|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘15.
|
Camila Antonia ORTEGA MURILLO
|
Feidhm: Iníon le Daniel Ortega agus Rosario Murillo, Comhairleoir don Uachtaránacht, Comhordaitheoir ar an Creative Economy Commission Stiúrthóir ar stáisiún teilifíse Canal 13
Dáta breithe: 4.11.1987
Áit bhreithe: Managua, Nicaragua
Inscne: baineann
Naisiúntacht: Nicearaguach
Uimhir pas: A00000114 (Nicearaguach)
Uimhir aitheantais : 0010411870001B
|
Tá dlúthbhaint ag Camila Antonia Ortega Murillo le gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an lánúin uachtaránachta, Daniel Ortega agus Rosario Murillo, mar chomhairleoir don Uachtaránacht, mar chúntóir pearsanta don Leas-Uachtarán agus mar Chomhordaitheoir ar an Creative Economy National Commission. Tá sí ina Stiúrthóir freisin ar an ardán Nicaragua Diseña agus ar an stáisiún teilifíse Canal 13.
Tá sí freagrach as Nicaragua Diseña a úsáid chun tacú leis na toghcháin calaoiseacha uachtaránachta agus parlaiminte, a bhí ar siúl an 7 Samhain 2021, trí chuntais bhréige a chruthú in ardáin éagsúla na meán sóisialta.
Agus í ina cáil mar Stiúrthóir ar Canal 13, chuidigh sí le fuathchaint réimis Ortega i gcoinne an fhreasúra shibhialta a scaipeadh, agus ag an am céanna srian a chur le hiolrachas eagarthóireachta agus géarleanúint a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar eagraíochtaí na meán i Nicearagua, rud lena gcuirtear deireadh leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus le fíoriomaíocht toghcháin. Bhí ról lárnach aici maidir le hiolrachas polaitiúil a chur faoi chois agus briseadh cinntitheach dhaonlathas Nicearagua.
Dá bhrí sin, tá baint aici le daoine atá freagrach as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus as ucht sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus tá sí ag tacú diansmachta agus sáruithe don sórt sin.
|
10.1.2022
|
|
16.
|
Laureano Facundo ORTEGA MURILLO
|
Mac le Daniel Ortega agus Rosario Murillo, Comhairleoir don Uachtaránacht
Dáta breithe: 20.11.1982
Áit bhreithe: Managua, Nicaragua
Inscne: fireann
Naisiúntacht: Nicearaguach
Uimhir pas : A00000684 (Nicaragua)
Uimhir aitheantais: 0012011820046M
|
Tá dlúthbhaint ag Laureano Facundo Ortega Murillo le gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an lánúin uachtaránachta, Daniel Ortega agus Rosario Murillo, mar chomhairleoir don Uachtaránacht. Tá údar agus tacaíocht tugtha aige do phríosúnacht threallach agus neamhdhleathach cheannairí freasúra pholaitiúil Nicearagua agus réamhiarrthóirí uachtaránachta, ceannairí mac léinn agus ceannairí tuaithe nó iriseoirí neamhspleácha, ar thagair sé dóibh uile mar “sceimhlitheoirí”. Trí rannchuidiú le deireadh a chur le hiomaíocht toghcháin iarbhír, bhí ról lárnach aige maidir le hiolrachas polaitiúil a chur faoi chois agus briseadh cinntitheach dhaonlathas Nicearagua.
Ghníomhaigh sé mar chomhairleoir eacnamaíoch dá athair Daniel Ortega agus do réimeas Ortega tríd an ngníomhaireacht rialtais ProNicaragua. Ina theannta sin, tá sé freagrach as BanCorp a oibriú – eintiteas arb é is príomhchuspóir dó cúnamh, urraíocht agus tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíochtaí diansmachta a mháthar, Rosario Murillo, an Leas-Uachtarán.
Dá bhrí sin, tá baint aige le daoine atá freagrach as ucht cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus tá sé ag tacú le diansmacht agus sáruithe den sórt sin.
|
10.1.2022
|
|
17.
|
Brenda Isabel ROCHA CHACÓN
|
Uachtarán an Supreme Electoral Council
Dáta breithe: 10.2.1967
Áit bhreithe: Bonanza, Nicaragua
Inscne: baineann
Naisiúntacht: Nicearaguach
|
Tá Brenda Isabel Rocha Chacón ina hUachtarán ar an Supreme Electoral Council (SEC) ó mhí na Bealtaine 2021, ar comhlacht é atá freagrach as ullmhúchán, reáchtáil agus deimhniú olltoghcháin an 7 Samhain 2021 a bhain an bonn ó institiúidí daonlathacha agus ó phróisis dhaonlathacha de bharr easpa trédhearcachta chomh maith le fíor-fhreasúra agus díospóireacht dhaonlathach a bheith in easnamh. Thóg SEC an deis ón bhfreasúra seasamh i saorthoghcháin agus d’áirithigh sé eagrú na vótála i ndálaí neamhdhaonlathacha.
Dá bhrí sin, tá sí freagrach as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta i Nicearagua.
|
10.1.2022
|
|
18.
|
Cairo Melvin AMADOR ARRIETA
|
Leas-Uachtarán an Supreme Electoral Council
Dáta breithe: 1952
Inscne: fireann
Naisiúntacht: Nicearaguach
|
Tá Cairo Melvin Amador Arrieta ina Leas-Uachtarán ar an Supreme Electoral Council (SEC) ó mhí na Bealtaine 2021, ar comhlacht é atá freagrach as ullmhú, reáchtáil agus deimhniú olltoghcháin an 7 Samhain 2021 a bhain an bonn ó institiúidí daonlathacha agus ó phróisis dhaonlathacha de bharr easpa trédhearcachta chomh maith le fíor-fhreasúra agus díospóireacht dhaonlathach a bheith in easnamh. Thóg SEC an deis ón bhfreasúra seasamh sna toghcháin agus d’áirithigh sé eagrú na vótála i ndálaí neamhdhaonlathacha.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta i Nicearagua.
|
10.1.2022
|
|
19.
|
Lumberto Ignacio CAMPBELL HOOKER
|
Comhalta den Supreme Electoral Council, Uachtarán gníomhachar an Supreme Electoral Council in 2018
Dáta breithe: 3.12.1949
Áit bhreithe: Raas, Nicaragua
Inscne: fireann
Naisiúntacht: Nicearaguach
Uimhir an phas: A00001109 (Nicaragua)
Uimhir aitheantais: 6010302490003J
|
Tá Lumberto Ignacio Campbell Hooker ina chomhalta den Supreme Electoral Council (SEC) ó 2014, ar comhlacht é atá freagrach as ullmhúchán, reáchtáil agus deimhniú olltoghcháin an 7 Samhain 2021 a bhain an bonn ó institiúidí daonlathacha agus ó phróisis dhaonlathacha de bharr easpa trédhearcachta chomh maith le fíor-fhreasúra agus díospóireacht dhaonlathach a bheith in easnamh. Thóg SEC an deis ón bhfreasúra seasamh i saorthoghcháin agus d’áirithigh sé eagrú na vótála i ndálaí neamhdhaonlathacha.
Labhair sé leis na meáin le linn na dtoghchán an 7 Samhain 2021, agus thug sé údar agus ardmholadh dá n-eagraíocht.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta i Nicearagua.
|
10.1.2022
|
|
20.
|
Nahima Janett DÍAZ FLORES
|
Stiúrthóir an Nicaraguan Institute of Telecommunications and Postal Services, iníon Ard-Stiúrthóir na bpóilíní Nicearaguacha.
Dáta breithe: 28.6.1989
Inscne: baineann
Naisiúntacht: Nicearaguach
|
Is í Nahima Janett Diaz Flores Stiúrthóir an Nicaraguan Institute of Telecommunications and Postal Services (TELCOR), eintiteas rialála na seirbhísí teileachumarsáide agus poist. Bhain údaráis Nicearagua úsáid as TELCOR chun meáin neamhspleácha a chur ina dtost, lena n-áirítear trí eagraíocht nuachta ó 2018. Le linn fheachtas olltoghchán 2021, bhí feachtais bhréagaisnéise á gcur chun feidhme ar mhórscála ag TELCOR. Mar an institiúid atá i gceannas ar chur chun feidhme an “dlí cibearshlándála”, tá gníomhaíochtaí maidir le sochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach á n-ordú agus á n-oibriú ag TELCOR.
Ina post, bhí Nahima Diaz Flores ag tacú leis an réimeas Ortega, agus tá gníomhaíochtaí bréagaisnéise agus faireachais ordaithe agus curtha i bhfeidhm aici trí TELCOR de sochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas i Nicearagua.
|
10.1.2022
|
|
21.
|
Luis Ángel MONTENEGRO ESPINOZA
|
Ceannfort ar Superintendency of Banks and other Financial Institutions of Nicaragua
Dáta breithe: 1.1.1949
Áit bhreithe: Esteli, Nicaragua
Inscne: fireann
Seoladh: Planes De Puntaldia Casa #16, Managua, Nicaragua
Naisiúntacht: Nicearaguach
Uimhir aitheantais: 1610101490000S
|
Is é Luis Ángel Montenegro Espinoza Ceannfort an Superintendency of Banks and other Financial Institutions of Nicaragua (SIBOIF). Sa cháil sin dó, tá sé freagrach as géarleanúint a dhéanamh ar ghníomhaithe airgeadais a chuir i gcoinne bheartais réimeas Ortega, agus as smacht an réimeas ar an earnáil airgeadais a fhorfheidhmiú.
Is é Daniel Ortega a cheap sa phost sin é mar luach saothair ar a dhílseacht. Sa ról a bhí aige roimhe seo, mar Rialaitheoir Ginearálta na Poblachta, chinntigh sé nach ndéanfaí iniúchadh ar ghníomhaíochtaí éillitheacha Ortega agus, ar an gcuma chéanna, rannchuidigh sé le smacht Ortega a choinneáil ar an réimeas.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint ón smacht reachta i Nicearagua, agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach..
|
10.1.2022’;
|