3.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 283/4


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/2100 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2022

lena leasaítear Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (1), agus go háirithe Airteagal 7(12) agus 11(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 7(1) agus (7) de Threoir 2014/40/AE cuirtear toirmeasc ar tháirgí tobac a chur ar an margadh a bhfuil sainbhlas orthu agus táirgí tobac a bhfuil blastáin in aon cheann dá gcomhchodanna iontu amhail scagairí, páipéir, pacáistí, capsúil nó aon ghnéithe teicniúla lenar féidir modhnú a dhéanamh ar a mboladh nó ar a mblas nó ar a ndéine deataigh.

(2)

De bhun Airteagal 7(12) de Threoir 2014/40/AE, tá táirgí tobac seachas toitíní agus tobac rollta díolmhaithe ó na toirmisc a leagtar síos i mír 1 agus i mír 7.

(3)

Le hAirteagal 11(1) de Threoir 2014/40/AE, ceadaítear do na Ballstáit táirgí tobac lena chaitheamh seachas toitíní, tobac rollta agus tobac píopa uisce a dhíolmhú ó na hoibleagáidí an teachtaireacht faisnéise a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus na rabhaidh sláinte chomhcheangailte a leagtar síos in Airteagal 10 a chur in iúl.

(4)

Is táirge tobac núíosach é táirge tobac téite a théitear chun astaíocht a tháirgeadh ina bhfuil nicitín agus ceimiceáin eile, a ionanálaíonn an t-úsáideoir/na húsáideoirí ansin agus, ag brath ar a shaintréithe, ar táirge tobac gan toit nó táirge tobac é lena chaitheamh.

(5)

Shuigh an Coimisiún sa Tuarascáil maidir le hathrú suntasach ar na cúinsí do tháirgí tobac téite (2) gur tháinig athrú suntasach ar na cúinsí a bhaineann le táirgí tobac téite. Cuirtear faisnéis agus staidreamh ar fáil sa Tuarascáil maidir le forbairtí sa mhargadh a léiríonn go raibh méadú 10 % ar a laghad ar dhíolachán táirgí tobac téite i gcúig Bhallstát ar a laghad agus gur mhó méid díolacháin táirgí tobac téite ar an leibhéal miondíola ná 2,5 % de dhíolacháin iomlána táirgí tobac ar leibhéal an Aontais.

(6)

I bhfianaise an athraithe shuntasaigh sin ar imthosca maidir le táirgí tobac téite, ba cheart Airteagal 7(12) de Threoir 2014/40/AE a leasú d’fhonn síneadh a chur leis an toirmeasc ar tháirgí tobac a chur ar an margadh a bhfuil sainbhlas orthu, nó a bhfuil blastáin in aon cheann dá gcomhchodanna iontu, amhail scagairí, páipéir, pacáistí, capsúil nó gnéithe teicniúla lenar féidir modhnú a dhéanamh ar a mboladh nó ar a mblas nó ar a ndéine deataigh, ar táirgí iad atá ann cheana do thoitíní agus tobac rollta, i gcás táirgí tobac téite.

(7)

Ar na forais chéanna, ba cheart Airteagal 11(1) de Threoir 2014/40/AE a leasú d’fhonn an deis atá ag na Ballstáit díolúintí maidir le táirgí tobac téite a dheonú, sa mhéid gur táirgí tobac iad lena gcaitheamh, ó na hoibleagáidí an teachtaireacht faisnéise a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus na rabhaidh chomhcheangailte sláinte a leagtar síos in Airteagal 10 a chur in iúl, an deis sin a tharraingt siar.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/40/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2014/40/AE

Leasaítear Treoir 2014/40/AE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(12):

“12.   Beidh táirgí tobac seachas toitíní, tobac rollta agus táirgí tobac téite díolmhaithe ó na toirmisc atá leagtha síos i míreanna 1 agus 7. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 27 chun an díolúine sin a tharraingt siar i gcás catagóire áirithe táirgí, má thagann athrú substaintiúil ar na himthosca mar a suíodh i dtuarascáil ón gCoimisiún.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn ‘táirge tobac téite’ táirge tobac núíosach a théitear chun astaíocht a tháirgeadh ina bhfuil nicitín agus ceimiceáin eile, a ionanálaíonn an t-úsáideoir/na húsáideoirí ansin, agus, ag brath ar a shaintréithe, ar táirge tobac gan toit nó táirge tobac é lena chaitheamh.”

(2)

Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Airteagal 11

Lipéadú táirgí tobac lena gcaitheamh seachas toitíní, tobac rollta, tobac píopa uisce agus táirgí tobac téite”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Féadfaidh Ballstáit táirgí tobac lena gcaitheamh seachas toitíní, tobac rollta, tobac píopa uisce agus táirgí tobac téite mar a shainmhínítear iad sa dara fomhír d’Airteagal 7(12), a dhíolmhú ó na hoibleagáidí an teachtaireacht faisnéise atá leagtha síos in Airteagal 9(2) agus na rabhaidh sláinte chomhcheangailte a leagtar síos in Airteagal 10 a chur in iúl. Sa chás sin, agus sa bhreis ar an rabhadh ginearálta dá bhforáiltear in Airteagal 9(1), beidh ceann de na rabhaidh téacs a liostaítear in Iarscríbhinn I ar gach aonad-phaicéad agus ar aon phacáistiú lasmuigh de na táirgí sin. Áireofar sa rabhadh ginearálta a shonraítear in Airteagal 9(1) tagairt do na seirbhísí scoir dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (b).”

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú laistigh de 23 Iúil 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 23 Deireadh Fómhair 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 127, 29.4.2014, lch. 1.

(2)  Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le hathrú suntasach ar na cúinsí do tháirgí tobac téite a shuí i gcomhréir le Treoir 2014/40/AE, COM/2022/279 final.