17.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/55 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a mhéid a bhaineann le deimhniú caighdeánach nua a chur leis le haghaidh crúbacha áirithe ar de thionscnamh an Aontais iad a theacht isteach san Aontas, crúbacha a aistrítear chuig tríú tír nó chuig críoch chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais, léirithe agus seónna, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas ina dhiaidh sin, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le crúbacha a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1), Airteagal 238(3) agus Airteagal 239(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 90, an chéad mhír, pointe (a) agus pointe (e), agus Airteagal 126(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair ainmhithe is in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine, lena n-áirítear ceanglais i dtaca le sláinte ainmhithe a dheimhniú go hoifigiúil le haghaidh gluaiseachtaí éagsúla ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch agus ceanglais maidir le hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas. Déantar na ceanglais sin a bhaineann le teacht isteach san Aontas a shonrú a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (3).

(2)

Foráiltear le hAirteagal 239(2), pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) 2016/429 go bhféadfadh an Coimisiún rialacha speisialta a ghlacadh maidir le maoluithe ar na ceanglais ghinearálta a bhaineann le hainmhithe a theacht isteach san Aontas, ar ainmhithe de thionscnamh an Aontais iad agus a aistrítear chuig tríú tír nó críoch, agus a aistrítear ar ais ansin iad chuig an Aontas ón tríú tír nó ón gcríoch sin. Ar bhonn an Airteagail sin rinneadh Airteagal 177 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/54 ón gCoimisiún (4) chun rialacha speisialta a leagan amach maidir le crúbacha a theacht isteach ar de thionscnamh an Aontais iad, ar crúbacha iad a aistrítear go tríú tír nó go críoch chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais, léirithe agus seónna (imeachtaí) a eagraítear lasmuigh den Aontas agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas láithreach ina dhiaidh sin.

(3)

I measc nithe eile, leagtar síos le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún (5) deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha agus dearbhuithe maidir le hainmhithe talún a theacht isteach san Aontas agus a iompar tríd an Aontas. Mar sin féin, ní áirítear sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin aon deimhniú caighdeánach le gabháil le coinsíneachtaí crúbach ar de thionscnamh an Aontais iad, crúbacha a aistrítear chuig tríú tír nó chuig críoch chun bheith rannpháirteach in imeachtaí a eagraítear lasmuigh den Aontas agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas láithreach ina dhiaidh sin. Sa deimhniú sin ba cheart d’údarás inniúil an tríú tír nó na críche ina reáchtáiltear an t-imeacht na ráthaíochtaí is gá a sholáthar a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas sláinte ainmhithe le haghaidh theacht isteach sonrach sin na n-ainmhithe, dá bhforáiltear in Airteagal 177 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 arna leasú. Ar mhaithe le haon chur isteach míchuí ar chúrsaí trádála a sheachaint, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a leasú chun foráil maidir leis an deimhniú caighdeánach sin a bheith ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (6) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Go háirithe, déantar foráil i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le liosta na dtríú tíortha, na gcríoch nó na gcriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear crúbacha a theacht isteach san Aontas. Déantar foráil i gCuid 4 den Iarscríbhinn sin maidir le ráthaíochtaí áirithe sláinte ainmhithe a fhéadfaidh a shannadh do thríú tíortha áirithe, do chríocha áirithe nó do chriosanna áirithe de thríú tír nó de chríoch i gcomhréir le hAirteagal 237 de Rialachán (AE) 2016/429. De thoradh na rioscaí ainmhithe sláinte a d’fhéadfadh a bheith i gceist i dtaobh gluaiseachtaí crúbach ar de thionscnamh an Aontais iad, a aistrítear chuig tríú tír nó chuig críoch agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas láithreach ina dhiaidh sin, ba cheart an fhéidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 177 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 maidir le crúbacha den chineál sin a theacht ar ais isteach san Aontas i ndiaidh bheith rannpháirteach in imeachtaí a eagraítear lasmuigh den Aontas a theorannú do thríú tíortha áirithe agus do chríocha áirithe a sholáthraíonn na ráthaíochtaí is gá. Dá bharr sin, ba cheart tuairisc a thabhairt ar an bhféidearthacht sin mar ráthaíocht sláinte ainmhithe i gCuid 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus ba cheart í a theorannú do thríú tíortha áirithe nó do chríocha áirithe a údaraítear maidir le crúbacha a theacht isteach san Aontas i gCuid 1 den Iarscríbhinn sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 agus (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 mar a leanas:

1.

in Airteagal 14, cuirtear isteach pointe nua (l) i ndiaidh phointe (k):

“(l)

ENTRY-EVENTS arna ndréachtú i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach i gCaibidil 12 d’Iarscríbhinn II, le haghaidh crúbacha áirithe ar de thionscnamh an Aontais iad a theacht isteach san Aontas, crúbacha a aistrítear chuig tríú tír nó chuig críoch chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais, léirithe agus seónna, agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas ina dhiaidh sin.”;

2.

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/54 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann le crúbacha áirithe ar de bhunadh an Aontais iad a theacht isteach san Aontas, crúbacha a aistrítear go tríú tír nó críoch chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais agus seónna, agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas ina dhiaidh sin (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 mar a leanas:

1.

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach sa roinn le haghaidh crúbach sa tábla ina liostaítear na deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus na dearbhuithe sláinte ainmhithe/oifigiúla maidir le teacht isteach san Aontas agus le hiompar tríd an Aontas, tar éis na hiontrála “CAM-CER”:

 

“ENTRY-EVENTS

Caibidil 12a: Deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach maidir le crúbacha áirithe ar de thionscnamh an Aontais iad a theacht isteach san Aontas, crúbacha a aistrítear go tríú tír nó go críoch chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais, léirithe agus seónna agus a aistrítear ar ais go dtí an tAontas ina dhiaidh sin”

2.

cuirtear isteach an Chaibidil 12a seo a leanas i ndiaidh Chaibidil 12 agus roimh Chaibidil 13:

CAIBIDIL 12a:

DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE CRÚBACHA ÁIRITHE AR DE THIONSCNAMH AN AONTAIS IAD A THEACHT ISTEACH SAN AONTAS, CRÚBACHA A AISTRÍTEAR GO TRÍÚ TÍR NÓ GO CRÍOCH CHUN BHEITH RANNPHÁIRTEACH IN IMEACHTAÍ, TAISPEÁNTAIS, LÉIRITHE AGUS SEÓNNA AGUS A AISTRÍTEAR AR AIS GO DTÍ AN TAONTAS INA DHIAIDH SIN (SAMHAIL ‘ENTRY-EVENTS’)

Image 1

Image 2

Image 3

Image 4


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

1.

leasaítear Cuid 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe agus Gheansaí:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-1

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X, BOV-Y

 

BRU, EBL, EVENTS

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

OV/CAP-X,OV/CAP-Y

 

BRU, EVENTS

 

 

 

Muc-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

SUI-X, SUI-Y

 

ADV

 

 

 

Ainmhithe den chineál camaill

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

 

 

 

 

 

Ainmhithe den chineál fia

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

 

 

 

 

 

Crúbacha eile

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

RUM, RHINO, HIPPO

 

 

 

 

 

GB-2

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X, BOV-Y

 

TB, BRU, EBL, EVENTS

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

OV/CAP-X, OV/CAP-Y

 

BRU, EVENTS

 

 

 

Muc-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

SUI-X, SUI-Y

 

ADV

 

 

 

Ainmhithe den chineál camaill

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

 

 

 

 

 

Ainmhithe den chineál fia

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

 

 

 

 

 

Crúbacha eile

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

RUM, RHINO, HIPPO

 

 

 

 

 

GG

Geansaí

GG-0

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X, BOV-Y

 

EVENTS

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

OV/CAP-X

 

BRU, EVENTS

 

 

 

Muc-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

SUI-X

 

ADV

 

 

 

Crúbacha eile

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

RUM, RHINO, HIPPO”

 

 

 

 

 

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil Oileán Mhanann:

IM

Oileán Mhanann

IM-0

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X, BOV-Y

 

TB, BRU, EBL, EVENTS

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

OV/CAP-X, OV/CAP-Y

 

BRU, EVENTS’

 

 

 

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil Gheirsí:

JE

Geirsí

JE-0

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X, BOV-Y

 

EBL, EVENTS”

 

 

 

2.

i gCuid 4, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na ráthaíochta sláinte ainmhithe “ADV”:

“EVENTS

‘Coinsíneachtaí bó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair ar de thionscnamh an Aontais iad, a aistrítear chuig an gcrios dá dtagraítear i gCuid 1, colún 2, den Iarscríbhinn seo chun bheith rannpháirteach in imeachtaí, taispeántais, léirithe agus seónna agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas ina dhiaidh sin, ceadófar a dteacht isteach san Aontas ar choinníoll go bhfuil an deimhniú caighdeánach ‘ENTRY-EVENTS’ a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún (*) ag gabháil leo.