2.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 128/102


Cód Iompair do Chomhaltaí agus d’Iar-Chomhaltaí na Cúirte

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA (“An Chúirt”),

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 285, 286 agus 339 de,

Ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, agus go háirithe Airteagail 3 agus 34(1) de, agus do na Rialacha maidir le Rialacha Nós Imeachta na Cúirte a Chur Chun Feidhme, go háirithe Airteagal 81(4) de,

De bhrí go gceanglaítear ar Chomhaltaí na Cúirte, chun leas ginearálta an Aontais, a bheith iomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, gan teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile, agus staonadh ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna,

De bhrí, ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, go dtugann Comhaltaí na Cúirte gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn agus i ndiaidh a dtéarma oifige, na hoibleagáidí a eascraíonn aisti,

De bhrí go bhfuil freagracht speisialta ar na Comhaltaí in ábhair eiticiúla ós rud é, trína sampla, go mbíonn tionchar suntasach acu ar chultúr na heagraíochta agus ar dhea-thimpeallacht oibre a éascú,

De bhrí go léiríonn an Cód Iompair seo na bunluachanna agus bunphrionsabail eiticiúla a leagtar amach, mar shampla, i gCód Eitice na hEagraíochta Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta (ISSAI 130), amhail ionracas, neamhspleáchas agus oibiachtúlacht, inniúlacht, iompraíocht ghairmiúil, rúndacht agus trédhearcacht,

De bhrí gur gá Cód Iompair do Chomhaltaí na Cúirte an 8 Feabhra 2012 a athbhreithniú chun an taithí a fuarthas trína chur i bhfeidhm a chur san áireamh agus chun go n-áiritheoidh an Chúirt na caighdeáin eiticiúla is airde, a mbítear súil leo ó Chomhaltaí na Cúirte, agus chun aird chuí a thabhairt ar chonclúidí na tuarascála athbhreithnithe piaraí ar chreat eiticiúil na Cúirte arna tabhairt i gcrích in 2019 ag Uasfhorais Iniúchóireachta na Cróite agus na Polainne,

De bhrí, chun trédhearcacht agus comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú, gur cheart na forálacha ábhartha uile maidir le hoibleagáidí eiticiúla Comhaltaí a chumasc sa Chód Iompair seo, ar cuid dhílis é de na Rialacha maidir le Rialacha Nós Imeachta na Cúirte a Chur Chun Feidhme,

De bhrí gur ghlac an Chúirt beartas chun timpeallacht shásúil oibre a chothabháil agus dul i ngleic le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach,

De bhrí gur cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí áirithe a eascraíonn as an gCód Iompair seo i ndáil le Comhaltaí na Cúirte maidir le hiar-Chomhaltaí freisin chun go mbeidh siad go hiomlán éifeachtach,

Tar éis a chinneadh an Cód Iompair do Chomhaltaí agus d’Iar-Chomhaltaí na Cúirte seo a leanas a ghlacadh:

Airteagal 1

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCód Iompair seo maidir le Comhaltaí na Cúirte agus, i gcás ina bhfuil sé sonraithe go sainráite, maidir le hiar-Chomhaltaí na Cúirte.

I.   LUACHANNA AGUS PRIONSABAIL

Airteagal 2

Forálacha ginearálta

1.   Urramóidh na Comhaltaí na caighdeáin is airde ó thaobh iompar eiticiúil de agus tabharfaidh siad dea-shampla i gcónaí trína gcuid gníomhaíochtaí.

2.   Urramóidh na Comhaltaí na luachanna eiticiúla agus na prionsabail eiticiúla seo a leanas: ionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, inniúlacht, iompraíocht ghairmiúil, rúndacht agus trédhearcacht, dínit, tiomantas agus dílseacht, mar aon le discréid agus coláisteacht.

Airteagal 3

Ionracas

1.   Feidhmeoidh na Comhaltaí go hionraic, go hiontaofa, de mheon macánta agus ar mhaithe le leas an phobail amháin.

2.   Ní ghlacfaidh na Comhaltaí le haon tabhartas ná le haon sochar comhchosúil ar mó a luach ná EUR 150. Ní ghlacfaidh na Comhaltaí ach oiread le tairiscintí ó aon tríú páirtí go n-íocfaidh siadsan costais chothaithe nó taistil is léir a bheith díréireach.

3.   Ní fhéadfaidh na Comhaltaí glacadh le híocaíocht as aon chineál gníomhaíochta seachtraí a dhéantar ná as aon saothar a fhoilsítear le linn a dtéarma oifige.

4.   Bainfidh na Comhaltaí úsáid as an mbonneagar agus na hacmhainní atá curtha ar fáil dóibh i gcomhréir iomlán leis na rialacha ginearálta agus sonracha a leagtar síos chuige sin, agus go háirithe na cinntí ón gCúirt atá i bhfeidhm maidir leis an nós imeachta chun foireann a earcú chuig oifigí pearsanta na gComhaltaí, maidir le speansais ionadaíochta agus fáiltithe, agus maidir le húsáid fheithiclí oifigiúla na Cúirte.

5.   Nuair a roghnóidh Comhaltaí na Cúirte na daoine a bheidh ina n-oifig phearsanta, beidh aird chuí acu ar a dhúshlánaí atá an fheidhm sin, ar na próifílí gairmiúla a theastaíonn agus ar an ngá atá ann caidreamh a bhunú bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach eatarthu féin agus na daoine atá ag obair san oifig phearsanta. Ní bheidh céilí, páirtithe ná aon duine den dlúth-theaghlach in oifig phearsanta Chomhaltaí na Cúirte.

Airteagal 4

Neamhspleáchas

1.   Beidh na Comhaltaí saor ó imthosca nó tionchair a chuireann a mbreithiúnas gairmiúil i mbaol, ná gur féidir a mheas go gcuireann siad a mbreithiúnas gairmiúil i mbaol.

2.   Ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh na Comhaltaí aon teagasc ó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, ná ó aon rialtas ná eintiteas poiblí nó príobháideach eile.

3.   Fanfaidh na Comhaltaí neamhspleách ar thionchar polaitiúil. Go háirithe, ní fheidhmeoidh siad oifig pholaitiúil ar bith.

4.   Beidh caidreamh na gComhaltaí le grúpaí sainleasa ag luí leis an riachtanas a neamhspleáchas a chaomhnú.

Airteagal 5

Oibiachtúlacht

1.   Gníomhóidh na Comhaltaí ar bhealach neamhchlaonta agus neamhleatromach.

2.   Seachnóidh na Comhaltaí a bheith in aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le coinbhleacht leasa, nó a d’fhéadfaí a thuiscint go hoibiachtúil amhlaidh. Tagann coinbhleacht leasa chun cinn nuair a d’fhéadfadh leas pearsanta tionchar a imirt ar fheidhmiú neamhspleách na ndualgas atá ag Comhalta. I measc na leasanna pearsanta sin, tá aon sochar nó buntáiste féideartha do na Comhaltaí féin, dá gcéilí, dá bpáirtithe nó do dhaoine ina ndlúth-theaghlach.

Airteagal 6

Inniúlacht

Forbróidh agus cothabhálfaidh Comhaltaí eolas agus scileanna atá ábhartha dá ndualgais agus gníomhóidh siad i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme agus leis an gcúram cuí.

Airteagal 7

Iompraíocht ghairmiúil

1.   Comhlíonfaidh na Comhaltaí na rialacha is infheidhme atá leagtha síos sna Conarthaí, sa dlí tánaisteach agus ag an gCúirt. Seachnóidh siad aon iompar a d’fhéadfadh míchlú a tharraingt ar an gCúirt.

2.   Beidh aird chuí ag Comhaltaí na Cúirte ar thábhacht a ndualgas agus a bhfreagrachtaí; cuirfidh siad san áireamh, agus dea-shampla á thabhairt acu, nádúr poiblí a ndualgas agus iompróidh siad iad féin ar bhealach ina ndéantar muinín an phobail sa Chúirt a chothabháil agus a chur chun cinn.

Airteagal 8

Rúndacht agus trédhearcacht

1.   Beidh urraim ag na Comhaltaí do nádúr rúnda obair na Cúirte. Ní nochtfaidh siad faisnéis rúnda den sórt a chumhdaítear le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla, mar a shonraítear in Airteagal 339 CFAE.

2.   Beidh na Comhaltaí freagrach as láimhseáil chuí a dhéanamh ar aon doiciméad rúnaicmithe, rúnda nó íogair agus ar aon fhaisnéis a fhaigheann siad féin nó a n-oifig phearsanta le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh.

3.   Ní úsáidfidh na Comhaltaí, chun críocha príobháideacha, bíodh sé sin dóibh féin ná ar son daoine eile, aon fhaisnéis a bhfuil rochtain acu uirthi de bhua a bpoist oifigiúil agus nár cuireadh ar fáil don phobal i gcoitinne.

4.   Ba cheart do na Comhaltaí a bheith aireach go n-éilíonn a n-oifig phoiblí trédhearcacht agus cuntasacht fheabhsaithe i leith an phobail. Ba cheart dóibh cothromaíocht a aimsiú idir an gá atá le trédhearcacht agus rúndacht.

Airteagal 9

Dínit

1.   Urramóidh na Comhaltaí dínit a n-oifige agus ní chuirfidh siad iad féin in iúl, trí mheán ar bith, ar bhealach a dhéanfadh díobháil do dhearcadh an phobail ina leith.

2.   Iompróidh na Comhaltaí iad féin go cúirtéiseach agus go measúil. Déanfaidh siad timpeallacht oibre a bhunú agus a chothabháil ina ndíspreagtar aon iompar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhínit duine aonair.

Airteagal 10

Tiomantas agus dílseacht

1.   Caithfidh Comhaltaí na Cúirte a ndúthracht lena sainordú a chomhlíonadh. Beidh cónaí orthu san áit ina bhfuil a suíomh ag an gCúirt.

2.   Freastalóidh siad ar chruinnithe na Cúirte, na Seomraí agus na gCoistí lena mbaineann siad, i gcomhréir le hAirteagal 6 de na Rialacha maidir le Rialacha Nós Imeachta na Cúirte a chur chun feidhme.

3.   De mheon na dílseachta, tabharfaidh siad tacaíocht leanúnach don Chúirt i gcomhlíonadh a sainchumas.

Airteagal 11

Discréid agus coláisteacht

1.   Gníomhóidh na Comhaltaí agus cuirfidh siad iad féin in iúl, laistigh agus lasmuigh den institiúid, leis an bhféinsmacht a éilítear de bhua a n-oifige.

2.   Tabharfaidh na Comhaltaí, i ngach cúinse, urraim do nádúr coláisteach eagraíocht na Cúirte, agus cloífidh siad le haon chinneadh a ghlacfaidh an Chúirt agus glacfaidh siad freagracht chomhchoiteann astu. Féadfaidh na Comhaltaí, áfach, dul ar iontaoibh na n-ionstraimí breithiúnacha dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais Eorpaigh má mheasann siad go ndearna na cinntí sin díobháil dóibh.

3.   Gan dochar do fhreagracht an Uachtaráin as an gcaidreamh eachtrach, beidh údarás lasmuigh den Chúirt ag na Comhaltaí chun aon tuarascáil, tuairim nó faisnéis a chinn an Chúirt a phoibliú a chur in iúl agus tuairim a thabhairt orthu, faoi réir na gcoinníollacha i mír 4 thíos.

4.   Staonfaidh na Comhaltaí ó aon trácht a dhéanamh lasmuigh den Chúirt ar trácht é:

(a)

a dhéanfadh amhras a tharraingt ar chinneadh a rinne an Chúirt;

(b)

a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chlú na Cúirte;

(c)

a d’fhéadfaí a léirthuiscint mar ráiteas ar sheasamh na Cúirte maidir le nithe nach dtagann faoina réimse freagrachtaí institiúideach nó nach bhfuil seasamh glactha ag an gCúirt ina leith; nó

(d)

a d’fhéadfadh an Chúirt a tharraingt isteach in aon chonspóid, fiú tar éis dóibh scor dá n-oifig.

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí seachtracha

1.   Ní ghabhfaidh na Comhaltaí le haon ghníomhaíocht ghairmiúil lasmuigh den Chúirt, ná le haon ghníomhaíocht sheachtrach eile, bíodh sí sochrach nó ná bíodh, nach luíonn lena ndualgais, mar a shonraítear in Airteagal 286(3) agus (4) CFAE.

2.   Faoi na coinníollacha a leagtar síos san airteagal seo, féadfar Comhaltaí a údarú chun dul i mbun dualgas gan íocaíocht i bhfondúireachtaí nó i gcomhlachtaí comhchosúla i réimsí dlíthiúla, eolaíocha, cultúrtha, ealaíne, sóisialta, spóirt nó carthanachta nó i bhforais oideachais. Ní fhéadfar a áireamh leis na dualgais sin ról bainistíochta ná aon chumhacht chinnteoireachta, ná freagracht as na hoibríochtaí i dtrácht ná aon ról rialaithe ar na hoibríochtaí sin, ach ról ionadaíoch nó comhairleach amháin. Ciallaíonn “fondúireacht nó comhlacht chomhchosúil” aon eagraíocht nó comhlachas neamhbhrabúsach atá i mbun gníomhaíochtaí ar mhaithe le leas an phobail sna réimsí thuasluaite. Seachnóidh na Comhaltaí aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó na hoifigí sin, nó a d’fhéadfaí a thuiscint go hoibiachtúil go dtagann sí chun cinn, go háirithe má fhaigheann an chomhlacht i dtrácht aon chineál maoinithe ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

3.   Féadfaidh na Comhaltaí, ar choinníoll go ndéanann siad Airteagail 2 agus 10 a chomhall, gabháil do na gníomhaíochtaí seachtracha seo a leanas freisin:

(a)

ndéantar aon íocaíocht nó, má dhéantar íocaíocht, go n-íocann an t-eagraí an t-airgead sin go díreach le carthanas de rogha an Chomhalta; cúrsaí a thabhairt ar mhaithe le lánpháirtiú na hEorpa, leis an smacht reachta nó le heitic, nó óráidí a thabhairt, nó páirt a ghlacadh i gcomhdhálacha, ar choinníoll nach

(b)

dleacht ó shaothair a fhoilsítear i dtaca le feidhmeanna an Chomhalta a íoc go díreach le carthanas de rogha an Chomhalta; leabhar a fhoilsiú nó alt a scríobh, ar choinníoll go ndéanfaidh an foilsitheoir aon

4.   Ní bheidh gníomhaíochtaí seachtracha ina dtrúig le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an bonn a bhaint de neamhchlaontacht na Cúirte;

(b)

coinbhleacht leasa a chruthú, nó é a bheith le tuiscint go hoibiachtúil go gcruthaíonn sé coinbhleacht leasa;

(c)

tréimhse iomarcach ama a thógáil, agus an tionchar carnach a bhíonn ag gníomhaíochtaí seachtracha iomlána an Chomhalta á chur san áireamh;

(d)

aon airgead a ghnóthú don Chomhalta.

Airteagal 13

Oibleagáidí na gComhaltaí tar éis dóibh scor dá n-oifig

1.   Tar éis dóibh scor dá n-oifig, urramóidh na hiar-Chomhaltaí na hoibleagáidí sin a eascraíonn as a ndualgais a leanfaidh d’éifeacht a bheith acu tar éis a dtéarma, go háirithe an dualgas iad féin a iompar le hionracas agus le discréid a mhéid a bhaineann le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 286(4) CFAE, agus a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a shonraítear sa Chód Iompair seo.

2.   Leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag dualgais na discréide agus na coláisteachta, mar a leagtar síos in Airteagal 11, i dtaca leis na gníomhaíochtaí a rinne siad le linn a dtéarma oifige. I gcomhréir le hAirteagal 339 CFAE, leanfaidh oibleagáid na rúndachta gairmiúla d’fheidhm a bheith aici tar éis do Chomhaltaí scor dá n-oifig.

II.   RIALACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 14

Dearbhú Leasanna

1.   Déanfaidh na Comhaltaí Dearbhú Leasanna a chur isteach:

(a)

laistigh d’aon mhí amháin ar a mhéid ó dhul i seilbh oifige;

(b)

ar bhonn bliantúil an 31 Eanáir;

(c)

tráth ar bith, i gcás athruithe suntasacha ar an bhfaisnéis atá le dearbhú (lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachtracha nua faoi mar a chumhdaítear le mír 10); agus

(d)

ar éirí as oifig dóibh.

2.   Cuirfear na Dearbhuithe Leasanna sin faoi bhráid an Uachtaráin agus úsáid á baint as an bhfoirm atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCód Iompair seo.

3.   Beidh na nithe a liostaítear i míreanna 4 go 11 den Airteagal seo sa Dearbhú Leasanna.

4.   Dearbhóidh Comhaltaí na Cúirte aon leas, sócmhainn nó dliteanas airgeadais a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú i gcomhlíonadh a ndualgas nó a bhféadfaí a thuiscint go hoibiachtúil go gcruthaíonn siad coinbhleacht leasa.

5.   Áirítear leis sin sealúchais aonair i gcaipiteal cuideachta, go háirithe scaireanna, agus cineálacha eile sealúchais amhail bannaí in-chomhshóite nó deimhnithe infheistíochta. Ní gá aonaid in iontaobhais aonad, nach leas díreach i gcaipiteal cuideachta iad, a dhearbhú.

6.   Déanfar aon mhaoin atá faoi úinéireacht, go díreach nó trí chuideachta réadmhaoine, a dhearbhú agus neas-suíomh na maoine sin mar aon lena cineál a shainaithint, cé is moite de thithe nach mbaintear aon úsáid eile astu ach an úsáid sin a bhaineann an t-úinéir agus a dteaghlach astu. Ní dhéanfar sócmhainní sochorraithe a áireamh leis an méid sin.

7.   Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le leasanna airgeadais céilí, páirtithe (1) agus leanaí mionaoiseacha, i gcás ina bhféadfaí a mheas go hoibiachtúil go bhfuil na leasanna sin in ann coinbhleacht leasa a chruthú.

8.   Ar dhul i mbun oifige den chéad uair dóibh, dearbhóidh na Comhaltaí gach gníomhaíocht, idir ghairmiúil agus oinigh, a raibh siad ag gabháil dóibh i rith na trí bliana roimhe sin.

9.   Déanfaidh na Comhaltaí, d’fhonn teacht roimh aon riosca coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, aon ghníomhaíocht ghairmiúil de chuid a gcéilí nó a bpáirtithe (2) a dhearbhú.

10.   Dearbhóidh na Comhaltaí gach gníomhaíocht sheachtrach reatha, agus déanfaidh siad an méid sin sa bhreis ar iad a dhearbhú i gcomhréir leis an nós imeachta sonrach a leagtar síos in Airteagal 16(1). Eisiafar leis sin gníomhaíochtaí seachtracha a thagann faoi Airteagal 12(3).

11.   Dearbhóidh na Comhaltaí aon oirneas, duais nó onóir atá bronnta orthu.

12.   Is iad na Comhaltaí atá freagrach as a ndearbhuithe féin.

13.   Scrúdóidh Uachtarán na Cúirte na dearbhuithe ó thaobh na foirmiúlachta de, le tacaíocht ón tSeirbhís Dlí. Scrúdóidh an chéad Chomhalta eile an in ord tosaíochta don Uachtarán faoi Airteagal 5 de na Rialacha Nós Imeachta an Dearbhú Leasanna a dhéanfaidh an tUachtarán.

14.   Tar éis an scrúdaithe sin agus ag féachaint go cuí do chosaint sonraí pearsanta, foilseofar na Dearbhuithe Leasanna sin ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

15.   Chun aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, cuirfidh an tUachtarán na dearbhuithe san áireamh nuair a bheidh sé nó sí ag moladh an Comhalta a shannadh chuig Sheomra nó Coiste de chuid na Cúirte.

16.   Más rud é go bhfaigheann Comhaltaí iad féin i staid atá lasmuigh de raon feidhme an Dearbhaithe Leasa agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le coinbhleacht leasa, cuirfidh siad an méid sin in iúl d’Uachtarán na Cúirte. Tar éis don Choiste Eitice scrúdú a dhéanamh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Cúirte agus déanfaidh an Chúirt cibé beart a mheasanna sí is iomchuí.

Airteagal 14a

Oibleagáidí na gComhaltaí maidir le caidrimh chonarthacha áirithe

1.   Déanfar aon chaidreamh conarthach fadtéarmach idir Comhaltaí agus daoine d’fhoireann na Cúirte, bíodh aon íocaíocht ag baint leis nó ná bíodh, a dhearbhú don Choiste Eitice, atá freagrach as an méid sin a scrúdú.

2.   Ní dhéanfaidh na Comhaltaí comhaontuithe fadtéarmacha cíosa, focíosa ná iasachta le daoine d’fhoireann na Cúirte.

Airteagal 15

Glacadh le tabhartais agus sochair chomhchosúla

1.   Más rud é, de bhua nósanna taidhleoireachta agus cúirtéise, go bhfaigheann Comhaltaí tabhartais nó sochair chomhchosúla ar mó a luach ná EUR 150, tabharfaidh siad ar láimh don Ard-Rúnaí iad. I gcás amhrais, déanfaidh siad dearbhú leis an Ard-Rúnaí maidir le haon tabhartas a fuair siad i gcomhlíonadh a ndualgais dóibh, agus iarrfaidh siad go ndéanfar measúnú ar a luach.

2.   Coimeádfaidh Rúnaíocht na Cúirte clár de thabhartais agus sochair chomhchosúla ar mó a luach ná EUR 150, ina sainaithneofar na deontóirí, agus a bheidh ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le misin oifigiúla údaraithe ina mbeidh Comhalta rannpháirteach in imeacht, agus arb é nó í an t-eagraí a bheidh ag seasamh costas áirithe (mar shampla, costais taistil nó óstáin).

Airteagal 16

Oibleagáidí na gComhaltaí maidir le gníomhaíochtaí seachtracha

1.   Dearbhóidh na Comhaltaí gan mhoill d’Uachtarán na Cúirte gach gníomhaíocht sheachtrach nó aon athrú ar ghníomhaíocht dhearbhaithe, agus úsáid á baint as an bhfoirm in Iarscríbhinn II. Tabharfaidh na Comhaltaí tuairisc ar na gníomhaíochtaí seachtracha chomh cruinn agus is féidir de réir gach ceann de na critéir atá liostaithe i mír 3.

2.   Cuirfidh an tUachtarán aon dearbhú den sórt sin a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha ar aghaidh chuig an gCoiste Eitice, atá freagrach as é a scrúdú.

3.   Chuige sin, scrúdóidh an Coiste Eitice aon ghníomhaíocht sheachtrach atá ann cheana nó a iarradh i bhfianaise na gcritéar ginearálta a leagtar síos in Airteagal 12(4).

4.   Mar eisceacht air sin, déanfar gníomhaíochtaí seachtracha de bhun Airteagal 12(3)(a) agus (b) a dhearbhú don Uachtarán agus úsáid á baint as an bhfoirm in Iarscríbhinn II agus seolfar iad chun críocha faisnéise chuig an gCoiste Eitice, agus ní eiseoidh an coiste sin tuairim mura rud é go measann sé gur gá sin.

5.   Ní féidir gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chinneadh na Cúirte maidir le speansais mhisin Chomhaltaí na Cúirte a bheith ina “gníomhaíochtaí seachtracha” de réir bhrí Airteagail 12 agus 16 den Chód seo. Tá sé de shaoirse ag Comhaltaí i gcónaí aon fhaisnéis is cuí leo a chur ar fáil don Choiste Eitice, díreach ar mhaithe leis an gCoiste sin a chur ar an eolas. Os a choinne sin, ní fhéadfaidh gníomhaíocht sheachtrach arna dearbhú faoin gCód seo tairbhiú d’aisíocaíocht faoi Chinneadh na Cúirte maidir le speansais mhisin Chomhaltaí na Cúirte.

Airteagal 17

Gairmeacha Comhaltaí tar éis dóibh scor dá n-oifig

1.   Aon uair a bheidh sé ar intinn ag Comhaltaí nó iar-Chomhaltaí na Cúirte gabháil le gairm le linn an dá bhliain tar éis dóibh scor dá n-oifig, dearbhóidh siad an méid sin d’Uachtarán na Cúirte agus úsáid á baint as an bhfoirm atá in Iarscríbhinn III a luaithe a fhaigheann siad eolas faoin ábhar agus, más féidir, le fógra dhá mhí ar a laghad.

2.   Chun críocha an Chóid seo, ciallaíonn “gairm” aon ghníomhaíocht ghairmiúil, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach. Ní áirítear leis sin na nithe seo a leanas:

(a)

bhfuil aon nasc acu le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh, sa réimse polaitiúil, dlíthiúil, eolaíoch, cultúrtha, ealaíne, sóisialta, spóirt nó carthanachta nó i bhforais oideachais; oifigí oinigh, neamhchúitithe i bhfondúireachtaí nó in eagraíochtaí comhchosúla, nach

(b)

sócmhainní nó sealúchais nó rachmas pearsanta nó teaghlaigh a bhainistiú go huile agus go hiomlán i gcáil phríobháideach; agus

(c)

gníomhaíochtaí inchomparáide.

3.   Cuirfidh an tUachtarán na dearbhuithe sin ar aghaidh lena scrúdú chuig an gCoiste Eitice. Scrúdóidh an Coiste Eitice an bhfuil nádúr na gairme atá beartaithe comhoiriúnach le hAirteagal 286(4) CFAE agus leis an gCód seo, an mbaineann sé an bonn de neamhchlaontacht na Cúirte nó nach mbaineann, agus an bhfuil coinbhleacht leasa ann nó nach bhfuil.

4.   I gcás inar gá, déanfaidh an Coiste Eitice, agus an scrúdú sin á dhéanamh aige faoi mhír 3, a shainaithint agus a mheasúnú an bhfuil aon riosca sonrach agus cuí-réasúnaithe ann do na critéir i mír 3 a eascraíonn as tuarascálacha ar ghníomhaigh an Comhalta mar Chomhalta Tuairiscithe ina leith sa dá bhliain dheireanacha dá shainordú nó dá sainordú. Tabharfaidh an Coiste aird freisin ar Airteagal 15 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus maidir leis an gceart chun obair a dhéanamh.

5.   Má mheasann an Coiste Eitice go mbeadh an ghairm ar neamhréir le hAirteagal 286(4) CFAE agus leis an gCód seo, cuirfidh an tUachtarán é sin in iúl don iar-Chomhalta, a staonfaidh ó ghabháil don ghníomhaíocht sin.

6.   Mar eisceacht, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iar-Chomhalta dul i mbun oifige poiblí, ní bheifear ag súil, i bprionsabal, go n-éireoidh coinbhleacht leasa as sin.

III.   AN CREAT EAGRAÍOCHTÚIL

Airteagal 18

An Coiste Eitice

1.   Déanann an Chúirt, leis seo, Coiste Eitice a bhunú, a bhreithneoidh aon ní eiticiúil a mheasann sé a bheith ábhartha do na caighdeáin a leagtar síos sa Chód seo agus do chlú na Cúirte, lena n-áirítear na caighdeáin sin a fheabhsú tuilleadh.

2.   Tá comhdhéanamh an Choiste leagtha síos in Airteagal 33 de na Rialacha maidir le Rialacha Nós Imeachta na Cúirte a Chur Chun Feidhme.

3.   Toghfaidh an Coiste Cathaoirleach as measc a Chomhaltaí.

4.   Déanfar an Coiste a chomóradh arna iarraidh sin ag an gcathaoirleach nó tar éis iarraidh ar thuairim a bheith curtha faoina bhráid ag an Uachtarán nó ag Comhalta den Chúirt. Is i modh rúin a dhéanfar plé an Choiste.

5.   Eiseoidh an Coiste tuairim laistigh de 10 lá tar éis dul i gcomhairle leis. Má mholann an cathaoirleach é, féadfaidh an Coiste tuairim a eisiúint trí nós imeachta i scríbhinn. Mar eisceacht air sin, nuair a rachfar i gcomhairle leis an gCoiste faoi Airteagal 17, eiseoidh sé tuairim a luaithe is féidir.

6.   Glacfaidh an Coiste a thuairimí trí vótáil tromlaigh. Beidh a thuairimí cuí-réasúnaithe agus déanfar tagairt d’aon dearcadh easaontach. Cuirfear na tuairimí sin in iúl láithreach d’aon Chomhalta nó iar-Chomhalta a bhféadfadh tuairim an Choiste a bheith bainteach leo agus cuirfear ar aghaidh mar eolas chuig an Uachtarán agus chuig an gCúirt iad.

7.   I gcás a mbeidh ar an gCoiste dearbhú leasanna nó dearbhú maidir le gníomhaíocht sheachtrach de chuid Comhalta den Choiste a bhreithniú, gabhfaidh Comhalta malartach den Choiste ionad an Chomhalta sin agus ní ghlacfaidh an Comhalta i dtrácht páirt in obair an Choiste ar an ábhar.

8.   Comhlíonfaidh an Coiste Eitice an ról a shanntar dó sa chinneadh lena leagtar amach beartas na Cúirte maidir le timpeallacht shásúil oibre a chothabháil agus maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chomhrac.

9.   Tabharfaidh an tSeirbhís Dlí cúnamh don Choiste Eitice ina chuid cúraimí agus cuirfidh sí tacaíocht rúnaíochta ar fáil.

10.   Síneofar conradh idir an Chúirt agus Comhaltaí Seachtracha an Choiste ina leagfar síos a gcearta agus a n-oibleagáidí maidir lena sainordú, lena n-áirítear méid na dtáillí.

Airteagal 19

Idirghníomhaíocht idir na Comhaltaí, an Coiste Eitice agus an Chúirt

1.   Féadfaidh Uachtarán agus Comhaltaí agus iar-Chomhaltaí na Cúirte comhairle an Choiste a lorg maidir le haon cheist eiticiúil, go háirithe maidir le léirmhíniú an Chóid Iompair seo.

2.   Tabharfaidh na Comhaltaí tuairisc i scríbhinn láithreach don Uachtarán agus don Déan ábhartha faoi aon tionchar míchuí ar a neamhspleáchas nó faoi bhagairt dá neamhspleáchas ag aon eintiteas atá seachtrach den Chúirt.

3.   Comhoibreoidh Comhaltaí agus iar-Chomhaltaí na Cúirte go hiomlán leis an gCoiste, go háirithe maidir le haon fhaisnéis agus doiciméad tacaíochta a d’iarr sé a sholáthar. Beidh an ceart acu éisteacht a fháil.

4.   Má easaontaíonn Comhalta nó iar-Chomhalta le tuairim ón gCoiste Eitice a théann chun dochair don Chomhalta nó don iar-Chomhalta sin, déanfaidh siad, laistigh de chúig lá oibre ón dáta a bhfaighfear an tuairim, cúiseanna leis an easaontú sin a thabhairt i scríbhinn don Uachtarán, agus déanfaidh an tUachtarán an t-ábhar a tharchur gan mhoill chuig an gCúirt lena bhreithniú agus chun cinneadh críochnaitheach a dhéanamh. I gcás ina mbainfidh an tarchur le slí bheatha atá beartaithe faoi Airteagal 17, déileálfaidh an Chúirt leis an ábhar gan mhoill.

5.   Na héifeachtaí a bheadh ag tuairim an Choiste arna tarchur amhlaidh chun na Cúirte, déanfar iad a fhionraí. Tabharfaidh an Chúirt aon teagasc sealadach is iomchuí léi ar an ábhar a tharchuirfear go dtí go mbeidh a cinneadh críochnaitheach glactha aici. Déanfaidh an Comhalta nó an t-iar-Chomhalta lena mbaineann teagasc agus cinneadh críochnaitheach den sórt sin a chomhlíonadh gan mhoill.

6.   Féachfaidh Uachtarán na Cúirte chuige go ngníomhófar ar thuairimí an Choiste agus ar aon teagasc nó cinneadh ón gCúirt a eascraíonn uathu sin.

7.   Glacfaidh an Chúirt tuarascáil gach bliain maidir le cur i bhfeidhm an Chóid Iompair seo, lena n-áirítear obair an Choiste Eitice. Foilseofar an tuarascáil sin ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

Airteagal 20

Comhar le OIPE agus OLAF

Gan dochar d’fhorálacha ábhartha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe an Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí, agus na téacsanna ábhartha maidir lena gcur i bhfeidhm, go háirithe na ráthaíochtaí nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1939 ón gCoimisiún (3) agus i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), comhoibreoidh Comhaltaí na Cúirte go hiomlán le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise i gcomhthéacs fiosrúcháin agus imscrúduithe a dhéanfaidh siad.

IV.   FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Cur i bhFeidhm an An Chóid Iompair

1.   Áiritheoidh Uachtarán agus Comhaltaí na Cúirte go ndéanfar de réir an Chóid Iompair seo agus go gcuirfear i bhfeidhm de mheon macánta é agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta. Tá na rialuithe inmheánacha agus seachtracha atá ag an gCúirt cheana féin infheidhme maidir le gníomhaíochtaí faoin gCód seo.

2.   I léirthuiscint an Chóid seo, agus gan dochar dá fhorálacha, ina bhfuil sraith iomlán de chearta agus d’oibleagáidí, ba cheart aon chleachtas nó caighdeán ábhartha Eorpach agus idirnáisiúnta a chur san áireamh.

Airteagal 22

Forálacha críochnaitheacha

1.   Tá an Cód Iompair seo ina chuid de na Rialacha maidir le Rialacha Nós Imeachta na Cúirte a Chur Chun Feidhme, agus déanfar é a chur i gceangal leo.

2.   Aisghaireannn sé an Cód Iompair do Chomhaltaí na Cúirte an 10 Feabhra 2022, agus gabhann sé a ionad.

3.   Tiocfaidh sé i bhfeidhm le héifeacht láithreach.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 14(8) den Chód Iompair athbhreithnithe maidir le Comhaltaí a bhfuil a dtéarmaí oifige ar siúl tráth a ghlacfar an Cód seo.

5.   Tabharfar fógra d’iar-Chomhaltaí faoin gCód Iompair seo, a dhéanfar a sheoladh mar eolas chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

An tUachtarán

Klaus-Heiner LEHNE


(1)  Páirtí seasmhach i gcaidreamh neamhphósta mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(c) d’Iarscríbhinn VII de na Rialacháin Foirne.

(2)   Ibid.

(3)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme ar bhunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) ( IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

DEARBHÚ LEASANNA

(de bhun Airteagal 14)

Ainm iomlán:

I.

Leasanna, sócmhainní agus dliteanais airgeadais (Airteagal 14(4) agus (5) den Chód Iompair) dhualgas nó a bhféadfaí a thuiscint go hoibiachtúil go gcruthaíonn sé coinbhleacht

Sonraigh aon ní a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú i gcomhlíonadh do leasa.

Tabhair le fios maidir le gach leas:

An cineál leasa (e.g. scaireanna, bannaí, iasachtaí, leas nó dliteanas eile)

An t-eintiteas lena mbaineann (e.g. cuideachta, banc, ciste)

Méid an leasa (e.g. líon na scaireanna)

 

 

 

II.

Leasanna airgeadais céile, páirtí nó leanaí mionaoiseacha a bhféadfaí a mheas go hoibiachtúil ina leith go bhféadfadh coinbhleacht leasa teacht as (Airteagal 14(7) den Chód Iompair)

Sonraigh ainmneacha an chéile, an pháirtí nó na leanaí mionaoiseacha lena mbaineann, mar aon leis an bhfaisnéis chéanna atá le cur isteach faoi I.

III.

Réadmhaoin (Airteagal 14(6) den Chód Iompair)

neas-suíomh agus cineál na maoine sin a shainaithint  (1) . Ní mheastar go bhfuil sé Aon mhaoin atá faoi úinéireacht, go díreach nó trí chuideachta réadmhaoine, agus riachtanach luach na maoine a thabhairt.

IV.

Gníomhaíochtaí roimhe sin (Airteagal 14(8) den Chód Iompair) (2)

Sonraigh, le do thoil, nádúr an phoist nó na bpost, ainm an chomhlachta agus a chuspóir/gníomhaíocht.

V.

Gníomhaíochtaí seachtracha reatha (Airteagal 14(10) den Chód Iompair) (3) (4)

Sonraigh teideal gach gníomhaíochta agus déan cur síos ar nádúr agus cuspóir na gníomhaíochta sin.

VI.

Gníomhaíochtaí gairmiúla an chéile nó an pháirtí (Airteagal 14(9) den Chód Iompair)

VII.

Oirnis, duaiseanna agus onóracha agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise (Airteagal 14(11) den Chód Iompair)

Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha thuas fíor.

Dáta:

Síniú:

Poibleofar an dearbhú seo i gcomhréir le hAirteagal 14(14) den Chód.


(1)  Mar a leagtar síos in Airteagal 14(6), ní áireofar leis sin ‘tithe nach mbaintear aon úsáid eile astu ach an úsáid sin a bhaineann an t-úinéir agus a dteaghlach astu’.

(2)  Ba cheart go ndéanfadh Comhaltaí nua an dearbhú faoin mír seo ag tús a gcéad téarma. Aon uair a dhéantar a ndearbhú a nuashonrú, ba chóir an chuid seo a chóipeáil gan athrú. Comhaltaí a thosaíonn téarma breise 6 bliana (an dara téarma nó an tríú téarma), agus nuair nach bhfuil briseadh idir téarmaí oifige, beidh siad díolmhaithe ón dearbhú a dhéanamh faoin mír seo.

(3)  Ní dhéantar na gníomhaíochtaí seachtracha a liostaítear in Airteagal 12(3)(a) agus (b) a dhearbhú anseo, ach ina ionad sin déileáiltear leo i gcomhréir le hAirteagal 16(4).

(4)  Más rud é go bhfuil tú díreach tar éis do chéad théarma oifige a thosú, agus má tá ceann amháin nó níos mó de do ghníomhaíochtaí seachtracha fós á scrúdú tar éis duit do dhearbhú a dhéanamh faoi Airteagal 16, ní mór duit, mar sin féin, iad a liostú ina n-iomláine agus an fonóta seo a leanas a chur leis: “Tá an ghníomhaíocht sheachtrach seo á scrúdú faoi láthair ag Coiste Eitice na Cúirte”. Nuair a bheidh an nós imeachta faoi Airteagal 16(3) tugtha chun críche, cuir isteach leagan nuashonraithe den Dearbhú Leasanna a léiríonn iarmhairtí an nós imeachta.


IARSCRÍBHINN II

DEARBHÚ MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH

(de bhun Airteagail 12 agus 16)

Ainm iomlán:

Teideal na gníomhaíochta seachtraí:

Tuairisc:

Tabhair tuairisc, le do thoil, chomh cruinn agus is féidir ar an ngníomhaíocht, agus déan cibé doiciméad ábhartha a chur i gceangal leis seo.

Faisnéis:

Tabhair faisnéis, le do thoil, lena léirítear chun críocha meastóireachta an ndéanann nó nach ndéanann an ghníomhaíocht:

(a)

an bonn a bhaint de neamhchlaontacht na Cúirte;

(b)

coimhlint leasa a chruthú;

(c)

an iomarca ama a thógáil (don ghníomhaíocht féin agus freisin nuair a dhéantar do ghníomhaíochtaí seachtracha carntha a chur san áireamh);

(d)

aon airgid a ghnóthú duit.

An dáta atá beartaithe don ghníomhaíocht sheachtrach:

Liostaigh aon chostas taistil nó chothaithe atá á gcumhdach ag tríú páirtithe:

Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha thuas fíor.

Dáta:

Síniú:


IARSCRÍBHINN III

DEARBHÚ GAIRME

(De bhun Airteagal 17 (1))

Ainm iomlán:

Slí bheatha bheartaithe:

Tuairisc:

Tabhair tuairisc, le do thoil, chomh cruinn agus chomh hiomlán is féidir ar an ngairm, agus déan cibé doiciméad ábhartha a chur i gceangal leis seo mar iarscríbhinní.

Faisnéis:

Tabhair faisnéis, le do thoil, lena léirítear chun críocha meastóireachta an ndéanann nó nach ndéanann an ghairm:

(a)

an bonn a bhaint de neamhchlaontacht na Cúirte:

(b)

coimhlint leasa a chruthú:

Dáta tosaigh atá beartaithe don ghairm:

Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha thuas fíor.

Dáta:

Síniú:


(1)  Tabhair faoi deara nach gá gníomhaíochtaí a thagann faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 17(2)(a), (b) nó (c) a dhearbhú.