12.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 7/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/30 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbuncheanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), den Treoir sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (1), agus go háirithe Airteagal 3(3), an dara fomhír, i gcomhar le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cosaint an líonra nó cosaint fheidhmiú an líonra ar dhíobháil, cosaint shonraí pearsanta agus phríobháideachas an úsáideora agus an rannpháirtí, agus cosaint ar an gcalaois, is gnéithe iad sin a thacaíonn leis an gcosaint ar rioscaí cibearshlándála.

(2)

Mar a luaitear in aithris 13 de Threoir 2014/53/AE, cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais úsáideoirí agus rannpháirtithe trealaimh raidió, sin agus cosaint ar an gcalaois, is cineálacha cosanta iad sin ar féidir cur leo trí bhíthin gnéithe áirithe den trealamh raidió. De réir na haithrise céanna, fágann an méid sin gur cheart, i gcásanna inarb iomchuí, trealamh raidió a dhearadh sa chaoi go dtacóidh sé leis na gnéithe siúd.

(3)

Beidh ról lárnach ag 5G i bhforbairt gheilleagar digiteach agus shochaí an Aontais sna blianta atá romhainn, agus d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do mhórán gach gné de shaol shaoránaigh an Aontais. Sa doiciméad dar teideal “Cybersecurity of 5G networks EU Toolbox of risk mitigating measures” [Cibearshlándáil líonraí 5G – Bosca Uirlisí an Aontais de bhearta maolaithe riosca] (2), sainaithnítear tacar coiteann féideartha de bhearta darb acmhainn na príomhrioscaí cibearshlándála a bhaineann le líonraí 5G a mhaolú, agus tugtar treoir maidir le roghnú beart ar cheart tús áite a thabhairt dóibh i bpleananna maolaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Chomh maith leis na bearta sin, na buncheanglais maidir le gnéithe de chosaint na cibearshlándála, ceanglais a mbíonn feidhm acu maidir le trealamh raidió 5G nuair a chuirtear ar mhargadh an Aontais é, is den ríthábhacht gur cur chuige comhchuibhithe a bheidh ann i leith na gceanglas sin.

(4)

An leibhéal slándála is infheidhme faoi bhuncheanglais an Aontais maidir le cosaint líonraí a áirithiú, le coimircí le haghaidh cosaint sonraí pearsanta agus chosaint an phríobháideachais, agus le cosaint ar an gcalaois, ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(3)(d), (e) agus (f), ní bhainfidh an leibhéal sin an bonn den ardleibhéal slándála a iarrtar ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh eangacha cliste díláraithe i réimse an fhuinnimh i gcás ina mbeidh na méadair chliste atá le húsáid faoi réir na gceanglas sin, agus le haghaidh trealamh líonra 5G a úsáideann soláthraithe an dá ní seo a leanas de réir bhrí Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) – líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.

(5)

Ina theannta sin, cuireadh go leor ábhar imní in iúl i ndáil le méadú a bheith ag teacht ar na rioscaí cibearshlándála mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaineann gairmithe agus tomhaltóirí, leanaí san áireamh, as trealamh raidió ar trealamh é: (i) darb acmhainn cumarsáid a dhéanamh tríd an idirlíon, bíodh sin ina cumarsáid dhíreach nó ina cumarsáid trí bhíthin trealamh eile (“trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon”), i.e. an trealamh sin atá nasctha leis an idirlíon, cuireann sé prótacail i bhfeidhm a bhfuil gá lena gcur i bhfeidhm chun cumarsáid a dhéanamh leis an idirlíon go díreach nó trí bhíthin trealamh idirmheánach; (ii) ar féidir gur bréagán a bheadh ann lena mbainfeadh feidhm raidió a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) freisin, nó ar féidir gur le haghaidh cúram leanaí agus lena aghaidh sin amháin a bheadh sé deartha nó a bheadh sé ceaptha, monatóirí linbh mar shampla; nó (iii) a dearadh nó a ceapadh, cibé acu ar chun na críche sin amháin é nó nach ea, chun go gcaithfeadh duine é ar aon bhall dá chorp (an ceann, an muineál, an chabhail, na lámha, na cosa agus troithe na gcos san áireamh) nó ar aon bhall éadaigh (ceannbhearta, lámhbhearta agus coisbhearta san áireamh), nó go ndéanfadh duine é a fháisceadh nó a chrochadh d’aon bhall dá chorp nó d’aon bhall éadaigh, trealamh raidió i bhfoirm uaireadóir láimhe, fáinne, banda rosta, gléas cinn, cluasán nó spéaclaí mar shampla (“trealamh raidió inchaite”).

(6)

I ndáil leis sin, aon trealamh raidió le haghaidh cúram leanaí, aon trealamh raidió a chumhdaítear faoi Threoir 2009/48/CE, nó aon trealamh raidió inchaite, trealamh darb acmhainn cumarsáid a dhéanamh tríd an idirlíon, bíodh sin ina cumarsáid dhíreach nó trí bhíthin aon trealamh eile, ba cheart a mheas gur trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon atá ann. Níor cheart a mheas gur trealamh raidió inchaite atá in ionphlanduithe, mar shampla, mar ní hé go gcaitear iad ar aon bhall de chorp an duine ná ar aon bhall éadaigh, agus ní dhéantar iad a fháisceadh ná a chrochadh d’aon bhall de chorp an duine ná d’aon bhall éadaigh. Mar sin féin, ba cheart a mheas gur trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon atá in ionphlanduithe más acmhainn dóibh cumarsáid a dhéanamh tríd an idirlíon, bíodh sin ina cumarsáid dhíreach nó trí bhíthin aon trealamh eile.

(7)

I bhfianaise na n-ábhar imní a cuireadh in iúl de bharr nach ndéantar cosaint ar ghnéithe de rioscaí cibearshlándála a áirithiú le trealamh raidió, buncheanglais Threoir 2014/53/AE a bhaineann le cosaint ar dhíobháil don líonra, le cosaint sonraí pearsanta, le cosaint príobháideachais úsáideoirí agus rannpháirtithe, agus le cosaint ar an gcalaois, is gá feidhm a thabhairt do na ceanglais sin maidir le trealamh raidió i gcatagóirí nó in aicmí áirithe.

(8)

Is ag táirgí atá ag teacht leis an sainmhíniú ar “threalamh raidió” in Airteagal 2 de Threoir 2014/53/AE atá feidhm ag an Airteagal sin, faoi réir eisiaimh shonracha a shonraítear in Airteagal 1(2) agus in Airteagal 1(3) den Treoir sin. Cé gur do threalamh darb acmhainn cumarsáid a dhéanamh trí radathonnta a thagraíonn an sainmhíniú ar threalamh raidió in Airteagal 2 de Threoir 2014/53/AE, níl aon cheanglas dá bhfuil sa Treoir sin a dhéanann idirdhealú idir feidhmeanna raidió agus feidhmeanna neamhraidió an trealaimh raidió, rud a fhágann gur chóir do gach gné agus gach cuid den trealamh na buncheanglais dá bhforáiltear sa rialachán tarmligthe seo a chomhlíonadh.

(9)

Maidir le mí-úsáid acmhainní líonra agus le díobháil don líonra nó d’fheidhmiú an líonra, trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon agus nach n-áirithítear leis go gcosnaítear líonraí ná nach mbaintear mí-úsáid astu, is féidir gurb é an toradh a bheadh ar úsáid an trealaimh sin go mbainfeadh díghrádú neamh-inghlactha do sheirbhísí. Mar shampla, d’fhéadfadh ionsaitheoir an líonra idirlín a phlúchadh go mailíseach chun trácht dlisteanach líonra a chosc, chun cur isteach ar na naisc idir dhá tháirge raidió ionas go gcoiscfí rochtain ar sheirbhís, chun cosc a chur ar dhuine áirithe seirbhís a rochtain, chun cur isteach ar sholáthar seirbhíse do chóras áirithe nó do dhuine áirithe, nó chun cur isteach ar fhaisnéis. Dá bhrí sin, is féidir gurb é an toradh a bheadh ar dhíghrádú seirbhísí ar líne go dtarlódh cibear-ionsaithe mailíseacha, rud as a dtiocfadh costais, míchaoithiúlachtaí nó rioscaí breise ó thaobh na n-oibreoirí, na soláthraithe seirbhíse nó na n-úsáideoirí de. Dá bhrí sin, Airteagal 3(3), pointe (d), de Threoir 2014/53/AE, Airteagal lena gceanglaítear nach ndéanfaidh trealamh raidió dochar don líonra ná d’fheidhmiú an líonra, sin agus nach mbainfidh trealamh raidió mí-úsáid as acmhainní líonra, mí-úsáid as a dtiocfadh díghrádú neamh-inghlactha na seirbhísí, ba cheart feidhm a bheith ag an Airteagal sin maidir le trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon.

(10)

Cosaint sonraí pearsanta agus an phríobháideachais i gcás úsáideoirí agus rannpháirtithe trealaimh raidió atá nasctha leis an idirlíon, sin ceist eile ar cuireadh ábhair imní in iúl ina taobh, ábhair imní atá ann mar gheall ar chumas an trealaimh raidió sin faisnéis a thaifeadadh, a stóráil agus a roinnt, idirghníomhú leis an úsáideoir, leanaí san áireamh, agus callairí, micreafóin agus braiteoirí eile mar chuid den trealamh sin. Cumas an trealaimh raidió sin grianghraif a thaifeadadh, maille le físeáin, sonraí logánaithe, sonraí a bhaineann leis an eispéireas súgartha, leis an ráta croí agus le nósanna codlata, agus sonraí pearsanta eile, is leis an gcumas sin go háirithe a bhaineann na hábhair imní sin. Mar shampla, is féidir ardsocruithe an trealaimh raidió a rochtain trí phasfhocal réamhshocraithe mura bhfuil an nasc nó na sonraí criptithe, nó mura bhfuil sásra fíordheimhniúcháin láidir i bhfeidhm.

(11)

Dá bhrí sin, trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon, trealamh a chuirtear ar mhargadh an Aontais, tá sé tábhachtach coimircí a ionchorprú sa trealamh sin chun a áirithiú go gcosnófar sonraí pearsanta agus an príobháideachas i gcás inarb acmhainn don trealamh céanna sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a phróiseáil, sin nó sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (b) agus pointe (c), de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Airteagal 3(3), pointe (e), de Threoir 2014/53/AE i ndáil le trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon.

(12)

Ina theannta sin, maidir le cosaint sonraí pearsanta agus cosaint an phríobháideachais, trealamh raidió le haghaidh cúram leanaí, trealamh raidió a chumhdaítear le Treoir 2009/48/CE, agus trealamh raidió inchaite, is cineálacha trealaimh iad sin a mbíonn rioscaí slándála ag baint leo fiú in éagmais nasc idirlín. Is féidir sonraí pearsanta a idircheapadh i gcás ina mbíonn radathonnta á n-astú nó á bhfáil ag an trealamh raidió sin, agus gan coimircí ann a d’áiritheodh cosaint le haghaidh sonraí pearsanta agus le haghaidh an phríobháideachais. Trealamh raidió le haghaidh cúram leanaí, trealamh raidió a chumhdaítear le Treoir 2009/48/CE, agus trealamh raidió inchaite, is trealamh é sin darb acmhainn faireachán a dhéanamh ar chuid de shonraí íogaire (pearsanta) an úsáideora agus na sonraí sin a chlárú thar thréimhse ama, sin agus iad a atarchur trí bhíthin teicneolaíochtaí cumarsáide a d’fhéadfadh a bheith neamhshlán. Trealamh raidió le haghaidh cúram leanaí, trealamh raidió a chumhdaítear le Treoir 2009/48/CE, agus trealamh raidió inchaite, is trealamh é lenar cheart cosaint a áirithiú le haghaidh sonraí pearsanta agus le haghaidh an phríobháideachais i gcás inarb acmhainn don trealamh sin próiseáil a dhéanamh, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/679, i leith sonraí pearsanta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679, nó i leith sonraí tráchta agus sonraí suímh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b) agus pointe (c), de Threoir 2002/58/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Airteagal 3(3), pointe (e), de Threoir 2014/53/AE i ndáil leis an trealamh raidió sin.

(13)

Maidir leis an gcalaois, is féidir faisnéis, sonraí pearsanta san áireamh, a ghoid ó threalamh raidió atá nasctha leis an idirlíon nach trealamh é lena n-áirithítear cosaint ar an gcalaois. Nuair a úsáidtear trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon chun íocaíochtaí a dhéanamh ar an idirlíon, bíonn an trealamh sin i mbaol cineálacha sonracha calaoise. Tharlódh gur ghá íoc go daor as an gcalaois sin, agus ní ar an íospartach amháin a bhíonn na costais, ach ar an bpobal trí chéile (an costas a bhaineann le himscrúdú na bpóilíní, le seirbhísí d’íospartaigh, agus le trialacha chun freagrachtaí a shuí, mar shampla). Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh idirbhearta iontaofa ann an riosca a íoslaghdú go gcaillfí airgead ar úsáideoirí trealaimh raidió atá nasctha leis an idirlíon, go gcaillfí airgead orthu agus iad i mbun na híocaíochta tríd an trealamh sin, sin agus an riosca go gcaillfí airgead ar fhaighteoir na híocaíochta a dhéantar tríd an trealamh raidió sin.

(14)

Trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais, ba cheart don trealamh sin tacú le gnéithe chun a áirithiú go mbeidh cosaint ar an gcalaois ann i gcás ina gcuirfidh an trealamh céanna ar chumas an tsealbhóra nó an úsáideora airgead, luach airgeadúil nó airgeadra fíorúil a aistriú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Threoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Airteagal 3(3), pointe (f), de Threoir 2014/53/AE i ndáil leis an trealamh raidió sin.

(15)

Le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), leagtar rialacha síos maidir le feistí leighis, agus le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) leagtar rialacha síos maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro. Rialachán (AE) 2017/745 agus Rialachán (AE) 2017/746 araon, is Rialacháin iad lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe áirithe de rioscaí cibearshlándála, is é sin gnéithe a bhaineann leis na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2014/53/AE. Dá bhrí sin, trealamh raidió a bhfuil feidhm ag aon cheann de na Rialacháin sin maidir leis, níor cheart é a theacht faoi réim na gcatagóirí nó na n-aicmí de threalamh raidió ar cheart dóibh na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh.

(16)

Le Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), bunaítear ceanglais maidir le cineálcheadú feithiclí, a gcuid gcóras agus a gcuid gcomhpháirteanna. Ina theannta sin, Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), is éard is príomhchuspóir don rialachán sin ardleibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta eitlíochta a bhunú agus a choimeád san Aontas. Thairis sin arís, Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), is Treoir í sin lena leagtar na coinníollacha síos maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus le héascú malartaithe trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas. Rialacháin (AE) 2019/2144 agus (AE) 2018/1139 maille le Treoir (AE) 2019/520, is nithe iad sin lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe de rioscaí cibearshlándála, is é sin gnéithe a bhaineann leis na rioscaí a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2014/53/AE. Trealamh raidió a bhfuil feidhm ag Rialacháin (AE) 2019/2144 agus (AE) 2018/1139 nó ag Treoir (AE) 2019/520 maidir leo, níor cheart iad a theacht faoi réim na gcatagóirí nó na n-aicmí de threalamh raidió ar cheart dóibh na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh.

(17)

In Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE déantar foráil maidir le buncheanglais a chomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha. Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais sin a éascú, déantar foráil ann maidir le glacadh leis go bhfuil comhréireacht ann i gcás trealamh raidió a chomhlíonann caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha, caighdeáin a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus ar chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a chur in iúl a ghlactar iad. Leibhéal na rioscaí a fhreagraíonn don úsáid atá beartaithe le haghaidh gach catagóire nó gach aicme de threalamh raidió lena mbaineann an Rialachán seo, leis na sonraíochtaí déanfar an leibhéal sin a bhreithniú agus tabharfar aghaidh air.

(18)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun iad féin a oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar, Oibreoirí eacnamaíocha an Rialachán a chomhlíonadh ó dháta a theacht i bhfeidhm amach, sin rud nach gcoiscfidh an Rialachán seo.

(19)

Rinne an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chuaigh sé i gcomhairle leis an Sainghrúpa um Threalamh Raidió,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An buncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d), de Threoir 2014/53/AE, beidh feidhm aige maidir le haon trealamh raidió darb acmhainn cumarsáid a dhéanamh tríd an idirlíon, bíodh sin ina cumarsáid dhíreach nó trí bhíthin aon trealamh eile (“trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon”).

2.   An buncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (e), de Threoir 2014/53/AE, beidh feidhm aige maidir le haon chineál trealaimh raidió díobh seo a leanas, i gcás inarb acmhainn don trealamh sin próiseáil a dhéanamh, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/679, i leith sonraí pearsanta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679, nó i leith sonraí tráchta agus sonraí suímh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b) agus pointe (c), de Threoir 2002/58/CE:

(a)

trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon, cé is moite don trealamh dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) nó pointe (d);

(b)

trealamh raidió ar le haghaidh cúram leanaí agus lena aghaidh sin amháin a dearadh é nó a ceapadh é;

(c)

trealamh raidió a chumhdaítear faoi Threoir 2009/48/CE;

(d)

trealamh raidió a dearadh nó a ceapadh, cibé acu ar chun na críche sin amháin é nó nach ea, chun go ndéanfaí é a chaitheamh ar aon cheann de na nithe seo a leanas, nó é a fháisceadh nó a chrochadh d’aon cheann de na nithe sin:

(i)

aon bhall de chorp an duine, an ceann, an muineál, an chabhail, na lámha, na cosa agus troithe na gcos san áireamh;

(ii)

aon bhall éadaigh a chaitheann an duine, ceannbhearta, lámhbhearta agus coisbhearta san áireamh;

3.   An buncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (f), de Threoir 2014/53/AE, beidh feidhm aige maidir le haon trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon i gcás ina gcuirfidh an trealamh sin ar chumas an tsealbhóra nó an úsáideora airgead, luach airgeadúil nó airgeadra fíorúil a aistriú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Threoir (AE) 2019/713.

Airteagal 2

1.   De mhaolú ar Airteagal 1, na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2014/53/AE, ní bheidh feidhm acu maidir le trealamh raidió a bhfuil feidhm ag ceachtar de na píosaí reachtaíochta seo a leanas de chuid an Aontais maidir leo:

(a)

Rialachán (AE) 2017/745;

(b)

Rialachán (AE) 2017/746;

2.   De mhaolú ar Airteagal 1(2) agus Airteagal 1(3), na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2014/53/AE, ní bheidh feidhm acu maidir le trealamh raidió a bhfuil feidhm ag aon cheann de na píosaí reachtaíochta seo a leanas de chuid an Aontais maidir leo:

(a)

Rialachán (AE) 2018/1139;

(b)

Rialachán (AE) 2019/2144;

(c)

Treoir (AE) 2019/520;

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó 1 Lúnasa 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 153, 22.5.2014, lch. 62.

(2)  Cybersecurity of 5G networks - EU Toolbox of risk mitigating measures[Cibearshlándáil líonraí 5G – Bosca Uirlisí an Aontais de bhearta maolaithe riosca], 29 Eanáir 2020. https://ec.europa.eu/digital-singlemarket/en/nis-cooperation-group

(3)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(4)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Treoir 2002/58/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2002 maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus le cosaint an phríobháideachais in earnáil na cumarsáide leictreonaí (An Treoir maidir leis an bpríobháideachas agus leis an gcumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(7)  Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (IO L 123, 10.5.2019, lch. 18)

(8)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

(10)  Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas (IO L 91, 29.3.2019, lch. 45).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).