22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/1


TREOIR (AE) 2022/2523 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le blianta beaga anuas, tá bearta cinniúnacha glactha ag an Aontas chun an comhrac i gcoinne na pleanála ionsaithí cánach laistigh den mhargadh inmheánach a threisiú. Leis na treoracha i gcoinne seachaint cánach leagtar síos rialacha i gcoinne chreimeadh an bhoinn cánach sa mhargadh inmheánach agus i gcoinne an brabús a aistriú amach as an margadh inmheánach. Leis na rialacha sin, tiontaíodh i ndlí an Aontais na moltaí a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) i gcomhthéacs an tionscnaimh i gcoinne chreimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) chun a áirithiú go ngearrfar cáin ar bhrabúis fiontar ilnáisiúnta (FINanna) san áit ina ndéantar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha as a dtagann na brabúis agus ina gcruthaítear luach.

(2)

Mar iarracht leanúnach chun deireadh a chur le cleachtais chánach FINanna, lena gcuirtear ar a gcumas brabúis a aistriú go dlínsí ina bhfuil siad faoi réir cánachas ar bith nó cánachas an-íseal, tá sraith rialacha idirnáisiúnta cánach forbartha ag ECFE chun a áirithiú go n-íocfaidh FINanna cion cothrom cánach cibé áit a n-oibríonn siad. Is é is aidhm don athchóiriú mór seo íosleibhéal domhanda cánachais a leagan síos le haghaidh iomaíocht maidir le rátaí cánach ioncaim chorparáidigh. Trí dheireadh a chur le cuid mhór de na buntáistí a bhaineann le brabúis a aistriú chuig dlínsí nach ngearrtar aon cháin iontu nó nach ngearrtar ach cáin an-íseal iontu, leis an athchóiriú domhanda maidir le cáin íosta tabharfar cothrom na Féinne i gcrích do ghnólachtaí ar fud an domhain agus éascófar na dlínsí a mbonn cánach a chosaint níos fearr.

(3)

Tá an cuspóir polaitiúil sin tiontaithe ina rialacha dar teideal ‘Tax Challenges Arising from the Digitalisation of the Economy – Global Anti-Base Erosion Model Rules (Pillar Two)’ [Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair - Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Colún a Dó)] (‘Rialacha Samhla ECFE’) arna bhformheas le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS an 14 Nollaig 2021, creat a bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit ina leith. Sa tuarascáil uaithi chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach a d'fhormheas an Chomhairle an 7 Nollaig 2021, d'athdhearbhaigh an Chomhairle go dtacaíonn sí go láidir leis an athchóiriú domhanda maidir le cáin íosta agus gheall sí an t-athchóiriú sin a chur chun feidhme go pras trí bhíthin dhlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit a ngealltanas chun feidhme go héifeachtach chun íosleibhéal domhanda cánach a bhaint amach.

(4)

In Aontas ina bhfuil geilleagair atá comhtháite go dlúth, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an t-athchóiriú domhanda maidir le cáin íosta a chur chun feidhme ar bhealach atá comhleanúnach agus comhordaithe go leordhóthanach. I bhfianaise scála, sonraí agus teicniúlachtaí na rialacha nua idirnáisiúnta cánach sin, ní dhéanfadh ach creat comhchoiteann de chuid an Aontais ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a chosc agus na rialacha nua sin á gcur chun feidhme. Ina theannta sin, le creat comhchoiteann de chuid an Aontais, arna cheapadh chun a bheith comhoiriúnach leis na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sholáthrófaí deimhneacht dhlíthiúil do cháiníocóirí agus rialacha den sórt sin á gcur chun feidhme acu.

(5)

Is gá rialacha a leagan síos chun creat éifeachtúil agus comhleanúnach a bhunú le haghaidh an íosleibhéil dhomhanda cánach ar leibhéal an Aontais. Leis an gcreat sin, cruthaítear córas ina mbeidh dhá riail chomhghlasáilte, dá ngairtear le chéile ‘rialacha GloBE’, trínar cheart méid breise cánach (‘cáin bhreisiúcháin’) a bhailiú gach uair a bheidh ráta cánach éifeachtach de chuid FIN faoi bhun 15 % i ndlínse ar leith. I gcásanna den sórt sin, ba cheart a mheas gur dlínse ísealchánach. Tugtar an Riail um Chuimsiú Ioncaim (IIR) agus an Riail maidir le Brabús faoi thearc-cháin (UTPR) ar an dá riail chomhghlasáilte sin. Faoin gcóras sin, máthaireintiteas FIN atá lonnaithe i mBallstát, ba chóir go mbeadh oibleagáid air IIR a chur i bhfeidhm ar a sciar féin den cháin bhreisiúcháin a bhaineann le haon eintiteas den ghrúpa a bhfuil cáin íseal air, bíodh an t-eintiteas sin lonnaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Ba cheart don UTPR gníomhú mar chúlstop do IIR trí aon mhéid iarmharach de cháin bhreisiúcháin a ath-leithdháileadh i gcásanna nach bhféadfadh máthaireintitis méid iomlán na cánach breisiúcháin a bhaineann le heintitis ísealchánach a bhailiú trí IIR a chur i bhfeidhm.

(6)

Tá sé riachtanach Rialacha Samhla ECFE arna gcomhaontú ag na Ballstáit a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh chomh gar agus is féidir don chomhaontú domhanda chun a áirithiú go mbeidh na rialacha arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit de bhun na Treorach seo cáilithe de réir bhrí Rialacha Samhla ECFE. Cloíonn an Treoir seo go dlúth le hinneachar agus le struchtúr Rialacha Samhla ECFE. Chun an chomhoiriúnacht le dlí príomha an Aontais a áirithiú, agus go háirithe le prionsabail na saoirse bunaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo maidir le heintitis a bhfuil cónaí orthu i mBallstát mar aon le heintitis neamhchónaitheacha máthaireintitis atá lonnaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le grúpaí mórscála intíre. Ar an gcaoi sin, cheapfaí an creat dlíthiúil sa chaoi nach mbeadh aon bhaol ann go ndéanfaí idirdhealú idir cásanna trasteorann agus cásanna náisiúnta. Maidir le gach eintiteas atá lonnaithe i mBallstát a bhfuil córas ísealchánach ann, lena n-áirítear an máthaireintiteas a chuireann IIR i bhfeidhm, ba cheart iad a bheith faoi réir na cánach breisiúcháin. Ar an gcuma chéanna, na comheintitis de chuid an mháthaireintiteas chéanna atá lonnaithe i mBallstát eile, Ballstát a bhfuil córas ísealchánach ann, ba cheart iad a bheith faoi réir na cánach breisiúcháin.

(7)

Cé gur gá a áirithiú go ndíspreagfar cleachtais seachanta cánach, ba cheart drochthionchair ar FINanna níos lú sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chun na críche sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach maidir le heintitis atá lonnaithe san Aontas, eintitis ar comhaltaí iad de ghrúpaí FIN nó de ghrúpaí mórscála intíre a bhfuil an tairseach bhliantúil EUR 750 000 000 ar a laghad d'ioncam comhdhlúite á comhlíonadh acu. Bheadh an tairseach sin comhsheasmhach le tairseach na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann cheana, amhail na rialacha maidir le tuairisciú de réir tíre a leagtar amach i dTreoir 2011/16/AE ón gComhairle (3), arna tabhairt isteach le Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle (4). Tagraítear d'eintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar ‘chomheintitis’. Ba cheart eintitis áirithe a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo bunaithe ar a gcuspóir agus ar a stádas ar leith. Maidir le heintitis eisiata, ba cheart gurbh iad sin na heintitis nach mbíonn trádáil ná gnó á seoladh acu go ginearálta agus a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an leas coiteann, amhail cúram sláinte poiblí agus oideachas a chur ar fáil nó bonneagar poiblí a thógáil, agus a bhféadfadh sé, ar na cúiseanna sin, nach mbeadh siad faoi réir cánach sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe. Is gá, dá bhrí sin, eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, cistí pinsin, agus eagraíochtaí neamhbhrabúis, lena n-áirítear eagraíochtaí chun críocha amhail an tsláinte phoiblí, a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart go bhféadfadh árachóirí cúraim sláinte nach lorgaíonn nó nach ndéanann aon bhrabúis seachas ar mhaithe le cúram sláinte poiblí a áireamh in eagraíochtaí neamhbhrabúis freisin. Ba cheart cistí infheistíochta agus meáin infheistíochta eastáit réadaigh a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo freisin nuair atá siad ag barr an tslabhra úinéireachta, ós rud é go ngearrtar cáin ar an ioncam a thuilleann na heintitis sin ar leibhéal a n-úinéirí.

(8)

Maidir leis an máthaireintiteas deiridh de ghrúpa FIN nó de ghrúpa mórscála intíre, i gcás leas rialaitheach a bheith ag an máthaireintiteas sin go díreach nó go hindíreach i ngach comheintiteas eile de chuid ghrúpa FIN nó den ghrúpa mórscála intíre, tá sé i gcroílár an chórais. Ós rud é go gceanglaítear ar an máthaireintiteas deiridh de ghnáth cuntais airgeadais na n-eintiteas uile de chuid ghrúpa FIN nó den ghrúpa mórscála intíre a chomhdhlúthú nó, murab amhlaidh atá, go n-éileofaí amhlaidh faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha, tá faisnéis chriticiúil aige agus is é ab fhearr chun a áirithiú maidir leis an leibhéal cánach in aghaidh na dlínse i gcás an ghrúpa, go gcomhlíonfaidh sé an t-íosráta cánach comhaontaithe. I gcás ina mbeidh an máthaireintiteas deiridh lonnaithe san Aontas, ba cheart, dá bhrí sin, gur air a bheidh an phríomhoibleagáid faoin Treoir seo IIR a chur i bhfeidhm ar a sciar leithdháilte den cháin bhreisiúcháin a bhaineann le gach comheintiteas íseal-chánach de ghrúpa FIN, is cuma cé acu laistigh nó lasmuigh den Aontas atá siad lonnaithe. Ba cheart do mháthaireintiteas deiridh de ghrúpa mórscála intíre IIR a chur i bhfeidhm maidir le méid iomlán na cánach breisiúcháin i ndáil lena chomheintitis ísealchánach.

(9)

In imthosca áirithe, ba cheart an oibleagáid IIR a chur i bhfeidhm a bhogadh síos agus a chur ar chomheintitis eile de ghrúpa FIN atá lonnaithe san Aontas. Ar an gcéad dul síos, nuair is eintiteas eisiata atá sa máthaireintiteas deiridh nó nuair atá sé lonnaithe i ndlínse tríú tír nach bhfuil Rialacha Samhla ECFE nó rialacha coibhéiseacha curtha chun feidhme aici agus nach bhfuil IIR cáilithe acu, ba cheart oibleagáid a bheith ar mháthaireintitis idirmheánacha atá suite faoi bhun an mháthaireintitis deiridh sa slabhra úinéireachta agus é lonnaithe san Aontas, faoin Treoir, an IIR a chur i bhfeidhm suas go dtí a sciar iomlán den cháin bhreisiúcháin. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil leas rialaithe i máthaireintiteas idirmheánach eile faoi úinéireacht máthaireintitis idirmheánaigh a gceanglaítear air IIR a chur i bhfeidhm, ba cheart don mháthaireintiteas idirmheánach céadluaite IIR a chur i bhfeidhm.

(10)

Ar an dara dul síos, gan beann ar an máthaireintiteas deiridh a bheith lonnaithe i ndlínse ag a bhfuil IIR cáilithe, na máthaireintitis faoi pháirt-úinéireacht agus iad lonnaithe san Aontas, agus a bhfuil os cionn 20 % dá gcothromas faoi úinéireacht sealbhóirí leasa lasmuigh den ghrúpa, ba cheart oibleagáid a bheith orthu faoin Treoir seo IIR a chur i bhfeidhm suas go dtí a sciar leithdháilte den cháin bhreisiúcháin. Níor cheart do mháthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht den sórt sin IIR a chur i bhfeidhm, áfach, nuair atá siad ar lánúinéireacht ag máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht eile a gceanglaítear air IIR a chur i bhfeidhm. Ar an tríú dul síos, nuair is eintiteas eisiata atá sa mháthaireintiteas deiridh nó nuair atá sé lonnaithe i ndlínse gan IIR cáilithe, ba cheart do na comheintitis atá sa ghrúpa an UTPR a chur i bhfeidhm maidir le haon mhéid iarmharach den cháin bhreisiúcháin nach raibh faoi réir IIR i gcomhréir le foirmle leithdháilte bunaithe ar an líon fostaithe agus sócmhainní inláimhsithe atá acu. Ar an gceathrú dul síos, i gcás ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe i ndlínse tríú tír ag a bhfuil IIR cáilithe, ba cheart do chomheintitis ghrúpa FIN UTPR a chur i bhfeidhm maidir leis na comheintitis atá lonnaithe i ndlínse an tríú tír sin, i gcásanna inarb é dlínse ísealchánach é an tríú tír sin bunaithe ar an ráta cánach éifeachtach na gcomheintiteas ar fad atá sa dlínse sin, lena n-áirítear ráta cánach éifeachtach an mháthaireintitis deiridh.

(11)

I gcomhréir le cuspóirí beartais an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta i dtaca le hiomaíocht chóir chánach i measc dlínsí, ba cheart an ráta cánach éifeachtach a ríomh ar leibhéal na dlínse. Chun críche an ráta cánach éifeachtach a ríomh, ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le sraith choiteann rialacha sonracha maidir leis an mbonn cánach a ríomh, dá ngairtear “ioncam nó caillteanas cáilitheach”, agus maidir leis na cánacha a íocadh, dá dtagraítear mar “chánacha cumhdaithe”. Ba cheart gurb iad na cuntais airgeadais an túsphointe, cuntais a úsáidtear chun críocha comhdhlúthaithe, agus ba cheart iad a bheith faoi réir sraith coigeartuithe ina dhiaidh sin, lena n-áirítear freastal ar dhifríochtaí uainiúcháin, chun aon saobhadh idir dlínsí a sheachaint. Thairis sin, ba cheart an t-ioncam nó caillteanas cáilitheach agus cánacha cumhdaithe eintiteas áirithe a leithdháileadh ar eintitis ábhartha eile laistigh de ghrúpa FIN chun neodracht a áirithiú sa chaoi a ndéileáiltear le hioncam nó caillteanas cáilitheach ó thaobh cánach de a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cánacha cumhdaithe i roinnt dlínsí éagsúla, mar gheall ar chineál na n-eintiteas (mar shampla, eintitis thréshreafa, eintitis hibrideacha nó buanbhunaíocht) nó mar gheall ar an gcóir shonrach chánach ar ioncam (mar shampla, íocaíocht díbhinne nó córas cánach maidir le corparáid faoi rialú eachtrach). Maidir le cánacha cumhdaithe, ba cheart an Treoir seo a léirmhíniú i bhfianaise aon treorach breise a chuirfidh ECFE ar fáil, agus ba cheart do na Ballstáit é sin a chur san áireamh lena áirithiú go ndéanfar cánacha arna gcumhdach sna Ballstáit uile agus sna dlínsí tríú tír uile a shainaithint go haonfhoirmeach.

(12)

Ba cheart ráta cánach éifeachtach de ghrúpa FIN i ngach dlínse ina ndéanann sé gníomhaíochtaí nó de ghrúpa mórscála intíre a chur i gcomparáid leis an íosráta cánach 15 % a comhaontaíodh chun a chinneadh ar cheart do ghrúpa FIN nó don ghrúpa mórscála intíre a bheith faoi dhliteanas cáin bhreisiúcháin a íoc agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh IRR nó an UTPR a chur i bhfeidhm. Leis an ráta íosta cánach 15 % arna chomhaontú i gCreat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS, léirítear cothromaíocht i measc rátaí cánach corparáide ar fud an domhain. I gcásanna ina dtiteann an ráta cánach éifeachtach de ghrúpa FIN faoi bhun an íosráta cánach i ndlínse ar leith, ba cheart an cháin bhreisiúcháin a leithdháileadh ar na heintitis i ngrúpa FIN atá faoi dhliteanas an cháin sin a íoc i gcomhréir le cur i bhfeidhm IIR agus UTPR, chun cloí leis an ráta íosta éifeachtach 15 % a comhaontaíodh ar fud an domhain. I gcásanna ina dtiteann an ráta cánach éifeachtach de ghrúpa mórscála intíre faoi bhun an íosráta cánach, ba cheart do mháthaireintiteas deiridh an ghrúpa mórscála intíre IIR a chur i bhfeidhm maidir lena gcomheintitis ísealchánach, chun a áirithiú go mbeidh an grúpa sin faoi dhliteanas cáin a íoc ar ráta cánach íosta éifeachtach 15 %.

(13)

Chun na Ballstáit a chumasú le bheith in ann tairbhe a bhaint as an ioncam ón gcáin bhreisiúcháin a bhailítear ar na comheintitis ísealchánach atá lonnaithe ar a gcríoch, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh córas náisiúnta cáilithe um cháin bhreisiúcháin a chur i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún nuair a roghnaíonn siad cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm, rud ar cuspóir dó cinnteacht leordhóthanach a thabhairt d'údaráis chánach na mBallstát eile agus na ndlínsí tríú tír, mar aon le grúpaí FIN, maidir le hinfheidhmeacht na cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe go dtí comheintiteas ísealchánach sa Bhallstát sin. Maidir le comheintitis de ghrúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát a roghnaigh córas den sórt sin a chur chun feidhme ina gcóras cánach náisiúnta féin, ba cheart dóibh an cháin bhreisiúcháin a íoc leis an mBallstát sin. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcóras sin go ríomhtar an cánachas íosta éifeachtach ar ioncam cáilitheach nó ar chaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas ar an mbealach céanna agus a ríomhtar an cháin bhreisiúcháin i gcomhréir leis an Treoir seo.

(14)

Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, ba cheart a chur san áireamh leis an Treoir seo cásanna sonracha áirithe ina laghdaítear rioscaí BEPS. Dá bhrí sin, ba cheart eisiamh ioncaim atá bunaithe ar shubstaint a áireamh sa Treoir seo, bunaithe ar na costais a bhaineann le fostaithe agus ar luach sócmhainní inláimhsithe i ndlínse ar leith. Leis an díolmhú sin, réiteofaí, go pointe áirithe, cásanna ina ndéanann grúpa FIN nó grúpa mórscála intíre gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil láithreacht ábhartha ag teastáil uathu i ndlínse ísealchánach mar nach dócha go dtiocfadh borradh faoi chleachtais BEPS i gcás den sórt sin. Ba cheart cás sonrach ghrúpaí FIN atá ag an gcéim tosaigh dá ngníomhaíocht idirnáisiúnta a bhreithniú freisin ionas nach ndíspreagfaí forbairt gníomhaíochtaí trasteorann ag grúpaí FIN a bhaineann leas as cáin íseal ina ndlínse náisiúnta ina bhfuil siad ag feidhmiú den chuid is mó. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí náisiúnta ghrúpaí FIN den sórt sin a bhfuil cáin íseal orthu a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha ar feadh idirthréimhse cúig bliana, ar choinníoll nach bhfuil comheintitis ag grúpa FIN i níos mó ná sé dhlínse. Chun cóir chomhionann a áirithiú do ghrúpaí mórscála intíre, ba cheart an t-ioncam ó ghníomhaíochtaí na ngrúpaí sin a eisiamh freisin ar feadh idirthréimhse cúig bliana.

(15)

Ina theannta sin, chun aghaidh a thabhairt ar chás ar leith na mBallstát sin ina bhfuil ceanncheathrú ag fíorbheagán grúpaí agus a dhéanann freastal ar líon chomh híseal sin de chomheintitis is go mbeadh sé díréireach é a éileamh láithreach ar riaracháin chánach na mBallstát sin IIR agus UTPR a chur i bhfeidhm, agus i bhfianaise stádais an chur chuige choitinn atá i rialacha GLoBE, bheadh sé leordhóthanach na Ballstáit a chumasú lena roghnú gan IIR agus UTPR a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta ama. Ba cheart do na Ballstáit a ndéanfaidh rogha den sórt sin fógra a thabhairt don Choimisiún faoin spriocdháta chun an Treoir seo a thrasuí.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit sin a roghnaíonn gan IIR agus UTPR a chur i bhfeidhm go sealadach an Treoir seo a thrasuí ar bhealach ina ndéanfar feidhmiú cuí chóras íosta an chánachais dhomhanda ar ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus ar ghrupaí mórscála intíre san Aontas a áirithiú. Baineann sé seo go háirithe leis an oibleagáid atá ar chomheintitis náisiúnta na mBallstát sin comheintiteas na mBallstát eile agus i ndlínsí tríú tír a chur ar an eolas ionas go mbeidh Ballstáit eile agus dlínsí tríú tír in ann UTPR a chur i bhfeidhm. Ba cheart an t-ualach riaracháin ar chórais riaracháin cánach na mBallstát a d'fheidhmigh an rogha sin a bheith teoranta a mhéid is féidir, agus cur i bhfeidhm éifeachtach na Treorach seo ar fud an Aontais á chaomhnú ag an am céanna. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit sin dul i mbun plé leis an gCoimisiún, agus a chomhairle agus a chúnamh a lorg d'fhonn teacht ar chomhthuiscint ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le trasuí na Treorach seo sa dlí náisiúnta.

(17)

Mar gheall ar chineál an-luaineach agus ar thimthriall fada eacnamaíoch earnáil na loingseoireachta, is gnách go mbíonn sí faoi réir córas malartach nó córas forlíontach cánachais sna Ballstáit. Ionas nach mbainfear an bonn ón réasúnaíocht bheartais sin agus go gceadófar do na Ballstáit leanúint de chóireáil cánach shonrach a chur i bhfeidhm ar earnáil na loingseoireachta i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta agus le rialacha maidir le státchabhair, ba cheart ioncam loingseoireachta a eisiamh ón gcóras.

(18)

Chun cothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta agus an t-ualach riaracháin ar riaracháin chánach agus ar cháiníocóirí, ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le heisiamh de minimis i gcás grúpaí FIN nó grúpaí mórscála intíre ag a bhfuil meánioncam níos lú ná EUR 10 000 000 agus meánioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach faoi bhun EUR 1 000 000 i ndlínse ar leith. Níor cheart do ghrúpaí FIN nó grúpaí mórscála intíre den sórt sin cáin bhreisiúcháin a íoc fiú má tá ráta cánach éifeachtach acu faoi bhun an íosráta cánach sa dlínse sin.

(19)

D'fhéadfadh cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo maidir le grúpaí FIN agus grúpaí mórscála intíre a thagann faoina raon feidhme den chéad uair saobhadh a chruthú toisc airíonna cánacha a bheith ann, lena n-áirítear caillteanais ó bhlianta fioscacha roimhe sin, nó ó dhifríochtaí uainiúcháin, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le rialacha idirthréimhseacha chun deireadh a chur leis an saobhadh sin. Ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag laghdú de réir a chéile ar na rátaí le haghaidh an phárolla agus na sócmhainní inláimhsithe chomh maith chun aistriú rianúil chuig an gcóras nua cánach a éascú.

(20)

Ós rud é gur cheart do ghrúpaí FIN agus grúpaí mórscála intíre cáin a íoc ar leibhéal íosta i ndlínse ar leith agus le haghaidh bliain fhioscach ar leith, ba cheart é a bheith d'aidhm eisiach ag cáin bhreisiúcháin a áirithiú go mbeidh brabúis na ngrúpaí sin faoi réir cánach ag íosráta cánach éifeachtach i mbliain fhioscach ar leith. Ar an gcúis sin, níor cheart go bhfheidhmeodh na rialacha maidir le cáin bhreisiúcháin mar cháin a thoibhítear go díreach ar ioncam an eintitis ach ina ionad sin ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an róbhrabús i gcomhréir le bonn caighdeánaithe agus meicníochtaí sonracha don ríomh cánach chun ioncam ar cháin íseal laistigh de na grúpaí lena mbaineann a shainaithint agus chun cáin bhreisiúcháin a fhorchur a thabharfadh ráta cánach éifeachtach grúpa ar an ioncam sin suas leis an íosleibhéal cánach a comhaontaíodh. Mar sin féin, ní chuirtear cosc ar dhlínse na rialacha sin a chur i bhfeidhm faoi chóras cánach ioncaim chorparáidigh ina dhlí náisiúnta mar thoradh ar an dearadh atá ar IRR agus UTPR mar chánacha breisiúcháin.

(21)

Mar thoradh ar an gcomhaontú polaitiúil ar thángthas air ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart gurbh iad na córais chánach dáileacháin a chuirtear san áireamh i rialacha GloBE na córais a bhí i bhfeidhm an 1 Iúil 2021 nó roimhe sin, dáta an chéad ráiteas Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS dar teideal “Ráiteas maidir le Réiteach Décholúnach ar Dhúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair”, lenar comhaontaíodh an chóir speisialta a dhéanfar ar chórais cánach dáileacháin incháilithe. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar athruithe ar chóras cánach dáileacháin dlínse atá i gcomhréir leis an dearadh atá air faoi láthair.

(22)

Chun an córas a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na nósanna imeachta a chomhordú ar leibhéal grúpa. Beidh sé riachtanach córas a oibriú lena n-áiritheofar an sreabhadh faisnéise gan bhac laistigh de ghrúpa FIN agus i dtreo riaracháin chánach ina bhfuil comheintitis lonnaithe. Ba cheart gur ar an gcomheintiteas féin a bheadh an phríomhfhreagracht an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú. Ba cheart feidhm a bheith ag tarscaoileadh na freagrachta sin, áfach, i gcás ina bhfuil eintiteas eile ainmnithe ag grúpa FIN chun an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú. D'fhéadfadh sé gur eintiteas áitiúil nó eintiteas ó dhlínse eile a bhfuil comhaontú údaráis inniúil i bhfeidhm aige le Ballstát an chomheintitis a bheadh i gceist. Leis an bhfaisnéis sin a chomhdaítear mar chuid den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin, ba cheart go gceadófaí do na riaracháin chánach ina bhfuil na comheintitis lonnaithe meastóireacht a dhéanamh ar chruinneas dhliteanas an chomheintitis i leith na cánach breisiúcháin nó na cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe, de réir na gcásanna, trí nósanna imeachta náisiúnta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear tuairisceáin chánach náisiúnta a chomhdú. Beidh tuilleadh treorach atá le forbairt i gCreat Cur Chun Feidhme GloBE ó ECFE ina foinse fónta léirithe agus léirmhínithe i ndáil leis sin, agus d'fhéadfadh sé go roghnódh na Ballstáit treoir den sórt sin a ionchorprú sa dlí náisiúnta. I bhfianaise na gcoigeartuithe comhlíontachta a cheanglaítear le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart tréimhse 18 mhí a dheonú do ghrúpaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair chun na ceanglais faisnéise a chomhlíonadh.

(23)

I bhfianaise na dtairbhí a bhaineann le trédhearcacht sa réimse cánach, is ábhar misnigh é go ndéanfar méid suntasach faisnéise a chomhdú leis na húdaráis chánach i ndlínsí rannpháirteacha go léir. Ba cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar ghrúpaí FIN laistigh de raon feidhme na Treorach seo faisnéis chuimsitheach agus mhionsonraithe a chur ar fáil maidir lena mbrabúis agus a ráta éifeachtach cánach i ngach dlínse ina bhfuil comheintitis acu. D'fhéadfaí a bheith ag súil leis go méadófaí an trédhearcacht dá ndéanfaí tuairisciú forleathan den sórt sin.

(24)

Agus an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as Rialacha Samhla ECFE agus na mínithe agus na samplaí i nDúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair – Tráchtaireacht ar na Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Colún a Dó) arna n-eisiúint ag Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS, chomh maith le Creat Cur Chun Feidhme GloBE, lena n-áirítear a rialacha maidir le foráil tearmainn mar fhoinse léirithe nó léirmhínithe chun comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm ar fud na mBallstát a áirithiú sa mhéid is go bhfuil na foinsí sin comhsheasmhach leis an Treoir seo agus le dlí an Aontais. Ba cheart rialacha den sórt sin maidir le foráil tearmainn a bheith ábhartha maidir le grúpaí FIN chomh maith le grúpaí mórscála intíre.

(25)

Tá éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta ag brath go mór ar a chur chun feidhme ar fud an domhain. Chun forfheidhmiú cuí na rialacha faoin Treoir seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit pionóis leordhóthanacha a chur i bhfeidhm, go háirithe i leith na n-eintiteas sin nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú agus a sciar den cháin bhreisiúcháin a íoc. Ba cheart do na Ballstáit, agus na pionóis sin á gcinneadh acu, aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá le dul i ngleic leis an riosca nach ndearbhóidh grúpa FIN an fhaisnéis is gá chun UTPR a chur i bhfeidhm. Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin, ba cheart do na Ballstáit pionóis athchomhairleacha a leagan síos.

(26)

Beidh sé ríthábhachtach freisin go gcuirfidh príomh-chomhpháirtithe trádála uile an Aontais IIR cáilithe nó sraith rialacha coibhéiseacha i bhfeidhm maidir le cáin íosta. Maidir leis an gceist i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil IIR arna cur chun feidhme ag dlínse tríú tír a chloíonn leis an gcomhaontú domhanda ina IIR cáilithe de réir bhrí an chomhaontaithe dhomhanda, is iomchuí tagairt a dhéanamh don mheasúnú atá le déanamh ar leibhéal ECFE. Thairis sin agus chun tacú le deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtúlacht na rialacha cánach íosta domhanda, tá sé tábhachtach na coinníollacha a shonrú tuilleadh faoinar féidir na rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlínse tríú tír, ar dlínse í nach ndéanfaidh rialacha an chomhaontaithe dhomhanda a thrasuí, a chur ar choibhéis le IIR cáilithe. Is é cuspóir an mheasúnaithe ar an gcoibhéis, den chuid is mó, cur i bhfeidhm na Treorach seo ag an mBallstát a shoiléiriú agus a shonrú, go sonrach a mhéid a bhaineann le UTPR. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo do mheasúnú, arna ullmhú ag an gCoimisiún tar éis mheasúnú ECFE, ar na critéir choibhéise bunaithe ar pharaiméadair shonracha áirithe. Maidir leis an gcinneadh faoi cé acu na dlínsí tríú tír atá ag cur i bhfeidhm creataí dlíthiúla a mheastar a bheith coibhéiseach le IIR cáilithe, ba cheart go dtiocfadh sé go díreach as na critéir oibiachtúla a leagtar amach sa Treoir seo agus ba cheart dó cloí leis an measúnú ECFE. Is iomchuí mar sin, sa chomhthéacs ar leith sin, foráil a dhéanamh do ghníomh tarmligthe. Go háirithe, níor cheart dul i muinín gnímh tharmligthe sa chomhthéacs sonrach sin a mheas mar fhasach d'ionstraimí reachtacha eile arna nglacadh faoin nós imeachta reachtach speisialta, i bhfianaise an phróisis cinnteoireachta is cuí maidir le cúrsaí cánach.

(27)

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le haon dlínse tríú tír nach ndéanann rialacha an chomhaontaithe dhomhanda a thrasuí agus nach ndeonaítear coibhéis ar a rialacha náisiúnta le IIR cáilithe. Sa chomhthéacs sin, ní mór modheolaíocht chomhchoiteann a fhorbairt chun méideanna a leithdháileadh, méideanna a chumhdófaí faoi rialacha an chomhaontaithe dhomhanda mar chánacha cumhdaithe, chuig eintitis laistigh de ghrúpa FIN a bheadh faoi réir na cánach breisiúcháin i gcomhréir le rialacha na Treorach seo. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as Creat Cur Chun Feidhme GloBE ó ECFE mar thagairt do leithdháileadh na gcánacha cumhdaithe sin.

(28)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Treoir seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca lena chinneadh, tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, cé acu dlínsí a bhfuil creat dlíthiúil ar féidir a mheas go bhfuil sé coibhéiseach le IRR cáilithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5).

(29)

Agus an Treoir seo ag teacht i bhfeidhm in 2022 agus an teorainn ama lena trasuí ag na Ballstáit socraithe don 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí, gníomhóidh an tAontas i gcomhréir leis an amlíne a leagtar amach sa Ráiteas maidir le Réiteach Décholúnach ar Dhúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair a d’aontaigh Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS an 8 Deireadh Fómhair 2021 (“ráiteas mhí Dheireadh Fómhair 2021 ó Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS”), ar dá réir a bhfuil Colún a Dó le tabhairt isteach sa dlí in 2022, ionas go mbeidh éifeacht leis in 2023, agus UTPR ag teacht i bhfeidhm in 2024.

(30)

Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo maidir le cur i bhfeidhm UTPR ó 2024 chun a chur ar chumas dlínsí tríú tír IIR a chur i bhfeidhm sa chéad chéim de chur chun feidhme Rialacha Samhla ECFE.

(31)

Foráiltear i ráiteas mhí Dheireadh Fómhair 2021 i ndáil le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS maidir le réiteach dhá cholún. Sa Phlean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis sin socraítear na hamlínte chun gach colún a chur chun feidhme. Ós rud é go bhfuil sé d'aidhm ag an Treoir seo Colún a Dó a chur chun feidhme, fad atáthar ag feitheamh leis an obair ar Cholún a hAon a bheith tugtha chun críche, is gá a chinntiú go gcuirtear Colún a hAon chun feidhme chomh maith. Chuige sin, déantar foráil sa Treoir seo lena gcuirtear d'oibleagáid ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh i gCreat Cuimsitheach um BEPS ECFE/G20. Aithnítear gur féidir leis an gCoimisiún, má mheasann sé gurb iomchuí sin, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair, lena bhreithniú ag na Ballstáit.

(32)

Ba cheart don Chomhairle, roimh dheireadh gach seimeastair, ag tosú an 1 Iúil 2022, measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cur chun feidhme Cholún a hAon de Ráiteas Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS a tugadh i nDeireadh Fómhair 2021.

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon creat comhchoiteann a chruthú le haghaidh íosleibhéal domhanda cánach laistigh den Aontas ar bhonn an chur chuige choitinn atá i Rialacha Samhla ECFE, a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar mar dá ngníomhódh na Ballstáit go neamhspleách, bheadh an baol ann go gcruthófaí ilroinnt sa mhargadh inmheánach agus ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach réitigh a ghlacadh a fheidhmíonn mar is ceart sa mhargadh inmheánach ina iomláine, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais de bharr scála an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(34)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé barúlacha foirmiúla an 10 Feabhra 2022. Maidir leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint de bhun Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith le Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Treoir seo, bunaítear bearta coiteanna le haghaidh íoschánachas éifeachtach grúpaí ilnáisiúnta fiontar (FIN) agus grúpa mórscála intíre sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

riail um chuimsiú ioncaim (IRR) ar i gcomhréir léi a ríomhann máthaireintiteas ghrúpa FIN nó máthaireintiteas grúpa mórscála intíre a chion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa agus a íocann an máthaireintiteas an cháin sin; agus

(b)

riail maidir le brabús faoi thearc-cháin (UTPR) ar i gcomhréir léi atá speansas cánach airgid breise ag comheintiteas ghrúpa FIN arb ionann é agus a chion de cháin bhreisiúcháin nár gearradh faoin IIR i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a roghnú cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm ar i gcomhréir léi a dhéanfaidh na comheintitis ísealchánach go léir atá lonnaithe ina ndlínse cáin bhreisiúcháin a ríomh agus a íoc ar a róbhrabús de bhun na Treorach seo.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comheintitis atá lonnaithe i mBallstát ar comhaltaí de ghrúpa FIN nó de ghrúpa mórscála intíre iad, ar grúpa é ag a bhfuil ioncam bliantúil de EUR 750 000 000 nó níos mó, lena n-áirítear ioncam na n-eintiteas eisiata dá dtagraítear i mír 3, sna ráitis airgeadais chomhdhlúite dá mháthaireintitis deiridh in dhá cheann ar a laghad de na 4 bliana fhioscacha díreach roimh an mbliain fhioscach a tástáladh.

2.   I gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na 4 bliana fhioscacha dá dtagraítear i mír 1 níos faide nó níos giorra ná 12 mhí, coigeartófar an tairseach ioncaim dá dtagraítear sa mhír sin go comhréireach le haghaidh gach ceann de na blianta fioscacha sin.

3.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na heintitis seo a leanas (“eintitis eisiata”):

(a)

eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach, ciste pinsin, ciste infheistíochta ar máthaireintiteas deiridh é nó meán infheistíochta réadmhaoine ar máthaireintiteas deiridh é;

(b)

eintiteas ina a bhfuil ar a laghad 95 % de luach an eintitis faoi úinéireacht ag ceann amháin nó níos mó de na heintitis sin dá dtagraítear i bpointe (a), go díreach nó trí eintiteas eisiata amháin nó roinnt acu, seachas eintitis seirbhísí pinsin, ar eintiteas é a dhéanann ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)

a oibríonn go heisiach, nó nach mór go heisiach, chun sócmhainní a shealbhú nó chun cistí a infheistiú ar mhaithe leis an eintiteas nó na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a); nó

(ii)

a dhéanann gníomhaíochtaí atá coimhdeach leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-eintiteas nó na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

eintiteas ina bhfuil ar laghad 85 % de luach an eintitis faoi úinéireacht, go díreach nó trí eintiteas eisiata amháin nó roinnt acu, ag ceann amháin nó níos mó de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a), seachas eintitis seirbhísí pinsin, ar choinníoll go ndíorthaíonn sé beagnach a ioncam uile ó dhíbhinní nó ó ghnóthachain nó ó chaillteanais chothromais a eisiatar ón ríomh ar an ioncam cáilitheach i gcomhréir le hAirteagal 16(2), pointí (b) agus (c).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an comheintiteas is comhdaitheoir rogha a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 45(1), gan eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den fhomhír sin a láimhseáil mar eintiteas eisiata.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “eintiteas” aon socrú dlítheanach a ullmhaíonn cuntais airgeadais ar leithligh nó aon duine dlítheanach;

(2)

ciallaíonn “comheintiteas” an méid seo a leanas:

(a)

eintiteas ar cuid de ghrúpa FIN nó de ghrúpa mórscála intíre é; agus

(b)

aon bhuanbhunaíocht phríomheintitis ar cuid de ghrúpa FIN í dá dtagraítear i bpointe (a);

(3)

ciallaíonn “grúpa” an méid seo a leanas:

(a)

bailiúchán eintiteas a bhfuil baint acu le chéile trí úinéireacht nó trí urlámhas mar a shainmhínítear leis an gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha le haghaidh ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhaíonn an máthaireintiteas deiridh, lena n-áirítear aon eintiteas a d'fhéadfadh a bheith eisiata ó ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh, bunaithe ar a mhéid bheag, ar fhorais ábharthachta nó ar na forais go bhfuil sé ar seilbh lena dhíol agus bunaithe ar na nithe sin amháin; nó

(b)

eintiteas ag a bhfuil buanbhunaíocht amháin nó níos mó ná sin, ar choinníoll nach cuid de ghrúpa eile mar a shainmhínítear i bpointe (a) é;

(4)

ciallaíonn “grúpa FIN” aon ghrúpa lena n-áirítear eintiteas nó buanbhunaíocht amháin ar a laghad nach bhfuil lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis deiridh;

(5)

ciallaíonn “grúpa mórscála intíre” aon ghrúpa a bhfuil na comheintitis uile lena mbaineann lonnaithe sa Bhallstát céanna;

(6)

ciallaíonn “ráitis airgeadais chomhdhlúite” an méid seo a leanas:

(a)

na ráitis airgeadais a ullmhaíonn eintiteas i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha, ina dtíolactar aon sócmhainn, dliteanas, ioncam, speansas nó sreafaí airgid de chuid an eintitis agus de chuid na n-eintiteas ina bhfuil leas rialaitheach aige amhail is gur aonad aonair eacnamaíoch iad na heintitis sin;

(b)

maidir le grúpaí a shainmhínítear i bpointe (3)(b), na ráitis airgeadais a ullmhaíonn eintiteas i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha;

(c)

ráitis airgeadais an mháthaireintitis deiridh nár ullmhaíodh i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha agus a coigeartaíodh ina dhiaidh sin chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc; agus

(d)

i gcás nach n-ullmhaíonn an máthaireintiteas na ráitis airgeadais a dtugtar tuairisc orthu i bpointe (a), (b) nó (c), na ráitis airgeadais a d'ullmhófaí dá gceanglófaí ar an máthaireintiteas deiridh ráitis airgeadais den sórt sin a ullmhú i gcomhréir le:

(i)

caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha; nó

(ii)

caighdeán cuntasaíochta airgeadais eile agus ar choinníoll gur coigeartaíodh aon ráiteas airgeadais den sórt sin chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc;

(7)

ciallaíonn “bliain fhioscach” an tréimhse chuntasaíochta ar ina leith a n-ullmhaíonn máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre a ráitis airgeadais chomhdhlúite nó, i gcás nach n-ullmhaíonn an máthaireintiteas ráitis airgeadais chomhdhlúite, an bhliain féilire;

(8)

ciallaíonn “comheintiteas is comhdaitheoir” eintiteas a chomhdaíonn tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 44;

(9)

ciallaíonn “eintiteas rialtais” eintiteas a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(a)

is cuid de rialtas é nó tá sé faoi úinéireacht iomlán rialtais, lena n-áirítear aon fhoroinn pholaitiúil nó údarás áitiúil dá chuid;

(b)

ní sheolann sé trádáil ná gnó agus tá sé de phríomhchuspóir aige an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

feidhm rialtais a chomhlíonadh; nó

(ii)

sócmhainní an rialtais nó na dlínse sin a bhainistiú nó a infheistiú trí infheistíochtaí a dhéanamh agus a shealbhú, trí shócmhainní a bhainistiú, agus trí ghníomhaíochtaí infheistíochta gaolmhara i gcomhair shócmhainní an rialtais sin nó na dlínse sin;

(c)

go bhfuil sé cuntasach do rialtas maidir lena fheidhmíocht fhoriomlán, agus cuireann sé tuairisciú bliantúil faisnéise ar fáil don rialtas sin; agus

(d)

go ndílsítear a shócmhainní do rialtas tráth a dhíscaoilte agus sa mhéid a dháileann sé glantuilleamh, déantar an glantuilleamh gan sin a dháileadh ar an rialtas sin gan aon chuid dá ghlantuilleamh a árachú chun leas daoine príobháideacha;

(10)

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” aon eagraíocht idir-rialtasach, lena n-áirítear eagraíocht fhornáisiúnta, nó gníomhaireacht ar lánúinéireacht nó ionstraimiúlacht dá cuid a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sí comhdhéanta de rialtais go príomha;

(b)

go ndearna sí comhaontú faoi cheanncheathrú nó a rinne comhaontú an-chosúil leis an dlínse ina bhfuil sí bunaithe, mar shampla, socruithe a thugann pribhléidí agus díolúintí d'oifigí nó do bhunaíochtaí na heagraíochta atá sa dlínse sin; agus

(c)

go gcuireann sí an dlí nó a doiciméid rialaithe cosc ar a hioncam ag dul chun tairbhe daoine príobháideacha;

(11)

ciallaíonn “eagraíocht neamhbhrabúsach” eintiteas a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé bunaithe agus á fheidhmiú ina dhlínse chónaithe:

(i)

chun críoch creidimh, carthanais, eolaíochta, ealaíne, cultúir, lúthchleasaíochta, nó oideachais, nó chun críche eile comhchosúil; nó

(ii)

mar eagraíocht ghairmiúil, cumann gnó, comhlachas tráchtála, eagraíocht saothair, eagraíocht talmhaíochta nó ghairneoireachta, cumann sibhialta, nó mar eagraíocht atá á feidhmiú go heisiach chun an leas sóisialta a chur chun cinn;

(b)

go bhfuil beagnach an t-ioncam uile ó na gníomhaíochtaí a luaitear i bpointe (a) díolmhaithe ó cháin ioncaim ina dhlínse chónaithe;

(c)

nach bhfuil aon scairshealbhóirí ná comhaltaí aige a bhfuil leas dílsithe nó tairbhiúil acu ina ioncam nó ina shócmhainní;

(d)

nach bhféadfar ioncam ná sócmhainní an eintitis a dháileadh ar dhuine príobháideach ná ar eintiteas neamhcharthanúil, ná a chur i bhfeidhm chun tairbhe an duine nó an eintitis sin, seachas:

(i)

de bhun iompar ghníomhaíochtaí carthanúla an eintitis;

(ii)

mar íocaíocht chúitimh réasúnaigh as seirbhísí a tugadh nó as maoin nó caipiteal a úsáid; nó

(iii)

mar íocaíocht arb ionann í agus margadh luach cóir na maoine a cheannaigh an t-eintiteas; agus

(e)

ar an eintiteas a fhoirceannadh, a leachtú nó a dhíscaoileadh, go bhfuil a shócmhainní uile le dáileadh nó le filleadh ar eagraíocht neamhbhrabúsach nó ar rialtas, lena n-áirítear aon eintiteas rialtais, dhlínse chónaithe an eintitis nó aon fhoroinn pholaitiúil de;

(f)

nach seolann trádáil nó gnó nach bhfuil baint dhíreach acu leis na críocha dár bunaíodh é;

(12)

ciallaíonn “eintiteas tréshreafa” eintiteas a mhéid atá sé trédhearcach go fioscach maidir lena ioncam, a chaiteachas, a bhrabús nó a chaillteanas sa dlínse inar cruthaíodh é mura bhfuil sé ina chónaitheoir chun críoch cánach ná faoi réir cáin chumhdaithe ar a ioncam nó ar a bhrabús i ndlínse eile;

meastar eintiteas tréshreafa:

(a)

ina eintiteas atá trédhearcach ó thaobh cánach de i ndáil lena ioncam, lena chaiteachas, lena bhrabús nó lena chaillteanas a mhéid atá sé trédhearcach go fioscach sa dlínse ina bhfuil a úinéir lonnaithe;

(b)

ina eintiteas hibrideach droim ar ais i ndáil lena ioncam, lena chaiteachas, lena bhrabús nó lena chaillteanas a mhéid nach bhfuil sé trédhearcach go fioscach sa dlínse ina bhfuil a úinéir lonnaithe;

chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn “eintiteas atá trédhearcach go fioscach” eintiteas a gcaitheann dlíthe dlínse lena ioncam, lena chaiteachas, lena bhrabús nó lena chaillteanas amhail is gur dhíorthaigh nó gur thabhaigh úinéir an eintitis sin go díreach é go comhréireach lena leas san eintiteas sin;

déileálfar le leas úinéireachta in eintiteas nó i mbuanbhunaíocht ar comheintiteas é mar eintiteas atá á shealbhú trí struchtúr atá trédhearcach ó thaobh cánach de má shealbhaítear an leas úinéireachta sin go hindíreach trí shlabhra d'eintitis thrédhearcacha chánach;

comheintiteas nach cónaitheoir chun críoch cánach é agus nach bhfuil faoi réir cáin chumhdaithe nó cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe bunaithe ar a áit bhainistíochta, ar áit a chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla, déileálfar leis mar eintiteas tréshreafa agus eintiteas atá trédhearcach ó thaobh cánach de i ndáil lena ioncam, a chaiteachas, a bhrabús nó a chaillteanas a mhéid is gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil a úinéirí lonnaithe i ndlínse ina gcaitear leis an eintiteas mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach;

(b)

nach bhfuil áit ghnó aige sa dlínse inar cruthaíodh é; agus

(c)

nach bhfuil an t-ioncam, an caiteachas, an brabús ná an caillteanas inchurtha i leith buanbhunaíochta;

(13)

ciallaíonn “buanbhunaíocht” an méid seo a leanas:

(a)

áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe i ndlínse ina gcaitear leis an áit sin mar bhuanbhunaíocht i gcomhréir le conradh cánach infheidhme, ar choinníoll go ngearrann an dlínse sin cáin ar an ioncam is inchurtha ina leith i gcomhréir le foráil atá cosúil le hAirteagal 7 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal, arna leasú;

(b)

mura bhfuil aon chonradh cánach infheidhme, áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe i ndlínse ina ngearrtar cáin ar an ioncam is inchurtha i leith na háite gnó sin ar ghlanbhonn ar shlí atá cosúil leis an tslí a ngearrtar cáin ar a cónaitheoirí féin chun críoch cánach;

(c)

mura bhfuil aon chóras cánach corparáide ag dlínse, áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe i ndlínse den sórt sin ar áit í a gcaithfí léi mar bhuanbhunaíocht i gcomhréir le Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal, arna leasú, ar choinníoll go mbeadh sé de cheart ag an dlínse sin cáin a ghearradh ar an ioncam a bheadh inchurtha i leith na háite gnó i gcomhréir le hAirteagal 7 den Choinbhinsiún sin; nó

(d)

áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó nach bhfuil cur síos air i bpointí (a) go (c) trína ndéantar oibríochtaí lasmuigh den dlínse ina bhfuil an t-eintiteas lonnaithe, ar choinníoll go ndíolmhaíonn dlínse den sórt sin an t-ioncam is inchurtha i leith na n-oibríochtaí sin;

(14)

ciallaíonn “máthaireintiteas deiridh” an méid seo a leanas:

(a)

eintiteas a bhfuil leas urlámhais in aon eintiteas eile ar úinéireacht aige go díreach nó go hindíreach agus nach bhfuil ar úinéireacht ag aon eintiteas eile, go díreach nó go hindíreach, ag a bhfuil leas urlámhais ann; nó

(b)

príomheintiteas grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (3)(b) é;

(15)

ciallaíonn “íosráta cánach” cúig déag faoin gcéad (15 %);

(16)

ciallaíonn “cáin bhreisiúcháin” an cháin bhreisiúcháin a ríomhtar le haghaidh dlínse nó le haghaidh comheintitis de bhun Airteagal 27;

(17)

ciallaíonn “córas cánach maidir le cuideachtaí faoi rialú eachtrach” tacar rialacha cánach, seachas IIR cáilithe, faoina bhfuil scairshealbhóir díreach nó indíreach eintiteas eachtrach, nó príomheintiteas buanbhunaíochta, faoi réir cánachais ar a chion den ioncam a thuilleann an comheintiteas eachtrach sin nó ar a chion den ioncam uile, gan beann ar cé acu a dháiltear an t-ioncam sin ar an scairshealbhóir nó nach ndáiltear;

(18)

ciallaíonn “IIR cáilithe” tacar rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse, ar choinníoll nach gcuireann an dlínse sin aon sochair ar fáil a bhaineann leis na rialacha sin, agus ar tacar é ar fíor an méid seo a leanas maidir leis:

(a)

go bhfuil sé coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo nó, a mhéid a bhaineann le dlínsí tríú tír, leis na Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair - Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Colún a Dó) (“Rialacha Samhla ECFE”) ar i gcomhréir leo a ríomhann agus a íocann máthaireintiteas ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre a chion is in-leithdháilte den cháin bhreisiúcháin i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa sin;

(b)

go riartar é ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo nó, a mhéid a bhaineann le dlínsí tríú tír, le Rialacha Samhla ECFE;

(19)

ciallaíonn “comheintiteas ísealchánach” an méid seo a leanas:

(a)

comheintiteas ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre atá lonnaithe i ndlínse ísealchánach; nó

(b)

comheintiteas gan stát ag a bhfuil ioncam cáilitheach agus ráta cánach éifeachtach, i leith bliain fhioscach, atá níos ísle ná an t-íosráta cánach;

(20)

ciallaíonn “máthaireintiteas idirmheánach” comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas eile sa ghrúpa FIN céanna nó sa ghrúpa mórscála intíre céanna ar úinéireacht aige, go díreach nó go hindíreach, agus nach gcáilíonn mar mháthaireintiteas deiridh, mar mháthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht, mar bhuanbhunaíocht nó mar eintiteas infheistíochta;

(21)

ciallaíonn “leas urlámhais” leas úinéireachta in eintiteas lena gceanglaítear ar an sealbhóir leasa, nó lena gceanglófaí ar an sealbhóir leasa sócmhainní, dliteanais, ioncam, speansais agus sreafaí airgeadais an eintitis a chomhdhlúthú ar bhonn líne ar líne, i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha; maidir le príomheintiteas, meastar go bhfuil na leasanna urlámhais ina bhuanbhunaíochtaí féin aige.

(22)

ciallaíonn “máthaireintitis faoi pháirt-úinéireacht” comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas eile sa ghrúpa FIN céanna nó sa ghrúpa mórscála intíre céanna, agus ar úinéireacht aige go díreach nó go hindíreach, ar comheintiteas é a bhfuil níos mó ná 20 % don leas úinéireachta ina bhrabúis ar seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag duine amháin nó daoine éagsúla nach comheintitis den ghrúpa FIN nó den ghrúpa mórscála intíre iad agus nach gcáilíonn mar mháthaireintiteas deiridh, mar bhuanbhunaíocht ná mar eintiteas infheistíochta;

(23)

ciallaíonn “leas úinéireachta” aon leas cothromais lena ngabhann cearta ar bhrabúis, ar chaipiteal nó ar chúlchistí eintitis nó buanbhunaíochta;

(24)

ciallaíonn “máthaireintiteas” máthaireintiteas deiridh nach eintiteas eisiata, máthaireintiteas idirmheánach ná máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht é;

(25)

ciallaíonn “caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha” Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS nó IFRS arna nglacadh ag an Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)) agus prionsabail chuntasaíochta na hAstráile, na Brasaíle, Cheanada, Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, Hong Cong (an tSín), na Seapáine, Mheicsiceo, na Nua-Shéalainne, Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na hIndia, Phoblacht na Cóiré, na Rúise, Shingeapór, na hEilvéise, na Ríochta Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, prionsabail a nglactar leo go ginearálta;

(26)

ciallaíonn “caighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe”, i leith eintitis, tacar prionsabal cuntasaíochta is inghlactha go ginearálta a cheadaíonn comhlacht cuntasaíochta údaraithe sa dlínse ina bhfuil an t-eintiteas sin lonnaithe; chun críocha an tsainmhínithe sin, ciallaíonn comhlacht cuntasaíochta údaraithe comhlacht ag a bhfuil údarás dlíthiúil i ndlínse chun caighdeáin chuntasaíochta a fhorordú, a leagan síos nó a ghlacadh chun críoch tuairiscithe airgeadais.

(27)

ciallaíonn “saobhadh iomaíochta ábhartha” i leith prionsabal sonrach nó nós imeachta sonrach a chur i bhfeidhm faoi thacar prionsabal cuntasaíochta is inghlactha go ginearálta, arb é an toradh atá ar a chur i bhfeidhm ná athrú comhiomlán níos mó ná EUR 75 000 000 ar ioncam nó ar speansas i mbliain fhioscach i gcomparáid leis an méid a chinnfí dá gcuirfí an prionsabal nó an nós imeachta comhfhreagrach i bhfeidhm faoi na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS nó IFRS arna nglacadh ag an Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).

(28)

ciallaíonn “cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe” cáin bhreisiúcháin a chuirtear chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse ar choinníoll nach gcuireann an dlínse sin aon sochair ar fáil a bhaineann leis na rialacha sin, agus ar fíor an méid seo a leanas maidir léi:

(a)

déantar foráil léi maidir le róbhrabúis comheintiteas atá lonnaithe sa dlínse sin a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo nó, a mhéid a bhaineann le dlínsí tríú tír, Rialacha Samhla ECFE agus maidir leis an íosráta cánach a chur i bhfeidhm maidir leis na róbhrabúis sin le haghaidh na dlínse agus na gcomheintiteas i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo nó, a mhéid a bhaineann le dlínsí tríú tír, Rialacha Samhla ECFE; agus

(b)

déantar í a riar ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo nó, a mhéid a bhaineann le dlínsí tríú tír, Rialacha Samhla ECFE;

(29)

ciallaíonn “glanluach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe” meánluachanna tosaigh agus deiridh sócmhainní inláimhsithe tar éis dímheas, ídiú agus lagú carntha a chur san áireamh, mar a thaifeadtar sna ráitis airgeadais;

(30)

ciallaíonn “eintiteas infheistíochta” an méid seo a leanas:

(a)

ciste infheistíochta nó meán infheistíochta réadmhaoine;

(b)

eintiteas atá 95 % ar a laghad faoi úinéireacht go díreach ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a), nó ag slabhra de na heintitis sin, agus a oibríonn go heisiach nó nach mór go heisiach chun sócmhainní a shealbhú nó cistí a infheistiú dá thairbhe; nó

(c)

eintiteas a bhfuil 85 % ar a laghad de luach an eintitis faoi úinéireacht ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go ndíorthaíonn sé a ioncam uile nach mór ó dhíbhinní nó ó ghnóthachain nó ó chaillteanais chothromais a eisiatar ón ríomh ar an ioncam cáilitheach nó ar an gcaillteanas cáilitheach chun críocha na Treorach seo;

(31)

ciallaíonn “ciste infheistíochta” eintiteas nó socrú lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

ceapadh é chun sócmhainní airgeadais agus neamh-airgeadais ó roinnt infheisteoirí, cuid acu nach bhfuil aon nasc eatarthu, a chomhthiomsú;

(b)

infheistíonn sé i gcomhréir le beartas infheistíochta sainithe;

(c)

cuireann sé ar a gcumas do na hinfheisteoirí costais idirbhirt, taighde agus anailíse a laghdú nó an riosca a leathadh le chéile;

(d)

ceapadh é go príomha chun ioncam nó gnóthachain infheistíochta a ghiniúint nó chun cosaint a ghiniúint ar theagmhas nó ar thoradh áirithe nó ginearálta;

(e)

tá ceart ag a infheisteoirí ar thoradh ó shócmhainní an chiste nó ar ioncam a thuilleann na sócmhainní sin, bunaithe ar an ranníocaíocht a rinne siad;

(f)

tá an ciste nó bainistíocht an chiste, faoi réir an chórais rialála, lena n-áirítear rialáil iomchuí maidir le sciúradh airgid a chomhrac agus cosaint infheisteoirí, le haghaidh cistí infheistíochta sa dlínse ina bhfuil sé bunaithe nó ina mbainistítear é; agus

(g)

bainistíonn gairmithe bainistíochta cistí infheistíochta an ciste thar ceann na n-infheisteoirí;

(32)

ciallaíonn “meán infheistíochta réadmhaoine” eintiteas atá ar seilbh go forleathan lena sealbhaítear maoin dho-aistrithe den chuid is mó agus atá faoi réir leibhéal aonair cánachais, faoina chúram féin nó faoi chúram a shealbhóirí leasa, agus bíonn bliain iarchurtha amháin ar a mhéad aige;

(33)

ciallaíonn “ciste pinsin” an méid seo a leanas:

(a)

eintiteas a bhunaítear agus a oibrítear go heisiach nó nach mór go heisiach i ndlínse chun sochair scoir agus sochair choimhdeacha nó theagmhasacha a riar nó a sholáthar do dhaoine aonair más rud é:

(i)

go bhfuil an t-eintiteas sin á rialú amhlaidh ag an dlínse sin nó ag ceann dá foranna polaitiúla nó dá húdaráis áitiúla; nó

(ii)

go ndéantar na sochair sin a dhaingniú nó a chosaint ar shlí eile le rialacháin náisiúnta agus go gcistítear iad le comhthiomsú sócmhainní arna sealbhú trí shocrú muiníneach nó trí iontaobhaí chun comhlíonadh na n-oibleagáidí pinsin comhfhreagracha a áirithiú i gcoinne cás dócmhainneachta ghrúpa FIN agus an ghrúpa mórscála intíre;

(b)

eintiteas seirbhísí pinsin;

(34)

ciallaíonn “eintiteas seirbhísí pinsin” eintiteas a bhunaítear agus a oibrítear go heisiach nó nach mór go heisiach chun cistí a infheistiú chun sochar na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (33)(a) nó chun gníomhaíochtaí a dhéanamh atá coimhdeach leis na gníomhaíochtaí rialáilte dá dtagraítear i bpointe (33)(a), ar choinníoll go bhfuil an t-eintiteas seirbhísí pinsin ina chuid den ghrúpa céanna a dhéanann na gníomhaíochtaí rialáilte sin;

(35)

ciallaíonn “dlínse ísealchánach”, maidir le grúpa FIN nó grúpa mórscála intíre in aon bhliain fhioscach ar bith, Ballstát nó dlínse tríú tír ina bhfuil ioncam cáilitheach ag grúpa FIN nó ag an ngrúpa mórscála intíre agus ina bhfuil sé faoi réir ráta cánach éifeachtach atá níos ísle ná an t-íosráta cánach;

(36)

ciallaíonn “ioncam nó caillteanas cáilitheach” an glanioncam nó an glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais atá ag comheintiteas arna choigeartú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gCaibidlí III, VI agus VII;

(37)

ciallaíonn “cáin bharúlach in-aisíoctha dhícháilithe” aon cháin, seachas cáin bharúlach cháilithe a fhabhraíonn nó a íocann comheintiteas a bhfuil an méid seo a leanas i gceist léi:

(a)

tá sí in-aisíoctha le húinéir tairbhiúil díbhinne a dháileann comheintiteas den sórt sin i leith na díbhinne sin nó tá sí inchreidiúnaithe ag an úinéir tairbhiúil in aghaidh dliteanas cánach seachas dliteanas cánach i leith na díbhinne sin; nó

(b)

tá sí in-aisíoctha leis an gcuideachta is dáilteoir tráth a dháiltear díbhinn ar scairshealbhóir;

chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn “cáin bharúlach cháilithe” cáin chumhdaithe a fhabhraíonn nó a íocann comheintiteas, lena n-áirítear buanbhunaíocht, ar cáin í atá inaisíoctha nó inchreidiúnaithe le húinéir tairbhiúil na díbhinne arna dáileadh ag an gcomheintiteas nó ag an bpríomheintiteas, nó i gcás cáin chumhdaithe a fhabhraíonn nó a íocann buanbhunaíocht, díbhinn arna dáileadh ag an bpríomheintiteas, a mhéid atá an aisíocaíocht iníoctha, nó a dhéantar ceann díobh seo a leanas:

(a)

soláthraíonn dlínse seachas an dlínse a fhorchuir na cánacha cumhdaithe an creidmheas;

(b)

soláthraítear an creidmheas d'úinéir tairbhiúil na díbhinne atá faoi réir cáin ag ráta ainmnithe arb ionann é nó ar mó é ná an t-íosráta cánach, cáin a ghearrtar ar an díbhinn a fuarthas faoi dhlí náisiúnta na dlínse inar forchuireadh na cánacha cumhdaithe ar an gcomheintiteas;

(c)

soláthraítear an creidmheas do dhuine aonair arb é úinéir tairbhiúil na díbhinne agus atá ina chónaitheoir chun críoch cánach sa dlínse inar forcuireadh na cánacha cumhdaithe ar an gcomheintiteas agus atá faoi réir ráta cánach ainmniúil arb ionann é nó ar mó é ná an ráta cánach caighdeánach is infheidhme maidir le gnáthioncam; nó

(d)

soláthraítear an creidmheas d'eintiteas rialtais, d'eagraíocht idirnáisiúnta chónaitheach, d'eagraíocht neamhbhrabúsach chónaitheach, do chiste pinsin cónaitheach, d'eintiteas infheistíochta nach cuid de ghrúpa FIN é ná den ghrúpa mórscála intíre, do chuideachta árachais saoil chónaitheach a mhéid a fhaightear an díbhinn i ndáil le gníomhaíochtaí ciste pinsin cónaitheacha agus atá sí faoi réir cáin ar shlí chomhchosúil le díbhinn a fhaigheann ciste pinsin;

chun críocha phointe (d):

(i)

tá eagraíocht neamhbhrabúis, nó ciste pinsin, cónaitheach i ndlínse má chruthaítear agus má bhainistítear iad sa dlínse sin;

(ii)

tá cónaí ar eintiteas infheistíochta i ndlínse má chruthaítear agus má rialáiltear sa dlínse sin é;

(iii)

tá cónaí ar chuideachta árachais saoil sa dlínse ina bhfuil sí lonnaithe;

(38)

ciallaíonn “creidmheas cánach in-aisíoctha cáilithe” an méid seo a leanas:

(a)

creidmheas cánach in-aisíoctha a cheaptar ar bhealach ina bhfuil sé le híoc mar íocaíocht airgid thirim nó mar choibhéis airgid le comheintiteas laistigh de 4 bliana ón dáta óna bhfuil an comheintiteas i dteideal an creidmheas cánach in-aisíoctha a fháil faoi dhlíthe na dlínse a dheonaíonn an creidmheas; nó

(b)

má tá an creidmheas cánach in-aisíoctha i bpáirt, an chuid den chreidmheas cánach in-aisíoctha is iníoctha mar íocaíocht airgid thirim nó mar choibhéis airgid le comheintiteas laistigh de 4 bliana ón dáta óna bhfuil an comheintiteas i dteideal an creidmheas cánach in-aisíoctha páirteach a fháil;

ní bheidh ar áireamh i gcreidmheas cánach inaisíoctha cáilithe aon mhéid cánach is inchreidiúnaithe nó is inaisíoctha de bhun cáin bharúlach cháilithe nó cáin bharúlach inaisíoctha dícháilithe;

(39)

ciallaíonn “creidmheas cánach inaisíoctha neamhcháilithe” creidmheas cánach nach creidmheas cánach inaisíoctha cáilithe é ach atá inaisíoctha go hiomlán nó go páirteach;

(40)

ciallaíonn “príomheintiteas” eintiteas a áiríonn glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais buanbhunaíochta ina ráitis airgeadais;

(41)

ciallaíonn “úinéir comheintitis” comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta ar úinéireacht aige, go díreach nó go hindíreach, i gcomheintiteas eile de chuid an ghrúpa FIN chéanna nó an ghrúpa mórscála intíre chéanna;

(42)

ciallaíonn “córas cánach dáileachán incháilithe” córas cánach corparáide lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)

ní fhorchuirtear cáin ioncaim ar bhrabúis leis ach amháin nuair a dháiltear na brabúis sin ar scairshealbhóirí nó nuair a mheastar go ndáiltear iad, nó i gcás ina dtabhaíonn an chuideachta costais áirithe nach speansais ghnó iad;

(b)

forchuirtear cáin leis ar ráta atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná an ráta sin; agus

(c)

bhí sé i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2021 nó roimhe sin;

(43)

ciallaíonn “UTPR cáilithe” tacar de rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse, ar choinníoll nach gcuireann an dlínse sin aon sochair ar fáil a bhaineann leis na rialacha sin, agus ar tacar é ar fíor an méid seo a leanas maidir leis:

(a)

go bhfuil sé coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo nó, a mhéid a bhaineann le dlínsí tríú tír, Rialacha Samhla ECFE, ar i gcomhréir leo a bhailíonn dlínse a chion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin grúpa FIN, ar cáin í nár gearradh faoi IIR i leith chomheintitis ísealchánach an ghrúpa sin;

(b)

go riartar é ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo nó, a mhéid a bhaineann le dlínsí tríú tír, Rialacha Samhla ECFE;

(44)

ciallaíonn “eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe” an comheintiteas, seachas an máthaireintiteas deiridh, arna cheapadh ag grúpa FIN nó ag grúpa mórscála intíre chun na hoibleagáidí comhdúcháin a leagtar amach in Airteagal 44 a chomhlíonadh thar ceann ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre.

Airteagal 4

Suíomh comheintitis

1.   Chun críocha na Treorach seo, measfar eintiteas, seachas eintiteas tréshreafa, a bheith lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith cónaitheach chun críocha cánach bunaithe ar a áit bhainistíochta, ar áit a chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla.

Maidir le comheintiteas nach eintiteas tréshreafa é, i gcás nach féidir suíomh an chomheintitis sin a chinneadh bunaithe ar an gcéad fhomhír, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh é.

2.   Measfar eintiteas tréshreafa a bheith gan stát, ach amháin más máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre é nó má cheanglaítear air IIR a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 5, 6, 7 agus 8, agus sa chás sin measfar an t-eintiteas tréshreafa a bheith lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh é.

3.   Measfar buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13)(a), a bheith lonnaithe sa dlínse ina gcaitear léi mar bhuanbhunaíocht agus ina bhfuil sí faoi dhliteanas cáin a íoc faoin gconradh cánach is infheidhme.

Measfar buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13)(b), a bheith lonnaithe sa dlínse ina bhfuil sí faoi réir glanbhonn cánach bunaithe ar a láithreacht gnó.

Measfar buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13)(c), a bheith lonnaithe sa dlínse ina bhfuil sí suite.

Meastar buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13)(d), a bheith gan stát.

4.   I gcás ina bhfuil comheintiteas lonnaithe in dhá dhlínse agus ina bhfuil conradh cánach infheidhme ag na dlínsí sin, measfar an comheintiteas a bheith lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith ina chónaitheoir chun críoch cánach faoin gconradh cánach sin.

I gcás ina gceanglaítear leis an gconradh cánach is infheidhme go dtiocfadh na húdaráis inniúla ar chomhaontú frithpháirteach maidir le cónaitheacht mheasta an chomheintitis chun críoch cánach agus nach dtagtar ar chomhaontú, beidh feidhm ag mír 5.

I gcás nach bhfuil aon fhaoiseamh ann le haghaidh an chánachais dhúbailte faoin gconradh cánach is infheidhme, mar gheall go bhfuil comheintiteas ina chónaitheoir chun críoch cánach an dá pháirtí chonarthacha, beidh feidhm ag mír 5.

5.   I gcás ina bhfuil comheintiteas lonnaithe in dhá dhlínse agus nach bhfuil conradh cánach infheidhme ag na dlínsí sin, measfar an comheintiteas a bheith lonnaithe sa dlínse inar gearradh an méid is mó cánacha cumhdaithe le haghaidh na bliana fioscaí.

Chun an méid cánacha cumhdaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ríomh, ní chuirfear san áireamh an méid cánach a íocadh i gcomhréir le córas cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe.

Más ionann an méid cánacha cumhdaithe atá dlite sa dá dhlínse nó má an méid sin cothrom le nialas, measfar an comheintiteas a bheith lonnaithe sa dlínse ina bhfuil an méid is mó eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint arna ríomh ar bhonn eintitis i gcomhréir le hAirteagal 28.

Más ionann méid an eisiaimh ioncaim bunaithe ar shubstaint sa dá dhlínse nó má tá an méid sin cothrom le nialas, measfar an comheintiteas a bheith gan stát, ach amháin más máthaireintiteas deiridh é, agus sa chás sin measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh é.

6.   I gcás ina meastar, mar thoradh ar mhíreanna 4 agus 5 a chur i bhfeidhm, máthaireintiteas a bheith lonnaithe i ndlínse nach bhfuil sé faoi réir IIR cáilithe, measfar an máthaireintiteas a bheith faoi réir IIR cáilithe na dlínse eile maidir le cuimsiú ioncaim, ach amháin má tá conradh cánach infheidhme lena dtoirmeasctar riail den sórt sin a chur i bhfeidhm.

7.   I gcás ina n-athraíonn comheintiteas a shuíomh i gcaitheamh bliain fhioscach, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse inar measadh é a bheith lonnaithe faoin Airteagal seo ag tús na bliana fioscaí sin.

Caibidil II

IIR agus UTPR

Airteagal 5

Máthaireintiteas deiridh san Aontas

1.   Maidir le máthaireintiteas deiridh ar comheintiteas é atá lonnaithe i mBallstát, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir na cánach breisiúcháin (“cáin bhreisiúcháin IIR”) don bhliain fhioscach i leith a chomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe i ndlínse eile nó atá gan stát.

2.   I gcás ina bhfuil comheintiteas, ar máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre é, lonnaithe i mBallstát atá ina dlínse ísealchánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin bhreisiúcháin IIR i ndáil leis féin agus i ndáil leis na gcomheintiteas ísealchánach uile den ghrúpa atá lonnaithe sa Bhallstát céanna le haghaidh na bliana fioscaí.

Airteagal 6

Máthaireintiteas idirmheánach san Aontas

1.   Maidir le máthaireintiteas idirmheánach atá lonnaithe i mBallstát ar máthaireintiteas idirmheánach é atá ar seilbh ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i ndlínse tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin bhreisiúcháin IIR don bhliain airgeadais maidir lena chomheintitis ísealchánach atá lonnaithe i ndlínse eile nó atá gan stát.

2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas idirmheánach lonnaithe i mBallstát ar dlínse ísealchánach é agus atá ar seilbh ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i ndlínse tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé faoi réir cháin bhreisiúcháin IIR ina leith féin agus i leith a gcomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe sa Bhallstát céanna le haghaidh na bliana fioscaí.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil máthaireintiteas deiridh faoi réir IIR le haghaidh na bliana fioscaí sin; nó

(b)

go bhfuil máthaireintiteas idirmheánach eile lonnaithe i ndlínse ina bhfuil sé faoi réir IIR cáilithe don bhliain fhioscach sin agus tá úinéireacht aige, go díreach nó go hindíreach, ar leas urlámhais sa mháthaireintiteas idirmheánach.

Airteagal 7

Máthaireintiteas idirmheánach atá lonnaithe san Aontas agus atá i seilbh máthaireintitis deiridh eisiata

1.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas idirmheánach atá lonnaithe i mBallstát ina sheilbh ag máthaireintiteas deiridh ar eintiteas eisiata é, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé faoi réir cháin bhreisiúcháin IIR don bhliain airgeadais maidir lena chomheintitis ísealchánach atá lonnaithe i ndlínse eile nó atá gan stát.

2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas idirmheánach atá lonnaithe i mBallstát ar dlínse ísealchánach é ina sheilbh ag máthaireintiteas deiridh ar eintiteas eisiata é, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé faoi réir cháin bhreisiúcháin IIR ina leith féin agus i leith a gcomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe sa Bhallstát céanna le haghaidh na bliana fioscaí.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 i gcás ina bhfuil máthaireintiteas idirmheánach eile lonnaithe i ndlínse ina bhfuil sé faoi réir IIR don bhliain fhioscach sin agus ina bhfuil leas rialaithe aige, go díreach nó go hindíreach, sa mháthaireintiteas idirmheánach dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 8

Máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht san Aontas

1.   Maidir le máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá lonnaithe i mBallstát, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé faoi réir cháin bhreisiúcháin IIR don bhliain airgeadais i leith a chomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe i ndlínse eile nó atá gan stát.

2.   Áiritheoidh na Ballstát, i gcás ina bhfuil eintiteas faoi pháirt-úinéireacht lonnaithe i mBallstát atá ina dhlínse ísealchánach, go mbeidh an t-eintiteas sin faoi réir cháin bhreisiúcháin IIR ina leith féin agus i leith a gcomheintiteas ísealchánach atá lonnaithe sa Bhallstát céanna le haghaidh na bliana fioscaí.

3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 i gcás ina bhfuil leasanna úinéireachta an mháthaireintitis faoi pháirt-úinéireacht ar seilbh ina n-iomláine, go díreach nó go hindíreach, ag máthaireintiteas eile faoi pháirt-úinéireacht atá faoi réir IIR le haghaidh na bliana fioscaí sin.

Airteagal 9

An cháin bhreisiúcháin a leithdháileadh faoi IIR

1.   Maidir le cáin bhreisiúcháin IIR atá dlite de mháthaireintiteas i leith comheintiteas ísealchánach de bhun Airteagal 5(1), Airteagal 6(1), Airteagal 7(1) agus Airteagal 8(1), beidh an cháin sin cothrom le cáin bhreisiúcháin an chomheintitis ísealchánach, mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 27, arna iolrú faoi chion in-leithdháilte an mháthaireintitis den cháin bhreisiúcháin sin le haghaidh na bliana fioscaí.

2.   Is éard a bheidh i gcion in-leithdháilte máthaireintitis den cháin bhreisiúcháin i leith comheintiteas ísealchánach an chomhréir de leas úinéireachta an mháthaireintitis in ioncam cáilitheach an chomheintitis ísealchánach. Beidh an cion sin cothrom le hioncam cáilitheach an chomheintitis ísealchánach don bhliain fhioscach, arna laghdú de mhéid an ioncaim sin is inchurtha i leith leasanna úinéireachta arna sealbhú ag úinéirí eile, arna roinnt ar ioncam cáilitheach an chomheintitis ísealchánach don bhliain fhioscach.

Is é an méid ioncaim cháilithigh is inchurtha i leith leasanna úinéireachta i gcomheintiteas ísealchánach arna shealbhú ag úinéirí eile an méid a gcaithfí leis mar ioncam inchurtha i leith na n-úinéirí sin faoi phrionsabail an chaighdeáin cuntasaíochta airgeadais inghlactha a úsáidtear i ráitis chomhdhlúite airgeadais an mháthaireintitis deiridh dá mba ionann glanioncam an chomheintitis ísealchánach agus a ioncam cáilitheach agus:

(a)

má bhí ráitis chomhdhlúite airgeadais ullmhaithe ag an máthaireintiteas i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta sin (na “ráitis chomhdhlúite airgeadais hipitéiseacha”);

(b)

dá mba leis an máthaireintiteas leas rialaithe sa chomheintiteas ísealchánach sa chaoi is go ndearnadh ioncam agus speansais uile an chomheintitis ísealchánach a chomhdhlúthú ar bhonn líne ar líne le hioncam agus costais an mháthaireintitis sna ráitis chomhdhlúite airgeadais hipitéiseacha;

(c)

má bhí ioncam cáilitheach uile an chomheintitis ísealchánach inchurtha i leith idirbhearta le daoine nach grúpeintitis iad; agus

(d)

má bhí gach leas úinéireachta nach raibh i seilbh dhíreach nó indíreach an mháthaireintitis i seilbh daoine seachas grúpeintitis.

3.   I dteannta an mhéid a leithdháiltear ar mháthaireintiteas i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, áireofar le cáin bhreisiúcháin IIR atá dlite de mháthaireintiteas de bhun Airteagal 5(2), Airteagal 6(2), Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(2), don bhliain fhioscach, i gcomhréir le hAirteagal 26, na méideanna seo a leanas:

(a)

méid iomlán na cánach breisiúcháin arna ríomh don mháthaireintiteas sin; agus

(b)

méid na cánach breisiúcháin arna ríomh dá chomheintitis ísealchánach atá lonnaithe sa Bhallstát céanna arna iolrú faoi sciar in-leithdháilte an mháthaireintitis sa cháin bhreisiúcháin sin don bhliain fhioscach.

Airteagal 10

Sásra fritháirimh IIR

I gcás ina bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas ísealchánach ar úinéireacht ag máthaireintiteas atá lonnaithe i mBallstát, bíodh sé sin go hindíreach trí mháthaireintiteas idirmheánach nó trí mháthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá faoi réir IIR cáilithe le haghaidh na bliana fioscaí, laghdófar an cháin bhreisiúcháin atá dlite de bhun Airteagail 5 go 8 faoi mhéid arb ionann é agus cion in-leithdháilte sciar an mháthaireintitis chéadluaite den cháin bhreisiúcháin atá dlite den mháthaireintiteas idirmheánach nó den mháthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht.

Airteagal 11

Roghnú cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm

1.   Féadfaidh na Ballstáit roghnú cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm.

Má roghnaíonn Ballstát ina bhfuil comheintitis ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre lonnaithe cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm, beidh gach comheintiteas ísealchánach de chuid an ghrúpa FIN nó de chuid an ghrúpa mórscála intíre sa Bhallstát sin faoi réir na cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe sin le haghaidh na bliana fioscaí.

Faoi cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe, féadfar róbhrabúis náisiúnta na gcomheintiteas ísealchánach a ríomh bunaithe ar chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha nó ar chaighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe arna cheadú ag an gcomhlacht cuntasaíochta údaraithe agus arna choigeartú chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc, seachas an caighdeán cuntasaíochta airgeadais a úsáidtear sna ráitis chomhdhlúite airgeadais.

2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre lonnaithe i mBallstát agus ina bhfuil na comheintitis atá ar seilbh aige go díreach nó go hindíreach lonnaithe sa Bhallstát sin nó i ndlínse eile, tríú tír, i gcás ina bhfuil na comheintitis sin faoi réir cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe le haghaidh na bliana fioscaí sna dlínsí sin, laghdófar méid aon chánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 27, ar cáin í atá dlite den mháthaireintiteas de bhun Airteagail 5 agus 8, suas go nialas, faoi mhéid na cánach breisiúcháin cáilithe náisiúnta atá dlite de féin nó de na comheintitis sin.

D'ainneoin na chéad fomhíre, má ríomhadh an cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe do bhliain fhioscach i gcomhréir le caighdeán inghlactha cuntasaíochta airgeadais an mháthaireintitis deiridh nó le Caighdeáin Idirnáisiúnta Tuairiscithe Airgeadais (IFRS nó IFRS arna nglacadh ag an Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002), ní dhéanfar aon cháin bhreisiúcháin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 27 don bhliain fhioscach sin i ndáil le comheintitis an ghrúpa FIN sin nó an ghrúpa mórscála intíre sin atá lonnaithe sa Bhallstát sin. Tá an fhomhír seo gan dochar do ríomh aon chánach breisiúcháin breise de bhun Airteagal 29 i gcás nach gcuireann Ballstát cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe i bhfeidhm chun aon cháin bhreisiúcháin bhreise a eascraíonn faoi Airteagal 29 a bhailiú.

3.   I gcás nach ndearnadh méid na cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe do bhliain fhioscach a íoc laistigh de na 4 bliana fhioscacha tar éis na bliana fioscaí ina raibh sé dlite, cuirfear an méid cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe nár íocadh leis an gcáin bhreisiúcháin dhlínsiúil a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 27(3) agus ní bhaileoidh an Ballstát a rinne an roghnú de bhun mhír 1 den Airteagal.

4.   Ballstáit a roghnaíonn cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin roghnú sin laistigh de 4 mhí tar éis glacadh a ndlíthe, a rialachán agus a bhforálacha riaracháin náisiúnta lena dtabharfar cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe isteach. Beidh an roghnú sin bailí agus ní fhéadfar é a chúlghairm ar feadh tréimhse 3 bliana. Ag deireadh gach tréimhse 3 bliana, déanfar an roghnú a athnuachan go huathoibríoch, mura rud é go ndéanfaidh an Ballstát a roghnú a chúlghairm. Tabharfar fógra don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 4 mhí roimh dheireadh na tréimhse 3 bliana, faoi aon chúlghairm ar an roghnaithe.

Airteagal 12

UTPR a chur i bhfeidhm ar fud ghrúpa FIN

1.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír nach gcuirtear riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim i bhfeidhm, nó i gcás inar eintiteas eisiata é an máthaireintiteas de chuid ghrúpa FIN, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na comheintitis atá lonnaithe san Aontas faoi réir, sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, coigeartú arb ionann é agus méid cháin bhreisiúcháin UTPR arna leithdháileadh ar an mBallstát sin don bhliain fhioscach i gcomhréir le hAirteagal 14.

Chun na críche sin, féadfaidh an coigeartú sin a bheith i bhfoirm cáin bhreisiúcháin atá dlite de na comheintitis sin nó i bhfoirm diúltú asbhainte i gcoinne ioncam inchánach na gcomheintiteas sin as a n-eascraíonn méid dliteanais cánach is gá chun méid cánach breisiúcháin UTPR a leithdháiltear ar an mBallstát sin a bhailiú.

2.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát an coigeartú i bhfeidhm de bhun mhír 1 den Airteagal seo i bhfoirm diúltú asbhainte i gcoinne ioncam inchánach, beidh feidhm ag coigeartú den sórt sin a mhéid is féidir i ndáil leis an mbliain inchánach ina mbeidh deireadh leis an mbliain fhioscach inar ríomhadh méid cánach breisiúcháin UTPR agus inar leithdháileadh an méid sin ar Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 14.

Aon mhéid cánach breisiúcháin UTPR a bheidh dlite fós i leith bliain fhioscach mar thoradh ar dhiúltú asbhainte i gcoinne ioncaim inchánach don bhliain fhioscach sin a chur i bhfeidhm, déanfar é a thabhairt ar aghaidh a mhéid is gá agus beidh sé, maidir le gach bliain fhioscach ina dhiaidh sin, faoi réir an choigeartaithe de bhun mhír 1 go dtí go mbeidh méid cánach breisiúcháin UTPR a leithdháileadh ar an mBallstát sin don bhliain fhioscach sin glanta.

3.   Ní bheidh comheintitis ar eintitis infheistíochta iad faoi réir an Airteagail seo.

Airteagal 13

UTPR a chur i bhfeidhm i ndlínse máthaireintitis deiridh

1.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír ísealchánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na comheintitis atá lonnaithe san Aontas faoi réir, sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, coigeartú arb ionann é agus méid cháin bhreisiúcháin UTPR arna leithdháileadh ar an mBallstát sin don bhliain fhioscach i gcomhréir le hAirteagal 14.

Chun na críche sin, féadfaidh coigeartú den sórt sin a bheith i bhfoirm cáin bhreisiúcháin atá dlite de na comheintitis sin nó i bhfoirm diúltú asbhainte i gcoinne ioncam inchánach na gcomheintiteas sin as a n-eascraíonn méid dliteanais cánach is gá chun méid cánach breisiúcháin UTPR a leithdháiltear ar an mBallstát sin a bhailiú.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina mbeidh an máthaireintiteas deiridh sa dlínse tríú tír ísealchánach faoi réir IIR cáilithe i ndáil leis féin agus lena gcomheintitis ísealchánach atá lonnaithe sa dlínse sin.

2.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát an coigeartú i bhfeidhm de bhun mhír 1 den Airteagal seo i bhfoirm diúltú asbhainte i gcoinne ioncam inchánach, beidh feidhm ag an gcoigeartú sin a mhéid is féidir i ndáil leis an mbliain inchánach ina mbeidh deireadh leis mbliain fhioscach inar ríomhadh méid cánach breisiúcháin UTPR agus inar leithdháileadh an méid sin ar Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 14.

Aon mhéid cánach breisiúcháin UTPR a bheidh dlite fós i leith bliain fhioscach mar thoradh ar dhiúltú asbhainte i gcoinne ioncaim inchánach don bhliain fhioscach sin a chur i bhfeidhm, déanfar é a thabhairt ar aghaidh a mhéid is gá agus beidh sé, maidir le gach bliain fhioscach ina dhiaidh sin, faoi réir an choigeartaithe de bhun mhír 1 go dtí go mbeidh méid cánach breisiúcháin UTPR a leithdháileadh ar an mBallstát sin don bhliain fhioscach sin íoctha.

3.   Ní bheidh comheintitis ar eintitis infheistíochta iad faoi réir an Airteagail seo.

Airteagal 14

Méid cháin bhreisiúcháin UTPR a ríomh agus a leithdháileadh

1.   Ríomhfar méid cháin bhreisiúcháin UTPR a leithdháilfear ar Bhallstát trí cháin bhreisiúcháin UTPR iomlán, mar a chinntear i gcomhréir le mír 2, a iolrú faoi chéatadán UTPR an Bhallstáit, mar a chinntear i gcomhréir le mír 5.

2.   Beidh an cháin bhreisiúcháin UTPR iomlán le haghaidh bliain fhioscach cothrom le hiomlán na cánach breisiúcháin arna ríomh do gach comheintiteas ísealchánach ghrúpa FIN le haghaidh na bliana fioscaí sin, i gcomhréir le hAirteagal 27, faoi réir na gcoigeartuithe a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo.

3.   Beidh cáin bhreisiúcháin UTPR ar chomheintiteas ísealchánach cothrom le nialas i gcás ina bhfuil, don bhliain fhioscach, leasanna úinéireachta uile an mháthaireintitis deiridh sa chomheintiteas ísealchánach sin á sealbhú go díreach nó go hindíreach ag máthaireintiteas amháin nó níos mó, a gceanglaítear orthu IIR cáilithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis an gcomheintiteas ísealchánach sin don bhliain fhioscach sin.

4.   I gcás nach bhfuil feidhm ag mír 3, déanfar cáin bhreisiúcháin UTPR atá ag comheintiteas ísealchánach a laghdú le sciar leithdháilte an mháthaireintitis de cháin bhreisiúcháin an chomheintitis ísealchánach sin a thugtar faoi réim faoi IIR cáilithe.

5.   Ríomhfar céatadán UTPR Ballstáit le haghaidh gach bliana fioscaí agus le haghaidh gach grúpa FIN, de réir na foirmle seo a leanas:

Formula

sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inarb ionann an líon fostaithe sa Bhallstát agus líon iomlán fostaithe chomheintitis uile an ghrúpa FIN atá lonnaithe sa Bhallstát sin;

(b)

i gcás inarb ionann an líon fostaithe sna dlínsí UTPR uile agus líon iomlán fostaithe chomheintitis uile ghrúpa FIN atá lonnaithe sa dlínse ag a bhfuil UTPR i bhfeidhm le haghaidh na bliana fioscaí;

(c)

i gcás inarb ionann luach iomlán na sócmhainní inláimhsithe sa Bhallstát agus iomlán na nglanluachanna de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe chomheintitis ghrúpa FIN atá lonnaithe sa Bhallstát sin;

(d)

maidir le luach iomlán na sócmhainní inláimhsithe sna dlínsí uile UTPR, is éard atá ann ná iomlán na nglanluachanna de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe chomheintitis uile ghrúpa FIN atá lonnaithe i ndlínse ina bhfuil UTPR cáilithe i bhfeidhm le haghaidh na bliana fioscaí.

6.   Is éard a bheidh sa líon fostaithe ná líon fostaithe na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse ábhartha a fhostaítear ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha, lena n-áirítear conraitheoirí neamhspleácha ar choinníoll go nglacann siad páirt i ngnáthghníomhaíochtaí oibriúcháin an chomheintitis.

Áireofar leis na sócmhainní inláimhsithe sócmhainní inláimhsithe na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse ábhartha ach ní áireofar leo airgead tirim ná coibhéis airgid thirim, sócmhainní doláimhsithe ná sócmhainní airgeadais.

7.   Déanfar na fostaithe a n-áirítear a gcostais phárolla i gcuntais airgeadais ar leithligh na buanbhunaíochta sin arna gcinneadh de bhun Airteagal 18(1) agus arna gcoigeartú i gcomhréir le hAirteagal 18(2) a leithdháileadh ar an dlínse ina bhfuil an bhuanbhunaíocht lonnaithe.

Déanfar sócmhainní inláimhsithe a n-áirítear i gcuntais airgeadais ar leithligh buanbhunaíochta arna gcinneadh le hAirteagal 18(1) agus arna gcoigeartú i gcomhréir le hAirteagal 18(2) a leithdháileadh ar an dlínse ina bhfuil an bhuanbhunaíocht lonnaithe.

Ní dhéanfar líon na bhfostaithe ná na sócmhainní inláimhsithe a leithdháiltear ar dhlínse chánach buanbhunaíochta a chur san áireamh i gcás líon na bhfostaithe agus sócmhainní inláimhsithe dhlínse an phríomheintitis.

An líon fostaithe agus an glanluach de réir na leabhar a ghabhann leis na sócmhainní inláimhsithe atá ar seilbh ag eintiteas infheistíochta, eisiafar ó eilimintí na foirmle a leagtar amach i mír 5 iad.

An líon fostaithe eintitis tréshreafa agus an glanluach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe eintitis tréshreafa, eisiafar ó eilimintí na foirmle a leagtar amach i mír 5 iad, ach amháin má leithdháiltear ar bhuanbhunaíocht iad nó, in uireasa buanbhunaíochta, má leithdháiltear iad ar na comheintitis atá lonnaithe sa dlínse inar cruthaíodh an t-eintiteas tréshreafa.

8.   De mhaolú ar mhír 5, measfar céatadán UTPR de chuid dlínse i gcomhair ghrúpa FIN a bheith nialasach do bhliain fhioscach fad nach raibh mar thoradh ar an méid cánach breisiúcháin UTPR arna leithdháileadh ar an dlínse sin i mbliain fhioscach roimhe sin go bhfuil speansas breise cánach airgid ag comheintitis ghrúpa FIN sin atá lonnaithe sa dlínse sin arb ionann é, ar an iomlán, agus méid cánach breisiúcháin UTPR don bhliain fhioscach roimhe sin a leithdháiltear ar an dlínse sin.

An líon fostaithe agus an glanluach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe comheintiteas grúpa FIN, ar grúpa é atá lonnaithe i ndlínse ag a bhfuil céatadán UTPR atá cothrom le nialas le haghaidh na bliana fioscaí, eisiafar an líon fostaithe agus glanluach na sócmhainní sin ó eilimintí na foirmle chun cháin bhreisiúcháin UTPR iomlán a dháileadh ar ghrúpa FIN le haghaidh na bliana fioscaí sin.

9.   Ní bheidh feidhm ag mír 8 maidir le bliain fhioscach má tá céatadán UTPR de nialas ag gach dlínse ag a bhfuil UTPR cáilithe atá i bhfeidhm don bhliain fhioscach i gcomhair ghrúpa FIN don bhliain fhioscach sin.

Caibidil III

An t-ioncam nó an caillteanas cáilitheach a ríomh

Airteagal 15

An t-ioncam nó an caillteanas cáilitheach a chinneadh

1.   Ríomhfar ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis trí na coigeartuithe a leagtar amach in Airteagail 16 go 19 a dhéanamh ar ghlanioncam nó ar ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí sula ndéantar aon choigeartú comhdhlúthúcháin chun deireadh a chur le hidirbhearta inghrúpa, mar a chinntear faoin gcaighdeán cuntasaíochta a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú.

2.   I gcás nach mbeidh sé indéanta go réasúnach an glanioncam nó an glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais atá ag comheintiteas a chinneadh bunaithe ar an gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha nó ar an gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú, féadfar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí a chinneadh trí chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha nó caighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe eile a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go gcoinnítear cuntais airgeadais an chomheintitis bunaithe ar an gcaighdeán cuntasaíochta sin;

(b)

go bhfuil an fhaisnéis sna cuntais airgeadais iontaofa; agus

(c)

difríochtaí buana is mó ná EUR 1 000 000 a eascraíonn ó phrionsabal nó ó chaighdeán áirithe a chur i bhfeidhm ar mhíreanna ioncaim nó costais nó ar idirbhearta, i gcás ina bhfuil an prionsabal nó an caighdeán sin éagsúil leis an gcaighdeán airgeadais a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú, go gcoigeartófar na difríochtaí sin chun go mbeidh siad i gcomhréir leis an gcur chuige is gá le haghaidh na míre sin faoin gcaighdeán cuntasaíochta a úsáidtear chun na ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú.

3.   I gcás nár ullmhaigh an máthaireintiteas deiridh a ráitis airgeadais chomhdhlúite i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(c), coigeartófar ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc.

4.   I gcás nach n-ullmhaíonn an máthaireintiteas deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (6)(a), (b) agus (c), is éard a bheidh i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(d) na ráitis airgeadais a d'ullmhófaí dá gceanglófaí ar an máthaireintiteas deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite den sórt sin a ullmhú i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(a)

caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha; nó

(b)

caighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe ar choinníoll go gcoigeartaítear na ráitis airgeadais chomhdhlúite sin chun aon saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc.

5.   I gcás ina gcuireann Ballstát nó tríú tír cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe i bhfeidhm, féadfar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais na gcomheintiteas atá lonnaithe sa Bhallstát sin nó sa tríú tír a chinneadh i gcomhréir le caighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha nó caighdeán cuntasaíochta airgeadais údaraithe atá éagsúil leis an gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais a úsáidtear chun ráitis chomhdhlúite airgeadais an mháthaireintitis deiridh a ullmhú, ar choinníoll go ndéantar an glanioncam nó an glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais sin a choigeartú chun saobhadh iomaíochta ábhartha a chosc.

6.   Maidir le cur i bhfeidhm prionsabail nó nós imeachta sonrach faoi thacar prionsabal cuntasaíochta is inghlactha go ginearálta, i gcás ina bhfuil saobhadh iomaíochta ábhartha ann mar thoradh air sin, coigeartófar an cur chuige cuntasaíochta a úsáidtear i leith aon mhír nó aon idirbheart atá faoi réir an phrionsabail nó an nós imeachta sin chun go mbeidh sé i gcomhréir leis an gcur chuige is gá le haghaidh na míre nó an idirbhirt faoi na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS agus IFRS arna nglacadh ag an Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002).

Airteagal 16

Coigeartuithe chun an t-ioncam nó an caillteanas cáilitheach a chinneadh

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “glanchostas cánacha” glanmhéid na nithe seo a leanas:

(i)

cánacha cumhdaithe arna bhfabhrú mar chostas agus aon chánacha cumhdaithe reatha agus iarchurtha a bheidh ar áireamh sa chostas cánach ioncaim, lena n-áirítear cánacha cumhdaithe ar ioncam atá eisiata ó ríomh an ioncaim cháilithigh nó caillteanais;

(ii)

sócmhainní cánach iarchurtha atá inchurtha i leith caillteanas le haghaidh na bliana fioscaí;

(iii)

cánacha breisiúcháin náisiúnta cáilithe a fhabhraítear mar chostas;

(iv)

cánacha a thagann chun cinn de bhun rialacha na Treorach seo nó, maidir le dlínsí tríú tír, Rialacha Samhla ECFE, arna bhfabhrú mar chostas; agus

(v)

cánacha barúlacha in-aisíoctha dícháilithe a fhabhraítear mar chostas;

(b)

ciallaíonn “díbhinn eisiata” díbhinn nó dáileachán eile a fhaightear nó a fhabhraítear i leith leas úinéireachta, seachas díbhinn nó dáileachán eile a fhaightear nó a fhabhraítear i leith na nithe seo a leanas:

(i)

leas úinéireachta:

atá i seilbh an ghrúpa in eintiteas ag a bhfuil cearta ar níos lú ná 10 % de bhrabúis, de chaipiteal nó de chúlchistí an eintitis sin, nó cearta vótála an eintitis sin ag dáta an dáileacháin nó na diúscartha (“scairsheilbh punainne”); agus

atá faoi úinéireacht eacnamaíoch an chomheintitis a fhaigheann an díbhinn nó an dáileachán eile nó a fhabhraíonn ar feadh tréimhse is lú ná bliain amháin ar dháta an dáileacháin;

(ii)

leas úinéireachta in eintiteas infheistíochta atá faoi réir roghnú de bhun Airteagal 43;

(c)

ciallaíonn “gnóthachan nó caillteanas eisiata” gnóthachan, brabús nó caillteanas, a áirítear in ioncam nó i gcaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis, ar ioncam nó caillteanas é a eascraíonn ó na nithe seo a leanas:

(i)

gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn ó athruithe ar luach cóir leasa úinéireachta, ach amháin le haghaidh scairsheilbh phunainne;

(ii)

brabúis nó caillteanais i leith leas úinéireachta a áirítear faoi mhodh cuntasaíochta an chothromais; agus

(iii)

gnóthachain agus caillteanais ó dhiúscairt leasa úinéireachta, seachas diúscairt scairsheilbhe punainne;

(d)

ciallaíonn “gnóthachan nó caillteanas modha athluachála cuimsithe” glanghnóthachan nó glanchaillteanas, arna mhéadú nó arna laghdú faoi aon chánacha cumhdaithe lena mbaineann le haghaidh na bliana fioscaí, ar gnóthachan nó caillteanas é a eascraíonn ó mhodh nó ó chleachtas cuntasaíochta lena ndéantar an méid seo a leanas i leith gach maoine, gléasra nó trealaimh:

(i)

coigeartaítear luach maoine, gléasra nó trealaimh den sórt sin de réir na leabhar chuig a luach cóir;

(ii)

taifeadtar na hathruithe ar luach ioncaim chuimsithigh eile; agus

(iii)

ní thuairiscítear an gnóthachan nó an caillteanas a fhabhraítear in ioncam cuimsitheach eile trí chuntas brabúis agus caillteanais ina dhiaidh sin;

(e)

ciallaíonn “gnóthachan nó caillteanas neamhshiméadrach airgeadra eachtraigh” gnóthachan nó caillteanas airgeadra eachtraigh eintitis a bhfuil a airgeadra cuntasaíochta agus a chuid airgeadraí feidhmiúla cánach difriúil agus ar fíor an méid seo a leanas maidir leis:

(i)

áirítear sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas inchánach an chomheintitis é agus tá sé inchurtha i leith luaineacht sa ráta malartaithe idir airgeadra cuntasaíochta feidhmiúil agus airgeadra cánach feidhmiúil an chomheintitis;

(ii)

áirítear sa ríomh ar ghlanioncam nó ar ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis é agus tá sé inchurtha i leith luaineacht sa ráta malartaithe idir airgeadra cuntasaíochta feidhmiúil agus airgeadra cánach feidhmiúil an chomheintitis;

(iii)

áirítear sa ríomh ar ghlanioncam nó ar ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis é agus tá sé inchurtha i leith luaineacht sa ráta malartaithe idir tríú airgeadra eachtrach agus airgeadra cuntasaíochta feidhmiúil an chomheintitis; agus

(iv)

is inchurtha é i leith luaineachtaí sa ráta malairte idir tríú airgeadra eachtrach agus airgeadra cánach feidhmiúil an chomheintitis, is cuma cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gnóthachan nó caillteanas tríú airgeadra eachtraigh den sórt sin ar áireamh san ioncam inchánach;

is é an t-airgeadra cánach feidhmiúil an t-airgeadra feidhmiúil a úsáidtear chun ioncam nó caillteanas inchánach an chomheintitis a chinneadh maidir le cáin chumhdaithe sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe; is é an t-airgeadra cuntasaíochta feidhmiúil an t-airgeadra feidhmiúil a úsáidtear chun glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis a chinneadh; is éard is tríú airgeadra eachtrach ann airgeadra nach airgeadra feidhmiúil cánach nó airgeadra feidhmeach cuntasaíochta an chomheintitis é;

(f)

ciallaíonn “speansas dícháilithe de bharr beartais” an méid seo a leanas:

(i)

“speansas a fhabhraíonn an comheintiteas as íocaíochtaí neamhdhleathacha, lena n-áirítear breabanna agus síntí láimhe; agus

(ii)

“speansas a fhabhraíonn an comheintiteas le haghaidh fíneálacha agus pionóis atá cothrom le EUR 50 000 nó níos mó ná sin nó atá cothrom le méid coibhéiseach san airgeadra feidhmiúil ina ríomhtar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis;

(g)

ciallaíonn “earráidí a rinneadh i dtréimhse roimhe seo agus athruithe ar na prionsabail chuntasaíochta” athrú ar chothromas tosaigh comheintitis ag tús bliana fioscaí atá inchurtha i leith na nithe seo a leanas:

(i)

ceartúchán ar earráid a rinneadh maidir le glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais a chinneadh i mbliain fhioscach roimhe seo, ar earráid í a rinne difear don ioncam nó do na costais ar féidir iad a áireamh sa ríomh ar an ioncam nó ar an gcaillteanas cáilitheach sa bhliain fhioscach sin, ach amháin a mhéid a bhí sé de thoradh ar an gceartúchán ar earráid sin go raibh laghdú ábhartha ar dhliteanas i leith cánacha cumhdaithe faoi réir Airteagal 25; agus

(ii)

athrú ar phrionsabail nó ar bheartas cuntasaíochta a rinne difear don ioncam nó do na costais a áiríodh sa ríomh ar an ioncam nó ar an gcaillteanas cáilitheach;

(h)

ciallaíonn “speansais pinsin fhabhraithe” an difríocht idir an méid costais dliteanais pinsin a áiríodh sa ghlanioncam nó sa ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais agus an méid a ranníocadh le ciste pinsin le haghaidh na bliana fioscaí.

2.   Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comheintitis faoi mhéid na míreanna seo a leanas chun a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach a chinneadh:

(a)

glanchostais cánacha;

(b)

díbhinní eisiata;

(c)

gnóthachain nó caillteanais chothromais eisiata;

(d)

gnóthachain nó caillteanais modha athluachála cuimsithe;

(e)

gnóthachain nó caillteanais ó dhiúscairt sócmhainní agus dliteanas a eisiatar de bhun Airteagal 35;

(f)

gnóthachain nó caillteanais neamhshiméadracha airgeadra eachtraigh;

(g)

speansais dhícháilithe de bharr beartais;

(h)

earráidí a rinneadh i dtréimhse roimhe seo agus athruithe ar na prionsabail chuntasaíochta; agus

(i)

speansais phinsin fhabhraithe.

3.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfaidh comheintiteas an méid arna chostas ina chuntais airgeadais do chostas nó caiteachas de chuid an chomheintitis sin ar íocadh cúiteamh stocbhunaithe leis an méid a cheadaítear mar asbhaint agus a ioncam inchánach á ríomh ina shuíomh.

I gcás nár úsáideadh an rogha chun na stoc-roghanna a úsáid, aischuirfear an méid costais nó speansais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe a aisbhaineadh as glanioncam nó as glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis chun a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach a ríomh le haghaidh na bliana fioscaí roimhe sin ar fad, áireofar an méid sin sa bhliain fhioscach ina ndeachaigh an rogha in éag.

I gcás inar taifeadadh cuid den mhéid costais nó speansais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe i gcuntais airgeadais an chomheintitis i mblianta fioscacha roimh an mbliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, áireofar méid atá cothrom leis an difríocht idir an méid iomlán costais nó speansais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe a asbhaineadh le haghaidh an ríomha ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach sna blianta fioscacha sin roimhe seo agus an méid iomlán costais nó speansais i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe a d'asbhainfí le haghaidh an ríomha ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach sna blianta fioscacha sin roimhe seo dá ndéanfaí an roghnú sna blianta fioscacha sin, áireofar an méid sin in ioncam nó i gcaillteanas cáilitheach an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí sin.

Déanfar an roghnú i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus beidh feidhm chomhsheasmhach aige maidir leis na comheintitis uile atá lonnaithe sa dlínse chéanna le haghaidh na bliana ina ndéantar an roghnú agus le haghaidh na mblianta fioscacha uile ina dhiaidh sin.

Sa bhliain fhioscach ina gcúlghairtear an roghnú, an méid costais nó speansais neamhíoctha i dtaca le cúiteamh stoc-bhunaithe a asbhaintear de bhun an roghnaithe atá níos mó ná an costas cuntasaíochta airgeadais a fhabhraítear, áireofar sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach an chomheintitis é.

4.   Maidir le haon idirbheart idir comheintitis atá lonnaithe i ndlínsí éagsúla agus nach bhfuil taifeadta sa mhéid céanna i gcuntais airgeadais an dá comheintiteas nó nach bhfuil comhsheasmhach le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, coigeartófar é ionas go mbeidh sé sa mhéid céanna agus comhsheasmhach le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách.

Déanfar caillteanas ó dhíolachán nó aistriú eile sócmhainne idir dhá chomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse chéanna agus nach dtaifeadtar go comhsheasmhach le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách a choigeartú bunaithe ar phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách má áirítear an caillteanas sin agus an t-ioncam nó an caillteanas cáilitheach á ríomh.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “prionsabal an fheidhmithe neamhspleách” an prionsabal faoina bhfuil idirbhearta idir comheintitis le taifeadadh trí thagairt a dhéanamh do na coinníollacha a bheadh faighte idir fiontair neamhspleácha in idirbhearta inchomparáide agus in imthosca inchomparáide.

5.   Caithfear le creidmheasanna cánacha in-aisíoctha cáilithe dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (38), mar ioncam chun ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis a ríomh. Ní chaithfear le creidmheasanna cánacha in-aisíoctha neamhcháilithe mar ioncam chun ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis a ríomh.

6.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, maidir le gnóthachain agus caillteanais i leith sócmhainní agus dliteanais atá faoi réir luach cóir nó cuntasaíocht laghdaithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite le haghaidh bliain fhioscach, féadfar iad a chinneadh ar bhonn an phrionsabail réadaithe chun ioncam nó caillteanas cáilitheach a ríomh.

Maidir le gnóthachain nó caillteanais atá ann mar thoradh ar luach cothrom nó ar an gcuntasaíocht laghdaithe a chur i bhfeidhm i leith sócmhainne nó dliteanais, eisiafar iad ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach comheintitis faoin gcéad fhomhír.

Maidir le luach sócmhainne nó dliteanais de réir na leabhar chun gnóthachan nó caillteanas a chinneadh faoin gcéad fhomhír, is éard a bheidh sa luach sin ná luach na sócmhainne de réir na leabhar tráth a fuarthas í nó luach an dliteanais de réir na leabhar tráth a tabhaíodh é, nó luach na sócmhainne nó an dliteanais ar an gcéad lá den bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, pé dáta acu is déanaí.

Déanfar an roghnú i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus beidh feidhm aige maidir leis na comheintitis ar fad atá lonnaithe sa dlínse ina ndéantar an roghnú, ach amháin má roghnaíonn an comheintiteas is comhdaitheoir an roghnú a theorannú do shócmhainní inláimhsithe na gcomheintiteas nó d'eintitis infheistíochta.

Sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú a chúlghairm, maidir le méid atá cothrom leis an difríocht idir luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais agus luach na sócmhainne nó an dliteanais de réir na leabhar ar an gcéad lá den bhliain fhioscach ina gcinntear an chúlghairm, de bhun an roghnaithe, déanfar é a áireamh, má tá an luach cóir níos mó ná an luach de réir na leabhar, nó a asbhaint, má tá an luach de réir na leabhar níos mó ná an luach cóir, chun ioncam nó caillteanas cáilitheach na gcomheintiteas a ríomh.

7.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, maidir le hioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis atá lonnaithe i ndlínse a eascraíonn ó dhiúscairt sócmhainní inláimhsithe áitiúla atá lonnaithe sa dlínse sin ag comheintiteas den sórt sin chuig tríú páirtithe, seachas ball den ghrúpa, féadfar an t-ioncam nó an caillteanas cáilitheach sin le haghaidh bliain fhioscach a choigeartú mar a leagtar amach sa mhír seo. Chun críocha na míre seo, is maoin do-aistrithe atá lonnaithe sa dlínse chéanna leis an gcomheintiteas atá sna sócmhainní inláimhsithe áitiúla.

Maidir leis an nglanghnóthachan a eascraíonn ó dhiúscairt sócmhainní inláimhsithe áitiúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, fritháireofar an glanghnóthachan sin in aghaidh aon ghlanchaillteanais de chuid comheintitis atá lonnaithe sa dlínse sin a eascraíonn ó dhiúscairt sócmhainní inláimhsithe áitiúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú agus sna 4 bliana fhioscacha roimh an mbliain fhioscach sin (“tréimhse 5 bliana”). Fritháireofar an glanghnóthachan in aghaidh an ghlanchaillteanais, más ann dó, a tháinig chun cinn sa bhliain fhioscach is luaithe sa tréimhse 5 bliana. Tabharfar aon mhéid glanghnóthachain iarmharach ar aghaidh agus fritháireofar é in aghaidh aon ghlanchaillteanais a tháinig chun cinn sna blianta fioscacha ina dhiaidh sin sa tréimhse 5 bliana.

Maidir le haon mhéid glanghnóthachain iarmharach atá fós ann tar éis an dara fomhír a chur i bhfeidhm, dáilfear go cothrom é thar an tréimhse 5 bliana chun ioncam nó caillteanas cáilitheach gach comheintitis atá lonnaithe sa dlínse sin a ríomh, ar comheintitis iad a rinne glanghnóthachan ó dhiúscairt sócmhainní inláimhsithe áitiúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú. Beidh méid iarmharach an glanghnóthachain a leithdháiltear ar chomheintiteas comhréireach le glanghnóthachan an chomheintitis sin arna roinnt ar ghlanghnóthachan na gcomheintiteas uile.

I gcás nach ndéanann aon chomheintiteas i ndlínse glanghnóthachan ó dhiúscairt sócmhainní inláimhsithe áitiúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, leithdháilfear méid iarmharach an ghlanghnóthachain dá dtagraítear sa tríú fomhír go cothrom ar gach comheintiteas sa dlínse sin agus dáilfear go cothrom ar an tréimhse 5 bliana é le haghaidh an ríomha ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas sin.

Maidir le haon choigeartú faoin mhír seo do na blianta fioscacha roimh an mbliain fhioscach ina ndéantar an roghnú, beidh sé faoi réir coigeartuithe i gcomhréir le hAirteagal 29(1). Déanfar an roghnú ar bhonn bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 45(2).

8.   Aon chostas a bhaineann le socrú maoinithe lena soláthraíonn comheintiteas amháin nó níos mó creidmheas do chomheintiteas amháin eile den ghrúpa céanna nó níos mó nó a dhéanann ar bhealach eile infheistíocht i gcomheintiteas amháin eile den ghrúpa céanna nó níos mó (“an comhaontú maoinithe inghrúpa”), ní chuirfear an costas sin san áireamh agus ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintitis á ríomh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an comheintiteas lonnaithe i ndlínse ísealchánach nó i ndlínse ina ngearrfaí cáin íseal mura raibh an costas fabhraithe ag an gcomheintiteas;

(b)

is féidir a thuar go réasúnach, le linn thréimhse ionchasach an tsocraithe maoinithe inghrúpa, go méadófaí leis an socrú maoinithe inghrúpa an méid costas a chuirfear san áireamh chun ioncam nó caillteanas cáilitheach an chomheintitis sin a ríomh, agus nach mbeadh sé mar thoradh air sin go méadófaí ioncam inchánach an chomheintitis go comhréireach, lena soláthrófaí an creidmheas (an “contrapháirtí”);

(c)

tá an contrapháirtí lonnaithe i ndlínse nach dlínse ísealchánach í nó i ndlínse nach mbeadh cáin íseal inti mura raibh an t-ioncam a bhaineann leis an gcostas fabhraithe ag an gcontrapháirtí,

9.   Féadfaidh an máthaireintiteas deiridh roghnú a chur chuige cuntasaíochta comhdhlúite a chur i bhfeidhm chun ioncam, costas, gnóthachain agus caillteanais ó idirbhearta idir comheintitis atá lonnaithe sa dlínse chéanna agus a chuimsítear i ngrúpa comhdhlúthúcháin cánach a dhíothú chun glanioncam nó glanchaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas sin a ríomh.

Déanfar an roghnú i gcomhréir le hAirteagal 45(1).

Sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú nó ina gcúlghairtear an roghnú, déanfar coigeartuithe iomchuí chun nach dtabharfar míreanna ioncaim nó caillteanais cháilithigh san áireamh níos mó ná uair amháin nó nach bhfágfar ar lár iad mar thoradh ar an roghnú nó ar an gcúlghairm sin a dhéanamh.

10.   Maidir le cuideachta árachais, eisiafaidh sé ón ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach aon mhéid a ghearrtar ar shealbhóirí polasaí le haghaidh na gcánacha a íocann an chuideachta árachais i leith íocaíochtaí a íoctar leis na sealbhóirí polasaí. Maidir leis an ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach, áireoidh cuideachta árachais aon íocaíocht a íoctar leis na sealbhóirí polasaí nach léirítear ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais a mhéid a léirítear an méadú nó an laghdú comhfhreagrach ar dhliteanas i leith na sealbhóirí polasaí ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais.

11.   Aon mhéid a aithnítear mar laghdú ar chothromas comheintitis agus atá ann mar thoradh ar dháileacháin a rinneadh nó atá dlite i leith ionstraim arna heisiúint ag an gcomheintiteas sin de bhun na gceanglas rialála stuamachta (“caipiteal leibhéal 1 breise”), caithfear leis an méid sin mar chostas sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach.

Aon mhéid a aithnítear mar mhéadú ar chothromas comheintitis agus atá ann mar thoradh ar dháileacháin a fuarthas nó atá le fáil i leith caipiteal leibhéal 1 breise atá ar seilbh ag an gcomheintiteas, áireofar sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach é.

Airteagal 17

Eisiamh maidir le hioncam loingseoireachta idirnáisiúnta

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “ioncam idirnáisiúnta loingseoireachta” glanioncam a fhaigheann eintiteas comhpháirte ó na gníomhaíochtaí seo a leanas, ar choinníoll nach ndéantar an t-iompar trí uiscebhealaí intíre laistigh den dlínse chéanna:

(i)

paisinéirí nó lasta a iompar ar long i dtrácht idirnáisiúnta, cibé acu atá an long faoi úinéireacht an chomheintitis, ar léas aige nó ar fáil dó ar bhealach éigin eile;

(ii)

paisinéirí nó lastas a iompar ar long i dtrácht idirnáisiúnta faoi shocruithe maidir le cairtfhostú sliotán;

(iii)

léasú loinge atá le húsáid chun paisinéirí nó lasta a iompar i dtrácht idirnáisiúnta ar cairtfhostú lánfheistithe, lánchrúáilte agus lánsoláthartha;

(iv)

léasú loinge a úsáidtear chun paisinéirí nó lasta a iompar i dtrácht idirnáisiúnta, ar bhonn cairtfhostú lom, chuig comheintiteas eile;

(v)

rannpháirtíocht i gcomhthiomsú, i gcomhghnólacht nó i ngníomhaireacht oibriúcháin idirnáisiúnta chun paisinéirí nó lasta a iompar ar long i dtrácht idirnáisiúnta; agus

(vi)

díolachán loinge a úsáidtear chun paisinéirí nó lastas a iompar i dtrácht idirnáisiúnta ar choinníoll go raibh an long ar seilbh ag an gcomheintiteas lena húsáid ar feadh bliain amháin ar a laghad;

(b)

ciallaíonn “ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta cáilithe coimhdeach” glanioncam a fhaigheann comheintiteas ó cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin go príomha i ndáil le paisinéirí nó lasta a iompar ar long i dtrácht idirnáisiúnta:

(i)

long a léasú, ar bhonn cairtfhostú lom, chuig fiontar loingseoireachta eile nach comheintiteas é, ar choinníoll nach faide ná 3 bliana ré an chairt;

(ii)

díolachán ticéad arna n-eisiúint ag fiontair loingseoireachta eile le haghaidh na coda náisiúnta d'aistear idirnáisiúnta;

(iii)

léasú agus stóráil ghearrthéarmach coimeádán nó táillí coinneála as coimeádáin a thabhairt ar ais go déanach;

(iv)

seirbhísí a sholáthraíonn innealtóirí, foireann chothabhála, láimhseálaithe lasta, foireann lónadóireachta agus foireann um seirbhísí do chustaiméirí d'fhiontair loingseoireachta eile; agus

(v)

ioncam infheistíochta, i gcás ina ndéantar an infheistíocht a ghineann an t-ioncam mar chuid dhílis d'fheidhmiú na gnólachta a oibríonn na longa i dtrácht idirnáisiúnta.

2.   Ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe comheintitis, eisiafar ón ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach iad, ar choinníoll go léiríonn an comheintiteas go ndéantar bainistíocht straitéiseach nó tráchtála na long lena mbaineann laistigh den dlínse ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe, a bheag nó a mhór.

3.   I gcás ina bhfuil caillteanas mar thoradh ar an ríomh ar ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus ar ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe comheintitis, eisiafar an caillteanas sin ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach an chomheintitis.

4.   Ní rachaidh ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe comhiomlánaithe de chuid gach comheintitis atá lonnaithe i ndlínse thar 50 % d'ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta na gcomheintiteas sin.

5.   Maidir leis na costais a thabhaíonn comheintiteas atá inchurtha go díreach i leith a ghníomhaíochtaí loingseoireachta idirnáisiúnta a liostaítear i mír 1, pointe (a), agus a ghníomhaíochtaí loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeacha cáilithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), leithdháilfear iad ar na gníomhaíochtaí sin chun glanioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus glanioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe an chomheintitis a ríomh.

Maidir leis na costais a thabhaíonn comheintiteas mar thoradh indíreach ar a ghníomhaíochtaí loingseoireachta idirnáisiúnta agus a ghníomhaíochtaí loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeacha cáilithe, asbhainfear iad d'ioncaim an chomheintitis ó na gníomhaíochtaí sin chun an glanioncam loingseoireachta idirnáisiúnta agus an glanioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe an chomheintitis a ríomh ar bhonn a ioncam ó na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir lena ioncaim iomlána.

6.   Maidir leis na costais dhíreacha agus indíreacha atá inchurtha i leith ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta comheintitis agus ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe comheintitis i gcomhréir le mír 5, eiseofar iad ón ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach iad.

Airteagal 18

An t-ioncam nó an caillteanas cáilitheach a leithdháileadh idir príomheintiteas agus buanbhunaíocht

1.   I gcás gur buanbhunaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13)(a), (b) nó (c) é comheintiteas, is éard a bheidh ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an glanioncam nó an glanchaillteanas a léirítear i gcuntais airgeadais ar leithligh na buanbhunaíochta sin.

I gcás nach bhfuil cuntais airgeadais ar leithligh ag buanbhunaíocht, is éard a bheidh ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an méid a léireofaí ina chuntais airgeadais ar leithligh dá n-ullmhófaí iad ar bhonn neamhspleách agus i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú.

2.   I gcás ina gcomhlíonann comheintiteas an sainmhíniú ar bhuanbhunaíocht in Airteagal 3, pointe (13)(a) nó (b). coigeartófar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais chun na méideanna agus na míreanna ioncaim agus costais atá inchurtha ina leith amháin a léiriú i gcomhréir leis an gconradh cánach is infheidhme nó le dlí náisiúnta na dlínse ina bhfuil sé lonnaithe, gan beann ar an méid ioncaim atá faoi réir cánach agus an méid costas in-asbhainte sa dlínse sin.

I gcás ina gcomhlíonann comheintiteas an sainmhíniú ar bhuanbhunaíocht in Airteagal 3, pointe (13)(c), coigeartófar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais chun léiriú a thabhairt ar na méideanna agus na míreanna ioncaim agus costais a bheadh inchurtha ina leith amháin i gcomhréir le hAirteagal 7 de Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal, arna leasú.

3.   I gcás ina gcomhlíonann comheintiteas an sainmhíniú ar bhuanbhunaíocht in Airteagal 3, pointe (13)(d), ríomhfar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais bunaithe ar na méideanna agus na míreanna ioncaim a dhíolmhaítear sa dlínse ina bhfuil an príomheintiteas lonnaithe, ar míreanna iad atá inchurtha i leith na n-oibríochtaí a dhéantar lasmuigh den dlínse sin agus bunaithe ar na méideanna agus na míreanna costais nach n-asbhaintear chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an príomheintiteas lonnaithe, ar míreanna iad atá inchurtha i leith oibríochtaí den sórt sin.

4.   Ní chuirfear glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais buanbhunaíochta san áireamh chun ioncam nó caillteanas cáilitheach an phríomheintitis a chinneadh, ach amháin de réir mar a fhoráiltear dó i mír 5.

5.   Caithfear le caillteanas cáilitheach buanbhunaíochta mar chostas de chuid an phríomheintitis chun a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach a ríomh a mhéid a chaithfear le caillteanas buanbhunaíochta mar chostas le linn ioncam inchánach náisiúnta an phríomheintitis sin a ríomh agus nach ndéantar é a fhritháireamh in aghaidh míre den ioncam inchánach náisiúnta atá faoi réir cánach faoi dhlíthe dhlínse an phríomheintitis agus dhlínse na buanbhunaíochta araon.

Ioncam cáilitheach a thuilleann an bhuanbhunaíocht ina dhiaidh sin, caithfear leis mar ioncam cáilitheach de chuid an phríomheintitis suas go dtí méid an chaillteanais cháilithigh ar caitheadh leis cheana mar chostas de chuid an phríomheintitis faoin gcéad fhomhír.

Airteagal 19

Ioncam nó caillteanas eintitis tréshreafa a leithdháileadh

1.   Maidir le glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comheintitis ar eintiteas tréshreafa é, laghdófar é faoin méid is in-leithdháilte ar a úinéirí nach eintitis ghrúpa iad agus a bhfuil a leas úinéireachta san eintiteas tréshreafa sin ar seilbh acu go díreach nó trí eintiteas amháin atá trédhearcach go fioscach nó níos mó ná sin, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

is máthaireintiteas deiridh é an t-eintiteas tréshreafa; nó

(b)

tá an t-eintiteas tréshreafa ar seilbh ag máthaireintiteas deiridh dá dtagraítear i bpointe (a) go díreach nó trí shlabhra eintiteas atá trédhearcach go fioscach.

2.   Maidir le glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comheintitis ar eintiteas tréshreafa é, laghdófar é faoin nglanioncam nó faoin nglanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais a leithdháiltear ar chomheintiteas eile.

3.   I gcás ina ndéanann eintiteas tréshreafa gnó go hiomlán nó go páirteach trí bhuanbhunaíocht, a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais atá fós ann tar éis mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, leithdháilfear ar an mbuanbhunaíocht sin é i gcomhréir le hAirteagal 18.

4.   I gcás nach eintiteas atá trédhearcach go fioscach é an máthaireintiteas deiridh, an glanioncam nó an glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais atá fós ann tar éis míreanna 1 agus 3 a chur i bhfeidhm, leithdháilfear ar a úinéirí comheintitis é i gcomhréir lena leasanna úinéireachta san eintiteas tréshreafa.

5.   I gcás inar eintiteas tréshreafa é atá trédhearcach go fioscach é an máthaireintiteas deiridh nó eintiteas hibrideach droim ar ais, leithdháilfear aon ghlanioncam nó aon ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis tréshreafa atá fós ann tar éis míreanna 1 agus 3 a chur i bhfeidhm, leithdháilfear ar an máthaireintiteas deiridh nó ar an eintiteas hibrideach droim ar ais é.

6.   Cuirfear míreanna 3, 4 agus 5 i bhfeidhm ar leithligh i ndáil le gach leas úinéireachta san eintiteas tréshreafa.

Caibidil IV

Cánacha cumhdaithe coigeartaithe a ríomh

Airteagal 20

Cánacha cumhdaithe

1.   Cuimseofar na cánacha seo a leanas le cánacha cumhdaithe comheintitis:

(a)

cánacha arna dtaifeadadh i gcuntais airgeadais comheintitis maidir lena ioncam nó lena bhrabúis, nó maidir lena chion d'ioncam nó de bhrabúis chomheintitis ina bhfuil leas úinéireachta aige;

(b)

cánacha a ghearrtar ar bhrabúis dháilte, ar dháileacháin bhrabúis mheasta agus ar chostais nach costais ghnó iad a fhorchuirtear faoi chóras cánach dáileachán incháilithe;

(c)

cánacha a fhorchuirtear in ionad cáin corparáide is infheidhme go ginearálta; agus

(d)

cánacha a thoibhítear faoi threoir tuilleamh coimeádta agus cothromas corparáide, lena n-áirítear cánacha ar chomhpháirteanna éagsúla bunaithe ar ioncam agus ar chothromas.

2.   Ní chuimseofar na cánacha seo a leanas le cánacha cumhdaithe comheintitis:

(a)

an cháin bhreisiúcháin a fhabhraíonn máthaireintiteas faoi IIR cáilithe;

(b)

an cháin bhreisiúcháin a fhabhraíonn comheintiteas faoi cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe;

(c)

cánacha is inchurtha i leith coigeartú a rinne comheintiteas mar thoradh ar UTPR cáilithe a chur i bhfeidhm;

(d)

cáin bharúlach in-aisíoctha dhícháilithe; agus

(e)

cánacha a íocann cuideachta árachais i leith íocaíochtaí leis na sealbhóirí polasaí.

3.   Maidir le cánacha cumhdaithe i leith aon ghlanghnóthachain nó aon ghlanchaillteanais a eascraíonn ó dhiúscairt sócmhainní inláimhsithe áitiúil dá dtagraítear in Airteagal 16(7), an chéad fhomhír, sa bhliain fhioscach ina ndéantar an roghnú dá dtagraítear sa fhomhír sin, eisiafar ón ríomh ar chánacha cumhdaithe iad.

Airteagal 21

Cánacha cumhdaithe coigeartaithe

1.   Cinnfear cánacha cumhdaithe coigeartaithe comheintitis le haghaidh bliain fhioscach trí iomlán an chostais cánach reatha a fhabhraítear ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais a choigeartú maidir le cánacha cumhdaithe le haghaidh na bliana fioscaí faoi na méideanna seo a leanas:

(a)

glanmhéid a bhreiseanna agus a laghduithe ar chánacha cumhdaithe le haghaidh na bliana fioscaí mar a leagtar amach i míreanna 2 agus 3;

(b)

an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán a leagtar amach in Airteagal 22; agus

(c)

aon mhéadú nó aon laghdú ar chánacha cumhdaithe arna thaifeadadh i gcothromas nó in ioncam cuimsitheach eile a bhaineann le méideanna a áirítear sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach a bheidh faoi réir cánach faoi rialacha áitiúla cánach.

2.   Áireofar na nithe seo a leanas ar na breiseanna ar chánacha cumhdaithe comheintitis le haghaidh na bliana fioscaí:

(a)

aon cháin chumhdaithe dá bhfabhraítear mar chostas sa bhrabús roimh cháin sna cuntais airgeadais;

(b)

aon shócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach arna úsáideadh de bhun Airteagal 23(2);

(c)

aon chánacha cumhdaithe a bhaineann le seasamh cánach neamhchinnte, cánacha arna n-eisiúint cheanna faoi mhír 3, pointe (d), agus a íoctar le haghaidh na bliana fioscaí; agus

(d)

aon chreidmheas nó aisíocaíocht i leith creidmheas cánach in-aisíoctha cáilithe a fabhraíodh mar laghdú ar an gcostas cánach reatha.

3.   Áireofar na nithe seo a leanas ar na laghduithe ar chánacha cumhdaithe comheintitis le haghaidh na bliana fioscaí:

(a)

an méid costais cánach reatha i leith ioncaim arna eisiúint són ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach faoi Chaibidil III;

(b)

aon chreidmheas nó aisíocaíocht i leith creidmheas cánach in-aisíoctha neamhcháilithe nár taifeadadh mar laghdú ar an gcostas cánach reatha;

(c)

aon chánacha cumhdaithe a aisíocadh le comheintiteas nó a cuireadh dá shochar, méid nár caitheadh leis mar choigeartú ar an gcostas cánach reatha sna cuntais airgeadais, ach amháin má bhaineann sé le creidmheas cánach in-aisíoctha cáilithe;

(d)

an méid costais cánach reatha a bhaineann le seasamh cánach neamhchinnte; agus

(e)

aon chostas cánach reatha nach meastar go n-íocfar é laistigh de 3 bliana ó dheireadh na bliana fioscaí.

4.   Chun na cánacha cumhdaithe coigeartaithe a ríomh, i gcás ina dtugtar tuairisc ar mhéid cánach cumhdaithe i níos mó ná pointe amháin i míreanna 1, 2 agus 3, ní chuirfear san áireamh ach uair amháin é.

5.   I gcás nach bhfuil aon ghlanioncam cáilitheach, i ndlínse le haghaidh bliain fhioscach, agus go bhfuil an méid cánacha cumhdaithe coigeartaithe le haghaidh na dlínse sin diúltach agus níos lú ná méid atá cothrom leis an nglanchaillteanas cáilitheach arna iolrú faoin íosráta cánach (“na cánacha cumhdaithe coigeartaithe a mheastar a bheidh ann”), maidir leis an méid atá cothrom leis an difríocht idir an méid cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus an méid cánacha cumhdaithe coigeartaithe a mheastar a bheidh ann, caithfear leis an méid sin mar cháin bhreisiúcháin bhreise le haghaidh na bliana fioscaí sin. Leithdháilfear an méid cánach breisiúcháin breise ar gach comheintiteas sa dlínse i gcomhréir le hAirteagal 29(3).

Airteagal 22

An méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “fabhrú dícheadaithe”:

(i)

aon ghluaiseacht sa chostas cánach iarchurtha a fhabhraítear i gcuntais airgeadais comheintitis, ar gluaiseacht í a bhaineann le seasamh cánach neamhchinnte; agus

(ii)

aon ghluaiseacht sa chostas cánach iarchurtha a fhabhraítear i gcuntais airgeadais comheintitis, ar gluaiseacht í a bhaineann le dáileacháin ó chomheintiteas.

(b)

ciallaíonn “fabhrú neamhéilithe” aon mhéadú ar dhliteanas cánach iarchurtha a thaifeadtar i gcuntais airgeadais comheintitis le haghaidh bliain fhioscach, ar dliteanas é nach meastar go n-íocfar é laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 7 den Airteagal seo agus a roghnaíonn an comheintiteas is comhdaitheoir go bliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 45(2), gan a áireamh sa mhéid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán le haghaidh na bliana fioscaí sin.

2.   I gcás ina bhfuil an ráta cánach a chuirtear i bhfeidhm chun críche an chostais cánach iarchurtha a ríomh comhionann leis an íosráta cánach nó faoina bhun, is éard a bheidh sa mhéid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán atá le cur le cánacha cumhdaithe coigeartaithe comheintitis le haghaidh bliain fhioscach de bhun Airteagal 21(1), pointe (b), ná an costas cánach iarchurtha a fhabhraítear ina chuntais airgeadais i leith cánacha cumhdaithe, faoi réir na gcoigeartuithe a shonraítear i míreanna 3 go 6 den Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil an ráta cánach a chuirtear i bhfeidhm chun críche an chostais cánach iarchurtha a ríomh os cionn an íosráta éifeachtaigh, is éard a bheidh sa mhéid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán atá le cur le cánacha cumhdaithe coigeartaithe comheintitis le haghaidh bliain fhioscach de bhun Airteagail 20(1), pointe (b), ná an costas cánach iarchurtha a fhabhraítear ina chuntais airgeadais i leith cánacha cumhdaithe arna athmhúnlú ag an íosráta cánach, faoi réir na gcoigeartuithe a shonraítear i míreanna 3 go 6 den Airteagal seo.

3.   Méadófar an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán faoi na méideanna seo a leanas:

(a)

aon fhabhrú dícheadaithe nó fabhrú neamhéilithe a íocadh le linn na bliana fioscaí; agus

(b)

aon dliteanas cánach iarchurtha athghafa a cinneadh i mbliain fhioscach roimhe sin, méid a íocadh le linn na bliana fioscaí.

4.   I mbliain fhioscach, i gcás nach n-aithnítear sócmhainn caillteanais cánach iarchurtha sna cuntais airgeadais toisc nach gcomhlíontar na critéir aitheantais, laghdófar an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán faoin méid a laghdódh an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán dá bhfabhrófaí sócmhainn caillteanais cánach iarchurtha le haghaidh na bliana fioscaí.

5.   Ní áireofar leis an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán na méideanna seo a leanas:

(a)

an méid costais cánach iarchurtha i leith míreanna a eisiatar ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach faoi Chaibidil III;

(b)

an méid costais cánach iarchurtha i leith fabhruithe dícheadaithe agus fabhruithe neamhéilithe;

(c)

tionchar coigeartaithe luachála nó coigeartaithe aitheanta cuntasaíochta i leith sócmhainn cánach iarchurtha;

(d)

an méid costais cánach iarchurtha a eascraíonn ó atomhas i leith athrú ar an ráta cánach náisiúnta is infheidhme; agus

(e)

an méid costais cánach iarchurtha maidir le creidmheasanna cánach a ghiniúint agus a úsáid.

6.   I gcás ina dtaifeadtar sócmhainn cánach iarchurtha, ar sócmhainn í atá inchurtha i leith caillteanas cáilitheach comheintitis, le haghaidh bliain fhioscach ag ráta atá níos ísle ná an t-íosráta cánach, féadfar í a athmhúnlú ag an íosráta cánach sa bhliain fhioscach chéanna ar choinníoll go n-éiríonn leis an gcáiníocóir a léiriú go bhfuil an tsócmhainn cánach inchurtha i leith caillteanas cáilitheach.

I gcás ina méadaítear sócmhainn cánach iarchurtha de bhun na chéad fomhíre, laghdófar an méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán dá réir sin.

7.   Maidir le dliteanas cánach iarchurtha nach n-aisiompraítear nó nach n-íoctar é laistigh de na 5 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, athghabhfar é a mhéid a cuireadh san áireamh é i méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán comheintitis.

An méid den dliteanas cánach iarchurtha athghafa a chinntear le haghaidh na bliana fioscaí reatha, caithfear leis mar laghdú ar chánacha cumhdaithe sa chúigiú bliain fhioscach roimh an mbliain fhioscach reatha, agus athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin na bliana fioscaí sin i gcomhréir le hAirteagal 29(1). Is é an dliteanas cánach iarchurtha athghafa le haghaidh na bliana fioscaí reatha méid an mhéadaithe ar chatagóir an dliteanais chánach iarchurtha a áiríodh i méid iomlán an choigeartaithe cánach iarchurtha sa chúigiú bliain fhioscach roimh an mbliain fhioscach reatha nár aisiompaíodh faoi dheireadh an lae dheiridh den bhliain fhioscach reatha.

8.   De mhaolú ar mhír 7, i gcás gur fabhrú eisceachta athghabhála é an dliteanas cánach iarchurtha, ní dhéanfar é a athghabháil fiú mura n-aisiompaítear nó nach n-íoctar laistigh de na 5 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin é. Is éard a bheidh i bhfabhrú eisceachta athghabhála an méid costais cánach fhabhraithe atá inchurtha i leith athruithe ar dhliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara, i leith na nithe seo a leanas:

(a)

liúntais aisghabhála costas ar shócmhainní inláimhsithe;

(b)

costas ceadúnais nó socraithe chomhchosúil ó rialtas le haghaidh úsáid maoine do-aistrithe nó saothrú acmhainní nádúrtha a bhfuil infheistíocht mhór i sócmhainní inláimhsithe i gceist leis;

(c)

costais taighde agus forbartha;

(d)

costais díchoimisiúnaithe agus feabhsúcháin;

(e)

cuntasaíocht luacha chóir maidir le glanghnóthachain neamhréadaithe;

(f)

glanghnóthachain ó mhalartú airgeadraí eachtracha;

(g)

costais éadála iarchurtha maidir le cúlchistí árachais agus polasaithe árachais;

(h)

gnóthachain ó dhíolachán maoine inláimhsithe atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe, ar gnóthachain iad a athinfheistítear i maoin inláimhsithe sa dlínse chéanna; agus

(i)

méideanna breise a fhabhraítear mar thoradh ar athruithe ar na prionsabail cuntasaíochta maidir leis na míreanna a liostaítear i bpointí (a) go (h).

Airteagal 23

Roghnú caillteanais cháilithigh

1.   De mhaolú ar Airteagal 22, féadfaidh comheintiteas is comhdaitheoir roghnú caillteanais cháilithigh a dhéanamh le haghaidh dlínse ar i gcomhréir leis a chinnfear sócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach le haghaidh gach bliana fioscaí ina bhfuil glanchaillteanas cáilitheach sa dlínse sin. Chun na críche sin, beidh an tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach cothrom leis an nglanchaillteanas cáilitheach sa dlínse le haghaidh bliain fhioscach arna iolrú faoin íosráta cánach.

Ní dhéanfar roghnú caillteanais cháilithigh le haghaidh dlínse ag a bhfuil córas cánach dáileachán incháilithe faoi Airteagal 40.

2.   An tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach a chinntear de bhun mhír 1, úsáidfear í in aon bhliain fhioscach ina dhiaidh sin ina bhfuil glanioncam cáilitheach le haghaidh na dlínse, méid glanioncaim cháilithigh atá cothrom leis an nglanioncam cáilitheach arna iolrú faoin íosráta cánach nó más ísle ná sin é, méid na sócmhainne cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach atá le fáil.

3.   An tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach a chinntear de bhun mhír 1, laghdófar í faoin méid a úsáidtear le haghaidh bliain fhioscach agus tabharfar an t-iarmhéid ar aghaidh chuig na blianta fioscacha ina dhiaidh sin.

4.   I gcás ina gcúlghairtear roghnú caillteanais cháilithigh, laghdófar aon sócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach a chinntear de bhun mhír 1 atá fós ann go nialas ón gcéad lá den chéad bhliain fhioscach nach bhfuil an roghnú caillteanais cháilithigh infheidhme a thuilleadh ar aghaidh.

5.   Comhdófar an roghnú caillteanais cháilithigh leis an gcéad tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44 de chuid ghrúpa FIN nó de ghrúpa mórscála intíre, tuairisceán lena gcuimsítear an dlínse ina ndéantar an roghnú.

6.   Maidir le heintiteas tréshreafa arb é máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre é, i gcás ina ndéanann sé roghnú caillteanais cháilithigh faoin Airteagal seo, ríomhfar an tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach faoi threoir chaillteanas cáilitheach an eintitis tréshreafa tar éis laghdú de bhun Airteagal 38(3).

Airteagal 24

Leithdháileadh sonrach cánacha cumhdaithe a thabhaíonn cineálacha áirithe comheintiteas

1.   Leithdháilfear ar bhuanbhunaíocht méid aon chánach cumhdaithe a áirítear i gcuntais airgeadais comheintitis ar cáin í a bhaineann le hioncam nó le caillteanas cáilitheach na buanbhunaíochta sin.

2.   Leithdháilfear ar úinéir comheintitis méid aon chánach cumhdaithe a áirítear i gcuntais airgeadais comheintitis atá trédhearcach go fioscach, ar cáin í a bhaineann le hioncam nó le caillteanas cáilitheach a leithdháiltear ar an úinéir comheintitis sin i gcomhréir le hAirteagal 19(4).

3.   Leithdháilfear ar chomheintiteas méid aon chánach cumhdaithe a áirítear i gcuntais airgeadais a úinéirí comheintitis díreacha nó indíreacha faoi chóras cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe ar a gcion d'ioncam cuideachtaí eachtracha rialaithe.

4.   Maidir le comheintiteas ar eintiteas hibrideach é, leithdháilfear air méid aon chánach cumhdaithe a áirítear i gcuntais airgeadais a úinéara comheintitis, ar cáin í a bhaineann le hioncam nó le caillteanas cáilitheach an eintitis hibridigh.

Ciallaíonn “eintiteas hibrideach” eintiteas a gcaitear leis mar dhuine ar leithligh chun críoch cánach ioncaim sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe ach a gcaitear leis mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach sa dlínse ina bhfuil a úinéir lonnaithe.

5.   Maidir le comheintiteas a rinne dáileachán le linn na bliana fioscaí, leithdháilfear air méid aon chánach cumhdaithe a fhabhraítear i gcuntais airgeadais a úinéirí comheintitis díreacha ar na dáileacháin sin.

6.   Maidir le comheintiteas a leithdháileadh cánacha cumhdaithe air de bhun mhíreanna 3 agus 4 maidir le hioncam éighníomhach, áireoidh sé na cánacha cumhdaithe sin ina chánacha cumhdaithe coigeartaithe i méid atá cothrom leis na cánacha cumhdaithe a leithdháileadh i leith an ioncaim éighníomhaigh sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, an méid atá ann mar thoradh ar an gcéatadán cánach breisiúcháin le haghaidh na dlínse a iolrú faoi mhéid ioncam éighníomhach an chomheintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a áirítear ina chánacha cumhdaithe coigeartaithe faoi chóras cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe nó faoi riail maidir le trédhearcacht fhioscach, áireoidh an comheintiteas an méid sin i gcás ina bhfuil an toradh níos lú ná an méid a chinntear faoin gcéad fhomhír. Chun críoch na fomhíre seo, cinnfear an céatadán cánach breisiúcháin le haghaidh na dlínse gan aird a thabhairt ar chánacha cumhdaithe a thabhaíonn an t-úinéir comheintitis i dtaca leis an ioncam éighníomhach sin.

Aon cháin chumhdaithe a thabhaíonn an t-úinéir comheintitis i dtaca leis an ioncam éighníomhach sin ar cáin í atá fós ann tar éis an mhír seo a chur i bhfeidhm, ní leithdháilfear faoi mhíreanna 3 ná 4 í.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “ioncam éighníomhach” na míreanna ioncaim seo a leanas a áirítear in ioncam cáilitheach a mhéid a bhí úinéir comheintitis faoi réir cáin faoi chóras cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe nó mar thoradh ar leas úinéireachta in eintiteas hibrideach:

(a)

díbhinn nó coibhéisí díbhinne;

(b)

ús nó coibhéisí úis;

(c)

cíos;

(d)

ríchíos;

(e)

blianachtaí; nó

(f)

glanghnóthachain ó mhaoin ar cineál maoine é a dhéanann ioncam dá dtagraítear i bpointí (a) go (e).

7.   I gcás ina gcaitear le hioncam cáilitheach buanbhunaíochta mar ioncam cáilitheach de chuid an phríomheintitis i gcomhréir le hAirteagal 18(5), aon cháin chumhdaithe a thagann chun cinn sa dlínse ina bhfuil an bhuanbhunaíocht lonnaithe agus a bhaineann leis an ioncam sin, caithfear léi mar chánacha cumhdaithe de chuid an phríomheintitis i gcás méid nach mó ná an t-ioncam sin arna iolrú faoin ráta cánach is airde a ghearrtar ar ghnáthioncam sa dlínse ina bhfuil an príomheintiteas lonnaithe.

Airteagal 25

Coigeartuithe iarchomhdaithe agus athruithe ar rátaí cánach

1.   I gcás ina dtaifeadann comheintiteas coigeartú ar a chánacha cumhdaithe ina chuntais airgeadais le haghaidh bliain fhioscach roimhe seo, caithfear leis an gcoigeartú sin mar choigeartú ar chánacha cumhdaithe sa bhliain fhioscach ina ndéantar an coigeartú, ach amháin má bhaineann an coigeartú le bliain fhioscach ina bhfuil laghdú ar chánacha cumhdaithe sa dlínse.

I gcás ina bhfuil laghdú ar chánacha cumhdaithe a áiríodh i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe an chomheintitis le haghaidh bliain fhioscach roimhe seo, athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin le haghaidh na bliana fioscaí sin i gcomhréir le hAirteagal 29(1) trí na cánacha cumhdaithe coigeartaithe a laghdú faoi mhéid an laghdaithe ar chánacha cumhdaithe. Coigeartófar an t-ioncam cáilitheach le haghaidh na bliana fioscaí agus aon bhliana fioscaí roimhe seo dá réir sin.

Arna roghnú bliantúil don chomheintiteas is comhdaitheoir, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 45(2), féadfar caitheamh le laghdú neamhthábhachtach ar chánacha cumhdaithe mar choigeartú ar chánacha cumhdaithe sa bhliain fhioscach ina ndéantar an coigeartú. Is éard a bheidh i laghdú neamhthábhachtach ar chánacha cumhdaithe laghdú comhiomlán is lú ná EUR 1 000 000 ar na cánacha cumhdaithe coigeartaithe a chinntear le haghaidh na dlínse i gcomhair na bliana fioscaí.

2.   I gcás ina laghdaítear an ráta cánach náisiúnta is infheidhme faoi bhun an íosráta cánach agus go bhfuil costas cánach iarchurtha ann mar thoradh ar an laghdú sin, caithfear le méid an chostais cánach iarchurtha a bheidh mar thoradh air sin mar choigeartú ar dhliteanas an chomheintitis i leith cánacha cumhdaithe a chuirtear san áireamh de bhun Airteagal 21 le haghaidh bliain fhioscach roimhe sin.

3.   I gcás inar tugadh costas cánach iarchurtha san áireamh ag ráta atá níos ísle ná an t-íosráta cánach agus ina méadaítear an ráta cánach is infheidhme níos déanaí, nuair a íocfar an méid costais cánach iarchurtha atá ann mar thoradh ar an méadú sin, caithfear leis mar choigeartú ar dhliteanas comheintitis i leith cánacha cumhdaithe a éilíodh i mbliain fhioscach roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 21.

Ní bheidh an coigeartú faoin gcéad fhomhír níos mó ná méid atá cothrom leis an gcostas cánach iarchurtha arna athmhúnlú ag an íosráta cánach.

4.   I gcás nach n-íoctar níos mó ná EUR 1 000 000 den mhéid a fhabhraíonn comheintiteas mar chostas cánach reatha agus a áirítear i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe le haghaidh bliain fhioscach, i gcás nach n-íoctar é laistigh de 3 bliana tar éis dheireadh na bliana fioscaí sin, athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin le haghaidh na bliana fioscaí inar éilíodh an méid neamhíoctha mar cháin chumhdaithe i gcomhréir le hAirteagal 29(1) tríd an méid neamhíoctha sin a eisiamh ó na cánacha cumhdaithe coigeartaithe.

Caibidil V

An ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin a ríomh

Airteagal 26

An ráta cánach éifeachtach a chinneadh

1.   Ráta cánach éifeachtach ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre le haghaidh gach bliana fioscaí agus le haghaidh gach dlínse, ríomhfar an ráta sin, ar choinníoll go bhfuil glanioncam cáilitheach sa dlínse, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás inarb éard atá i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe na gcomheintiteas iomlán chánacha cumhdaithe coigeartaithe na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse chéanna arna gcinneadh i gcomhréir le Caibidil IV.

2.   Cinnfear glanioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach na gcomheintiteas sa dlínse le haghaidh bliain fhioscach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inarb éard atá in ioncam cáilitheach na gcomheintiteas méid dearfach, más ann dó, d'iomlán ioncaim cháilitheacha na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse, arna gcinneadh i gcomhréir le Caibidil III;

(b)

i gcás inarb éard atá i gcaillteanais cháilitheacha na gcomheintiteas iomlán chaillteanais cháilitheacha na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse, arna gcinneadh i gcomhréir le Caibidil III.

3.   Cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus ioncam nó caillteanas cáilitheach comheintiteas ar comheintitis infheistíochta iad, eisiafar iad ón ríomh ar an ráta cánach éifeachtach i gcomhréir le mír 1 agus ón ríomh ar an nglanioncam cáilitheach i gcomhréir le mír 2.

4.   Ráta cánach éifeachtach gach comheintiteas gan stát, ríomhfar le haghaidh gach bliana fioscaí é ar leithligh ó ráta cánach éifeachtach gach comheintiteas eile.

Airteagal 27

An cháin bhreisiúcháin a ríomh

1.   I gcás ina bhfuil ráta cánach éifeachtach dlínse ina bhfuil comheintitis lonnaithe faoi bhun an íosráta cánach le haghaidh bliain fhioscach, déanfaidh an grúpa FIN nó an grúpa mórscála intíre ríomh ar leithligh ar an gcáin bhreisiúcháin le haghaidh gach ceann dá chomheintitis ag a bhfuil ioncam cáilitheach a áirítear sa ríomh ar ghlanioncam cáilitheach na dlínse sin. Ríomhfar an cháin bhreisiúcháin ar bhonn dlínsiúil.

2.   Is éard a bheidh sa chéatadán cánach breisiúcháin le haghaidh dlínse i gcomhair bliain fhioscach an difríocht dhearfach i bpointe céatadáin, más ann di, arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás inarb éard atá sa ráta cánach éifeachtach an ráta a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26.

3.   Is éard a bheidh sa cháin bhreisiúcháin dhlínsiúil i gcomhair bliain fhioscach ná an méid dearfach, más ann dó, arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inarb éard atá sa cháin bhreisiúcháin bhreise an méid cánach a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 29 le haghaidh na bliana fioscaí;

(b)

i gcás inarb í an cháin bhreisiúcháin náisiúnta méid na cánach le haghaidh na bliana fioscaí arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11 nó faoi cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe de chuid dlínse tríú tír.

4.   Is éard a bheidh sa róbhrabús le haghaidh na dlínse i gcomhair na bliana fioscaí dá dtagraítear i mír 3, an méid dearfach, más ann dó, a ríomhfar i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas é:

Formula

sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inarb éard atá sa ghlanioncam cáilitheach an t-ioncam a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) le haghaidh na dlínse;

(b)

i gcás inarb éard atá san eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint an méid a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 28 le haghaidh na dlínse.

5.   Ríomhfar céatadán cánach breisiúcháin comheintitis le haghaidh na bliana fioscaí reatha i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

Formula

sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inarb éard atá in ioncam cáilitheach comheintitis le haghaidh na dlínse le haghaidh bliain fhioscach an t-ioncam a chinntear i gcomhréir le Caibidil III;

(b)

i gcás inarb éard atá in ioncam cáilitheach comhiomlán na gcomheintiteas uile le haghaidh dlínse le haghaidh bliain fhioscach suim ioncam cáilitheach na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse le haghaidh na bliana fioscaí.

6.   Má tá an cháin bhreisiúcháin dhlínsiúil ann mar thoradh ar athríomh de bhun Airteagal 29(1) agus mura bhfuil aon ghlanioncam cáilitheach sa dlínse le haghaidh na bliana fioscaí, leithdháilfear an cháin bhreisiúcháin ar gach comheintiteas trí bhíthin na foirmle a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo, bunaithe ar ioncam cáilitheach na gcomheintiteas sna blianta fioscacha a ndéantar na hathríomhanna de bhun Airteagal 29(1) ina leith.

7.   Maidir le cáin bhreisiúcháin na gcomheintiteas gan stát, ríomhfar le haghaidh gach bliana fioscaí í ar leithligh ó cháin bhreisiúcháin na gcomheintiteas eile uile.

Airteagal 28

An t-eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “fostaithe incháilithe” fostaithe lánaimseartha nó páirtaimseartha comheintitis agus conraitheoirí neamhspleácha a ghlacann páirt i ngnáthghníomhaíochtaí oibriúcháin ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre faoi stiúir agus faoi rialú ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre;

(b)

ciallaíonn “costais phárolla incháilithe” caiteachais chun fostaithe a chúiteamh, lena n-áirítear tuarastail, pá agus caiteachais eile lena soláthraítear sochar pearsanta díreach ar leithligh don fhostaí, amhail árachas sláinte agus ranníocaíochtaí pinsin, cáin phárolla agus fostaíochta agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta fostóra;

(c)

ciallaíonn “sócmhainní inláimhsithe incháilithe” na nithe seo a leanas:

(i)

maoin, gléasra agus trealamh atá lonnaithe sa dlínse;

(ii)

acmhainní nádúrtha atá lonnaithe sa dlínse;

(iii)

ceart úsáide léasaí ar shócmhainní inláimhsithe atá lonnaithe sa dlínse; agus

(iv)

ceadúnas nó socrú comhchosúil ón rialtas le haghaidh úsáid maoine do-aistrithe nó saothrú acmhainní nádúrtha a bhfuil infheistíocht mhór i sócmhainní inláimhsithe i gceist leis.

2.   Ach amháin i gcás ina roghnaíonn comheintiteas is comhdaitheoir de ghrúpa FIN nó de ghrúpa mórscála intíre, i gcomhréir le hAirteagal 45(2), gan an t-eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint a chur i bhfeidhm le haghaidh na bliana fioscaí, laghdófar an glanioncam cáilitheach le haghaidh dlínse, chun an cháin bhreisiúcháin a ríomh, faoi mhéid atá cothrom le hiomlán an ghearrtha amach párolla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus an ghearrtha amach sócmhainní inláimhsithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo le haghaidh gach comheintitis atá lonnaithe sa dlínse.

3.   Beidh gearradh amach párolla comheintitis atá lonnaithe i ndlínse cothrom le 5 % dá chostais phárolla incháilithe le haghaidh fostaithe incháilithe a dhéanann gníomhaíochtaí le haghaidh an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre sa dlínse sin, ach amháin costais phárolla incháilithe a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leo:

(a)

tá siad caipitlithe agus áirítear leis an luach de réir na leabhar maidir le sócmhainní inláimhsithe incháilithe iad;

(b)

tá siad inchurtha i leith ioncam a eisiatar i gcomhréir le hAirteagal 17.

4.   Maidir le gearradh amach sócmhainní inláimhsithe comheintitis atá lonnaithe i ndlínse, beidh sé cothrom le 5 % de luach na sócmhainní inláimhsithe incháilithe de réir na leabhar, ar sócmhainní iad atá lonnaithe sa dlínse, seachas na nithe seo a leanas:

(a)

luach maoine de réir na leabhar, lena n-áirítear talamh agus foirgnimh, atá ar seilbh chun a díol, a ligean ar léas nó le haghaidh infheistíochta;

(b)

luach sócmhainní inláimhsithe de réir na leabhar, ar sócmhainní iad a úsáidtear chun ioncam atá eisiata i gcomhréir le hAirteagal 17 a dhíorthú.

5.   Chun críocha mhír 4, is éard a bheidh i luach sócmhainní inláimhsithe incháilithe de réir na leabhar meán luach na sócmhainní inláimhsithe incháilithe de réir na leabhar ag tús na bliana fioscaí agus ag deireadh na bliana fioscaí, mar a thaifeadtar chun ráitis airgeadais an mháthaireintitis deiridh a ullmhú, arna laghdú faoi aon dímheas, amúchadh nó ídiú carntha agus arna mhéadú faoi aon mhéid is inchurtha i leith caipitliú costas párolla.

6.   Chun críoch mhíreanna 3 agus 4, is éard a bheidh i gcostais phárolla incháilithe agus i sócmhainní inláimhsithe incháilithe comheintitis ar buanbhunaíocht é na costais phárolla incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe sin a chuimsítear ina chuntais airgeadais ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus (2), ar choinníoll go bhfuil na costais phárolla incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe lonnaithe sa dlínse chéanna leis an mbuanbhunaíocht.

Ní chuirfear costais phárolla incháilithe agus sócmhainní inláimhsithe incháilithe buanbhunaíochta san áireamh i gcostais phárolla incháilithe agus sócmhainní inláimhsithe incháilithe an phríomheintitis.

I gcás inar eisiadh ioncam buanbhunaíochta, go hiomlán nó i bpáirt, de bhun Airteagal 19(1) agus Airteagal 38(5), eisiafar costais phárolla incháilithe agus sócmhainní inláimhsithe incháilithe na buanbhunaíochta sa chomhréir chéanna ón ríomh faoin Airteagal seo le haghaidh an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre.

7.   Costais phárolla incháilithe le haghaidh fostaithe incháilithe a n-íocann eintiteas tréshreafa iad agus sócmhainní inláimhsithe incháilithe atá ar úinéireacht ag eintiteas tréshreafa, ar costais agus sócmhainní iad nach leithdháiltear faoi mhír 6, leithdháilfear orthu seo a leanas iad:

(a)

úinéirí comheintitis an eintitis tréshreafa, i gcomhréir leis an méid a leithdháiltear orthu de bhun Airteagal 19(4), ar choinníoll go bhfuil na fostaithe incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe lonnaithe sa dlínse chéanna leis na húinéirí comheintitis; agus

(b)

an t-eintiteas tréshreafa más é an máthaireintiteas deiridh é, arna laghdú i gcomhréir leis an ioncam a eisiatar ón ríomh ar ioncam cáilitheach an eintitis tréshreafa de bhun Airteagal 38(1) agus Airteagal (2), ar choinníoll go bhfuil na fostaithe incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe lonnaithe sa dlínse chéanna leis an eintiteas tréshreafa.

Na costais phárolla incháilithe agus na sócmhainní inláimhsithe incháilithe eile uile de chuid an eintitis tréshreafa, eisiafar iad ó ríomhanna an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre maidir leis an eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint.

8.   Eisiamh ioncaim na gcomheintiteas uile gan stát, ar eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint é, ríomhfar an t-eisiamh, le haghaidh gach bliana fioscaí, ar leithligh ó eisiamh ioncaim na gcomheintiteas eile uile.

9.   An t-eisiamh ioncaim atá bunaithe ar shubstaint, ar eisiamh é a ríomhtar faoin Airteagal seo, ní chuimseofar leis gearradh amach párolla ná gearradh amach sócmhainní inláimhsithe na gcomheintiteas ar comheintiteas infheistíochta sa dlínse sin iad.

Airteagal 29

Cáin bhreisiúcháin bhreise

1.   I gcás, de bhun Airteagal 11(3), Airteagal 16(7), Airteagal 22(6), Airteagal 25(1) agus (4) agus Airteagal 40(5), ina bhfuil sé mar thoradh ar choigeartú ar chánacha cumhdaithe nó ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach go n-athríomhtar ráta cánach éifeachtach nó cáin bhreisiúcháin ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre le haghaidh bliain fhioscach roimhe seo, athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26, 27 agus28. Aon mhéid cánach breisiúcháin incrimintí a eascraíonn ó athríomh den sórt sin, caithfear leis mar cháin bhreisiúcháin chun críocha Airteagal 27(3) le haghaidh na bliana fioscaí ina ndéantar an t-athríomh.

2.   I gcás ina bhfuil cáin bhreisiúcháin bhreise ann agus nach bhfuil aon ghlanioncam cáilitheach ann le haghaidh na dlínse i gcomhair na bliana fioscaí, is éard a bheidh in ioncam cáilitheach gach comheintitis atá lonnaithe sa dlínse méid atá cothrom leis an gcáin bhreisiúcháin a leithdháiltear ar na comheintitis sin de bhun Airteagal 27(5) agus (6) arna roinnt ar an íosráta cánach.

3.   I gcás, de bhun Airteagal 21(5), ina bhfuil cáin bhreisiúcháin bhreise dlite, is éard a bheidh in ioncam cáilitheach gach comheintitis atá lonnaithe sa dlínse méid atá cothrom leis an gcáin bhreisiúcháin a leithdháiltear ar an gcomheintiteas sin arna roinnt ar an íosráta cánach. Déanfar an leithdháileadh ar bhonn pro rata ar gach comheintiteas, bunaithe ar an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

Ní leithdháilfear an cháin bhreisithe bhreise ach ar chomheintitis a thaifeadann méid cánach cumhdaithe coigeartaithe atá níos lú ná nialas agus níos lú ná ioncam nó caillteanas cáilitheach na gcomheintiteas sin arna iolrú faoin íosráta cánach.

4.   I gcás ina leithdháiltear cáin bhreisiúcháin bhreise ar chomheintiteas i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 27(5) agus (6), caithfear leis an gcomheintiteas mar comheintiteas ísealchánach chun críochs Chaibidil II.

Airteagal 30

Eisiamh de minimis

1.   De mhaolú ar Airteagail 26 go 29 agus ar Airteagal 31, arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, beidh an cháin bhreisiúcháin dhlite le haghaidh na gcomheintiteas atá lonnaithe i ndlínse cothrom le nialas le haghaidh bliain fhioscach, má tá na nithe seo a leanas i gceist leis an mbliain fhioscach sin:

(a)

tá meánioncam cáilitheach na gcomheintiteas uile atá lonnaithe sa dlínse sin níos lú ná EUR 10 000 000; agus

(b)

is éard atá i meánioncam nó i meánchaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas uile sa dlínse sin caillteanas nó is lú ná EUR 1 000 000 an meánioncam nó meánchaillteanas cáilitheach sin.

Déanfar an roghnú ar bhonn bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 45(2).

2.   An meánioncam cáilitheach nó an meánioncam nó an meánchaillteanas cáilitheach dá dtagraítear i mír 1, is éard a bheidh ann meán ioncam cáilitheach nó ioncam nó caillteanas cáilitheach na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse le haghaidh na bliana fioscaí agus an dá bhliain fhioscacha roimhe sin.

Mura bhfuil aon chomheintiteas ag a bhfuil ioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach lonnaithe sa dlínse sa chéad nó sa dara bliain fhioscach roimhe sin, nó iontu araon, eisiafar na blianta fioscacha sin ón ríomh ar mheánioncam cáilitheach nó ar mheánioncam nó ar mheánchaillteanas cáilitheach na dlínse sin.

3.   Maidir le hioncam cáilitheach na gcomheintiteas atá lonnaithe i ndlínse le haghaidh bliain fhioscach, is éard a bheidh ann iomlán ioncaim uile na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse sin, arna laghdú nó arna méadú faoi aon choigeartú a dhéantar i gcomhréir le Caibidil III.

4.   Maidir le hioncam nó caillteanas cáilitheach na gcomheintiteas atá lonnaithe i ndlínse le haghaidh bliain fhioscach, is éard a bheidh ann glanioncam nó glanchaillteanas cáilitheach na dlínse sin mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(2) é.

5.   Ní bheidh an t-eisiamh de minimis a leagtar amach i míreanna 1 go 4 infheidhme maidir le comheintitis gan stát ná eintitis infheistíochta. Eisiafar ioncam agus ioncam nó caillteanas cáilitheach na n-eintiteas sin ón ríomh ar an eisiamh de minimis.

Airteagal 31

Comheintitis faoi úinéireacht mhionlaigh

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “comheintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh” comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta díreach nó indíreach de 30 % nó níos lú ag an máthaireintiteas deiridh ann;

(b)

ciallaíonn “máthaireintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh” comheintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh a bhfuil leasanna urlámhais ar seilbh aige, go díreach nó go hindíreach, i gcomheintiteas eile faoi úinéireacht mhionlaigh, ach amháin i gcás ina bhfuil leasanna urlámhais sa chéad eintiteas ar seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag comheintiteas eile arís faoi úinéireacht mhionlaigh;

(c)

ciallaíonn “foghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh” máthaireintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh agus a fhochuideachtaí faoi úinéireacht mhionlaigh; agus

(d)

ciallaíonn “fochuideachta faoi úinéireacht mhionlaigh” comheintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh a bhfuil a leasanna urlámhais ar seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag máthaireintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh.

2.   An ríomh ar an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin le haghaidh dlínse i gcomhréir le Caibidlí III go VII i ndáil le comhaltaí foghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh, beidh feidhm aige amhail is dá mba grúpa FIN ar leithligh nó grúpa mórscála intíre gach foghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh.

Cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus ioncam nó caillteanas cáilitheach comhaltaí foghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh, eisiafar iad ón gcinneadh faoi mhéid iarmharach ráta cánach éifeachtach an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 26(1), agus ón nglanioncam cáilitheach a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(2).

3.   Ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin comheintitis atá faoi úinéireacht mhionlaigh nach comhalta d'fhoghrúpa faoi úinéireacht mhionlaigh é, ríomhfar ar bhonn eintitis i gcomhréir le Caibidlí III go VII iad.

Cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus ioncam nó caillteanas cáilitheach an chomheintitis faoi úinéireacht mhionlaigh, eisiafar iad ón gcinneadh faoi mhéid iarmharach ráta cánach éifeachtach an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus ón nglanioncam cáilitheach a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(2).

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le comheintiteas faoi úinéireacht mhionlaigh ar eintiteas infheistíochta é.

Airteagal 32

Tearmainn

De mhaolú ar Airteagal 26 go hAirteagal 31, áiritheoidh na Ballstáit, arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, go measfar go mbeidh an cháin bhreisiúcháin atá dlite de ghrúpa i ndlínse áirithe a bheith cothrom le nialas do bhliain fhioscach má chomhlíonann leibhéal éifeachtach cánachais na gcomheintiteas atá lonnaithe sa dlínse sin na coinníollacha i gcomhaontú idirnáisiúnta cáilitheach maidir le tearmainn.

Chun críocha na céad míre seo, ciallaíonn “comhaontú idirnáisiúnta cáilitheach maidir le tearmainn” tacar rialacha agus coinníollacha idirnáisiúnta lenar thoiligh na Ballstáit go léir agus a thugann deis do ghrúpaí faoi raon feidhme na Treorach seo roghnú tairbhe a bhaint as tearmann amháin nó níos mó le haghaidh dlínse.

Caibidil VI

Rialacha speisialta maidir le hathstruchtúrú corparáide agus struchtúir seilbhe

Airteagal 33

An tairseach ioncaim chomhdhlúite a chur i bhfeidhm maidir le cumaisc agus díchumaisc grúpaí

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “cumasc” aon socrú lena ndéantar an méid seo a leanas:

(i)

na heintitis ghrúpa uile a bhaineann le dhá ghrúpa ar leithligh nó níos mó, nó nach mór iad uile, tugtar faoi rialú comhchoiteann iad ar bhealach a fhágann gur eintitis chomhghrúpa iad; nó

(ii)

eintiteas nach comhalta de ghrúpa ar bith a thugtar faoi rialú comhchoiteann le heintiteas nó le grúpa eile é ar bhealach a fhágann gur eintitis chomhghrúpa iad;

(b)

ciallaíonn “díchumasc” aon socrú lena ndéantar na heintitis ghrúpa a bhaineann le grúpa aonair a dheighilt ina dhá ngrúpa dhifriúla nó níos mó nach gcomhdhlúthaíonn an máthaireintiteas deiridh céanna iad a thuilleadh.

2.   I gcás ina gcumascann dhá ghrúpa nó níos mó chun grúpa aonair a dhéanamh in aon cheann de na 4 bliana fioscacha is déanaí as a chéile díreach roimh an mbliain fhioscach thástáilte, measfar tairseach ioncaim chomhdhlúite an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre dá dtagraítear in Airteagal 2 a bheith comhlíonta d’aon bhliain fhioscach roimh an gcumasc má tá iomlán na n-ioncam a chuimsítear ina ráitis airgeadais chomhdhlúite don bhliain fhioscach sin cothrom le EUR 750 000 000 nó níos mó ná sin.

3.   I gcás ina gcumascann eintiteas nach comhalta de ghrúpa é (“an sprioc”) le heintiteas nó le grúpa (“an t-eintiteas éadála”) sa bhliain fhioscach thástáilte, agus nach bhfuil ráitis airgeadais chomhdhlúite ag an sprioc ná ag an eintiteas éadála le haghaidh aon cheann de na 4 bliana fioscacha is déanaí as a chéile díreach roimh an mbliain fhioscach thástáilte, measfar tairseach ioncaim chomhdhlúite an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre a bheith comhlíonta le haghaidh na bliana sin má tá iomlán an ioncaim a chuimsítear ina ráitis airgeadais nó ina ráitis airgeadais chomhdhlúite le haghaidh na bliana fioscaí sin cothrom le EUR 750 000 000 nó níos mó ná sin.

4.   I gcás ina ndíchumascann ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre faoi raon feidhme na Treorach seo ina dhá ngrúpa nó níos mó (gach ceann ina “ghrúpa díchumaiscthe”), measfar an tairseach ioncaim chomhdhlúite a bheith comhlíonta ag grúpa díchumaiscthe i gcás:

(a)

maidir leis an gcéad bhliain fhioscach thástáilte a dtagann deireadh léi tar éis an díchumaisc, go bhfuil ioncam bliantúil EUR 750 000 000 nó níos mó ag an ngrúpa díchumtha sa bhliain fhioscach sin;

(b)

maidir leis an dara bliain nó leis an gceathrú bliain fhioscach thástáilte ar tháinig deireadh léi tar éis an díchumaisc, go bhfuil ioncam bliantúil EUR 750 000 000 nó níos mó ag an ngrúpa díchumtha in dhá bhliain fhioscacha ar a laghad de na blianta fioscacha sin.

Airteagal 34

Comheintitis ag dul isteach i ngrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre agus á fhágáil

1.   Maidir le heintiteas (“an sprioc”) a iompaíonn ina chomheintiteas de chuid grúpa FIN nó de chuid grúpa mórscála intíre nó eintiteas a éiríonn as a bheith ina chomheintiteas de sin mar thoradh ar leasanna úinéireachta díreacha nó indíreacha sa sprioc a bheith aistrithe, nó i gcás an sprioc a bheith iompaithe ina máthaireintiteas deiridh ar ghrúpa nua le linn bliain fhioscach (“an bhliain éadála”), caithfear leis an sprioc mar chomhalta de ghrúpa FIN nó den ghrúpa mórscála intíre chun críocha na Treorach seo ar choinníoll go n-áirítear sciar dá shócmhainní, dá dhliteanais, dá ioncam, dá chostais agus dá shreabha airgeadais ar bhonn líne ar líne i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh sa bhliain éadála.

Ríomhfar ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin na sprice i gcomhréir le míreanna 2 go 8.

2.   Sa bhliain éadála, ní chuirfidh grúpa FIN nó grúpa mórscála intíre san áireamh ach glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais agus cánacha faoi chumhdach coigeartaithe na sprice a áirítear i ráitis chomhdhlúite airgeadais an mháthaireintitis deiridh chun críocha na Treorach seo.

3.   Sa bhliain éadála, agus i ngach bliain fhioscach ina dhiaidh sin, bunófar ioncam nó caillteanas cáilitheach agus cánacha cumhdaithe coigeartaithe na sprice ar luach stairiúil a sócmhainní agus a dliteanas de réir na leabhar.

4.   Sa bhliain éadála, ní thabharfar san áireamh leis an ríomh ar chostais phárolla incháilithe na sprice de bhun Airteagal 28(3) ach na costais a léirítear i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh.

5.   An ríomh ar an luach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe incháilithe na sprice de bhun Airteagal 28(4), coigeartófar é, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an tréimhse a raibh an sprioc ina comhalta den ghrúpa FIN nó de ghrúpa mórscála intíre le linn na bliana éadála.

6.   Seachas an tsócmhainn cánach iarchurtha maidir le caillteanas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 23, cuirfidh grúpa FIN nó an grúpa mórscála intíre éadála san áireamh na sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha sprice a aistrítear idir grúpaí FIN nó grúpaí mórscála intíre, cuirfidh sé san áireamh iad ar an mbealach céanna agus an méid céanna amhail is dá mbeadh an sprioc faoi rialú ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre éadála nuair a tháinig na sócmhainní agus na dliteanais sin chun cinn;

7.   Maidir le dliteanais chánach iarchurtha na sprice a áiríodh ina mhéid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán cheana, caithfidh grúpa FIN nó an grúpa mórscála intíre is diúscairteoir leo mar dhliteanais aisiompaithe, chun críocha Airteagal 22(7), agus mar dhliteanais ag eascairt ó ghrúpa FIN nó an grúpa mórscála intíre éadála leo sa bhliain éadála, ach amháin i gcás mar sin, go mbeidh feidhm ag aon laghdú ina dhiaidh sin ar chánacha cumhdaithe de bhun Airteagal 22(7) sa bhliain ina ndéantar an méid a athghabháil.

8.   I gcás inar máthaireintiteas agus grúpeintiteas in dhá ghrúpa FIN nó i ngrúpa mórscála intíre nó níos mó ná sin le linn na bliana éadála í an sprioc, cuirfidh sí IIR i bhfeidhm ar leithligh maidir lena chion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin comheintiteas ísealchánach a chinntear le haghaidh gach grúpa FIN nó grúpa mórscála intíre.

9.   De mhaolú ar mhíreanna 1 go dtí 8, maidir le héadáil nó le diúscairt leasa urlámhais i sprioc, caithfear léi mar éadáil nó mar dhiúscairt sócmhainní nó dliteanas, má chaitear le héadáil nó le diúscairt an leasa urlámhais sin ar an mbealach céanna a chaithfí le héadáil nó le diúscairt sócmhainní agus dliteanas sa dlínse ina bhfuil an sprioc lonnaithe, nó i gcás eintiteas atá trédhearcach go fioscach, sa dlínse ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe agus go bhforchuirtear cáin chumhdaithe ar an díoltóir bunaithe ar an difríocht idir an mbonn cánach agus an chomaoin a íoctar mar mhalairt ar an leas urlámhais nó luach cóir na sócmhainní agus na dliteanas.

Airteagal 35

Sócmhainní agus dliteanais a aistriú

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “atheagrú” sócmhainní agus dliteanais a chlaochlú nó a aistriú amhail mar a dhéanfaí i gcumasc, i ndeacra, i leachtú nó in idirbheart comhchosúil sna cásanna seo a leanas:

(i)

gurb é atá i gcomaoin an aistrithe, ina n-iomláine nó go páirteach, leasanna cothromais arna n-eisiúint ag an gcomheintiteas éadála nó ag duine a bhfuil baint aige leis an gcomheintiteas éadála, nó, i gcás leachtú, leasanna cothromais na sprice nó, i gcás nach dtugtar aon chomaoin, i gcás nach mbeadh aon tábhacht eacnamaíoch ag baint le leas cothromais a eisiúint;

(ii)

níl gnóthachan ná caillteanas an eintitis atá ag diúscairt na sócmhainní sin faoi réir cánach, go hiomlán nó go páirteach; agus

(iii)

ceanglaíonn dlíthe cánach na dlínse ina bhfuil an comheintiteas éadálalonnaithe ar an gcomheintiteas éadálaioncam inchánach a ríomh tar éis na diúscartha nó na héadála, agus é ag baint úsáid as bonn cánach an chomheintitis diúscartha sna sócmhainní, arna choigeartú i gcomhair gnóthachan nó caillteanas neamhcháilitheach ar bith ar an diúscairt nó ar an éadáil;

(b)

ciallaíonn “gnóthachan nó caillteanas neamhcháilitheach” an ceann is lú de ghnóthachan nó caillteanas an chomheintitis diúscartha a eascraíonn ón atheagrú atá faoi réir cánach i suíomh an chomheintitis diúscartha agus an gnóthachan nó an caillteanas cuntasaíochta airgeadais a eascraíonn ón atheagrú.

2.   Maidir le comheintiteas a dhiúscraíonn sócmhainní agus dliteanais (“an comheintiteas diúscartha”), áireoidh sé an gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn ón diúscairt sin sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach.

Maidir le comheintiteas a fhaigheann sócmhainní agus dliteanais (an “comheintiteas éadála”), cinnfidh sé a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach bunaithe ar an luach de réir na leabhar a ghabhann leis na sócmhainní agus na dliteanais a fhaightear arna chinneadh faoin gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais a úsáidtear in ullmhú chuntais airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh.

3.   De mhaolú ar mhír 2, déanfar an méid seo a leanas i gcás ina ndéantar sócmhainní nó dliteanais a dhiúscairt nó a fháil i gcomhthéacs atheagraithe:

(a)

eisiafaidh an comheintiteas diúscartha aon ghnóthachan nó caillteanas a eascraíonn ón diúscairt sin ón ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach; agus

(b)

cinnfidh an comheintiteas éadála a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach ar bhonn an luacha de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní agus le dliteanais fhaighte an eintitis diúscartha tráth a aistrítear iad.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, i gcás ina ndéantar sócmhainní agus dliteanas a dhiúscairt i gcomhthéacs atheagrú a bhfuil gnóthachan nó caillteanas neamhcháilitheach le haghaidh an eintitis diúscartha mar thoradh air, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

áireoidh an comheintiteas diúscartha an gnóthachan nó an caillteanas ar an diúscairt i ríomh a ioncaim nó a chaillteanais cháilithigh go feadh mhéid an ghnóthachain nó an chaillteanais neamhcháilithigh; agus

(b)

cinnfidh an comheintiteas éadála a ioncam nó a chaillteanas cáilitheach tar éis na héadála agus é ag úsáid an luacha de réir na leabhar a ghabh leis na sócmhainní agus na dliteanais fhaighte ag an gcomheintiteas diúscartha tráth na diúscartha, arna choigeartú i gcomhréir le rialacha cánach áitiúla an chomheintitis éadála chun an gnóthachan nó an caillteanas neamhcháilitheach a chur san áireamh.

5.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, i gcás ina gceanglaítear ar chomheintiteas bonn a shócmhainní agus méid a dhliteanas a choigeartú chuig luach cothrom chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe nó i gcás ina gceadaítear dó déanamh amhlaidh, féadfaidh an comheintiteas sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áireamh, sa ríomh ar a ioncam nó ar a chaillteanas cáilitheach, méid gnóthachain nó caillteanais i leith gach ceann dá shócmhainní agus dá dhliteanais, ar méid é:

(i)

atá cothrom leis an difríocht idir an luach de réir na leabhar a ghabh leis an tsócmhainn nó leis an dliteanas sin chun críoch cuntasaíochta airgeadais díreach roimh dháta an teagmhais lenar gníomhachtaíodh an coigeartú cánach (“an teagmhas truiceartha”) agus luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais díreach tar éis an teagmhais truiceartha; agus

(ii)

arna laghdú (nó arna mhéadú) tríd an ngnóthachan nó an caillteanas neamhcháilitheach, más ann, a eascraíonn ón teagmhas truiceartha;

(b)

luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais chun críoch cuntasaíochta airgeadais díreach tar éis an teagmhais ghníomhachtaithe a úsáid chun ioncam nó caillteanas cáilitheach a ríomh sna blianta fioscacha ar tháinig deireadh leo tar éis an teagmhais truiceartha; agus

(c)

iomlán glan na méideanna a chinntear i bpointe (a) a áireamh in ioncam nó caillteanas cáilitheach an chomheintitis ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(i)

áirítear iomlán glan na méideanna sin sa bhliain fhioscach ina dtarlaíonn an teagmhas truiceartha; nó

(ii)

áirítear méid atá comhionann le hiomlán glan na méideanna sin roinnte ar chúig sa bhliain fhioscach ina dtarlaíonn an teagmhas truiceartha, agus i ngach ceann de na ceithre bliana fioscacha díreach ina dhiaidh sin, ach amháin má fhágann an comheintiteas grúpa FIN nó an grúpa mórscála intíre i mbliain fhioscach amháin sa tréimhse sin, agus sa chás sin, áireofar an méid atá fágtha go hiomlán sa bhliain fhioscach sin.

Airteagal 36

Comhfhiontair

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas,

(a)

ciallaíonn “comhfhiontar” eintiteas a dtuairiscítear a thorthaí airgeadais faoi mhodh an chothromais i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh, ar choinníoll go bhfuil 50 % ar a laghad de leas úinéireachta an mháthaireintitis deiridh, ar seilbh go díreach nó go hindíreach ag an máthaireintiteas deiridh féin.

Ní áirítear le comhfhiontar:

(i)

máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre nach mór dó an riail maidir le cuimsiú ioncaim a chur i bhfeidhm;

(ii)

eintiteas eisiata mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) é;

(iii)

eintiteas a shealbhaítear a leasanna úinéireachta ag grúpa FIN nó ag grúpa mórscála intíre go díreach trí eintiteas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leanas :

go n-oibríonn sé go heisiach, nó nach mór go heisiach, chun sócmhainní a shealbhú nó chun cistí a infheistiú ar mhaithe lena infheisteoirí;

go ndéanann gníomhaíochtaí atá coimhdeach leo sin a dhéanann an t-eintiteas eisiata; nó

go ndéantar cuid mhór dá hioncam go léir a eisiamh ó ríomh an ioncaim nó an chaillteanais cháilithigh i gcomhréir le hAirteagal 16 (2), pointí (b) agus (c).

(iv)

eintiteas atá i seilbh ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre atá comhdhéanta go heisiach d'eintitis eisiata; nó

(v)

cleamhnaí comhfhiontair;

(b)

ciallaíonn “cleamhnaí comhfhiontair”:

(i)

eintiteas a bhfuil a shócmhainní, a dhliteanais, a ioncam, a chostais agus a shreabha airgid á gcomhdhlúthú ag comhfhiontar faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha nó a gcomhdhlúthófaí dá gceanglófaí ar an gcomhfhiontar na sócmhainní, na dliteanais, an t-ioncam, na costais agus na sreabha airgid sin a chomhdhlúthú faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha; nó

(ii)

buanbhunaíocht a bhfuil a príomheintiteas ina chomhfhiontar nó eintitis dá dtagraítear i bpointe (i). I gcásanna den sórt sin, déileálfar leis an mbuanbhunaíocht mar chleamhnaí comhfhiontair ar leithligh.

2.   Maidir le máthaireintiteas a bhfuil leas úinéireachta i gcomhfhiontar nó i gcleamhnaí comhfhiontair ar seilbh aige, go díreach nó go hindíreach, cuirfidh sé IIR i bhfeidhm maidir lena chion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin an chomhfhiontair nó cleamhnaí comhfhiontair i gcomhréir le hAirteagail 5 go 10.

3.   Déanfar an ríomh ar cháin bhreisiúcháin an chomhfhiontair agus a chleamhnaithe comhfhiontair (dá ngairtear le chéile “grúpa comhfhiontar”) i gcomhréir le Caibidlí III go VII, amhail is gur chomheintitis grúpa FIN nó grúpa mórscála intíre ar leithligh iad, agus gurb é an comhfhiontar máthaireintiteas deiridh an ghrúpa sin.

4.   Laghdófar an cáin bhreisiúcháin atá dlite ón ngrúpa comhfhiontar faoi chion inleithdháilte gach máthaireintitis den cháin bhreisiúcháin faoi mhír 2 de gach comhalta den ghrúpa comhfhiontar, cáin bhreisiúcháin a thugtar faoi réim faoi mhír 3. Aon mhéid den cháin bhreisiúcháin atá fágtha, cuirfear le méid cháin bhreisiúcháin UTPR iomlán de bhun Airteagal 14(2) é.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “cáin bhreisiúcháin atá dlite ón ngrúpa comhfhiontar” cion in-leithdháilte an mháthaireintitis de cháin bhreisiúcháin an ghrúpa comhfhiontar.

Airteagal 37

Grúpaí FIN ilmháthar

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “grúpa FIN ilmháthar nó grúpa mórscála intíre ilmháthar” dhá ghrúpa nó níos mó ná sin a ndéanann máthaireintitis deiridh comhshocrú ar struchtúr stápláilte nó socrú déliostaithe é lena gcuimsítear eintiteas nó buanbhunaíocht amháin ar a laghad den ghrúpa comhcheangailte atá lonnaithe i ndlínse dhifriúil maidir le suíomh eintitis eile an ghrúpa chomhcheangailte;

(b)

ciallaíonn “struchtúr stápláilte” comhshocrú a dhéanann dhá mháthaireintiteas deiridh nó níos mó ná sin a bhaineann le grúpaí ar leithligh, comhshocrú a bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis:

(i)

50 % nó níos mó de na leasanna úinéireachta i máthaireintitis deiridh grúpaí ar leithligh, a luaitear ar phraghas aonair má liostaítear iad agus atá comhcheangailte le chéile, de bharr foirm úinéireachta, srianta ar aistriú nó téarmaí nó coinníollacha eile, agus nach féidir a aistriú nó a thrádáil go neamhspleách; agus

(ii)

ullmhaíonn ceann de na máthaireintitis deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite ina dtíolactar sócmhainní, dliteanais, ioncam, costais agus sreabha airgid na n-eintiteas uile sna grúpaí lena mbaineann le chéile mar shócmhainní, mar dhliteanais, mar ioncam, mar chostais agus mar shreabha airgid aonaid eacnamaíoch aonair, agus go gceanglaíonn córas rialála iad a bheith iniúchta go seachtrach;

(c)

ciallaíonn “comhshocrú déliostaithe” comhshocrú a dhéanann dhá mháthaireintiteas deiridh nó níos mó ná sin a bhaineann le grúpaí ar leithligh, comhshocrú faoina ndéantar an méid seo a leanas:

(i)

comhaontaíonn na máthaireintitis deiridh a ngnó a chomhcheangal trí chonradh amháin;

(ii)

de bhun socruithe conarthacha, déanfaidh na máthaireintitis deiridh dáileadh, i ndáil le díbhinní agus faoi leachtú, ar a scairshealbhóirí, agus sin bunaithe ar chóimheas seasta;

(iii)

bainistítear gníomhaíochtaí na máthaireintiteas deiridh mar aonad eacnamaíoch aonair faoi chomhshocruithe conarthacha agus a gcéannachtaí dlíthiúla ar leithligh á gcoinneáil ag an am céanna;

(iv)

leasanna úinéireachta na máthaireintiteas deiridh atá sa chomhaontú, déantar na leasanna sin a lua, a thrádáil agus a aistriú go neamhspleách i margaí caipitil difriúla; agus

(v)

ullmhaíonn na máthaireintitis deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite ina dtíolactar sócmhainní, dliteanais, ioncam, costais agus sreabha airgid eintiteas atá sna grúpaí uile mar shócmhainní, mar dhliteanais, mar ioncam, mar chostais agus mar shreabha airgid aonaid eacnamaíoch aonair, agus ceanglaíonn córas rialála nach mór iniúchadh seachtrach a dhéanamh orthu.

2.   I gcás ina bhfuil eintitis agus comheintitis de dhá ghrúpa nó níos mó ina gcuid de ghrúpa FIN ilmháthar nó de ghrúpa mórscála intíre ilmháthar, caithfear le heintitis agus le comheintitis gach grúpa mar chomhaltaí de ghrúpa FIN ilmháthar nó de ghrúpa mórscála intíre ilmháthar amháin.

Caithfear le heintiteas nach eintiteas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 2(3) é mar chomheintiteas má chomhdhlúthaíonn grúpa FIN nó grúpa mórscála intíre ilmháthar é ar bhonn líne ar líne, nó má tá a leasanna úinéireachta ar seilbh ag eintitis i ngrúpa FIN ilmháthar nó sa ghrúpa mórscála intíre ilmháthar .

3.   Is éard a bheidh i ráitis airgeadais chomhdhlúite ghrúpa FIN ilmháthar nó an ghrúpa mórscála intíre ilmháthar na ráitis airgeadais chomhdhlúite chomhcheangailte dá dtagraítear sna sainmhínithe ar struchtúr stápláilte nó ar chomhshocrú déliostaithe i mír 1, ar ráitis iad a ullmhaítear faoi chaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha, caighdeán a mheastar gurb é caighdeán cuntasaíochta an mháthaireintitis deiridh.

4.   Is éard a bheidh i máthaireintitis deiridh na ngrúpaí ar leithligh lena gcomhdhéantar an grúpa FIN ilmháthar nó an ghrúpa mórscála intíre ilmháthar máthaireintitis deiridh ghrúpa FIN ilmháthar nó an ghrúpa mórscála intíre ilmháthar.

Agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm i leith grúpa FIN ilmháthar nó grúpa mórscála intíre ilmháthar, beidh feidhm ag aon tagairtí do mháthaireintiteas deiridh, de réir mar is gá, amhail is gur tagairtí do roinnt máthaireintiteas deiridh éagsúil iad.

5.   Máthaireintitis an ghrúpa FIN ilmháthar nó an ghrúpa mórscála intíre ilmháthar atá lonnaithe i mBallstát, lena n-áirítear gach máthaireintiteas deiridh, cuirfidh siad IIR i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 5 go 10 i leith a gcion in-leithdháilte de cháin bhreisiúcháin na gcomheintiteas ísealchánach.

6.   Cuirfidh comheintitis an ghrúpa FIN ilmháthar nó an ghrúpa mórscála intíreilmháthar atá lonnaithe i mBallstát UTPR i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 12, 13 agus 14, agus cuirfidh siad san áireamh cáin bhreisiúcháin gach comheintiteas ísealchánach atá ina chomhalta de ghrúpa FIN ilmháthar nó den ghrúpa mórscála intíre ilmháthar .

7.   Ceanglófar ar mháthaireintitis deiridh ghrúpa FIN ilmháthar nó an ghrúpa mórscála intíre ilmháthar an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú i gcomhréir le hAirteagal 44, ach amháin má cheapann siad eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe aonair de réir bhrí Airteagal 44(3), pointe (b). Cuimseofar leis an tuairisceán sin faisnéis a bhaineann le gach ceann de na grúpaí lena gcomhdhéantar grúpa FIN ilmháthar nó an grúpa mórscála intíre ilmháthar.

Caibidil VII

Córais neodrachta cánach agus córais dáileachán

Airteagal 38

Máthaireintiteas deiridh ar eintiteas tréshreafa é

1.   Ioncam cáilitheach eintitis tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é, laghdófar an t-ioncam sin, le haghaidh na bliana fioscaí, faoin méid ioncaim cháilithigh atá inchurtha i leith sealbhóir leasa úinéireachta (“an sealbhóir úinéireachta”) san eintiteas tréshreafa, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil an sealbhóir úinéireachta faoi réir cánach ar an ioncam le haghaidh tréimhse inchánach a dtagann deireadh léi laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí sin, cáin a ghearrtar ar ráta ainmniúil atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin; nó

(b)

gur féidir a mheas go réasúnach go bhfuil méid comhiomlánaithe cánacha cumhdaithe coigeartaithe an mháthaireintitis deiridh agus cánacha a íocann an sealbhóir úinéireachta ar ioncam den sórt sin laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí, cothrom leis an ioncam sin arna iolrú faoin íosráta cánach nó go bhfuil an méid cánach níos mó ná sin.

2.   Ioncam cáilitheach eintitis tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é, laghdófar an t-ioncam sin chomh maith, le haghaidh na bliana fioscaí, faoin méid ioncaim cháilithigh a leithdháiltear ar an sealbhóir úinéireachta san eintiteas tréshreafa ar choinníoll gur ceann de na nithe seo a leanas an sealbhóir úinéireachta:

(a)

duine nádúrtha atá ina chónaí chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin; nó

(b)

eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta eagraíocht neamhbhrabúsach nó ciste pinsin ar a bhfuil cónaí chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin.

3.   Caillteanas cáilitheach eintitis tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é, laghdófar an caillteanas sin, le haghaidh na bliana fioscaí, faoin méid caillteanais cháilithigh is inchurtha i leith an tsealbhóra úinéireachta san eintiteas tréshreafa.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír sa mhéid is nach gceadaítear don sealbhóir úinéireachta an caillteanas sin a úsáid sa ríomh ar a ioncam inchánach.

4.   Cánacha cumhdaithe eintitis tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é, laghdófar go comhréireach iad chuig an méid ioncaim cháilithigh arna laghdú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2.

5.   Buanbhunaíocht trína ndéanann eintiteas tréshreafa ar máthaireintiteas deiridh é a ghnó go hiomlán nó go páirteach nó trína ndéantar go hiomlán nó go páirteach gnó eintitis atá trédhearcach ó thaobh cánach de, beidh feidhm ag míreanna 1, go 4 maidir leis an mbuanbhunaíocht sin ar choinníoll go bhfuil leas úinéireachta an mháthaireintitis deiridh sin san eintiteas atá trédhearcach go fioscach, go bhfuil an leas sin ar seilbh go díreach nó trí shlabhra eintiteas atá trédhearcach go fioscach.

Airteagal 39

Máthaireintiteas deiridh atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “córas díbhinní in-asbhainte” córas cánach lena gcuirtear leibhéal cánach aonair i bhfeidhm ar ioncam úinéirí eintitis trí na brabúis a dháiltear ar na húinéirí a asbhaint nó a eisiamh ó ioncam an eintitis nó trí chomharchumann a dhíolmhú ón gcánachas;

(b)

ciallaíonn “díbhinn in-asbhainte” an méid seo a leanas i dtaca le comheintiteas atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte:

(i)

dáileachán brabús ar shealbhóir leasa úinéireachta sa chomheintiteas, dáileachán is in-aisbhainte ó ioncam inchánach an chomheintitis faoi dhlíthe na dlínse ina bhfuil sé lonnaithe; nó

(ii)

díbhinn phátrúnachta a íoctar le comhalta comharchumainn; agus

(c)

ciallaíonn “comharchumann” eintiteas a mhargaíonn nó a fhaigheann earraí nó seirbhísí go comhpháirteach thar ceann a chomhaltaí ar eintiteas é atá faoi réir córas cánach sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe lena n-áirithítear an neodracht cánach i leith earraí nó seirbhísí a dhíolann na comhaltaí tríd an gcomharchumann nó a fhaigheann a chomhaltaí tríd an gcomharchumann.

2.   Máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte, laghdóidh sé a ioncam cáilitheach suas go nialas, le haghaidh na bliana fioscaí, faoin méid a dháiltear mar dhíbhinn in-aisbhainte laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil an díbhinn faoi réir cánach faoi chúram an fhaighteora le haghaidh tréimhse inchánach a dtagann deireadh léi laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí, cáin a ghearrtar ag ráta ainmnithe atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin; nó

(b)

gur féidir a mheas go réasúnach go bhfuil méid comhiomlánaithe cánacha cumhdaithe coigeartaithe agus cánacha an mháthaireintitis deiridh a íocann an faighteoir ar an díbhinn sin cothrom leis an ioncam sin arna iolrú faoin íosráta cánach nó go bhfuil an cháin níos mó ná sin.

3.   Máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte, laghdóidh sé a ioncam cáilitheach suas go nialas le haghaidh na bliana fioscaí faoin méid a dháileann sé mar dhíbhinn in-aisbhainte laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí, ar choinníoll gur ceann de na nithe seo a leanas é an faighteoir:

(a)

duine nádúrtha, agus is díbhinn phátrúnachta ó chomharchumann soláthair í an díbhinn a fhaightear;

(b)

duine nádúrtha atá ina chónaí chun críoch cánach sa dlínse chéanna ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe agus a bhfuil leasanna úinéireachta ar seilbh aige lena léirítear ceart ar 5 % de bhrabúis agus de shócmhainní an mháthaireintitis deiridh nó níos lú ná sin; nó

(c)

eintiteas rialtais, eagraíocht idirnáisiúnta, eagraíocht neamhbhrabúsach nó ciste pinsin seachas eintiteas seirbhísí pinsin, ar a bhfuil cónaí chun críoch cánach sa dlínse ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe.

4.   Cánacha cumhdaithe máthaireintitis deiridh, seachas na cánacha ar ceadaíodh an asbhaint díbhinne ina leith, laghdófar na cánacha sin go comhréireach chuig an méid ioncaim cháilithigh arna laghdú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

5.   I gcás ina bhfuil leas úinéireachta i gcomheintiteas eile atá faoi réir córas díbhinní inasbhainte ar seilbh ag an máthaireintiteas deiridh go díreach nó trí shlabhra comheintiteas den sórt sin, beidh feidhm ag míreanna 2, 3 agus 4 maidir le haon chomheintiteas eile atá lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis deiridh atá faoi réir an chórais díbhinní in-asbhainte, a mhéid a dháileann an máthaireintiteas deiridh a ioncam cáilitheach a thuilleadh ar fhaighteoirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.

6.   Chun críocha mhír 2, díbhinn pátrúnachta a dháileann comharchumann soláthair, caithfear léi mar dhíbhinn atá faoi réir cánach faoi chúram an fhaighteora a mhéid a laghdaíonn an díbhinn sin speansas nó costas in-aisbhainte sa ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas inchánach an fhaighteora.

Airteagal 40

Córais cánach dáileachán incháilithe

1.   Féadfaidh comheintiteas is comhdaitheoir roghnú a dhéanamh dó féin nó i dtaca le comheintiteas eile atá faoi réir córas cánach dáileachán incháilithe an méid a chinntear mar cháin dáileachán measta i gcomhréir le mír 2 a chuimsiú i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí.

Déanfar an roghnú go bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 45(2) agus beidh feidhm aige maidir leis na comheintitis uile atá lonnaithe sa dlínse sin.

2.   Is éard a bheidh i méid na cánach dáileachán measta an ceann is lú díobh seo a leanas:

(a)

an méid cánacha cumhdaithe coigeartaithe is gá chun an ráta cánach éifeachtach, mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 27(2) le haghaidh na dlínse i gcomhair na bliana fioscaí, a mhéadú chuig an íosráta cánach; nó

(b)

an méid cánach a bheadh dlite dá ndáilfeadh na comheintitis atá lonnaithe sa dlínse a n-ioncam iomlán atá faoi réir an chórais cánach dáileachán incháilithe le linn bliain fhioscach den sórt sin.

3.   I gcás ina ndéantar roghnú faoi mhír 1, bunófar cuntas athghabhála um cháin dáileachán measta le haghaidh gach bliana fioscaí a bhfuil feidhm ag an roghnú sin maidir léi. An méid cánach dáileachán measta a chinntear i gcomhréir le mír 2 don dlínse, cuirfear leis an gcuntas athghabhála um cháin dáileachán measta é le haghaidh na bliana fioscaí inar bunaíodh é.

Ag deireadh gach bliana fioscaí, laghdófar in ord croineolaíoch na méideanna amuigh sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta le haghaidh blianta fioscacha roimhe sin, suas go nialas, faoi na cánacha a d'íoc an comheintiteas le linn na bliana fioscaí i ndáil le dáileacháin mheasta nó iarbhír.

Aon mhéid iarmharach sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta atá fós iontu tar éis an dara fomhír a chur i bhfeidhm, laghdófar é, suas go nialas, faoi mhéid atá cothrom leis an nglanchaillteanas cáilitheach ó dhlínse arna iolrú faoin íosráta cánach.

4.   Aon mhéid iarmharach de ghlanchaillteanas cáilitheach arna iolrú faoin íosráta cánach atá fós ann tar éis mhír 3, an tríú fomhír, a chur i bhfeidhm le haghaidh na dlínse, tabharfar ar aghaidh é chuig na blianta fioscacha ina dhiaidh sin agus laghdófar leis aon mhéid iarmharach sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta atá fós ann tar éis mír 3 a chur i bhfeidhm.

5.   An t-iarmhéid gan íoc, más ann dó, atá sa chuntas athghabhála um cháin dáileachán measta ar an lá deireanach den cheathrú bliain fhioscach tar éis an cuntas sin a bhunú, caithfear leis mar laghdú ar na cánacha cumhdaithe coigeartaithe a cinneadh roimhe sin do bhliain fhioscach den sórt sin. Déanfar ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin do bhliain fhioscach den sórt sin a ríomh dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 29(1).

6.   Cánacha a íoctar le linn na bliana fioscaí i ndáil le dáileacháin mheasta nó iarbhír, ní chuimseofar le cánacha cumhdaithe coigeartaithe iad a mhéid a laghdaíonn siad cuntas athghabhála um cháin dáileachán measta i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.

7.   I gcás ina bhfágann comheintiteas atá faoi réir roghnú faoi mhír 1 grúpa FIN nó an grúpa mórscála intíre nó i gcás ina n-aistrítear a shócmhainní uile nach mór chuig duine nach comheintiteas é de chuid ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre chéanna atá lonnaithe sa dlínse chéanna, aon iarmhéid gan íoc sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta i mblianta fioscacha roimhe sin inar bunaíodh na cuntais sin, caithfear leis na hiarmhéideanna sin mar laghdú ar na cánacha cumhdaithe coigeartaithe le haghaidh gach ceann de na blianta fioscacha sin i gcomhréir le hAirteagal 29(1).

Aon mhéid cánach breisiúcháin breise atá dlite, iolrófar faoin gcóimheas seo a leanas é chun an cháin bhreisiúcháin bhreise atá dlite le haghaidh na dlínse a ríomh:

Formula

sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcinnfear ioncam cáilitheach an chomheintitis i gcomhréir le Caibidil III le haghaidh gach bliana fioscaí ina bhfuil iarmhéid gan íoc sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta le haghaidh na dlínse; agus

(b)

i gcás ina gcinnfear an glanioncam cáilitheach na dlínse i gcomhréir le hAirteagal 26(2) le haghaidh gach bliana fioscaí ina bhfuil iarmhéid gan íoc sna cuntais athghabhála um cháin dáileachán measta le haghaidh na dlínse.

Airteagal 41

An ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin eintitis infheistíochta a chinneadh

1.   I gcás inar eintiteas infheistíochta nach bhfuil trédhearcach go fioscach agus nach ndearna roghnú i gcomhréir le hAirteagail 42 agus 43 é comheintiteas ghrúpa FIN nó grúpa mórscála intíre, ríomhfar ráta cánach éifeachtach an eintitis infheistíochta sin ar leithligh ó ráta cánach éifeachtach na dlínse ina bhfuil sé lonnaithe.

2.   Beidh ráta cánach éifeachtach an eintitis infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 cothrom lena chánacha cumhdaithe coigeartaithe arna roinnt ar mhéid atá cothrom le cion in-leithdháilte ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre in ioncam nó i gcaillteanas cáilitheach an eintitis infheistíochta.

I gcás ina bhfuil níos mó ná eintiteas infheistíochta amháin lonnaithe i ndlínse, ríomhfar a ráta cánach éifeachtach trína gcánacha cumhdaithe coigeartaithe mar aon le cion in-leithdháilte ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre ina n-ioncam nó ina gcaillteanas cáilitheach a chomhcheangal le chéile.

3.   Is éard a bheidh i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe eintitis infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 na cánacha cumhdaithe coigeartaithe atá inchurtha i leith chion in-leithdháilte ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre in ioncam cáilitheach an eintitis infheistíochta agus na cánacha cumhdaithe a leithdháiltear ar an eintiteas infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24. Ní áireofar i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe an eintitis infheistíochta aon chánacha cumhdaithe a d'fhabhraigh an t-eintiteas infheistíochta i leith ioncaim nach cuid é de sciar in-leithdháilte de chuid ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre d'ioncam an eintitis infheistíochta.

4.   Is éard a bheidh i gcáin bhreisiúcháin eintitis infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, ar méid é atá cothrom le céatadán cánach breisiúcháin an eintitis infheistíochta arna iolrú faoi mhéid atá cothrom leis an difríocht idir cion in-leithdháilte de chuid ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre in ioncam cáilitheach an eintitis infheistíochta agus an t-eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint a ríomhtar le haghaidh an eintitis infheistíochta.

Is éard a bheidh i gcéatadán cánach breisiúcháin an eintitis infheistíochta méid dearfach atá cothrom leis an difríocht idir an t-íosráta cánach agus ráta cánach éifeachtach an eintitis infheistíochta sin.

I gcás ina bhfuil níos mó ná eintiteas infheistíochta amháin lonnaithe i ndlínse, ríomhfar a ráta cánach éifeachtach trína méideanna eisiata ioncaim bunaithe ar shubstaint mar aon le cion in-leithdháilte an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre ina n-ioncam nó ina gcaillteanas cáilitheach a chomhcheangal le chéile.

Cinnfear eisiamh ioncaim eintitis infheistíochta bunaithe ar shubstaint i gcomhréir le hAirteagail 28(1) go (7). Costais phárolla incháilithe le haghaidh fostaithe incháilithe agus sócmhainní inláimhsithe incháilithe a tugadh san áireamh le haghaidh eintiteas infheistíochta den sórt sin, laghdófar iad i gcomhréir le cion in-leithdháilte de chuid ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre in ioncam cáilitheach an eintitis infheistíochta arna roinnt ar ioncam cáilitheach iomlán an eintitis infheistíochta sin.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, cinnfear an sciar in-leithdháilte den ghrúpa FIN nó den ghrúpa mórscála intíre in ioncam nó caillteanas cáilitheach eintitis infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 9 gan a chur san áireamh ach leasanna nach bhfuil faoi réir roghnaithe i gcomhréir le hAirteagal 42 nó 43.

Airteagal 42

Roghnú chun caitheamh le heintiteas infheistíochta mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach

1.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “eintiteas infheistíochta” árachais eintiteas a chomhlíonfadh an sainmhíniú ar chiste infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (31), nó ar mheán infheistíochta réadmhaoine a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (32), mura mbunófaí i ndáil le dliteanais faoi chonradh árachais nó faoi chonradh blianachta é agus mura raibh sé ar úinéireacht iomlán ag eintiteas atá faoi réir rialáil sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe mar chuideachta árachais.

2.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfar caitheamh le comheintiteas is comhdaitheoir gur eintiteas infheistíochta é nó le heintiteas infheistíochta árachais mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach má tá an t-úinéir comheintitis faoi réir cáin sa dlínse ina bhfuil sé lonnaithe faoi luach margaidh cóir nó córas comhchosúil atá bunaithe ar na hathruithe bliantúla ar luach cóir a leasanna úinéireachta san eintiteas sin agus má tá an ráta cánach is infheidhme maidir leis an úinéir comheintitis i dtaca leis an ioncam sin cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin.

3.   Maidir le comheintiteas a bhfuil leas úinéireachta in eintiteas infheistíochta nó in eintiteas infheistíochta árachais ar úinéireacht indíreach aige trí leas úinéireachta díreach in eintiteas infheistíochta eile nó trí eintiteas infheistíochta árachais eile, measfar é a bheith faoi réir cáin faoi luach margaidh cóir nó faoi chóras comhchosúil i leith a leasa úinéireachta indírigh san eintiteas nó san eintiteas infheistíochta árachais céadluaite má tá sé faoi réir luach margaidh cóir nó córas comhchosúil i leith a leasa úinéireachta dhírigh sa dara heintiteas nó sa dara heintiteas infheistíochta árachais a luaitear.

4.   Déanfar an roghnú faoi mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 45(1).

Má chúlghairtear an roghnú, aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ó dhiúscairt sócmhainne nó dliteanais a bhí ar seilbh ag an eintiteas infheistíochta nó eintiteas infheistíochta árachais, cinnfear é ar bhonn luach margaidh cóir na sócmhainne nó an dliteanais ar an gcéad lá den bhliain ina ndéantar an chúlghairm.

Airteagal 43

Roghnú modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm

1.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfaidh úinéir comheintitis eintitis infheistíochta modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm i leith a leasa úinéireachta san eintiteas infheistíochta, ar choinníoll nach eintiteas infheistíochta é an t-úinéir comheintitis agus gur féidir a mheas go réasúnach go mbeidh sé faoi réir cáin ar dháileacháin ón eintiteas infheistíochta ag ráta cánach atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin.

2.   Faoin modh dáilte inchánach, áireofar dáileacháin agus dáileacháin mheasta ioncaim cháilithigh eintitis infheistíochta in ioncam cáilitheach an úinéara comheintitis a fuair an dáileachán, ar choinníoll nach eintiteas infheistíochta é.

An méid cánacha cumhdaithe a thabhaíonn an t-eintiteas infheistíochta atá inchreidiúnaithe in aghaidh dhliteanas cánach an úinéara comheintitis a eascraíonn ó dháileachán eintitis infheistíochta, áireofar an méid sin in ioncam cáilitheach agus i gcánacha cumhdaithe coigeartaithe an úinéara comheintitis a fuair an dáileachán.

Maidir le cion an úinéara comheintitis i nglanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta dá dtagraítear i mír 3 sa tríú bliain roimh an mbliain fhioscach (“an bhliain thástáilte”), caithfear leis an gcion sin mar ioncam cáilitheach de chuid an eintitis infheistíochta sin le haghaidh na bliana fioscaí. An méid atá cothrom leis an ioncam cáilitheach sin arna iolrú faoin íosráta cánach, caithfear leis mar cháin bhreisiúcháin comheintitis ísealchánach le haghaidh na bliana fioscaí chun críocha Chaibidil II.

Maidir le hioncam nó caillteanas cáilitheach eintitis infheistíochta agus na cánacha cumhdaithe coigeartaithe is inchurtha i leith an ioncaim sin, le haghaidh na bliana fioscaí, eisiafar iad ón ríomh ar an ráta cánach éifeachtach i gcomhréir le Caibidil V agus Airteagal 41(1) go (4), ach amháin le haghaidh an mhéid cánacha cumhdaithe dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

3.   Is éard a bheidh i nglanioncam cáilitheach neamhdháilte eintitis infheistíochta le haghaidh bliain fhioscach thástáilte méid ioncaim cháilithigh an eintitis infheistíochta sin le haghaidh na bliana tástáilte arna laghdú, suas go nialas, faoi na nithe seo a leanas:

(a)

cánacha cumhdaithe an eintitis infheistíochta;

(b)

dáileacháin agus dáileacháin mheasta ar scairshealbhóirí nach eintitis infheistíochta iad le linn na tréimhse ón gcéad lá den tríú bliain roimh an mbliain fhioscach agus ag críochnú ar an lá deiridh den bhliain fhioscach tuairiscithe ina sealbhaíodh an leas úinéireachta (“an tréimhse thástála”);

(c)

caillteanais cháilitheacha a thagann chun cinn le linn na tréimhse tástála; agus

(d)

aon mhéid iarmharach de chaillteanais cháilitheacha nár laghdaigh glanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta sin cheana le haghaidh bliain thástáilte roimhe sin, eadhon “an tabhairt ar aghaidh caillteanas infheistíochta”.

Ní laghdófar glanioncam cáilitheach neamhdháilte eintitis infheistíochta le dáileacháin nó le dáileacháin mheasta lenar laghdaíodh glanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta sin cheana le haghaidh bliain thástáilte roimhe sin agus an chéad fhomhír, pointe (b), á chur i bhfeidhm.

Ní laghdófar glanioncam cáilitheach neamhdháilte eintitis infheistíochta faoin méid caillteanas cáilitheach lenar laghdaíodh glanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta sin cheana le haghaidh bliain thástáilte roimhe sin agus an chéad fhomhír, pointe (c), á chur i bhfeidhm.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, beidh dáileachán measta ann nuair a aistrítear leas úinéireachta díreach nó indíreach san eintiteas infheistíochta chuig eintiteas nach le grúpa FIN ná an grúpa mórscála intíre é agus atá cothrom leis an gcion den ghlanioncam cáilitheach neamhdháilte is inchurtha i leith an leasa úinéireachta sin ar dháta an aistrithe sin, arna chinneadh gan aird a thabhairt ar an dáileachán measta.

5.   Déanfar an roghnú faoi mhír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 45(1).

Má chúlghairtear an roghnú, caithfear le cion an úinéara comheintitis i nglanioncam cáilitheach neamhdháilte an eintitis infheistíochta le haghaidh na bliana tástáilte ag deireadh na bliana fioscaí a dhéantar roimh bhliain fhioscach na cúlghairme, mar ioncam cáilitheach de chuid an eintitis infheistíochta le haghaidh na bliana fioscaí. An méid atá cothrom leis an ioncam cáilitheach sin arna iolrú faoin íosráta cánach, caithfear leis mar cháin bhreisiúcháin comheintitis ísealchánach le haghaidh na bliana fioscaí chun críocha Chaibidil II.

Caibidil VIII

Forálacha riaracháin

Airteagal 44

Oibleagáidí comhdúcháin

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “eintiteas áitiúil ainmnithe” comheintiteas ghrúpa FIN nó ghrúpa mórscála intíre atá lonnaithe i mBallstát agus ar cheap na comheintitis eile de chuid ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre atá lonnaithe sa Bhallstáit céanna é chun an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú nó chun na fógraí a chur isteach i gcomhréir leis an Airteagal seo thar a gceann;

(b)

ciallaíonn “comhaontú údarás inniúil cáilitheach” comhaontú nó comhshocrú déthaobhach nó iltaobhach idir dhá údarás inniúil nó níos mó ná sin lena ndéantar foráil maidir le malartú uathoibríoch tuairisceán faisnéise bliantúil maidir le cáin bhreisiúcháin.

2.   Comhdóidh comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin lena údarás fioscach i gcomhréir le mír 5.

Féadfaidh eintiteas áitiúil ainmnithe an tuairisceán sin a chomhdú thar ceann an chomheintitis.

3.   De mhaolú ar mhír 2, ní bheidh oibleagáid ar chomheintiteas tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú lena údarás fioscach má chomhdaigh aon cheann díobh seo a leanas tuairisceán den sórt sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 5:

(a)

an máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i ndlínse a bhfuil, le haghaidh na bliana fioscaí tuairiscithe, comhaontú údarás inniúil cáilitheach i bhfeidhm aici leis an mBallstát ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe; nó

(b)

an t-eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe atá lonnaithe i ndlínse a bhfuil, le haghaidh na bliana fioscaí tuairiscithe, comhaontú údarás inniúil cáilitheach i bhfeidhm aici leis an mBallstát ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe.

4.   I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 3, tabharfaidh an comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát fógra dá údarás fioscach faoi chéannacht an eintitis a chomhdóidh an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin agus faoin dlínse ina bhfuil sé lonnaithe nó tabharfaidh eintiteas áitiúil ainmnithe an fógra sin thar ceann an chomheintitis.

5.   Comhdófar an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin i dteimpléad caighdeánach agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas i leith an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre:

(a)

céannacht na gcomheintiteas, lena n-áirítear a n-uimhir aitheantais chánach, más ann dóibh, sa dlínse ina bhfuil siad lonnaithe agus a stádas faoi rialacha na Treorach seo;

(b)

faisnéis faoi struchtúr corparáide foriomlán an ghrúpa FIN nó an ghrúpa mórscála intíre, lena n-áirítear na leasanna urlámhais sna comheintitis atá ar seilbh ag comheintitis eile;

(c)

an fhaisnéis uile is gá chun na nithe seo a leanas a ríomh:

(i)

an ráta cánach éifeachtach le haghaidh gach dlínse agus cáin bhreisiúcháin gach comheintitis;

(ii)

cáin bhreisiúcháin comhalta grúpa comhfhiontar;

(iii)

an leithdháileadh cánach breisiúcháin faoi IRR agus leithdháileadh méid cháin bhreisiúcháin UTPR ar gach dlínse; agus

(d)

taifead ar na roghnuithe a dhéantar i gcomhréir leis an Treoir seo.

6.   De mhaolú ar mhír 5, i gcás ina bhfuil comheintiteas lonnaithe i mBallstát agus ina bhfuil máthaireintiteas deiridh lonnaithe i ndlínse tríú tír ina gcuirtear i bhfeidhm rialacha a mheastar a bheith coibhéiseach le rialacha na Treorach seo de bhun Airteagal 52, comhdóidh an comheintiteas nó an t-eintiteas áitiúil ainmnithe tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis uile is gá chun Airteagal 8 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

céannacht na gcomheintiteas uile ina bhfuil leas úinéireachta ar seilbh, go díreach nó go hindíreach, ag máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá lonnaithe i mBallstát tráth ar bith le linn na bliana fioscaí agus struchtúr na leasanna úinéireachta sin;

(ii)

an fhaisnéis uile is gá chun ráta cánach éifeachtach na ndlínsí ina bhfuil leasanna úinéireachta ag comheintitis a shainaithnítear faoi phointe (i) ar seilbh ag máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht atá lonnaithe i mBallstát agus an cháin bhreisiúcháin atá dlite a ríomh; agus

(iii)

an fhaisnéis uile is ábhartha chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 9, 10 agus 11;

(b)

an fhaisnéis uile is gá chun Airteagal 13 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

céannacht na gcomheintiteas uile atá lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis agus struchtúr na leasanna úinéireachta sin;

(ii)

an fhaisnéis uile is gá chun ráta cánach éifeachtach dhlínse an mháthaireintitis deiridh agus a cháin bhreisiúcháin atá dlite a ríomh; agus

(iii)

an fhaisnéis uile is gá chun an cháin bhreisiúcháin sin a leithdháileadh bunaithe ar fhoirmle leithdháilte UTPR a leagtar amach in Airteagal 14.

(c)

an fhaisnéis uile atá riachtanach chun cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm ag aon Bhallstát a roghnaigh cáin bhreisiúcháin den sórt sin a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 11.

7.   An tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 agus aon fhógra ábhartha, comhdófar iad le húdarás fioscach an Bhallstáit ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis an lae dheireanaigh sa bhliain fhioscach tuairiscithe.

Airteagal 45

Roghnuithe

1.   Na roghnuithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3), an dara fomhír, Airteagal 16(3), (6) agus (9), agus in Airteagail 42 agus 43, beidh siad bailí le haghaidh tréimhse 5 bliana, ó thús na bliana ina ndéantar an roghnú. Athnuafar an roghnú go huathoibríoch ach amháin má chúlghaireann an comheintiteas is comhdaitheoir an roghnú ag deireadh na tréimhse 5 bliana. Beidh cúlghairm an roghnaithe bailí ar feadh tréimhse 5 bliana, ó dheireadh na bliana ina ndéantar an chúlghairm.

2.   Beidh an roghnú dá dtagraítear in Airteagal 16(7), Airteagal 22(1)(b), Airteagal 25(1), Airteagal 28(2), Airteagal 30(1) agus Airteagal 40(1) bailí ar feadh tréimhse bliana. Athnuafar an roghnú go huathoibríoch ach amháin má chúlghaireann an comheintiteas is comhdaitheoir an roghnú ag deireadh na bliana.

3.   Déanfar na roghnuithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3), an dara fomhír, Airteagal 16(3), (6),(7) agus 16(9), Airteagal 22(1)(b), Airteagal 25(1), Airteagal 28(2), Airteagal 30(1), Airteagal 40(1), agus Airteagail 42 agus 43 chuig údarás fioscach an Bhallstáit ina bhfuil an comheintiteas is comhdaitheoir lonnaithe.

Airteagal 46

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an oibleagáid atá ar chomheintiteas a sciar cánach breisithe a chomhdú agus a íoc nó costas breise cánach airgid a bheith aige, agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Caibidil IX

Rialacha idirthréimhseacha

Airteagal 47

Cóireáil cánach ar shócmhainní cánach iarchurtha, ar dhliteanais chánach iarchurtha agus ar shócmhainní aistrithe tráth an trasdula

1.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “idirbhliain” i gcás dlínse, an chéad bhliain fhioscach a thagann grúpa FIN nó grúpaí mórscála intíre faoi raon feidhme na Treorach seo i leith na dlínse sin.

2.   Agus an ráta cánach éifeachtach á chinneadh le haghaidh dlínse in idirbhliain agus le haghaidh gach bliana fioscaí ina dhiaidh sin, cuirfidh grúpa FIN nó an grúpaí mórscála intíre san áireamh na sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha uile a léirítear nó a nochtar i gcuntais airgeadais na gcomheintiteas uile i ndlínse le haghaidh na hidirbhliana.

Cuirfear sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha san áireamh ag an íosráta cánach nó ag an ráta cánach náisiúnta is infheidhme, pé acu is ísle. Maidir le sócmhainn cánach iarchurtha a thaifeadadh ag ráta cánach atá níos ísle ná an t-íosráta cánach, áfach, féadfar í a chur san áireamh ag an íosráta cánach más féidir leis an gcáiníocóir a léiriú go bhfuil an tsócmhainn cánach iarchurtha inchurtha i leith caillteanas cáilitheach.

Tabharfar neamhaird ar thionchar aon choigeartaithe luachála nó aon choigeartaithe aitheanta cuntasaíochta i leith sócmhainn cánach iarchurtha.

3.   Maidir le sócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn ó mhíreanna a eisiatar ón ríomh ar ioncam nó ar chaillteanas cáilitheach i gcomhréir le Caibidil III, eisiafar ón ríomh dá dtagraítear i mír 2 iad i gcás ina ngintear na sócmhainní cánach iarchurtha sin in idirbhearta a dhéantar tar éis an 30 Samhain 2021.

4.   I gcás aistriú sócmhainní idir comheintitis tar éis an 30 Samhain 2021 agus roimh thús idirbhliana, bunófar bunús na sócmhainní a fuarthas, seachas fardal, ar an luach anonn an chomheintitis diúscartha, ar luach anonn é a bhí ag gabháil leis na sócmhainní aistrithe tráth na diúscartha le sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha arna gcinneadh ar an mbonn sin.

Airteagal 48

Faoiseamh idirthréimhseach le haghaidh an eisiaimh ioncaim bunaithe ar shubstaint

1.   Chun críoch Airteagal 28(3) a chur i bhfeidhm, cuirfear na luachanna a leagtar amach sa tábla seo a leanas in ionad luach 5 %, i gcás gach bliana fioscaí ag tosú ón 31 Nollaig gach bliain féilire ina dhiaidh sin:

2023

10 %

2024

9,8 %

2025

9,6 %

2026

9,4 %

2027

9,2 %

2028

9,0 %

2029

8,2 %

2030

7,4 %

2031

6,6 %

2032

5,8 %

2.   Chun críoch Airteagal 28(4) a chur i bhfeidhm, cuirfear na luachanna a leagtar amach sa tábla seo a leanas in ionad luach 5 %, i gcás gach bliana fioscaí ag tosú a ón 31 Nollaig gach bliain féilire ina dhiaidh sin:

2023

8 %

2024

7,8 %

2025

7,6 %

2026

7,4 %

2027

7,2 %

2028

7,0 %

2029

6,6 %

2030

6,2 %

2031

5,8 %

2032

5,4 %

Airteagal 49

An chéim thosaigh d'eisiamh grúpaí FIN agus grúpaí mórscála intíre ó IIR agus UTPR

1.   Déanfar an cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(2), nó ag máthaireintiteas idirmheánach atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nuair is eintiteas eisiata é an máthaireintiteas deiridh, a laghdú go nialas sna cásanna a leanas:

(a)

sa chéad 5 bliana den chéim thosaigh de ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN d'ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V;

(b)

sna chéad 5 bliana, ag tosú ón gcéad lá den bhliain fhioscach ina dtagann grúpa mórscála intíre faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.

2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír, an cháin bhreisiúcháin atá dlite ag comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 14(2), laghdófar go nialas í sa chéad 5 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta ghrúpa FIN sin d'ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.

3.   Measfar grúpa FIN a bheith sa chéim thosaigh dá ghníomhaíocht idirnáisiúnta más rud é, le haghaidh bliain fhioscach:

(a)

nach bhfuil comheintitis aige i níos mó ná sé dhlínse; agus

(b)

iomlán an ghlanluacha de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe chomheintitis uile an ghrúpa FIN atá lonnaithe i ngach dlínse seachas sa dlínse thagartha, nach mó ná EUR 50 000 000 é.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), ciallaíonn dlínse thagartha an dlínse ina bhfuil an luach iomlán is airde de shócmhainní inláimhsithe ag comheintitis ghrúpa FIN sa bhliain fhioscach ina dtagann grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach seo ar dtús. Is éard a bheidh i luachanna iomlána sócmhainní inláimhsithe i ndlínse iomlán na nglanluachanna de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe comheintiteas uile ghrúpa FIN atá lonnaithe sa dlínse sin.

4.   An tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i míreanna 1, pointe (a), agus i mír 2, tosóidh sí ó thús na bliana fioscaí ina dtagann an grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach ar dtús.

Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ar an 31 Nollaig 2023.

Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 2 ar an 31 Nollaig 2024.

Maidir le grúpaí mórscála intíre a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar an 31 Nollaig 2023.

5.   Cuirfidh an t-eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 44 údarás fioscach an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe ar an eolas faoi thús na céime tosaigh de ghníomhaíocht idirnáisiúnta ghrúpa FIN.

Airteagal 50

Roghnú cur i bhfeidhm IIR agus UTPR a chur siar

1.   De mhaolú ar Airteagail 5 go 14, féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil níos mó ná 12 mháthaireintiteas deiridh de ghrúpaí atá faoi raon feidhme na Treorach seo lonnaithe iontu a roghnú gan an IIR ná an UTPR a chur i bhfeidhm go ceann 6 bliana fhioscacha as a chéile ag tosú amhail ón 31 Nollaig 2023. Tabharfaidh na Ballstáit a roghnaíonn amhlaidh fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023.

2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh ghrúpa FIN lonnaithe i mBallstát a rinne roghnú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit, seachas an ceann ina bhfuil an máthaireintiteas lonnaithe, go bhfuil comheintitis ghrúpa FIN faoi réir, sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, méid cháin bhreisiúcháin UTPR arna leithdháileadh ar an mBallstát sin do na blianta fioscacha ag tosú amhail ón 31 Nollaig 2023 i gcomhréir le hAirteagal 14.

Ainmneoidh an máthaireintiteas deiridh a luaitear sa chéad fhomhír eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe nó, mura bhfuil comheintiteas bunaithe ag grúpa FIN i mBallstát eile de chuid an Aontais, i ndlínse tríú tír ag a bhfuil comhaontú údaráis inniúil cáilitheach don bhliain fhioscach tuairiscithe atá i bhfeidhm leis an mBallstát ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe.

I gcásanna den chineál sin, déanfaidh an t-eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe tuairisceán faisnéise cánach a chomhdú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 44(5). Déanfaidh na comheintitis atá lonnaithe sa Bhallstát a d'fheidhmigh an rogha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis is gá chun Airteagal 44(5) a chomhlíonadh a chur ar fáil don eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe agus díolúine aige ón gceanglas maidir le taisceadh dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

3.   Measfar an céatadán UTPR a cinneadh do Bhallstát a rinne roghnú de bhun mhír 1 a bheith ag nialas don bhliain fhioscach.

Airteagal 51

Faoiseamh idirthréimhseach le haghaidh oibleagáidí comhdúcháin

D'ainneoin Airteagal 44(7), comhdófar an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin agus na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 44 le húdarás fioscach na mBallstát tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis an lae dheireanaigh den bhliain fhioscach tuairiscithe arb í an idirbhliain dá dtagraítear in Airteagal 47.

Caibidil XI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 52

Measúnú ar choibhéis

1.   An creat dlíthiúil a chuirtear chun feidhme i ndlí náisiúnta dlínse tríú tír, measfar é a bheith coibhéiseach le riail maidir le cuimsiú ioncaim a leagtar amach i gCaibidil II, agus ní chaithfear leis mar chóras cánach cuideachtaí eachtracha rialaithe, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas leis:

(a)

go gcuirtear tacar rialacha chun feidhme ar i gcomhréir leo a ríomhfaidh máthaireintiteas ghrúpa FIN a chion is in-leithdháilte den cháin bhreisiúcháin i leith chomheintitis ísealchánach ghrúpa FIN agus a bhaileoidh sé an cháin sin;

(b)

go mbunaítear íosráta cánach éifeachtach de 15 % ar a laghad faoina meastar comheintiteas a bheith ina chomheintiteas ísealchánach;

(c)

chun an t-íosráta cánach éifeachtach a ríomh, nach gceadaítear ach ioncam eintiteas atá lonnaithe sa dlínse chéanna a chumasc; agus

(d)

chun críoch cáin bhreisiúcháin a ríomh faoin riail choibhéiseach maidir le cuimsiú ioncaim incháilithe, go bhforálfar ann maidir le faoiseamh i leith aon chánach breisiúcháin a íocadh i mBallstát agus an riail maidir le cuimsiú ioncaim á cur i bhfeidhm agus maidir le haon cháin bhreisiúcháin náisiúnta incháilithe a leagtar amach sa Treoir seo.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53, chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an liosta de dhlínsí tríú tír a chuir creat dlíthiúil chun feidhme ina ndlí náisiúnta a mheastar a bheith coibhéiseach le IIR cáilithe i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, agus an liosta sin a nuashonrú mar thoradh ar mheasúnú ina dhiaidh sin ar an gcreat dlíthiúil arna chur chun feidhme ag dlínse tríú tír ina dlí náisiúnta.

Airteagal 53

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 52 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 23 Nollaig 2022.

3.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 52 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 52 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 54

Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le gníomhartha tarmligthe a bheith glactha, maidir le haon agóid ina leith, agus maidir le cúlghairm na gcumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle.

Airteagal 55

Comhaontú déthaobhach maidir le hoibleagáidí tuairiscithe simplithe

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le dlínsí tríú tír ar measadh a gcreataí dlíthiúla a bheith coibhéiseach le IIR cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 52 d'fhonn creat a shocrú chun na nósanna imeachta tuairiscithe atá leagtha síos in Airteagal 44(6) a shimpliú.

Airteagal 56

Trasuí

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm i leith na mblianta fioscacha ag tosú ón 31 Nollaig 2023.

Cé is moite den socrú dá bhforáiltear in Airteagal 50(2) áfach, cuirfidh siad i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagail 12, 13 agus 14 a chomhlíonadh i leith na mblianta fioscacha ag tosú amhail ón 31 Nollaig 2024.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. . Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 57

Athbhreithniú ag an gCoimisiún ar Chur Chun Feidhme Cholún a hAon

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2023, tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an staid maidir le cur chun feidhme Cholún a hAon de Ráiteas maidir le Réiteach Dhá Cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair arna haontú le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS an 8 Dheireadh Fómhair 2021 agus, más iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoina bráid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach sin in éagmais chur chun feidhme réiteach Cholún a hAon.

Airteagal 58

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 59

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 52.

(2)  Tuairim an 19 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse an chánachais (IO L 146, 3.6.2016, lch. 8).

(5)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).