19.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 140/14


RIALACHA NÓS IMEACHTA CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA

BEALTAINE 2022

BROLLACH

1.

Is comhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (an “Coiste”), a bunaíodh in 1957 le Conarthaí na Róimhe.

2.

De bhun Airteagal 300 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an Coiste comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, oibrithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.

Níl comhaltaí an Choiste faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha. Tá siad, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Téann an Coiste i mbun a chuid oibre i dtrí ghrúpa: Grúpa na bhFostóirí, Grúpa na nOibrithe agus an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip”.

3.

Laistigh de leagan amach institiúideach an Aontais Eorpaigh, tá ról ar leith ag an gCoiste: is é an príomhfhóram é inar féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas Eorpach, arb iad na comhaltaí a n-ionadaithe, a dtuairimí a chur in iúl agus a phlé agus is idirghabhálaí é idir an tsochaí shibhialta eagraithe agus institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Cuireann feidhm chomhairliúcháin an Choiste ar chumas shochaí shibhialta na hEorpa páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.

4.

Le linn phléití an Choiste, is minic a bhíonn gá le hidirbheartaíocht idir na páirtithe uile sa tsochaí shibhialta, mar atá, na fostóirí (Grúpa I), na hoibrithe (Grúpa II) agus páirtithe eile na sochaí sibhialta (Grúpa III).

5.

Fágann an saineolas sin agus an cuardach le haghaidh cóineasaithe a thagann as na pléití agus na caibidlíochtaí sin go gcuirtear feabhas ar cháilíocht agus creidiúnacht phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh a mhéid a dhéanann siad níos intuigthe agus inghlactha é do shaoránaigh na hEorpa agus a mhéid a mhéadaíonn siad an trédhearcacht atá ríthábhachtach don daonlathas.

6.

Toisc gur fóram díospóireachta agus áit ina dtarraingítear suas tuairimí é, cuidíonn an Coiste le hairíonna daonlathacha an phróisis lena dtógtar an Eoraip a mhéadú, lena n-áirítear cur chun cinn an chaidrimh idir an tAontas agus earnálacha eacnamaíocha agus sóisialta i dtríú tíortha.

Tríd an méid sin a dhéanamh, cuidíonn sé le bá dháiríre leis an Eoraip a chothú.

7.

Tar éis don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) dul as feidhm, chuir an Coimisiún Eorpach de chúram ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa glacadh le acquis agus acmhainní choiste comhairliúcháin CEGC. Is mar sin a cruthaíodh an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) agus tá sé ina chuid den Choiste fós.

8.

D’fhonn an misean atá aige a chomhlíonadh, leagann an Coiste síos a Rialacha Nós Imeachta i gcomhréir le hAirteagal 303(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

CUID A hAON

EAGRÚ AN CHOISTE

TEIDEAL I

COMHALTAÍ AN CHOISTE

Riail 1 — Comhaltaí an Choiste

1.

Beidh an Coiste comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, oibrithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.

2.

Ceapfar comhaltaí an Choiste ar feadh cúig bliana. Téarma oifige in-athnuaite a bheidh acu.

3.

Ní bheidh comhaltaí an Choiste faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha. Beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

4.

Beidh sé de cheart ag na comhaltaí slánaíochtaí agus aisíocaíocht a fháil i leith speansais taistil agus chothaithe a bheidh riachtanach chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, i gcomhréir leis na cinntí ábhartha ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón mBiúró.

Is í an Chomhairle a chinnfidh slánaíochtaí chomhaltaí an Choiste.

5.

Déanfaidh an Coiste a dhícheall lena áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail an chomhionannais inscne agus an neamh-idirdhealaithe atá sainmhínithe i ndlí an Aontais Eorpaigh agus go gcuirfear na prionsabail sin i bhfeidhm i ngach comhlacht den Choiste.

Déanfaidh an Biúró forbairtí maidir le cothromaíocht inscne a mheas i gcomhlachtaí éagsúla an Choiste agus, más gá, déanfaidh sé moltaí sonracha a ghlacadh.

Ar bhonn rialta, cuirfear tuarascáil arna hullmhú le cuidiú an lucht riaracháin faoi bhráid an Bhiúró chun measúnú a dhéanamh ar na forbairtí sin. Ar bhonn na tuarascála sin, cinnfidh an Biúró bearta nithiúla d’fhonn cur leis an gcothromaíocht inscne.

Riail 2 — Reacht na gcomhaltaí

1.

Beidh an teideal “comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa” ag comhaltaí an Choiste.

2.

Le linn dóibh a bhfeidhmeanna a fheidhmiú agus le linn dóibh a bheith ag taisteal chuig ionad an chruinnithe agus uaidh, beidh ag na comhaltaí na pribhléidí, díolúintí agus saoráidí a leagtar síos in Airteagal 10 de Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis na Conarthaí.

3.

Saineofar le Reacht Chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (“Reacht na gComhaltaí”) cearta agus oibleagáidí chomhaltaí an Choiste mar aon leis na rialacha lena rialaítear a ngníomhaíocht agus a gcaidreamh leis an gCoiste agus lena sheirbhísí.

Riail 3 — Cód iompair

1.

Tá sé de dhualgas ar na comhaltaí na caighdeáin atá cumhdaithe i gCód Iompair Chomhaltaí CESE (an “Cód Iompair”) a chleachtadh.

2.

Tá an stádas dlí céanna ag an gCód Iompair agus atá ag na Rialacha Nós Imeachta seo agus tá sé i gceangal leo mar iarscríbhinn. Is é a leagtar síos leis ná na caighdeáin agus na prionsabail iompair is infheidhme maidir le comhaltaí an Choiste, le toscairí CCMI, leis na comhaltaí malartacha agus le comhairleoirí.

3.

Bunaítear Coiste Eitice leis an gCód Iompair.

Leagtar síos leis freisin an nós imeachta agus na bearta atá le cur i bhfeidhm i gcás sárú ar chaighdeáin agus ar phrionsabail.

4.

I gcás ina dteipfeadh ar chomhalta na caighdeáin agus na prionsabail atá leagtha síos sa Chód Iompair a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé go gcuirfí i bhfeidhm na bearta atá leagtha amach sa Chód sin.

Riail 4 — Foirceannadh théarma oifige na gcomhaltaí

1.

Rachaidh téarma oifige chomhaltaí an Choiste in éag ag deireadh an téarma cúig bliana a bheidh leagtha síos ag an gComhairle tráth athnuachan an Choiste.

2.

Féadfar freisin téarma oifige comhalta de chuid an Choiste a fhoirceannadh go hurghnách i gcás comhalta éirí as oifig, a chur as oifig, bás a fháil nó i gcás cúinsí gan choinne nó de thoradh neamh-chomhoiriúnacht a bhaineann le feidhmeanna a bheith ann nó i gcás dhíbirt an chomhalta.

3.

Comhalta atá ag éirí as oifig, cuirfidh sé nó sí litir chuig Uachtarán an Choiste.

I gcás comhalta atá ag éirí as oifig, cé is moite de na cásanna dá bhforáiltear i mír 8 den Riail seo:

fanfaidh sé nó sí in oifig go dtí an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht le ceapachán an chomhalta ionaid, mura dtabharfaidh an comhalta atá ag éirí as oifig a mhalairt le fios; agus

féadfaidh sé nó sí a iarraidh nó a hiarraidh chun éirí as oifig a tharraingt siar go dtí go gcuirfear ar aghaidh chuig an gComhairle í i gcomhréir le mír 9 den Riail seo.

4.

Leagtar síos na coinníollacha ar a ndéanfar comhalta a chur as oifig i Riail 93(2) de na Rialacha Nós Imeachta seo.

5.

Beidh cúinsí gan choinne ann i gcás nach bhfuil comhalta den Choiste in ann, ar chúiseanna leighis nó ar chúiseanna eile, na feidhmeanna a ghabhann lena phost nó lena post a fheidhmiú ar feadh tréimhse níos faide ná dhá mhí dhéag.

6.

Beidh neamh-chomhoiriúnacht a bhaineann le feidhmeanna ann i gcás comhalta den Choiste atá ceaptha nó tofa mar chomhalta rialtais nó parlaiminte, leas-aire a bhfuil freagrachtaí polaitiúla air nó uirthi, comhalta institiúide nó comhlachta de chuid an Aontais Eorpaigh, nó a fhaigheann post oifigigh nó seirbhísigh eile de chuid an Aontais atá i bhfostaíocht ghníomhach.

7.

Tá na coinníollacha ar a ndíbreofar comhalta leagtha síos in Airteagal 14(3) agus Airteagal 16 den Chód Iompair.

8.

I gcás comhalta a chur as oifig, i gcás cúinsí gan choinne nó de thoradh neamh-chomhoiriúnacht a bhaineann le feidhmeanna a bheith ann, beidh dualgas ar an gcomhalta éirí as oifig.

Mura dtugtar éirí as oifig an chomhalta le fios i gceann de na cásanna sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá Airteagal 14(3) agus Airteagal 16 den Chód Iompair a chur i bhfeidhm.

9.

I ngach cás urghnách a bhaineann le foirceannadh téarma oifige, tabharfaidh Uachtarán an Choiste fógra ina leith don Chomhairle le go bhféadfaidh sí an folúntas a fhíorú agus an nós imeachta a thionscnamh chun comhalta nua a cheapadh.

Déanfar an comhalta nua a cheapadh ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha.

TEIDEAL II

COMHLACHTAÍ AN CHOISTE

Caibidil I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 5 — Comhlachtaí feidhmiúcháin, foirmíochtaí agus leagan amach

1.

Is iad an tUachtarán agus an Biúró comhlachtaí feidhmiúcháin an Choiste.

2.

Oibreoidh an Coiste i bhfoirmíocht iomlán — seisiúin iomlánacha an Tionóil — nó i bhfoirmíocht laghdaithe — cruinnithe rannóga agus chomhlachtaí eile an Choiste.

Déanfaidh an rúnaíocht liosta de chomhlachtaí an Choiste a choimeád cothrom le dáta agus a fhoilsiú ar an inlíon.

3.

Beidh an Coiste roinnte i dtrí ghrúpa a leagtar amach a gcomhdhéanamh agus a ról i Riail 6.

Caibidil II

NA GRÚPAÍ

Riail 6 — Comhdhéanamh agus ról na ngrúpaí

1.

Le linn sheisiún tionscnaimh an Choiste, cuirfear ar bun trí ghrúpa de chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht faoi seach ar fhostóirí, ar oibrithe agus ar chodanna eile den tsochaí shibhialta eagraithe.

2.

Oibreoidh na grúpaí ar dhóigh dhaonlathach, thrédhearcach agus neamhspleách, i gcomhréir lena bprionsabail agus lena gcleachtas inmheánach agus leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

3.

Glacfaidh na comhaltaí, ar bhonn deonach, páirt i gceann de na grúpaí sin faoi réir a n-incháilitheacht a bheith formheasta ag comhaltaí an ghrúpa i gceist.

Ní fhéadfaidh comhalta a bheith páirteach i níos mó ná grúpa amháin ag an am céanna.

4.

Beidh na grúpaí rannpháirteach in ullmhú, eagrú agus comhordú obair an Choiste agus a chomhlachtaí.

Féachfaidh siad le teacht ar réiteach comhthola i gcomhar leis na grúpaí eile.

Cuirfidh siad tograí le chéile maidir le hoifigigh a thoghadh agus a cheapadh agus maidir le comhdhéanamh chomhlachtaí an Choiste i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

5.

Cuirfear rúnaíocht ar fáil do gach grúpa.

Riail 7 — Cathaoirligh na ngrúpaí

1.

Toghfaidh gach grúpa a chathaoirleach agus, más infheidhme, a leaschathaoirligh féin.

2.

Beidh cathaoirligh na ngrúpaí ina gcomhaltaí de Bhiúró an Choiste gan cheist.

3.

Cuirfidh cathaoirligh na ngrúpaí comhairle ar an Uachtaránacht agus ar an mBiúró i dtaca le beartais an Choiste a cheapadh.

4.

Tiocfaidh cathaoirligh na ngrúpaí agus Uachtaránacht an Choiste, i bhfoirm Uachtaránacht mhéadaithe, i gceann a chéile go rialta chun cuidiú a thabhairt obair an Bhiúró agus an Tionóil a ullmhú, i gcomhréir le Riail 20(3).

Riail 8 — Comhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa

1.

Is ar bhonn deonach a ghlactar páirt sna grúpaí agus é de rogha ag na comhaltaí gan aon pháirt a ghlacadh i ngrúpa.

2.

Na comhaltaí sin nach bhfuil páirteach i ngrúpa, ní bheidh siad faoi aon bhuntáiste ná míbhuntáiste mór i gcomparáid leis na comhaltaí atá páirteach i ngrúpa.

3.

Maidir le comhalta a bheith rannpháirteach in obair an Choiste, beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag comhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa agus atá ag comhaltaí atá páirteach i ngrúpa.

Na comhaltaí sin nach bhfuil páirteach i ngrúpa, beidh acu an tacaíocht ábhartha theicniúil a theastóidh uathu chun a ndualgais a chomhlíonadh.

Is í an Ardrúnaíocht a chuirfidh an tacaíocht sin ar fáil.

4.

Is é an Biúró a chinnfidh na rialacha mionsonraithe maidir le comhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa páirt a ghlacadh in obair an Choiste.

Is é an Biúró ar thogra ón Ardrúnaí a dhéanfaidh na rialacha mionsonraithe maidir le tacaíocht ábhartha a leagan síos.

5.

Maidir leis na comhaltaí sin nach bhfuil páirteach i ngrúpa páirt a ghlacadh i ngrúpaí staidéir, mar aon lena gceapadh mar rapóirtéirí, beidh sin faoi réir cinneadh ó Uachtarán an Choiste tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis na grúpaí.

6.

Le linn na ndíospóireachtaí sa seisiún iomlánach, is gá na comhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa a chur san áireamh sa leithdháileadh a dhéanfar ar an am labhartha.

7.

Ráthófar, i ngach cás, an ceart atá ag na comhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa faisnéis a rochtain.

Caibidil III

AN TIONÓL

Riail 9 — Comhdhéanamh an Tionóil

1.

Beidh an Tionól comhdhéanta de chomhaltaí uile an Choiste arna gceapadh ag an gComhairle, a thiocfaidh i gceann a chéile i seisiún iomlánach.

2.

Ní bheidh toscairí CCMI, na comhaltaí malartacha ná na comhairleoirí ina gcomhaltaí den Choiste agus ní ghlacfaidh siad páirt sa Tionól.

Riail 10 — Cumhachtaí an Tionóil

1.

Beidh ag an Tionól na cumhachtaí uile arna dtabhairt don Choiste leis na conarthaí agus leis na hionstraimí dlí eile.

Féadfaidh an Tionól, áfach, na cumhachtaí atá aige a thabhairt do chomhlacht eile de chuid an Choiste sna Rialacha Nós Imeachta, sa Chód Iompair nó i Reacht na gComhaltaí, i gcomhréir le forálacha na Rialacha Nós Imeachta seo.

Féadfaidh sé freisin na cumhachtaí atá aige a tharmligean go sainráite sna cásanna dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta seo.

2.

Beidh dlínse iarmharach ag an Tionól: is leis an Tionól gach cumhacht nach bhfuil tugtha do chomhlacht eile sna Rialacha Nós Imeachta, sa Chód Iompair nó i Reacht na gComhaltaí.

3.

Is é an Tionól a ghlacfaidh na tuairimí agus na gníomhartha eile a ullmhóidh an Coiste faoi chuimsiú an róil chomhairligh atá aige faoi na Conarthaí.

4.

Is é an Tionól a ghlacfaidh na Rialacha Nós Imeachta, an Cód Iompair agus Reacht na gComhaltaí.

5.

Is é an Tionól a chinnfidh líon na gcomhaltaí a bheidh sa Bhiúró i gcomhréir le forálacha na Rialacha Nós Imeachta.

Is é an Tionól a chinnfidh freisin, ar thogra ó na grúpaí, líon na rannóg a bheidh ann agus na cúraimí a bheidh orthu, agus líon na gcomhaltaí a bheidh i ngach rannóg agus in CCMI.

6.

Is é an Tionól a cheapfaidh Uachtarán agus Leas-Uachtaráin an Choiste, cathaoirligh na rannóg agus CCMI agus comhaltaí eile an Bhiúró, cé is moite de thrí chathaoirleach na ngrúpaí arb iad a ngrúpaí féin a thoghfaidh iad go díreach.

Is é a cheapfaidh freisin, ar thogra ó na grúpaí, comhaltaí na rannóg, comhaltaí agus toscairí CCMI agus comhaltaí a mbiúrónna, comhaltaí na bhfochoistí, na bhfaireachlann agus na dtoscaireachtaí, comhaltaí an Choiste Eitice, na caestóirí agus comhaltaí an Phainéil um na Rialacha Nós Imeachta.

7.

Ar achomharc a fháil, beidh ag an Tionól cumhacht athbhreithnithe maidir le cinntí áirithe de chuid an Bhiúró i gcomhréir le Riail 12(8).

8.

Na cumhachtaí a leagtar síos i mír 2 go mír 7 den Riail seo, ní dhéanfar iad a tharmligean chuig comhlacht eile ná a thabhairt do chomhlacht eile.

Caibidil IV

BIÚRÓ AN CHOISTE

Riail 11 — Comhdhéanamh an Bhiúró

Beidh an Biúró comhdhéanta díobh seo a leanas:

a)

Uachtarán an Choiste,

b)

dhá Leas-Uachtarán an Choiste;

c)

trí chathaoirleach na ngrúpaí arna dtoghadh i gcomhréir leis an dara fleasc de Riail 37(2)(a);

d)

cathaoirligh na rannóg agus CCMI; agus

e)

líon athraitheach comhaltaí, nach rachaidh thar líon na mBallstát.

Riail 12 — Cumhachtaí an Bhiúró

1.

Beidh freagracht pholaitiúil ar an mBiúró as bainistiú ginearálta an Choiste.

Áiritheoidh sé, go háirithe, go mbeidh gníomhaíochtaí an Choiste, a chomhlachtaí agus a bhall foirne ag teacht lena aidhmeanna institiúideacha.

2.

Is é an Biúró a chinnfidh cuspóirí, straitéisí agus tosaíochtaí an Choiste i ngach réimse.

Cinnfidh sé clár oibre an Choiste agus déanfaidh sé cur chun feidhme an chláir oibre sin a mheas.

Glacfaidh sé clár oibre an Choiste tar éis dul i gcomhairle leis an Uachtaránacht mhéadaithe.

3.

Feidhmeoidh an Biúró na cumhachtaí buiséadacha agus airgeadais dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (1)(an “Rialachán Airgeadais”) agus sna Rialacha Nós Imeachta seo.

4.

Déanfaidh an Biúró, go háirithe:

dualgais an oifigigh údarúcháin arna dtabhairt don Choiste i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais a chomhlíonadh. Tarmligfidh sé na cumhachtaí sin chuig an Ardrúnaí, i gcáil oifigeach údarúcháin trí tharmligean, trí raon feidhme na gcumhachtaí arna dtarmligean a thabhairt le fios agus trína chur in iúl cibé acu an féidir leis an Ardrúnaí na cumhachtaí sin a fho-tharmligean nó nach féidir;

na forálacha cur chun feidhme maidir le slánaíochtaí agus aisíocaíochtaí i leith speansais taistil agus chothaithe na gcomhaltaí, thoscairí CCMI, na gcomhaltaí malartacha agus na gcomhairleoirí, a chinneadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta buiséadacha agus airgeadais is infheidhme;

i gcomhréir leis na nósanna imeachta buiséadacha agus airgeadais is infheidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

an cúnamh a thugtar do chomhaltaí, toscairí CCMI, comhaltaí malartacha agus comhairleoirí atá faoi mhíchumas;

cómhaoiniú costas oiliúna, TF, teileachumarsáide agus trealaimh oifige arna dtabhú ag comhaltaí agus toscairí CCMI;

speansais siamsaíochta agus ionadaíochta arna dtabhú ag comhaltaí agus toscairí CCMI a íoc nó a aisíoc;

na gníomhaíochtaí atá i gcomhréir le forálacha Riail 13 a údarú.

5.

Beidh an Biúró freagrach as a áirithiú go mbainfidh sé úsáid mhaith as acmhainní daonna, buiséadacha agus teicniúla an Choiste.

Leagfaidh sé síos eagrú agus nósanna imeachta oibre inmheánacha an Choiste agus glacfaidh sé an chairt eagrúcháin ar thogra ón Ardrúnaí.

6.

Glacfaidh an Biúró Forálacha Cur Chun Feidhme na Rialacha Nós Imeachta tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí i gcomhréir le forálacha na Rialacha Nós Imeachta seo.

7.

Féadfaidh an Biúró grúpaí ad hoc a bhunú chun aon cheist a thagann faoina réimse inniúlachta a láimhseáil. Féadfaidh sé buanghrúpaí a bhunú freisin mar a fhoráiltear i Riail 35.

8.

Déanfaidh an Biúró an léirmhíniú ar na Rialacha Nós Imeachta agus ar na Forálacha Cur Chun Feidhme a shoiléiriú, arna iarraidh sin do chomhalta de chuid an Choiste nó don Ardrúnaí. Is ag an Tionól, áfach, a bheidh an chumhacht na Rialacha Nós Imeachta a léirmhíniú a fhad a bhaineann sé le sainphribhléidí an Bhiúró.

Féadfar achomharc a thabhairt os comhair an Tionóil i gcoinne cinntí léirmhínitheacha an Bhiúró i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i bhForálacha Cur Chun Feidhme na Rialacha Nós Imeachta.

Ní bheidh aon dul siar ar chinneadh an Tionóil.

9.

Gach sé mhí, ar bhonn tuarascáil arna tarraingt suas chun na críche sin, déanfaidh an Biúró scrúdú ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i leith thuairimí an Choiste.

10.

Déanfaidh an Biúró moltaí ó chomhlachtaí seachtracha rialaithe nó imscrúdaithe a mheas go tráthúil.

11.

Déanfaidh an Biúró a rialacha nós imeachta féin a leagan síos.

Riail 13 — Gníomhaíochtaí a údarú

Féadfaidh an Biúró gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach nó go hindíreach le feidhm chomhairliúcháin an Choiste a údarú trí chinntí de réir an cháis. Beidh feidhm aige seo go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

bunú, comhdhéanamh agus bainistiú fóram, ardán nó struchtúr eile comhairliúcháin théamaigh ag an gCoiste maille le cineál na rannpháirtíochta a bheidh ag an gCoiste sna struchtúir chomhairliúcháin arna gcur ar bun ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó sna struchtúir a nglacann na hinstitiúidí sin páirt iontu;

rannpháirtíocht na gcomhaltaí i struchtúir sheachtracha agus déanfar faireachán agus meastóireacht ar an rannpháirtíocht sin go rialta. Maidir le hionadaíocht na gcomhaltaí i struchtúir sheachtracha, beidh sí cothrom agus is ar bhonn rothlach a dhéanfar í;

ullmhú nó coimisiúnú staidéar agus a bhfoilsiú;

eagrú cuairteanna oibre agus imeachtaí lasmuigh den cheanncheathrú.

Riail 14 — Meastóireacht ar bheartais

1.

Is é an Biúró a údaróidh, i gcás inarb iomchuí, an mheastóireacht ar bheartais.

2.

Tuigfear gur meastóireacht ex post atá i gceist le “meastóireacht ar bheartais”, a bhaineann le beartais nó ionstraimí dlí de chuid an Aontais Eorpaigh atá á gcur chun feidhme cheana féin.

Beidh an mheastóireacht ex post cáilíochtúil agus spriocdhírithe.

Cuirfear an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil san áireamh sa mheastóireacht ar bheartais.

3.

Féadfar meastóireachtaí ar bheartais a bheith i bhfoirm tuairimí nó tuarascálacha meastóireachta mar a shainítear sna Rialacha Nós Imeachta seo:

más rud é gur iarr institiúid Eorpach go sainráite iad nó gur ar a thionscnamh féin a chinn an Coiste iad a ullmhú agus gurb é atá i gceist leo dearcthaí, measúnuithe agus iarrataí na sochaí sibhialta eagraithe faoin tionchar a bheidh ag beartais an Aontais, is i bhfoirm tuairimí a ghlacfar na meastóireachtaí ar bheartais;

más rud é gur iarr institiúid Eorpach go sainráite iad agus gurb é atá i gceist leo faisnéis fhíorasach mar aon le conclúidí agus moltaí a chur i láthair, is i bhfoirm tuarascálacha meastóireachta a ghlacfar na meastóireachtaí ar bheartais.

Riail 15 — Nósanna imeachta oibre Bhiúró an Choiste

1.

Is é Uachtarán an Choiste nó, i gcás nach mbeidh sé nó sí ar fáil, duine de na Leas-Uachtaráin, a bheidh i gceannas ar an mBiúró.

Tiocfaidh an Biúró le chéile i ngnáthsheisiún roimh sheisiúin an Tionóil agus i seisiún urghnách nuair is gá sin.

2.

Is é an tUachtarán a thionólfaidh cruinnithe an Bhiúró, ag gníomhú dó nó di ex officio nó arna iarraidh sin do dheich gcomhalta de chuid an Bhiúró.

3.

Déanfar miontuairiscí a tharraingt suas do chruinnithe uile an Bhiúró.

Cuirfear na miontuairiscí sin faoi bhráid an Bhiúró le go bhformheasfar iad sa chéad chruinniú eile.

4.

Féadfaidh an Biúró a chuid oibre a dhéanamh freisin de réir nós imeachta i scríbhinn.

Tá an nós imeachta i scríbhinn leagtha síos ag an mBiúró ina rialacha nós imeachta féin.

5.

Tráth athnuachan cúig bliana an Choiste, déanfaidh an Biúró atá ag dul as oifig an gnó reatha go dtí an chéad chruinniú den Choiste nua.

6.

Is é a thuigfear le gnó “reatha” an gnó sin nach mór a láimhseáil chun leanúnachas seirbhísí agus gnáthreáchtáil an Choiste a áirithiú le linn na tréimhse idir deireadh théarma oifige chomhaltaí an Choiste atá ag dul as oifig agus dul i mbun gnó an Choiste nua (“tréimhse eatramhach”), agus, mar shampla, go háirithe:

gnóthaí bainistíochta ó lá go lá nach mór a chur i gcrích agus nach gciallaíonn go ndéantar cinntí nua a chuirfeadh ceangal buan ar an gCoiste;

gnóthaí atá idir lámha a bhfuil cinneadh déanta ina leith cheana agus a bhfuiltear go mór chun cinn sa phróiseas maidir lena gcur i gcrích agus ar cheart an toradh a bheidh orthu a bhainistiú;

gnóthaí práinneacha a bhfágfadh moill ina réiteach go ndéanfaí dochar don Choiste. Sa chás sin, d’fhéadfadh an Biúró cumhacht a tharmligean go heisiach chuig comhalta a ndearnadh athnuachan ar a shainordú nó a sainordú le go bhféadfadh sé nó sí leanúint de ghníomhaíochtaí sonracha áirithe le linn na “tréimhse eatramhaí”.

Riail 16 — Treoracha chun críocha an chomhair sheachtraigh nó idirinstitiúidigh

1.

Féadfaidh an Biúró treoir a thabhairt d’Uachtarán an Choiste comhaontuithe comhair a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích le hinstitiúidí agus le comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh nó le comhlachtaí nó eagraíochtaí seachtracha.

2.

Féadfaidh an Biúró treoir a thabhairt freisin don Ardrúnaí nó do stiúrthóir de chuid an Choiste chun comhaontuithe ar comhaontuithe riaracháin amháin iad a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh nó le comhlachtaí nó eagraíochtaí seachtracha. Féadfaidh sé na cumhachtaí sin a tharmligean chucu freisin.

3.

Leagfar síos leis na treoracha agus an tarmligean cumhachta sin raon feidhme agus teorainneacha na dtreoracha agus saineofar an nós imeachta maidir leis na comhaontuithe sin a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích thar ceann an Choiste.

Riail 17 — An Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha (CAF)

1.

Cuirfear Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha ar bun a bheidh comhdhéanta de dhá chomhalta dhéag: cathaoirleach a bheidh ar dhuine de bheirt Leas-Uachtarán an Choiste agus aon chomhalta dhéag, arna gceapadh ag an mBiúró, ar thogra ó na grúpaí.

2.

Beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an gCoimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha:

a)

déanfaidh an tArdrúnaí na dréachtmheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin a chur faoina bhráid. Déanfaidh sé an dréacht a scrúdú, a phlé leis an Ardrúnaí agus cuirfidh sé é, maille lena bharúlacha agus a thograí le haghaidh leasuithe, faoi bhráid an Bhiúró lena fhormheas.

b)

dréachtchinntí an Bhiúró de chineál airgeadais agus buiséadach nó de chineál eagrúcháin, má bhíonn tionchar airgeadais agus buiséadach acu, a ullmhú.

c)

ról comhairleach a ghlacadh i leith an Bhiúró maidir leis na hábhair seo a leanas:

aon ábhar tábhachtach a d’fhéadfadh bainistiú fónta leithreasuithe a chur i gcontúirt nó baint amach na gcuspóirí socraithe a chosc, go háirithe i dtaca le húsáid leithreasuithe a thuar;

cur chun feidhme an bhuiséid reatha, aistriú leithreasuithe, impleachtaí buiséadacha an phlean bunaíochta, leithreasuithe riaracháin agus oibríochtaí a bhaineann le tionscadail tógála. Déanfaidh sé, go háirithe, measúnú a chur ar fáil ar an staid mar atá agus céimeanna a mholadh le glacadh amach anseo;

an próiseas urscaoilte, i ndlúthchomhar leis an Ardrúnaí agus le rapóirtéir Pharlaimint na hEorpa.

3.

Féadfaidh an Biúró cumhachtaí eile a tharmligean chuig an gCoimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha.

4.

Cuirfidh an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha dréacht dá Rialacha Nós Imeachta féin faoi bhráid an Bhiúró lena bhformheas.

5.

Cuirfidh an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí faoi bhráid ghnáthchruinnithe an Bhiúró.

6.

Beidh cathaoirleach an Choimisiúin um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha ina ionadaí nó ina hionadaí don Choiste maidir le húdaráis bhuiséadacha an Aontais Eorpaigh agus tabharfaidh sé nó sí tuarascáil orthu don Bhiúró.

Riail 18 — An Coimisiún Cumarsáide (COCOM)

1.

Bunófar Coimisiún Cumarsáide ar a mbeidh dhá chomhalta dhéag: cathaoirleach a bheidh ar dhuine de bheirt Leas-Uachtarán an Choiste agus aon chomhalta dhéag, arna gceapadh ag an mBiúró, ar thogra ó na grúpaí.

2.

Beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an gCoimisiún Cumarsáide:

a)

Is é a bheidh freagrach as treoir a thabhairt maidir le straitéis chumarsáide an Choiste agus as faireachán a dhéanamh uirthi.

b)

Beidh dualgas air comhairle maidir le cumarsáid a thabhairt don Bhiúró agus d’Uachtarán an Choiste.

c)

Déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí na struchtúr atá freagrach as an gcumarsáid, as an gcaidreamh le lucht preasa agus na meáin agus as an gcultúr, agus áiritheoidh sé go mbeidh na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le straitéis agus cláir an Choiste.

3.

Cuirfidh an Coimisiún Cumarsáide dréacht dá Rialacha Nós Imeachta féin faoi bhráid an Bhiúró lena fhormheas.

4.

Cuirfidh an Coimisiún Cumarsáide tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí faoi bhráid ghnáthchruinnithe an Bhiúró.

Caibidil V

AN UACHTARÁNACHT

Riail 19 — Uachtarán an Choiste

1.

Déanfaidh an tUachtarán ionadaíocht ar an gCoiste.

Féadfaidh an tUachtarán an t-údarás ionadaíochta sin a tharmligean chuig Leas-Uachtarán nó, i gcás inar gá, chuig comhalta eile.

2.

Stiúrfaidh an tUachtarán obair an Choiste agus a chomhlachtaí inmheánacha i gcomhréir leis na Conarthaí, leis na hionstraimí dlí atá i bhfeidhm agus leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

3.

Comórfaidh Uachtarán an Choiste seisiúin an Tionóil, cruinnithe an Bhiúró agus cruinnithe na hUachtaránachta méadaithe agus déanfaidh sé nó sí cathaoirleacht orthu.

Beidh na cumhachtaí uile is gá ag an Uachtarán chun plé na gcomhlachtaí sin a stiúradh go cuí.

4.

Tabharfaidh an tUachtarán páirt ina ghníomhaíochtaí nó ina gníomhaíochtaí do na Leas-Uachtaráin ar bhonn buan; féadfaidh sé nó sí cúraimí sonracha nó freagrachtaí sonracha a thagann faoina chúram nó faoina cúram a tharmligean chucu.

Beidh na Leas-Uachtaráin freagrach dó nó di as an tarmligean sin.

5.

Tabharfaidh an tUachtarán tuairisc don Tionól maidir le gníomhaíochtaí agus bearta a rinneadh thar ceann an Choiste idir na seisiúin iomlánacha.

Féadfaidh díospóireacht a bheith ann i ndiaidh na dtuairiscí sin.

6.

Féadfaidh an tUachtarán cúraimí sonracha a chur de chúram ar an Ardrúnaí ar feadh tréimhse theoranta. Tabharfaidh an tArdrúnaí tuairisc orthu don Uachtarán.

7.

Maidir le ról an Choiste mar rialaitheoir sonraí pearsanta, is é Uachtarán an Choiste a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann ina leith sin.

Feidhmeoidh an tUachtarán, thar ceann an Choiste, na feidhmeanna agus na freagrachtaí a shanntar dó mar chomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh faoin reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Féadfaidh an tUachtarán an chumhacht sin a tharmligean chuig an Ardrúnaí.

8.

Tar éis a thofa nó a tofa, cuirfidh an tUachtarán an clár oibre le haghaidh an téarma oifige i láthair an Tionóil.

Ag deireadh a théarma oifige nó a téarma oifige, cuirfidh sé nó sí i láthair an Tionóil achoimre ar a bhfuil bainte amach aige nó aici.

Tar éis an dá chur i láthair sin, déanfar iad a phlé sa Tionól.

Riail 20 — An Uachtaránacht

1.

Beidh Uachtaránacht an Choiste comhdhéanta den Uachtarán agus den dá Leas-Uachtarán.

2.

Déanfaidh an dá Leas-Uachtarán faoi seach cathaoirleacht ar an gCoimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha agus ar an gCoimisiún Cumarsáide agus déanfaidh siad na cúraimí sin faoi údarás Uachtarán an Choiste.

3.

Tiocfaidh Uachtaránacht an Choiste le chéile le cathaoirligh na ngrúpaí i bhfoirm Uachtaránacht mhéadaithe chun obair an Bhiúró agus an Tionóil a ullmhú.

Féadfar cuireadh a thabhairt do chathaoirligh na rannóg páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin.

4.

Tiocfaidh Uachtaránacht an Choiste le chéile le cathaoirligh na ngrúpaí, cathaoirligh na rannóg agus cathaoirleach CCMI dhá uair sa bhliain ar a laghad maidir le clár oibre an Choiste a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme, agus, más iomchuí, cuirfidh sí tograí faoi bhráid an Bhiúró.

Riail 21 — An Uachtaránacht mhéadaithe

1.

Beidh an Uachtaránacht mhéadaithe comhdhéanta den Uachtaránacht agus de chathaoirligh na ngrúpaí.

2.

Is é ról na hUachtaránachta méadaithe:

a)

obair an Bhiúró agus an Tionóil a ullmhú agus a éascú;

b)

na cinntí is gá a dhéanamh i gcás srianta práinneacha ama a bheith ann nó in imthosca eisceachtúla a éascú;

c)

comhairle a chur ar an mBiúró agus beartais an Choiste á gceapadh;

d)

plé a chur ar bun nuair a bheidh coinbhleacht ann faoi mhéid grúpa staidéir a chinneadh nó faoina chuid gníomhaíochtaí;

e)

clár oibre an Tionóil a mholadh don Bhiúró;

f)

comhairle a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, maidir le ceapadh oifigeach agus fostú seirbhíseach eile, de réir mar a fhoráiltear sna Rialacha Nós Imeachta seo.

3.

Tiocfaidh an Uachtaránacht mhéadaithe le chéile chun obair an Bhiúró agus obair an Tionóil a ullmhú nó i gcásanna eile inar gá.

Tiocfaidh sí le chéile freisin le cathaoirligh na rannóg agus cathaoirleach CCMI dhá uair sa bhliain ar a laghad chun clár oibre an Choiste a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme, agus, más iomchuí, cuirfidh sí tograí faoi bhráid an Bhiúró.

Féadfar cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freastal ar chruinnithe na hUachtaránachta méadaithe de réir mar is iomchuí.

Caibidil VI

NA RANNÓGA

Riail 22 — Na rannóga a chur ar bun

1.

Eagrófar obair chomhairliúcháin an Choiste faoi chuimsiú rannóga téamacha, mura bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

2.

Bunóidh an Coiste a rannóga ag an seisiún tionscnaimh tar éis gach athnuachana cúig bliana.

Is é an Tionól a chuirfidh na rannóga ar bun sna réimsí a dtugann na Conarthaí inniúlacht ina leith don Choiste.

3.

Féadfar athscrúdú a dhéanamh ar liosta na rannóg agus a sainréimsí inniúlachta tráth a dhéanfar gach athnuachan cúig bliana.

Riail 23 — Comhaltaí na rannóg

1.

Is é an Tionól a chinnfidh líon chomhaltaí na rannóg.

2.

Is é an Tionól a cheapfaidh comhaltaí na rannóg, ar thograí ó na grúpaí. Mairfidh na ceapacháin sin go ceann dhá bhliain go leith agus beidh an tréimhse sin in-athnuaite.

3.

Cé is moite den Uachtarán, ní mór do gach comhalta den Choiste a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de rannóg amháin ar a laghad.

Ní fhéadfaidh aon chomhalta a bheith páirteach i níos mó ná dhá rannóg, ach amháin má thagann sé nó sí ó Bhallstát ar naonúr nó níos lú líon a chomhaltaí sa Choiste.

Ní fhéadfaidh aon chomhalta a bheith páirteach i níos mó ná trí rannóg.

4.

Déanfar an nós imeachta atá leagtha síos do cheapadh chomhaltaí na rannóige a leanúint freisin chun comhaltaí ionaid a cheapadh.

Ní gá don chomhalta ionaid teacht as an ngrúpa céanna ina bhfuil an comhalta ar cuireadh an comhalta ionaid ina áit nó ina háit.

Riail 24 — Cathaoirleachtaí agus biúrónna na rannóg

1.

Beidh biúrónna na rannóg, arna dtoghadh ar feadh dhá bhliain go leith, comhdhéanta de dhá chomhalta dhéag, lena n-áireofar cathaoirleach agus trí leaschathaoirleach.

2.

Is é an Tionól, ar thogra ó na grúpaí, a cheapfaidh comhaltaí bhiúrónna na rannóg.

Féadfar an cathaoirleach agus comhaltaí eile de bhiúrónna na rannóg a atoghadh.

3.

Déanfar cathaoirleacht na rannóg a rothlú idir na grúpaí faoi na coinníollacha seo a leanas:

déanfar cathaoirleacht leath na rannóg a rothlú idir na grúpaí ag tús an téarma oifige cúig bliana;

déanfar cathaoirleacht na leithe eile de na rannóga a rothlú idir na grúpaí gach dhá bhliain go leith, tráth na hathnuachana lár téarma;

ní fhéadfaidh an grúpa céanna cathaoirleacht rannóige a bheith acu ar feadh tréimhse is faide ná dhá théarma leantacha dhá bhliain go leith.

Riail 25 — Cúraimí na rannóg

1.

Beidh sé de chúram ar na rannóga dréacht-tuairimí a tharchuirfear chucu a ghlacadh.

2.

Féadfar a chur de chúram orthu freisin dréacht-tuarascálacha meastóireachta agus dréacht-tuarascálacha faisnéise a ghlacadh.

3.

Beidh rúnaíocht ag gach rannóg chun na cúraimí a shanntar di a chur i gcrích.

Caibidil VII

FOCHOISTÍ AGUS FAIREACHLANNA

Riail 26 — Fochoistí

1.

Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh an Tionól, ar thionscnamh ón mBiúró, fochoistí a chur ar bun chun dréacht-tuairimí maidir le ceisteanna cothrománacha de chineál ginearálta a leagan amach.

Cuirfear na dréachtaí i láthair an Bhiúró agus faoi bhráid an Tionóil lena bhformheas.

Ceapfaidh an Tionól comhaltaí na bhfochoistí ar thograí ó na grúpaí.

2.

Féadfaidh an Biúró fochoistí a bhunú freisin sna tréimhsí idir na seisiúin iomlánacha.

Féadfaidh sé a gcomhaltaí a cheapadh freisin, ar thogra ó na grúpaí.

Sa chás sin, beidh an cinneadh chun fochoiste a chur ar bun faoi réir deimhniú ina dhiaidh sin ón Tionól agus beidh ceapadh a chomhaltaí faoina réir sin freisin.

3.

I gcás ar bith, ní fhéadfar fochoiste a chur ar bun le haghaidh níos mó ná ábhar amháin.

Déanfar fochoiste a dhíscaoileadh a luaithe a dhéanfaidh an Tionól vótáil ar an dréacht-tuairim a bheidh ullmhaithe aige.

4.

I gcás ina dtagann saincheist faoi inniúlacht níos mó ná comhlacht amháin, beidh an fochoiste a bhunófar comhdhéanta de chomhaltaí ó na comhlachtaí lena mbaineann.

5.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha a bhaineann leis na rannóga maidir leis na fochoistí.

Riail 27 — Faireachlanna

1.

Féadfaidh an Coiste faireachlanna a chur ar bun i gcás inar gá, de bharr chineál, scála agus chastacht an ábhair i dtrácht, solúbthacht faoi leith a bheith ann maidir leis na modhanna oibre, na nósanna imeachta agus na hionstraimí atá le húsáid.

2.

Déanfar faireachlann a chur ar bun le cinneadh ón Tionól lena ndaingnítear, i gcás inarb iomchuí, cinneadh arna dhéanamh roimhe sin ag an mBiúró ar thogra ó ghrúpa nó ó rannóg.

3.

Saineofar sa chinneadh ón Tionól lena gcuirtear faireachlann ar bun an cuspóir atá léi, a struchtúr, a comhdhéanamh agus a saolré.

Féadfaidh an Tionól an cinneadh a chúlghairm nó a leasú ina dhiaidh sin, ar thogra ón mBiúró.

4.

Ceapfaidh an Tionól comhaltaí na bhfaireachlann ar thogra ó na grúpaí.

5.

Gan dochar do théarmaí tagartha na rannóg agus CCMI, féadfaidh faireachlann doiciméid faisnéise a tharraingt suas agus staidéir a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag ionstraimí dlí an Aontais Eorpaigh, nó ag easnamh na n-ionstraimí sin, ar a sainréimsí inniúlachta.

Má chinneann an Tionól amhlaidh, féadfar na doiciméid faisnéise agus na staidéir sin a sheoladh ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, nó chuig aon institiúid nó comhlacht eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

6.

Oibreoidh gach faireachlann faoi choimirce rannóige.

7.

Féadfaidh an Biúró rannóg a údarú chun ullmhú dréacht-tuairime a shannadh don fhaireachlann a bhfuil ceangal aici léi.

Cuirfear an dréacht-tuairim arna hullmhú ag an bhfaireachlann faoi bhráid na rannóige lena glacadh.

I gcás ina nglacfaidh an rannóg an dréacht-tuairim, is í an rannóg a chuirfidh faoi bhráid an Tionóil í lena glacadh.

Caibidil VIII

COIMISIÚIN CHOMHAIRLEACHA

Riail 28 — An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

1.

Cuirfidh an Coiste an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) ar bun laistigh de thrí mhí ó dháta athnuachana cúig bliana an Choiste, le linn seisiún iomlánach den Tionól.

2.

Is éard a bheidh in CCMI comhaltaí den Choiste agus toscairí ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla, agus ar eagraíochtaí sochaí sibhialta a bhfuil baint acu le hathruithe tionsclaíocha. Is é an Tionól, ar thogra ón mBiúró, a chinnfidh líon na gcomhaltaí agus na dtoscairí.

Tréimhse dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí CCMI. Tréimhse cúig bliana a bheidh ann i gcás thoscairí CCMI. Beidh na téarmaí oifige in-athnuaite sa dá chás sin.

3.

Is é an Tionól, ar thogra ó na grúpaí, a cheapfaidh na comhaltaí sin de chuid an Choiste a rachaidh isteach in CCMI.

4.

Is é an Tionól a cheapfaidh toscairí CCMI, ar thogra ón mBiúró, i gcomhréir leis na moltaí a rinne na grúpaí.

Cinnfidh gach grúpa, i gcomhréir lena rialacha inmheánacha, na moltaí maidir le toscairí a cheapadh.

5.

Beidh cathaoirleach CCMI ina chomhalta nó ina comhalta de Bhiúró an Choiste agus tabharfaidh sé nó sí tuairisc gach dhá bhliain go leith ar ghníomhaíochtaí an choimisiúin chomhairligh seo.

6.

Beidh na toscairí faoi réir na rialacha céanna maidir le slánaíochtaí agus speansais taistil agus chothaithe agus a bhaineann le comhaltaí den Choiste.

Ní fhéadfaidh toscairí CCMI comhaltaí malartacha a ainmniú do chruinnithe CCMI ná don obair ullmhúcháin.

7.

Beidh rúnaíocht ag CCMI.

Riail 29 — Coimisiúin chomhairleacha eile a chur ar bun

1.

Féadfaidh an Coiste coimisiúin chomhairleacha eile a chur ar bun más gá sin chun na cúraimí a chuirtear ar an gCoiste leis na Conarthaí nó le hionstraimí dlí eile a chur i gcrích.

Beidh na coimisiúin sin comhdhéanta de chomhaltaí den Choiste agus de thoscairí a bhaineann leis na réimsí sin de chuid na sochaí sibhialta is mian leis an gCoiste a bheith páirteach ina chuid oibre.

2.

Chun coimisiúin chomhairleacha nua a chruthú, ní mór údarú sainráite a fháil roimh ré ó údaráis bhuiséadacha an Aontais Eorpaigh.

3.

Déanfar na coimisiúin chomhairleacha a chur ar bun le cinneadh ón Tionól lena ndaingnítear cinneadh arna ghlacadh ag an mBiúró.

Saineofar sa chinneadh ón Tionól lena gcuirtear coimisiún comhairleach ar bun an cuspóir atá leis, a struchtúr, a chomhdhéanamh, agus a shaolré mar aon le haon choinníollacha a bhaineann le bheith i do thoscaire air.

Caibidil IX

IDIRPHLÉ LE hEAGRAÍOCHTAÍ EACNAMAÍOCHA AGUS SÓISIALTA SAN AONTAS EORPACH AGUS I dTRÍÚ TÍORTHA

Riail 30 — Caidreamh le heagraíochtaí seachtracha

1.

Féadfaidh an Coiste, ar thionscnamh ón mBiúró, caidreamh struchtúrtha a bheith aige leis na comhairlí eacnamaíocha agus sóisialta agus institiúidí dá samhail agus le heagraíochtaí sochaí sibhialta de chineál eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas Eorpach agus i dtríú tíortha.

2.

Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh sé gníomhaíochtaí atá dírithe ar bhunú comhairlí eacnamaíocha agus sóisialta nó institiúidí eile dá samhail a chur chun cinn i dtíortha atá ina n-éagmais go fóill.

Riail 31 — Toscaireachtaí agus comhchoistí comhairliúcháin

1.

Féadfaidh an Tionól, ar thogra ón mBiúró, toscaireachtaí a cheapadh chun caidreamh a chothú le codanna eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla na sochaí sibhialta eagraithe i stáit nó i gcomhlachais de stáit atá lasmuigh den Aontas Eorpach.

2.

Is i bhfoirm comhchoistí comhairliúcháin a dhéanfar an comhar idir an Coiste agus comhpháirtithe de chuid na sochaí sibhialta eagraithe sna tíortha is iarrthóirí ach na comhchoistí sin a bheith curtha ar bun ag na Comhairlí Comhlachais.

Ina éagmais sin, is sna grúpaí teagmhála a dhéanfar é.

Déanfaidh an Biúró, ar thogra ó na grúpaí, comhaltaí na gcomhchoistí comhairliúcháin agus na ngrúpaí teagmhála a cheapadh.

3.

Déanfaidh na comhchoistí comhairliúcháin agus na grúpaí teagmhála tuarascálacha faisnéise agus dearbhuithe comhpháirteacha a tharraingt suas a fhéadfaidh an Coiste a sheoladh ar aghaidh chuig na hinstitiúidí ábhartha agus chuig na gníomhaithe lena mbaineann.

Caibidil X

COMHLACHTAÍ EILE

Riail 32 — Grúpa na gCaestóirí

1.

Ar thogra ón mBiúró, déanfaidh an Tionól trí chomhalta den Choiste a thoghadh do gach tréimhse dhá bhliain go leith mar Ghrúpa na gCaestóirí.

2.

Ní ceadmhach do chaestóir a bheith ina chomhalta nó ina comhalta freisin de na comhlachtaí seo a leanas:

Biúró an Choiste;

an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha (CAF);

an Coiste Eitice; agus

an Coiste Iniúchóireachta.

3.

Beidh na cúraimí seo a leanas ar na caestóirí:

a)

cur chun feidhme cuí Reacht na gComhaltaí a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin;

b)

tograí a tharraingt suas chun feabhas a chur ar Reacht na gComhaltaí agus é a thabhairt chun foirfeachta;

c)

iarracht a dhéanamh, trí bhearta cuí, réiteach a fháil ar aon chásanna amhrais nó díospóide a d’éireodh as Reacht na gComhaltaí a chur i bhfeidhm;

d)

caidreamh idir comhaltaí an Choiste agus an Ardrúnaíocht a áirithiú a fhad a bhaineann le Reacht na gComhaltaí a chur chun feidhme.

Riail 33 — Coiste Eitice

1.

Ar thogra ón mBiúró, déanfaidh an Tionól, i gcomhréir le prionsabal na paireachta inscne, dhá chomhalta dhéag den Choiste, seisear lánchomhaltaí agus seisear comhaltaí cúltaca, a thoghadh do gach tréimhse dhá bhliain go leith mar Choiste Eitice.

Leagtar síos na rialacha mionsonraithe don toghchán sin in Airteagal 10 den Chód Iompair.

2.

Ní ceadmhach do chomhalta den Choiste Eitice a bheith ina chomhalta nó ina comhalta freisin de na comhlachtaí seo a leanas:

Biúró an Choiste;

Grúpa na gCaestóirí; agus

an Coiste Iniúchóireachta.

3.

Ainmneoidh gach ceann de thrí ghrúpa an Choiste duine dá gcomhaltaí a fheidhmeoidh mar chathaoirleach ar an gCoiste Eitice ar feadh dhá bhliain go leith ar bhonn uainíochta.

Riail 34 — Coiste Iniúchóireachta

1.

Bunófar Coiste Iniúchóireachta chun comhairle i gcúrsaí iniúchóireachta a chur ar an mBiúró.

2.

Comhlíonfaidh an Coiste Iniúchóireachta na feidhmeanna a sannadh don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta Inmheánaí faoi Airteagal 123 den Rialachán Airgeadais.

Go háirithe, beidh an Coiste Iniúchóireachta freagrach as neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh a áirithiú, as faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na hoibre iniúchóireachta inmheánaí agus as a áirithiú go gcuirfidh seirbhísí an Choiste moltaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí san áireamh mar is cuí agus go ndéanfaidh siad obair leantach ina leith.

3.

Tabharfaidh an Coiste Iniúchóireachta tuarascáil ina leith don Bhiúró.

4.

Déanfaidh an Biúró cinneadh maidir le struchtúr, comhdhéanamh, cúraimí agus rialacha nós imeachta an Choiste Iniúchóireachta, agus a neamhspleáchas eagraíochtúil siúd agus an tábhacht a bhaineann le comhairle neamhspleách a fháil ó shaineolaithe á gcur san áireamh.

5.

Déanfaidh an Biúró, ar thogra ó na grúpaí, comhaltaí an Choiste Iniúchóireachta a cheapadh.

Ainmneoidh gach ceann de thrí ghrúpa an Choiste duine dá gcomhaltaí a fheidhmeoidh mar chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta ar feadh dhá bhliain go leith ar bhonn uainíochta.

6.

Ní fhéadfaidh comhaltaí an Choiste Iniúchóireachta a bheith ina gcomhaltaí freisin de na comhlachtaí seo a leanas:

Biúró an Choiste;

an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha (CAF);

Grúpa na gCaestóirí; agus

an Coiste Eitice.

7.

Glacfaidh an Coiste Iniúchóireachta dréacht-chairt an iniúchóra inmheánaigh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha maidir le hiniúchtaí inmheánacha agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhiúró í lena glacadh.

Riail 35 — Buanghrúpaí

1.

Féadfaidh an Coiste buanghrúpaí a bhunú i gcás ina n-éilíonn an cineál ábhair a gcaithfear déileáil leis go ndéanfaí dianfhaireachán ar leith ar an ábhar, ar cuid é de bheartas Eorpach atá an-tábhachtach don tsochaí shibhialta.

2.

Cuirfear buanghrúpa ar bun le cinneadh ón mBiúró, ar thogra ó ghrúpa nó ó rannóg.

3.

Saineofar sa chinneadh ón mBiúró lena gcuirtear buanghrúpa ar bun an cuspóir atá leis, a struchtúr, a chomhdhéanamh agus a shaolré. Ní fhéadfaidh tréimhse an bhuanghrúpa dul thar dheireadh an tsainordaithe reatha.

4.

Is é an Biúró, ar thogra ó na grúpaí, a cheapfaidh comhaltaí na mbuanghrúpaí.

5.

Oibreoidh gach buanghrúpa faoi choimirce rannóige.

Caibidil XI

CATAGÓIRÍ

Riail 36 — Catagóirí

1.

Féadfaidh comhaltaí an Choiste teacht le chéile, ar bhonn deonach, i bhfoirm catagóirí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla na sochaí sibhialta eagraithe san Aontas Eorpach.

2.

Beidh deich gcomhalta ar a laghad i gcatagóir.

I gcás coinbhleacht maidir le hincháilitheacht an chomhalta, déanfaidh an Biúró cinneadh tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí na catagóire.

Ní fhéadfaidh aon chomhalta den Choiste a bheith páirteach i níos mó ná catagóir amháin ag an am céanna.

3.

Beidh bunú catagóire faoi réir formheas a fháil ón mBiúró agus cuirfidh sé an Tionól ar an eolas faoi.

4.

Sa chinneadh ón mBiúró lena bhformheastar bunú catagóire saineofar an cuspóir atá léi, a struchtúr, a comhdhéanamh, a saolré agus a rialacha nós imeachta.

Féadfaidh an Biúró an cinneadh seo a leasú nó a chúlghairm ina dhiaidh sin.

CUID A DÓ

NÓSANNA IMEACHTA

TEIDEAL I

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DUL I mBUN OIFIGE AN CHOISTE AGUS NÓSANNA IMEACHTA TOGHCHÁIN AGUS CEAPACHÁIN

Caibidil I

NÓS IMEACHTA MAIDIR LE DUL I mBUN OIFIGE AN CHOISTE

Riail 37 — An chéad seisiún den Tionól agus dul i mbun oifige an Choiste

1.

Sa chéad seisiún den Tionól tar éis gach athnuachana cúig bliana, is ar dhul i mbun oifige an Choiste a dhíreofar.

Is é an comhalta is sine a thionólfaidh é agus a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach air, tráth nach déanaí ná 40 lá féilire tar éis dháta an chinnidh ón gComhairle lenar ceapadh comhaltaí an Choiste, ar choinníoll gurbh í an Chomhairle a cheap leath de na comhaltaí.

I gcás nach gceapfar comhaltaí uile an Choiste leis an gcinneadh céanna ón gComhairle, beidh feidhm ag an sprioc-am réamhráite ó dháta an chinnidh lenar ceapadh an tromlach de chomhaltaí an Choiste.

ms

2.

Le linn an tseisiúin tionscnaimh, déanfar na bearta seo a leanas:

a)

Bunú na ngrúpaí

Dearbhóidh comhaltaí an Choiste cén grúpa ar mian leo a bheith páirteach ann agus cuirfear na trí ghrúpa ar bun.

Imeoidh gach grúpa i leataobh agus toghfaidh siad cathaoirleach, agus i gcás inarb iomchuí, leaschathaoirligh, le linn cruinniú a bhainfidh go sonrach le comhaltaí an ghrúpa sin.

Cuirfear in iúl don Tionól ainmneacha thrí chathaoirleach na ngrúpaí.

b)

Bunú na rannóg

Cinnfidh an Tionól líon agus réimsí inniúlachta na rannóg.

Dearbhóidh comhaltaí an Choiste cé na rannóga ar mian leo a bheith páirteach iontu.

Ceapfaidh an Tionól comhaltaí na rannóg agus cuirfear na rannóga ar bun.

c)

Biúró an Choiste a chur ar bun

Is é an Tionól a chinnfidh líon na gcomhaltaí a bheidh sa Bhiúró.

Is é an Tionól a thoghfaidh comhaltaí an Bhiúró, cé is moite de chathaoirligh na ngrúpaí, go ceann dhá bhliain go leith ón dáta a rachaidh an Coiste in oifig i gcomhréir le forálacha na Rialacha Nós Imeachta seo.

d)

Comhaltaí a cheapadh chuig poist ardleibhéil eile laistigh den Choiste i gcomhréir le forálacha na Rialacha Nós Imeachta seo.

3.

Ní fhéadfar ach ábhair a bhaineann leis na bearta sin a phlé faoi chathaoirleacht an chomhalta is sine.

Riail 38 — Seisiún athnuachana meántéarma

1.

Leath bealaigh tríd an téarma cúig bliana, is é sin le rá, dhá bhliain go leith tar éis an dáta a rachaidh an Coiste in oifig, déanfar téarmaí oifige phoist ardleibhéil an Choiste a athnuachan.

2.

Is é Uachtarán an Choiste a bheidh ag dul as oifig a thionólfaidh an cruinniú den Tionól ag a dtoghfar nó ag a gceapfar na comhaltaí chuig na poist ardleibhéil dá dtagraítear sa mhír roimhe seo don tréimhse dheiridh dhá bhliain go leith den tréimhse cúig bliana.

3.

Tionólfar é ag tús sheisiún na míosa ina rachaidh téarma oifige an chéad Bhiúró in éag. Beidh an tUachtarán a bheidh ag dul as oifig sa chathaoir.

Caibidil II

Nósanna imeachta toghcháin agus ceapacháin

Roinn 1 — Nós imeachta maidir le comhaltaí an Bhiúró a thoghadh

Riail 39 — Painéal togcháin agus liostaí d’iarrthóirí do thoghadh chomhaltaí an Bhiúró

1.

Cuirfidh an Tionól painéal toghcháin ar bun as measc a chomhaltaí, ar a mbeidh ionadaíocht chothrom ag comhaltaí na dtrí ghrúpa, agus ar a mbeidh náisiúnach amháin ó gach Ballstát.

Ní sheasfaidh comhaltaí an phainéil toghcháin mar iarrthóirí i dtoghchán chun an Bhiúró.

2.

Beidh an painéal toghcháin freagrach as liosta nó liostaí iarrthóirí a fháil don Bhiúró, as grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na n-iarratas de réir mhír 6 den Riail seo, agus as liosta nó liostaí iarrthóirí a chur faoi bhráid an Tionóil chun an Biúró a thoghadh.

3.

Glacfaidh na grúpaí, a ndéanfaidh a gcathaoirleach ionadaíocht faoi seach orthu, páirt i gcaibidlíocht agus i ndréachtú togra le haghaidh chomhaltas an Bhiúró i bhfoirm liosta coiteann a chuirfear faoi bhráid an phainéil toghcháin.

4.

Féadfaidh cúig chomhalta is fiche ar a laghad liostaí iomlána malartacha de chomhaltaí a chur faoi bhráid an phainéil toghcháin freisin.

5.

Ar dtús, cuirfidh an painéal toghcháin faoi bhráid an Tionóil an liosta coiteann arna chur ar aghaidh ag na grúpaí le vótáil air. Cuirfidh sé na liostaí malartacha faoina bhráid freisin, i gcás inarb iomchuí.

6.

Le gur féidir vótáil orthu sa Tionól, ní mór gach liosta a bheith i gcomhréir le forálacha Riail 1(5) agus Riail 41 agus dearbhú ó gach iarrthóir a bheith ag gabháil leo maidir le glacadh a n-ainmniúcháin ina gcuirfear in iúl cén post is mian leo a bheith acu.

Riail 40 — Toghadh chomhaltaí an Bhiúró

Cuirfear an nós imeachta chun comhaltaí an Bhiúró a thoghadh i gcrích céim ar chéim, agus beidh níos mó ná ballóid amháin ann, más gá, san ord seo a leanas:

1.

Ag an gcéad chéim, déanfaidh an Coiste cinneadh maidir leis an liosta iomlán nó na liostaí iomlána de na hiarrthóirí don Bhiúró.

a)

Déanfar vótáil i dtosach báire ar an liosta coiteann arna thíolacadh ag na grúpaí.

Má vótálann corradh le dhá thrian de chomhaltaí an Choiste ina fhabhar, toghfar comhaltaí an Bhiúró.

b)

Mura bhfaighidh an liosta coiteann an tromlach is gá, vótálfar ar an liosta malartach nó na liostaí malartacha, i gcás inarb iomchuí, san ord a chinnfidh an painéal toghcháin.

Má vótálann corradh le dhá thrian de chomhaltaí an Choiste ina fhabhar nó ina bhfabhar, toghfar comhaltaí an Bhiúró.

c)

Mura bhfaighidh aon cheann de na liostaí a cuireadh faoi bhráid an Tionóil an tromlach is gá, reáchtálfar an dara ballóid de réir an nós imeachta atá leagtha síos i bpointí a) agus b) thuas.

Sa chás sin, is é an tromlach a theastóidh ná níos mó ná leath de chomhaltaí an Choiste móide duine.

d)

Mura bhfaighidh aon cheann de na liostaí an tromlach nua is gá sa dara ballóid, cuirfear an suí ar fionraí agus cuirfear ar athló é go dtí am eile.

Nuair a chuirfear tús athuair leis an gcruinniú, tionólfar an tríú ballóid de réir an nós imeachta atá leagtha síos i bpointí a) agus b) thuas.

Sa chás sin, is é an tromlach a theastóidh ná níos mó ná leath de na comhaltaí nó na comhaltaí ionaid a bheidh i láthair.

2.

A luaithe a ghlacfaidh an Tionól an liosta de chomhaltaí an Bhiúró, cuirfear tús leis an dara céim agus toghfaidh an Tionól comhaltaí chuig na poist ar an mBiúró, cé is moite de na poist mar chathaoirligh na ngrúpaí, trí bhallóidí comhleanúnacha, más gá sin, faoi na coinníollacha seo a leanas:

a)

Ní fhéadfar ach na comhaltaí sin den Bhiúró atá ar an liosta a ghlac an Tionól roimhe sin a thoghadh.

b)

Déanfar an vótáil san ord seo a leanas:

i.

toghadh Uachtarán an Choiste;

ii.

toghadh dhá Leas-Uachtarán an Choiste;

iii.

toghadh chathaoirligh na rannóg;

iv.

toghadh chathaoirleach CCMI.

c)

Bainfear tromlach amach má vótálann níos mó ná leath de na comhaltaí nó na comhaltaí ionaid a bheidh i láthair i bhfabhar an iarrthóra.

d)

Mura mbainfidh aon duine de na hiarrthóirí an tromlach is gá amach, reáchtálfar an dara vóta, ach is idir an dá iarrthóir is mó a fuair na vótaí sa chéad bhallóid, agus eatarthu sin amháin, a dhéanfar an vótáil sin.

Is é an t-iarrthóir a gheobhaidh an líon is airde vótaí sa dara vóta a cheapfar.

Riail 41 — Coinníollacha maidir le comhaltaí an Bhiúró a thoghadh

Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh agus comhaltaí an Bhiúró á dtoghadh; mura mbeifear dá réir, measfar go bhfuil an toghchán gan bhail:

1.

Caithfidh comhdhéanamh an Bhiúró a bheith i gcomhréir le forálacha Riail 1(5) agus caithfidh sé an chothromaíocht fhoriomlán idir na grúpaí agus an chothromaíocht gheografach a léiriú, le náisiúnach amháin ar a laghad agus trí náisiúnach ar a mhéad ó gach Ballstát ina gcomhaltaí de.

2.

Do gach téarma dhá bhliain go leith, toghfar Uachtarán an Choiste as measc chomhaltaí na dtrí ghrúpa ar a seal.

3.

Bainfidh an dá Leas-Uachtarán le grúpaí éagsúla agus toghfar iad as measc chomhaltaí na ngrúpaí nach mbaineann Uachtarán an Choiste leo.

4.

Ní dhéanfar Uachtarán agus Leas-Uachtaráin an Choiste a atoghadh.

5.

Le linn an dá bhliain go leith tar éis a théarma oifige nó a téarma oifige dul in éag, ní bheidh an tUachtarán ina chomhalta nó ina comhalta den Bhiúró mar Leas-Uachtarán an Choiste, ná mar chathaoirleach ar ghrúpa, ar rannóg nó ar CCMI.

Riail 42 — Comhalta a chur in ionad comhalta de chuid an Bhiúró

1.

Más rud é gurb infheidhme ceann de na cásanna dá bhforáiltear i Riail 4(2) maidir le comhalta den Bhiúró, déanfar duine eile a chur ina ionad nó ina hionad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Riail 41 ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige.

2.

Beidh an t-ionadú faoi réir vótáil a dhéanfaidh an Tionól ar bhonn togra ón ngrúpa lena mbaineann an comhalta atá á ionadú nó á hionadú. Mura mbaineann an comhalta sin le ceann de na grúpaí, tarraingeoidh na grúpaí suas togra maidir leis an ionadú.

Bainfear tromlach amach má vótálann níos mó ná leath de na comhaltaí nó na comhaltaí ionaid a bheidh i láthair i bhfabhar an iarrthóra.

Mura bhfaighidh an t-iarrthóir arna mholadh nó arna moladh ag an ngrúpa lena mbaineann an tromlach is gá, molfaidh an grúpa iarrthóirí eile go dtí go gceapfar comhalta.

Roinn 2 — Nós imeachta maidir le comhaltaí a thoghadh chuig poist ardleibhéil eile

Riail 43 — Nós imeachta maidir leis an Tionól comhaltaí a thoghadh chuig poist ardleibhéil eile

1.

Ag an seisiún tionscnaimh, a luaithe a thoghfar comhaltaí an Bhiúró agus a shannfar na poist sa Bhiúró, toghfaidh an Tionól comhaltaí chuig na poist seo a leanas:

a)

na trí chomhalta dá bhfuil Grúpa na gCaestóirí comhdhéanta;

b)

na sé lánchomhalta agus na sé chomhalta cúltaca dá bhfuil an Coiste Eitice comhdhéanta;

c)

comhaltaí bhiúrónna na rannóg seachas a leaschathaoirligh.

2.

Leagfar amach i bhForálacha Cur Chun Feidhme na Rialacha Nós Imeachta an nós imeachta maidir le comhaltaí a thoghadh chuig na poist sin.

Riail 44 — Nós imeachta maidir le rapóirtéirí agus comhaltaí grúpa staidéir a cheapadh

Leagfar amach i Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta seo na critéir agus an nós imeachta maidir le rapóirtéirí agus comhaltaí grúpa staidéir a cheapadh.

Roinn 3 — Rannpháirtíocht na ngrúpaí i nósanna imeachta toghcháin agus ceapacháin

Riail 45 — Tograí na ngrúpaí

1.

Tarraingeoidh na grúpaí suas tograí chun comhaltaí an Bhiúró a thoghadh agus comhaltaí a cheapadh ar chomhlachtaí an Choiste, agus prionsabail an chomhionannais inscne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú, mar a shainítear le dlí an Aontais Eorpaigh.

2.

Agus an Riail seo á cur i bhfeidhm, féachfaidh na grúpaí le cothromaíocht a bhaint amach agus cuirfidh siad san áireamh scileanna agus saineolas na gcomhaltaí atá á gcur chun cinn acu lena dtoghadh nó lena gceapadh.

Cuirfidh siad san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí, gur ann do chomhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa.

TEIDEAL II

AN NÓS IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Riail 46 — Dualgais chomhairleacha a fheidhmiú

Déanfaidh an tUachtarán an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún.

Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh féin.

Comhlíonfaidh sé a dhualgais chomhairleacha trí thuairimí, tuarascálacha meastóireachta, tuarascálacha faisnéise nó rúin a tharraingt suas ar ábhair reatha.

Riail 47 — Tuairimí ón gCoiste

Is éard is tuairim ann an ionstraim dlí dá bhforáiltear sna Conarthaí don Choiste chun dearcadh na sochaí sibhialta eagraithe a chur in iúl.

Déanfar na tuairimí ón gCoiste a aicmiú sna trí chatagóir seo a leanas, i gcomhréir le forálacha Riail 53:

1.

Tuairimí de chatagóir A

Cuimsítear sa chatagóir seo tuairimí a eascraíonn as na nithe seo a leanas:

tarchuir éigeantacha nó roghnacha ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún maidir le hábhair a measann an Coiste gur tosaíochtaí iad;

gach iarraidh ar thústuairimí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún;

gach togra arna ghlacadh le haghaidh tuairimí féintionscnaimh.

Is grúpaí staidéir ar mhéideanna éagsúla (idir sé chomhalta agus ceithre chomhalta is fiche) agus a bhfuil na hacmhainní cuí acu a dhéanfaidh na tuairimí sin a láimhseáil.

2.

Tuairimí de chatagóir B

Cuimsítear sa chatagóir seo tuairimí a eascraíonn as tarchuir éigeantacha nó roghnacha de chineál práinneach nó a chumhdaíonn ábhair a bhfuil leas tánaisteach ag an gCoiste iontu.

Is rapóirtéir aonair nó rapóirtéir ginearálta a dhéanfaidh na tuairimí sin a láimhseáil ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta seo.

Féadfaidh an Biúró a chinneadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go ndéanfaidh grúpa dréachtaithe, ar a mbeidh trí chomhalta, tuairim de chatagóir B a láimhseáil (catagóir B +).

3.

Tuairimí de chatagóir C

Cuimsítear sa chatagóir seo tuairimí a eascraíonn as tarchuir éigeantacha nó roghnacha ar de chineál teicniúil amháin iad agus a meastar nach bhfuil gá le hidirghabháil ó rapóirtéir nó ó ghrúpa staidéir ina leith.

Déileálfar le tuairimí den chineál sin trí bhíthin tuairim chaighdeánach, a chuirfidh an Biúró faoi bhráid an Tionóil féin.

Ní cheapfar rapóirtéir ná ní dhéanfaidh aon rannóg scrúdú ar an tuairim mar chuid den nós imeachta seo; ní bheidh ann ach glacadh nó diúltú na tuairime caighdeánaí ag an Tionól.

Nuair a bheidh na tarchuir sin á bplé sa seisiún iomlánach, suífidh an Tionól ar dtús an bhfuil sé ar son nó in aghaidh an tarchur a láimhseáil de réir an nós imeachta thuasluaite, agus ansin, i gcás inarb iomchuí, vótáil lena léiriú an bhfuil sé ar son nó in aghaidh ghlacadh na tuairime caighdeánaí sin.

Riail 48 — Tuarascálacha meastóireachta

1.

Is éard atá i dtuarascáil mheastóireachta doiciméad de chuid an Choiste a bhfuil sé i gceist leis beartas an Aontais Eorpaigh a mheas i gcomhréir le Riail 14.

Ní mór d’institiúid Eorpach an tuarascáil a iarraidh.

2.

Is grúpa staidéir, ag obair dó i gcomhar le rapóirtéir, a tharraingeoidh suas an tuarascáil mheastóireachta.

3.

Cuirfear í, mar aon lena conclúidí agus moltaí agus, más gá, lena foscríbhinní, faoi bhráid na rannóige ábhartha nó CCMI lena glacadh. Le linn chruinniú na rannóige, beidh feidhm ag na forálacha maidir le leasuithe dá dtagraítear i Riail 60(1).

4.

Déanfaidh an rapóirtéir an tuarascáil arna glacadh ag an rannóg nó ag CCMI a thíolacadh don Tionól.

Tuarascáil mheastóireachta nach bhfuil i gcomhréir le forálacha mhír 1 den Riail seo, cuirfidh an Biúró ar ais chuig an rannóg nó CCMI í.

Féadfaidh na comhaltaí agus na grúpaí leasuithe ar thuarascáil mheastóireachta a chur síos ar a vótálfaidh an Tionól, ar choinníoll go mbeidh na leasuithe i gcomhréir le forálacha mhír 1 den Riail seo.

Vótálfaidh an Tionól ar an tuarascáil agus, i gcás inarb iomchuí, ar sheoladh an doiciméid chuig na hinstitiúidí Eorpacha eile.

5.

Ní fhoilseofar tuarascálacha meastóireachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach féadfar iad a chur ar aghaidh chuig na hinstitiúidí eile má chinneann an Tionól amhlaidh.

Riail 49 — Tuarascálacha faisnéise

1.

Is éard atá i dtuarascáil faisnéise doiciméad de chuid an Choiste a bhfuil sé i gceist leis scrúdú a dhéanamh ar cheist a bhaineann le beartais an Aontais Eorpaigh nó leis an bhforbairt a d’fhéadfadh teacht orthu, agus nach bhfuil ann ach faisnéis fhíorasach agus, b’fhéidir, achoimrí faisnéise gan aon mholtaí.

2.

Is grúpa staidéir, ag obair dó i gcomhar le rapóirtéir, a tharraingeoidh suas an dréacht-tuarascáil faisnéise.

3.

Cuirfear í, maille le haon achoimrí faisnéise agus foscríbhinní atá inti, faoi bhráid na rannóige ábhartha nó CCMI lena glacadh. Le linn chruinniú na rannóige, beidh feidhm ag na forálacha céanna maidir le leasuithe dá dtagraítear i Riail 60(1).

4.

Déanfaidh an rapóirtéir an tuarascáil arna glacadh ag an rannóg nó ag CCMI a thíolacadh don Tionól.

Tuarascáil faisnéise nach bhfuil i gcomhréir le forálacha mhír 1 den Riail seo, cuirfidh an Biúró ar ais chuig an rannóg nó CCMI í.

Vótálfaidh an Tionól ar an tuarascáil agus, i gcás inarb iomchuí, ar sheoladh an doiciméid chuig na hinstitiúidí Eorpacha eile.

5.

Ní fhoilseofar tuarascálacha faisnéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach féadfar iad a chur ar aghaidh chuig na hinstitiúidí eile má chinneann an Tionól amhlaidh.

6.

Féadfar tuarascáil faisnéise a úsáid mar bhonn chun tuairim féintionscnaimh a ullmhú.

Riail 50 — Rúin maidir le hábhair reatha

1.

Féadfaidh an Coiste rúin a eisiúint maidir le hábhair reatha.

2.

Ní mór d’Uachtarán an Choiste, cathaoirleach rannóige, cathaoirleach grúpa, nó cúig chomhalta is fiche ar a laghad de chomhaltaí an Choiste, an togra a shíniú.

Ní mór an dréachtrún a bheith san áireamh sa togra agus, i ngach cás inar féidir, é a chur faoi bhráid na rúnaíochta 48 uair an chloig roimh thús sheisiún an Tionóil.

3.

I ngach cás inar féidir, tabharfar tosaíocht do dhréachtrúin atá ar an gclár oibre don seisiún iomlánach.

Déanfar rúin maidir le hábhair reatha a phlé, déanfar vótáil orthu agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh an Tionól iad.

Caibidil II

An nós imeachta comhairliúcháin a thionscnamh

Riail 51 — Tús an nós imeachta trí tharchur ó na hinstitiúidí

1.

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste d’fhonn na tuairimí arna n-iarraidh sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí a tharraingt suas.

2.

Féadfaidh na hinstitiúidí sin dul i gcomhairle leis an gCoiste freisin i ngach cás inar cuí leo é. Féadfar a iarraidh air freisin tuarascálacha a ullmhú maidir le meastóireachtaí ar bheartais.

3.

Féadfaidh an institiúid, má mheasann sí gur gá sin, tréimhse ama a shocrú don Choiste chun a thuairim a thíolacadh.

Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

4.

Seolfar tarchuir ó na hinstitiúidí chuig Uachtarán an Choiste.

Déanfaidh an tUachtarán, i gcomhairle leis an mBiúró, obair an Choiste a eagrú, ag cur san áireamh na teorainneacha ama atá leagtha síos sa tarchur.

Riail 52 — Tús an nós imeachta ar thionscnamh an Choiste féin

1.

Féadfaidh an Coiste, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt i gcásanna inar cuí leis é.

2.

Ar thogra ón mBiúró, arna ghlacadh ag tromlach a chomhaltaí, féadfaidh an Tionól a chinneadh tuairim féintionscnaimh a eisiúint maidir le haon cheist a bhaineann leis an Aontas Eorpach, lena bheartais agus leis an bhforbairt a d’fhéadfadh teacht orthu.

3.

Féadfaidh an Tionól a chinneadh, ar thogra ón mBiúró, tuarascáil faisnéise a ullmhú d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar aon cheist a bhaineann le beartais an Aontais Eorpaigh agus leis an bhforbairt a d’fhéadfadh teacht orthu.

4.

Ar thogra ón Uachtarán, ó rannóg, ó ghrúpa nó ó chúig chomhalta is fiche ar a laghad, féadfaidh an Tionól cinneadh a dhéanamh rún a eisiúint maidir le hábhar reatha.

Caibidil III

Obair na rannóg

Roinn 1 — Obair na rannóg a ullmhú

Riail 53 — Rannóga a ainmniú agus tuairimí a leithdháileadh

1.

Nuair atá tuairim, tuarascáil mheastóireachta nó tuarascáil faisnéise le tarraingt suas, ainmneoidh Biúró an Choiste an rannóg a bheidh freagrach as an obair a ghabhann leis sin a ullmhú.

I gcás inar léir go dtagann an t-ábhar atá le breithniú faoi réim rannóg áirithe, ainmneoidh Uachtarán an Choiste an rannóg sin agus cuirfidh sé nó sí an cinneadh sin in iúl don Bhiúró.

Déanfaidh an Biúró, i gcás inarb iomchuí, an t-ainmniúchán a rinne Uachtarán an Choiste a dhaingniú ag an gcéad chruinniú eile dá chuid.

2.

Déanfaidh cathaoirligh na rannóg togra a thíolacadh chun tuairimí a leithdháileadh de réir na dtrí chatagóir dá dtagraítear i Riail 47.

Cuirfear an togra faoi bhráid an Bhiúró, a chinnfidh ord tosaíochta na dtuairimí agus déanfaidh sé iad a leithdháileadh de réir catagóire.

Is de réir catagóir tuairime a chinnfear an rapóirtéir aonair nó rapóirtéir a bheidh ag obair i gcomhar le grúpa staidéir a tharraingeoidh suas an tuairim.

3.

Tabharfaidh na rannóga léiriú sealadach ar mhéid an ghrúpa staidéir i gcás gach tuairime, tuarascála meastóireachta nó tuarascála faisnéise.

I gcás easaontas idir na rannóga, cuirfear an cheist faoi bhráid na hUachtaránachta méadaithe lena plé.

Cuirfear an leagan deiridh den togra faoi bhráid an Bhiúró le cinneadh a fháil ina leith.

4.

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh cathaoirligh na ngrúpaí a mholadh go n-athrófaí méid an ghrúpa staidéir tar éis chinneadh an Bhiúró ina leith.

Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, deimhneoidh an Biúró, i gcás inarb iomchuí, an togra nua agus cinnfidh sé méid deiridh an ghrúpa staidéir.

I gcás ina mbeidh gá le nós imeachta práinne chun na sprioc-amanna institiúideacha a chomhlíonadh, cuirfear na hathruithe in iúl do na rannóga ag an am céanna leis na hainmniúcháin agus féadfaidh na rannóga formheas an Bhiúró a iarraidh trí nós imeachta i scríbhinn.

Riail 54 — Obair ullmhúcháin na rannóg

Déanfar obair ullmhúcháin na rannóg faoi chuimsiú grúpa staidéir, i gcomhar le rapóirtéir.

Ar bhonn eisceachtúil, féadfar an obair sin a chur faoi chúram:

rapóirtéara, agus comhrapóirtéir nó dhá chomhrapóirtéir ag obair i gcomhar leis nó léi, nó faoi chúram dhá rapóirtéir nó trí rapóirtéir agus iad ag obair ar comhchéim i ngrúpa staidéir, nó

rapóirtéir aonair nó, más gá sin, i gcomhar le grúpa dréachtaithe.

Riail 55 — Grúpaí staidéir

1.

Féadfaidh na grúpaí staidéir a bheith éagsúil le chéile ó thaobh méide, idir sé chomhalta agus ceithre chomhalta is fiche.

Is éard is grúpa dréachtaithe ann grúpa staidéir ina bhfuil trí chomhalta.

2.

Is cathaoirligh na rannóg a cheapfaidh an rapóirtéir — agus, i gcás inarb iomchuí, na comhrapóirtéirí — maille le comhaltaí na ngrúpaí staidéir ar bhonn tograí arna gcomhaontú ag cathaoirligh na ngrúpaí.

3.

D’fhonn na grúpaí staidéir a chur ar bun go tapa, go háirithe i gcásanna práinneacha, trí chomhaontú idir thrí chathaoirleach na ngrúpaí maidir leis an togra le haghaidh cheapachán na rapóirtéirí, agus más iomchuí, na gcomhrapóirtéirí, agus maidir le comhdhéanamh na ngrúpaí staidéir agus dréachtaithe, féadfaidh cathaoirligh na rannóg na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go bhféadfar tús a chur leis an obair.

I gcásanna den sórt sin, beidh ar thrí chathaoirleach na ngrúpaí teacht ar chomhaontú i dtaobh an chinnidh ó chathaoirleach na rannóige maidir le ceapadh an rapóirtéara — agus, i gcás inarb iomchuí, na gcomhrapóirtéirí — agus maidir le ceapadh chomhaltaí an ghrúpa staidéir.

4.

A luaithe a cheapfar é nó í, déanfaidh an rapóirtéir — agus, i gcás inarb iomchuí, na comhrapóirtéirí — le cúnamh óna gcomhairleoirí na nithe seo a leanas: staidéar ar an gceist a tarchuireadh, na barúlacha a chuir comhaltaí an ghrúpa staidéir in iúl a chur san áireamh agus, ar an mbonn sin, an dréacht-tuairim a chuirfear chuig cathaoirleach na rannóige a tharraingt suas.

Ní dhéanfar aon vótáil ag cruinniú de ghrúpa staidéir.

5.

Ní fhéadfaidh na grúpaí staidéir a bheith ina struchtúir bhuana.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Biúró réamhúdarú a thabhairt dóibh chun a gcuid gníomhaíochtaí a shíneadh ar feadh tréimhse nach bhféadfaidh, in imthosca ar bith, a bheith níos faide ná deireadh an téarma oifige dhá bhliain go leith.

Riail 56 — Tuairimí forlíontacha

1.

I gcás inar mian le rannóg a ainmníodh chun tuairim a ullmhú barúlacha CCMI a chloisteáil nó i gcás inar mian le CCMI a bharúlacha féin maidir le tuairim a sannadh do rannóg áirithe a chur in iúl, féadfaidh an Biúró a údarú tuairim fhorlíontach a tharraingt suas nó barúlacha breise a chur in iúl maidir le ceann amháin nó níos mó de na saincheisteanna a chumhdaítear san iarraidh ar phríomhthuairim.

Féadfaidh an Biúró an cinneadh sin a dhéanamh freisin ar a thionscnamh féin.

2.

Cuirfidh Uachtarán an Choiste cathaoirleach CCMI ar an eolas maidir leis an gcinneadh agus maidir leis an teorainn ama chun obair na rannóige a thabhairt i gcrích. Cuirfear cathaoirleach na rannóige lena mbaineann ar an eolas freisin.

3.

Cuirfidh Uachtarán an Choiste comhaltaí an Choiste ar an eolas maidir leis an tarchur chuig CCMI agus maidir leis an dáta a mbeidh an t-ábhar ar chlár oibre an tseisiúin iomlánaigh.

4.

Déanfaidh an Biúró an obair a eagrú ar dhóigh go mbeidh CCMI in ann a thuairim fhorlíontach a ullmhú in am trátha ionas gur féidir leis an rannóg í a chur san áireamh.

5.

Is í an rannóg, agus í sin amháin, a bheidh freagrach as tuairisc a thabhairt don Tionól.

Mar sin féin, cuirfidh sí i gceangal leis an tuairim uaithi an tuairim fhorlíontach arna tarraingt suas ag CCMI.

Roinn 2 — Cruinnithe rannóige a reáchtáil

Riail 57 — Cruinnithe rannóige

1.

Is é cathaoirleach na rannóige a ullmhóidh cruinnithe na rannóige, i gcomhairle le biúró na rannóige, mura bhforáiltear a mhalairt sna Rialacha Nós Imeachta seo.

Is é cathaoirleach na rannóige a dhéanfaidh na cruinnithe a ghairm.

2.

Is é cathaoirleach na rannóige nó, má bhíonn seisean nó sise as láthair, is duine de leaschathaoirligh na rannóige, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar chruinnithe na rannóige.

3.

Déanfar miontuairiscí gonta de gach cruinniú rannóige, lena n-áirítear liosta na rannpháirtithe, a tharraingt suas. Cuirfear iad chuig an rannóg ansin lena bhformheas ag an gcéad chruinniú eile. Foilseofar na miontuairiscí sin ar shuíomh gréasáin CESE.

Riail 58 — Cruinnithe comhpháirteacha

Féadfaidh Uachtarán an Choiste, i gcomhaontú leis an mBiúró, rannóg a údarú chun cruinniú comhpháirteach a reáchtáil le rannóg eile, CCMI, coiste de chuid Pharlaimint na hEorpa nó le coimisiún de chuid Choiste na Réigiún.

Riail 59 — Córam rannóige

1.

Beidh córam ann ag cruinnithe rannóige má bhíonn níos mó ná leath de na lánchomhaltaí nó a gcomhaltaí ionaid siúd i láthair, mura bhforáiltear a mhalairt sna Rialacha Nós Imeachta seo.

2.

Mura mbeidh córam ann, déanfaidh an cathaoirleach an cruinniú a scor agus cruinniú eile a thionól a bheidh ar siúl tráth a mheasfaidh sé nó sí a bheith iomchuí i rith an lae chéanna; ag an gcruinniú eile sin beidh córam ann beag beann ar líon na gcomhaltaí nó na gcomhaltaí ionaid a bheidh i láthair.

Riail 60 — Tuairim ó rannóg

1.

I gcás na dréacht-tuairime arna cur faoi bhráid na rannóige ag an rapóirtéir nó, i gcás inarb iomchuí, ag an gcomhrapóirtéir, pléifidh an rannóg an dréacht sin.

Féadfar leasuithe ar an dréacht-tuairim a chur síos le linn chruinnithe na rannóige.

Vótálfaidh an rannóg ar an tuairim ón rannóg agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sí an tuairim sin.

2.

Is éard a bheidh i dtuairim ó rannóg an téacs atá glactha ag an rannóg.

Déanfar téacs na dtograí le haghaidh leasuithe ar diúltaíodh dóibh, mar aon le toradh na vótála orthu, a chur i gceangal leis an tuairim más rud é go raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar son an leasaithe.

Roinn 3 — Nósanna imeachta tar éis chruinnithe na rannóg

Riail 61 — Tuairim ó rannóg a chur faoi bhráid an Tionóil

1.

Seolfaidh cathaoirleach na rannóige an tuairim ón rannóg, lena n-áirítear na foscríbhinní a ghabhann léi, chuig an mBiúró, a chuirfidh faoi bhráid an Tionóil í chomh luath agus is féidir.

2.

Cuirfear na doiciméid sin ar fáil do chomhaltaí an Choiste in am trátha.

Riail 62 — Tuairim ó rannóg a athscrúdú

Féadfaidh Uachtarán an Choiste, i gcomhaontú leis an mBiúró nó leis an Tionól — ag brath ar an gcéim ag a bhfuil an nós imeachta — tuairim ó rannóg a tharchur ar ais chuig rannóg murar cloíodh leis an nós imeachta a leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta seo maidir le tuairimí a tharraingt suas, nó má mheastar gur gá tuilleadh staidéir a dhéanamh uirthi.

Caibidil IV

Obair an tionóil

Roinn 1 — Obair an Tionóil a ullmhú

Riail 63 — An seisiún iomlánach a ullmhú

1.

Tiocfaidh an Tionól i gceann a chéile i seisiún iomlánach chun tuairimí ón gCoiste, tuarascálacha meastóireachta, tuarascálacha faisnéise agus rúin ar ábhair reatha a ghlacadh.

2.

Ullmhóidh an tUachtarán na seisiúin i gcomhairle leis an mBiúró.

3.

Tiocfaidh an Biúró le chéile roimh gach seisiún agus, i gcás inarb iomchuí, le linn seisiúin, chun na himeachtaí a eagrú.

Riail 64 — An clár oibre a shocrú

1.

Déanfaidh an Biúró an dréachtchlár oibre don Tionól a tharraingt suas ar bhonn togra ón Uachtaránacht mhéadaithe.

2.

I gcás inar tíolacadh rún mímhuiníne i gcomhréir le Riail 92, beidh an rún sin i gcónaí ar an gcéad mhír ar an gclár oibre don chéad seisiún iomlánach eile.

3.

Tabharfar tosaíocht do dhréachtrúin atá ar an gclár oibre don seisiún iomlánach.

4.

Más rud é gur ghlac rannóg téacs agus gan ach faoi bhun cúig vóta caite ina aghaidh, féadfaidh an Biúró é a áireamh ar chlár oibre an Tionóil i dteannta na míreanna a bhfuil vóta le caitheamh ina leith gan plé a dhéanamh orthu.

5.

Féadfaidh an Biúró teorainn ama a shocrú le haghaidh an phlé ghinearálta a dhéanfar ar gach tuairim ag an seisiún.

6.

Cuirfidh Uachtarán an Choiste an dréachtchlár oibre chuig gach comhalta agus chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún cúig lá féilire dhéag ar a laghad roimh thús an tseisiúin ábhartha.

7.

Cuirfear na doiciméid is gá do phlé an Choiste ar fáil do na comhaltaí in am trátha roimh thús an tseisiúin.

Riail 65 — Leasuithe a chur síos

1.

Ar mhaithe le heagrú éifeachtúil imeachtaí an Tionóil, leagfaidh an Biúró síos na socruithe maidir le tograí le haghaidh leasuithe a chur síos.

2.

Is iad comhaltaí an Choiste agus na grúpaí, agus iad sin amháin, a fhéadfaidh leasuithe ar thuairimí, ar thuarascálacha meastóireachta agus ar thuarascálacha faisnéise ón gCoiste a chur síos.

3.

Ní mór tograí le haghaidh leasuithe a tharraingt suas i scríbhinn, ní mór do na togróirí iad a shíniú agus ní mór iad a thaisceadh leis an rúnaíocht roimh thús an tseisiúin ábhartha.

Mar sin féin, ceadóidh an Tionól go bhféadfar tograí le haghaidh leasuithe a chur síos go dtí meán lae roimh thús an tsuí ábhartha den seisiún ar choinníoll gur grúpa a thaisc na tograí sin nó gur shínigh cúig chomhalta is fiche ar a laghad iad.

4.

Ní mór na codanna den téacs a mbaineann na tograí le haghaidh leasuithe leo a shonrú sna tograí sin agus ní mór ráiteas gearr míniúcháin a chur leo.

5.

Dáilfear na leasuithe go léir ar na comhaltaí roimh thús an tseisiúin iomlánaigh nó, sa chás dá bhforáiltear sa dara habairt de mhír 3, roimh thús an tsuí.

Roinn 2 — Seisiúin iomlánacha a reáchtáil

Riail 66 — Oscailt an tseisiúin agus fíorú an chóraim

1.

Déanfaidh Uachtarán an Choiste suíonna an tseisiúin a oscailt, stiúrfaidh sé nó sí an plé agus áiritheoidh sé nó sí go gcomhlíonfar na Rialacha Nós Imeachta seo.

Beidh Leas-Uachtaráin an Choiste de chúnamh ag an Uachtarán.

2.

Má tá Uachtarán an Choiste as láthair, déanfaidh duine de na Leas-Uachtaráin ionadaíocht thar a cheann nó thar a ceann.

Má tá na Leas-Uachtaráin as láthair, is é an comhalta is sine den Bhiúró a dhéanfaidh ionadaíocht.

3.

Fíoróidh Uachtarán an Choiste an córam ag tús gach suí.

Beidh córam ann ag suíonna an tseisiúin má bhíonn níos mó ná leath de chomhaltaí an Tionóil nó a gcomhaltaí ionaid siúd i láthair.

4.

Mura mbeidh córam ann, déanfaidh an tUachtarán an suí a scor agus suí eile a thionól a bheidh ar siúl tráth a mheasfaidh sé nó sí a bheith iomchuí i rith an tseisiúin chéanna; ag an suí eile sin beidh córam ann beag beann ar líon na gcomhaltaí nó na gcomhaltaí ionaid a bheidh i láthair.

Riail 67 — An clár oibre a ghlacadh

1.

Cuirfear an dréachtchlár oibre faoi bhráid an Tionóil lena fhormheas ag tús gach seisiúin.

2.

Nuair a thíolacfar an clár oibre lena ghlacadh, fógróidh an tUachtarán, i gcás inarb iomchuí, aon mhír thráthúil a bheidh le plé.

3.

Féadfaidh an Tionól an dréachtchlár oibre a leasú chun scrúdú a dhéanamh ar dhréachtrúin arna dtíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Riail 50.

4.

I gcás ina mbeidh doiciméad curtha ag an mBiúró ar chlár oibre an Tionóil mar cheann de na míreanna a bhfuil vóta le caitheamh ina leith gan plé a dhéanamh orthu, déanfar é a phlé, ar a shon sin, más rud é:

go n-iarrfaidh cúig chomhalta is fiche ar a laghad amhlaidh;

go gcuirfear leasú síos lena phlé le linn an tseisiúin iomlánaigh; nó

go n-iarrfaidh an rannóg lena mbaineann go ndéanfar an doiciméad a phlé ag an seisiún iomlánach.

5.

A luaithe agus a ghlacfar an clár oibre, ní mór na míreanna a scrúdú le linn an tsuí sin a bhfuil sé beartaithe iad a scrúdú lena linn, agus san ord atá socraithe.

Riail 68 — Plé agus vótaí

1.

Bunóidh an Tionól a phlé ar obair na rannóige inniúla.

2.

Déanfaidh an Tionól a chinneadh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, mura bhforáiltear a mhalairt sna Rialacha Nós Imeachta seo.

3.

Beidh feidhm ag an nós imeachta vótála seo a leanas maidir le tuairimí, tuarascálacha meastóireachta agus tuarascálacha faisnéise ón gCoiste:

a)

déanfar vótáil ar dtús ar leasuithe ar an dréachtdoiciméad;

b)

nuair a bheifear tar éis vótáil ar na leasuithe, déanfar vótáil ar an doiciméad ina iomláine, cibé acu atá sé leasaithe nó nach bhfuil.

Riail 69 — Am labhartha

1.

Féadfaidh an tUachtarán, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó ar iarratas ó chomhalta, a iarraidh ar an Tionól, i gcásanna eisceachtúla, cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur leis an am labhartha nó le líon na gcainteoirí, maidir le suí a chur ar atráth nó maidir le plé a chríochnú.

2.

A luaithe a dhearbhófar go bhfuil an plé déanta, ní fhéadfaidh aon chomhalta labhairt ach amháin chun a vóta a mhíniú, rud a dhéanfar tar éis an vóta iomchuí a bheith glactha agus ní rachaidh sé nó sí thar an am labhartha arna leagan síos ag Uachtarán an Choiste.

3.

Féadfaidh comhalta, tráth ar bith, iarraidh labhairt, agus féadfar tosaíocht chuige sin a thabhairt dó nó di, le linn plé chun tairiscint nós imeachta a thíolacadh.

Riail 70 — Leasuithe a láimhseáil

1.

Bunóidh an Tionól a chuid oibre ar liosta leasuithe.

2.

Féadfaidh na rapóirtéirí leasuithe arna gcur síos ar a ndréacht-tuairim a bhfuil a nglacadh á mholadh acu a chur in iúl (moladh vótála).

Má ghlacann an rapóirtéir féin le leasú, ní mheasfar sin ina chúis le gan vótáil ar an leasú céanna.

3.

Déanfar leasuithe atá cosúil le chéile ó thaobh foirme agus inneachair a scrúdú in éineacht agus déileálfar leo ar bhealach comhsheasmhach.

4.

I gcás gach leasaithe, tabharfaidh an Tionól éisteacht do chomhaltaí a labhróidh ar son agus in aghaidh an leasaithe atá molta, i gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne. Beidh sé de cheart ag an rapóirtéir labhairt freisin más mian leis nó léi sin.

Má chinneann Uachtarán an Choiste an t-am labhartha a theorannú, beidh feidhm ag an teorannú maidir leis na rannpháirtithe uile go cothrom, i gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne.

5.

Má chuirtear teorainn i gcomhréir le forálacha Riail 69(1) le líon na gcainteoirí sa phlé ar dhoiciméad ar a vótálfaidh an Tionól, beidh ceart labhartha ag an líon céanna comhaltaí ar son agus in aghaidh na leasuithe, agus beidh sé de cheart ag an rapóirtéir a bheith ar an gcainteoir deireanach díobh.

6.

Nuair a dhéanfar scrúdú ar thogra le haghaidh leasú, féadfaidh an rapóirtéir tograí comhréitigh a chur i láthair, i scríbhinn más féidir sin, le toiliú an togróra.

Sa chás sin, is ar na tograí comhréitigh sin, agus orthu sin amháin, a vótálfaidh an Coiste.

7.

Beidh an vótáil ar leasuithe de réir ord an téacs dá dtagraíonn siad agus an oird tosaíochta seo a leanas:

leasuithe comhréitigh ar dtús;

ansin leasuithe an rapóirtéara; agus

ar deireadh, na leasuithe eile.

8.

Má dhéantar dhá leasú nó níos mó atá éagsúil go hiomlán le chéile a chur síos ar an gcuid chéanna de théacs, féadfaidh an tUachtarán, ar thogra ó na rannóga, a chinneadh go ndéanfar vótáil ar dtús ar an leasú is mó a imíonn ón téacs bunaidh.

9.

Sula ndéanfar an vótáil, fógróidh Uachtarán an Choiste cé acu a chuirfidh nó nach gcuirfidh glacadh leasaithe ceann amháin nó níos mó de na leasuithe eile ar neamhní, toisc go bhfuil na leasuithe éagsúil go hiomlán le chéile nuair a thagraíonn siad don sliocht céanna, nó toisc iad a bheith ag teacht salach ar a chéile.

Measfar go bhfuil leasú ar neamhní má tá sé ar neamhréir le vótáil roimhe sin ar an tuairim chéanna.

10.

Mura gcaithfear tromlach na vótaí deiridh ar son an téacs ina iomláine, féadfaidh an Tionól ceann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

a)

an doiciméad a tharchur ar ais chuig an rannóg inniúil lena athscrúdú i gcomhréir le Riail 62;

b)

rapóirtéir ginearálta a cheapadh, a chuirfidh dréacht-téacs nua faoi bhráid an Tionóil ag an seisiún céanna nó ag seisiún eile; nó

c)

éirí as an tuairim a ullmhú.

Sa chás deireanach sin, cuirfidh Uachtarán an Choiste an institiúid as ar tháinig an iarraidh ar an eolas faoin méid sin.

11.

Más rud é gur cuireadh comhleanúnachas an téacs deiridh i gcontúirt mar thoradh ar ghlacadh na leasuithe, féadfaidh Uachtarán an Choiste, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach na rannóige inniúla, leis an rapóirtéir agus le húdair na leasuithe lena mbaineann, a mholadh don Tionól go ndéileálfar leis na leasuithe ar shlí a áiritheoidh go mbeidh an téacs deiridh comhsheasmhach.

Vótálfaidh an Tionól ar an togra ó Uachtarán an Choiste.

Riail 71 — Frituairimí

1.

Measfar gur frituairim aon leasú nó sraith leasuithe arb é is aidhm dó nó dóibh seasamh a leagan amach atá éagsúil ar an mórgóir le tuairim atá tíolactha ag rannóg nó ag CCMI.

2.

Tá sé d’inniúlacht ag an mBiúró leasú amháin nó níos mó a ainmniú mar fhrituairim.

Féadfaidh aon ghrúpa iarraidh den sórt sin a chur faoi bhráid an Bhiúró.

Déanfaidh an Biúró a chinneadh tar éis dó éisteacht le barúlacha chathaoirligh na ngrúpaí, chathaoirleach na rannóige lena mbaineann agus chathaoirleach CCMI.

3.

Féadfaidh an Biúró a chinneadh, tar éis dó leasú amháin nó níos mó a ainmniú mar fhrituairim, an dréacht-tuairim mar aon leis an bhfrituairim a tharchur ar ais chuig an rannóg nó chuig CCMI lena hathscrúdú, ar choinníoll gur féidir sin a dhéanamh faoin teorainn ama le haghaidh tuairim a ghlacadh.

Má chinneann an Biúró gan í a tharchur ar ais, cuirfear an dréacht-tuairim, i gcás inar féidir, leis an gclár oibre don lá deireanach den seisiún iomlánach.

4.

I gcás nach ndearnadh leasú a thíolacadh in am d’fhonn is go mbeadh an Biúró in ann cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ainmneoidh sé ina fhrituairim é, is é an Tionól a ghlacfaidh an cinneadh sin, mar aon le haon chinneadh an t-ábhar a tharchur ar ais chuig an gcomhlacht lena mbaineann, ar thogra ón Uachtarán agus tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an chomhlachta lena mbaineann agus le húdair na frituairime.

5.

Mura measfaidh an Biúró gur frituairim é an téacs atá san iarraidh nó má mheasfar gurb ea ach nach ndéanfar an tuairim a tharchur ar ais chuig an gcomhlacht lena mbaineann, vótálfaidh an Tionól ar na leasuithe san iarraidh ar an dóigh chéanna is a vótálfaidís ar aon leasuithe eile.

6.

Má chaitear tromlach na vótaí sa suí iomlánach ar son na frituairime, glacfar í. Chun a chinneadh ar cheart an téacs bunaidh a chur i gceangal leis an tuairim a glacadh, caithfear vóta athuair. Cuirfear an téacs bunaidh i gceangal leis an téacs nua má bhíonn an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a shon.

7.

I gcás nach mbeidh an tromlach ar son na frituairime ach go mbeidh an ceathrú cuid, ar a laghad, de na vótaí arna gcaitheamh ar a son, cuirfear i gceangal leis an tuairim bhunaidh í.

Riail 72 — Miontuairiscí an tseisiúin iomlánaigh

1.

Déanfar miontuairiscí de gach seisiún iomlánach a tharraingt suas agus cuirfear iad faoi bhráid an Tionóil lena bhformheas ag an gcéad seisiún eile.

2.

Síneoidh Uachtarán agus Ardrúnaí an Choiste an leagan deiridh de na miontuairiscí sin.

Riail 73 — Clabhsúr a chur ar an seisiún iomlánach

Sula gcuirfear clabhsúr ar an seisiún iomlánach, fógróidh an tUachtarán ionad agus dáta an chéad seisiúin iomlánaigh eile.

I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé nó sí fógra faoi aon mhíreanna atá ar an gclár oibre cheana féin.

Roinn 3 — Nósanna imeachta tar éis seisiúin iomlánacha

Riail 74 — Inneachar na dtuairimí ón gCoiste arna seoladh chuig na hinstitiúidí

1.

Is éard a bheidh sna tuairimí ón gCoiste an bunús dlí atá leis an tuairim, ráiteas míniúcháin agus barúlacha an Choiste faoin gceist ina hiomláine.

Beidh cuid a bhaineann le substaint agus cuid a bhaineann le nósanna imeachta iontu.

2.

Déanfar toradh na vótála ar an tuairim ina hiomláine a leagan amach sa chuid den tuairim a bhaineann le nósanna imeachta.

I gcás ina ndéanfar vótáil le glaoch rolla, luafar ainmneacha na vótálaithe.

3.

I gcás ina ndiúltóidh an seisiún iomlánach do na leasuithe atá sa togra ach go mbeidh, ar a shon sin, an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son, déanfar téacs na leasuithe sin agus na ráitis mhíniúcháin, mar aon le toradh na vótála orthu, a chur i gceangal leis an tuairim.

Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le frituairimí.

4.

Na codanna sin de théacs na tuairime ó rannóg ar diúltaíodh dóibh toisc gur ghlac an Tionól leasuithe, déanfar iad a chur i gceangal freisin leis an tuairim ón gCoiste, mar aon le torthaí na vótála, ar choinníoll go mbeidh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí ar son na codanna sin den téacs a choinneáil.

5.

I gcás ina nglacfaidh ceann de na trí ghrúpa sa Choiste, nó ceann de na catagóirí leasanna eacnamaíocha agus sóisialta dá dtagraítear i Riail 36, seasamh éagsúil ach aonfhoirmeach maidir le hábhar a cuireadh faoi bhráid an Tionóil lena scrúdú, féadfaidh ceann díobh sin a chinneadh go ndéanfar achoimre ar a sheasamh nó a seasamh i ráiteas gearr atá le cur i gceangal leis an tuairim, ach an díospóireacht ar an ábhar sin a thabhairt chun críche le vótáil le glaoch rolla.

Riail 75 — Tuairimí a sheoladh chuig na hinstitiúidí

1.

Cuirfear na tuairimí a ghlacfaidh an Coiste agus miontuairiscí de sheisiúin iomlánacha an Tionóil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

2.

Féadfar na tuairimí a ghlacfaidh an Coiste a chur ar aghaidh chuig aon institiúid eile nó chuig aon eintiteas eile lena mbaineann.

Caibidil V

Forálacha coiteanna

Roinn 1 — Vótáil

Riail 76 — Vótáil

1.

Is iad na foirmeacha bailí vótála: “ar son”, “in aghaidh” agus “staonadh”.

2.

Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sna Rialacha seo, is trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh ar a son nó ina n-aghaidh a dhéanfar téacsanna agus cinntí an Choiste agus a chomhlachtaí a ghlacadh.

3.

Déanfar an vótáil le ballóid oscailte, le ballóid rúnda nó trí vótáil le glaoch rolla. Sa chás deireanach sin, déanfar na hainmneacha agus na vótaí a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

4.

Is trí vótáil le glaoch rolla a dhéanfar an vótáil ar rún, leasú, frituairim, tuairim nó aon téacs eile má iarrann an ceathrú cuid de na comhaltaí nó na comhaltaí ionaid a bheidh i láthair go ndéanfar amhlaidh.

5.

Is le ballóid rúnda a dhéanfar daoine a thoghadh i gcónaí chuig na róil ionadaíocha éagsúla.

Féadfar vótaí eile a chaitheamh le ballóid rúnda má iarrann tromlach na gcomhaltaí nó na gcomhaltaí ionaid a bheidh i láthair go ndéanfar amhlaidh.

6.

I gcás ina dtarlaíonn comhionannas vótaí (an líon céanna vótaí ar son agus in aghaidh) is ag cathaoirleach an chruinnithe a bheidh an vóta réitigh.

Roinn 2 — Rapóirtéirí

Riail 77 — Cúraimí an rapóirtéara

1.

Beidh sé de chúram ar an rapóirtéir an dréacht-tuairim, an dréacht-tuarascáil mheastóireachta nó an dréacht-tuarascáil faisnéise a tharraingt suas agus a áirithiú go gcuirfear gach cuid d’ionchur chomhaltaí an ghrúpa staidéir san áireamh inti.

Cuirfidh an rapóirtéir an téacs a bheidh tarraingthe suas aige nó aici i láthair an chomhlachta lena mbaineann.

Má ghlactar é, cuirfidh sé nó sí an téacs faoi bhráid an Tionóil.

2.

Beidh an rapóirtéir freagrach, le cuidiú óna chomhairleoir nó óna comhairleoir, más gá, as faireachán a dhéanamh ar an obair leantach a dhéanfar ar an tuairim tar éis a glactha sa seisiún iomlánach.

Beidh rúnaíocht na rannóige lena mbaineann de chúnamh aige nó aici sa chúram sin, agus cuirfear an rannóg ar an eolas faoi thorthaí an fhaireacháin sin.

3.

Má ghlacann an comhlacht lena mbaineann leasuithe lena n-athraítear substaint an téacs atá tarraingthe suas ag an rapóirtéir, féadfaidh an rapóirtéir a chur in iúl i scríbhinn d’Uachtarán nó do chathaoirleach an chomhlachta sin go bhfuil sé nó sí ag éirí as a chúraimí nó a cúraimí. Féadfaidh sé nó sí a iarraidh freisin go mbainfear a ainm nó a hainm den tuairim ag deireadh an nós imeachta.

Tar éis éirí as an ról sin, féadfaidh an comhlacht a cheap an rapóirtéir atá ag éirí as oifig rapóirtéir nua a cheapadh tar éis dul i gcomhairle leis na grúpaí.

Riail 78 — Rapóirtéir aonair

I gcás rapóirtéir aonair, oibreoidh sé nó sí ina aonar nó ina haonar, gan grúpa staidéir, chun dréacht-tuairim a ullmhú agus í a chur faoi bhráid na rannóige nó CCMI. I gcás inar gá sin, féadfaidh dhá chomhalta eile tacaíocht a thabhairt dó nó di, agus déanfaidh siad grúpa dréachtaithe a bhunú.

Riail 79 — Rapóirtéir ginearálta

1.

Ullmhóidh an rapóirtéir ginearálta an dréacht-tuairim ina aonar nó ina haonar, gan grúpa staidéir nó grúpa dréachtaithe, agus labhróidh sé nó sí os comhair an Tionóil, gan teacht os comhair na rannóige nó CCMI roimh ré.

2.

Ceann díobh seo a leanas a cheapfaidh rapóirtéir ginearálta:

an Tionól; nó

Uachtarán an Choiste, i gcásanna práinneacha.

Daingneoidh an Tionól an ceapachán a dhéanfaidh Uachtarán an Choiste sula bpléifear an dréacht-tuairim lena mbaineann.

3.

Ar gach slí eile, beidh na cúraimí agus na hoibleagáidí céanna ar rapóirtéirí ginearálta agus atá ar aon rapóirtéir eile.

Roinn 3 — Éisteachtaí

Riail 80 — Éisteachtaí

Má fhágann an tábhacht atá le ceist atá á plé go bhfuil údar maith léi, féadfaidh comhlachtaí agus aonaid oibre éagsúla an Choiste cuireadh a thabhairt d’aoichainteoirí ón taobh amuigh teacht i láthair os comhair éisteachta mar chuid den obair ullmhúcháin. Beidh na trí ghrúpa chomh rannpháirteach céanna in ullmhú na n-éisteachtaí.

Roinn 4 — Comhairleoirí

Riail 81 — Comhairleoirí

1.

I gcás inar gá sin, agus chun cuidiú le hobair áirithe a ullmhú, féadfaidh an Coiste comhairleoirí a cheapadh chun cúnamh a thabhairt do na rapóirtéirí nó do na grúpaí.

2.

Ní dhéanfaidh comhairleoirí ionadaíocht thar ceann an Choiste, ná ní bheidh siad údaraithe labhairt thar a cheann.

3.

Ní fhéadfar comhaltaí an Choiste a cheapadh ina gcomhairleoirí.

Féadfar a gcomhaltaí malartacha a cheapadh ina gcomhairleoirí, ach a dtéarma oifige mar chomhaltaí malartacha a chur ar fionraí go sealadach.

4.

Na comhairleoirí a bheidh páirteach san obair, beidh siad faoi réir na rialacha céanna atá leagtha síos do chomhaltaí an Choiste maidir le slánaíochtaí agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe.

5.

Aon tagairt a dhéanfar do rapóirtéirí i gcomhthéacs na Rialach seo, léirmhíneofar í mar thagairt freisin, mutatis mutandis, do chomhrapóirtéirí.

Riail 82 — Comhairleoirí na rapóirtéirí

1.

I gcás inar gá sin, féadfaidh rapóirtéirí ceapadh comhairleoirí a mholadh.

2.

Is iad cathaoirligh na rannóg a cheapfaidh na comhairleoirí sin, ar thogra ó na rapóirtéirí, chun cuidiú leis na rapóirtéirí doiciméid a bhaineann le hobair chomhairliúcháin an Choiste mar a leagtar amach i Riail 46 de na Rialacha Nós Imeachta seo a ullmhú.

3.

Féadfaidh comhairleoirí na rapóirtéirí, ar thogra ón rapóirtéir, freastal ar chruinnithe áirithe i gcás ina bhfuil sé riachtanach iad a bheith i láthair agus bonn cirt leis ó thaobh scrúdú a dhéanamh ar an doiciméad ar lena ullmhú a ceapadh iad.

Faoi na coinníollacha sin, féadfaidh siad freastal ar na cruinnithe seo a leanas:

cruinnithe de na grúpaí staidéir;

cruinnithe de na rannóga;

cruinnithe de CCMI;

cruinnithe de na fochoistí;

cruinnithe de na grúpaí ad hoc.

Féadfaidh siad freastal ar aon chruinniú ullmhúcháin amháin leis an rapóirtéir freisin.

Maidir le rannpháirtíocht i gcruinnithe eile, lena n-áirítear cruinnithe le hionadaithe ó institiúidí eile agus le geallsealbhóirí eile, is gá í a bheith údaraithe roimh ré ag cathaoirleach na rannóige.

4.

Féadfaidh comhairleoirí na rapóirtéirí freastal ar sheisiúin iomlánacha i gcásanna eisceachtúla ar choinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

i.

go bhfuil an doiciméad ar a bhfuil siad ag obair ar chlár oibre an Tionóil le haghaidh díospóireachta; agus

ii.

go bhfuil údarú faighte acu roimh ré ó chathaoirleach na rannóige.

5.

Féadfaidh comhairleoirí na rapóirtéirí ginearálta freastal ar na seisiúin iomlánacha.

Riail 83 — Comhairleoirí na ngrúpaí

1.

Féadfaidh cathaoirligh na ngrúpaí na comhairleoirí a bheidh ag na grúpaí a cheapadh.

2.

Féadfaidh comhairleoirí na ngrúpaí freastal ar chruinnithe na ngrúpaí staidéir.

3.

Féadfaidh comhairleoirí na ngrúpaí freastal ar chruinnithe ullmhúcháin, ar chruinnithe na rannóg agus ar sheisiúin iomlánacha i gcásanna eisceachtúla amháin, ar choinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

i.

go bhfuil an doiciméad i gceist ar chlár oibre an chruinnithe nó an tseisiúin iomlánaigh le haghaidh díospóireachta; agus

ii.

go bhfuil údarú faighte acu roimh ré ó chathaoirleach an ghrúpa lena mbaineann.

4.

Féadfaidh comhairleoirí na ngrúpaí cúnamh a thabhairt freisin chun doiciméid nó tuarascálacha eile a ullmhú do na grúpaí maidir le hobair chomhairliúcháin agus pholaitiúil an Choiste, de réir mar a údaraíonn an Biúró. D’fhonn na dualgais sin a chomhlíonadh, bheadh cead ag comhairleoirí na ngrúpaí páirt a ghlacadh in dhá chruinniú ullmhúcháin ar a mhéad le comhaltaí na ngrúpaí. Ní fhéadfaidh comhairleoirí na ngrúpaí páirt a ghlacadh i gcruinnithe breise ach amháin má údaraíonn cathaoirleach an ghrúpa lena mbaineann é sin roimh ré.

5.

Cinnfidh gach grúpa na critéir agus na nósanna imeachta maidir le comhairleoirí na ngrúpaí a cheapadh.

Roinn 5 — Neamhláithreacht agus ionadaíocht

Riail 84 — Cearta vótála a tharmligean

1.

Féadfaidh aon chomhalta den Choiste nach féidir leis nó léi freastal ar sheisiún iomlánach a chearta nó a cearta vótála a tharmligean chuig comhalta eile den Choiste.

Féadfaidh aon chomhalta den Choiste nach féidir leis nó léi freastal ar chruinniú rannóige a chearta nó a cearta vótála a tharmligean chuig comhalta eile den rannóg.

2.

Aon chomhalta nach féidir leis nó léi freastal ar chruinniú, cuirfidh sé nó sí rúnaíocht an ghrúpa ar an eolas faoi i scríbhinn agus cuirfidh an rúnaíocht an méid sin in iúl ina dhiaidh sin d’Uachtarán nó do chathaoirleach an chomhlachta lena mbaineann.

Aon chomhalta nach bhfuil páirteach i ngrúpa, cuirfidh sé nó sí féin Uachtarán nó cathaoirleach an chomhlachta lena mbaineann ar an eolas mura féidir leis nó léi freastal ar chruinniú.

3.

Ní fhéadfaidh aon chomhalta níos mó ná ceart vótála amháin a tarmligeadh ar an gcaoi sin a bheith aige nó aici ag seisiún iomlánach an Tionóil nó ag cruinniú rannóige.

4.

Maidir le córaim agus tromlaigh a ríomh, glacfar leis gur comhalta a bhfuil ionadaíocht á déanamh air nó uirthi comhalta a dhéanann tarmligean ar a chearta vótála nó a cearta vótála.

Riail 85 — Ionadaíocht

1.

Aon chomhalta nach féidir leis nó léi freastal ar chruinniú ar tugadh cuireadh dó nó di a bheith ann, féadfaidh an comhalta sin socrú a dhéanamh ionas go ndéanfaidh comhalta eile den Choiste ionadaíocht air nó uirthi ag an gcruinniú sin trí chumhachtaí seachvótála a dheonú dó nó di.

2.

Aon chomhalta nach féidir leis nó léi freastal ar chruinniú, cuirfidh sé nó sí rúnaíocht an ghrúpa ar an eolas faoi i scríbhinn agus cuirfidh an rúnaíocht an méid sin in iúl ina dhiaidh sin d’Uachtarán nó do chathaoirleach an chomhlachta lena mbaineann.

Aon chomhalta nach bhfuil páirteach i ngrúpa, cuirfidh sé nó sí féin Uachtarán nó cathaoirleach an chomhlachta lena mbaineann ar an eolas mura féidir leis nó léi freastal ar chruinniú.

3.

Beidh na cumhachtaí seachvótála sin bailí don chruinniú dár deonaíodh iad agus don chruinniú sin amháin.

Áirítear leis na cumhachtaí seachvótála tarmligean na gceart vótála, i gcomhréir le Riail 84, chuig an gcomhalta a bheidh ina ionadaí nó ina hionadaí, mura sonrófar a mhalairt sa sainordú sin.

4.

Ní bhainfidh ionadaíocht de réir bhrí na Rialach seo le cruinnithe na gcomhlachtaí seo a leanas:

Biúró an Choiste;

an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha;

Grúpa na gCaestóirí;

an Coiste Eitice;

an Coiste Iniúchóireachta.

Riail 86 — Ionadú i ngrúpa staidéir

1.

An tráth a bhunófar grúpa staidéir, féadfaidh aon chomhalta den ghrúpa sin a iarraidh ar an rannóg go gcuirfear comhalta eile den Choiste ina ionad nó ina hionad.

2.

Beidh feidhm ag an ionadú sin maidir le hábhar sonrach agus ar feadh na hoibre a dhéanfaidh an rannóg ar an ábhar sin.

Riail 87 — Comhaltaí malartacha

1.

Féadfaidh comhaltaí an Choiste comhaltaí malartacha a ainmniú le haghaidh obair ullmhúcháin. Is é an Biúró a cheapfaidh na comhaltaí malartacha.

Ní fhéadfaidh toscairí CCMI comhaltaí malartacha a ainmniú.

2.

Measfar gur obair ullmhúcháin de réir bhrí na Rialach seo na cruinnithe seo a leanas, ar choinníoll gur sa Bhruiséil a thionólfar iad, chun tuairim, tuarascáil mheastóireachta nó tuarascáil faisnéise a ullmhú:

cruinnithe de na grúpaí staidéir;

cruinnithe de na rannóga;

cruinnithe de CCMI;

cruinnithe de na faireachlanna;

cruinnithe de na fochoistí.

3.

Daoine lasmuigh den Choiste a bheidh sna comhaltaí malartacha.

Ní fhéadfaidh comhaltaí den Choiste ná toscairí CCMI gníomhú mar chomhaltaí malartacha.

4.

Is as an réimse céanna den tsochaí shibhialta as a dtagann na comhaltaí a bhfeidhmíonn siad dualgais thar a gceann a thiocfaidh na comhaltaí malartacha, nó déanfaidh siad ionadaíocht ar an gcatagóir chéanna den tsochaí shibhialta.

Ní mór ainm agus cáilíocht an chomhalta mhalartaigh roghnaithe a chur i bhfios do Bhiúró an Choiste lena fhormheas nó lena formheas.

5.

Ní fhéadfaidh comhalta malartach dualgais a fheidhmiú ach thar ceann comhalta amháin sa turas.

6.

Comhlíonfaidh an comhalta malartach na dualgais chéanna atá ar an gcomhalta, cé is moite de na heisceachtaí seo a leanas:

ní bheidh cearta vótála ag na comhaltaí malartacha.

Más mian leis an gcomhalta a chearta nó a cearta vótála a fheidhmiú, ní mór dó nó di fógra i dtaobh tharmligean na gceart vótála a sheoladh i scríbhinn chuig comhalta eile den Choiste, i gcomhréir le Riail 84 de na Rialacha Nós Imeachta seo;

i gcás ina mbeidh an comhalta ag feidhmiú mar chathaoirleach ar rannóg, mar chomhalta de bhiúró rannóige nó mar chathaoirleach ar ghrúpa staidéir, ní fhéadfaidh an comhalta malartach na dualgais sin a chomhlíonadh;

ní fhéadfaidh an comhalta malartach feidhmiú mar rapóirtéir ná mar chomhrapóirtéir.

7.

Maidir le slánaíochtaí agus speansais taistil agus chothaithe, beidh comhaltaí malartacha faoi réir chinntí ábhartha na Comhairle agus an Bhiúró.

8.

Féadfar comhalta malartach a cheapadh mar chomhairleoir.

Sa chás sin, cuirfear a stádas mar chomhalta malartach ar fionraí de facto ar feadh a théarma oifige nó a téarma oifige mar chomhairleoir.

9.

Féadfaidh comhalta deireadh a chur le dualgais an chomhalta mhalartaigh tráth ar bith, agus cuirfidh sé nó sí an Biúró ar an eolas ina thaobh dá réir sin.

Ar aon chuma, tiocfaidh deireadh le dualgais an chomhalta mhalartaigh ag an am céanna le dualgais an chomhalta.

I gcás comhalta a bheith ag éirí as oifig, tiocfaidh deireadh le dualgais an chomhalta mhalartaigh an lá a scoirfidh an comhalta den Choiste de bheith i seilbh oifige.

10.

Leagfar síos i gcinneadh ón mBiúró, tar éis dul i gcomhairle leis na grúpaí, na critéir agus an nós imeachta chun comhaltaí malartacha a cheapadh.

Roinn 6 — Nósanna imeachta CCMI

Riail 88 — Gnéithe sonracha a bhaineann le feidhmiú CCMI

1.

Déanfaidh CCMI tuairimí forlíontacha a tharraingt suas.

Ina theannta sin, féadfaidh an Biúró a chur de chúram ar CCMI dréachtaí de ghnáth-thuairimí a tharraingt suas freisin, lena n-áirítear dréacht-tuairimí féintionscnaimh, dréacht-tuarascálacha meastóireachta agus dréacht-tuarascálacha faisnéise.

2.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha is infheidhme maidir leis na rannóga maidir le CCMI, agus beidh na gnéithe sonracha seo a leanas ag baint leo:

Is comhaltaí den Choiste, agus iad sin amháin, a fhéadfar a cheapadh mar rapóirtéirí. Is mar chomhrapóirtéirí amháin a fhéadfar toscairí a cheapadh.

Nuair a ghlacfaidh CCMI dréacht-tuairim, dréacht-tuarascáil mheastóireachta nó dréacht-tuarascáil faisnéise, iarrfaidh a chathaoirleach ar dtús ar na toscairí, agus orthu sin amháin, vótáil uirthi trí vóta neamhcheangailteach agus fógróidh an cathaoirleach toradh na vótála sin.

Osclóidh an cathaoirleach an vóta ansin do chomhaltaí an Choiste.

Vótaí na gcomhaltaí, agus iad sin amháin, a chuirfear san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar glacadh an dréacht-tuairim, an dréacht-tuarascáil mheastóireachta nó an dréacht-tuarascáil faisnéise i gceist nó nár glacadh.

Leanfar an nós imeachta céanna i gcás vótáil ar leasuithe.

Féadfaidh na toscairí leasuithe ar dhréacht-tuairimí, ar dhréacht-tuarascálacha meastóireachta agus ar dhréacht-tuarascálacha faisnéise a mbeidh ar CCMI vótáil orthu a chur síos. Ní fhéadfaidh siad leasuithe a gcaithfear vótáil orthu sa Tionól a chur síos.

TEIDEAL III

NÓSANNA IMEACHTA EILE

Caibidil I

Nósanna imeachta práinne

Riail 89 — Cásanna práinne ar leibhéal an Tionóil

1.

I gcás práinn arb é is cúis léi sprioc-am a leag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún síos don Choiste, sprioc-am faoina mbeidh air an tuairim uaidh a thíolacadh, féadfar an nós imeachta práinne a chur i bhfeidhm má chinneann Uachtarán an Choiste go bhfuil sé sin riachtanach chun a chur ar chumas an Choiste an tuairim uaidh a ghlacadh in am trátha.

Féadfar an nós imeachta práinne ar leibhéal an Tionóil a chur i bhfeidhm freisin maidir le tuarascálacha meastóireachta, tuarascálacha faisnéise nó rúin ar ábhair reatha a ghlacadh más dóigh le hUachtarán an Choiste go bhfuil sé riachtanach gan fanacht go dtí an chéad seisiún iomlánach eile.

2.

Leis an nós imeachta práinne ar leibhéal an Tionóil, is féidir le hUachtarán an Choiste, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Uachtaránacht mhéadaithe roimh ré, gach beart is gá a dhéanamh láithreach bonn chun a chur ar chumas an Choiste a chuid oibre a dhéanamh i gceart.

Cuirfidh Uachtarán an Choiste comhaltaí an Bhiúró ar an eolas láithreach faoi na bearta arna ndéanamh.

3.

Cuirfear na bearta arna ndéanamh ag Uachtarán an Choiste faoi bhráid an chéad chruinnithe eile den Tionól lena ndaingniú.

Riail 90 — Cásanna práinne ar leibhéal an Bhiúró

1.

I gcás ina mbeidh oibleagáid ar an mBiúró cinneadh a ghlacadh laistigh de thréimhse ama a fhágann nach féidir fanacht go dtí an chéad chruinniú eile leis an ngnó sin a dhéanamh agus nach bhféadfaí an nós imeachta i scríbhinn a úsáid, féadfaidh Uachtarán an Choiste gach beart is gá a dhéanamh láithreach chun feidhmiú cuí an Choiste a áirithiú.

Cuirfidh sé nó sí comhaltaí an Bhiúró ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh.

2.

Cuirfear na bearta arna ndéanamh ag Uachtarán an Choiste faoi bhráid an chéad chruinnithe eile den Bhiúró lena ndaingniú.

Riail 91 — Cásanna práinne ar leibhéal na rannóg

1.

Más rud é gurb é is cúis leis an bpráinn sprioc-am arna leagan síos do rannóg, sprioc-am faoina mbeidh uirthi an tuairim uaithi a thíolacadh, féadfaidh cathaoirleach na rannóige sin, le comhaontú na dtrí chathaoirleach ar na grúpaí, obair na rannóige a eagrú ar dhóigh eile seachas mar a fhoráiltear sna Rialacha Nós Imeachta seo.

Féadfar an nós imeachta práinne ar leibhéal na rannóige a chur i bhfeidhm freisin maidir le tuarascálacha meastóireachta, tuarascálacha faisnéise nó rúin ar ábhair reatha a ghlacadh más dóigh le cathaoirleach na rannóige go bhfuil sé riachtanach gan fanacht go dtí an chéad chruinniú eile.

Cuirfidh cathaoirleach na rannóige comhaltaí bhiúró na rannóige ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh.

2.

Cuirfear na bearta arna ndéanamh ag cathaoirleach na rannóige lena mbaineann faoin nós imeachta práinne faoi bhráid an chéad chruinnithe eile den rannóg sin lena ndaingniú.

Féadfaidh cathaoirleach na rannóige a chinneadh go gcaithfear an togra uaidh nó uaithi a dhaingniú i scríbhinn roimh an gcéad chruinniú eile den rannóg. Sa chás sin, socróidh sé nó sí sprioc-am faoina gcaithfear freagra a thabhairt. Beidh feidhm ag na gnáthrialacha maidir leis an tromlach is gá chun cinntí a ghlacadh laistigh den rannóg.

3.

Tá forálacha na Rialach seo infheidhme freisin maidir le CCMI.

Caibidil II

Nósanna imeachta a bhaineann leis na comhaltaí

Riail 92 — Rún mímhuiníne

1.

Ar thogra ón mBiúró arna ghlacadh ag trí cheathrú dá chuid comhaltaí ar a laghad, nó arna iarraidh sin do bhreis agus leath de chomhaltaí an Choiste, féadfar rún mímhuiníne maidir le hUachtarán an Choiste a chur faoi bhráid an Tionóil.

I gcásanna den sórt sin, beidh an rún sin ar an gcéad mhír ar an gclár oibre don chéad seisiún iomlánach eile.

D’fhonn déileáil leis an mír a bhaineann leis an rún mímhuiníne, is é an Leas-Uachtarán um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha a bheidh ina Uachtarán nó ina hUachtarán ar an Tionól.

2.

Is le ballóid rúnda a dhéanfaidh an Tionól a chinneadh, gan aon deis a thabhairt vótaí a tharmligean, tar éis dó éisteacht, duine ar dhuine, le comhalta amháin as gach grúpa, agus ansin le comhaltaí sin na hUachtaránachta ar mian leo labhairt, le hionadaí na gcomhaltaí sin a d’iarr an rún mímhuiníne, i gcás inarb infheidhme, agus le hUachtarán an Choiste ar deireadh.

Déanfaidh an Tionól cinneadh maidir leis an togra sin trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, rud is ionann agus tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann é.

Mura ndéanfar amhlaidh measfar gur diúltaíodh dó.

3.

Déanfaidh an Tionól socrú láithreach chun duine de na comhaltaí a bhaineann leis an ngrúpa céanna ina bhfuil an tUachtarán atá ag dul as oifig a chur in ionad an Uachtaráin.

4.

Vótálfaidh an Tionól ar an iarrthóir arna mholadh nó arna moladh ag an ngrúpa lena mbaineann. Mura nglacfar leis an iarrthóir sin, déanfar obair an Tionóil a fhionraí chun deis a thabhairt don ghrúpa i gceist comhaltaí eile den ghrúpa sin a mholadh go dtí go dtoghfar iarrthóir amháin mar Uachtarán.

Déanfaidh an tUachtarán sealadach an Tionól a ationól, an lá céanna más féidir é.

5.

Déanfar Uachtarán nua an Choiste a thoghadh don chuid sin den téarma oifige reatha atá fágtha.

Riail 93 — Cur as oifig

1.

Aon chomhalta den Choiste nach mbeidh in ann freastal ar sheisiún nó ar chruinniú ar tugadh cuireadh dó nó di a bheith ann, tabharfaidh sé nó sí fógra roimh ré do rúnaíocht an ghrúpa, a chuirfidh Uachtarán nó cathaoirleach an chomhlachta lena mbaineann ar an eolas faoi.

Aon chomhalta nach bhfuil páirteach i ngrúpa, cuirfidh sé nó sí féin Uachtarán nó cathaoirleach an chomhlachta lena mbaineann ar an eolas mura féidir leis nó léi freastal ar sheisiún nó ar chruinniú.

2.

I gcás nach mbeidh freastal déanta ag comhalta den Choiste ar bhreis agus cúig sheisiún iomlánacha den Tionól i ndiaidh a chéile gan a chearta nó a cearta vótála a tharmligean chuig comhalta eile faoi Riail 84 agus gan cúis a aithnítear a bheith bailí a thabhairt, féadfaidh Uachtarán an Choiste, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an mBiúró agus tar éis a iarraidh ar an gcomhalta lena mbaineann míniú a thabhairt ar a neamhláithreacht, a iarraidh ar an gcomhalta éirí as oifig i gcomhréir le Riail 4(8) agus, más gá, a iarraidh ar an gComhairle an comhalta sin a chur as oifig, i gcomhréir le Riail 4(9) de na Rialacha Nós Imeachta seo.

3.

I gcás nach mbeidh freastal déanta ag comhalta de rannóg nó de CCMI ar bhreis agus cúig chruinniú i ndiaidh a chéile den chomhlacht sin gan a chearta nó a cearta vótála a tharmligean chuig comhalta eile faoi Riail 84, gan socrú a dhéanamh chun comhalta eile a chur ina ionad nó ina hionad faoi Riail 85, agus gan cúis a aithnítear a bheith bailí a thabhairt, féadfaidh cathaoirleach an chomhlachta sin, tar éis dó nó di a iarraidh ar an gcomhalta lena mbaineann míniú a thabhairt ar a neamhláithreacht, a iarraidh air nó uirthi éirí as an rannóg nó CCMI.

Cuirfidh cathaoirleach na rannóige an méid sin in iúl do Bhiúró an Choiste agus cuirfear tús leis an nós imeachta chun comhalta ionaid a cheapadh i gcomhréir le Riail 23(4) de na Rialacha Nós Imeachta seo.

Riail 94 — Nós imeachta araíonachta

I gcás ina sáróidh comhalta den Choiste, toscaire, comhalta malartach nó comhairleoir na caighdeáin eiticiúla, na rialacha, na prionsabail nó na caighdeáin iompair, nó na dualgais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta seo, sa Chód Iompair nó i Reacht na gComhaltaí, beidh feidhm ag an nós imeachta araíonachta a leagtar síos i gCuid III den Chód Iompair.

Riail 95 — Díolúine a tharscaoileadh

Aon iarraidh a chuirfidh údarás inniúil Ballstáit chuig Uachtarán an Choiste chun díolúine comhalta den Choiste a tharscaoileadh, déileálfar léi i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil IV de Reacht na gComhaltaí.

Riail 96 — Cúnamh

1.

Féadfar an cúnamh a chuireann an tAontas ar fáil d’oifigigh faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (“Rialacháin Foirne”) a dheonú do chomhaltaí an Choiste sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá dtagraítear sna Rialacháin sin.

2.

Beidh an Biúró, ar thogra ó Uachtarán an Choiste, freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le hiarraidh ar chúnamh ó chomhalta.

Déanfaidh an Biúró a chinneadh tar éis éisteacht a thabhairt don chomhalta lena mbaineann.

3.

Más comhalta den Bhiúró an comhalta atá ag iarraidh cúnaimh, ní ghlacfaidh sé nó sí páirt sa chuid sin de chruinniú an Bhiúró ina ndéanfar cinneadh ina leith.

Thairis sin, más é Uachtarán an Choiste atá ag iarraidh cúnaimh, gníomhóidh an Biúró ar thogra ón Leas-Uachtarán um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha.

Caibidil III

Téacsanna an choiste a fhoilsiú agus a dháileadh

Riail 97 — Foilsiú

1.

Foilseoidh an Coiste na tuairimí uaidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.

Déanfar ainmneacha chomhaltaí an Tionóil, an Bhiúró agus na rannóg, agus gach athrú a dhéanfar ar an gcomhaltas sin, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choiste.

Riail 98 — Trédhearcacht, oscailteacht agus ceart rochtana ar dhoiciméid an Choiste

1.

Déanfaidh an Coiste a áirithiú chomh hoscailte agus is féidir go bhfuil a chinntí trédhearcach.

2.

Féadfaidh gach saoránach den Aontas Eorpach scríobh chuig an gCoiste in aon cheann de na teangacha oifigiúla agus freagra a fháil sa teanga chéanna i gcomhréir leis an gceathrú mír d’Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.

Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil oifig chláraithe aige nó aici i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid an Choiste, is cuma cén meán ina bhfuil siad, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an rochtain sin ar dhoiciméid de chuid an Choiste faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos sna rialacháin Eorpacha agus i gcinntí inmheánacha an Choiste, agus i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

4.

Bunóidh an Coiste clár de dhoiciméid an Choiste.

Glacfaidh an Biúró na rialacha inmheánacha lena rialaítear rochtain ar an gclár sin agus tarraingeoidh sé suas liosta de dhoiciméid a bhfuil rochtain dhíreach orthu.

Is é an cuspóir atá leis sin a áirithiú go ndéantar taifead de dhoiciméid uile an Choiste, go háirithe cinntí an Tionóil, cinntí an Bhiúró agus cinntí Uachtarán an Choiste.

5.

Beidh an tArdrúnaí freagrach as na bearta is gá a dhéanamh le ceart an phobail chun rochtain a fháil ar na doiciméid chomhfhreagracha a ráthú, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Uachtaránacht mhéadaithe agus leis an tSeirbhís Dlí.

Riail 99 — Rochtain ar chruinnithe an Choiste

1.

Beidh seisiúin iomlánacha an Tionóil agus cruinnithe na rannóg agus CCMI oscailte don phobal.

2.

Mar sin féin, i gcás díospóireachtaí áirithe de chuid na gcomhlachtaí sin nach mbaineann le hobair chomhairliúcháin, féadfaidh an Tionól a fhógairt gur díospóireachtaí faoi rún iad.

Féadfaidh na hinstitiúidí nó na comhlachtaí lena mbaineann, agus an Biúró, a iarraidh ar an Tionól díospóireacht a chur ar siúl i seomra iata.

3.

Ní bheidh na cruinnithe eile oscailte don phobal.

I gcásanna cuí-réasúnaithe, áfach, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe, más rogha leis nó léi, a cheadú do dhaoine eile freastal ar chruinnithe nach bhfuil oscailte don phobal mar bhreathnóirí.

4.

Féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe a iarraidh ar chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, den Chomhairle agus den Choimisiún, chomh maith le haon gheallsealbhóirí eile, de réir mar is iomchuí, freastal ar chruinnithe den Tionól, den Bhiúró, de na rannóga agus de CCMI, agus de chomhlachtaí eile an Choiste, nó labhairt os comhair na gcruinnithe sin nó ceisteanna a fhreagairt lena linn.

CUID A TRÍ

RIAR AN CHOISTE

Caibidil I

Ardrúnaíocht

Riail 100 — An Ardrúnaíocht

1.

Beidh de chúnamh ag an gCoiste Ardrúnaíocht faoi stiúir Ardrúnaí.

2.

Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí, plean eagrúcháin na hArdrúnaíochta a chinneadh agus cairt oibríochta an Choiste a ghlacadh ar shlí a chinnteoidh feidhmiú éifeachtach an Choiste agus a chomhlachtaí agus a chabhróidh leis na comhaltaí a ndualgais a chomhlíonadh, go háirithe maidir le cruinnithe a eagrú agus tuairimí a ullmhú.

Riail 101 — An tArdrúnaí

1.

Comhlíonfaidh an tArdrúnaí a chuid nó a cuid dualgas faoi cheannas Uachtarán an Choiste, a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Bhiúró.

2.

Freastalóidh an tArdrúnaí ar chruinnithe an Bhiúró i gcáil chomhairleach agus coimeádfaidh sé nó sí miontuairiscí na gcruinnithe sin.

3.

Tabharfaidh sé nó sí gealltanas sollúnta os comhair an Bhiúró go gcomhlíonfaidh sé nó sí a chuid nó a cuid dualgas go coinsiasach agus go hiomlán neamhchlaon.

4.

Áiritheoidh an tArdrúnaí go gcuirfear chun feidhme cinntí arna nglacadh ag an Tionól, ag an mBiúró agus ag Uachtarán an Choiste, de bhun na Rialacha Nós Imeachta seo.

Maidir le cur chun feidhme na gcinntí arna nglacadh ag na comhlachtaí sin, cuirfidh sé nó sí, i gcás inarb iomchuí, tuairisc i scríbhinn gach trí mhí chuig Uachtarán an Choiste maidir leis na critéir agus na forálacha cur chun feidhme arna nglacadh nó atá beartaithe maidir le fadhbanna riaracháin nó eagraíochtúla, mar aon le cúrsaí foirne, a láimhseáil.

Cuirfidh Uachtarán an Choiste an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an mBiúró láithreach.

5.

Na cumhachtaí arna dtabhairt don Ardrúnaí i gcomhréir le tarmligean chumhachtaí an Bhiúró nó Uachtarán an Choiste, tiocfaidh deireadh leo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis an dáta a thoghfar Biúró nua nó a cheapfar Uachtarán nua ar an gCoiste.

Féadfaidh an tArdrúnaí na cumhachtaí a thabharfaidh an Biúró nó Uachtarán an Choiste dó nó di a fho-tharmligean faoi chuimsiú na dteorainneacha arna leagan síos ag an údarás tarmligin.

6.

Féadfaidh an tArdrúnaí a chumhachtaí nó a cumhachtaí féin a tharmligean trína thabhairt le fios, sna rialacha inmheánacha riaracháin, cé na baill foirne ar tarmligeadh na cúraimí sin chucu, raon na gcumhachtaí arna dtarmligean, agus cibé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh tairbhithe an tarmligin a gcumhachtaí a fho-tharmligean ar a n-uain.

Caibidil II

OIFIGIGH AGUS GNÍOMHAIRÍ

Riail 102 — Cumhachtaí an údaráis ceapacháin

Maidir leis na cumhachtaí uile atá tugtha ag Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin, déanfar iad a fheidhmiú mar a leanas:

1.

maidir leis an oifigeach atá ceaptha i bpost an Ardrúnaí: is é an Biúró a fheidhmeoidh iad;

2.

maidir le hoifigigh atá ceaptha i bpoist an Leas-Ardrúnaí nó an Stiúrthóra:

maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 29, 30, 31, 40, 41, 49, 50, 51, 78 agus 90(2) de na Rialacháin Foirne: is é an Biúró a fheidhmeoidh iad, ar thogra ón Ardrúnaí;

maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha eile na Rialachán Foirne, Airteagal 90(1) san áireamh: is é Uachtarán an Choiste a fheidhmeoidh iad, ar thogra ón Ardrúnaí;

3.

maidir le hoifigigh atá ceaptha i bpoist an Leas-Stiúrthóra nó an Chinn Aonaid: is é Uachtarán an Choiste a fheidhmeoidh iad, ar thogra ón Ardrúnaí.

Gheobhaidh an Uachtaránacht mhéadaithe faisnéis chuimsitheach agus rachfar i gcomhairle léi maidir le ceapadh na n-oifigeach sin;

4.

maidir le hoifigigh i ngrúpa feidhme AD nach bhfuil post bainistíochta acu ar leibhéal an Chinn Aonaid nó os a chionn agus maidir le hoifigigh i ngrúpaí feidhme AST agus AST/SC: is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh iad.

Riail 103 — Cumhachtaí an údaráis a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí a thabhairt i gcrích

Na cumhachtaí uile atá tugtha ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí a thabhairt i gcrích, déanfar iad a fheidhmiú mar a leanas:

1.

maidir leis an ngníomhaire sealadach atá ceaptha i bpost an Ardrúnaí: is é an Biúró a fheidhmeoidh iad;

2.

maidir le gníomhairí sealadacha atá ceaptha i bpoist an Leas-Ardrúnaí nó an Stiúrthóra:

maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 11, 17, 33 agus 48 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile: is é an Biúró a fheidhmeoidh iad, ar thogra ón Ardrúnaí;

maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha eile na Rialachán Foirne: is é Uachtarán an Choiste a fheidhmeoidh iad, ar thogra ón Ardrúnaí;

3.

maidir le gníomhairí sealadacha atá ceaptha i bpoist an Leas-Stiúrthóra nó an Chinn Aonaid: is é Uachtarán an Choiste a fheidhmeoidh iad, ar thogra ón Ardrúnaí.

Gheobhaidh an Uachtaránacht mhéadaithe faisnéis chuimsitheach agus rachfar i gcomhairle léi maidir le ceapadh na ngníomhairí sin;

4.

maidir le gníomhairí sealadacha i ngrúpa feidhme AD nach bhfuil post bainistíochta acu ar leibhéal an Chinn Aonaid nó os a chionn agus maidir le gníomhairí sealadacha i ngrúpaí feidhme AST agus AST/SC: is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh iad;

5.

maidir le comhairleoirí speisialta: is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh iad;

6.

maidir le gníomhairí ar conradh: is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh iad.

Riail 104 — Forálacha eile de na Rialacháin Foirne

1.

Is é Uachtarán an Choiste a fheidhmeoidh na cumhachtaí atá tugtha don Choiste ag Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne d’fhonn na forálacha ginearálta maidir le cur chun feidhme na Rialachán Foirne, agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir na hinstitiúidí, a chur chun feidhme.

Maidir leis na forálacha eile de chineál ginearálta, is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh na cumhachtaí sin.

2.

I ngach cás eile nach bhforáiltear dóibh sna Rialacha Nós Imeachta seo, is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh na cumhachtaí a thugtar don Choiste leis na Rialacháin Foirne nó le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

3.

Féadfaidh an Biúró, Uachtarán an Choiste agus an tArdrúnaí na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh le Rialacha 102, 103 agus 104 de na Rialacha Nós Imeachta seo a tharmligean.

Sna cinntí maidir le tarmligean, lena gcuirfear in iúl na hoifigigh nó na baill foirne eile a ndéanfar na cumhachtaí sin a tharmligean chucu, sonrófar raon feidhme na gcumhachtaí arna dtarmligean, na teorainneacha agus an tréimhse bhailíochta atá leo, agus luafar cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar iad a fho-tharmligean.

Riail 105 — An tArdrúnaí a roghnú

Is mar seo a leanas a bheidh an nós imeachta chun Ardrúnaí nua a cheapadh nó a fhostú:

A.

Déanfaidh an Biúró (an chéad chéim):

i.

Cinneadh faoin stádas a bheidh ag an Ardrúnaí (oifigeach nó gníomhaire sealadach).

ii.

Coiste dréachtaithe a bheidh comhdhéanta de thrí chomhalta ón gCoiste a cheapadh, a bheidh freagrach as dréachtfhógra folúntais a ullmhú le cúnamh ó sheirbhísí ábhartha na hArdrúnaíochta, agus socróidh sé an tréimhse ama ar laistigh di nach mór don phainéal an dréachtfhógra folúntais a chur faoina bhráid.

iii.

An fógra folúntais a ghlacadh ar bhonn an dréachta a thíolacfaidh an coiste dréachtaithe.

iv.

Painéal réamhroghnúcháin ar a mbeidh sé chomhalta de chuid an Choiste a cheapadh agus tréimhsí ama a leagan síos faoina mbeidh ar an bpainéal torthaí a chuid oibre a chur faoi bhráid an Bhiúró.

B.

Maidir leis an bpainéal réamhroghnúcháin:

i.

Is é an sainordú atá aige:

na hiarratais a scrúdú;

na hagallaimh a stiúradh;

tuarascáil réasúnaithe a tharraingt suas i scríbhinn ina rangófar na hiarrthóirí in ord tosaíochta, bunaithe ar a gcuid scileanna agus i gcomhréir leis an nós imeachta agus na critéir atá leagtha síos san fhógra folúntais; agus

liosta iarrthóirí a mholadh le haghaidh an phoist.

Ar choinníoll go bhfuarthas líon leordhóthanach iarratas a chomhlíonann na ceanglais atá san fhógra folúntais, beidh ar a laghad trí iarrthóir le haghaidh an phoist ar an liosta agus urramófar, i gcás ina mbeidh an tuillteanas céanna ag na hiarrthóirí, prionsabal na cothromaíochta inscne.

I gcás post oifigigh, déanfaidh an painéal réamhroghnúcháin na hiarrthóirí a rangú de réir an oird a leagtar amach in Airteagal 29 de na Rialacháin Foirne.

ii.

Is ar bhonn neamhspleách, neamhchlaonta agus faoi rún a oibreoidh sé, ar bhonn critéir arna sainiú san fhógra folúntais a ghlacfaidh an Biúró.

Beidh de chúnamh aige seirbhísí inniúla na hArdrúnaíochta agus féadfaidh sé seirbhísí a iarraidh, más gá, ar shaineolaithe seachtracha nó tástálacha a iarraidh a dhéanfaidh “ionad measúnaithe”.

C.

Déanfaidh an Biúró (an dara céim):

i.

Scrúdú ar an tuarascáil agus ar na doiciméid ar a bhfuil sí bunaithe, agus ar liosta na n-iarrthóirí a thíolaic an painéal réamhroghnúcháin.

ii.

Na hiarrthóirí atá molta ag an bpainéal réamhroghnúcháin a chur faoi agallamh.

iii.

An cinneadh deiridh trí vótáil i seomra iata, más gá, níos mó ná babhta amháin:

An t-iarrthóir a gheobhaidh, sa chéad bhabhta, níos mó ná leath de vótaí chomhaltaí an Bhiúró, déanfar é nó í a cheapadh agus ní bheidh gá leis an dara babhta.

Mura bhfaigheann aon iarrthóir an tromlach sin, déanfaidh an Biúró an dara babhta vótála a thionól don dá iarrthóir a ghnóthaigh an líon is mó vótaí; an t-iarrthóir a gheobhaidh vótaí ó níos mó ná leath de chomhaltaí an Bhiúró, déanfar eisean nó ise a cheapadh.

I gcás ina dtarlaíonn comhionannas vótaí agus nach féidir ach dhá iarrthóir a roghnú tar éis an chéad bhabhta nó an tArdrúnaí a cheapadh tar éis an dara babhta, tionólfar cruinniú eile den Bhiúró ar an gcéad dáta féideartha eile chun na gcríoch sin.

Ag an dara cruinniú sin, cuirfidh an Biúró na hiarrthóirí arna moladh ag an bpainéal réamhroghnúcháin faoi agallamh athuair.

Mura roghnaíonn an Biúró iarrthóir sa deireadh, cuirfear deireadh leis an nós imeachta roghnúcháin gan aon duine a cheapadh agus seolfaidh an Biúró nós imeachta roghnúcháin nua.

Riail 106 — Poist eile san ordlathas a roghnú

1.

Gan dochar don fhéidearthacht poist a líonadh trí aistriú nó trí ardú céime laistigh den institiúid, ar féidearthachtaí iad nach mór a scrúdú ar dtús, ionas gur féidir oifigigh a cheapadh agus baill foirne eile a fhostú i bpoist an Leas-Ardrúnaí, an Stiúrthóra, an Leas-Stiúrthóra nó an Chinn Aonaid i gcomhair obair chomhairliúcháin, is mar seo a leanas a bheidh an nós imeachta:

a)

Déanfaidh an t-údarás ceapacháin nó an t-údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí a thabhairt i gcrích cinneadh cé acu go hinmheánach amháin nó go hidirinstitiúideach a fhoilseofar an post.

I gcás phoist an Leas-Ardrúnaí agus an Stiúrthóra, féadfar iad a fhoilsiú freisin i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne.

b)

Déanfaidh an tArdrúnaí, sula scrúdófar na hiarratais, greille mheastóireachta le haghaidh an réamhroghnúcháin a tharraingt suas ar bhonn an fhógra folúntais.

c)

Agus na hiarratais éagsúla á scrúdú, beidh de chúnamh ag an Ardrúnaí oifigigh ón Ardrúnaíocht a mbeidh ar a laghad an grád agus an fheidhm chéanna acu a bhaineann leis an bpost atá le líonadh. Maidir le post an Leas-Ardrúnaí, beidh feidhm stiúrthóra, ar a laghad, ag na hoifigigh.

Beidh trí chomhalta arna gceapadh ag an mBiúró páirteach in obair an phainéil freisin.

d)

Ag deireadh an nós imeachta tíolacfaidh an tArdrúnaí togra le haghaidh ceapacháin nó fostú, ag cur san áireamh an t-ord a leagtar síos in Airteagal 29 de na Rialacháin Foirne i gcás oifigigh.

e)

Cuirfidh an tArdrúnaí an togra seo:

i gcás an Leas-Ardrúnaí nó Stiúrthóir a cheapadh nó a fhostú: faoi bhráid an Bhiúró, a dhéanfaidh cinneadh ar bhonn an togra sin;

i gcás Leas-Stiúrthóir nó Ceann Aonaid i gcomhair obair chomhairliúcháin a cheapadh nó a fhostú: faoi bhráid Uachtarán an Choiste a dhéanfaidh cinneadh ar bhonn an togra sin. Gheobhaidh an Uachtaránacht mhéadaithe faisnéis chuimsitheach agus rachfar i gcomhairle léi sula ndéanfar ceapachán den sórt sin.

2.

Féadfaidh an tArdrúnaí cinneadh a ghlacadh maidir leis na forálacha cur chun feidhme don Riail seo.

Caibidil III

Rúnaíochtaí

Riail 107 — Rúnaíocht Uachtarán an Choiste

1.

Beidh rúnaíocht ag Uachtarán an Choiste.

2.

Beidh an rúnaíocht sin comhdhéanta d’oifigigh arna sannadh chuig rúnaíocht Uachtarán an Choiste agus/nó de bhaill foirne arna bhfostú faoin mbuiséad mar fhoireann shealadach.

Sa dá chás, feidhmeoidh Uachtarán an Choiste na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin nó don údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí a thabhairt i gcrích.

Riail 108 — Rúnaíochtaí na rannóg

Beidh rúnaíocht ag gach rannóg agus ag CCMI, arna soláthar ag an Ardrúnaíocht faoi bhainistíocht cinn aonaid.

Riail 109 — Rúnaíochtaí na ngrúpaí

1.

Beidh a rúnaíocht féin ag gach grúpa. Beidh ceann rúnaíocht an ghrúpa freagrach go díreach do chathaoirleach an ghrúpa lena mbaineann.

2.

Maidir le hAirteagal 38 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cinntí maidir le forbairt gairme laistigh de ghrúpa, is ar thogra chathaoirleach an ghrúpa lena mbaineann a dhéanfar cumhachtaí an údaráis ceapacháin a fheidhmiú maidir leis na hoifigigh atá tugtha ar iasacht do na grúpaí i gcomhréir leis an dara fleasc d’Airteagal 37(a) de na Rialacháin Foirne.

I gcás ina bhfillfidh oifigeach atá ar iasacht chuig grúpa ar rúnaíocht an Choiste, déanfar é nó í a aicmiú sa ghrád a mbeadh teideal aige nó aici air mar oifigeach.

3.

Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 8(3), Airteagal 9 agus Airteagal 10(3) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, is ar thogra ó chathaoirleach an ghrúpa lena mbaineann a dhéanfar cumhachtaí an údaráis a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí a thabhairt i gcrích a fheidhmiú maidir le gníomhairí sealadacha atá tugtha ar iasacht do na grúpaí i gcomhréir le hAirteagal 2(c) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Caibidil IV

Buiséad

Riail 110 — Buiséad an Choiste a tharraingt suas

1.

Sa chéad cheithre mhí de gach bliain, cuirfidh an tArdrúnaí na réamh-dhréachtmheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Choiste chuig an gCoimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha, agus cuirfear iad faoi bhráid an Bhiúró don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.

Déanfaidh an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha an dréacht a scrúdú, pléifidh sé é leis an Ardrúnaí, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhiúró é, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé barúlacha a thabhairt nó leasuithe a mholadh.

3.

Tarraingeoidh an Biúró suas meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Choiste.

Seolfaidh sé ar aghaidh iad chuig an údarás buiséadach i gcomhréir leis an nós imeachta agus laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

4.

I gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais, déanfaidh Uachtarán an Choiste an ráiteas ioncaim agus caiteachais a chur chun feidhme nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go gcuirfear chun feidhme é.

Caibidil V

Forálacha ilghnéitheacha

Riail 111 — Comhfhreagras

Aon chomhfhreagras atá le seoladh chuig an gCoiste, cuirfear chuig Uachtarán an Choiste nó chuig an Ardrúnaí é.

Riail 112 — Prionsabail maidir le cruinnithe a reáchtáil

1.

D’fhonn feidhmiú cuí an Choiste a áirithiú, is ar an láthair a reáchtálfar cruinnithe an Choiste. Féadfar cruinnithe hibrideacha a reáchtáil freisin.

2.

Tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí agus leis an Uachtaránacht mhéadaithe, glacfaidh an Biúró forálacha sonracha maidir le cruinnithe hibrideacha a eagrú agus a reáchtáil, agus maidir le comhaltaí, toscairí CCMI, comhaltaí malartacha agus comhairleoirí a d’fhéadfadh freastal ar na cruinnithe sin.

CUID A CEATHAIR

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Riail 113 — Inscne agus téarmaíocht

Níl na téarmaí a úsáidtear sna Rialacha Nós Imeachta seo do na hoifigigh éagsúla sonrach ó thaobh inscne.

Riail 114 — Siombailí an Choiste

1.

Aithníonn an Coiste agus glacann sé na siombailí seo a leanas de chuid an Aontais:

a)

an bhratach ar a dtaispeántar ciorcal de dhá cheann déag de réaltaí órga ar chúlra gorm;

b)

an roscamhrán atá bunaithe ar an “Óid don Aoibhneas” ón Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven;

c)

an mana “Aontaithe san éagsúlacht”.

2.

Ceiliúrfaidh an Coiste Lá na hEorpa ar an 9 Bealtaine.

3.

Beidh an bhratach ar foluain i bhfoirgnimh an Choiste agus tráth ócáidí oifigiúla.

4.

Seinnfear an roscamhrán ag oscailt gach seisiúin tionscnaimh ag tús téarma oifige agus in ómós seisiúin chomórtha eile, e.g. nuair atáthar ag cur fáilte roimh cheannairí stáit nó rialtais nó roimh chomhaltaí nua tar éis méadú.

Riail 115 — Na Rialacha Nós Imeachta a athbhreithniú

1.

Féadfaidh an Tionól a chinneadh trí thromlach glan dá chomhaltaí gur chóir na Rialacha Nós Imeachta seo a athbhreithniú.

2.

Má chinntear iad a athbhreithniú, bunóidh an Tionól painéal ar a dtabharfar an Painéal um na Rialacha Nós Imeachta.

Ceapfaidh an Tionól rapóirtéir ginearálta chun dréacht de na Rialacha Nós Imeachta nua a ullmhú. Féachfaidh an painéal agus an rapóirtéir ginearálta le teacht ar réiteach comhthola maidir leis na saincheisteanna ríthábhachtacha go léir. Mura féidir sin a dhéanamh, cuirfear tograí malartacha a mbeidh tacaíocht leath chomhaltaí an phainéil ar a laghad ann dóibh leis an dréacht arna tharraingt suas ag an rapóirtéir ginearálta.

3.

Cuirfear an dréacht-téacs faoi bhráid an Tionóil agus féadfar leasuithe air a chur síos.

4.

Glacfaidh an Tionól na Rialacha Nós Imeachta nua, i gcás inarb iomchuí, má vótálann níos mó ná leath de na comhaltaí móide duine ina bhfabhar.

Riail 116 — Forálacha Cur Chun Feidhme na Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh

1.

Tar éis na Rialacha Nós Imeachta nua a bheith glactha, déanfaidh an Tionól téarma oifige an Phainéil um na Rialacha Nós Imeachta a athnuachan ar feadh uastréimhse 90 lá oibre ionas go bhféadfaidh sé, más gá, togra a tharraingt suas chun na Forálacha Cur Chun Feidhme a leasú.

2.

Cuirfear an togra faoi bhráid an Bhiúró, a ghlacfaidh é tar éis barúlacha na ngrúpaí a fháil, má vótálann níos mó ná leath de na comhaltaí ina fhabhar.

3.

I gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar na Rialacha Nós Imeachta gan aon leasú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na Forálacha Cur Chun Feidhme, leanfaidh na forálacha sin d’fheidhm a bheith acu.

Ní mór iad a léirmhíniú i gcónaí ar bhealach a áiritheoidh go gcomhlíonfar forálacha na Rialacha Nós Imeachta atá i bhfeidhm.

4.

Féadfar na Forálacha Cur Chun Feidhme a leasú freisin má mheasann an Biúró gur gá athbhreithniú a dhéanamh orthu.

I gcásanna den sórt sin, iarrfaidh an Biúró ar an Tionól painéal a chur ar bun chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Forálacha Cur Chun Feidhme agus leanfar, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Riail seo.

5.

Tiocfaidh na Forálacha Cur Chun Feidhme i bhfeidhm an lá tar éis lá a bhfoilsithe ar inlíon an Choiste.

Riail 117 — Teacht i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta

Tiocfaidh na Rialacha Nós Imeachta i bhfeidhm an lá tar éis lá a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15). Leagan comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20220101