5.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 1/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Eanáir 2022

lena gceartaítear an leagan Fraincise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 44(1)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Fraincise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 (2) ón gCoimisiún, tá earráidí in Airteagal 5(5), an dara fomhír, pointe (iii) agus in Airteagal 8(8) a athraíonn brí an téacs.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Fraincise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1207/2012 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 305, 23.11.2011, lch. 35).