24.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 15/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/92 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí sonraí faireacháin agus leis an bhformáid ina dtuairiscítear dramhaíl a iasctar go héighníomhach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(7), an dara fomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Threoir (AE) 2019/883, tá na Ballstáit lena áirithiú go mbaileofar sonraí faireacháin maidir le toirt agus méid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus go dtuairisceofar na sonraí sin don Choimisiún.

(2)

Ba cheart Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola (2) a bheith ina thaca le staitisticí dramhaíola ardcháilíochta éifeachtúla comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus go comhsheasmhach le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun gur féidir sonraí a chur i gcomparáid ar fud na mBallstát.

(3)

Déanann Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) foráil maidir le tuairisciú leictreonach an réamhfhógra dramhaíola, réamhfhógra ina bhfuil faisnéis maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach, agus ceanglaítear modheolaíocht shonrach a úsáid chun faisnéis maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach a bhailiú ó shoithí iascaireachta atá faoi réir Threoir (AE) 2019/883 ach a eisiatar ó raon feidhme Threoir 2002/59/CE.

(4)

Idir mhais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach a thomhas an tráth céanna, níl sé sin indéanta agus costéifeachtach i ngach cás. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an mhais a mheas mar fheidhm de chuid na toirte, nó an toirt a mheas mar fheidhm de chuid na maise, agus úsáid á baint as meastachán ar dhlús na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, meastachán a bheadh leormhaith i dtaca leis na tosca.

(5)

Maidir leis na sonraí a bhailítear le haghaidh faireachán ar thoirt agus ar mhéid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, chun aonchineálacht, cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí sin a áirithiú sna Ballstáit uile ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Threoir (AE) 2019/883 a bheith i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An modh a úsáideann na Ballstáit chun sonraí a bhailiú maidir le toirt agus mais na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, beidh sé comhsheasmhach le Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola.

2.   I gcás soithí iascaireachta atá faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE, baileofar na sonraí maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa réamhfhógra dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883.

3.   I gcás soithí iascaireachta nach bhfuil faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE, is ar bhonn modh amháin de na modhanna seo a leanas, modhanna a ndéantar cur síos orthu i Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola, a bhaileofar na sonraí maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach:

(a)

suirbhéanna;

(b)

foinsí riaracháin nó foinsí eile;

(c)

nósanna imeachta meastacháin staitistiúla;

(d)

meascán de na modhanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).

Airteagal 2

1.   Tuairisceofar an dramhaíl a iasctar go héighníomhach i gcomhréir leis na príomh-eilimintí a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn.

2.   Is féidir trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile a bheith i gceist sa dramhaíl a iasctar go héighníomhach, agus féadfar an trealamh sin a thuairisciú ar leithligh ó bhruscar muirí eile.

3.   Na heilimintí éigeantacha agus deonacha le haghaidh thuairisciú na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, leagtar amach iad i dTábla 2 den Iarscríbhinn.

4.   An fhormáid tuairiscithe le haghaidh na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus an modh comhiomlánaithe, leagtar amach iad i dTábla 3 den Iarscríbhinn.

Airteagal 3

1.   Is ina thoirt agus ina mhais a thuairisceofar méid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach.

2.   I gcás inarb iomchuí, is de réir na foirmle seo a leanas a ríomhfar an tiontú ó thoirt (V) go mais (m):

m = pV

Sa chás a léiríonn p dlús measta an ábhair (kgm-3), m an mhais (kg) agus V an toirt (m3).

Airteagal 4

Ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh, tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus na faisnéisí i dtaca le tréimhsí bliana ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig. Soláthrófar na tuairiscí go leictreonach laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a mbailíodh iad lena haghaidh.

Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí a bailíodh le haghaidh na bliana 2021 faoin 30 Meitheamh 2022, an méid is féidir i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151, 7.6.2019, lch. 116.

(2)  ‘Manual on waste statistics - A handbook for data collection on waste generation and treatment’ (Lámhleabhar maidir le staitisticí dramhaíola - Lámhleabhar le haghaidh bailiúchán sonraí faoi ghiniúint agus cóireáil na dramhaíola) [eagrán 2013], Modheolaíochtaí agus Páipéir Oibre Eurostat, doi:10.2785/4198

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staitisticí dramhaíola (IO L 332, 9.12.2002, lch. 1).

(4)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(5)  Treoir 2002/59/CE an 27 Meitheamh 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).


IARSCRÍBHINN

Tábla 1

Príomh-eilimintí dramhaíola a iasctar go héighníomhach

Leibhéal 1

Plaisteach

Miotal

Rubar

Adhmad

Teicstílí

Dramhaíl eile

Leibhéal 2

Líonta

Baoithe

Boscaí éisc

Téad/corda

Buidéil

Pacáistíocht

Bandaí Fáiscthe

Cúr

Cannaí breosla

Drumaí ola

Snáithínghloine

Málaí leasacháin agus beatha ainmhithe

Earraí móra eile

Drumaí ola

Sreang

Cannaí péinte

Scagairí ola

Earraí eile

Lámhainní

Boinn & criosanna

Buataisí

Earraí eile

Potaí iascaireachta

Cliathbhoscaí

Pailléid

Earraí eile

Téad

Éadaí & bróga

Earraí eile

Gloine

Dramhaíl leighis

Dramhaíl sláintíochta

Earraí eile


Tábla 2

Eilimintí tuairiscithe éigeantacha agus deonacha

Éigeantach nó deonach

Cur síos

Na cealla comhfhreagracha i dTábla 3 atá le tuairisciú

Éigeantach

Mais iomlán agus toirt iomlán na dramhaíola uile a iasctar go héighníomhach.

Na cealla i gcolúin 1 agus 4 de shraith 1 (cló trom)

Deonach

Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir a tionscnaimh: ALDFG (*1) agus bruscar muirí eile.

Gach ceall i sraith 1

Deonach

Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir an chineáil ábhair (plaistigh, miotail, rubar agus dramhaíl eile).

Gach ceall i gcolúin 1 agus 4

Deonach

Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir tionscnaimh agus cineál ábhair

Gach ceall i dTábla 3


Tábla 3

Formáid tuairiscithe le haghaidh dramhaíola a iasctar go héighníomhach

 

1

2

3

4

5

6

Mais iomlán (tonaí)

ALDFG (*2) (tonaí)

Bruscar muirí eile (tonaí)

Toirt iomlán (m3)

ALDFG (m3) (*2)

Bruscar muirí eile (m3)

1

Iomlán

A1+A2

A1 = B1+C1+D1+E1

A2 = B2+C2+D2+E2

F1+F2

F1 = G1+H1+I1+J1

F2 = G2+H2+I2+J2

2

Plaistigh

B1+B2

B1

B2

G1+G2

G1

G2

3

Miotail

C1+C2

C1

C2

H1+H2

H1

H2

4

Rubar

D1+D2

D1

D2

I1+I2

I1

I2

5

Adhmad, teicstílí agus dramhaíl eile

E1+E2

E1

E2

J1+J2

J1

J2


(*1)  Trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile

(*2)  Trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile.