|
26.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 248/46 |
TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1647 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Treoir 2003/90/CE a mhéid a bhaineann le maolú le haghaidh cineálacha orgánacha speiceas plandaí talmhaíochta atá oiriúnach don táirgeadh orgánach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointí (a) agus (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé d’aidhm ag Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún (2) a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha speiceas plandaí talmhaíochta a chuireann na Ballstáit ina gcatalóga náisiúnta na prótacail a bhunaigh an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (“CPVO”). Go háirithe, tá sé d’aidhm ag na prótacail sin a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis na saintréithe atá le cumhdach mar íoscheanglas le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta chun sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht a shuí (“DUS”). I gcás na speiceas nach gcumhdaítear le prótacail CPVO, tá sé d’aidhm ag an Treoir sin a áirithiú go gcomhlíonfar treoirlínte an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (“UPOV”). |
|
(2) |
I measc coinníollacha eile, ní mór do chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta na coinníollacha a chomhlíonadh a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/90/CE, maidir le scrúdú ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáide (“VCU”). |
|
(3) |
Is gá a áirithiú gur féidir le táirgeoirí cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach a úsáid, ar cineálacha iad atá ann mar thoradh ar ghníomhaíochtaí pórúcháin orgánaigh. Comhlíonann cuid acu na critéir DUS maidir leis na cineálacha uile eile den speiceas céanna, ach tá cineálacha eile atá beartaithe don táirgeadh orgánach tréithrithe ag ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopúla idir aonaid atáirgthe aonair. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, níl na caighdeáin maidir le haonfhoirmeacht a shainítear sna prótacail DUS agus i dtreoirlínte CPVO agus UPOV atá ann cheana oiriúnach do chineálacha orgánacha le haghaidh an táirgthe orgánaigh, a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopúla mar shaintréith acu. Ina theannta sin, is gá prionsabail a bhunú le haghaidh scrúdú VCU a chomhfhreagraíonn d’éilimh na hearnála orgánaí. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is gá an deis a thairiscint chun imeacht ó na prótacail scrúdaithe DUS atá ann cheana agus foráil a dhéanamh maidir le ceanglais i dtaca le scrúdú VCU atá curtha in oiriúint níos fearr do chineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart a bheith in ann na prótacail atá ann cheana maidir le scrúdú cineálacha le haghaidh speicis áirithe a choigeartú chun riachtanais na talmhaíochta orgánaí a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is iomchuí maolú ar fhorálacha áirithe d’Airteagal 1 de Threoir 2003/90/CE ón gCoimisiún agus ceanglais shonracha a leagan síos le haghaidh an scrúdaithe VCU. |
|
(7) |
Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, faoin 31 Nollaig gach bliain, go dtí an 31 Nollaig 2030, maidir leis an líon iarratas agus maidir leis na torthaí ar na scrúduithe DUS agus VCU, chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú rialta ar na ceanglais sin agus chun measúnú breise a dhéanamh ar an ngá atá ann iad a leasú, a bhaint nó a chur i bhfeidhm maidir le speicis eile. |
|
(8) |
Dá bhrí sin ba cheart Treoir 2003/90/CE a leasú dá réir. |
|
(9) |
Ba cheart a ndóthain ama a bheith ag na húdaráis inniúla agus ag na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann chun ullmhú go leordhóthanach sula dtosóidh na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a bheith infheidhme. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2003/90/CE
Leasaítear Treoir 2003/90/CE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear isteach an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo mar Iarscríbhinní IV agus V. |
Airteagal 2
Trasuí
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 193, 20.7.2002, lch. 1.
(2) Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta (IO L 254, 8.10.2003, lch. 7).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN IV
CUID A
Liosta na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír
Eorna
Arbhar Indiach
Seagal
Cruithneacht
CUID B
Forálacha sonracha maidir le tástálacha i leith sainiúlachta, aonfhoirmeachta agus cobhsaíochta le haghaidh cineálacha orgánacha speiceas plandaí talmhaíochta atá oiriúnach don táirgeadh orgánach
1. Riail ghinearálta
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cineálacha orgánacha speiceas plandaí talmhaíochta atá oiriúnach don táirgeadh orgánach:
|
1.1. |
A mhéid a bhaineann le sainiúlacht agus cobhsaíocht, déanfar saintréithe agus treoirlínte uile na bprótacal dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a urramú agus a thuairisciú. |
|
1.2. |
A mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht, déanfar saintréithe uile na bprótacal agus na bprótacal dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a urramú agus thuairisciú agus beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis na saintréithe a liostaítear faoi phointe 2:
|
2. Maolú ar phrótacail theicniúla
2.1. Eorna
I gcás na gcineálacha a bhaineann leis an speiceas eorna (Hordeum vulgare L.), féadfaidh na saintréithe DUS seo a leanas de phrótacal CPVO CPVO/TP-019/5 den chineál tástáilte imeacht ó na ceanglais DUS seo a leanas maidir le haonfhoirmeacht:
|
CPVO Uimh. 5 |
— |
Duilleog bhrataí: dathú antóiciainine na gcluaisíní |
|
CPVO Uimh. 8 |
— |
Duilleog bhrataí: liathghoirme na truaille |
|
CPVO Uimh. 9 |
— |
Coilg: dathú antóiciainine na mbarranna |
|
CPVO Uimh. 10 |
— |
Cluas: liathghoirme |
|
CPVO Uimh. 12 |
— |
Grán: dathú antóiciainine néaróg leama |
|
CPVO Uimh. 16 |
— |
Spícín aimrid: gotha |
|
CPVO Uimh. 17 |
— |
Cluas: cruth |
|
CPVO Uimh. 20 |
— |
Colg: fad |
|
CPVO Uimh. 21 |
— |
Droimín: fad na chéad deighleoige |
|
CPVO Uimh. 22 |
— |
Droimín: cuaire na chéad deighleoige |
|
CPVO Uimh. 23 |
— |
Spícín airmheánach: fad an ghlúma agus a cholg i gcoibhneas le grán |
|
CPVO Uimh. 25 |
— |
Grán: spícíniú néaróg cliathánach inmheánach na taoibhe droma de leama |
2.2. Arbhar Indiach
I gcás na gcineálacha a bhaineann leis an speiceas arbhar Indiaigh (Zea mays L.) féadfaidh na saintréithe DUS seo a leanas de phrótacal CPVO CPVO-TP/002/3 den chineál tástáilte imeacht ó na ceanglais DUS seo a leanas maidir le haonfhoirmeacht:
|
CPVO Uimh. 1 |
— |
An chéad duilleog: dathú antóiciainine na truaille |
|
CPVO Uimh. 2 |
— |
An chéad duilleog: cruth buaice |
|
CPVO Uimh. 8 |
— |
Tacailín: dathú antóiciainine na nglúmaí seachas an bonn |
|
CPVO Uimh. 9 |
— |
Tacailín: dathú antóiciainine na n-antar |
|
CPVO Uimh. 10 |
— |
Tacailín: uillinn idir an phríomh-ais agus na brainsí cliathánacha |
|
CPVO Uimh. 11 |
— |
Tacailín: cuaire na mbrainsí cliathánacha |
|
CPVO Uimh. 15 |
— |
Gas: dathú antóiciainine na bhfréamhacha cuinge |
|
CPVO Uimh. 16 |
— |
Tacailín: dlús na spícíní |
|
CPVO Uimh. 17 |
— |
Duille: dathú antóiciainine na truaille |
|
CPVO Uimh. 18 |
— |
Gas: dathú antóiciainine na n-idirnód |
|
CPVO Uimh. 19 |
— |
Tacailín: fad na príomh-aise os cionn an bhrainse chliathánaigh is ísle |
|
CPVO Uimh. 20 |
— |
Tacailín: fad na príomh-aise os cionn an bhrainse chliathánaigh is airde |
|
CPVO Uimh. 21 |
— |
Tacailín: fad an bhrainse chliathánaigh |
2.3. Seagal
I gcás na gcineálacha a bhaineann leis an speiceas seagal (Secale cereale L.), féadfaidh na saintréithe DUS seo a leanas de phrótacal CPVO CPVO-TP/058/1 den chineál tástáilte imeacht ó na ceanglais DUS seo a leanas maidir le haonfhoirmeacht:
|
CPVO Uimh. 3 |
— |
Coiléiptíl: dathú antóiciainine |
|
CPVO Uimh. 4 |
— |
Coiléiptíl: fad |
|
CPVO Uimh. 5 |
— |
An chéad duilleog: fad na truaille |
|
CPVO Uimh. 6 |
— |
An chéad duilleog: fad na lainne |
|
CPVO Uimh. 8 |
— |
Duilleog bhrataí: liathghoirme na truaille |
|
CPVO Uimh. 10 |
— |
Duilleog in aice leis an duilleog bhrataí: fad na lainne |
|
CPVO Uimh. 11 |
— |
Duilleog in aice leis an duilleog bhrataí: leithead na lainne |
|
CPVO Uimh. 12 |
— |
Cluas: liathghoirme |
|
CPVO Uimh. 13 |
— |
Gas: fionnaitheacht faoin gcluas |
2.4. Cruithneacht
I gcás na gcineálacha a bhaineann leis an speiceas cruithneacht (Triticum aestivum L. subsp. aestivum.) féadfaidh na saintréithe DUS seo a leanas de phrótacal CPVO CPVO-TP/003/5 den chineál tástáilte imeacht ó na ceanglais DUS seo a leanas maidir le haonfhoirmeacht:
|
CPVO Uimh. 3 |
— |
Coiléiptíl: dathú antóiciainine |
|
CPVO Uimh. 6 |
— |
Duilleog bhrataí: dathú antóiciainine na gcluaisíní |
|
CPVO Uimh. 8 |
— |
Duilleog bhrataí: liathghoirme na truaille |
|
CPVO Uimh. 9 |
— |
Duilleog bhrataí: liathghoirme na lainne |
|
CPVO Uimh. 10 |
— |
Cluas: liathghoirme |
|
CPVO Uimh. 11 |
— |
Colmas: liathghoirme an mhuiníl |
|
CPVO Uimh. 20 |
— |
Cluas: cruth i bpróifíl |
|
CPVO Uimh. 21 |
— |
Deighleog rinndroimín: limistéar fionnaitheachta ar an dromchla dronnach |
|
CPVO Uimh. 22 |
— |
An glúma íochtair: leithead an ghualainn |
|
CPVO Uimh. 23 |
— |
An glúma íochtair: cruth na gualainne |
|
CPVO Uimh. 24 |
— |
An glúma íochtair: fad an ghoib |
|
CPVO Uimh. 25 |
— |
An glúma íochtair: cruth an ghoib |
|
CPVO Uimh. 26 |
— |
An glúma íochtair: achar fionnaitheachta ar an dromchla inmheánach |
IARSCRÍBHINN V
CUID A
Liosta na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(3), an dara fomhír
Eorna
Arbhar Indiach
Seagal
Cruithneacht
CUID B
Coinníollacha atá le comhlíonadh — An luach maidir le saothrú agus úsáid le haghaidh cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach
|
1. |
Déanfar an scrúdú i leith saothrú agus úsáide faoi dhálaí orgánacha, i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/848, agus go háirithe leis na prionsabail ghinearálta faoi Airteagal 5, pointí (d), (e), (f) agus (g), agus na rialacha maidir le táirgeadh plandaí faoi Airteagal 12. |
|
2. |
Cuirfear riachtanais shonracha agus cuspóirí sonracha na talmhaíochta orgánaí san áireamh sa scrúdú cineáil agus sa mheastóireacht ar thorthaí scrúdaithe. Scrúdófar frithsheasmhacht nó fulaingt i leith galar, agus oiriúnú do dhálaí ithreach agus aeráide áitiúla éagsúla. |
|
3. |
I gcás nach bhfuil údaráis inniúla in ann foráil a dhéanamh maidir le scrúdú faoi dhálaí orgánacha, ná maidir le scrúdú ar shaintréithe áirithe, lena n-áirítear so-ghabhálacht i leith galar, féadfar tástáil a dhéanamh de bhun ceann amháin de na pointí seo a leanas:
Measfar go bhfuil luach cineáil le haghaidh saothrú nó úsáide sásúil más rud é, nuair a chuirtear é i gcomparáid le cineálacha orgánacha eile atá oiriúnach don táirgeadh orgánach a nglactar leo i gcatalóg an Bhallstáit atá i gceist, go dtugann cáilíochtaí an chineáil sin, ina iomláine, feabhas soiléir, a fhad a bhaineann le táirgeadh in aon réigiún ar leith ar a laghad, maidir le saothrú nó maidir le húsáidí is féidir a bhaint as na barra nó as na táirgí a dhíorthaítear uathu. Maidir le saintréithe níos fearr a bheith ann don táirgeadh talmhaíochta, a mhéid a bhaineann le cleachtais feirmeoireachta agus táirgeadh bia nó beatha a bhfuil buntáistí ag baint leo don talmhaíocht orgánach, measfar go bhfuil sin an-luachmhar don scrúdú VCU. |
|
4. |
Déanfaidh an t-údarás inniúil foráil maidir le coinníollacha éagsúla scrúdúcháin atá oiriúnaithe do riachtanais shonracha na talmhaíochta orgánaí agus déanfaidh sé scrúdú, a mhéid atá sé ar a chumas, ar thréithe agus ar shaintréithe sonracha, arna iarraidh sin don iarratasóir, má tá modhanna in-atáirgthe ar fáil. |