|
24.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 274/1 |
TREOIR (AE) 2022/1999 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Deireadh Fómhair 2022
maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh Treoir 95/50/CE ón gComhairle (3) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Treoir sin a chódú. |
|
(2) |
Tá seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar le déanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1100/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (CEE) Uimh. 3912/92 ón gComhairle (6). |
|
(3) |
Le nósanna imeachta na mBallstát maidir le seiceáil iompar earraí contúirteacha de bhóthar, agus a sainmhínithe a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar, ba cheart iad a bheith de chineál lena n-áiritheofaí gur féidir comhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta a leagtar síos i dTreoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a fhíorú ar bhealach éifeachtach. |
|
(4) |
Ba cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach seiceálacha ar na feithiclí lena mbaineann a áirithiú ar fud a gcríche agus, nuair is féidir, ba cheart leathadh na seiceálacha sin a sheachaint. |
|
(5) |
Ba cheart seiceálacha a dhéanamh trí úsáid a bhaint as liosta de mhíreanna coiteanna is infheidhme d’iompar earraí contúirteacha ar fud an Aontais. |
|
(6) |
Is gá liosta a leagan síos de na sáruithe a mheasann na Ballstáit ar fad a bheith chomh tromchúiseach sin nach mór, dá réir, bearta iomchuí a chur chun feidhme ar na feithiclí lena mbaineann ag brath ar na cúinsí nó ar na ceanglais sábháilteachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, gan cead isteach san Aontas a thabhairt do na feithiclí lena mbaineann. |
|
(7) |
Chun comhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le seiceálacha a dhéanamh i ngnóthais mar bheart coisctheach nó i gcás inar taifeadadh, cois bóthair, sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha. |
|
(8) |
Ba cheart feidhm a bheith ag na seiceálacha atá i gceist maidir leis na coinsíneachtaí ar fad d’earraí contúirteacha arna n-iompar de bhóthar, go hiomlán nó go páirteach, laistigh de chríoch na mBallstát, beag beann ar phointe imeachta ná ar cheann scríbe na n-earraí, ná ar an tír ina bhfuil an fheithicil cláraithe. |
|
(9) |
I gcás sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, féadfar a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó ina bhfuil an gnóthas bunaithe, bearta iomchuí a dhéanamh agus ba cheart go gcuirfeadh siad an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi aon bheart leantach a rinneadh. |
|
(10) |
Ba cheart faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo ar bhonn tuarascála a bheidh le cur isteach ag an gCoimisiún. |
|
(11) |
Chun an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Treoir seo a leasú, go háirithe chun leasuithe ar Threoir 2008/68/CE a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(12) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon ardleibhéal sábháilteachta maidir le hiompar earraí contúirteacha a chur ar fáil, a ghnóthú go leordhóthanach, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta sin, ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(13) |
Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a thrasuí sa dlí náisiúnta, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le seiceálacha arna ndéanamh ag na Ballstáit ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar i bhfeithiclí atá ag taisteal ina gcríoch nó atá ag dul isteach ann ó thríú tír.
Níl feidhm aici maidir le hiompar earraí contúirteacha i bhfeithiclí ar leis na fórsaí armtha iad nó atá faoina bhfreagracht.
2. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do cheart na mBallstát, agus aird chuí á tabhairt ar dhlí an Aontais, seiceálacha a dhéanamh ar iompar náisiúnta agus idirnáisiúnta earraí contúirteacha laistigh dá gcríocha ar fheithiclí nach gcumhdaítear leis an Treoir seo.
Airteagal 2
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn “feithicil” aon mhótarfheithicil a bheartaítear a úsáid ar an mbóthar, bíodh sí iomlán nó neamhiomlán, a bhfuil ceithre roth ar a laghad fúithi agus uasluas dearaidh aici is mó ná 25 km/h, maille lena leantóirí, cé is moite d’fheithiclí a ghluaiseann ar ráillí, de tharracóirí talmhaíochta agus tarracóirí foraoiseachta agus de gach saghas innealra shoghluaiste; |
|
(b) |
ciallaíonn “earraí contúirteacha” earraí contúirteacha a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (b) den Chomhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR), arna thabhairt i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957, agus in Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gComhaontú, dá dtagraítear i Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE; |
|
(c) |
ciallaíonn “iompar” aon oibríocht iompair de bhóthar a dhéanann feithicil go hiomlán nó go páirteach ar bhóithre poiblí laistigh de chríoch Ballstáit, lena n-áirítear earraí a chumhdaítear le Treoir 2008/68/CE a luchtú nó a dhíluchtú, gan dochar do na socruithe a leagtar síos le dlíthe na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith na n-oibríochtaí sin; |
|
(d) |
ciallaíonn “gnóthas” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, bíodh gur brabúsaí é nó ná bíodh, aon chomhlachas nó aon ghrúpa daoine gan pearsantacht dhlítheanach, bíodh gur brabúsaí é nó ná bíodh, agus aon chomhlacht a thagann faoi údarás poiblí, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh nó bíodh sé spleách ar údarás ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach nó ná bíodh, a iompraíonn, a luchtaíonn nó a dhíluchtaíonn earraí contúirteacha nó arb iad is cúis le hearraí den sórt sin a iompar, agus iad siúd a dhéanann na hearraí sin a stóráil go sealadach, a bhailiú, a phacáistiú nó a sheachadadh, mar chuid d’oibríocht iompair agus atá suite i gcríoch an Aontais; |
|
(e) |
ciallaíonn “seiceáil” aon seiceáil, rialú, scrúdú, fíorú nó foirmiúlacht a dhéanann na húdaráis inniúla ar chúiseanna sábháilteachta ar gné dhílis iad d’iompar earraí contúirteacha. |
Airteagal 3
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cion ionadaíoch de choinsíneachtaí earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar faoi réir na seiceálacha a leagtar síos leis an Treoir seo, d’fhonn a sheiceáil an gcomhlíonann siad na dlíthe a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar.
2. Déanfar na seiceálacha sin ar chríoch Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1100/2008 agus le hAirteagal 1 de Rialachán (CEE) Uimh. 3912/92.
Airteagal 4
1. Chun na seiceálacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a dhéanamh, úsáidfidh na Ballstáit an seicliosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Déanfar cóip den seicliosta sin nó deimhniú a léiríonn toradh na seiceála arna tharraingt suas ag an údarás a rinne í a thabhairt do thiománaí na feithicle agus taispeánfaidh an tiománaí é arna iarraidh sin ar an tiománaí chun na seiceálacha a dhéanfar ina dhiaidh sin a shimpliú nó a sheachaint, más féidir.
Ní dhéanfaidh an chéad fhomhír seo dochar do cheart na mBallstát bearta sonracha a dhéanamh atá dírithe ar sheiceálacha mionsonraithe.
2. Déanfar na seiceálacha go randamach agus cumhdófar leo, a mhéid is féidir, cuid fhairsing den ghréasán bóithre.
3. I gcás na n-áiteanna a roghnaítear i gcomhair na seiceálacha, ceadóidh siad feithiclí a sháraíonn na rialacha a thabhairt chun comhréireachta nó, má mheasann an t-údarás a bheidh ag déanamh na seiceála gur iomchuí sin, iad a chur ó ghluaiseacht ar an láthair nó ag áit a ainmníonn an t-údarás sin chun na críche sin gan guais don tsábháilteacht a chruthú.
4. I gcás inarb iomchuí, agus ar an gcoinníoll nach guais don tsábháilteacht iad, féadfar samplaí de na hearraí a bheidh á n-iompar a ghlacadh le haghaidh scrúdú ag saotharlanna atá aitheanta ag an údarás inniúil.
5. Ní rachaidh na seiceálacha thar thréimhse réasúnta ama.
Airteagal 5
Gan dochar do phionóis eile a d’fhéadfaí a fhorchur, féadfar feithiclí a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha sáraithe acu, go háirithe na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn II, a chur ó ghluaiseacht ar an láthair nó ag áit a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag na húdaráis a bheidh ag déanamh na seiceála, agus iallach a chur orthu iad féin a thabhairt chun comhréireachta roimh dhul ar aghaidh nó féadfar iad a chur faoi réir beart iomchuí eile, ag brath ar na himthosca nó ar na ceanglais sábháilteachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, gan cead isteach san Aontas a thabhairt do na feithiclí sin.
Airteagal 6
1. Féadfar seiceálacha a dhéanamh freisin ag áitreabh gnóthas, mar bheart coisctheach nó i gcás inar taifeadadh, cois bóthair, sáruithe a chuireann sábháilteacht iompair earraí contúirteacha i mbaol.
Is é cuspóir na seiceálacha sin a áirithiú go gcomhlíonann na coinníollacha sábháilteachta a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar na dlíthe ábhartha.
2. I gcás ina suífear sárú amháin nó níos mó, go háirithe na sáruithe sin a liostaítear in Iarscríbhinn II, i ndáil le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar, déanfar an t-iompar sin a thabhairt chun comhréireachta sula bhfágfaidh na hearraí an gnóthas nó beidh sé faoi réir bearta iomchuí eile.
Airteagal 7
1. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile chun éifeacht chuí a thabhairt don Treoir seo.
2. Déanfar sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, arna ndéanamh ag feithicil neamhchónaitheach nó gnóthas neamhchónaitheach, a chuireann sábháilteacht iompair earraí contúirteacha i mbaol a thuairisciú chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó ina bhfuil an gnóthas bunaithe.
Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar taifeadadh na sáruithe tromchúiseacha nó na sáruithe a rinneadh arís agus arís eile a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó ina bhfuil an gnóthas bunaithe, bearta iomchuí a ghlacadh maidir leis an gciontóir nó na ciontóirí.
Tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó ina bhfuil an gnóthas bunaithe fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar taifeadadh na sáruithe ar aon bheart arna dhéanamh i ndáil leis an iompróir nó an gnóthas lena mbaineann.
Airteagal 8
I gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint, ar bhonn torthaí seiceála cois bóthair ar fheithicil atá cláraithe i mBallstát eile, go ndearnadh sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe arís agus arís eile nach féidir a bhrath le linn na seiceála sin in éagmais na sonraí riachtanacha, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann cúnamh dá chéile chun an cás a shoiléiriú.
Más rud é, chun na críche sin, go ndéanfaidh an Ballstát inniúil seiceáil sa ghnóthas, cuirfear na torthaí in iúl do na Ballstáit eile lena mbaineann.
Airteagal 9
1. Déanfaidh gach Ballstát tuarascáil, arna tarraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo, maidir le cur i bhfeidhm Threoir 95/50/CE agus na Treorach seo, a chur chuig an gCoimisiún le haghaidh gach bliana féilire, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dheireadh na bliana sin, ina mbeidh na sonraí seo a leanas:
|
(a) |
más féidir, an méid earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar i dtonaí arna n-iompar nó i dtonaí/ciliméadair a taifeadadh nó a measadh; |
|
(b) |
líon na seiceálacha a rinneadh; |
|
(c) |
líon na bhfeithiclí a seiceáladh de réir áit chlárúcháin (feithiclí atá cláraithe ar an leibhéal náisiúnta, i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha); |
|
(d) |
líon na sáruithe a taifeadadh de réir catagóir riosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn II; |
|
(e) |
cineál agus líon na bpionós arna bhforchur. |
2. Seolfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm Threoir 95/50/CE agus na Treorach seo ag na Ballstáit chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle den chéad uair in 1999 agus, ina dhiaidh sin, gach 3 bliana agus luafaidh sé inti na sonraí i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 10
Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 maidir le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Treoir seo, chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sna réimsí arna gcumhdach leis an Treoir seo, go háirithe chun leasuithe ar Threoir 2008/68/CE a chur san áireamh.
Airteagal 11
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 12
Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a rialaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 13
Aisghairtear Treoir 95/50/CE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.
Airteagal 14
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 15
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) IO C 105, 4.3.2022, lch. 148.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.
(3) Treoir 95/50/CE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 1995 maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (IO L 249, 17.10.1995, lch. 35).
(4) Féach Cuid A d’Iarscríbhinn IV.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1100/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le díchur rialuithe a fheidhmítear ag teorainneacha Ballstát i réimse an iompair de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre (IO L 304, 14.11.2008, lch. 63).
(6) Rialachán (CEE) Uimh. 3912/92 ón gComhairle an 17 Nollaig 1992 maidir le rialuithe arna ndéanamh sa Chomhphobal i réimse an iompair de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre i ndáil le modhanna iompair arna gclárú nó arna gcur i gcúrsaíocht i dtríú tír (IO L 395, 31.12.1992, lch. 6).
(7) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
Seicliosta
(dá dtagraítear in Airteagal 4)
IARSCRÍBHINN II
Sáruithe
Chun críocha na Treorach seo, leis an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas, arna aicmiú i dtrí chatagóir riosca (arb í catagóir I an chatagóir is tromchúisí), soláthraítear treoir maidir le cad a mheasfar a bheith ina shárú.
Agus an chatagóir riosca iomchuí á cinneadh, ní mór na himthosca sonracha a chur san áireamh agus é a fhágáil faoi rogha an chomhlachta fhorfheidhmithe/an oifigigh fhorfheidhmithe cois bóthair.
Na sáruithe nach liostaítear faoi na catagóirí riosca, déanfar iad a aicmiú de réir thuairiscí na gcatagóirí.
I gcás ina mbeidh roinnt sáruithe ann in aghaidh an aonaid iompair, ní chuirfear i bhfeidhm ach an chatagóir riosca is tromchúisí (mar a léirítear faoi ítim 32 in Iarscríbhinn I) chun críoch tuairiscithe (i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn III).
1. Catagóir riosca I
I gcás ina mbeadh leibhéal ard riosca báis, díobhála pearsanta nó damáiste suntasach don chomhshaol ann mura gcomhlíonfaí na forálacha ADR ábhartha; is iondúil go ndéanfaí bearta ceartaitheacha láithreacha iomchuí, bac gluaiseachta ar an bhfeithicil, mar shampla, de thoradh na neamhchomhlíontachtaí sin.
Is neamhchomhlíontachtaí iad na nithe seo a leanas:
|
1. |
na hearraí contúirteacha atá á n-iompar, tá toirmeasc ar a n-iompar; |
|
2. |
sceitheadh substaintí contúirteacha; |
|
3. |
iompar trí mhodh iompair coiscthe nó trí mhodh iompair míchuí; |
|
4. |
iompar i mbulc i gcoimeádán nach bhfuil feidhmiúil ó thaobh struchtúir de; |
|
5. |
iompar i bhfeithicil gan deimhniú formheasa iomchuí; |
|
6. |
ní chomhlíonann an fheithicil na caighdeáin formheasa a thuilleadh agus is contúirt láithreach í (seachas sin cuirtear i gcatagóir riosca II í); |
|
7. |
úsáidtear pacáistíocht nach bhfuil ceadaithe; |
|
8. |
níl an phacáistíocht i gcomhréir leis an treoir phacála is infheidhme; |
|
9. |
níor comhlíonadh na forálacha speisialta maidir le pacáil mheasctha; |
|
10. |
níor comhlíonadh na rialacha lena rialaítear daingniú agus stuáil an ualaigh; |
|
11. |
níor comhlíonadh na rialacha lena rialaítear luchtú measctha pacáistí; |
|
12. |
níor comhlíonadh na céimeanna ceadaithe maidir le líonadh umar nó pacáistí; |
|
13. |
níor comhlíonadh na forálacha lena gcuirtear teorainn leis na cainníochtaí a iompraítear in aon aonad iompair amháin; |
|
14. |
iompar earraí contúirteacha gan a láithreacht a léiriú (mar shampla, doiciméid, marcáil agus lipéadú ar na pacáistí, pleacairdiú agus marcáil ar an bhfeithicil); |
|
15. |
iompar gan pleacairdiú ná marcáil ar an bhfeithicil; |
|
16. |
an fhaisnéis a bhaineann leis an tsubstaint atá á hiompar, agus lena gcumasaítear cion de chatagóir riosca I a chinneadh, tá sí ar iarraidh (mar shampla, uimhir na Náisiún Aontaithe, ainm ceart loingseoireachta, grúpa pacála); |
|
17. |
níl deimhniú gairmoiliúna bailí ag an tiománaí; |
|
18. |
tá tine nó solas neamhchosanta á úsáid; |
|
19. |
níl an cosc ar chaitheamh tobac á chomhlíonadh. |
2. Catagóir riosca II
I gcás ina mbeadh riosca díobhála pearsanta nó damáiste don chomhshaol ann mura gcomhlíonfaí na forálacha ADR ábhartha; is iondúil go ndéanfaí bearta ceartaitheacha iomchuí de thoradh na neamhchomhlíontachtaí sin, amhail a cheangal go ndéanfar ceartúcháin ar an láthair rialaithe más féidir agus más iomchuí, nó tráth a chuirfear an ghluaiseacht iompair atá ann faoi láthair i gcrích ar a dhéanaí.
Is neamhchomhlíontachtaí iad na nithe seo a leanas:
|
1. |
tá níos mó ná leantóir/leathleantóir amháin san aonad iompair; |
|
2. |
ní chomhlíonann an fheithicil na caighdeáin formheasa a thuilleadh ach ní baol láithreach í; |
|
3. |
níl múchtóirí dóiteáin atá ag obair á n-iompar ar an bhfeithicil de réir mar is gá; féadfar a mheas go bhfuil múchtóir dóiteáin fós ag obair mura bhfuil ach an séala forordaithe agus/nó an dáta éaga in easnamh; ní bheidh feidhm aige sin, áfach, más rud é go bhfuil sé soiléir nach bhfuil an múchtóir dóiteáin ag obair a thuilleadh, ós rud é go bhfuil an brúthomhsaire ag 0, mar shampla; |
|
4. |
níl an trealamh is gá in ADR nó sna treoracha i scríbhinn á iompar ar an bhfeithicil; |
|
5. |
níor comhlíonadh dátaí tástála, agus cigireachta agus tréimhsí úsáide pacáistíochta, coimeádáin idirmheánacha builc (IBCanna) nó mórphacáistíochta; |
|
6. |
iompraítear pacáistí le pacáistíocht damáistithe, IBCanna nó mórphacáistíocht nó pacáistíocht damáistithe fholamh nár glanadh; |
|
7. |
iompar earraí pacáistithe i gcoimeádán nach bhfuil feidhmiúil ó thaobh struchtúir de; |
|
8. |
ní dhearnadh umair/coimeádán umair (lena n-áirítear cinn atá folamh agus nár glanadh) a dhúnadh i gceart; |
|
9. |
iompar comhphacáistíocht le pacáistíocht lasmuigh nach bhfuil dúnta i gceart; |
|
10. |
lipéadú, marcáil nó pleacairdiú mícheart; |
|
11. |
níl aon treoir i scríbhinn atá ag cloí le ADR, nó níl na treoracha i scríbhinn ábhartha maidir leis na hearraí a iompraítear; |
|
12. |
níl maoirseacht cheart á déanamh ar an bhfeithicil nó níl sí páirceáilte i gceart. |
3. Catagóir riosca III
I gcás ina mbeadh leibhéal íseal riosca díobhála pearsanta nó damáiste don chomhshaol ann mura gcomhlíonfaí na forálacha ábhartha, agus i gcás nach gá bearta ceartaitheacha a dhéanamh cois bóthair ach gur féidir aghaidh a thabhairt orthu ag dáta níos déanaí ag an ngnóthas.
Is neamhchomhlíontachtaí iad na nithe seo a leanas:
|
1. |
ní chomhlíontar na rialacháin le méid na bplaiceard nó na lipéad nó le méid na litreacha, na bhfigiúirí nó na siombailí ar phlaiceard nó ar lipéad; |
|
2. |
níl faisnéis sa doiciméadacht iompair ar fáil seachas an fhaisnéis atá i gcatagóir riosca I/16; |
|
3. |
níl an deimhniú oiliúna ar bord na feithicle ach tá fianaise ann go bhfuil sé ag an tiománaí. |
IARSCRÍBHINN III
An fhoirm chaighdeánach le haghaidh na tuarascála atá le cur chuig an gCoimisiún maidir le sáruithe agus pionóis
IARSCRÍBHINN IV
CUID A
Treoir Aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi
(dá dtagraítear in Airteagal 13)
|
Treoir 95/50/CE ón gComhairle (IO L 249, 17.10.1995, lch. 35) |
|
|
Treoir 2001/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 168, 23.6.2001, lch. 23) |
|
|
Treoir 2004/112/CE ón gCoimisiún (IO L 367, 14.12.2004, lch. 23) |
|
|
Treoir 2008/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 162, 21.6.2008, lch. 11) |
|
|
Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241) |
pointe IX(1) den Iarscríbhinn agus an pointe sin amháin |
CUID B
Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta
(dá dtagraítear in Airteagal 13)
|
Treoir |
Teorainn ama don trasuí |
|
95/50/CE |
1 Eanáir 1997 |
|
2001/26/CE |
23 Nollaig 2001 |
|
2004/112/CE |
14 Nollaig 2005 |
|
2008/54/CE |
– |
IARSCRÍBHINN V
Tábla comhghaoil
|
Treoir 95/50/CE |
An Treoir seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráití |
Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráití |
|
Airteagal 2, an chéad fhleasc |
Airteagal 2, pointe (a) |
|
Airteagal 2, an dara fleasc |
Airteagal 2, pointe (b) |
|
Airteagal 2, an tríú fleasc |
Airteagal 2, pointe (c) |
|
Airteagal 2, an ceathrú fleasc |
Airteagal 2, pointe (d) |
|
Airteagal 2, an cúigiú fleasc |
Airteagal 2, pointe (e) |
|
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 4(1), an chéad abairt |
Airteagal 4(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 4(1) an dara habairt |
Airteagal 4(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 4(2) go (5) |
Airteagal 4(2) go (5) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 6(1) |
Airteagal 6(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 6(2), an chéad fhomhír |
Airteagal 6(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 6(2), an dara fomhír |
Airteagal 6(2) |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 8, an chéad abairt |
Airteagal 8, an chéad mhír |
|
Airteagal 8, an dara habairt |
Airteagal 8 an dara mír |
|
Airteagal 9(1), an fhoclaíocht réamhráití |
Airteagal 9(1), an fhoclaíocht réamhráití |
|
Airteagal 9(1), an chéad fhleasc |
Airteagal 9(1), pointe (a) |
|
Airteagal 9(1), an dara fleasc |
Airteagal 9(1), pointe (b) |
|
Airteagal 9(1), an tríú fleasc |
Airteagal 9(1), pointe (c) |
|
Airteagal 9(1), an ceathrú fleasc |
Airteagal 9(1), pointe (d) |
|
Airteagal 9(1), an cúigiú fleasc |
Airteagal 9(1), pointe (e) |
|
Airteagal 9(2) |
Airteagal 9(2) |
|
Airteagal 9a |
Airteagal 10 |
|
Airteagal 9aa |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 10(1) |
– |
|
Airteagal 10(2) |
Airteagal 12 |
|
– |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 15 |
|
Iarscríbhinní I, II agus III |
Iarscríbhinní I, II agus III |
|
– |
Iarscríbhinn IV |
|
– |
Iarscríbhinn V |