheictheachta trí aon mhodh agus in aon fhoirm, ina n-iomláine nó i bpáirt;

(c)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a chur in iúl don phobal trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide go léir;

(d)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta (nó cóipeanna díobh) a dháileadh ar an bpobal i bhfoirm ar bith;

(e)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a stóráil agus a chartlannú;

(f)

na cearta ar na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a fho-cheadúnú do thríú páirtithe.

2.   Infheictheacht oibríochtaí áirithe a fhaigheann tacaíocht ó CETFT

Chun críocha Airteagal 123(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2021/2115, i dtaca leis na tairbhithe d’idirghabhálacha a fhaigheann maoiniú ó CETFT, seachas idirghabhálacha a bhaineann le limistéir agus ainmhithe, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta trí na bearta seo a leanas go n-aithneoidh na tairbhithe sin an tacaíocht ó Phlean Straitéiseach CBT mar a leanas:

(a)

tuairisc ghairid ar an oibríocht, i gcomhréir leis an leibhéal tacaíochta, a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an tairbhí, i gcás inarb ann dá leithéid, agus ar shuíomhanna oifigiúla meán sóisialta, lena n-áirítear a cuid aidhmeanna agus torthaí, agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón Aontas;

(b)

ráiteas a thabhairt ina mbeidh béim á leagan ar an tacaíocht ón Aontas ar bhealach infheicthe ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta, atá ceaptha le haghaidh an phobail nó le haghaidh na rannpháirtithe, agus suaitheantas an Aontais á chur i láthair freisin i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(c)

plaiceanna marthanacha nó cláir fógraí atá infheicthe go follasach ag an bpobal a thaispeáint, ina léireofar suaitheantas an Aontais i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn II, a luaithe a thosófar ar chur chun feidhme iarbhír na n-oibríochtaí nó a luaithe a shuiteálfar trealamh ceannaithe i gcás oibríochtaí a bhaineann le hoibríochtaí bonneagair nó tógála a mhaoiniú ar mó an caiteachas poiblí iomlán ina leith, nó an costas iomlán i gcás tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear airgeadas caipitil oibre, ná EUR 500 000;

(d)

plaic mhíniúcháin nó taispeáint leictreonach choibhéiseach a shuiteáil ar a mbeidh faisnéis faoin tionscadal, agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais ón Aontas, agus suaitheantas an Aontais á chur i láthair freisin i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn II, i gcás oibríochtaí a bhaineann le hinfheistíocht i sócmhainní fisiceacha nach dtagann faoi phointe (c), agus ar mó a dtacaíocht phoiblí iomlán ná EUR 50 000, nó i gcás tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear airgeadas caipitil oibre, ar mó a costas iomlán ná EUR 500 000;

(e)

póstaer amháin ar a laghad de mhéid A3 ar a laghad nó taispeáint leictreonach choibhéiseach a shuiteáil in áit a mbeidh siad le feiceáil go follasach ag an bpobal ar a bhfuil faisnéis faoin oibríocht agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais ón Aontas i gcás oibríochtaí a bhaineann le tacaíocht d’oibríochtaí LEADER, seirbhísí bunúsacha agus bonneagar nach dtagann faoi phointí (c) ná (d), ar mó a dtacaíocht phoiblí iomlán ná EUR 10 000, nó i gcás tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear maoiniú caipitil oibre, ar mó a costas iomlán ná EUR 100 000. Suiteálfar plaic mhíniúcháin freisin in áitreabh na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla arna maoiniú ag LEADER.

De mhaolú ar an gcéad mhír, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta, a mhéid is féidir, go mbeidh faisnéis iomchuí ar fáil i gcásanna inar duine nádúrtha an tairbhí, lena leagfar béim ar an tacaíocht ó na cistí, ag suíomh atá le feiceáil ag an bpobal nó trí thaispeáint leictreonach.

Beidh feidhm ag an gcéad mhír, pointí (a) agus (b) mutatis mutandis maidir leis na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais arna maoiniú ó CETFT chun feidhme.

Beidh feidhm ag an gcéad mhír, pointí (c), (d) agus (e), maidir le faighteoirí deiridh ionstraimí airgeadais trí bhíthin na dtéarmaí conarthacha dá bhforáiltear sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).


(1)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).