11.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 6/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/25 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meán Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na modhanna chun na K-fhachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán sin a thomhas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 15(5), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir le roinnt de na K-fhachtóirí de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (26) de Rialachán (AE) 2019/2033, ní éilítear sonraíochtaí breise ina leith toisc go bhforbraítear go mion sa Rialachán sin na modhanna lena dtomhaistear iad. Is amhlaidh atá i gcás an K-fhachtóra “riosca an ghlansuímh” (K-NPR), a dhíorthaítear ó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chomh maith leis an K-fhachtóir “riosca comhchruinnithe” (K-CON) agus an K-fhachtóir “mainneachtain an chontrapháirtí trádála” (K-TCD), a úsáideann cur i bhfeidhm simplithe na gceanglas comhfhreagrach faoin Rialachán sin. I gcásanna eile, áfach, amhail “sócmhainní faoi bhainistiú” (AUM), “airgead cliaint atá ar seilbh” (CMH), “orduithe cliaint arna láimhseáil” (COH), “sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar” (ASA) agus “sreabhadh trádála laethúil” (DTF), bhainfeadh na modhanna chun na fachtóirí sin a thomhas tairbhe as tuilleadh soiléirithe.

(2)

Ba cheart do K-fhachtóirí gach gníomhaíocht a dhéanann gnólacht infheistíochta a ghabháil chun na rioscaí a léiriú go leordhóthanach. Ag cur san áireamh gur duine nádúrtha nó dlítheanach é gníomhaire faoi cheangal a ghníomhaíonn ach amháin thar ceann gnólachta infheistíochta áirithe agus faoi fhreagracht iomlán agus neamhchoinníollach an ghnólachta infheistíochta sin, is gá a áirithiú go n-áirítear aon ghníomhaíocht de chuid gníomhaire faoi cheangal in K-fhachtóirí AUM, ASA, CMH agus COH an ghnólachta infheistíochta.

(3)

Tá seirbhís infheistíochta na “comhairle infheistíochta” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe 5 a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ar leithligh ón tseirbhís choimhdeach maidir le “comhairle le gnóthais maidir le struchtúr caipitil, straitéis thionsclaíoch agus ábhair ghaolmhara agus comhairle agus seirbhísí gaolmhara a bhaineann le cumaisc agus le ceannach gnóthas” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn B, pointe 3, a ghabhann leis an Treoir sin. I bhfianaise an méid sin agus ar bhonn an tsainmhínithe ar “comhairle infheistíochta de chineál leanúnach” atá in Airteagal 4(1), pointe 21, de Rialachán (AE) 2019/2033, i gcás nach n-áirítear an tseirbhís choimhdeach réamhluaite, is gá a shonrú gur cheart aon sócmhainn faoi bhainistíocht a bhaineann leis an tseirbhís choimhdeach sin a eisiamh chun críocha an K-AUM a ríomh.

(4)

D’fhonn tomhas comhsheasmhach AUM agus ASA a áirithiú agus K-AUM agus K-ASA á ríomh, ba cheart ionstraimí airgeadais a luacháil ag a luach cóir i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, ionas go mbeifear in ann margadhluach na n-ionstraimí airgeadais a léiriú, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

(5)

Ós rud é go bhfuil an riosca do chliaint a bhaineann le bainistiú an airgid thirim curtha san áireamh cheana féin le calabrú na comhéifeachta maidir le CMH i dTábla 1 d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/2033, níor cheart na méideanna a áirítear i dtomhas CMH a chur san áireamh i dtomhas an AUM. Thairis sin, chun aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint agus riachtanais chaipitil á ríomh, níor cheart na méideanna a measadh cheana féin chun CMH a thomhas a chur san áireamh i dtomhas an ASA.

(6)

Leis an sainmhíniú ar CMH in Airteagal 4(1), pointe 28, de Rialachán (AE) 2019/2033 mar aon le haithris (24) den Rialachán sin, soiléirítear na méideanna atá le meas chun CMH a thomhas. Dá bhrí sin, is leor tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na gnéithe oibríochtúla atá fágtha den mhodh chun an CMH a thomhas d’fhonn stóinseacht fhigiúirí CMH a áirithiú, go háirithe trí róspleáchas ar thuairisciú seachtrach a sheachaint agus trí dhíriú ar thaifid chuntasaíochta inmheánacha an ghnólachta infheistíochta agus ar na figiúirí a úsáidtear le haghaidh an réitigh inmheánaigh.

(7)

Ba cheart go n-áireofaí ar na modhanna chun na méideanna atá le háireamh mar ghlacadh agus tarchur orduithe agus forghníomhú orduithe sa COH rialacha sonracha maidir leis an gcás nach bhfuil praghsanna margaidh ar fáil go héasca toisc nach bhfuil siad sna horduithe. Is gá na difríochtaí idir an cás maidir le forghníomhú orduithe agus an cás maidir le glacadh agus tarchur orduithe a léiriú, de réir mar a d’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann i ngach cás idir praghsanna agus uainiú ag ar cheart na horduithe a thaifeadadh chun COH a thomhas. Thairis sin, i gcás orduithe a ghlacadh agus a tharchur, go háirithe, is tagairt níos fearr chun na críche sin iad na horduithe tarchurtha ná na horduithe a fuarthas, toisc go bhféadfadh nach dtarchuirfí na horduithe a fuarthas.

(8)

Ós rud é go bhfuil an tseirbhís infheistíochta um “ghlacadh agus tarchur orduithe maidir le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe 1, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE éagsúil le gníomhaíochtaí infheistíochta “Oibriú Saoráidí Trádála Iltaobhacha nó Eagraithe -MTFanna, OTFanna” dá dtagraítear i bpointí 8 agus 9 de, is gá a shoiléiriú nach n-áireofar leasanna ceannaigh agus díola a thugtar le chéile i MTFanna agus in OTFanna arna n-oibriú ag an ngnólacht infheistíochta chun na trádálacha K-COH in airgead tirim nó na díorthaigh KCO a ríomh.

(9)

Ós rud é go bhfuil na ceanglais chaipitil ar ghnólachtaí infheistíochta faoi Rialachán (AE) 2019/2033 bunaithe ar na K-fhachtóirí lena gcumhdaítear na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí ar fad a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, is gá rialacha a leagan síos maidir le hoiriúnú na modhanna sin sna cásanna sin ina bhféadfadh comhaireamh dúbailte a bheith ann murach sin. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás seirbhísí coimhdeacha áirithe nach féidir a dhéanamh ach i gcomhar le seirbhísí agus gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, orduithe a bhaineann leis an tseirbhís choimhdeach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn B, pointe 3, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE (comhairle le gnóthais maidir le struchtúr caipitil, straitéis thionsclaíoch agus ábhair ghaolmhara agus comhairle agus seirbhísí gaolmhara a bhaineann le cumaisc agus le ceannach gnóthas), ar orduithe iad a bhaineann le comhairle faoi idirbhearta idir infheisteoirí, i gcás idirbhearta airgeadais chorparáidigh nó idirbhearta cothromais phríobháidigh, níor cheart iad a áireamh i dtomhas an AUM, ná i dtomhas COH, toisc go bhfuil siad san áireamh leis na K-fhachtóirí sin cheana féin.

(10)

Déantar foráil i Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le dhá chomhéifeacht éagsúla chun COH a thomhas i dTábla 1 dá Airteagal 15, ceann amháin le haghaidh trádálacha in airgead tirim agus ceann ar leithligh le haghaidh díorthach. Ba cheart tuilleadh soiléirithe a chur ar fáil maidir le conas trádálacha a leithdháileadh idir an dá aicme ionstraime agus maidir leis an modh luachála a bheidh le húsáid i ngach cás. Go háirithe, ba cheart díorthaigh a áireamh i dtomhas K-fhachtóirí bunaithe ar an luach barúlach agus ar na trádálacha in airgead tirim ar an margadhluach toisc go ndéantar comhéifeachtaí na K-fhachtóirí a chalabrú ar an mbonn sin.

(11)

Is gá ríomh méid bharúlaigh díorthaigh a shonrú toisc nach bhfuil rialacha i Rialachán (AE) 2019/2033 maidir leis an gcaoi ar féidir é a ríomh. Ós rud é go leagtar síos in Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 rialacha maidir leis an gcaoi ar féidir méid barúlach díorthach a ríomh chun críocha TCD a ríomh, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú i dtomhas an TCD agus an DTF, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha sin chun méid barúlach díorthaigh a thomhas freisin chun an DTF a thomhas.

(12)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(13)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe; tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chuaigh ÚBE i gcomhairle freisin leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí sular chuir sé isteach na dréachtchaighdeáin theicniúla ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN 1

MODHANNA LENA dTOMHAISTEAR NA K-FHACHTÓIRÍ MAIDIR LEIS AN RIOSCA DO CHLIAINT

Airteagal 1

Modhanna lena dtomhaistear na K-fhachtóirí maidir leis an riosca do chliaint i gcás seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéantar agus gníomhairí faoi cheangal á n-úsáid

Chun críocha K-fhachtóirí maidir leis an riosca do chliaint (RtC) a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/2033, áireoidh gnólacht infheistíochta laistigh de gach AUM, CMH, ASA agus COH dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 19 agus 20 den Rialachán sin, faoi seach, aon mhéid a bhaineann le seirbhísí infheistíochta agus gníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, arna ndéanamh ag aon ghníomhaire faoi cheangal atá cláraithe chun gníomhú thar a cheann.

Airteagal 2

Modhanna lena dtomhaistear an AUM i gcás socruithe comhairleacha neamh-lánroghnacha de chineál leanúnach

1.   Chun críche a K-fhachtóirí RtC a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/2033, ní áireoidh gnólacht infheistíochta laistigh dá AUM, dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán sin, aon mhéid sócmhainní a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn B, pointe 3, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

2.   I gcás ina soláthraíonn gnólacht infheistíochta socruithe comhairleacha neamh-lánroghnacha de chineál leanúnach d’eintiteas earnála airgeadais eile a ghabhann bainistíocht punainne lánroghnach air féin, áireoidh sé laistigh dá AUM dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/2033 aon mhéid sócmhainní a bhaineann leis na socruithe comhairleacha neamh-lánroghnacha sin.

Airteagal 3

Modhanna lena dtomhaistear an AUM i gcás bainistiú punainne lánroghnach

Chun críocha Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfar an AUM míosúil iomlán a thomhas i gcomhréir leis na nithe seo a leanas uile:

(a)

áireofar sa ríomh luach na n-ionstraimí airgeadais arna ríomh ag luach cóir i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme;

(b)

déanfar ionstraimí airgeadais a bhfuil luach cóir diúltach acu a áireamh i luach absalóideach;

(c)

áireofar sa ríomh airgead tirim seachas aon mhéid a chumhdaítear faoi CMH i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 4

Modhanna lena dtomhaistear CMH

Chun críocha Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/2033, bunófar tomhas CMH ar na nithe seo a leanas:

(a)

comharduithe a úsáideann an gnólacht infheistíochta dá réitigh inmheánacha;

(b)

na luachanna atá i dtaifid chuntasaíochta an ghnólachta infheistíochta.

Airteagal 5

Modhanna lena dtomhaistear ASA

Chun críocha Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/2033, áireofar sa tomhas ar an ASA iomlán laethúil luach na n-ionstraimí airgeadais cliant uile arna gcoimirciú agus arna riar, arna ríomh ag luach cóir i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme. Eisiafar leis CMH dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 6

Modhanna lena dtomhaistear forghníomhú orduithe in COH

1.   Chun críocha K-COH a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfaidh gnólacht infheistíochta ordú an chliaint sin a áireamh agus COH á ríomh an tráth a mbeidh deimhniú aige go ndearnadh an forghníomhú agus gurb eol an praghas.

2.   I gcás ina ndéanfaidh gnólacht infheistíochta ordú a fhaightear ó ghnólacht infheistíochta eile a fhorghníomhú thar ceann cliaint, cuirfear an t-ordú sin san áireamh nuair a ríomhfaidh an gnólacht infheistíochta forghníomhaitheach COH laistigh d’iomlán na n-orduithe arna dtomhas chun orduithe cliant a fhorghníomhú agus déanfar é a eisiamh ó iomlán na n-orduithe arna dtomhas chun orduithe a ghlacadh agus a tharchur.

Airteagal 7

Modhanna lena dtomhaistear glacadh agus traschur orduithe in COH

1.   Chun críocha K-COH a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/2033, i gcás ina bhfaigheann agus ina dtarchuirfidh gnólacht infheistíochta ordú cliaint, áireofar an t-ordú sin an tráth a tharchuireann an gnólacht infheistíochta an t-ordú chuig gnólacht infheistíochta eile nó bróicéir forghníomhaitheach.

2.   Ní chuirfidh gnólacht infheistíochta orduithe arna bhfáil agus arna dtarchur san áireamh chun COH a thomhas i gcás ina dtugtar le chéile dhá infheisteoir nó níos mó chun idirbheart a dhéanamh idir na hinfheisteoirí sin, amhail i gcás idirbhearta airgeadais chorparáidigh nó idirbhearta cothromais phríobháidigh.

3.   I gcás ina n-áiríonn an gnólacht infheistíochta orduithe arna bhfáil agus arna dtarchur chun COH a thomhas, úsáidfidh sé an praghas atá sna horduithe. I gcás nach bhfuil aon phraghas sna horduithe, lena n-áirítear nuair is orduithe teorann atá i gceist, bainfidh an gnólacht infheistíochta úsáid as praghas margaidh na hionstraime airgeadais lá an tarchurtha.

4.   Leasanna ceannaigh agus leasanna díola arna dtabhairt le chéile ag gnólacht infheistíochta chun críocha Saoráid Iltaobhach Trádála nó Eagraithe a oibriú mar a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí 22 agus 23, de Threoir 2014/65/AE, ní chuirfear san áireamh iad chun COH a thomhas.

Airteagal 8

Modhanna lena dtomhaistear trádálacha in airgead tirim chun críocha COH

1.   Chun críocha COH a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/2033, áireoidh gnólacht infheistíochta mar thrádáil in airgead tirim aon idirbheart ina ngabhann contrapháirtí air féin aon cheann de na nithe seo a leanas a thrádáil:

(a)

urrúis inaistrithe;

(b)

ionstraimí margaidh airgid;

(c)

aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta,

(d)

roghanna arna dtrádáil ar mhalartán.

2.   Chun críocha COH de rogha arna trádáil ar mhalartán a thomhas, úsáidfidh an gnólacht infheistíochta préimh na roghanna a úsáidtear chun an rogha sin a chur i gcrích.

Airteagal 9

Modhanna lena dtomhaistear díorthaigh chun críocha COH

Chun críocha COH a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le díorthaigh, cinnfear méid barúlach conartha díorthach de bhun Airteagal 29(3) den Rialachán sin.

ROINN 2

MODHANNA LENA dTOMHAISTEAR NA K-FHACHTÓIRÍ MAIDIR LEIS AN RIOSCA DON GHNÓLACHT

Airteagal 10

Modhanna lena dtomhaistear trádálacha in airgead tirim chun críocha DTF

1.   Chun críocha DTF a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le trádálacha in airgead tirim, áireoidh gnólacht infheistíochta mar thrádáil in airgead tirim aon idirbheart ina ngabhann contrapháirtí air féin aon cheann de na nithe seo a leanas a thrádáil:

(a)

urrúis inaistrithe;

(b)

ionstraimí margaidh airgid;

(c)

aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta;

(d)

roghanna arna dtrádáil ar mhalartán.

2.   Chun críocha DTF de rogha arna trádáil ar mhalartán a thomhas, úsáidfidh an gnólacht infheistíochta préimh na roghanna a úsáidtear chun an rogha sin a chur i gcrích.

Airteagal 11

Modhanna lena dtomhaistear díorthaigh chun críocha DTF

Chun críocha DTF a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le díorthaigh, cinnfear méid barúlach conartha díorthach de bhun Airteagal 29(3) den Rialachán sin.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 314, 5.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).