|
24.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 15/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/90 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Eanáir 2022
lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le heilimintí mionsonraithe shásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais lena roghnaítear na longa a ndéantar cigireacht orthu
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (1), agus go háirithe d’Airteagal 11(2), an dara fomhír, di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar fhadhb an bhruscair muirí agus dramhaíola eile ó longa a ligtear isteach sa chomhshaol muirí, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí forfheidhmiú éifeachtach ar an oibleagáid an dramhaíl a sheachadadh ar shaoráidí glactha calafoirt. |
|
(2) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha aonfhoirmeacha lena roghnófar na longa a ndéanfar cigireacht orthu, sin trí bhíthin shásra aonar um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir (AE) 2019/883. |
|
(3) |
De bhua sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais a bheith bunaithe, beidh uirlis tacaithe ag na húdaráis ábhartha sna Ballstáit chun an gealltanas cigireachta a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir (AE) 2019/883. |
|
(4) |
Chun measúnú a dhéanamh ar an riosca nach bhfuil long ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/883, ba cheart roinnt paraiméadar a chur san áireamh, paraiméadair a thugann léargas soiléir ar an riosca sin nuair a úsáidtear iad i gcomhar a chéile. Ba cheart na paraiméadair sin a bheith mar a leanas: neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le seachadadh na dramhaíola, nó eilimintí a chuireann an neamhchomhlíonadh sin in iúl; an tréimhse atá caite ón gcigireacht dheireanach; tuarascálacha a bheith ann roimhe sin ó na húdaráis ábhartha chalafoirt maidir le neamhchomhlíonadh; an calafort cuarda roimhe sin agus an chéad chalafort cuarda eile; díolúine a bheith ann i gcás na loinge atá i gceist; agus an fhaisnéis atá i SafeSeaNet agus i THETIS-EU. |
|
(5) |
Chun go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun na longa a ndéantar cigireacht orthu a roghnú, tá sé fíor-riachtanach go gcuireann na Ballstáit modheolaíocht chomhchuibhithe i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Threoir (AE) 2019/883 a bheith i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Chun críocha na gcigireachtaí, aicmeoidh na Ballstáit na longa dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a) de Threoir (AE) 2019/883 ina gcatagóirí leibhéil riosca de réir mar a leanas:
|
(a) |
Leibhéal riosca 1 (ardriosca); |
|
(b) |
Leibhéal riosca 2 (meánriosca); |
|
(c) |
Leibhéal riosca 3 (riosca íseal); |
|
(d) |
Leibhéal riosca 4 (riosca íosta). |
2. Cinnfear an chatagóir leibhéil riosca le haghaidh gach loinge ar bhonn na bparaiméadar riosca a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn.
3. Cuirfear na paraiméadair leibhéil riosca a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn i bhfeidhm de réir na modheolaíochta dá dtagraítear i bpointí 1 go 4 den Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Agus iad ag comhlíonadh na ngealltanas cigireachta a leagtar amach in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2019/883, comhlíonfaidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
tabharfar an tosaíocht do chigireachtaí ar na longa atá aicmithe sna catagóirí leibhéil is airde riosca; |
|
(b) |
is ar bhonn randamach a roghnófar 1 % ar a laghad den líon long a ndéanfar cigireacht orthu gach bliain. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Modheolaíocht:
1.
Úsáidfear na paraiméadair riosca a leagtar amach i dTábla 1 chun leibhéal riosca loinge a chinneadh.
2.
Sanntar cód datha do gach paraiméadar riosca a leagtar amach i dTábla 1 agus cuireann an cód datha sin an leibhéal riosca in iúl: dearg (ardriosca), oráiste (meánriosca) nó buí (riosca íseal).
3.
Is de réir na gcritéar a leagtar amach i dTábla 2 a shannfar leibhéal riosca do long ar bhonn na bhfoláireamh a bhaineann leis na bparaiméadar riosca i dTábla 1.
4.
Chun breis agus foláireamh gníomhach comhuaineach amháin a chur i bhfeidhm agus na leibhéil riosca a leagtar amach i dTábla 2 á sannadh, féadfar úsáid a bhaint as na fachtóirí coinbhéartachta a leagtar amach i dTábla 3.Tábla 1
Paraiméadair riosca
|
Uimhir pharaiméadair riosca |
Leibhéal riosca an fholáirimh (cód datha) |
Cur síos ar an bparaiméadair riosca |
Na critéir chun foláireamh a ghníomhachtú le haghaidh an pharaiméadair riosca |
Na critéir chun foláireamh a dhíghníomhachtú le haghaidh an pharaiméadair riosca |
|
1 |
Oráiste |
Neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883 maidir le réamhfhógraí dramhaíola. |
Gníomhachtaítear an foláireamh murar seoladh an réamhfhógra dramhaíola nó mura raibh faisnéis éigeantach ann. |
Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort. |
|
2 |
Oráiste |
Faisnéis a sholáthraíonn an t-oibreoir, an gníomhaire nó an máistir i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883. |
Gníomhachtaítear an foláireamh má chuireann seiceálacha bailíochta ar an réamhfhógra dramhaíola in iúl gur féidir nach bhfuil an Treoir á comhlíonadh ag an long. |
Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort. |
|
3 |
Oráiste |
Dáta na gcigireachtaí a rinneadh roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2019/883. |
Gníomhachtaítear an foláireamh mura ndearnadh cigireacht ar an long i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2019/883 le linn an 12 mhí roimhe sin. Nóta: Níor cheart an foláireamh seo a bheith gníomhach ach amháin tar éis an 28 Meitheamh 2022. |
Díghníomhachtaítear an foláireamh tar éis cigireacht a bheith taifeadta i gcomhréir le hAirteagal 14(2), pointe (a) de Threoir (AE) 2019/883. |
|
4 |
Dearg |
Is ann do thuarascáil nó do thuarascálacha ó údaráis chigireachta na saoráidí glactha calafoirt, ó údaráis chalafoirt, nó ó chomhlachtaí inniúla eile lena léirítear nár chomhlíon an long Airteagal 7 de Threoir (AE) 2019/883. |
Gníomhachtaíonn cigirí na saoráidí glactha calafoirt an foláireamh de láimh in THETIS-EU. |
Díghníomhachtaítear an foláireamh tar éis cigireacht a bheith tugtha i gcrích (stádas “Cigireacht déanta”) gan aon neamhchomhlíonadh a bheith sainaitheanta. |
|
5 |
Oráiste |
Foláireamh um Neamhchomhlíonadh maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt |
Gníomhachtaítear an foláireamh má luadh an long le neamhchomhlíontaí maidir le saoráidí glactha calafoirt le 6 mhí roimhe sin, agus má tá tuarascáil ábhartha in THETIS-EU. |
Díghníomhachtaítear an foláireamh tar éis cigireacht a bheith tugtha i gcrích (stádas “Cigireacht déanta”) gan aon neamhchomhlíonadh a bheith sainaitheanta. |
|
6 |
Oráiste |
Leorthoilleadh Stórála Tiomnaithe |
Gníomhachtaítear an foláireamh má mheastar nach leordhóthanach an stóráil tiomnaithe ar bord, i gcomhréir leis na critéir a úsáidtear chun Airteagal 8(4)(b) a chur i bhfeidhm |
Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort. |
|
7 |
Buí |
An Chéad Chalafort Cuarda Eile |
Meastar go n-ardaítear an leibhéal riosca más calafort neamh-AE atá ann nó murab eol an calafort. Chun an foláireamh seo a ríomh, caithfear le calafoirt san Íoslainn, san Iorua, sa Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Oileán Mhanainn, Oileáin Mhuir nIocht, agus Giobráltar) agus le calafoirt Rúiseacha ar an Muir Bhailt mar chalafoirt AE. |
Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort. |
|
8 |
Buí |
An Calafort Cuarda roimhe |
Meastar go n-ardaítear an leibhéal riosca más calafort neamh-AE atá ann. Chun an foláireamh seo a ríomh, caithfear le calafoirt san Íoslainn, san Iorua, sa Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Oileán Mhanainn, Oileáin Mhuir nIocht, agus Giobráltar) agus le calafoirt Rúiseacha ar an Muir Bhailt mar chalafoirt AE. |
Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort. |
|
9 |
Buí |
Foláireamh Díolúine |
Gníomhachtaítear an foláireamh má tá díolúine ag an long agus mura ndearnadh cigireacht uirthi le 12 mhí, chun a áirithiú go gcuirfear na longa lena mbaineann san áireamh sna cigireachtaí. |
Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort. |
|
10 |
Dearg |
Foláireamh Teagmhais den Chineál ‘Dramhaíl’ |
Gníomhachtaítear an foláireamh más rud é gur eisíodh tuarascáil teagmhais den chineál “dramhaíl” i SafeSeaNet maidir leis an soitheach sin i gcalafort roimhe sin. |
Díghníomhachtaítear an foláireamh tar éis cigireacht a bheith tugtha i gcrích (stádas “Cigireacht déanta”) gan aon neamhchomhlíonadh a bheith sainaitheanta, nó nuair atá an foláireamh neamhghníomhach i SafeSeaNet |
Tábla 2
Sannadh na leibhéal riosca ar bhonn líon na n-ionchur gníomhach
|
Critéir le haghaidh na leibhéal riosca |
|
|
Leibhéal riosca 1 |
Foláireamh dearg amháin ar a laghad |
|
Leibhéal riosca 2 |
Foláireamh oráiste amháin ar a laghad (1) |
|
Leibhéal riosca 3 |
Foláireamh buí amháin ar a laghad (1) |
|
Leibhéal riosca 4 |
Ní ann d’aon fholáireamh gníomhach |
Tábla 3
Fachtóirí coinbhéartachta chun roinnt paraiméadar atá gníomhach go comhuaineach a ríomh le chéile chun na leibhéil riosca i dTábla 2 a chur i bhfeidhm
|
Fachtóir coinbhéartachta |
|
|
Trí fholáireamh bhuí |
Foláireamh oráiste amháin |
|
Trí fholáireamh oráiste |
Foláireamh dearg amháin |
(1) Go dtí líon curtha i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta.