22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/48


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/1632 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2022

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid luaidhe i bhfeistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Ní bhaineann an srian sin le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a bhaineann go sonrach le feistí leighis agus uirlisí monatóireachta agus rialúcháin agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é luaidhe a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Treoir Tharmligthe 2014/7/AE (2), dheonaigh an Coimisiún díolúine i leith úsáid luaidhe i sádair, bratuithe foircinn de chomhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha agus cláir ciorcad phriontáilte, naisc de shreanga leictreacha, sciatha agus nascóirí iata a úsáidtear i dtrealamh leighis íomháithe athshondais mhaighnéadaigh áirithe (“an díolúine”), trí na feidhmeanna sin a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 30 Meitheamh 2020.

(5)

An 12 Nollaig 2018, fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (“an iarraidh ar athnuachan”) atá laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. I gcomhréir leis an bhforáil sin, leanann an díolúine de bheith bailí go dtí go nglacfar cinneadh ar an iarraidh ar athnuachan.

(6)

Áiríodh le meastóireacht na hiarrata ar athnuachan comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(7)

Ba é conclúid na meastóireachta ar an iarraidh ar athnuachan, a raibh staidéar measúnaithe teicniúil agus eolaíoch (3) mar chuid di, go mbraitheann feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh den seandéanamh ar luaidhe ina bhfuil comhpháirteanna íomháithe athshondais mhaighnéadaigh agus go bhfuil siad an-teoranta maidir lena gcomhoiriúnacht le comhpháirteanna íomháithe athshondais mhaighnéadaigh nua atá saor ó luaidhe. Ina theannta sin, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht go bhfuil samhlacha cornaí neamhchomhtháite íomháithe athshondais mhaighnéadaigh atá saor ó luaidhe ar fáil cheana féin. É sin ráite, a mhéid a bhaineann le feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh le cornaí comhtháite, tá gá le tuilleadh ama maidir leis an bhforbairt theicniúil agus an nós imeachta formheasa chun réitigh saor ó luaidhe a fhorbairt.

(8)

Ba cheart úsáid luaidhe i gcornaí neamhchomhtháite íomháithe athshondais mhaighnéadaigh a dearadh le déanaí agus i bhfeistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh saor ó luaidhe le cornaí comhtháite atá le teacht a eisiamh ón díolúine le dátaí sonracha.

(9)

Mura ndéantar an iarraidh ar dhíolúine a dheonú, d’fhéadfadh sé go gcuirfí feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh amú roimh am de dheasca easpa comhpháirteanna comhoiriúnacha nó roghanna athdheartha. D’fhéadfadh sé go mbeadh bearna sa soláthar maidir le trealamh íomháithe athshondais mhaighnéadaigh mar thoradh air sin, rud a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar chúram sláinte d’othair.

(10)

Is dócha gur mó tionchair dhiúltacha iomlána an ionadaithe don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra ná na tairbhí iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra. Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(11)

Is iomchuí, dá bhrí sin, athnuachan na díolúine a dheonú.

(12)

Chun trealamh íomháithe athshondais mhaighnéadaigh comhoiriúnach a sholáthar do sheirbhísí sláinte agus le go mbeidh a dhóthain ama ann chun roghanna malartacha atá saor ó luaidhe a fhorbairt, is iomchuí athnuachan na díolúine a dheonú, le raon feidhme athbhreithnithe, ar feadh uastréimhse 7 mbliana go dtí an 30 Meitheamh 2027, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Feabhra 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Márta 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Treoir Tharmligthe 2014/7/AE ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith luaidhe i sádair, bratuithe foircinn de chomhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha agus cláir ciorcad phriontáilte, naisc de shreanga leictreacha, sciatha agus nascóirí iata a úsáidtear i (a) réimsí maighnéadacha laistigh de gha 1 m thart timpeall ar isealár an mhaighnéid i dtrealamh leighis íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, lena n-áirítear monatóirí othair a dheartar lena n-úsáid laistigh den gha sin, nó (b) i réimsí maighnéadacha laistigh de raon 1 m ó dhromchlaí seachtracha maighnéad cioglatróin, maighnéid le haghaidh bíomaí a iompar agus treoir bíomaí a rialú a chuirtear i bhfeidhm maidir le teiripe cáithníní (IO L 4, 9.1.2014, lch. 57).

(3)  Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar sheacht n-iarratas ar dhíolúine a bhaineann le hIarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE (Pacáiste 18).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, in iontráil 27, cuirtear isteach na pointí (c) agus (d) seo a leanas:

 

“(c)

cornaí neamhchomhtháite íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, a eisiatar Dearbhú Comhréireachta na samhla sin ina leith den chéad uair roimh an 23 Meán Fómhair 2022, nó

(d)

feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, lena n-áirítear cornaí comhtháite, a úsáidtear i réimsí maighnéadacha laistigh de gha 1 m thart timpeall ar isealár an mhaighnéid i dtrealamh leighis íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, a eisiatar Dearbhú Comhréireachta ina leith den chéad uair roimh an 30 Meitheamh 2024.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027.”