7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/44


TREOIR (AE) 2022/2381 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2022

maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is luach bunaidh de chuid an Aontais é an comhionannas agus is comhluach ag na Ballstáit é i sochaí arb é is sainairí inti an comhionannas idir mná agus fir. Faoi Airteagal 3(3) CAE, tá an tAontas le comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn.

(2)

Le hAirteagal 157(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha.

(3)

D’fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, le hAirteagal 157(4) CFAE, ceadaítear gníomhaíocht dhearfach trí cheadú do na Ballstáit bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh. Foráiltear le hAirteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) go bhfuil an comhionannas idir mná agus fir le háirithiú i ngach réimse agus nach féidir le prionsabal an chomhionannais cosc a chur ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe.

(4)

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach in 2017, cuimsítear i measc phrionsabail an cholúin sin nach mór deimhin a dhéanamh de go gcaitear go comhionann le mná agus le fir agus go mbeidh comhdheiseanna acu, lena n-áirítear rannpháirteachas sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn sa ghairmréim.

(5)

Chun comhionannas inscne a bhaint amach san ionad oibre, tá gá le cur chuige cuimsitheach, lena n-áirítear freisin cinnteoireacht atá cothrom ó thaobh inscne de a chothú laistigh de chuideachtaí ar gach leibhéal, chomh maith leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh. Is réamhriachtanas tábhachtach freisin é comhionannas a áirithiú san ionad oibre chun an bhochtaineacht i measc na mban a laghdú.

(6)

I Moladh 84/635/CEE ón gComhairle (4), moladh do na Ballstáit bearta a dhéanamh lena áirithiú go n-áireofaí le gníomhaíocht dhearfach, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht ghníomhach na mban i gcomhlachtaí cinnteoireachta. I Moladh 96/694/CE ón gComhairle (5), moladh do na Ballstáit an earnáil phríobháideach a spreagadh chun cur le líon na mban ar gach leibhéal cinnteoireachta, go háirithe trí phleananna comhionannais agus cláir um ghníomhaíocht dhearfach a ghlacadh nó laistigh de chreat pleananna agus cláir den sórt sin.

(7)

Is é is aidhm don Treoir seo cur i bhfeidhm phrionsabal an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir a áirithiú agus ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach i measc poist ardbhainistíochta trí shraith ceanglas nós imeachta a bhunú maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra bunaithe ar thrédhearcacht agus fiúntas.

(8)

Le blianta beaga anuas, tá roinnt tuarascálacha curtha i láthair ag an gCoimisiún ina ndéantar breithniú ar an staid maidir le comhionannas inscne i gcinnteoireacht eacnamaíoch. Mhol sé do chuideachtaí liostaithe cur le líon na ndaoine den ghnéas tearcionadaithe ar a mboird trí bhíthin bearta féinrialála agus chun gealltanais nithiúla dheonacha a dhéanamh ina leith sin. Sa teachtaireacht uaidh an 5 Márta 2010 dar teideal ‘A Strengthened Commitment to Equality between Women and Men – A Women’s Charter’ [Gealltanas Neartaithe i leith Comhionannas idir Mná agus Fir – Cairt na mBan], chuir an Coimisiún i dtreis nach mbíonn rochtain iomlán fós ag mná ar chomhroinnt na cumhachta agus na cinnteoireachta sa saol polaitiúil agus sa saol eacnamaíoch ná san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, agus d’athdhearbhaigh sé a ghealltanas leas a bhaint as a chumhachtaí chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i bpoist lena ngabhann cumhacht sa saol poiblí agus sa gheilleagar a chur chun cinn. Sa teachtaireacht uaidh an 21 Meán Fómhair 2010 dar teideal ‘Strategy for equality between women and men 2010-2015’ [Straitéis le haghaidh comhionannas idir mná agus fir 2010-2015], bhí sé ar cheann de na tosaíochtaí a leag an Coimisiún amach feabhas a chur ar chothromaíocht inscne sa chinnteoireacht. Is ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’ [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] go mbainfí amach comhionannas inscne sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht.

(9)

Sna conclúidí uaithi an 7 Márta 2011 maidir leis an gComhaontú Eorpach um Chomhionannas Inscne (2011-2020), d’aithin an Chomhairle go bhfuil beartais comhionannais inscne ríthábhachtach don fhás eacnamaíoch, don rathúnas agus don iomaíochas. D’athdhearbhaigh sí a tiomantas na bearnaí idir na hinscní a dhúnadh d’fhonn chuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a chomhlíonadh, go háirithe i dtrí réimse a bhfuil ábharthacht mhór ag baint leo maidir le comhionannas inscne, eadhon fostaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. D’iarr sí chomh maith go ndéanfaí rannpháirtíocht chothrom idir mná agus fir a chur chun cinn sa chinnteoireacht ar gach leibhéal agus i ngach réimse, chun lánúsáid a bhaint as na tallanna uile. I ndáil leis sin, agus leas á bhaint as an tallann, as an eolas agus as na smaointí go léir atá ar fáil, chuirfí go mór le héagsúlacht achmhainní agus d’fheabhsófaí ionchais ghnó.

(10)

Sa teachtaireacht uaidh an 3 Márta 2010 dar teideal ‘Europe 2020 A strategy for smart, sustainable and inclusive growth’ [An Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach] (“Straitéis Eoraip 2020”), d’aithin an Coimisiún gur réamhchoinníoll é cur le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair chun borradh a chur faoin bhfás agus chun dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha san Eoraip. Leagadh síos i Straitéis Eoraip 2020 príomhsprioc maidir le ráta fostaíochta 75 % ar a laghad a bhaint amach do dhaonra an Aontais idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois faoi 2020. Tá sé tábhachtach go ndéanfar tiomantas soiléir do dheireadh a chur leis an mbearna phá leanúnach idir na hinscní agus go ndéanfar iarracht atreisithe chun dul i ngleic leis na bacainní uile ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair, lena n-áirítear feiniméan ‘an tsíleáil ghloine’ atá ann i rith an ama. I nDearbhú Porto, a shínigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais an 8 Bealtaine 2021 (6), luadh gur dhíol sásaimh iad príomhspriocanna nua an Aontais maidir le poist, scileanna agus laghdú bochtaineachta agus an scórchlár sóisialta athbhreithnithe a mhol an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 4 Márta 2021 dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta]. Leis an bPlean Gníomhaíochta sin, foráiltear, chun an sprioc fhoriomlán de ráta fostaíochta de 78 % ar a laghad i measc dhaonra an Aontais idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois a bhaint amach faoi 2030, gur gá tréaniarracht a dhéanamh an bhearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú faoi leath ar a laghad i gcomparáid le 2019. Táthar ag súil go mbeidh éifeacht dhearfach ag rannpháirtíocht na mban i gcinnteoireacht eacnamaíoch, ar bhoird go háirithe, ar fhostaíocht ban sna cuideachtaí lena mbaineann agus ar fud an gheilleagair ar fad. I ndiaidh ghéarchéim COVID-19, tá tábhacht níos mó ná riamh ag an gcomhionannas inscne agus ag an gceannaireacht chuimsitheach, i gcomhréir leis an ngá atá le leas iomlán a bhaint as díorma na ndaoine tréitheacha, idir mhná agus fir, atá ar fáil. Is léir ón taighde go gcumasaítear téarnamh agus athléimneacht trí chuimsiú agus éagsúlacht. Tá siad ríthábhachtach ó thaobh iomaíochas eacnamaíoch an Aontais a áirithiú, nuálaíocht a spreagadh agus caighdeáin ghairmiúla ar bhoird a fheabhsú.

(11)

I rún uaithi an 6 Iúil 2011 maidir le mná agus ceannaireacht ghnó, d’áitigh Parlaimint na hEorpa ar chuideachtaí an tairseach chriticiúil 30 % a bhaint amach faoi 2015, agus 40 % faoi 2020, i dtaobh ballraíocht ban i gcomhlachtaí bainistíochta. D’iarr sí ar an gCoimisiún, dá gcinnfí nach leor na céimeanna a thug cuideachtaí agus na Ballstáit, reachtaíocht a mholadh faoi 2012, lena n-áiritheofaí cuótaí. Bheadh sé tábhachtach go gcuirfí reachtaíocht den sórt sin chun feidhme ar bhonn sealadach agus go spreagfaí leis athrú agus athchóirithe gasta chun deireadh a chur le neamhionannas leanúnach inscne agus steiréitíopaí sa chinnteoireacht eacnamaíoch. I rúin uaithi an 13 Márta 2012 agus an 21 Eanáir 2021, d’athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa gur iarr sí reachtaíocht ina leith sin.

(12)

Tá sé tábhachtach d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais dea-shampla a thabhairt a mhéid a bhaineann le comhionannas inscne trí, inter alia, chuspóirí a leagan síos le haghaidh ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de ar gach leibhéal bainistíochta. Is gá aird ar leith a thabhairt ar bheartais maidir le hearcú na bainistíochta sinsearaí. Dá bhrí sin, i dteachtaireacht uaidh an 5 Márta 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: the Gender Equality Strategy 2020-2025’ [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025], chuir an Coimisiún i dtreis gur cheart d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cothromaíocht inscne i bpoist cheannaireachta a áirithiú. I dteachtaireacht uaidh an 5 Aibreán 2022 dar teideal ‘A new Human Resources Strategy for the Commission’ [Straitéis Acmhainní Daonna Nua don Choimisiún], gheall an Coimisiún go n-áiritheodh sé comhionannas iomlán inscne ar gach leibhéal dá bhainistíocht faoi 2024. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn agus tuairisceoidh sé go rialta ina leith sin ar a shuíomh gréasáin. Comhroinneann an Coimisiún dea-chleachtais freisin le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tabharfaidh sé tuairisc ar staid na cothromaíochta inscne i bpoist cheannaireachta sna hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin ar a shuíomh gréasáin. Ina cinneadh ón mBiúró an 13 Eanáir 2020, tháinig Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le spriocanna a leagan síos don chothromaíocht inscne i bpoist bainistíochta sinsearaí agus mheánbhainistíochta do 2024. Leanfaidh Parlaimint na hEorpa d’fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar gach leibhéal dá bainistíocht agus tá sé d’aidhm aici dea-shampla a thabhairt. Tá an Chomhairle tiomanta, ina Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú, do chomhionannas inscne a bhaint amach i bpoist bhainistíochta a hArdrúnaíochta (GSC) le corrlach 45 % go 55 % ar a déanaí faoi dheireadh 2026. I bPlean Gníomhaíochta na hArdrúnaíochta maidir le Comhionannas Inscne sa Bhainistíocht, leagtar amach bearta chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)

Tá sé tábhachtach go gcothódh agus go bhforbródh cuideachtaí agus gnólachtaí mná tréitheacha, agus go dtacódh siad leo, ar gach leibhéal agus le linn a ngairmréime, chun a áirithiú go dtabharfar deiseanna do mhná cáilithe poist ar bhoird nó poist bainistíochta a ghlacadh.

(14)

Chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus tacú le rannpháirtíocht na mban sa chinnteoireacht, foráiltear le Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena gcuirtear cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí chun cinn, go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun comhroinnt na bhfreagrachtaí cúraim idir mná agus fir a áirithiú trí bhíthin shaoire do thuismitheoirí, saoire atharthachta agus saoire cúramóirí, mar aon leis an tsaoire mháithreachais atá ann cheana. Foráiltear chomh maith leis an Treoir sin don cheart chun socruithe solúbtha oibre a iarraidh.

(15)

Tá roinnt tosca sonracha ag cur isteach ar cheapadh na mban mar stiúrthóirí, tosca a d’fhéadfaí a shárú ní hamháin trí bhíthin rialacha ceangailteacha ach freisin trí bhíthin tionscnaimh oideachais agus dreasachtaí chun dea-chleachtais a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, tá sé riachtanach feasacht a mhúscailt i scoileanna gnó agus in ollscoileanna ar na tairbhí a bhaineann le comhionannas inscne chun cuideachtaí a dhéanamh níos iomaíche. Is gá freisin athrú rialta stiúrthóirí a spreagadh agus bearta dearfacha a thabhairt isteach chun iarrachtaí na mBallstát agus na gcuideachtaí a chur chun cinn agus a chúiteamh chun cur chuige níos cinntithí a ghlacadh i leith na n-athruithe sin sna comhlachtaí cinnteoireachta eacnamaíche is airde ar gach leibhéal.

(16)

Tá líon mór ban ardcháilithe san Aontas, líon atá ag fás i gcónaí mar is léir ón bhfíoras gur mná iad 60 % de chéimithe ollscoile. Tá sé fíor-riachtanach cothromaíocht inscne ar bhoird a bhaint amach chun úsáid éifeachtúil a bhaint as an díorma atá ann cheana, rud atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus eacnamaíocha an Aontais. Deis chaillte, dá bhrí sin, do gheilleagair na mBallstát i gcoitinne, chomh maith lena bhforbairt agus lena bhfás, is ea tearcionadaíocht na mban ar bhoird. Trí leas iomlán a bhaint as díorma na mban tréitheacha atá ann cheana, chuirfí feabhas freisin ar an toradh ar an oideachas i gcás daoine aonair agus na hearnála poiblí araon. Mar thoradh ar mhná a bheith i láthair ar bhoird, admhaítear go forleathan go gcuirtear feabhas ar rialachas corparáideach, mar go bhfeabhsaítear feidhmíocht na foirne agus caighdeán na cinnteoireachta trí mheon níos éagsúla agus níos comhchoitinne a bheith ann lena gcuimsítear réimse níos leithne peirspictíochtaí. Tá sé léirithe ag go leor staidéar gur réamhghníomhaí an tsamhail ghnó, gur cothroime na cinntí agus gur fearr na caighdeáin ghairmiúla ar bhoird a léiríonn an tsochaí mar atá agus riachtanais na dtomhaltóirí de thoradh na héagsúlachta. Spreagann sé an nuálaíocht freisin. Léiríodh i roinnt mhaith staidéar freisin go bhfuil gaol dearfach idir éagsúlacht inscne ar leibhéal ardbhainistíochta agus feidhmíocht airgeadais agus brabúsacht cuideachta, a mbíonn fás suntasach inbhuanaithe fadtéarmach mar thoradh air. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach cothromaíocht inscne a bhaint amach ar bhoird chun iomaíochas an Aontais a áirithiú i ngeilleagar domhandaithe agus chun buntáiste comparáideach a chur ar fáil maidir le tríú tíortha.

(17)

Ní hamháin go ndéantar méadú ar ionadaíocht na mban ar bhoird difear do na mná a cheaptar ar bhoird, ach cuidítear leis sin freisin chun mná tréitheacha a mhealladh chuig an gcuideachta agus chun níos mó ban a bheith ar gach leibhéal bainistíochta agus sa lucht saothair a áirithiú. Dá bhrí sin, dá dtiocfadh méadú ar líon na mban ar bhoird, is dócha go n-imreodh sé sin tionchar dearfach ar an mbearna fostaíochta idir na hinscní agus ar an mbearna phá idir na hinscní araon a dhúnadh.

(18)

In ainneoin fianaise go mbíonn tionchar tairbhiúil ag cothromaíocht inscne ar chuideachtaí iad féin agus ar an ngeilleagar i gcoitinne, agus in ainneoin dhlí an Aontais atá ann cheana lena gcuirtear cosc ar idirdhealú ar bhonn gnéis agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais atá ann cheana lena spreagtar féinrialáil, is tearcionadaithe i bhfad na mná go fóill sna comhlachtaí cinnteoireachta is airde i gcuideachtaí ar fud an Aontais. Léiríonn staitisticí go bhfuil cion na mban atá rannpháirteach i gcinnteoireacht ghnó ardleibhéil an-íseal i gcónaí. Mura meastar, fiú, ach leath amháin de dhíorma na ndaoine tréitheacha do phoist cheannaireachta, d’fhéadfaí an próiseas féin agus cáilíocht na gceapachán a chur i mbaol, rud a d’fhágfadh gur mhó an t-amhras a bheadh ann faoi struchtúir chumhachta gnó agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar an úsáid éifeachtúil a bhaintear as an gcaipiteal daonna atá ar fáil. Tá sé tábhachtach comhdhéanamh na sochaí a léiriú go dílis i gcinnteoireacht chorparáideach agus go n-úsáidtear acmhainneacht dhaonra iomlán an Aontais. De réir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, in 2021, ba mhná iad 30,6 %, ar an meán, de chomhaltaí bord sna cuideachtaí liostaithe is mó, agus níor mhná iad ach 8,5 % de na cathaoirligh. Léirítear leis sin go bhfuil tearcionadaíocht mhíchothrom agus idirdhealaitheach á déanamh ar mhná, rud a bhaineann, ar bhealach soiléir, an bonn de phrionsabail an Aontais maidir le comhionannas deiseanna agus cóir chomhionann do mhná agus d’fhir i réimse na fostaíochta agus na slí beatha. Ba cheart bearta a thabhairt isteach agus a threisiú chun dul chun cinn sa ghairmréim a spreagadh i gcás mná ar gach leibhéal bainistíochta agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú gurb amhlaidh an cás i gcuideachtaí liostaithe, mar gheall ar fhreagracht shuntasach eacnamaíoch agus shóisialta na gcuideachtaí sin. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go dtabharfadh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais dea-shampla maidir le míchothromaíochtaí inscne atá ann cheana laistigh de chomhdhéanamh a mbord bainistíochta féin a chur ina gceart.

(19)

Tá méadú an-mhall tagtha ar chion na mban ar bhoird le blianta beaga anuas. Ní hionann an ráta feabhais ó Bhallstát go chéile agus tá torthaí an-éagsúil ann mar thoradh air sin. Is mó i bhfad an dul chun cinn a tugadh ar aird sna Ballstáit sin inar tugadh bearta ceangailteacha isteach. Is dócha go dtiocfaidh méadú ar an difear sin mar gheall ar na cuir chuige an-éagsúil atá ann chun an chothromaíocht inscne ar bhoird a fheabhsú. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit faisnéis a chomhroinnt maidir leis na bearta éifeachtacha arna ndéanamh agus na beartais arna nglacadh ar leibhéal náisiúnta, agus dea-chleachtais a mhalartú, d’fhonn tacú leis an dul chun cinn ar fud an Aontais i dtreo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar bhoird.

(20)

Ní hamháin go bhfágann an rialáil scaipthe éagsúil nó an easpa rialála ar an leibhéal náisiúnta maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí liostaithe neamhréireanna ó thaobh líon na mban i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus rátaí difriúla feabhsúcháin ar fud na mBallstát ach, ina theannta sin, cruthaítear leis bacainní ar an margadh inmheánach trí cheanglais éagsúla rialachais chorparáidigh a fhorchur ar chuideachtaí liostaithe san Aontas. Na difríochtaí sin i gceanglais dhlíthiúla agus féinrialála maidir le comhdhéanamh bord, d’fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla eascairt astu do chuideachtaí liostaithe a oibríonn thar theorainneacha, go háirithe nuair a bhíonn fochuideachtaí á mbunú acu nó i gcumaisc agus éadálacha, agus d’iarrthóirí ar phoist stiúrthóra.

(21)

Is mó iad na míchothromaíochtaí inscne laistigh de chuideachtaí ar leibhéil níos sinsearaí. Ina theannta sin, is i réimsí amhail acmhainní daonna agus cumarsáid a fhaightear go leor de na mná sin a bhfuil poist acu ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí, agus is mó seans go bhfostófar fir ar leibhéal sinsearach i mbainistíocht ghinearálta nó i “bainistíocht líne” laistigh den chuideachta. Ós rud é gur as measc iarrthóirí a bhfuil taithí bainistíochta sinsearaí acu a earcaítear daoine do phoist stiúrthóra, tá sé ríthábhachtach go méadófar líon na mban atá ag dul chun cinn i bpoist bhainistíochta den sórt sin laistigh de chuideachtaí.

(22)

Ceann de na príomhthosca lena bhféadfar an Treoir seo a chur chun feidhme i gceart is ea cur i bhfeidhm éifeachtach na gcritéar, a leagfar síos roimh ré agus le trédhearcacht iomlán, do roghnú na stiúrthóirí, agus cáilíochtaí, eolas agus scileanna na n-iarrthóirí á meas ar bhonn comhionann, gan beann ar a n-inscne.

(23)

An easpa trédhearcachta atá ann faoi láthair sa phróiseas roghnúcháin agus i leith na gcritéar cáilithe do phoist stiúrthóra i bhformhór na mBallstát, is bacainn mhór é ar chomhionannas inscne níos fearr i measc stiúrthóirí agus bíonn tionchar diúltach aige ar ghairmréim agus ar shaoirse gluaiseachta na n-iarrthóirí ar phoist bhoird, agus ar chinntí infheisteoirí. Mar gheall ar an easpa trédhearcachta sin, fágtar nach féidir le hiarrthóirí féideartha ar phoist stiúrthóra iarratais a dhéanamh chuig boird inar mó a mbeadh gá lena gcáilíochtaí agus nach féidir leo cur i gcoinne cinntí ceapacháin atá claonta ó thaobh inscne de, rud a chuireann srian ar a saoirse gluaiseachta sa mhargadh inmheánach. Os a choinne sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh straitéisí infheistíochta ag infheisteoirí lena n-éilítear go soláthrófaí faisnéis a bheidh nasctha freisin le saineolas agus inniúlacht na stiúrthóirí. Le níos mó trédhearcachta i leith na gcritéar cáilithe agus an phróisis roghnúcháin do stiúrthóirí, cuirtear ar a gcumas d’infheisteoirí measúnú níos fearr a dhéanamh ar straitéis ghnó na cuideachta agus cinntí eolasacha a dhéanamh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, nósanna imeachta ceapacháin an bhoird a bheith soiléir agus trédhearcach agus na hiarrthóirí a mheasúnú go hoibiachtúil ar a bhfiúntas aonair, gan beann ar a n-inscne.

(24)

Cé nach bhfuil sé d’aidhm ag an treoir seo comhchuibhiú mionsonraithe a dhéanamh ar dhlíthe náisiúnta maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus na critéir cháilithe do phoist stiúrthóra, is gá, chun an chothromaíocht inscne a bhaint amach, ceanglais íosta áirithe a thabhairt isteach ar chuideachtaí liostaithe nach bhfuil ionadaíocht chothrom inscne acu a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra ar bhonn próiseas roghnúcháin atá trédhearcach agus sainithe go soiléir agus mheasúnú comparáideach oibiachtúil ar a gcáilíochtaí i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil de. Is trí bheart ceangailteach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus ar an gcaoi sin amháin, is féidir cuidiú go héifeachtach le cothrom na Féinne a áirithiú ar fud an Aontais agus deacrachtaí praiticiúla i saol an ghnó a sheachaint.

(25)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas, dá bhrí sin, cur le líon na mban ar bhoird i ngach Ballstát, chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, soghluaisteacht a spreagadh i margadh an tsaothair, iomaíochas cuideachtaí liostaithe a neartú agus comhionannas inscne éifeachtach a bhaint amach sa mhargadh saothair. Ba cheart an aidhm sin a shaothrú trí cheanglais íosta a leagan síos maidir le gníomhaíocht dhearfach i bhfoirm bearta ceangailteacha. Leis na bearta ceangailteacha sin, ba cheart féachaint le cuspóir cainníochtúil a bhaint amach i leith comhdhéanamh inscne bord cuideachtaí liostaithe, ós rud é go bhfuil na torthaí is fearr bainte amach ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha a roghnaigh an modh sin nó modh comhchosúil chun tearcionadaíocht na mban i bpoist cinnteoireachta eacnamaíche a laghdú.

(26)

Tá sé tábhachtach go bhforbródh gach cuideachta liostaithe beartas comhionannais inscne chun ionadaíocht inscne níos cothroime a bhaint amach ar gach leibhéal. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na beartais sin iarrthóir baineann agus iarrthóir fireann araon a ainmniú le haghaidh príomhphost, scéimeanna meantóireachta agus treoir maidir le forbairt gairmréime do mhná, agus straitéisí acmhainní daonna atá ceaptha earcaíocht éagsúil a spreagadh.

(27)

Tá tábhacht eacnamaíoch faoi leith ag baint le cuideachtaí liostaithe, baineann infheictheacht ar leith leo agus bíonn tionchar ar leith acu ar an margadh trí chéile. Leagann cuideachtaí den sórt sin síos caighdeáin don gheilleagar i gcoitinne agus is féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh cineálacha eile cuideachtaí a gcleachtais. Mar gheall ar chineál poiblí cuideachtaí liostaithe, is ceart níos mó rialála a dhéanamh orthu ar mhaithe le leas an phobail.

(28)

Ba cheart feidhm a bheith ag na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le cuideachtaí liostaithe.

(29)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

(30)

Chun críocha na Treorach seo, ba cheart gurb é an Ballstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta liostaithe lena mbaineann an Ballstát is inniúil maidir leis na hábhair a chuimsítear leis an Treoir seo a rialáil. Leis an Treoir seo, ní dhéantar difear do rialacha náisiúnta lena gcinntear an dlí is infheidhme maidir le cuideachtaí i gcás ábhair nach rialaítear leis an Treoir seo.

(31)

Tá córais éagsúla sna Ballstáit i dtaobh struchtúr boird do chuideachtaí liostaithe, agus is é an príomh-idirdhealú eatarthu an difríocht idir déchóras ina mbíonn bord bainistíochta agus bord maoirseachta araon i gceist agus córas aonadach lena gcomhcheanglaítear na feidhmeanna bainistíochta agus na feidhmeanna maoirseachta i mbord amháin. Tá córais mheasctha ann freisin, a bhfuil gnéithe den dá chóras iontu nó faoina dtugtar rogha do chuideachtaí idir samhlacha éagsúla. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gach córas boird atá ann cheana sna Ballstáit.

(32)

Le gach córas boird déantar idirdhealú, de jurede facto, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin, a mbíonn baint acu le bainistíocht laethúil na cuideachta, agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin a chomhlíonann feidhm mhaoirseachta agus nach mbíonn baint acu le bainistíocht laethúil na cuideachta liostaithe. Is é is aidhm don Treoir seo feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne sa dá chatagóir stiúrthóra araon. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá atá le comhionannas inscne na mbord a mhéadú agus an gá atá le híoslaghdú a dhéanamh ar an gcur isteach ar bhainistíocht laethúil chuideachta, déantar idirdhealú sa Treoir seo idir an dá chatagóir stiúrthóra sin.

(33)

I roinnt Ballstát, de bhun an dlí náisiúnta nó an chleachtais náisiúnta, is féidir nó ní mór gurb iad lucht saothair cuideachtaí, eagraíochtaí na bhfostaithe, nó iad araon, a dhéanann cion áirithe de na stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin a cheapadh nó a thoghadh. Ba cheart feidhm a bheith ag na cuspóirí cainníochtúla, a leagtar síos sa Treoir seo, maidir le stiúrthóirí den sórt sin freisin. Ós rud é, áfach, gur ionadaithe fostaithe iad roinnt stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart do na Ballstáit an modh a bhunú lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin, agus aird chuí á tabhairt ar na rialacha sonracha maidir le hionadaithe fostaithe a thoghadh nó a ainmniú mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta, agus an tsaoirse vótála á hurramú agus ionadaithe fostaithe á dtoghadh. I bhfianaise na ndifríochtaí i ndlíthe náisiúnta na gcuideachtaí sna Ballstáit, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na cuspóirí cainníochtúla a chur i bhfeidhm ar leithligh maidir le hionadaithe scairshealbhóirí agus ionadaithe fostaithe.

(34)

Ba cheart do na Ballstáit cuideachtaí liostaithe a chur faoi réir an chuspóra boird a bheith acu ar a mbeidh 40 % ar a laghad dá stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin den ghnéas tearcionadaithe faoin 30 Meitheamh 2026 nó, de rogha air sin, ós rud é go bhfuil sé tábhachtach go méadóidh cuideachtaí liostaithe cion an ghnéis tearcionadaithe i ngach post cinnteoireachta, ba cheart cuideachtaí liostaithe a chur faoi réir an chuspóra boird a bheith acu ar den ghnéas tearcionadaithe a bheidh 33 % ar a laghad dá stiúrthóirí uile faoin 30 Meitheamh 2026, gan beann ar iad a bheith ina stiúrthóirí feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin d’fhonn ionadaíocht inscne níos cothroime a chur chun cinn i measc stiúrthóirí uile.

(35)

Baineann na cuspóirí maidir le 40 % ar a laghad de phoist stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin ar bhoird, nó 33 % ar a laghad de phoist stiúrthóirí uile, a bheith ag daoine den ghnéas tearcionadaithe, leis an gcomhionannas inscne fhoriomlán i measc stiúrthóirí agus ní chuireann siad isteach ar roghnú nithiúil stiúrthóirí aonair ó líon leathan iarrthóirí fireanna agus baineanna i ngach cás ar leithligh. Go háirithe, ní fhágann an Treoir seo go gcuirtear aon iarrthóirí áirithe as an áireamh i leith poist stiúrthóra, ná ní fhágann sí go bhforchuirtear aon stiúrthóirí aonair ar chuideachtaí liostaithe nó ar scairshealbhóirí. Dá bhrí sin, is faoi na cuideachtaí agus na scairshealbhóirí a bheidh an cinneadh fós maidir leis na stiúrthóirí iomchuí.

(36)

De bharr a gcineáil, is iomchuí gnóthais phoiblí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a bheith ina samhail don earnáil phríobháideach. Bíonn tionchar ceannasach ag na Ballstáit ar na gnóthais phoiblí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 2006/111/CE (8) ón gCoimisiún, atá liostaithe ar mhargadh rialáilte. I ngeall ar an tionchar ceannasach sin, tá na hionstraimí ar fáil do na Ballstáit chun an t-athrú is gá a dhéanamh níos tapa.

(37)

Ní mór sonrú breise a dhéanamh lena chinneadh cén líon post stiúrthóra is gá chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach ós rud é, i bhfianaise mhéid fhormhór na mbord, nach féidir an cion cruinn de 40 % nó, i gcás inarb infheidhme, 33 % a bhaint amach go matamaiticiúil. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é líon na bpost stiúrthóra is gá chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh an líon is gaire do chion 40 % nó, i gcás inarb infheidhme, 33 %, agus sa dá chás níor cheart gur mhó é ná 49 %.

(38)

Ina cásdlí (9) maidir le gníomhaíocht dhearfach agus maidir le comhoiriúnacht na gníomhaíochta dearfaí sin le prionsabal an neamh-idirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, a leagtar síos freisin in Airteagal 21 den Chairt, ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) leis go bhféadfar, i gcásanna áirithe, tosaíocht a thabhairt don ghnéas tearcionadaithe sa roghnú le haghaidh fostaíochta nó ardú céime, ar choinníoll go mbeidh an t-iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe chomh cáilithe céanna leis an iomaitheoir den ghnéas eile i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil, ar choinníoll nach tosaíocht í a bhfuil feidhm uathoibríoch léi agus atá gan choinníoll ach go bhféadfar í a shárú má fhágann cúiseanna a bhaineann go sonrach le hiarrthóir aonair den ghnéas eile gur cuí tosaíocht a bheith ag an iarrthóir sin, agus ar choinníoll go mbeidh an t-iarratas ó gach iarrthóir faoi réir measúnú oibiachtúil ina gcuirfear i bhfeidhm go sonrach na critéir roghnúcháin uile i leith na n-iarrthóirí aonair.

(39)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás na gcuideachtaí liostaithe sin a bhfuil níos lú ná 40 % de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ag daoine den ghnéas tearcionadaithe ar a mboird, nó níos lú ná 33 % de na poist stiúrthóra uile, lena n-áirítear stiúrthóirí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin araon, de réir mar is infheidhme, go roghnóidh siad na hiarrthóirí is cáilithe lena gceapadh chuig na poist sin nó lena dtoghadh do na poist sin ar bhonn measúnú comparáideach ar cháilíochtaí iarrthóirí trí chritéir shoiléire, gan débhrí, arna bhfoirmliú ar bhealach neodrach a chur i bhfeidhm, ar critéir iad a bunaíodh roimh an bpróiseas roghnúcháin, d’fhonn an chothromaíocht inscne ar bhoird a fheabhsú. D’fhéadfaí a áireamh le samplaí de na cineálacha critéar roghnúcháin a d’fhéadfadh cuideachtaí liostaithe a chur i bhfeidhm taithí ghairmiúil ar chúraimí bainistíochta nó maoirseachta, taithí idirnáisiúnta, ildisciplíneacht, ceannaireacht, scileanna cumarsáide agus cumais líonraithe agus eolas i réimsí ábhartha sonracha amhail airgeadas, maoirseacht airgeadais, nó bainistíocht acmhainní daonna.

(40)

Agus iarrthóirí á roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, ba cheart tosaíocht a thabhairt don iarrthóir comhcháilithe den ghnéas tearcionadaithe. Níor cheart don tosaíocht sin a bheith ina tosaíocht uathoibríoch neamhchoinníollach, áfach. D’fhéadfadh cásanna eisceachtúla a bheith ann ina bhféadfadh measúnú oibiachtúil ar chás sonrach iarrthóra comhcháilithe den ghnéas eile an tosaíocht a shárú ba cheart, mura ndéanfaí sin, a thabhairt don iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe. D’fhéadfadh a leithéid de shárú rogha a bheith ann, mar shampla, i gcás ina mbeadh feidhm ag beartais éagsúlachta níos leithne ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na cuideachta maidir le stiúrthóirí a roghnú. Mar sin féin, ba cheart sárú chur i bhfeidhm na gníomhaíochta dearfaí a bheith eisceachtúil i gcónaí agus é a bhunú ar mheasúnú cás ar chás, agus ba cheart údar cuí a bheith leis de réir critéir oibiachtúla nár cheart, i gcás ar bith, idirdhealú a dhéanamh in aghaidh an ghnéis tearcionadaithe.

(41)

I mBallstáit ina bhfuil feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, níor cheart a cheangal ar na cuideachtaí liostaithe na ceanglais sin a chomhlíonadh más cuideachtaí iad inarb ag daoine den ghnéas tearcionadaithe atá 40 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ar a mboird, nó 33 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile, de réir mar is infheidhme.

(42)

Ní hionann i ngach Ballstát ná i ngach cuideachta liostaithe na modhanna chun iarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí orthu go ndéanfadh coiste ainmniúcháin nó gnólachtaí cuardaigh feidhmeannach, mar shampla, na hiarrthóirí a réamhroghnú lena gcur faoi bhráid thionól na scairshealbhóirí. Na ceanglais sin maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, ba cheart iad a chomhlíonadh ag an gcéim iomchuí den phróiseas roghnúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hairteagail chomhlachais na gcuideachtaí liostaithe lena mbaineann, lena n-áirítear sula dtoghfaidh scairshealbhóirí iarrthóir, tráth a bhfuil gearrliosta á ullmhú mar shampla. I ndáil leis an méid sin, bunaítear leis an Treoir seo caighdeáin íosta maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, rud a fhágann gur féidir na coinníollacha dá bhforáiltear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh comhionannas inscne ann agus d’fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar bhoird cuideachtaí liostaithe. Leis an Treoir seo, ní chuirtear isteach go míchuí ar bhainistíocht laethúil na gcuideachta liostaithe, ós rud é go gcoimeádann siad an tsaoirse chun iarrthóirí a roghnú ar bhonn cáilíochtaí nó ar bhonn tosaíochtaí oibiachtúla ábhartha eile.

(43)

I bhfianaise chuspóirí na Treorach seo a mhéid a bhaineann le cothromaíocht inscne, ba cheart a cheangal ar chuideachtaí liostaithe, arna iarraidh sin d’iarrthóir atá roghnaithe lena cheapadh nó lena ceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena thoghadh nó lena toghadh do phoist stiúrthóra, an t-iarrthóir sin a chur ar an eolas faoi na critéir cháilithe ar a raibh an roghnú bunaithe, faoin measúnú comparáideach oibiachtúil ar na hiarrthóirí faoi na critéir sin agus, i gcás inarb ábhartha, faoi na breithnithe sonracha lenar cinneadh go heisceachtúil tosaíocht a thabhairt d’iarrthóir nach duine den ghnéas thearcionadaithe é nó í. D’fhéadfadh sé a bheith ina thoradh ar cheanglas faisnéise chun eolas den sórt sin a chur ar fáil go gcuirfí teorainn ar an gceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus ar an gceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, cearta a aithnítear le hAirteagail 7 agus 8, faoi seach, den Chairt. Tá gá le teorainneacha den sórt sin, áfach, agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is fíor go gcomhlíonann siad cuspóirí aitheanta i ndáil leis an leas ginearálta. Dá bhrí sin, tá siad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le teorainneacha den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 52(1) den Chairt agus le cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais. Ba cheart na teorainneacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(44)

I gcás ina suíonn iarrthóir den ghnéas thearcionadaithe atá roghnaithe lena cheapadh nó lena ceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena thoghadh nó lena toghadh do phoist stiúrthóra fíorais os comhair cúirte nó os comhair údarás inniúil eile ónar féidir a thoimhdiú go raibh an t-iarrthóir chomh cáilithe céanna leis an iarrthóir a roghnaíodh den ghnéas eile, ba cheart a cheangal ar an gcuideachta liostaithe a léiriú go ndearnadh an rogha cheart.

(45)

Cé go bhféachtar leis an Treoir seo le híoscheanglais a bhunú i bhfoirm bearta ceangailteacha chun comhdhéanamh inscne bhoird a fheabhsú, tá sé tábhachtach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, dlisteanacht cur chuige éagsúil a aithint agus éifeachtacht beart náisiúnta áirithe atá ann cheana féin, a glacadh cheana sa réimse beartais sin, a aithint, ar bearta iad a raibh torthaí sásúla ag baint leo. Rinneadh iarrachtaí cheana i roinnt Ballstát a áirithiú go mbeadh ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ann ar bhoird trí bhearta ceangailteacha a ghlacadh a mheastar a bheith chomh héifeachtach céanna leis na bearta a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart na Ballstáit sin a bheith in ann cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra a chur ar fionraí agus, i gcás inarb ábhartha, na ceanglais a bhaineann le cuspóirí cainníochtúla aonair a bhunú, ar choinníoll go ndéanfar na coinníollacha le haghaidh hionraí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, más rud é gur thug na Ballstáit bearta den sórt sin isteach trí bhíthin an dlí náisiúnta, ba cheart na rialacha slánaithe a leagtar amach sa Treoir seo maidir le líon sonrach na stiúrthóirí a chur i bhfeidhm mutatis mutandis chun measúnú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta sin faoin Treoir seo. I mBallstát ina gcuirtear fionraí den sórt sin i bhfeidhm, ba cheart a mheas go bhfuil na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo bainte amach agus, dá bhrí sin, maidir leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo i ndáil le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó gach stiúrthóirí, ní chuirtear na cuspóirí sin in ionad na bearta naisiúnta ábhartha ná ní chuirtear na cuspóirí sin leis na bearta naisiúnta ábhartha.

(46)

D’fhonn an chothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí a mbíonn baint acu le cúraimí laethúla bainistíochta, ba cheart ceangal a chur ar chuideachtaí liostaithe cuspóirí cainníochtúla dá gcuid féin a leagan síos maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc stiúrthóirí feidhmiúcháin, agus é mar aidhm na cuspóirí sin a bhaint amach faoin dáta a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart do na cuspóirí sin cabhrú le cuideachtaí dul chun cinn inbhraite a bhaint amach i gcomparáid leis an staid ina bhfuil siad faoi láthair. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le cuideachtaí liostaithe a bhfuil cuspóir 33 % á shaothrú acu i ndáil leis na stiúrthóirí uile, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin.

(47)

Ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí liostaithe faisnéis a sholáthar ar bhonn bliantúil do na húdaráis inniúla maidir le comhdhéanamh inscne a mbord agus faisnéis maidir leis na bearta a rinneadh d’fhonn na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach, chun a chur ar a gcumas do na húdaráis sin measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag gach cuideachta liostaithe ionsar chothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí a bhaint amach. Ba cheart do chuideachtaí liostaithe an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach atá iomchuí agus inrochtana go héasca ar a suíomhanna gréasáin agus ba cheart í a áireamh ar thuarascáil bhliantúil na cuideachta. I gcás nár bhain cuideachta liostaithe na cuspóirí cainníochtúla is infheidhme amach, ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin freisin tuairisc ar na bearta nithiúla atá déanta aici go dtí seo nó atá beartaithe aici a dhéanamh amach anseo chun na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach. Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis agus dúbailt iarrachtaí a sheachaint, ba cheart an fhaisnéis maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird a bheidh le tuairisciú de bhun na Treorach seo a bheith ina cuid, i gcás inarb infheidhme, de ráiteas rialachais chorparáidigh na gcuideachtaí liostaithe, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus, go háirithe, le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). I gcás inar chuir Ballstáit cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí maidir le tuairisciú a leagtar amach sa Treoir seo, ar choinníoll go bhforáiltear oibleagáidí maidir le tuairisciú sa dlí náisiúnta lena n-áirithítear go bhfoilseofar faisnéis maidir leis an dul chun cinn atá bainte amach ag cuideachtaí liostaithe i dtreo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar a mboird go rialta.

(48)

Na riachtanais a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, an oibleagáid maidir le cuspóir cainníochtúil a leagan síos i ndáil le stiúrthóirí feidhmiúcháin, agus oibleagáidí maidir le tuairisciú, ba cheart iad a fhorfheidhmiú trí phionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha leordhóthanacha ar fáil chun na críche sin. D’fhéadfaí a áireamh i bpionóis den sórt sin fíneálacha nó an deis a bheith ag comhlacht breithiúnach cinneadh a bhaineann le roghnú stiúrthóirí a chur ar neamhní nó a dhearbhú go bhfuil an cinneadh sin ar neamhní go hiomlán. Gan dochar don dlí náisiúnta maidir le pionóis a fhorchur, fad a chomhlíonann cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí sin, níor cheart pionós a ghearradh orthu as mainneachtain na cuspóirí cainníochtúla a bhaineann le hionadaíocht chothrom idir mná agus fir i measc stiúrthóirí a bhaint amach. Níor cheart pionóis a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí liostaithe iad féin más rud é, faoin dlí náisiúnta, nach bhfuil gníomh nó easnamh áirithe inchurtha i leith na cuideachta, ach i leith daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile amhail scairshealbhóirí aonair. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann pionóis a chur i bhfeidhm seachas iad siúd a liostaítear sa liosta neamh-uileghabhálach de phionóis a leagtar amach sa Treoir seo, go háirithe i gcásanna sáruithe tromchúiseacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ag cuideachta liostaithe a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus conarthaí poiblí agus lamháltais phoiblí á gcomhlíonadh acu, go gcomhlíonfaidh cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí is infheidhme a bhaineann leis an dlí sóisialta agus saothair, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.

(49)

Ba cheart na Ballstáit nó cuideachtaí liostaithe a bheith in ann bearta níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a áirithiú.

(50)

Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí a ainmniú chun cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí liostaithe a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi. Ina theannta sin, le feachtais faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas a dhéanamh, rannchuideofaí go mór le feasacht ar an tsaincheist a ardú i measc na gcuideachtaí uile agus spreagfaí iad chun cothromaíocht inscne a bhaint amach go réamhghníomhach. Moltar do na Ballstáit, go háirithe, beartais a chur i bhfeidhm chun tacú le FBManna agus iad a dhreasú chun feabhas suntasach a chur ar an gcothromaíocht inscne ar gach leibhéal bainistíochta agus ar bhoird.

(51)

Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt. Go háirithe, rannchuidíonn sí leis an bprionsabal um chomhionannas idir mná agus fir (Airteagal 23 den Chairt) agus an tsaoirse ghairmiúil agus an ceart chun obair a dhéanamh (Airteagal 15 den Chairt) a chomhlíonadh. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47 den Chairt). Leis na teorainneacha ar fheidhmiú na saoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt) agus ar fheidhmiú an chirt chun maoin a shealbhú (Airteagal 17(1) den Chairt), urramaítear bunbhrí na saoirse agus an chirt sin agus tá siad riachtanach agus comhréireach. Ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má chomhlíonann siad go fírinneach cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó más gá cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

(52)

Cé go bhfuil gníomhaíocht rialála déanta ag roinnt Ballstát nó féinrialáil molta acu as ar tháinig torthaí measctha, níl gníomhaíocht déanta ag formhór na mBallstát ná níor léirigh siad go bhfuil siad toilteanach gníomhú ar bhealach a mbeadh feabhas leordhóthanach ina thoradh air. Réamh-mheastacháin atá bunaithe ar anailís chuimsitheach ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil maidir leis na treochtaí a bhí ann cheana agus na treochtaí atá ann faoi láthair, agus maidir le rúin, léirítear leo nach mbainfidh na Ballstáit amach tráth ar bith ar feadh i bhfad agus iad ag gníomhú dóibh ina n-aonar, ionadaíocht chothrom idir mná agus fir i measc comhaltaí boird ar fud an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo. Cuireann easpa gníomhaíochta sa réimse seo moill ar shaothrú an chomhionannais inscne san ionad oibre go ginearálta, lena n-áirítear maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh, rud is cúis le leithscaradh ingearach. I bhfianaise na n-imthosca sin agus i bhfianaise na neamhréireachtaí idir na Ballstáit i dtéarmaí ionadaíocht chothrom idir mná agus fir ar bhoird, ar neamhréireachtaí iad atá ag dul i méid, ní féidir feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ar bhoird ar fud an Aontais ach amháin trí bhíthin cur chuige comhchoiteann, agus is fearr is féidir an acmhainneacht maidir le comhionannas inscne, iomaíochas agus fás a bhaint amach trí ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais seachas trí bhíthin tionscnaimh náisiúnta a bhfuil raon feidhme, uaillmhian agus éifeachtacht éagsúil acu. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a bhaint amach i measc stiúrthóiri na gcuideachta liostaithe trí bhearta éifeachtacha arb é is aidhm leo dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo chomhionannais inscne, agus ag an am céanna, dóthain ama a cheadú do chuideachta liostaithe na socruithe is gá a dhéanamh chun na críche sin, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr fhairsinge agus éifeacht na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, tá an Treoir seo teoranta do chuspóirí agus prionsabail choiteanna a leagan síos agus ní théann sí thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Tugtar dóthain saoirse do na Ballstáit lena chinneadh cén chaoi is fearr chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a ghnóthú agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, go háirithe rialacha agus cleachtais a bhaineann le hearcú ar bhoird. Ní chuireann an Treoir seo isteach ar an bhféidearthacht go gceapfadh cuideachtaí liostaithe na stiúrthóirí is incháilithe, agus foráiltear ann do chreat solúbtha agus tréimhse oiriúnaithe atá fada go leor.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta chun iad a chur ar an eolas go héifeachtúil faoi thábhacht, trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo.

(54)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart teorainn ama a chur leis na cuspóirí atá le baint amach ag cuideachtaí liostaithe agus níor cheart don chuspóir sin fanacht i bhfeidhm ach go dtí go mbeidh dul chun cinn inbhuanaithe bainte amach maidir le comhdhéanamh inscne bord. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Thairis sin, foráiltear leis an Treoir seo do dháta a rachaidh sí in éag. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, ina athbhreithniú, féachaint an gá síneadh a chur le ré na Treorach seo thar an dáta sin.

(55)

I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2011 maidir le doiciméid mhíniúcháin (12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta maidir le trasuí, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir na codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta maidir le trasuí. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Críoch

Is é is aidhm don Treoir seo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a bhaint amach i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe trí bhearta éifeachtacha a bhunú arb é is aidhm dóibh dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo cothromaíocht inscne agus, an tráth céanna, a ndóthain ama a thabhairt do chuideachtaí liostaithe chun na socruithe is gá a dhéanamh chun na críche sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí liostaithe. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cuideachta liostaithe” cuideachta a bhfuil a hoifig chláraithe i mBallstát agus a ligtear a scaireanna isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE i mBallstát amháin nó níos mó;

(2)

ciallaíonn “bord” comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid cuideachta liostaithe;

(3)

ciallaíonn “stiúrthóir” comhalta boird, lena n-áirítear comhalta ar ionadaí na bhfostaithe é nó í;

(4)

ciallaíonn “stiúrthóir feidhmiúcháin” comhalta de bhord aonadach a bhíonn ag gabháil do bhainistíocht laethúil cuideachta liostaithe nó, i gcás córas débhoird, comhalta den bhord a fheidhmíonn feidhmeanna feidhmiúcháin cuideachta liostaithe;

(5)

ciallaíonn “stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin” comhalta de bhord aonadach seachas stiúrthóir feidhmiúcháin nó, i gcás córas débhoird, comhalta den bhord a dhéanann feidhmeanna formhaoirseachta cuideachta liostaithe;

(6)

ciallaíonn “bord aonadach” bord aonair a dhéanann feidhmeanna bainistíochta agus feidhmeanna maoirseachta cuideachta liostaithe;

(7)

ciallaíonn “córas débhoird” córas ina ndéanann boird ar leithligh feidhmeanna bainistíochta agus feidhmeanna maoirseachta cuideachta liostaithe;

(8)

ciallaíonn “micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” cuideachta ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil aici nach mó ná EUR 50 milliún nó iomlán bliantúil ar a clár comhardaithe nach mó ná EUR 43 milliún, nó, i gcás FBM a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, na méideanna coibhéiseacha in airgeadra an Bhallstáit sin.

Airteagal 4

An dlí is infheidhme

Is é an Ballstát ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta liostaithe an Ballstát a bheidh inniúil chun ábhair a chumhdaítear faoin Treoir seo a rialáil i leith na cuideachta liostaithe sin. Is é dlí an Bhallstáit sin a bheidh sa dlí infheidhme.

Airteagal 5

Cuspóirí maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cuideachtaí liostaithe faoi réir ceachtar de na cuspóirí seo a leanas, a bheidh le baint amach faoin 30 Meitheamh 2026:

(a)

gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe a bheidh 40 % ar a laghad de phoist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin;

(b)

gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe a bheidh ar a laghad 33 % de phoist stiúrthóra uile, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás cuideachtaí liostaithe nach bhfuil faoi réir an chuspóra a leagtar síos i mír 1, pointe (b), go leagfaidh siad síos cuspóirí cainníochtúla aonair d’fhonn cothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí feidhmiúcháin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé mar aidhm ag cuideachtaí liostaithe den sórt sin cuspóirí cainníochtúla aonair den sórt sin a bhaint amach faoin 30 Meitheamh 2026.

3.   Is é líon na bpost stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin a mheasfar is gá chun an cuspóir a leagtar síos i mír 1, pointe (a), a bhaint amach an líon is gaire don chion 40 %, ach nach mó ná 49 %. Is é líon na bpost stiúrthóra uile a mheasfar is gá chun an cuspóir a leagtar síos i mír 1, pointe (b), a bhaint amach an líon is gaire don chion 33 %, ach nach mó ná 49 %. Leagtar amach na líonta sin san Iarscríbhinn.

Airteagal 6

Modhanna chun na cuspóirí a bhaint amach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás cuideachtaí liostaithe nach mbaineann na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) nó (b), amach, de réir mar is infheidhme, go ndéanfaidh siad an próiseas a choigeartú maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra. Roghnófar na hiarrthóirí sin ar bhonn measúnú comparáideach ar cháilíochtaí gach iarrthóra. Chun na críche sin, cuirfear critéir shoiléire, gan débhrí, arna bhfoirmliú ar bhealach neodrach i bhfeidhm go neamh-idirdhealaitheach ó thús deireadh an phróisis roghnúcháin, lena n-áirítear le linn ullmhú fógraí folúntais, na céime réamhroghnúcháin, chéim an ghearrliostaithe agus bhunú na ndíormaí roghnúcháin iarrthóirí. Bunófar critéir den sórt sin roimh an bpróiseas roghnúcháin.

2.   A mhéid a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh rogha á déanamh idir iarrthóirí atá comhcháilithe i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil, go dtabharfar tosaíocht don iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, má fhágann cúiseanna ar mó tábhacht dhlíthiúil atá leo, amhail saothrú beartas eile éagsúlachta, arna n-agairt i gcomhthéacs measúnaithe oibiachtúil ina gcuirtear cás sonrach iarrthóra den ghnéas eile san áireamh, agus a bheidh bunaithe ar chritéir neamh-idirdhealaitheacha, gur cuí tosaíocht a bheith ag an iarrthóir den ghnéas eile.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh ag iarrthóir a breithníodh le linn roghnú na n-iarrthóirí lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, go gceanglófar ar chuideachtaí liostaithe an méid seo a leanas a chur in iúl don iarrthóir sin:

(a)

na critéir cháilithe ar a raibh an roghnú bunaithe,

(b)

an measúnú comparáideach oibiachtúil ar na hiarrthóirí faoi na critéir sin; agus

(c)

i gcás inarb ábhartha, na cúinsí sonracha a fhágann gur cuí, ar bhonn eisceachtúil, tosaíocht a bheith ag an iarrthóir nach den ghnéas tearcionadaithe é nó í.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, i gcomhréir lena gcóras breithiúnach náisiúnta, chun a áirithiú, i gcás ina suíonn iarrthóir nár éirigh leis nó léi agus ar den ghnéas tearcionadaithe é nó í fíorais os comhair cúirte nó údarás inniúil eile ónar féidir a thoimhdiú go raibh an t-iarrthóir sin chomh cáilithe céanna leis an iarrthóir den ghnéas eile a roghnaíodh lena cheapadh nó lena ceapadh chuig post mar stiúrthóirí nó lena thoghadh nó lena toghadh do phost mar stiúrthóir, gur faoin gcuideachta liostaithe a bheidh sé a chruthú nár sáraíodh Airteagal 6(2).

Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí do ghearánaithe.

5.   I gcás ina ndéantar an próiseas chun iarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra trí vóta scairshealbhóirí nó fostaithe, ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe a áirithiú go gcuirfear vótálaithe ar an eolas go cuí maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear na pionóis a ghearrfaí ar an gcuideachta liostaithe i gcás neamhchomhlíonta.

Airteagal 7

Tuairisciú

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla, uair sa bhliain, faoi ionadaíocht inscne ar a mboird, lena ndéantar idirdhealú idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus maidir leis na bearta arna ndéanamh d’fhonn na cuspóirí is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb infheidhme, na cuspóirí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5(2) a bhaint amach. Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach iomchuí, a mbeidh rochtain éasca uirthi, ar a suímh ghréasáin. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear, déanfaidh na Ballstáit liosta de na cuideachtaí liostaithe a bhfuil ceachtar de na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) bainte amach acu a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar bhealach láraithe agus a mbeidh rochtain éasca air.

2.   I gcás nach mbainfidh cuideachta liostaithe amach ceann de na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) ná, i gcás inarb infheidhme, na cuspóirí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5(2), áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na cúiseanna nár baineadh amach na cuspóirí agus tuairisc chuimsitheach ar na bearta atá déanta cheana ag an gcuideachta liostaithe nó atá beartaithe aici a dhéanamh chun iad a bhaint amach.

3.   I gcás inarb infheidhme, áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i ráiteas rialachais chorparáidigh na cuideachta freisin, i gcomhréir le forálacha ábhartha Threoir 2013/34/AE.

4.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i mBallstát a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12 i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’oibleagáidí maidir le tuairisciú lena n-áirithítear go bhfoilseofar go rialta faisnéis maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag cuideachtaí liostaithe go mbeadh ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar a mboird.

Airteagal 8

Pionóis agus bearta breise

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha i ndáil leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe forálacha náisiúnta arna ndéanamh ag cuideachtaí liostaithe, ar forálacha iad a glacadh de bhun Airteagal 5(2) agus Airteagail 6 agus 7, de réir mar is infheidhme, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha leordhóthanacha ar fáil ionas gur féidir na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfar a bheith i gceist le pionóis den sórt sin fíneálacha nó an deis a bheith ag comhlacht breithiúnach cinneadh a bhaineann le roghnú stiúrthóirí arna dhéanamh contrártha leis na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 6 a chur ar neamhní nó a dhearbhú go bhfuil sé ar neamhní go hiomlán. Tabharfaidh na Ballstáit faoin 28 Nollaig 2024, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Ní fhéadfar cuideachtaí liostaithe a chur faoi dhliteanas ach amháin i leith gníomhaíochtaí nó easnaimh is féidir a chur i leith na gcuideachtaí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus conarthaí poiblí agus lamháltais phoiblí á gcomhlíonadh acu, go gcomhlíonfaidh cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí is infheidhme a bhaineann leis an dlí sóisialta agus saothair, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.

Airteagal 9

Ceanglais íosta

Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a áirithiú i leith cuideachtaí liostaithe arna n-ionchorprú ina gcríoch náisiúnta.

Airteagal 10

Comhlachtaí chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn i gcuideachtaí liostaithe

Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó chun cothromaíocht inscne ar bhoird a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi. Chun na críche sin, féadfaidh Ballstáit, mar shampla, na comhlachtaí comhionannais sin atá ainmnithe acu i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a ainmniú.

Airteagal 11

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Nollaig 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Maidir le Ballstáit a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12, cuirfidh siad in iúl láithreach don Choimisiún an fhaisnéis lena léirítear gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 12

Cur i bhfeidhm Airteagal 6 a chur ar fionraí

1.   Féadfaidh Ballstát cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) a chur ar fionraí, i gcás inar comhlíonadh, faoin 27 Nollaig 2022, na coinníollacha uile seo a leanas sa Bhallstát sin:

(a)

is ag daoine den ghnéas tearcionadaithe atá 30 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe; nó

(b)

maidir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin:

(i)

ceanglaítear leis gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe 30 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe;

(ii)

áirítear ann bearta forfheidhmithe éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (i); agus

(iii)

ceanglaítear leis go socróidh na cuideachtaí liostaithe go léir nach gcumhdaítear leis an dlí náisiúnta sin cuspóirí cainníochtúla aonair do na poist stiúrthóra uile.

I gcás inar chuir Ballstát cur chun feidhme Airteagal 6 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 5(2) ar fionraí ar bhonn ceachtar de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, measfar gur baineadh amach na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) sa Bhallstát sin.

2.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha le haghaidh fionraí ar bhonn mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) nó (b), is é líon na bpost stiúrthóra a bheidh ag teastáil an líon is gaire don chion 30 % de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % de na poist stiúrthóra uile, ach nach mó ná 39 %. Is amhlaidh a bheidh freisin sa chás inarb amhlaidh, de bhun an dlí náisiúnta, go gcuirtear na cuspóirí cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 5 i bhfeidhm ar leithligh maidir le hionadaithe scairshealbhóirí agus ionadaithe na bhfostaithe.

3.   I gcás nach gcomhlíonfar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo i mBallstát a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 5(2) ar fionraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) ar a dhéanaí 6 mhí tar éis do choinníollacha den sórt sin scor de bheith á gcomhlíonadh.

Airteagal 13

Athbhreithniú

1.   Faoin 29 Nollaig 2025, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid an Choimisiúin. Áireofar i dtuarascáil den sórt sin, faisnéis chuimsitheach faoi na bearta arna ndéanamh d’fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) a bhaint amach, faisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 7 agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis ionadaíoch faoi chuspóirí cainníochtúla aonair a leag cuideachtaí liostaithe síos de bhun Airteagal 5(2).

2.   Na Ballstáit a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) ar fionraí de bhun Airteagal 12, áireoidh siad sna tuarascálacha a luaitear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis lena léirítear an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 á gcomhlíonadh agus conas a dhéantar amhlaidh agus lena léirítear an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí acu maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe.

Faoin 29 Nollaig 2026, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an Coimisiún tuarascáil shonrach ina bhfionnfar, inter alia, an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) á gcomhlíonadh agus conas a dhéantar amhlaidh agus, de réir mar is infheidhme, ar thosaigh na Ballstáit ar Airteagal 6 agus Airteagal 5(2) a chur i bhfeidhm arís, i gcomhréir le hAirteagal 12(3).

3.   Faoin 31 Nollaig 2030, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go háirithe féachaint ar baineadh amach nó nár baineadh amach cuspóirí na Treorach seo.

4.   Sa tuarascáil uaidh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i bhfianaise forbairtí maidir le hionadaíocht idir mná agus fir ar bhoird ar leibhéil éagsúla chinnteoireachta ar fud an gheilleagair, agus á chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil an dul chun cinn atá déanta inbhuanaithe go leor, an ionstraim éifeachtúil agus éifeachtach é an Treoir seo chun cothromaíocht inscne ar bhoird a mhéadú. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, breithneoidh an Coimisiún an bhfuil gá le síneadh a chur le ré na Treorach seo thar an 31 Nollaig 2038 nó an gá í a leasú, mar shampla trína raon feidhme a leathnú chuig cuideachtaí neamhliostaithe nach dtagann faoin sainmhíniú ar FBManna nó trí athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a), chun dul chun cinn leanúnach a áirithiú le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc poist stiúrthóra feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin nó poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Rachaidh sí in éag an 31 Nollaig 2038.

Airteagal 15

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 133, 9.5.2013, lch. 68.

(2)  IO C 218, 30.7.2013, lch. 33.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 (IO C 436, 24.11.2016, lch. 225) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2022 (IO C 433, 15.11.2022, lch. 14).

(4)  Moladh 84/635/CEE ón gComhairle an 13 Nollaig 1984 maidir le gníomhaíocht dhearfach do mhná a chur chun cinn (IO L 331, 19.12.1984, lch. 34).

(5)  Moladh 96/694/CE ón gComhairle an 2 Nollaig 1996 maidir le rannpháirtíocht chothrom ban agus fear sa phróiseas cinnteoireachta (IO L 319, 10.12.1996, lch. 11).

(6)  https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2021/05/08/the-porto-declaration/

(7)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).

(8)  Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (IO L 318, 17.11.2006, lch. 17).

(9)  Féach breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Deireadh Fómhair 1995, Kalanke v Freie Hansestadt Bremen, C-450/93, ECLI:EU:C:1995:322; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Samhain 1997, Marschall v Land Nordrhein-Westfalen, C-409/95, ECLI:EU:C:1997:533; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 28 Márta 2000. Badeck and Others, C-158/97, ECLI:EU:C:2000:163; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Iúil 2000Abrahamsson and Anderson, C-407/98, ECLI:EU:C:2000:367.

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(12)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(13)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

SPRIOCLÍONTA NA STIÚRTHÓIRÍ DEN GHNÉAS TEARCIONADAITHE

Líon na bpost ar an mbord

An líon íosta stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin den ghnéas tearcionadaithe is gá chun an cuspóir 40 % a chomhlíonadh (Airteagal 5(1), pointe (a))

An líon íosta stiúrthóirí den ghnéas tearcionadaithe is gá chun an cuspóir 33 % a chomhlíonadh (Airteagal 5(1), pointe (b))

1

-

-

2

-

-

3

1 (33,3  %)

1 (33,3  %)

4

1 (25  %)

1 (25  %)

5

2 (40  %)

2 (40  %)

6

2 (33,3  %)

2 (33,3  %)

7

3 (42,9  %)

2 (28,6  %)

8

3 (37,5  %)

3 (37,5  %)

9

4 (44,4  %)

3 (33,3  %)

10

4 (40  %)

3 (30  %)

11

4 (36,4  %)

4 (36,4  %)

12

5 (41,7  %)

4 (33,3  %)

13

5 (38,4  %)

4 (30,8  %)

14

6 (42,9  %)

5 (35,7  %)

15

6 (40  %)

5 (33,3  %)

16

6 (37,5  %)

5 (31,3  %)

17

7 (41,2  %)

6 (35,3  %)

18

7 (38,9  %)

6 (33,3  %)

19

8 (42,1  %)

6 (31,6  %)

20

8 (40  %)

7 (35  %)

21

8 (38,1  %)

7 (33,3  %)

22

9 (40,1  %)

7 (31,8  %)

23

9 (39,1  %)

8 (34,8  %)

24

10 (41,7  %)

8 (33,3  %)

25

10 (40  %)

8 (32  %)

26

10 (38,5  %)

9 (34,6  %)

27

11 (40,7  %)

9 (33,3  %)

28

11 (39,3  %)

9 (32,1  %)

29

12 (41,4  %)

10 (34,5  %)

30

12 (40  %)

10 (33,3  %)