24.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 167/135


TREOIRLÍNE (AE) 2022/989 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 2 Bealtaine 2022

lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/975 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta (BCE/2014/31) (BCE/2022/19)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2), an chéad fhleasc, de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 3.1, an chéad fhleasc, agus Airteagail 5.1, 12.1, 14.3 agus 18.2 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 18.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra iontu (dá ngairtear “BCNanna” anseo feasta), oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh chun cuspóirí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a bhaint amach, oibríochtaí ina mbeidh an chomhthaobhacht leordhóthanach ina bonn faoin iasachtú. Leagtar síos na coinníollacha ginearálta faoina mbeidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta ullamh chun dul i mbun oibríochtaí creidmheasa, lena n-áirítear na critéir lena gcinntear incháilitheacht na comhthaobhachta chun críocha oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais i dTreoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (1).

(2)

Is gá tuilleadh soiléireacht a thabhairt maidir leis an láimhseáil a dhéantar chun críoch incháilitheachta ar rátaí tagartha úis le haghaidh sócmhainní indíolta.

(3)

Rinne an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú cuimsitheach ar na bearta éascaithe comhthaobhachta sealadacha a glacadh ó bhí 2020 ann chun aghaidh a thabhairt ar na cúinsí eisceachtúla eacnamaíocha agus airgeadais a bhaineann le spré ghalar an choróinvíris (COVID-19). Áiríodh ar na bearta sin caolchorrlaigh luachála a laghdú go sealadach; incháilitheacht sócmhainní, agus eisitheoirí agus ráthóirí na sócmhainní sin, a chomhlíon íoscheanglais cáilíochta creidmheasa an Eurochórais an 7 Aibreán 2020 ach a íosghrádaíodh ina dhiaidh sin, a choinneáil ar bun; agus cead a thabhairt do bhainc cheannais náisiúnta glacadh le hurrúis fiachais cheannasaigh arna n-eisiúint ag rialtas láir na Poblachta Heilléanaí agus nach gcomhlíontar ceanglais cáilíochta creidmheasa an Eurochórais leo, mar chomhthaobhacht incháilithe. Cuireadh san áireamh san athbhreithniú sin (a) gur cheart contrapháirtithe an Eurochórais a ghlacann páirt in oibríochtaí athmhaoiniúcháin spriocdhírithe fadtéarmacha a dhéantar faoi Chinneadh (AE) 2019/1311 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/21) (2) a bheith in ann leanúint de chomhthaobhacht leordhóthanach a shlógadh le haghaidh na n-oibríochtaí sin; (b) an tionchar comhthaobhachta ar chontrapháirtithe an Eurochórais a bhfuil baint acu le gach ceann de na bearta sin; (c) breithnithe riosca a bhaineann le gach ceann de na bearta sin; (d) breithnithe eile margaidh agus beartais.

(4)

Sa chomhthéacs sin, chinn an Chomhairle Rialaithe an 23 Márta 2022, inter alia, deireadh a chur de réir a chéile leis an laghdú caolchorrlaigh thuasluaite ina dhá chéim, agus go dtosódh an chéad chéim acu sin an 8 Iúil 2022 chun cosaint riosca agus éifeachtúlacht riosca an Eurochórais a mhéadú.

(5)

Maidir le sócmhainní indíolta, agus eisitheoirí agus ráthóirí na sócmhainní sin a chomhlíon íoscheanglais cáilíochta creidmheasa an Eurochórais an 7 Aibreán 2020 ach a rinne na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a nglactar leo san Eorachóras iad a íosghrádú ina dhiaidh sin go leibhéal cáilíochta creidmheasa atá faoi bhun íosmhéid an Eurochórais, chinn sí freisin gan glacadh a thuilleadh leo mar incháilithe, ón 8 Iúil 2022, chun filleadh ar bhealach comhsheasmhach le caitheamh le heisitheoirí, sócmhainní indíolta agus ráthóirí laistigh de chreat comhthaobhachta an Eorachórais, ar neamhcheist le huair dhéanta a ngníomhaíochtaí ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

(6)

Maidir le hurrúis fiachais indíolta arna n-eisiúint ag rialtas láir na Poblachta Heilléanaí nach gcomhlíontar ceanglais cáilíochta creidmheasa an Eorachórais leo ach lena gcomhlíontar gach critéar incháilitheachta eile is infheidhme maidir le sócmhainní indíolta, chinn an Chomhairle Rialaithe ina theannta sin leanúint de chead a thabhairt do BCNanna glacadh leo mar chomhthaobhacht incháilithe, ar a laghad fad a mhairfidh athinfheistíochtaí sna hurrúis sin faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) (3), faoi réir sceideal sonrach caolchorrlach. Beart sealadach a bheidh sa bheart sin agus is faoi réir na mbreithnithe breise seo a leanas a bheidh sé: (a) an gá atá ann leanúint de chosc a chur le rochtain ar bheartas airgeadaíochta an Eurochórais imeacht ina conamar, ilroinnt a chuirfeadh isteach ar oibriú ceart mheicníocht tharchurtha an bheartais airgeadaíochta de chuid gheilleagar na Gréige fad atá sí fós ag téarnamh ó dheasca na paindéime; (b) na gealltanais a thug an Phoblacht Heilléanach i gcomhthéacs an fhaireachais fheabhsaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus faireachán ar a chur chun feidhme ag institiúidí an Aontais; (c) gurb amhlaidh atá bearta faoisimh ó fhiachais meántéarmacha le haghaidh na Poblachta Heilléanaí a sheachadtar tríd an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach ag brath ar chur chun feidhme na ngealltanas sin a leanúint ar aghaidh; (d) an fhaisnéis faoi staid eacnamaíoch agus airgeadais na Poblachta Heilléanaí atá le fáil ag BCE de thoradh BCE a bheith rannpháirteach sa chreat faireacháin fheabhsaithe; (e) gurb amhlaidh a bheidh, fiú tar éis dheireadh an fhaireachais fheabhsaithe: (i) staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais na Poblachta Heilléanaí á hathbhreithniú go tráthrialta i gcomhthéacs an fhaireachais iarchláir faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 agus i gcomhthéacs chóras réamhrabhaidh ráithiúil an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, (ii) bearta faoisimh ó fhiachais le haghaidh na Poblachta Heilléanaí á nascadh fós leis an bhfaireachas iarchláir sin, agus (iii) íocaíochtaí amach atá beartaithe leis an bPoblacht Heilléanach i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) faoi réir na ngarspriocanna agus na spriocanna comhaontaithe á gcur i gcrích go rathúil i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán sin; (f) an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, an Coimisiún Eorpach, agus BCE ag déanamh measúnuithe tráthrialta ar inbhuanaitheacht fiachais cheannasaigh; (g) rochtain ag BCE fós ar fhaisnéis ar staid eacnamaíoch agus airgeadais na Poblachta Heilléanaí, fiú tar éis dheireadh an fhaireachais fheabhsaithe, trí na sásraí a dtugtar tuairisc orthu faoi phointí (e)(i) agus (e)(iii) thuas.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne 2014/528/AE ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/31) (6) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear treoirlíne BCE/2014/31 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 in Airteagal 7:

“3.   Maidir le hionstraimí fiachais indíolta ar a dtugtar tuairisc i mír 1, agus ag a bhfuil cúpóin atá nasctha le ráta margaidh airgid aonair arna sholáthar ag banc ceannais, nó arna sholáthar ag riarthóir i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó ráta margaidh airgid arna áireamh mar thagarmharc de chuid tríú tír sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin ina airgeadra ainmníochta acu nó atá nasctha le hinnéacs boilscithe nach bhfuil aon struchtúr raoin scoite, struchtúr fabhraithe raoin, comhla chumhachta ná aon struchtúir chasta chomhchosúla ann i leith na tíre faoi seach, is comhthaobhacht incháilithe iad freisin chun críocha oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).”;"

(2)

scriostar mír 3 in Airteagal 8a;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12 in Airteagal 8b:

“12.   Leanfaidh forálacha an Airteagail seo d’fheidhm a bheith acu go dtí an 7 Iúil 2022.”;

(4)

cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo in ionad Iarscríbhinn IIa;

(5)

cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoirlíne seo in ionad Iarscríbhinn IIb.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

1.   Gabhfaidh éifeacht leis an Treoirlíne seo an lá a thabharfar fógra ina leith do BCNanna.

2.   Déanfaidh BCNanna na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm ón 8 Iúil 2022 amach iad, cé is moite de na bearta chun Airteagal 1, pointe 2 agus pointe 3, a chomhlíonadh, a chuirfidh siad i bhfeidhm ón 30 Meitheamh 2022 amach. Tabharfaidh siad fógra don Bhanc Ceannais Eorpach faoi na téacsanna agus na modhanna a bhaineann leis na bearta sin faoin 20 Bealtaine 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Seolaithe

Dírítear an Treoirlíne seo chuig bainc cheannais uile an Eurochórais.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 2 Bealtaine 2022.

Do Chomhairle Rialaithe an BCE

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (Treoirlíne maidir leis an Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1311 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Iúil 2019 maidir leis an tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoiniúcháin spriocdhírithe fadtéarmacha (BCE/2019/21) (IO L 204, 2.8.2019, lch. 100).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/440 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Márta 2020 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (BCE/2020/17) (IO L 91, 25.3.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(6)  Treoirlíne 2014/528/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Iúil 2014 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta agus lena leasaítear Treoirlíne BCE/2007/9 (BCE/2014/31) (IO L 240, 13.8.2014, lch. 28).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Treoirlíne BCE/2014/31:

“IARSCRÍBHINN IIa

Leibhéil caolchorrlaigh luachála (ina %) a chuirtear i bhfeidhm ar urrúis de bhun sócmhainní (ABS) atá incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Treoirlíne seo

Meánré Ualaithe  (*1)

Caolchorrlach luachála

[0,1)

5,4

[1,3)

8,1

[3,5)

11,7

[5,7)

13,5

[7,10)

16,2

[10, ∞)

27

”;

(*1)  i.e. [0,1) meánré ualaithe (WAL) is lú ná bliain amháin, [1,3) WAL is mó ná bliain amháin nó cothrom leis sin agus is lú ná 3 bliana, etc.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IIb a ghabhann le Treoirlíne BCE/2014/31:

“IARSCRÍBHINN IIb

Leibhéil caolchorrlaigh luachála (ina %) a chuirtear i bhfeidhm ar shócmhainní incháilithe indíolta dá dtagraítear in Airteagal 8a

Cáilíocht chreidmheasa

A mbeidh fágtha den téarma (blianta)  (*1)

Catagóir I

cúpón seasta

cúpón nialasach

cúpón comhlúthach

Céim 4

[0,1)

7,2

7,2

7,2

[1,3)

10,8

11,7

10,8

[3,5)

12,6

13,5

12,6

[5,7)

14,0

15,3

14,0

[7,10)

14,9

16,2

14,9

[10, ∞)

16,2

18,9

16,2

Céim 5

[0,1)

9

9

9

[1,3)

12,6

13,5

12,6

[3,5)

14,9

15,8

14,9

[5,7)

16,2

17,6

16,2

[7,10)

17,1

18,5

17,1

[10, ∞)

18,5

21,2

18,5

”.

(*1)  i.e. [0,1) níos lú ná bliain amháin fágtha den téarma, [1,3) níos mó ná bliain amháin nó cothrom leis sin agus níos lú ná 3 bliana fágtha den téarma, etc.