12.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 7/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/29 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Deireadh Fómhair 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uimhir agus teideal na n-athróg a shonrú i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála maidir le Margadh an tsaothair agus leis an tithíocht, Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí o ghlúin go glúin, Deacrachtaí tithíochta, agus ábhar ad hoc 2023 i dtaca le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, staidreamh a bhunófar ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun na riachtanais a sainaithníodh sna topaicí mionsonraithe ábhartha a chumhdach, ba cheart don Choimisiún uimhir agus teideal na n-athróg a shonrú maidir leis na tacair sonraí a chumhdaíonn roinnt ábhair mhionsonraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1700, eadhon: saintréithe an ionaid oibre, stádas fostaíochta, gnóthachtáil oideachais - mionsonraí, lena n-áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh, mionsonraí ar dhálaí tithíochta, lena n-áirítear díothacht agus cíos barúlach, timpeallacht maireachtála, tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin, deacrachtaí tithíochta (lena n-áirítear deacrachtaí cíosa) agus cúiseanna. |
(2) |
Tugann réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Seimeastar Eorpach agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe maidir le dáileadh ioncaim, leis an mbochtaineacht agus le heisiamh sóisialta. Cuireann sé faisnéis ar fáil freisin le haghaidh beartais éagsúla eile de chuid an Aontais a bhaineann le dálaí maireachtála agus leis an mbochtaineacht. |
(3) |
Ba cheart don Choimisiún uimhir agus teideal na n-athróg ar an ábhar ad hoc maidir le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh a bhunú. |
(4) |
Níor cheart líon na n-athróg a bheidh le bailiú a dhul thar 5 % os cionn líon na n-athróg a bailíodh maidir le réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála tráth a tháinig Rialachán (AE) 2019/1700 i bhfeidhm. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is san Iarscríbhinn a leagtar amach líon agus teideal na n-athróg i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála a mhéid a bhaineann leis na tacair athróg maidir le Margadh an tsaothair agus leis an tithíocht, Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin, Deacrachtaí tithíochta, mar aon le hábhar ad hoc 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Is san Iarscríbhinn a leagtar amach líon agus teideal na n-athróg i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála a mhéid a bhaineann leis an tacar d’athróga maidir le Margadh an tsaothair agus leis an tithíocht agus Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin, Deacrachtaí tithíochta, mar aon le hábhar ad hoc 2023.
Modúl |
Topaic mhionsonraithe |
Aitheantóir na hathróige |
Ainm na hathróige |
Margadh an tsaothair agus an tithíocht |
Saintréithe an ionaid oibre (4 athróg a bailíodh) |
PL230 |
An earnáil fostaíochta phoiblí/phríobháideach |
PW100 |
Sástacht leis an bpost |
||
PL260 |
Na gnáthuaireanta oibre in aghaidh na seachtaine |
||
PL130 |
Méid an aonaid áitiúil le haghaidh an phríomhphoist |
||
Stádas fostaíochta (5 athróg a bailíodh) |
PL035 |
Oibríodh ar a laghad uair an chloig amháin le linn na seachtaine roimhe |
|
PL025 |
Ar fáil le haghaidh oibre |
||
PL020 |
Ag lorg poist go gníomhach |
||
PL120 |
An chúis ar oibríodh níos lú ná 30 uair an chloig |
||
PL280 |
An méid ama a cláraíodh mar dhuine dífhostaithe |
||
Gnóthachtáil oideachais - mionsonraí, lena n-áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh (2 athróg a bailíodh) |
PE030 |
Bliain inar cuireadh an leibhéil oideachais is airde i gcrích go rathúil |
|
PE050 |
Oideachas a stopadh nó a tréigeadh |
||
Mionsonraí maidir le dálaí tithíochta, lena n-áirítear díothacht agus cíos barúlach (11 athróg a bailíodh: 9 n-athróg éigeantacha, 2 cheann roghnacha) |
HS160 |
Fadhbanna leis an áit teaghaise: ródhorcha, gan a dhóthain solais |
|
HS170 |
Torann ó na comharsana nó ón tsráid |
||
HC020 |
Achar na teaghaise i méadair chearnacha |
||
HC080 |
Sástacht fhoriomlán leis an teaghais |
||
HY030 |
Cíos barúlach |
||
HH040 |
Díon silteach, ballaí/urláir/bunsraith atá tais, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó san urlár |
||
HS140 |
An t-ualach airgeadais maidir le costas iomlán na tithíochta |
||
HS180 |
Truailliú, salachar nó fadhbanna eile a bhaineann leis an timpeallacht |
||
HS190 |
An choireacht, an foréigean nó an loitiméireacht sa cheantar |
||
HH081 |
Folcadán nó cithfholcadán sa teaghais (ROGHNACH) |
||
HH091 |
Leithreas laistigh is féidir a shruthlú le húsáid ag an teaghlach agus ag an teaghlach amháin (ROGHNACH) |
||
Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin, deacrachtaí tithíochta agus ábhar ad hoc 2023 maidir le hÉifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh |
Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin (16 athróg a bailíodh: 12 athróg éigeantacha, 4 cinn roghnacha) |
PT220 |
An cineál teaghlaigh nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
PT230 |
An mháthair a bheith ann nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
PT240 |
An t-athair a bheith ann nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
PT070 |
Saoránacht an athar (ROGHNACH) |
||
PT100 |
Saoránacht na máthar (ROGHNACH) |
||
PT110 |
An leibhéal oideachais is airde a bhain an t-athair amach |
||
PT120 |
An leibhéal oideachais is airde a bhain an mháthair amach |
||
PT130 |
Stádas gníomhaíochta an athar nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
PT160 |
Stádas gníomhaíochta na máthar nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
PT150 |
Príomhghairm an athar nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois (ROGHNACH) |
||
PT180 |
Príomhghairm na máthar nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois (ROGHNACH) |
||
PT210 |
Stádas tionóntachta nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
PT190 |
Staid airgeadais an teaghlaigh nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
PT260 |
Riachtanais bhunúsacha scoile (leabhair agus trealamh scoile) a comhlíonadh nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
PT270 |
Béile laethúil a chaitheamh le feoil, sicín, iasc (nó a gcomhionann feoilséantach) nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
PT280 |
Seachtain amháin saoire bhliantúil as baile nuair a bhí an freagróir tuairim agus 14 bliana d’aois |
||
Deacrachtaí tithíochta (lena n áirítear deacrachtaí cíosa) agus na cúiseanna (6 athróg a bailíodh: 4 athróg éigeantacha, 2 cheann roghnacha) |
PHD01 |
Taithí roimhe seo ar dheacrachtaí tithíochta |
|
PHD07 |
An uair a bhí na deacrachtaí tithíochta ann (ROGHNACH) |
||
PHD02 |
An fad a mhair na deacrachtaí tithíochta is déanaí (ROGHNACH) |
||
PHD03 |
Príomhchúis na ndeacrachtaí tithíochta a bhí ann roimhe seo |
||
PHD05 |
An bealach a dtángthas slán as na deacrachtaí tithíochta |
||
PHD06 |
Deacrachtaí cíosa |
||
An t-ábhar ad hoc - Éifeachtúlacht fuinnimh an teaghlaigh (7 n-athróg a bailíodh: 4 athróg éigeantacha, 3 cinn roghnacha) |
HC001 |
Córas téimh a úsáidtear |
|
HC002 |
Foinse fuinnimh |
||
HC003 |
Athchóiriú (insliú teirmeach, fuinneoga nó córas téimh) |
||
HC060 |
Neamhábaltacht an teaghais a choinneáil go compordach te le linn an gheimhridh |
||
HC070 |
Neamhábaltacht an teaghais a choinneáil go compordach fionnuar le linn an tsamhraidh (ROGHNACH) |
||
HC004 |
Cineál fuinneog (ROGHNACH) |
||
HC005 |
Bliain tógála (ROGHNACH) |