6.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 2/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/7 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Eanáir 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le táirgí déiríochta atá i dtáirgí ilchodacha fadré a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialacha sonracha sláinteachais a leagadh síos i dtaca le bia de bhunadh ainmhíoch (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointe (a), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘An Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (2), agus go háirithe Airteagail 238(3) agus 239(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (3), agus go háirithe Airteagal 90, an chéad mhír, pointe (a) agus pointe (e), agus Airteagal 126(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 (4) ón gCoimisiún forlíontar na rialacha maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann, inter alia, le coinsíneachtaí de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas. Go háirithe, in Airteagal 163 den Rialachán Tarmligthe sin, de réir mar a leasaíodh é le déanaí le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1703 (5) ón gCoimisiún, leagtar síos ceanglais shonracha maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá i dtáirgí ilchodacha fadré a theacht isteach san Aontas. Leis an Airteagal sin leagtar síos, i measc ceanglais eile, ceanglais maidir le cóireáil maolaithe riosca is infheidhme i dtaca le táirgí déiríochta atá i dtáirgí ilchodacha den chineál sin, agus an stádas sláinte sa tríú tír nó sa tríú críoch, nó i gcrios de, á chur san áireamh. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (6) ón gCoimisiún leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le, inter alia, fianuithe eiseamláireacha i leith táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a bhíonn ag teacht isteach san Aontas. Go sonrach, le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, leagtar amach fianú eiseamláireach a úsáidfidh an t-oibreoir a thugann táirgí ilchodacha fadré isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (7). |
(3) |
An fianú príobháideach eiseamláireach a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, ba cheart leagan cothrom le dáta a chur ina ionad chun na ceanglais maidir le cóireálacha maolaithe riosca le haghaidh táirgí déiríochta a chur san áireamh, ar cóireálacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1703. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a leasú dá réir. |
(5) |
Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is díol práinne éifeacht a bheith ag na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán (AE) 2020/2235. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, is é a chuirtear in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.
(2) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(3) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1703 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá i dtáirgí ilchodacha a theacht isteach san Aontas (IO L 339, 24.9.2021, lch. 29).
(6) IO L 442, 30.12.2020, lch. 1.
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN V
SAMHAIL D’FHIANÚ PRÍOBHÁIDEACH AG AN OIBREOIR LE hAGHAIDH TEACHT ISTEACH TÁIRGÍ ILCHODACHA FADRÉ SAN AONTAS I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 14 DE RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2019/625
Cuid II: Fianú |
II Faisnéis sláinte |
II.a |
Fianú |
II.b |
Tagairt CBFRO |
|||||||||||||||||||||||||||||
Déanaimse, a bhfuil m’ainm anseo thíos, … (ainm, seoladh agus mionsonraí iomlána an allmhaireora) a bheidh freagrach as teacht isteach choinsíneacht na dtáirgí ilchodacha ar a dtugtar tuairisc i gCuid I san Aontas, a dhearbhú maidir leis na táirgí ilchodacha a bhfuil an fianú seo in éineacht leo:
Nótaí I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i dteannta le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí don Aontas Eorpach san fhianú seo. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Dáta |
|
Cáilíocht agus teideal an onnmhaireora(8) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
Stampa |
|
Síniú |
|
(2) |
Liostaigh na comhábhair in ord íslitheach ó thaobh meáchain de. Ceadaítear comhábhair áirithe a ghrúpáil de réir táirgí déiríochta, táirgí iascaigh, táirgí uibhe, táirgí nach bhfuil de bhunadh ainmhíoch, mar is ábhartha. |
(3) |
Tabhair isteach uimhir formheasa na bunaíochta (na mbunaíochtaí) a tháirg na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sa táirge ilchodach mar aon leis an tríú tír nó an tríú críoch, nó an crios de, mar a bhfuil an bhunaíocht fhormheasta lonnaithe, rud dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus atá léirithe ag an oibreoir gnólachta bia is allmhaireoir. |
(4) |
Coimeád de réir mar is iomchuí. |
(5) |
Ach amháin sa chás:
|
(6) |
Ach amháin sa chás:
|
(7) |
Sa chás:
|
(8) |
Allmhaireoir: Ionadaí ar na hoibreoirí gnólachta bia is allmhaireoirí mar a leagtar síos in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine teacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18). |
(A) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas na n-ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(B) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
(C) Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).
(D) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin díobh atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).
(E) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(F) Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).
(G) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
(H) Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).
(I) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(J) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).